NÓS 45 - Meitheamh 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

cógas cannabais máistreacht messi síol an cheoil Buntáistí leighis na raithní

Cé chomh maith is atá La Pulga?

Albam úr ag Bernie Pháid

meitheamh / iúil 2014 | eag. 45

alba nua Stádas na nGael tar éis neamhspleáchais

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

ba chóir... Agus an t-eagrán seo de NÓS ag dul i gcló bhí ráflaí ag teacht chugainn go raibh an Taoiseach Enda Kenny chun duine nach raibh aon Ghaeilge aige a cheapadh mar Aire Gaeltachta. Is iomaí masla a caitheamh inár dtreo mar Ghaeil le blianta beaga anuas ach leis an chinneadh is déanaí seo tá talamh nua á bhriseadh ag an rialtas reatha. Má bhí dul amú ar aon duine go dtí seo, is cinnte nach bhfuil aon amhras ann anois gur faoi phobal na Gaeilge féin atá sé todhchaí ár dteanga a chinntiú, fiú agus stát ann atá in ainm is bheith ag cosaint agus ag cothú úsáid na teanga céanna. Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil Gaeil ar an taobh eile de Shruth na Maoile i mbun plé faoi láthair faoin stádas a bheadh ag an Ghàidhlig in Albain dá mbainfeadh an tír neamhspleáchas amach i Meán Fómhair. Léigh na smaointe atá ag Dòmhnall Iain Dòmhnallach ar an cheist istigh - tá a alt i gcanúint na hAlban ach bainigí triail as. Agus ó tharla muid ag caint ar an ábhar, feicfidh sibh sna leathanaigh láir go bhfuil muidne anseo ag NÓS go láidir ar son 'bu chòir' sa reifreann thall. Ba chóir, chomh maith, súil a chaitheamh ar an alt fiúntach atá againn ar úsáid na raithní mar leigheas; ar an agallamh leis an cheoltóir Ciarraíoch Bernie Pháid, agus ar an bhreithiúnas ar chumas Lionel Messi, i measc go leor scéalta eile... Bainigí sult as ofráil na míosa seo mar sin agus bígí i dteagmháil má ritheann aon ní libh. An chóir abú,

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Sinéad Ní Uallacháin, Elena Ortega, Eoghan Ó Loideáin, Dòmhnall Iain Dòmhnallach, Ainle Ó Cairealláin, Stiofán Ó Connachtaigh, Pádraig M. Ó Beaglaoich, Anita Murphy, Stephen Baines (Grianghraf Clúdaigh)

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

GNÍomhachas

Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh 6 Léirmheasanna 11 Ag teacht aníos 16

Saoirse agus Gaeil na hAlban

ScÁileán Fleadh Scannán na Gaillimhe 22 Léirmheasanna 24 Iúil ar TG4 28

an lár NÓS ar son 'YES'

32

34

SAOL Ag luchtú na gcadhnraí Fírinne na Sláinte Cannabas leigheasach Messi an Máistir? Séamas ar Seachrán

40 44 46 48 52

Dearadh Ealaíontóir sa Spotsolas

56


6 nós

*

Ceol

ceol

‘Síol’ ceolmhar curtha Téann Méabh Ní Thuathaláin chun cainte le Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh faoina halbam úrnua ‘Síol’, pósadh idir ceol na nGael agus ceol na Sléibhte Apaláiseacha.


*

Ceol Rud speisialta atá ann, draíochta go fiú, nuair a thagann scata ceoltóirí le chéile chun ceol a chasadh. Seans gur fuaim úrnua atá á cruthú acu, ceol a thugann ardú meanman duit, a tharraingíonn isteach i ndomhan eile thú ar feadh seala agus a fhanann leat. Tá an rud speisialta sin, an draíocht sin, i gceist leis an cheol atá le cloisteáil ar ‘Síol’, bailiúchán de dheich n-amhrán a d’fhéadfá a chasadh arís agus arís eile. Cinntíonn glór binn uathúil Bhernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, scoth an tionlacain, meascán éagsúil de cheol traidisiúnta na hÉireann agus rithimí Apaláiseacha go mbeidh bláthú ar an síol seo. Tá ceol Apaláiseach le brath go láidir ar an albam is déanaí le Bernie Pháid, le cúig rian as deich ag tarraingt ar cheol a bhaineann le hOirthear na Stát Aontaithe, réigiún a leanann tírdhreach sléibhtiúil na nApaláiseach a shíneann ó dheisceart Nua-Eabhrac go tuaisceart Mississippi. “Bhí an-tionchar ag an gceol seo ar an gceirnín,” arsa an t-amhránaí óg. “Is dócha gur ardaíodh mo spéis ann timpeall 15 bliana ó shin nuair a bhuaileas le Tim O'Brien ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy.

“Thiteas i ngrá lena cheol agus ní fada ina dhiaidh sin gur tháinig mé trasna Dirk Powell, amhránaí den scoth, agus Cleek Schrey, fidléir leis an mbanna Tumbling Bones ó Mheiriceá agus atá le cloisteáil ar ‘Síol’. “Daoine is ea iad na ceoltóirí seo a bhfuil macántacht agus ionracas fé leith acu. “Chuadar i bhfeidhm go mór orm. Ansan bhuaileas le bean óg – Sarah Woods ó Khentucky – agus bhí sí flaithiúil lena cuid amhrán. “Sheinneamar lena chéile sa Ghaillimh agus i gCiarraí agus táim sáite sa cheol sin ó shin.” Ceol simplí is ea é, a mhíníonn Bernie. Ceol a bhfuil an bainseó agus an fhidil le cloisteáil go coitianta ann, mar atá in Éirinn. “Coinnítear foinn na n-amhrán an-simplí ach táthar go haoibhinn,” ar sise.“D’fhéadfadh an t-amhrán bheith ag díriú ar rudaí s aghas dorcha ach fonn gealgháireach bheith leis. “Tá nasc aige leis na gormacha chomh maith, is dóigh gur as an gceol Apaláiseach, i measc eile, a d’eascair na gormacha.” Tá deich mbliana ann ó chuir Bernie a céad albam amach, ‘Spideoigín’, eisiúint a raibh meascán de cheol agus amhráin i nGaeilge agus Béarla ann, ach a mbraitheann sí a bheith ‘sean anois’. “Bhí sé in am agam rud éigin eile a

nós 7


*

8 nós

Ceol

grianghraif Anita Murphy dhéanamh, cheapas nach raibh an taifead sin ag cur síos ar an gceol atá ar siúl agam faoi láthair. Bhí spreagadh éigin nó ‘push’ teastáil uaim i dtaobh an cheoil de,” arsa Bernie. De ghnáth is iad na hamhráin a théann i bhfeidhm ar Bhernie ná amhráin le scéalta faoin duine, a dhíríonn ar chonas a théann an duine i ngleic leis an saol. Ach is bailiúchán eisceachtúil é seo ar slí, a d’admhaigh sí. “Tá an-chuid amhrán ar an albam seo gan scéal domhain, gan bhrí. Tá siad ann mar gur maith liom an fonn agus an t-aer, an mothú atá leo.” Mhínigh an t-amhránaí óg ó Iarthar Chiarraí go bhfuil

sé thar bheith tábhachtach di go mbeadh amhráin á gcanadh aici óna cultúr féin. “Tá sé saghas áit dom, mar go bhfuilim chomh báúil don nGaelainn agus don gcultúr bheith ag luí le cultúr eile - leis an gceol Apaláiseach. Sin ceist a bhí orm a fhreagairt mé féin.” Agus d’fhreagair. “Is dóigh liom go bhfuil an-chuid den gceol Apaláiseach bainteach linn féin. Ceol ó na chnoic is ea é. “Cé nach raibh mé riamh ann, braithim an ceangal sin go láidir agus mé ag ceol ag an mbaile. Luíonn an stíl seo liom ar chúis éigin, is maith liom go mór é.” Ceantair dúchais Bhernie ná Corca Dhuibhne, áit a gcuirtear fáilte roimh amhráin i gcibé teanga as cibé áit. “Tá


*

Ceol

traidisiún láidir amhránaíochta sa dúiche, rud a chiallaíonn go bhfuil meas don amhrán agus don amhránaí. Ní hamháin san ach fáiltítear roimis gach saghas amhráin - bhí an traidisiún amhránaíochta i gcónaí an-oscailte i gCorca Dhuibhne, ba chuma cén teanga nó cén saghas amhráin a bhí ag duine... "Abair amhrán!" Cé nach dtiocfadh léi na hamhráin is fearr léi ón albam a roghnú - “ar nós fiafraigh de dhuine cé acu leanbh is fearr leo” tá amhrán amháin a sheasann amach a bhfuil ceangal aige lena hathair, Páid Pheats Pheid, nach maireann. “Chaithfinn a rá gur breá lem' chroí Priosún Chluain

Meala. Deireadh m'athair an t-amhrán seo agus mar a tharlaíonn sé, seoladh Duthaigh Duibhneach - CD ó chartlann RTÉ RnaG ag Féile na Bealtaine i mbliana agus m'athair, trocaire air, ag rá an amhráin chéanna!” Is í Pauline Scanlon, atá mar amhránaí taca ar an albam, a dúirt le Bernie gur chóir di albam a dhéanamh agus bhí an ceart aici. Ach is di féin níos mó ná aon ní eile a rinneadh an t-albam seo dar léi. “Is rud an-leochaileach é an ceol domsa agus ní i gcónaí a bheadh an mhuinín agam asam féin mar cheoltóir. Is é atá ar intinn agam leis an CD seo ná síol ceolmhar a chur agus le cúnamh Dé fásfaidh agus forbróidh an síol san,” arsa Bernie.

nós 9


10 n贸s

*

Ceol


*

Ceol

nós 11

léirmheasanna ceoil

Mungo's Hi-Fi - Serious Time scotch bonnet

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Tá an dord dub agus dancehall á sholáthar do mhuintir na hAlban ag córas fuaime reggae Mungo’s Hi-Fi Ghlaschú le breis is deich mbliana anois. Leasainm Naomh Cantigernus (Cyndeyrn Garthwys sa mBreatnais), a bhunaigh cathair Ghlaschú siar sa 6ú céad, is bunús le hainm an chórais. Má dhein Naomh Mungo na sluaite a iompú i dtreo na Críostaíochta lena sheanmóireacht agus a dheashampla naofa, is fíor freisin go bhfuil seisiúin bheo 'Walk n Skank' Mungo’s Hi-Fi tar éis glúin nua a iompú i dtreo an reigé dhigitigh. Seo an cúigiú albam ó

Mungo's, agus an ceann is fearr fós. Is ait an rud é, ach is ag léiritheoirí bána as Glaschú agus Londain (Mungo's agus Prince Fatty, faoi seach) a bhfuil an reigé is fearr ar domhan á chruthú faoi láthair - cé fós go mbítear ag brath ar amhránaithe de shliocht Iamácach chun píosa clabaireachta a leagadh síos ar a gcuid rianta. Agus cad iad mar toasters a bhfuil le clos ar Serious Times - ó scoth na MCanna Briotanacha (Warrior Queen, YT, Charlie P) go Pupajim na Fraince agus seanfhondúirí Iamácacha mar Cornell Campbell agus Peter Metro. Bhí ceol Mungo's Hi-Fi bunaithe riamh ar fhuaim dhigiteach dancehall Iamáice na nochtóidí, agus tá sin fós fíor i gcás Serious Times (bíodh corr-rian i stíl righin dubchéime mar 'Slavery' agus 'Bike Rider' ann). Tá an 'Can't Stand It' iontach i dteannta Warrior Queen bunaithe ar ghiota den bport luath-dancehall 'ShanA-Shan' le Smiley Culture, tá níos mó ná caochadh súile i dtreo 'Sleng Teng' síorghlas Wayne Smith i gceist le 'Dancehall School', agus tá 'Overcome' bunaithe ar shean-phort de chuid King Kong Iamáice ('Your Love'). Tá gliceas ag baint leis an bhfeidhm atá bainte ag Mungo's as

giota de 'Axel F' le Harold Faltermayer (ceol téama 'Beverly Hills Cop', éinne?!) ar 'Thousand Styles' i dteannta Mr Williamz. Ceol simplí é seo, gan dabht, ach tuigeann Mungo's nach bhfuil uait ach trí chorda phianó, meaisín drumadóireachta agus dord-ghlór tonnúil leictreonach chun an rince a shásamh. Is ceol misniúil é, freisin, a thugann ardú meanman don éisteoir. Is fíor, mar a deir YT ar 'Serious Times', go bhfuil tréimhse thromchúiseach buailte linn mar speiceas - ó thaobh mar a chaitheann muid lena chéile agus mar a chaitheann muid leis an Domhan. De réir thuiscint an eolaí James Lovelock ar athrú aeráide, beidh cathair Londain faoi uisce fén bhliain 2040, agus beidh cuma an tSahára ar chuid de mhórroinn na hEorpa. Is fíor, freisin, mar a deir Marina P ar 'Slavery', go bhfuil tús curtha againn le "another century of slavery". Saint dhall is cúis leis ar fad. Teachtaireacht Mungo's Hi-Fi ná go mbainimís sásamh as an gcóisir, cinnte, ach go mdéanfaimís freisin rud éigin pearsanta chun sochaí níos cothromaí agus níos ómósaí a bhronnadh ar an nglúin a thiocfaidh inár ndiaidh.


*

12 nós

Ceol

Rough Guide To Psychedelic Cambodia World Music Network

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cad é seo, go díreach? Tiomsúchán de cheol ó, agus spreagtha ag, ré órga pop agus rac-cheol na Cambóide ó na 1960í agus tús na 1970í, an tréimhse idir neamhspleáchas a ghnóthú ós na Francaigh agus greim marfach a bheith faighte ag an Khmer Rouge ar an dtír. Stíl mheabhar-lúbtha de rac-cheol beat, psychedelic agus surf na linne measctha le heilimintí de cheol khmer a bhíodh á

chleachtadh ag leithéid Sin Sisamouth, Ros Sereysothea agus Pan Ron. Tá sé ar nós cheol na Kinks, na Troggs nó na Shangri-Las ach le twang andúchasach oirdheisceart na hÁise ann, agus liricí i gCambóidis, gan dabht. Tiomsúchán é 'Psychedelic Cambodia' a bhfuil blas milis-searbh ag baint leis: is cuma cé chomh bríomhar is atá an ceol, agus tá, is deacair gan cuimhneamh gur chuir an Khmer Rouge formhór na gceoltóirí a bhfuil le clos ann chun báis. Is beag nár scrios an Khmer Rouge na ceirníní féin ar fad - tá an ceol seo le clos againn inniu buíochas dóibh siúd a raibh sé de mhisneach acu ceirníní a chur i bhfolach nó iad a bhreith leo amach as an tír. An bhfuil aon mhaith ann? Ceol le haghaidh scannáin de chuid Tarantino lonnaithe in oirdheisceart na hÁise é seo! Tá beocht amh soineanta ag baint leis - ó leagan Pan Nom de 'Bang Bang' Nancy Sinatra, lena veidhlín scrabhach, go leagan Sin Sisamouth de 'The House of The Rising Son' (amhrán nár scríobh

The Animals, dála an scéil - amhrán traidisiúnta dá gcuid a deir muintir New Orleans, ach meastar gur cumadh i Sasana na 16ú Aois é mar gheall ar drúthlann i Soho). Tá blas Khmer níos láidre ar amhráin mar 'Koen K'Tuey' le Pan Son, agus léiríonn ruathar giotáir briosc ar mire 'Jam 10 Kei Theit' le Ros Seresyothea go raibh na ceoltóirí seo ar chomhchéim leis na grupaí ón Iarthar a spreag i mbun ceoil iad. Do dhúshlán é éisteacht le 'Paem Nas Sneha' gan do thóin an bhogadh. Laigí? Níl ceol Cambodia Space Project – banna nua atá ar an mbailiúchán – chomh hiontach sin i gcomparáid le stuiff ón tseanré, ach le bheith macánta, tá a gcuid á dhéanamh acu chun suim sa stíl a mhúscailt go hidirnáisiúnta. É sin ráite, tá 'Tiger Phone Card' ar nós leagan Khmer de cheol Belle & Sebastian. An breithiúnas? Caibidil spéisiúil i scéal an rac-cheoil agus i scéal cheol na Cambóide araon.


*

Ceol

Sonzeira - Brasil Bam Bam Bam Talkin' Loud / Virgin

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Ollghrúpa Brasaíleach curtha le chéile ag an dioscmharcach/craoltóir Gilles Peterson é Sonzeira. Saghas Buena Vista Social Club na Brasaíle a bhí ar intinn ag Peterson leis an togra. Cé gur iontach an ceirnín é 'Brasil Bam Bam Bam' níl sé leath chomh tábhachtach le Buena Vista Social Club.

Nuair a thaistil Ry Cooder go Havana chun taifead a dhéanamh ar Chompay Segundo agus a chomrádaithe sa Social Club cuireadh tús le hathbheochan an cheoil Chúbaigh go hidirnáisiúnta. Ní raibh an t-amhras céanna riamh faoi stádas idirnáisiúnta an cheoil Bhrasaíligh. Tá cuid mhaith dá shaol caite ag Peterson ag iarraidh réimse fíor-leathan agus saibhreas iontach cheol na Brasaíle a roinnt le héinne a bhí sásta éisteacht, mar sin is é atá cáilithe chun dul i mbun togra a aontaíonn na gnéithe uilig is ansa leis den cheol úd agus iad a stiúradh in aon cheirnín amháin. Tá oidhreacht ceoil na Brasaíle ar fad anseo - ó fhuaim Afra-Bhrasaíleach cheantar Bhahia go bosa-jazz Carlos Antonio Jobim, ó ghlór tropicalia Os Mutantes go batucada, samba trom agus func leachtúil leithéid Azymuth agus Banda Black Rio. Cé go bhfuil seanfhondúirí

nós 13

mar Elza Soares, Wilson Das Neves, Arlindo Cruz agus Marcus Valle i láthair, cuireadh fáilte leis roimh cheoltóirí agus amhránaithe níos óige mar Seu Jorge, Carlos Santana agus Emanuelle Araújo chun an stiúideo isteach - rud a chiallaíonn gur ceirnín é 'Brasil Bam Bam Bam' a léiríonn ómós d'oidhreacht ceoil na Brasaíle i slí bhreá bhríomhar chomhaimseartha. Cloisfear leaganacha damanta maith de mhór-amhráin mar 'Babaithe' Airto Moreira agus 'Nan' Os Heinemann, ach tá spás leis do leagan bosa nova den tseoid Jane-funk 'Southern Freeman' le Freeman Shasana - port a léiríonn chomh maith is a d'fhéadfadh ceol Nouvelle Montague a bheith. Ní chomh tábhachtach le Buena Vista, b'fhéidir, ach chomh ceolmhar céanna, agus i bhfad níos bríomhaire. Nuair a bheidh An Corn Domhanda dearmadta, beidh 'Brasil Bam Bam Bam' fós ar an gcaschlár. Maith thú, Gilles.


*

14 nós

Ceol

Ceoltóirí Eagsúla - Hyperdub 10.2 Hyperdub

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

Tiomsúchán uimhir a dó ó lipéad Hyperdub mar cheiliúradh ar 10 mbliana ar an bhfód é Hyperdub 10.2. Is é Hyperdub an lipéad a thug Burial dúinn, a thapaigh borradh an cheoil dub-chéime le ceirníní Kode 9 agus The Spaceape, agus atá tar éis bheith páirteach i ngach forbairt sa dord-cheol ó 2006 ar aghaidh, idir UK funky, grime agus footwork leithéid Traxman agus DJ Rashad. Más ag súil a bhís, mar sin, le tiomsúchán de bhuamaí dorcha dordtroma don urlár rince, cuimhnigh nach raibh sé riamh de nós ag Hyperdub feidhmiú de réir ionchais. Amhráin chearta atá i gceist le Hyperdub 10.2, ó thús go deireadh. Amhráin iontach samhlúil - anamcheol leictreonach agus R&B sóite don 21ú aois ó leithéid Jessy Lanza, Terror Danjah, DVA agus Burial féin. Ceol é seo a dhéanann hacáil ar do mhothúcháin, athshreangú ar do chuid ciorcadra.

Modeselektor presents Modeselektion Vol. 3 Monkeytown

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Tá an tiomsúchán is deanaí sa tsraith Modeselektion thar a bheith eicleictúil. Rogha fhánóideach ceoil é a bhogann ó fhuaim réichúiseach Fennesz go raccheol indie ar mire The Fall, agus ó pola-func corcra (Onra, Cid Rim, French Fries) go leictrea-anamcheol (The Howling, Robot Koch) is ar aghaidh go ceol athbhreithnitheach house (Illum Sphere). Níl brí leis mar rogha ceoil ach tá an formhór dá bhfuil le clos den gcéad scoth. Seo an bailiúchán mar chlár raidió seachas seit dioscmharcaíochta - rud beag ar nós buaicphointí an chláir raidió 'An Taobh Tuathail' thar tréimhse seachtaine brúite isteach i ndá dhlúthdhiosca.

Lust For Youth - International sacred bones

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Samhlaigh nár thit Johnny Marr agus Morrissey amach in 1987, agus go rabhadar beirt páirteach sa ghrúpa synth-pop Electronic i dteannta Bernard Sumner New Order (in ionad Marr amháin). Is é 'New Boys' le Lust For Youth an saghas ruda a bheadh mar thoradh ar a gcuid ama sa stiúideo. Is as an tSualainn do Lust For Youth, ach dá mbeadh ort buille faoi thuairim a thabhairt tar éis éisteacht le 'International', déarfá gur tógadh i mbruachbhaile brocach éigin de chuid Mhanchain iad. Sásóidh an ceirnín breá snásta seo éinne a bhraitheann ré synth-pop New Order, Depeche Mode agus Pet Shop Boys uathu.



16 nós

*

Ceol

Ag teacht aníos

Féile Ealaíon na Gaillimhe 14-27 Iúil 2014


*

ag teacht aníos

Meascán de cheol, amhránaíocht, siamsaíocht, amharclannaíocht agus ealaíon atá romhaibh más i gCathair na dTreabh a bheidh sibh le linn na Féile Ealaíona an samhradh seo. Bíonn sár-sceideal imeachtaí leagtha amach bliain i ndiaidh bliana acu. Ar na buaicphointí i mbliana tá léiriú den

dráma Gaeilge le haghaidh daoine beaga agus móra, Bláth; ceol ó The Waterboys, Cathy Davey, Mark Geary agus Samantha Crain. Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar chlár iomlán na féile ag an nasc seo: www.giaf.ie, é a phriontáil, agus le biro dearg, ciorcail mhóra a chur timpeall ar na himeachtaí is ansa leat!

nós 17


18 nós

*

ag teacht aníos

Longitude Páirc Marlay, BÁC, 18-20 Iúil 2014


*

ag teacht aníos

Bhí caint agam in eagrán na míosa seo caite, ar fhéilte cheoil an tsamhraidh, agus díreoidh mé go mion ar cheann acu seo anois: Longitude. Nárb dheas deireadh seachtaine fada a chaitheamh i bPáirc Marlay, i gcomhluadar maith, le haimsir mhaith (!), ag éisteacht le choons…ó chuid de na bannaí is mó i mbéal an phobail? Sin a bheadh romhat, (bhuel gnéithe áirithe de sin!), le linn dheireadh seachtaine an 18-20 Iúil. Tá réimse leathan de cheoltóirí agus bannaí le bheith ag seinnt ann, ón dtír seo agus níos faide i gcéin. I measc na nÉireannach, táim cinnte go mbeidh na sluaite baillithe do Hozier agus James Vincent McMorrow, ach go háirithe. Bannaí eile, a mbeidh tóir orthu, a thabharfaidh faoi na stáitsí difriúla, ná Massive Attack, Bastille, Ben Howard agus

an Bombay Bicycle Club. Ní ansin ach cúpla ainm, caith súil ar shuíomh na féile, leis an liosta iomlán a fheiscint. Go pearsanta, is fuath liom féin campáil, mar sin, bheadh an bua go mór ag leithéidí Longitude, nó Forbidden Fruit ar fhéile cosúil le Electric Picnic. Is féidir ticéad don ndeireadh seachtaine a fháil ar ¤149.50 – beidh tú in ann ansin imeacht abhaile, cith a thógaint, codailt i do leaba fhéinigh, agus filleadh do a thuilleadh spraoi an lá dár gcionn! ¤59.50 atá ar thicéad lae. Anuas air sin, do bhain an fhéile seo dhá dhuais anuraidh ag Gradaim na bhFéilte, sna catagóirí, ‘Best New Festival’ agus ‘Best Medium Festival’. Sin teistiméaracht bhréa d’éinne atá idir dhá chomhairle faoi thicéad a cheannach. www.longitude.ie

nós 19


*

20 nós

Ceol

Taispeántais in Áras Chrónáin ó Mheitheamh go Lúnasa

Beidh taispeántas na beirte, Tommy Byrne agus Tommy Keogh, ar siúl in Áras Chrónain, ón 20 Meitheamh, (oíche na hoscailte), go tús mhí Lúnasa. Is pictiúir phéinteáilte ó Byrne atá le feiscint, agus grianghraif de Chluain Dolcáin atá á thaispeáint ag Keogh. Gach eolas le fáil ar shuíomh álainn nua an Árais, a thugann tú ar cuairt timpeall ar sheomraí an ionaid! B’fiú cuairt a thabhairt ar www.araschronain.ie

Laya Healthcare City Spectacular Corcaigh (Páirc an Ghearaltaigh), 19-20 Iúil 2014.

Baileoidh siamsóirí sráide an domhain mhóir le chéile do chraobhacha an domhain, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh i rith mhí Iúil. Bhí deis agam freastal ar an ócáid seo dhá bhliain ó shin – agus bhí mo bhéal ar leathadh ag imeacht timpeall ag féachaint ar chuid de na cleasanna a bhí ar bun acu. Anuas air sin, bíonn atmaisféar croíúil spraíúil le braith ar an láthair. Fáilte roimh chách – agus ní chosnóidh sé pingin rua ort! I mbliana, tá ainm na hócáide athraithe ón Street Performance World Championship go City Spectacular, mar go bhfuil breis imeachtaí curtha leis an gclár acu. Timpeall na cathrach ar fad, beidh ócaidí siamsaíochta ar siúl, i rith an lae agus istoíche – ceolchoirmeacha, picnicí don gclann ar fad agus taispeántais scannán faoin aer, mar chúpla sampla.


*

Ceol

Fleá na bPrátaí Baile Locha Riach, 1-3 Lúnasa

Beidh slua ag teacht le chéile i gceantar Bhaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, arís i mbliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud a bhaineann leis an bpráta! Seo an 14ú bliain d’Fhleá na bPrátaí agus mar aon le prátaí bheith ag barr an bhiachláir beidh deis ag daoine iad a thochailt ón talamh. Beidh séisiúin scéalaíochta, amhránaíochta,

filíochta, damhsa agus ceoil i rith na féile agus cuirfear béim faoi leith ar imeachtaí na n-óg ach go háirithe. Tarlóidh mórshiúil chuig an bportach, gríscín, cluichí gairdín is eile agus an lucht eagraithe ag súil go dtiocfaidh daoine úra le páirt a ghlacadh i bpobal na bprátaí. Tuilleadh eolais ó Phádraig Ó Baoill ar padraigrua@gmail.com

nós 21


22 nós

Scáileán

T

Gaeil ar an scáileán mór

á clú ar Fhleadh Scannán na Gaillimhe as ardán a thabhairt do scannáin nua Éireannacha agus níl aon athrú ann i mbliana. Breis agus 20 eisiúint úr ón tír atá ar taispeáint ag an bhFleadh, atá ar siúl idir 8-13 Iúil, agus beidh áthas ar léitheoirí NÓS a chloisteáil go bhfuil saothar úrnua Gaeilge ina measc. Comhléiriú de chuid ROSG agus De Facto Films é 'An

Bronntanas', scéinséir comhaimseartha atá lonnaithe i saol phobal an bháid tarrthála amach ó chósta Chonamara. Ar oíche stoirme, tar éis glaoch tarrthála a fháil, tagann an criú tarrthála ar lastas drugaí ar fiú os cionn milliún Euro é, ar bhád iascaigh tréigthe. Nuair a dhéanann siad cinneadh an lastas a choinneáil dóibh féin, titeann siad isteach i saol trioblóideach, foréigneach


*

Scáileán

agus tragóideach. Is é 'An Bronntanas' atá roghnaithe chun clabhsúr a chur leis an bhFleadh ar 13 Iúil ach muna bhfuil tú in ann bheith i láthair beidh deis agat breathnú ar an tsraith cheannródaíoch at TG4 go luath. Dea-scéala eile ná go bhfuil bheirt Ghael aitheanta i measc na ndaoine atá ainmnithe do cheann de mhór-ghradaim na Fleidhe. Bronntar an 'Bingham Ray New Talent Award' ar léiritheoir, aisteoir nó stiúrthóir agus i mbliana tá Dara Devaney (thuas) agus Tara Breathnach (ar dheis) san iomaíocht don duais mar gheall ar a rólanna in 'An Bronntanas' agus 'A Nightingale Falling' faoi seach. Tá 'A Nightingale Falling' bunaithe ar úrscéal de chuid PJ Curtis atá suite ag am Chogadh na Saoirse agus a dhíríonn ar bheirt bhan ón Teach Mór ag iarraidh teacht slán le linn an tréimhse suaite.

Déanfar an buaiteoir a fhógairt ar oíche dheireanach na féile... gach rath ar Thara agus Darach!

nós 23


*

24 nós

scáileán

T

Síneadh eile...

á caint ann faoin scannán ' Stretch' le míonna anuas agus amhras ann fós an bhfeicfear aon scáileán go luath. Togra de chuid stiúrthóir 'The Grey' é - scannán aicsin ó 2011 a bhí trom go leor ach maith – a bhfuil ainmneacha móra mar Patrick Wilson (thuas), Chris Pine, Ed Helms, Brooklyn Decker agus Jessica Alba ar an fhoireann aisteoireachta. Bunaithe ar scéal tiománaí liomó darb ainm Stretch (Wilson), leanann an scannán é agus é ag glacadh paisinéara, ar fiú na billiúin é, ó áit go háit i gcaitheamh an lae. Fear ciotach atá san fhear saibhir seo (Pine) nach bhfuil ar dhóigh ar bith éasca le láimhseáil agus a chothaíonn deacrachtaí go leor don tiománaí bocht.

Scéal simplí go leor, déarfá, ach táthar ag rá go bhfuil meascán ar leith d'aicsean, dramaíocht agus greann snite le chéile ag Joe Carnahan go rachaidh an toradh deiridh go mór i bhfeidhm orainn ar fad. Beidh le feiceáil mar tar éis do Universal Pictures a chuid tacaíochta, agus cuid mhór airgid, a tarraingt siar ón scannán ní ba luaithe i mbliana, ní fios go díreach cá huair a n-eiseofar é. Meastar anois go seolfar é ar scála níos lú ná mar a bhí beartaithe ach coinnigh súil amach dó ar aon nós mar tá seans maith ann go mbeidh sé ar an saothar is fearr atá déanta ag Carnahan go dtí seo, agus ar cheann de na scannáin is suimiúla le tamall.


*

scáileán

Begin Again John Carney, 15A

***** 'An dtig le hamhrán do shaol a athrú?' Sin an chéad teideal a cuireadh ar ‘Begin Again’, an scannán is déanaí le John Carney, stiúrthóir Éireannach a tháinig in iomrá siar in 2007 leis an scannán ‘Once’. Lean Carney leis an fhoirmle chéanna agus tharraing sé ó phota aisteoirí agus ceoltóirí. In áit Glen Hansard agus Markéta Irglová, tá Adam Levine (ceoltóir leis an bhuíon ceoil Los Angeles Maroon) agus Kiera Knightley a ghlacann páirteana ‘Dave’ agus ‘Gretta’ sa scannán, beirt cheoltóirí agus leannáin ollscoile atá ag iarraidh ainm a dhéanamh dóibh féin i saol an cheoil.

Titeann an scéal amach i Nua-Eabhrac, cathair a n-aistríonn siad chuici nuair a fhaigheann Dave tacaíocht ó lipéad mór. Ní fada go dtarraingítear Dave isteach i ndomhan an raic agus na cóisireachta, saol nach mbaineann Gretta leis. Spreagtha ag an bhriseadh croí, casann Gretta rudaí thart di féin le hamhrán nuachumtha a mheallann cluasa an léiritheora Dan Mulligan (curtha i láthair ag Mark Ruffalo), iarfheidhmeannach ar lipéad ceirníní ar tugadh bata agus bóthar dó. Síscéal do dhaoine fásta atá ann ar bhealach - má thaitníonn scéal a mhúsclaíonn d’anam agus ceol galánta leat, bainfidh tú sult as an cheann seo. Ní hé go bhfuil iontas ar bith sa scéal ach spreagann sé gáire. Roghnaíodh 'Begin Again' chun an Fhéile Scannán iomráiteach 'Tribeca' a dhruidim i mbliana, onóir mhór do Carney agus níos fearr arís dó, comhartha go n-éireoidh go maith leis ag an díoloifig chomh maith.

nós 25


*

26 nós

scáileán

How to Train Your Dragon 2 Dean DeBlois, pg

***** Rogha scannán beochana na bliana do 2014. D’éirigh thar cionn leis an chéad eisiúint sa tsraith seo, a luaitear i measc na scannán is fearr atá déanta ag DreamWorks Animation go dtí seo. Cé go ndeachaigh comhstiúrthóir Chris Sandars chun 'The Croods' a dhéanamh (agus atá ag stiúiriú 'The Croods 2' faoi láthair), thapaigh Dean DeBlois an deis ceannasaíocht a ghlacadh ar an scannán leantach agus é cheana féin ag obair ar

an tríú scannán, a bheas le seoladh sa bhliain 2016. Tá an scéal boghta ar aghaidh cúig bliana agus buaileann muid le Hiccup agus a chairde, iad mall sna déaga. Ní gnáthdheagóir é Hiccup. Níl sé de nós aige na huaireanta a chaitheamh ina sheomra leaba ar YouTube nó gafa le cluichí ríomhaire. Tá sé sáite i lár troda idir daoine domhanda agus dragain. Más duine thú leis an chlaonadh céanna, b’fhiú an dara babhta de thraenáil seo na ndragan a fheiceáil sula n-eitlíonn sé ón scaileán mór. I measc na n-aisteoirí atá le cloisteáil ann tá Jay Baruchel, Kit Harington, Gerard Butler, Cate Blanchett, Craig Ferguson, Djimon Hounsou, America Ferrera, Christopher Mintz-Plasse, Jonah Hill, Kristen Wiig agus T.J. Miller.

Irisí go leor...


*

scáileán

Jersey Boys Clint Eastwood, 15a

***** Tá Clint ilchumasach ar ais le leagan scáileáin den cheolsiamsa rathúil a bhí le feiceáil ar dtús ar stáitse Broadway. Insíonn 'Jersey Boys' scéal ceathrar leaids a d’fhás aníos i Nua-Gheirsí SAM nach raibh mórán ag dul dóibh ach a d’fhulaing leo go dtí gur bhunaigh siad an banna ceoil mór le rá de chuid na seascaidí, ‘The Four Seasons’. Is scannán é atá lán le fuinneamh a leanann an banna agus iad ag triail iad féin a chur i súile an phobail mhóir. Chomh maith le haisteoireacht den scoth ón fhear atá sa phríomhról de Frankie Valli féin, John Lloyd Young,

tugann Vincient Piazza agus Christopher Walken taispeáintais chumasacha uathu mar Tommy DeVito agus Angelo ‘Gyp’ DeCarlo faoi seach. Treith amháin a sheasann amach sa scannán seo ná an meid dramaíochta monalóige a bhíonn ar siúl ag na carachtair. Is modh inste é nach n-úsáidtear leath sách minic ar scáileán agus tugann sé an snas beag sin don léiriúchán seo a chuireann chun cinn é ar scannáin an tséasúir. Breathnaíonn sé, arís eile, go bhfuil a chuid staidéir déanta ag an Uasal Eastwood. Má thaitníonn scannáin cheolmhara leat, beidh fíorspraoi agat ag breathnú ar na buachaillí seo as Geirsí agus iad ag canadh na gcnag cáiliúil ar fad ar nós 'Sherry', 'Big Girls Don't Cry', 'Walk Like a Man', 'Rag Doll', 'Bye Bye Baby', agus 'Who Loves You'... d'ardódh sé do chroí!

nós 27


*

28 nós

Scáileán

iúil AR TG4

Féilte – Slí an Atlantaigh Gach Déardaoin 8.30pm Tabharfaidh Síle Ní Bhraonáin clár chugainn a bheidh lán go barr le bia áitiúil den scoth, eachtraíocht, ceol agus damhsa traidisiúnta, cuairt ar Gaeltachtaí agus go deimhin áilleacht dhrámatúil an chósta fhiáin seo. Tabharfaidh gach clár sa tsraith muid chuig Pointe Fionnachtana difriúil ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag tosú ag Cionn Mhálanna agus ag leanúint thar naoi gclár go ceann scríbe, An Seancheann i gCionn tSáile. Buailfidh muid le muintir na mbailte atá breactha ar fud chósta na tíre agus muid ar thóir cheol, bhia agus slí úr thurasóireachta ar chósta iarthar na hÉireann. Chomh maith leis sin, beidh comórtas ann gach seachtain inar féidir duaiseanna iontacha de leithéid shaoire óstán, ócáidí bialainne agus deiseanna ar

na gníomhaíochta iontacha atá le fáil ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bhuachaint i gcomhair le Fáilte Ireland.

Gualainn le Gualainn Gach Aoine ón 4 Iúil 8.30pm Sraith faisnéise faoin dul chun cinn atá déanta ag rugbaí in Éirinn, spórt a thosaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854. Tá rugbaí tagtha chun cinn go mór ó bhain foireann na hÉireann an Chaithréim Mhór amach don dara uair i Cardiff sa bhliain 2009. Rugbaí agus an pholaitíocht a bheidh faoi chaibidil i gClár a Dó. Thug an slua bualadh bos d‘fhoireann Shasana an lá ar imir siad i mBóthar Lansdúin agus cé go bhfuil plúr na n-imreoirí ar fhoireann na hÉireann ní móide go mbuann siad an oiread sin craobhacha. Ainneoin sin, ba duine acu a roghnaíodh ar Phearsa Rugbaí an Chéid.


*

Scáileán

nós 29

Tour de France Beo 2014 Beo gach lá ón 5 -27 Iúil Craoladh beo ar thús an Tour de France agus ar an gcéad chéim de. Rachaidh na rothaithe as Leeds go Harrogate, turas 190.5km. Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta. Seo é an 101ú Tour de France agus i Sasana a chuirfear tús leis i mbliana le trí chúrsa bóthair as Yorkshire go Londain. Tá an chuid is mó de chéim a haon breá réidh agus gach seans gur rábálaí a thabharfaidh an chéad gheansaí buí leis.


Tá na milliúin irisí againn, saor in aisce. An ceann seo ina measc.


NO NUKES! an bhfuil tú in éadan cumhacht agus cogadh núicléach? iontach! muidne chomh maith. glac síntiús amach linn agus troidfidh muid na núicí le chéile.


tรก nรณs ag rรก


'bu chòir'

nosmag.com *


na gaeil i ndiaidh saoirse Beidh an reifreann is tábhachtaí riamh i stair na hAlban ar siúl ar 18 Meán Fómhair nuair a bheifear ag vótáil ar son todhchaí na tíre. Ach cad é mar a bheadh stádas na nGael agus na Gàidhlig dá bhfaighfeadh Alba neamhspleáchas? Cíorann Dòmhnall Iain Dòmhnallach na ceisteanna...


GNÍOMHACHAS

1

Am bi a’ Ghàidhlig aig cridhe Alba ùr? / An mbeidh an Ghàidhlig ag croí Alba úr? Tha am Pàipear Geal ag innse dhuinn (anns a’ chànan eile): “We plan to create a secure future for Gaelic in Scotland by increasing the numbers learning, speaking and using Gaelic, through Gaelic education in all sectors and all stages such as early years, primary and secondary education.” Tha am Paipear Geal ag ainmeachadh Bòrd na Gàidhlig agus MG ALBA mar dà bhuidheann a gheibheadh tuilleadh taic bhuapa nam biodh am Pàrtaidh Nàiseanta os cionn Alba neoeisimeileach. Tha iad a’ gealltainn dhuinn gum bi “central place” aig a’ Ghàidhlig ann an Alba ùr, ach tha na faclan garbh mìshoilleir. Chan eil mòran ann mu phoileasaidhean mionaideach leithid còir d’ fhoghlam fhaighinn tro mheadhan na Gàidhlig mas e sin na tha thu ag iarraidh (mar a th’ aca sa Chuimrigh a thaobh Cuimris). Anns an fharsaingeachd, tha iad ag ràdh gun obraich am Pàrtaidh Nàiseanta gus an tionndadh air crìonadh na Gàidhlig a ghleidheadh. An tionndadh? Beagan tràth fhathast, chan eil an crìonadh a-nis ach nas maille! Ach tha fianais ann gum bi àite ann don Ghàidhlig ann an Alba neo-eisimeileach, ’s gur e àite glè mhath a bhios ann. An àite a bhith nam mion-shluagh aig crìochan Bhreatainn, bidh na Gàidheil ’s an cànan aig teis-mheadhain beatha phoblach san dùthaich òg. Mu thràth, tha oifigear Gàidhlig aig a’ phàrlamaid is soidhnichean gu leòr timcheall. Chaidh eadhan beagan dhen Phàipear Gheal eadartheangachadh gu Gàidhlig. Ach, cha mholainn dhut a leughadh: chan eil – ehm – mòran bàrdachd ann, dh’fhaodainn a ràdh. Co-dhiu, chan eil ann ach geàrr-chunntas, agus tha i luideach a’ coimhead a thaobh fòrmat – droch sgeul air staid a’ chànain san àm ri teachd, ’s dòcha?

2

Dè mu dheidhinn a’ Phàrtaidh Nàiseanta? / Cad é faoin Pháirtí Náisiúnta? Ag argamaid an aghaidh breugan a dh’fhoillsich an Sunday Post, tha Artair MacCarmaig air dearbhadh nach eil mòran diofar ann eadar na thug Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba seachad don chànan tagsa ri na pàrtaidhean eile. Tha gu leòr ann fhathast a mholas Thatcher airson an taic a thug i seachad dha na meadhanan Gàidhlig sna h-ochdadan! Ach bho chuideachadh do Struileag gu mìltean ùra dha na sgoiltean, ge-tà, tha am Pàrtaidh Nàiseanta air dearbhadh a-rithist ’s a-rithist gu bheil ùidh aca anns a’ Ghaidhlig, ged a

nós 35


36 nós

*

gníomhachas

dh’fheumas sinn cuimhneachadh gur dòcha nach iad a bhiodh os cionn Alba neo-eisimeilich. Ged a tha e sgoinneil gu bheil comas Gàidhlig a labhairt aig dithis BPA nàiseantach – Alasdair Allan agus Daibhidh MacThòmais – agus gu bheil nàiseantaich eile leithid Mìcheil Russell is Aonghais Dhòmhnallaich air òraid innte, tha e coltach gu bheil tomhas de Ghàidhlig fiù ’s aig Murchadh Friseal, a tha na Thòraidh!

3

Agus anns na meadhanan? / Agus sna meáin? An caill sinn BBC Alba nuair a chailleas sinn am BBC? Tha Lunnainn, a’ bharrachd air Dùn Èideann, a’ paigheadh airson an t-seanail, còmhla ris a’ BhBC fhèin. Ach, tha am Pàipear Geal a’ gealltainn leudachadh ann an seirbheis meadhanan na Gàidhlig, a’ dèanamh cinnteach gum bi cosnadh gu lèor ri fhaighinn sa chànan. Thathas an dùil gum faigh an SBS ùr smachd air


*

gníomhachas

4

’S a’ Ghàidhealtachd? / Agus an Ghaeltacht? Am faigh a’ Ghàidhealtachd ’s na h-Eileanan buannachd às? Tha iarrtas mòr ann dèiligeadh le ceist an fhearainn agus tha Pòl Wheelhouse BPA air a ràdh gum bi barrachd airgid ri fhaotainn son choimhearsnachdan a tha airson an cuid fearainn a cheannach bho na h-uachdarain. Ach chan fhacas an t-uabhas fianais fhathast gu bheil seo a’ tachairt. Chuala sinn an naidheachd o chionn ghoirid gu bheil CNES a’ dol a stèidheachadh sgoiltean Gàidhlig, agus gheall Alasdair Allan, mar mhìnistear nan cànain, airgead airson seo. Tro an Lerwick Declaration agus eile, fhuair am buidheann 'Ar n-Eileanan ri Teachd' taic bho Riaghaltas na h-Alba, agus iad ag iarraidh gum bi smachd aig a’ Chomhairle air airgead ùghdarras a’ chrùin son iasgaich agus cumhachd uaine leithid gaoth a leasachadh. ’S e amas na h-iomairt seo eaconamaidh nan eilean a bhrosnachadh agus bacadh a chur air fuadach an t-sluaigh gu tìr-mòr. Ach am bi muinntir nan eilean toilichte tuilleadh airgid a thoirt dha an cuid chomhairlichean? Uill, cha bhiodh e modhail dhomh a ràdh…

5

’S nar n-eachdraidh? / Agus inár stair? Tha na Gàidheal riamh air a bhi aig cridhe iomairt nàiseantas na h-Alba. Bho Alasdair MacMhaighistir Alasdair gu Kay NicMhàthain a “ghoid” Clach Sgàin fo thòn na banrigh, tha Gàidhlig air a bhith air bilean nan Nàiseantach bho thùs. Chì sinn ann an sgrìobhaichean Ruairidh MhicThòmais agus Dhòmhnaill Ruaidh Phàislig gun robh neo-eisimeileachd na h-Alba trom air inntinn feadhainn dhe na bàird as clìutiche againn. Tha rannsachadh bho Bechhofer agus McCrone (2014) a bhruidhinn ri Gàidheil a thogadh san fhìor-Ghàidhealtachd a’ dearbhadh gu bheil Gàidheil gu mòr gam faicinn fhèin mar Albannaich ’s chan ann mar Bhreatannaich, agus gu bheil co-cheangal deimhinn eadar cho làidir ’s a tha d’fhèin-aithne Ghàidhealach agus cho làidir ’s a tha d’fhèin-aithne Albannach. Coltach ri fèin-aithne Ghàidhealach an latha an-diugh (a tha gabhail a-steach seann chroitearan is mhnathan an Uibhist, fileantaich ann an sgoiltean Gàidhlig a rugadh aig pàrantan gallta, agus oileanaich bho gach cèarn den t-saoghail) tha fèin-aithne Albannach nan Nàiseantach a’ cur fàilte air duine sam bith a tha gan ainmeachadh fhèin mar Albannach, ge bith an cinneadh no an creideamh.

BBC ALBA, ach tha an t-eagal air cuid gun adhbhraich seo prògraman Beurla a bhith air an sealltainn (ged nach eil seo cho diofraichte sin ri staid BBC ALBA an-dràsta fhèin, nam bharailsa). Agus am BBC fhèin air a chàineadh mar ghob an Aonaidh, tha BBC ALBA air molaidhean fhaighinn airson craoladh rèidh, soilleir mun reifreann, a leithid Rathad an Referendum air am faic thu eadhan an sgròbadair aineolach seo ann an ùine gun a bhi fada!

6

Agus am measg Yes Scotland fhèin? / Agus i measc Yes Scotland féin? A dh’aindeoin an eachdraidh, chan eil a’ Ghàidhlig na pàirt mhòr den iomairt neo-eisimeileachd an-dràsta. Bha ùine mhòr ann mus deach Yes Alba stèidheachadh (ged nach eil Gàidhlig aig Nas Fheàrr Còmhla fhathast nas motha). Uaireannan, tha beagan de nàire air nàiseantaich a

nós 37



*

gníomhachas

thaobh cultar na Gàidhealtachd, agus tha iad buailteach a sheachnadh mar faoineas ‘romansach'. Chualas aon bhuidheann den Radical Independence Campaign a’ càineadh na Gàidhlig mar rud cèin a bha ga stampadh sìos air muinntir na h-Alba. A dh’aindeoin sin, bha Gàidhlig gu leòr ri fhaicinn air soidhnichean an t-sluaigh as t-samhradh a ghabh pàirt anns a’ chaismeachd airson neo-eisimeileachd ann an Dùn Èideann.

7

No air latha an reifreinn fhèin? / Nó ar lá an reifrinn féin? Chan fhaighear cothrom a’ Ghàidhlig a chleachdadh nuair a bhios tu a’ bhòtadh, a dh’aindeoin ath-chuinge. Bha coinneamh sa phàrlamaid mu dheidhinn ach cha deach an Riaghaltas leis, eadhan às dèidh ollamhan mar Rob Dunbar fianais a thoirt seachad. Rinn gòraiche air choireigin san riaghaltas deuchainnean air Gàidheil far an tug iad dhaibh copaidh dhen phàipear-bhòtaidh sa Bheurla ’s a dh’fhaighnich iad an uairsin an gabhabh an tuigsinn. Saoilidh mi, an turas seo, nach do thuig am Pàrtaidh Nàiseanta am prionnsapal a th’air cùlaibh urram a thoirt do Ghàidhlig anns a’ phàipear-bhòtaidh!

8

Agus ann an 'constitution' na dùthcha ùir? / Agus i mbunreacht na tíre úire? Uill, tha Ruairidh MacThòmais nach maireann ag innse dhomh san fhaclair aige gun e bunreachd am facal as còir dhomh chleachdadh. Air tilleadh chun na tobrach ud am Pàipear Geal, tha iad ag radh (agus tha mi duilich a-rithist son na Beurla): “In Scotland, Gaelic has a significant level of official support from the Scottish Government. Official recognition for Gaelic is also provided by the 2005 Gaelic Act. In an independent Scotland this official recognition would be confirmed and maintained.” O, nach sleamhainn na faclan tha sin! Tha e coltach nach bi a’ Ghàidhlig mar chànan oifigeil sa bhunreachd (agus is cinnteach nach bi am bunreachd anns a’ Ghàidhlig an toiseach mar a tha i an Èirinn). ‘S e an sgeul acasan nach tig atharrachadh air staid laghail a’ chànain, ach, ma thachras còmhradh poblach mun bhunreachd, bidh cothrom ann dhuinn obrachadh airson an aithne seo mas miann leinn sin a dhèanamh. ’S e a’ cheist ge-tà, am biodh e na bhuannachd tuilleadh aithne oifigeil a shireadh, le tuilleadh eadar-theangachaidh air bileagan nach eil duine dol a leughadh? No am b’fheàirrde ar sùilean a chumail dlùth air foghlam is iomairtean susbainteach mar sin.

9

Sna pàipearan-naidheachd? / Sna páipéir nuachta? Am biodh e san fhasan fhathast magadh air a’ Ghàidhlig? Ged a tha i furasta Gàidhlig fhaicinn mar chànan

nós 39

na h-Alba, gu h-eachdraidheil agus fhathast ’s ann a tha a’ chuid as motha den mhì-rùn a’ tighinn bho Ghoill Alba fhèin. Mura bheil thu gam chreidsinn, leugh aithisg Choinnich MhicFhionghain gu Leverson son sealladh fhaighinn air an treallaich a spùt colbhan a-mach mun chànan taobh a-staigh aon bhliadhna. Nan tigeadh leasachadh ann an staid a’ chànain, ’s dòcha gum biodh barrachd gràin ri fhaicinn sna pàipearannaidheachd bho dhaoine leithid Alan Massie no Joan Burnie no George Galloway, suarach mun h-uile sgillinn ruadh a thathas a’ cosg air a’ chànan. Ach eadhan am measg sgudal aonaidheil an Scotsman, nach suathainn fiù ’s mo thòn leis, gheibhear colbhan Gàidhlig gach seachdain. ’S cuideachd sa Phàipear Bheag a bha cho fada fo smachd an t-sàr aonadair ach sàr Ghàidheil ud Brian Wilson. Bidh cuid ann leithid Iain Beggs a’ coimhead son dìon laghail bho “ghràin-chinnidh” an aghaidh nan Gàidheal – ’s dòcha gum biodh feum ann an Coimisinear Teanga, ach chan eil fhios agam an dèanadh neo-eisimeileachd mòran diofar a thaobh an iarrtais sin.

10

Agus anns an ath chunntas-sluaigh? / Agus sa chéad daonáireamh eile? ’S dòcha a’ cheist as cudromaiche: am bi barrachd a’ bruidhinn a’ chànain le neo-eisimeilachd? An toir àrdachadh faireachdainn nàiseantach agus ùidh ann an cultar na h-Alba air tuilleadh dhaoine Gàidhlig ionnsachadh no an clann a chuir ann am foghlam tro mheadhan na Gàidhlig? No, am bi a h-uile sìon mar a bha e? Tha e doirbh a ràdh, gun ach mo bharail chiontach fhèin a lìbhrigeadh. Ma thig neo-eisimeileachd, bidh cothroman gu leòr ann airson Gàidhlig agus airson nan Gàidheal. Ach tha e na dhleastanas oirnn dèanamh cinnteach gun gabh sinn na cothroman agus an taic-airgid sin, agus gun cleachd sinn iad ann an dòigh chiallach, stèidhichte air fianais agus rannsachadh bho Alba agus dùthchannan far an cluinnear mìon-chànain eile. Cha bu mhath leam idir na h-aon mearachdan a rinn na h-Èireannaich a dhèanamh nan tigeadh neo-eisimeileachd. Ma tha sinn ag amas air tuilleadh dhaoine a bhith a’ bruidhinn Gàidhlig agus ga bruidhinn ann an suidheachaidhean buan is eadar-dhealaichte, ’s fhèarr dhuinn ar sùilean a chumail geur air an amas sin tro leasachadh cloinne, cosnaidh is coimhearsnachd, ’s chan ann air propaichean àrd-ìre (mar a their an t-eòlaiche David Crystal) a leithid a dh’fhoirmean nach lìon duine sam bith a-mach gu bràth… Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar danamag.org


40 n贸s

*

SAOL

saol

Ag cur cumhachta ar ais sna cadhnra铆


*

SAOL

Ar smaoinigh tú ariamh ar shos a ghlacadh ón obair? Bhuel sin díreach an rud atá déanta ag Sinéad Ní Uallacháin...

N’fheadair éinne cé hiad na daoine a leanaim ar Twitter. Bíonn iontas orm féinig ó am go ham nuair a thagann tuairim ó dhuine de chliar an chláir TOWIE, aníos ar mo scáileán. Iontas go bhfuilim fiú ag leanúint an té sin, agus iontas orm uaireanta faoin gcacamas cainte a bhíonn á chraobhscaoileadh acu, agus ag daoine i gcoitinne, ar an idirlíon, gan aon mhórchuma leo... mé féin san áireamh! Bhí idir iontas agus díomá orm nuair a chonac tuairim a bhí nochtaithe ag an gceoltóir Diddy, nó P. Diddy (pé ainm atá á thabhairt aige air féin i láthair na huaire), ar a chuntas ag tús mhí an Mheithimh. “A person who fails to plan, plans to fail,” a bhí le rá aige.Tuairim a scaip sé ar a chuid leantóirí, tuairim is 9 milliún go leith duine, agus a bhí ath-scaipthe go tapaidh ag 1,016 duine acusan, agus réiltín beag órga tugtha ag 644 eile don ráiteas. Ní raibh sé de mhisneach agam féachaint ar an tvuít ó shin, ar eagla go bhfuil na figiúirí sin méadaithe níos mó fós. Canathaobh? Canathaobh go gcuirfeadh ráiteas dá leithéid isteach ná amach orm? Nach mbíonn m’amlíne ar Twitter agus mo leathanach Facebook clúdaithe ó bhun go barr, breac fiú, le manaí inspioráideacha mar é; a chuireann idir fhonn breoiteachta agus bhraistint láidir lán de mhothúcháin chroíúla, orm. Dhá bhraistint a éiríonn ó mo bholg aníos. Inseod daoibh an fáth. Bheartaigh mé i mbliana sos gairid gairme a thógaint – díreach cúpla mí – ón bpost atá agam ó bhíos 20 bliain d’aois. Post a thaitníonn thar na bearta liom. Ach is deis í seo, seans, nach dtiocfaidh arís i mo threo: tá cinnteacht agam go mbeidh jab romham nuair a fhillim agus tá cúnamh éigin airgid á fhail agam (de bharr na gcoinníollacha) agus mé ar seachrán. Tá an t-alt seo á scríobh agam le linn mo chéad sheachtain den

nós 41

mbriseadh, agus gan plean ar bith agam go nuige seo. Táim beagáinín scantraithe. Bhíos níos scantraithe fós, cúpla seachtain ó shin, ach is i dtaithí atáim ag dul, ar an saol a thógaint go breá bog. “Cad é do phlean?” “Nach smaoineofá ar roinnt taistil a dhéanamh?” “Conas mar a chaithfidh tú an t-am, bí cinnte seo agus siúd a dhéanamh!” Sea, tá daoine fiosrach, ach tá daoine cineálta chomh maith, agus súil acu go mbainfidh mé oiread tairbhe agus is féidir liom as an am. Ach le tamall anuas, áfach, ní féidir liom fiú labhairt ós ard faoi m’easpa pleananna, le duine ar bith – fiú amháin liom féin. Méarfhada.com – “Ná smaoinigh inniu air, a Shinéad” a deirim liom féin,“tiocfaidh tairiscint bhreá chomh fada le d’inbox amárach nach mbeidh an dara rogha agat ach glacadh leis; cinneadh done and dusted.” Is dócha gurb shin mar a bhí i mo shaol ó aois óg. D’fhreastail mé ar an mbunscoil, meánscoil agus ansin ar aghaidh liom go dtí an coláiste mar a dhein mo chairde agus mar ba dhual do mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha romham. Nuair a bhí críochnaithe agam ansin, fuaireas jab. An jab atá agam inniu. Mar sin, is é seo an briseadh is faide atá tógtha agam, gan aon obair a bheith ar bun agam, ó laethanta saoire m’óige agus mé sa mheánscoil. Is mó lá an tráth sin a dhúiseoinn timpeall meán lae agus go gcaithfinn go dtí 3in nó 4in sa tráthnóna ag féachaint ar chláracha Meiriceánacha ar Network 2. Hangtime agus Breaker High is mó a chuimhním orthu. Ní raibh faic mícheart leis an nós sin an uair úd, agus níl anois ach oiread. Cé gur don iris seo atá peann curtha le pár agam inniu ar an ábhar seo, i ndáiríre, is dom féinig, go pearsanta, an t-alt seo.


*

42 nós

SAOL

Litir phearsanta í seo ar shlí. A Shinéad, a chara, Tóg go bog é. Ná bíodh aon imní ort. Níl aon ní mícheart le seal a chaitheamh díomhaoin. Bíonn sos de dhíth ar uairibh, agus gá le cumhacht a chur thar n-ais sna cadhnraí, mar a deirtear sa Bhéarla. Ná bíodh plean agat; lig scíth; come what may. Grá go deo, Sinéad. Táim ag glacadh le mo chomhairle féin. Bhraitheas ciontach ag tús na seachtaine nuair nach raibh aon ní fiúntach ar bun agam. Ach ó shin i leith, táim ag éirí níos compordaí. Táim i mo thurasóir sa chathair. Tá dánlanna agus siopaí a bhí ariamh i mo thimpeall feicthe agam i gceart don gcéad uair.

Tá buailte agam le cairde nach raibh deis agam suí síos ina dteannta le stair. Tá cúpla maidin caite agam ag déanamh obair dheonach leis an eagraíocht Fighting Words. Inné, ar nós amadáin, luigh mé siar ar an bhféar i bPáirc na Carraige Duibhe, ag stánadh ar scamaill agus ag iarraidh cruthanna a aimsiú san eagar a bhí orthu. Táim tosnaithe ag féachaint ar Orange is the New Black ar Netflix, (féachaint cad chuige an chaint go léir faoi). Táim ag rith ar feadh tréimhsí níos faide ná mar a ritheas riamh. Níl an t-achar ama ach ina thús. Go réchúiseach, agus le meon oscailte, fáilteoidh mé roimis na laethanta atá le teacht. Beag beann ar aon phlean.

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.raidionalife.com



Fírinne na Sláinte Is Saineolaí Sláinte agus Aclaíochta é Ainle Ó Cairealláin. Anseo roinneann sé cúig fhíric faoi chailliúint meáchan nár mhaith leat a chloisteáil.


*

SAOL

Níl sé i gceist agam a bheith ar dhóigh ar bith maslach san alt seo, ach má tá am caite agat ag iarraidh meáchan a chailleadh gan toradh, seans go mbeidh sé deacair agat roinnt de na pointí a leanas a léamh.

1

An plean sé seachtaine sin? Cur amú ama. Má tá tú ag iarraidh meáchan a chailleadh, tá gach seans ann gur ghlac sé tamall ort an meáchan sin a chur ort. Bliain, nó cúpla bliain b’fhéidir. Tá sé mí-réadúil a bheith ag siúl le hathruithe móra ar do chorp. Bíodh sprioc agat 0.5-0.75 cileagram a chailleadh gach seachtain ar an mheán. Beidh tú ábalta na spriocanna seo a chomhlíonadh go dtí go mbaineann tú amach an meáchan ceart, agus seachnóidh tú drochthionchar na n-aistí bia foircneacha 'thuas seal thíos seal' a thagann le socruithe gearrthréimhseacha.

2

An cúrsa aclaíochta sin atá agat ar fhístéip? Le do THOILL! Ní leor damhsa beag 10 nóiméad uair nó dhó sa tseachtain fán seomra suí chun d'fhadhbanna meáchan a réiteach. Don fhormhór, drochnósanna beatha is cúis leis an iomarca meáchan a iompar a bhaineann le caidreamh bia diúltach de ghnáth. Thig leis na focail sin a bheith deacair le chloisteáil, ach 99% den am, tá siad fíor. Tá cur chuige iomlán éagsúil ag teastáil chun do shláinte a chur ar bhealach a leasa. Dófar roinnt calraí agus tú ag preabadh suas agus anuas ós comhair an bhosca teilifíse, ach níl ansin ach gné amháin den chlár cuimsitheach atá ag teastáil uait i bhfírinne.

3

Ní bheith tú ollmhór as bheith ag tógáil meáchan… beidh tú caol tanaí. Nuair a thógann tú meáchain, fásann meatáin, agus dófar geir. Ní féidir le geir a iompú ina meatán. Tá sé do-dhéanta. Is ionann é sin agus úll a iompú ina pheann, rud nach dtarlóidh a riamh go brách. Más mian leat a bheith leat a bheith caol tanaí, caithfidh tú traenáil nirt a dhéanamh. Oh, agus má tá ailt sláintiúla, cnámha láidre, cothromaíocht, agus droim láidir uait, déanfaidh traenáil nirt é sin chomh maith.

4

Ní hea, níor bhain tú ‘triall as gach rud’ chun meáchan a chailleadh. Tuigim cén fáth a gceapann daoine seo in amanna, ach glac comhairle uaim, níor thriail tú ‘gach rud’. Bímse ag traenáil le daoine gach lá, agus bíonn dea-thoradh ar an traenáil sin gach uair, 100% den am. Má fhanann tú le clár bia (atá simplí), agus an clár traenála (atá éifeachtach), agus má chloínn tú leis feicfidh tú féin na torthaí.

5

Na piollairí, na forlíonta cothaithe, na barraí a cheannaíonn tú… cur amú airgid. Léigh Pointe #1 arís. Tá athrú iomlán de dhíth. Caithfidh tú do dhearcadh a athrú, dea-nósanna cothúcháin a fhoghlaim agus a chur i gcrích gach lá. Cothaigh nósanna anois ar féidir leat a chloígh leo agus a leanúint fad do shaoil. Is fearr i bhfad an oiread maitheasa a tharraingt ó ghnáth, fíor-bhia in áit bacadh le forlíonta cothaithe nach mbíonn gá againn leo. Sea, tá sé chomh simplí sin, níl ann ach nach bhfuil sé déanta agat fós! Faigh stampa poist, agus scríobh seo síos. Tá mé ag dul an rún a thabhairt duit a ligeann duit meáchan a chailleadh. Seo chugaibh 'Fírinne na Sláinte': 1. Ith fíor-bhia (glasraí agus feoil den chuid is mó) 2. Bí gníomhach ar bhealach amháin nó bealach eile ar feadh ar a laghad 45 nóiméad gach lá. 3. Déan traenáil nirt trí uair sa tseachtain. 4. Cibé rud a dhéanann tú, coinnigh leis ar feadh 16 seachtain. TÁ an t-am agat ithe go sláintiúil agus aclaíocht a dhéanamh. Lig dom an ceann seo a chur ar bhealach eile duit. An bhfuil am agat a bheith ag fulaingt le diaibéiteas, nó obráid chroí a fháil, nó a bheith as anall gach uair a mbíonn ort dul suas roinnt céimeanna? Níl?! Níor shíl mé go mbeadh. Bí gníomhach anois, díreach anois, agus aithneoidh tú féin na hathraithe láithreach. Beidh breis fuinnimh agat, beidh tú in ann smaoineamh níos soiléire, beidh fad saoil agat, agus bainfidh tú níos mó suilt as an saol atá agat. Bíodh an t-alt beag seo ina 'spreagadh chun gnímh' duit. An nóiméad gur shocraigh tú seilbh a ghlacadh ar do shaol arís. Gabh amach an doras agus cur tús láithreach leis, déan plean agus coinnigh leis. Má tá tuilleadh leideanna sláinte agus aclaíochta uait, nó má tá tú ag iarraidh comhairle bhreise ó Ainle, tabhair cuairt ar www.aclai.ie

nós 45


46 nós

*

SAOL

Raithneach Fhoirfe? Fiosraíonn Stiofán Ó Connachtaigh tairbhe na raithní mar chúram leighis agus nósanna úsáide drugaí na cruinne i ndiaidh gur seoladh an Suirbhé Domhanda Drugaí ar na mallaibh, suirbhé a raibh beagnach 800,000 duine páirteach ann ó 43 tír éagsúil.


*

SAOL Is iomaí iarracht agus argóint a rinneadh chun stádas 'mídhleathach' a bhaint ón luibh cannabas agus tá toradh na n-iarrachtaí sin le feiceáil i roinnt mhaith tíortha ar fud na cruinne. Tá úsáid raithní anois díchoirithe san Ísiltír, sa Bheilg, sa Chróit, sa Phortaingéil, san Iodáil, in Uragua agus i roinnt mhaith stát san Astráil agus sna Stáit Aontaithe. Tá tíortha ann, ar nós Cheanada agus na hAirgintíne, nach ndeachaigh chomh fada leis sin ach a cheadaíonn cannabas mar chúram leighis. Le déanaí sa Bhreatain, shínigh os cionn 70 duine mór le rá litir le cur faoi bhráid an Phríomhaire, ag iarraidh athrú sa dlí i dtaca le seilbh drugaí de – ina measc siúd a shínigh bhí saineolaithe sláinte, polaiteoirí agus na ceiliúráin Russell Brand, Richard Branson agus Sting. Ach cé go bhfuil an feachtas ar son cannabas dleathach ag bailiú nirt ag leibhéal domhanda, ní raibh mórán de dhíospóireacht faoi in Éirinn go fóill, seachas racht ó Luke 'Ming' Flannigan cúpla bliain ó shin. Más fíor sin, is mó fianaise in Éirinn go bhfuil lucht caitheamh an ‘tobac speisialta’ ag méadú anseo agus níos mó tuisceana amuigh ansin faoi luachanna na raithní. Ní fiú cur ina choinne. Sin í an bharúil atá ag Dochtúir Adam Winstock, Stiúrthóir an 'GDS', Suirbhé Domhanda Drugaí 2014, a chuireann an bhéim ar 'úsáid níos sábháilte agus níos taitneamhaí' a bhaint as drugaí áineasa. De réir an tsuirbhé, is iad alcól, tobac agus raithneach na trí dhruga is mó úsáide ar domhan, san ord sin. Is í Éire an tír is costasaí le raithneach a cheannach ann – chuirfeadh gram poll €20 i do phóca ar an mheán anseo Is í an Spáinn an tír is saoire san Eoraip chun cannabas a cheannach agus d'fhéadfá a bheith ag súil le €6 a íoc ar ghram amháin thall. Tá Uragua ar an tír is saoire ar domhan le haghaidh raithní i ndiaidh go ndearnadh iomlán dleathach é ag deireadh 2013. Is féidir gram cannabais a cheannach ar $1 díreach! Alcól níos baolaí Tagann torthaí an tsuirbhé leis an argóint nach bhfuil an oiread díobhála ag baint le húsáid cannabais i gcomparáid le drugaí eile. Mar shampla, fuarthas go raibh fadhbanna sláinte fadtéarmacha ag 0.5% de dhaoine a úsáideann go rialta é. Rinneadh scagadh ar réimsí eile drugaí chomh maith a thiteann isteach i gcatagóir A mar Chocáin agus Eacstais. Is spéisiúil an chomparáid a rinneadh idir drugaí sa chatagóir A agus alcól. As na rannpháirtithe, bhí ar 1.1% dul isteach san Aonad Éigeandála tar éis MDMA (Catagóir A) a thógáil i gcomparáid le 2% tar éis seisiúin ar an ól. Buntáistí sláinte Tá go leor cloiste le fada an lá faoin tionchar a imríonn raithneach ar intinn an duine.

THC nó 'Tetrahydrocannabinol' is cúis leis seo – ábhar siabhraighine sa raithneach a théann i bhfeidhm ar an intinn. Ach tá iarrachtaí ar bun chun an THC a bhaint ón channabas agus leibhéal an 'CBD', 'Cannabidol' a ardú. Is dlúthghné den channabas é an CBD a bhfuil buntáistí móra leighis aige nach gcuireann meadhrán raithní ar dhaoine. Tá an oiread tóra ar an chineál raithní seo atá saibhir ó thaobh an leibhéil CBD de go bhfuil lucht úsáide agus fáis ag obair i dtreo ‘raithneach fhoirfe’ a chruthú. “Is ionann 'raithneach fhoirfe' agus an cineál le níos mó CBD ná THC,” arsa an Dr. Winstock. “Tá teicnicí gairneoireachta agus luibheolaíochta ag feabhsú timpeall an domhain agus táim cinnte gur féidir bogadh sa treo sin.” Tá fianaise ann go gcuidíonn an CBD sa raithneach le córas an choirp chun galair ar nós ailse a chloí agus go dtéann sé chun tairbhe do dhaoine a bhfuil tinnis éagsúla intinne orthu chomh maith. I measc lucht an channabais leigheasaigh tá imní áirithe ann go ndéanfaidh comhlachtaí móra cógaisíochta iarracht seilbh iomlán a ghlacadh ar an earnáil mar go bhfeiceann siad an brabús atá le baint ó luachanna sláinte na raithní. Mar sin féin má leantar le dlisteanú an channabais, táthar ag súil nach mbeidh na holl-chomhlachtaí in ann greim docht a fháil ar na comhábhair thairbhiúla den luibh. Suirbhé Ba é an Suirbhé Domhanda Drugaí an suirbhé is mó den sórt seo riamh a raibh rannpháirtithe in Éirinn, sa Stáit Aontaithe, sa Bhreatain, in Albain, san Eilvéis, sa Nua Shéalainn, san Ísiltír, san Ungáir, sa Fhrainc, sa Danmhairg, sa Bheilg, san Astráil, sa Spáinn agus sa Phortaingéil ar fad ann. Staidéar ar nósanna tógála drugaí a bhí i gceist agus ní taighde maidir le cannabas a dhéanamh dleathach nó mídleachtach, cé gur féidir é a úsáid chun cur leis na hargóintí éagsúla sa díospóireacht. Rinneadh an suirbhé ar an bhunús go bhfuil úsáid drugaí mar ghnáthchuid den saol agus tá breis eolais faoi na torthaí ar www.globaldrugsurvey.com

nós 47


*

48 nós

SAOL

Níor las Lionel Messi saol an tsacair sa Bhrasaíl le déanaí ach níl aon amhras ann faoina mháistreacht fós, dar le Pádraig M. Ó Beaglaoich

A

n cheist mhór a bhí ag dó na geirbe don uile duine roimh an gCorn Domhanda i mbliana ná arbh fhéidir le Messi a rian a fhágáil ar an gcomórtas ar an mbealach céanna a d'fhág Maradona i Meicsiceo sa bhliain 1986? Ba mhór an brú a bhí á iompar ag 'La Pulga' (An Dreancaid, mar a thugtar air) agus bhí dóchas iomlán na hAirgintíne ag brath air. Tá a fhios againn anois nár léirigh sé sa Bhrasaíl na sár-éachtaí céanna atá déanta aige le Barcelona agus ní raibh bua ar an stáitse is mó ar domhan i ndán don Airgintín dá bharr. Mar sin féin, cé nár imigh sé abhaile agus bonn óir an Choirn ina sheilbh aige, chuir sé ceithre chúl lena chuntas idirnáisiúnta (d'aimsigh James Rodriguez na Colóime sé cinn) agus bronnadh an Liathróid Órga air, an gradam don imreoir is fearr sa chomórtas. Dúshláin ón tús Fíric nach dtuigeann mórán faoi Messi áfach ná go bhfuil gaisce déanta aige teacht chomh fada seo ar chor ar bith. Ní thuigtear don ghnáthduine ag suí ar an tolg na dúshláin ollmhóra a bhíonn le sárú acu siúd a imríonn spórt de shaghas ar bith ag an leibhéal is airde. Níor tháinig an t-aistear seo éasca dó agus bhí mórán íobairtí le déanamh aige féin agus a chlann ionas go ndéanfaí a bhrionglóid a réalú. Ceann de na rudaí is suntasaí

messi an máistir? maidir le Messi ná an leibhéal umhlaíochta a bhaineann leis d'fhear atá chomh saibhir agus sciliúil - níl dearmad déanta aige faoina theaghlach, a chairde ná a chub dúchais Newell's Old Boys in Rosario na hAirgintíne. Seo tréith nach bhfeictear an oiread sin i dtromlach na n-imreoirí a threabhann a gceird go gairmiúil - tá creidiúint mhór ag dul dá theaghlach

(dá athair don chuid is mó) gur fhan 'An Dreancaid' ar bhóthar a leasa. Ní bhíonn bóthar ar bith gan casadh a deirtear agus is amhlaidh an scéal ag Messi chomh maith. I dtéarmaí sacair, bhí tionchar ag athair Mhessi ar ghrá an imreora don chluiche ón gcéad lá, agus tuigeadh sách luath go raibh leibhéal cumais as an ngnáth ag a mhac.


*

SAOL

Bhí d'ábaltacht aige cleasanna agus gluaiseachtaí a léiriú nach bhfacthas ina dhúiche féin ag fear chomh hóg leis. Mar sin féin tugadh faoi deara nach raibh Messi ag méadú ó thaobh airde agus nach raibh sé ag fás cosúil leis na páistí a bhí ar chomhaois leis. Tar éis roinnt tástálacha, aimsíodh go raibh uireasa hormóin fáis

ag Messi, agus b'éigean dó tabhairt faoi chlár fíorchostasach cóireála leighis. Cuimhnigh nach raibh Messi ach aon bhliain déag d'aois ag an tráth sin. D'fhág costas na cóireála ($1,500 in aghaidh na míosa) clann Mhessi ar an ngannchuid, ach bhí tuiscint dhomhain acu nach raibh aon cheist ach go raibh a leithéidí riachtanach ag an am. Chuaigh an cinneadh sin chun sochair an

nós 49

bhuachalla go fadtéarmach. Is cinnte nach mbeadh an leibhéal feidhmíochta atá sroichte aige indéanta murach idirghabháil an teaghlaigh. Súim ón Chatalóin Bhí suntas tugtha ag an gclub ollmhór Barcelona do leibhéal scile agus barr feabhais an fhir óig. Thaistil 'La Pulga' anonn chun


*

50 nós

SAOL

na Catalóine lena athair Jorge chun tús a chur le próiseas fadálach a thóg roinnt mhaith ama agus idirbheartaíochta. Ní raibh Messi ach trí bliana déag taca an ama sin agus níor cinntíodh a shíniú go hiomlán mar imreoir faoi oiliúint go dtí mí na Nollag sa bhliain 2001. D'eagraigh Barcelona post do Jorge agus tuarastal a chinnteodh go mbeadh ar a chumas maireachtáil lena chlann ar fad i bpríomhchathair na Catalóine. Rinneadh áit chónaithe a eagrú do mhuintir Mhessi freisin. Ar an drochuair, le himeacht

aimsire d'airigh máthair Mhessi, Celia, uaithi a háit dhúchais agus cultúr na hAirgintíne. Ba dheacair an cinneadh a glacadh chun teacht i dtír ar an bhfadhb seo - cinneadh nach maith le máthair ar bith a dhéanamh. Bhog Celia ar ais go Rosario leis an triúr clainne eile a bhí uirthi féin agus Jorge. D'fhan Jorge chun breathnú i ndiaidh na gcúraimí uile agus cinntiú nach ndéanfaí dúshaothrú ar an bhfear óg. Rinne tuismitheoirí Mhessi an íobairt is mó ar mhaithe lena mac - aonad

an teaghlaigh a bhriseadh - seo deighilt a leanann go dtí an lá atá inniu ann toisc go bhfeidhmíonn Jorge mar ghníomhaire dá mhac sa Spáinn i gcónaí. Ní haon drochphost atá déanta aige mar athair agus mar ghníomhaire fianaise na hoibre sin ná go bhfuil Messi ar an imreoir is iomráití ar domhan le deich mbliana anuas. Is liosta le háireamh iad na gradaim phearsanta atá gnóthaithe ag Messi mar aon leis na comórtais ar fad atá buaite aige le Barcelona. Níl aon amhras ach go bhfuil sé ar cheann de na himreoirí sacair is fearr atá


*

SAOL

nós 51

“Is liosta le háireamh iad na gradaim phearsanta atá gnóthaithe ag Messi mar aon leis na comórtais ar fad atá buaite aige le Barcelona... ach tá aisling fós le fíorú aige ar an ardán idirnáisiúnta.” feicthe againn riamh. Ardán idirnáisiúnta Mar sin féin, bhí sé curtha i leith Mhessi go minic nár aistrigh sé an leibhéal sárimeartha céanna leis ó Bharcelona agus é i ngeansaí bán agus spéirghorm La Albiceleste. Chuir an cáineadh pearsanta seo as do Mhessi agus ghortaigh cuid de na rudaí a bhí á rá faoi go mór é - go háirithe i gcomhthéacs na dílseachta dá thír agus an dúil a bhí aige dathanna náisiúnta na tíre a chaitheamh. Bhí tréimhse ann ina raibh sé ag

smaoineamh go láidir éirí as an bpeil ag leibhéal idirnáisiúnta. Bhí lucht leanúna, na meáin agus iar-bhainisteoirí ag caitheamh anuas air go síoraí seasta. Rinneadh a ionracas mar dhuine a cheistiú agus tuigeadh go raibh na cúinsí deacra seo ag goilliúint go mór air. Mar a tharla, tháinig bainisteoir nua isteach darb ainm Alejandro Sabella a thuigeann Messi mar dhuine agus a bhfuil comhbhá aige leis. Thosaigh sé ag tógáil na foirne idirnáisiúnta timpeall ar an bhfear beag agus tá Messi anois mar phríomhphointe fócais, mórán ar an mbealach céanna a

chonacthas le linn réimis Ghuardiola le Barcelona. Ní raibh sé ar bharr a mhaitheasa le linn Chorn an Domhanda sa Bhrasaíl – deirtear go raibh gortú fós ag cur as dó ó thús na bliana – ach is trodaí é Messi agus níl dúshlán ar bith a cuireadh roimhe ina shaol nár éirigh leis a shárú. Tá aisling aige go n-ardóidh sé Corn an Domhain ar son hAirgintíne. Beidh air fanacht ceithre bliana eile anois chun deis a fháil an aisling sin a fhíorú. I bhfianaise gach éacht eile atá bainte amach aige, cé a chuirfeadh geall ina choinne?


*

52 nós

saol

Séamas ar seachrán... Mar atá a fhios agaibh, níor chuala muid ónár gcara Séamas le tamall beag. Bhí sé de nós aige grianghraif a sheoladh isteach chugainn agus é ag fánaíocht ar fud na cruinne ach roinnt míonna ó shin stad a chuid teachtaireachtaí go tobann. Bhí muid ag éirí buartha agus leathbharúil againn go bhfeicfeadh muid an diabhal beag ar fhógraí Interpol nó a leithéid - tá a fhios agaibh féin an gheáitsíocht a bhíonn ar siúl aige ó am go chéile. Ansin baineadh preab thaitneamhach asainn an tseachtain seo caite nuair a fuair muid rphost uaidh, leis na pictiúirí seo iniata. Dúirt sé sa rphost nach raibh sé in ann a rá linn cén áit go díreach ar glacadh iad ach luaigh go raibh sé féin agus 'cara' ag caitheamh tamaill in óstán deas mór ar Mhór-roinn na hEorpa. “Tá an leapa an-chompordach ar fad”, a dúirt sé, agus i bhfianaise an ghrianghraif thall a glacadh ag dorais an leithris, is léir dúinn go bhfuil an diabhlaíocht chéanna ina chara nua chomh maith.



54 nós

*

saol

Is breá le Séamas aire mhaith a thabhairt dó féin mar sin nuair a bhí sé réidh, em, leis an chéad chuid dá ghnó sa seomra folctha, isteach leis sa chith, áit ar bhain sé sult “as an uisce is teo agus an seampú is gleoite” dá raibh aige riamh. Feiceann muid ó na grianghraif go gcaitheann

sé cuid mór ama lena chuid “gruaige” chomh maith agus dúirt sé linn fosta gur chabhraigh a chara le gach riachtanas a bhí aige... pé rud a chiallaíonn sé sin. Is léir anois nach raibh mórán d'ábhar imní ann faoin diabhal beag oráiste agus d'iarr sé orainn “haigh mór” a rá lena chuid fans ar fad...



56 n贸s

*

Dearadh Ceol

dearadh


*

Dearadh

Ealaíontóir sa Spotsolas:

Deirdre McKenna

De bhunadh an Daingin, thosnaigh Deirdre amach i saol na n-ealaíon mar phéintéir ach le roinnt blianta anuas is í an eitseáil is mó atá idir lámha aici. Is duine de bhunaitheoirí na Meithle Eitseála í, grúpa ealaíontóirí priontála i gCorca Dhuibhne a bhfuil sé d’aidhm acua an phriontáil a chur chun cinn sa cheantar. Tá stiúideo priontála ag an Meitheal i mbaile an Daingin féin agus bíonn imeachtaí éagsúla á reáchtáil acu go minic. Ó thaobh a saothair de, bíonn Deirdre fós ag plé leis na téamaí céanna a bhí go láidir ina cuid péintéireachta. Tógadh ar imeall na farraige í agus tá dúil mhór aici sna seantraidisiúin agus nósanna a bhaineann leis an bhfarraige. Anuas air sin tá Deirdre i mbun saothair atá bunaithe ar an úrscéal 'An Béal Bocht' le Myles na gCopaleen. Anuraidh chaith sí tamall ar thréimhse chónaitheach i gCló Ceardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall, áit a ndearna sí forbairt ar an tsraith sin agus a bhfuil cuid de le feiceáil anseo.

nós 57


58 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 59


60 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 61


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.