Gradaim NÓS 2018 - Clár

Page 1

12.01.18 THE SUGAR CLUB // BÁC NOS.IE


FÁILTE! T

arlaíonn rud éigin speisialta nuair a bhailíonn slua mór Gael isteach in aon ionad amháin, fuadar fiabhrasach san aer agus fonn éisteachta, cainte agus spraoi ar gach uile dhuine... tuigeann sibh féin an chraic. Ardaítear an t-atmaisféar arís eile agus fios ag an slua go bhfuil rud éigin nua ag tarlú, rud nach raibh ann cheana ach a raibh gach mac máthar agus iníon athar ag súil leis le fada, fiú i ngan fhios dóibh féin. Sin mar a mhothaigh na chéad ghradaim cheoil a d’eagraigh NÓS cúpla bliain ó shin agus thaitin an t-eispéireas an oiread sin linne - agus libhse is léir! go raibh muid ar bís le teacht ar ais agus léim isteach sa chóisir chluaise seo arís. Seo anois an tríú bliain do Ghradaim NÓS a thugann aitheantas don cheol comhaimseartha Gaeilge agus a dhéanann ceiliúradh ar na bannaí beoga

agus ar na ceoltóirí ceannródaíocha sin atá ag cumadh, ag canadh agus ag craobhscaoileadh inár dteanga féin. Is gile todhchaí na tíre dá mbarr. Gabhaimid buíochas mór ó chroí le gach amhránaí agus ceoltóir acu as cur go mór, go hálainn agus go healaíonta leis an saol Gaelach agus, ar ndóigh, leis na héisteoirí atá ag croílár an fheiniméin spleodraigh seo chomh maith. Ní fhéadfaí na gradaim seo a reáchtáil ach an oiread gan ár moltóirí iontacha, gan fhoireann NÓS agus go deimhin gan an cuidiú agus an comhoibriú flaithiúil ó na meáin Ghaeilge ar fad. Comhghairdeas le gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo, bainigí súp as an oíche agus tugaigí grá mór dá chéile! Mo cheol sibh uilig,

TOMAÍ Ó CONGHAILE NÓS

ORD NA hOÍCHE: IMLÉ // 1. ALBAM NA BLIANA // RÓISÍN SEOIGHE // 2. ALBAM TRAD NA BLIANA // ABHAINN BHEARA // 3. AMHRÁN NA BLIANA // PÁDRAIG JACK // 4. EALAÍN NA BLIANA // 5. FÍSEÁN NA BLIANA // 6. FÉILE NA BLIANA // KÍLA // 7. NUÍOSACH NA BLIANA // 8. BANNA NA BLIANA // KNEECAP


ALBAM NA BLIANA

FÍSEÁN NA BLIANA

Alive Beo - Kíla Aon Seans ar Riot - Rís Ór agus Airgead - Rónán Ó Snodaigh & Mark Gavin Solas - Seo Linn The Road to Casheen Bay - John Beag Ó Flatharta

An Fháinleog - Enda Reilly Cam le Corrán - Rís Cara - Bruadar C.E.A.R.T.A - Kneecap Go Deo Go Deo - IMLÉ Neilí ‘n Fuacht - Pólca 4 Ooh La La - Rís I bhFostú sa bhFiántas - Pádraig Jack Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna - Diane Cannon Solas - Seo Linn

ALBAM NA BLIANA (TRAD) Foxglove & Fuschia - Muireann Nic Amhlaoibh LAS - LAS Mo Bhaile Beag Féin - Connie Mhary Mhicí Roithleán - Saileog Ní Cheannabháin

AMHRÁN NA BLIANA LE RTÉ RNAG + 2FM

Abhainn an Ghrá - Tadhg Ó Grifín Acht Teanga Anois - JJ Ó Dochartaigh C.E.A.R.T.A - Kneecap Déan É - Sruth na Maoile Gan Mise, Gan Thú - IMLÉ I bhFostú sa bhFiántas - Pádraig Jack Ná Bac - IMLÉ Ní Cuimhin Liom - JJ Ó Dochartaigh Ronnachaí - Rís Sín Do Lamh - Róisín Seoighe

EALAÍN NA BLIANA Alive Beo - Kíla Aon Seans ar Riot - Rís Duine de Chruach - Nocturnes Réalta Reatha - Ériu Foxglove & Fuschia - Muireann Nic Amhlaoibh I bhFostú sa bhFiántas - Pádraig Jack IMLÉ (Vinil) - IMLÉ Ór agus Airgead - Rónán Ó Snodaigh & Mark Gavin Roithleán - Saileog Ní Cheannabháin Solas - Seo Linn

NUÍOSACH NA BLIANA Abhainn Bheara Emer O’Flaherty Kathryn Ní Mhaoláin Róisín Seoighe Sruth na Maoile Tadhg Ó Grifín

Bruadar Ériu Kneecap Nocturnes Las

BANNA / CEOLTÓIR NA BLIANA LE BLOC

IMLÉ Kíla Oisín Mac Rís

JJ Ó Dochartaigh Lauren Ní Chasaide Pádraig Jack Seo Linn

FÉILE NA BLIANA Aonach Tailteann Féile na Gealaí Féile Raifteirí Liú Lúnasa Oireachtas na Gaeilge An Puball Gaeilge, Electric Picnic Scoil Samhraidh Mhic Reachtain Soma Swell

#GNÓS18


N0S.IE

PÁIRTITHE Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ 2FM atá ag déanamh urraíochta ar ‘Amhrán na Bliana’, BLOC atá ag déanamh urraíochta ar ‘Banna / Ceoltóir na Bliana’ agus faigheann Gradaim NÓS tacaíocht ón Eagras Um Chearta Ceolta, IMRO.

CRAOLADH Craolfar Gradaim NÓS 2018 beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 8in-10in Dé hAoine 12 Eanáir. Fear an tí Rónán Mac Aodha Bhuí agus Sinéad Ní Uallacháin a bheas i mbun na maidhceannaí! Beidh muid beo ar Facebook, Twitter & Snapchat fosta.

MOLTÓIRÍ Ben Ó Faoláin // Ciarán Ó Meachair // Sinéad Ní Uallacháin // Damian McCann // Seán Cathal Ó Coileáin // Eoghan McDermot // Ciarán Byrne // Eleanor McEvoy

BUÍOCHAS BREISE Ceol: Kíla // IMLÉ // Pádraig Jack // Róisín Seoighe // Abhainn Bheara // Kneecap Eile: Méabh Ní Thuathaláin // Bláthnaid Ní Chofaigh // Cian Mac Cárthaigh // Rossa Ó Snodaigh // Caroline Ní Dhubhchoin // Ian Mac Murchaidh // Ursula Ní Shabhaois // Emma Ní Chearúil // Foras na Gaeilge // Club an tSiúcra // Tusa


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.