nós* - eagrán 6

Page 8

ceol DAMIEN DEMPSEY The Rocky Road

I

s albam de 11 amhrán Béarla é seo ón cheoltóir clúiteach as BÁC agus is seanamhráin Éireannacha iad a mbunús. Ina measc seo, tá dhá amhrán pholaitíocha, The Foggy Dew agus Kelly From Killane. Is seoid í an leagan atá ag Dempsey den Foggy Dew, a thosaíonn amach gan ann ach fonn an amhráin, ach go dtógtar air de réir a chéile, rud a chruthaíonn gluaiseacht, fuinneamh agus dráma. Tá ardphointe eile ann leis an leagan atá déanta aige de A Rainy Night in Soho. Tá an leagan atá aige den amhrán seo dílis go leor don bhunleagan, ach éiríonn leis beocht agus brí úr a chur ann. Foireann an t-amhrán seo go maith do ghlór agus do stíl Dempsey go ginearálta. Le fírinne, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na hamhráin go léir ar an albam seo. Léiriúchán simplí éifeachtach atá i gceist san albam seo a chuirfeadh stíl na seanghrúpaí bailéid mar The Dubliners agus Sweeney’s Men i gcuimhne don éisteoir. Dár ndóigh, tá beirt bhall de The Dubliners (John Sheahan agus Barney McKenna) ag ceol in éineacht le Dempsey anseo. Tá tionlacan simplí leis na hamhráin agus ligtear do na focail féin brí an cheoil a iompar. Is iad na luachanna céanna a chuir Dempsey chun tosaigh fríd a shaothar cruthaitheach féin atá le fáil sna hamhráin seo. Bhí Dempsey dílis dá dhúchas i gcónaí. Níl leisc air a bharúlacha faoin choilíneachas nó faoi stair na tíre seo a nochtadh. Tharraing sé aird ar fhadhbanna sochaí ariamh agus amharctar air mar urlabhraí do ghnáthdhaoine a ndearna an saol leithcheal orthu. San albam seo, tugann sé glór úr agus fuinneamh úr do na hamhráin seo a thug guth do phobal imeallaithe ina n-am féin. Is céiliúradh é an t-albam seo ar dhúchas ceoil Bhéarla na tíre seo. Is maith agus is mithid a leithéid a bheith ann. Seoirse Mac Giolla an Chloig

8  www.nosmag.com

hhhhh


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.