nós* - eagrán 6

Page 1

nós*

cHROME AG LONRÚ

Brabhsálaí nua Microsoft

TARRAINGTÍ PHRÁG

Radhairc inspéise na hÓrchathrach

NEART STÍLE AR LÍNE

Slagmhargaí na suíomhanna faisin

iris ghaeilge don nua-aois

eanáir 09 eag. 6

is é che i ról an réabhlóidigh Del Toro

www.nosmag.com

&3.80 £3.00


*


* * * * * *** * ** fáilte

* **

Dóchas na Bliana Úire

Tá 2009 linn cheana féin agus gach duine ar fud an domhain ag amharc chun tosaigh le neamhchinneachteacht faoin tréimhse amach romhainn. Ó sheanchogaí atosaithe go géarchéimeanna creidmheasa, tá go leor cúiseanna ag déanamh imní do dhaoine in Éirinn agus i gcéin. And that’s where we come in, well, sort of! Cé go bhfuil neart le cinntiú faoi thodhchaí nós* féin, agus go bhfuil an focal fós á scaipeadh faoin iris Ghaeilge is nua sa chruinne, déanfaidh muidne ár seacht ndícheall miongháire a chur ar bhur n-aghaidheanna, cabhrú libh sos a thógáil amach ó ghnáthamh an tsaoil agus sult a bhaint as ár dteanga ar bhealach nár tharla ariamh roimhe. Beidh neart rudaí suimiúla ag titim amach sna míonna amach anseo mar sin coinnigh súil amach le haghaidh na bhforbairtí ar ár suíomh agus ar ár leathanaigh. Bliain úr faoi mhaise daoibh go léir! Tomaí Ó Conghaile Eagarthóir nós* www.nosmag.com  3


fáilte

subscribe! Anois go bhfuil nós* ar fáil ar líne agus i gcló, níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-) Mar sin, má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu. Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach, nach é? Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 61 agus ar www.nosmag.com

foireann nós* PO BOX 188 An tIúr BT35 5BA eolas@nosmag.com www.nosmag.com

4  www.nosmag.com

EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile MARGAÍOCHT Félim Borland RANNPHÁIRTITHE Frainc Mac Cionnaith, Seoirse Mac Giolla an Chloig, Seán Fennell, Sinéad Ní Churnáin, Diarmuid Ó

Muirgheasa, Cillian de Búrca, Scott de Buitléir, Anthony Kenny, Eoghan Ó Néill, An Seanduine Liath, Sinéad Ní Uallacháin GRIANGHRAIF Kiritia Images - www.kiritia.com

*


eile

t

35 I gCló Balor, pictiúrleabhar úrnua 46 Ar Taispeáint Líníochtaí agus ealaíon ghrafach 59 Liosta Imeachtaí

istigh taisteal t

41 Praha Maorga 44 An Pótaire Ceart Ragairne thar lear

beatha

t

29 An Seanduine Liath 30 CCTV ag faire ort 32 The Token Info and events of the English language community

ceol 7 Léirmheasanna Albaim 9 Glasvegas 11 Tá siad ag teacht Ceolchoirmeacha nua 12 Anoir Aduaidh Rapal ag rocáil ar aghaidh

scáileán 17 Yes Man 18 Che: Cuid a hAon Benicio del Toro i gCúba 19 Australia

t

FAISEAN 37 Suíomhanna stíle Éadaí ar líne agus leideanna eile faisin

LÉARGAS 55 Géarchéim Gaza Tuairim ar an choimhlint aon-taobhach

t teicneolaíocht 23 Dell Latitude 24 Píoráideacht Ar cheart é a dhéanamh? 25 Google Chrome

t t t

26 Teic-Nuacht Microsoft Zune, Telsa Roadster agus Amazon Kindle

www.nosmag.com  5


ceol 6  www.nosmag.com


guns n’ roses Chinese Democracy

T

háinig scéal amach sa bhliain 2000 go raibh albam úr á chur le chéile ag Guns N’ Roses agus go mbeadh an ghrúpa ag dul ar chamchuairt go luath. Ceannaíodh na mílte ticéad do na ceolchoirmeacha san Eoraip agus nár mhór an díomá a bhí ar chách nuair a cuireadh ar ceal é. Fógraíodh chomh maith nach mbeadh an t-albam Chinese Democracy ar fáil am ar bith go luath. Mar sin de, tá mé féin go pearsanta ag fanacht le 9 bliain leis an albam seo, agus tá daoine eile ag fanacht níos faide ná sin. Seo an chéad albam ón ghrúpa ó 1993 agus is ar éigin gur féidir Guns N’ Roses a thabhairt orthu go fóill mar gheall ar athruithe sa line-up. Tá Slash agus Duff ar iarradh i measc ceoltóirí eile. Tá cuid acu gnóthach dar ndóigh leis an ghrúpa Velvet Revolver ach tá Axl Rose agus Dizzy Reed ar ais lena gcairde úra agus an saothar nua eisithe

METALLICA Death Magnetic

I

s é Death Magnetic an 9ú albam ó na laochra miotail Metallica, agus an chéad cheann a sheoladar ó St. Anger sa bhliain 2003. Bhíothas ag súil go mór leis an albam seo mar fuair St. Anger léirmheasanna measctha ó na criticeoirí agus na leantóirí araon. Mar thoradh, bhí ceisteanna le freagairt ag sean-Daidithe an mhiotail an babhta seo. Síltear, áfach, nach mbeidh mórán díomá ann faoi thorthaí na heisiúna nua seo. Deich rian atá ann ina bhfilleann an banna ar an bhfuaim gharbh ionsaitheach a thabhaigh meas agus cáil dóibh sa chéad áit nuair a bhris na miotalóirí isteach sa phríomhshruth leis an albam ollmhór Metallica (An tAlbam Dubh) thiar sa bhliain 1991. Cúis amháin leis an athrú seo ná gurb é Rick Rubin - Beastie Boys, Slayer, Red Hot Chili Peppers, Johnny Cash srl. - a bhí taobh thiar den deasc measctha an uair seo, in áit Bob Rock a bhí ag obair leo le

hhhhh faoi dheireadh. Caithfear a rá sa chéad dul síos go bhfuil stíl iontach éagsúil ó shean-stíl GN’R le cloisteáil ar an albam agus is cinnte nach mbeidh dúil ag gach duine ann. Tá sé trom mar cheol, tá fuaimeanna meicniúla ag rith tríd agus tá na liricí iontach feargach… is léir go bhfuil Axl go fóill ag troid a chogaidh féin in éadan an tsaoil mhóir! Tá tionchar láidir Industrial Metal ar an cheol seo chomh maith, gan mórán de stíl na ngormacha a bhí ar sheancheol GN’R sna 80í agus 90í. Ní bheith hit singles ar bith ón albam ach an oiread óir is beag traic a sheasann amach thar an chuid eile. Is fada uainn anois an line-up agus an caidreamh ceolmhar a thug dúinn Sweet Child agus November Rain agus, déanta na fírinne, ní shílim go mbeidh a leithéid

de cheol againn arís ón ghrúpa seo. Sin uilig ráite, tá seoid amháin ar an albam seo, traic uimhir 4, Street of Dreams. Má tá rian ar bith den draíocht a bhí ag GN’R uair den tsaol tá sé le sonrú san amhrán seo. Ar an iomlán, áfach, is ábhar díoma é Chinese Democracy. Is cinnte go mbainfidh cuid mhór daoine an-sult as, go bhfuil beocht úr faoin ainm GN’R agus glún úr éisteoirí acu. Ach don ghlún a chuir aithne ar an bhanna nuair a bhris siad amach sa chéad dul síos, tá sé i bhfad ró-throm agus róchallánach. FRAINC MAC CIONNAITH

hhhhh fada. Faoi stiúradh Rubin, rinne an banna an chumadóireacht ar fad taobh amuigh den stiúideo, mar a rinne siad sna laethanta roimh Rock. Dá bhrí sin, nuair a bhain siad an stiúideo amach bhí gach duine réidh, compordach agus muiníneach as an ábhar. Tá an chuma ar an scéal, ar an nóiméad seo ar aon nós, gur tháinig siad ar fhoirmle agus ar mhodh oibre atá níos oiriúnaí dóibh. Is albam glórmhar, gasta agus ionsaitheach é Death Magnetic, agus tá sé soiléir go bhfuil na buachaillí ag baint suilt as a gcuid ceoil arís. Cuireann That Was Just Your Life tús le slad feargach agus gasta, ionsaí a leanann ar aghaidh gan sos go dtí tús na heipice The Day That Never Comes. Amhrán casta agus fada é seo ina gcaitheann siad gach rud atá le fáil in armlón an ghrúpa orainn. Ní cúis ionaidh é gur roghnaíodh an rian seo don chéad

singil, mar taispeánann sé go bhfuil fuaim chlasaiceach Metallica ar ais arís, chomh trom is a bhí sé riamh. Cé go bhfuil formhór na rianta gasta agus trom (seasann The End of the Line, All Nightmare Long agus Cyanide amach), tógtar sos beag le The Unforgiven III, amhrán suaimhneach a chruthaíonn codarsnacht mhaith leis an glór callánach ar fud an albaim. I ndeireadh na dála, is ceirnín sábháilte é Death Magnetic, sa chaoi is go mbeidh na sean-éisteoirí i bhfad níos sásta leis, agus go bhfuil sé oscailte fós chun dul i gcion ar éisteoirí nua chomh maith. ANTHONY KENNY

www.nosmag.com  7


ceol DAMIEN DEMPSEY The Rocky Road

I

s albam de 11 amhrán Béarla é seo ón cheoltóir clúiteach as BÁC agus is seanamhráin Éireannacha iad a mbunús. Ina measc seo, tá dhá amhrán pholaitíocha, The Foggy Dew agus Kelly From Killane. Is seoid í an leagan atá ag Dempsey den Foggy Dew, a thosaíonn amach gan ann ach fonn an amhráin, ach go dtógtar air de réir a chéile, rud a chruthaíonn gluaiseacht, fuinneamh agus dráma. Tá ardphointe eile ann leis an leagan atá déanta aige de A Rainy Night in Soho. Tá an leagan atá aige den amhrán seo dílis go leor don bhunleagan, ach éiríonn leis beocht agus brí úr a chur ann. Foireann an t-amhrán seo go maith do ghlór agus do stíl Dempsey go ginearálta. Le fírinne, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na hamhráin go léir ar an albam seo. Léiriúchán simplí éifeachtach atá i gceist san albam seo a chuirfeadh stíl na seanghrúpaí bailéid mar The Dubliners agus Sweeney’s Men i gcuimhne don éisteoir. Dár ndóigh, tá beirt bhall de The Dubliners (John Sheahan agus Barney McKenna) ag ceol in éineacht le Dempsey anseo. Tá tionlacan simplí leis na hamhráin agus ligtear do na focail féin brí an cheoil a iompar. Is iad na luachanna céanna a chuir Dempsey chun tosaigh fríd a shaothar cruthaitheach féin atá le fáil sna hamhráin seo. Bhí Dempsey dílis dá dhúchas i gcónaí. Níl leisc air a bharúlacha faoin choilíneachas nó faoi stair na tíre seo a nochtadh. Tharraing sé aird ar fhadhbanna sochaí ariamh agus amharctar air mar urlabhraí do ghnáthdhaoine a ndearna an saol leithcheal orthu. San albam seo, tugann sé glór úr agus fuinneamh úr do na hamhráin seo a thug guth do phobal imeallaithe ina n-am féin. Is céiliúradh é an t-albam seo ar dhúchas ceoil Bhéarla na tíre seo. Is maith agus is mithid a leithéid a bheith ann. Seoirse Mac Giolla an Chloig

8  www.nosmag.com

hhhhh


léirmheas gig glasvegas Spring & Airbrake, Béal Feirste Thig liom a rá go raibh mé ann, bhí mé i láthair an oíche a sheinn Glasvegas i mBéal Feirste. Maíonn na míltí go raibh siad in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Ríona, nuair a rinne U2 ceolchoirm sna seachtóidí agus maíonn níos mó arís go raibh siad san áit chéanna do cheolchoirm a rinne Radiohead sa bhliain 1997, ámh, i dtaca le Glasvegas go déimhin bhí mé ann! Oíche den scoth a bhí ann, bhí mothú ar leith le brath san ionad iontach ceoil, Spring and Airbrake ar Ascaill Ormeau i lár na cathrach. Bhí an lucht éisteachta ar bís ó shlog siad siar céad phionta s’acu sa bhéar deas in aice leis, Katy Daly’s. Mar is eol do leithéoirí nós*, is banna ceoil Albanach iad Glasvegas ó oirthear Ghlaschú, cóngarach do staid sacair na gCeilteach. Ach, ní as cúrsaí sacair atá siad clúiteach ach as an fhuaim iontach a chruthaíonn siad. Tá ceathrar sa ghrúpa; James Allan, Rab Allan, Paul Donoghue agus Caroline McKay.

FOCAIl SEÁN FENNELL Chuidigh Alan McGee (Creation Records agus an fear a shí go mór soiscéal an ghrúpa seo a chraobhscaoileadh Le tionchar na hidirlíne ó thaobh scaipeadh an cheoil de, chuaigh lucht an cheoil i dtáithí ní ba luaithe ar an ghrúpa seo sular tháinig albam s’acu amach i Mí Mhéan an Fhómhair na bliana seo caite. Glasvegas an t-ainm atá ar an albam agus tá cúpla singil eisithe ón albam sin Daddy’s Gone (leis na liricí Daddy you were my hero, now you’re never here though) agus Geraldine (leis na liricí My name is Geraldine, I’m your social worker) agus mar a chí tú ansin leis na focail shnasta chumtha go mbíonn fadhbanna an lae inniu idir chamáin acu. Bhí seó soilsí d’ard chaighdéan acu a chuidigh go mór leis an chur i láthair agus mhothaigh mé go bhfaca me gig speisialta. Bhí draoícht san aer, go háirithe i mbéal na Nollag agus, ar an ábhar sin, is fiú a rá chomh maith gur eisigh Glasvegas albam nua an mhí seo caite - cé nár chuala mé mórán amhrán ón cheann seo

go fóill is cinnte go gcloisfear iad ar na aerthonnta amach anseo. A Snowflake Fell (and it felt like a kiss) an t-ainm atá ar an albam sin, ainm iontach caithfidh mé a rá a léiríonn scileanna cumadóireachta an bhanna. Lean na hamhráin go hiontach gasta ceann i ndiaidh cinn, rud a thaitníonn liom go mór le banna ceoil; tá siad ann le bheith ag ceol, chan le bheith ag tabhairt léachtaí - Bono agus Coldplay, tabhair aird air sin! Bhí cuma iontach orthu mar bhuíon cheoil chomh maith, iad gléasta i gcotaí leathair - tá an Rock and Roll fós beo! Agus cheol siad i mblas s’acu féin, blas láidir Albanach, mar a rinne na Proclaimers lá den tsaol. D’fhill siad ar fhód dúchais s’acu, Glaschú, do gig ollmhór sa Barrowlands díreach i ndiaidh dóibh bheith in Éirinn agus tuairiscíodh go raibh sé spéisialta maith. Mar sin, bí cinnte go gcoinníonn tú cluas amach dóibh sa bhliain atá le theacht. Chonaic mé todhchaí an cheoil, chonaic mé Glasvegas.

*

www.nosmag.com  9


ceol TAKE THAT

hhhhh

The Circus

N

í fhéadfadh an saol bheith níos fearr do Take That na laethanta seo: tá an t-albam nua The Circus ar an albam is mó díol in Éirinn agus sa Bhreatain i láthair na huaire agus tá a gcamchuairt nua cheana féin ar an gceann is tapa díolta i stair na Breataine. Ná ceap go bhfuil siad ag tapú na deise chun brabús a dhéanamh bunaithe ar a sean-saothar mar tá níos mó cóipeanna de The Circus agus a réamhtheachta Beautiful World díolta ná aon cheann dá n-albaim sna 90í agus ní bhréagnaíonn an ceol na huimhreacha.

An rud is suntasaí an iarracht seo ná go bhfuil an ceol agus a liricí níos aibí ná mar a bhí sna 90í agus tá próifíl a lucht leanúna tar éis leathnú go mór. Tá lámh ag gach duine den cheathrar i scríobh na n-amhrán agus tugtar deis do gach ball bheith ar an bpríomhamhránaí. Tá sé an-éasca éisteacht le The Circus agus is beag amhrán air nach bhfuil taitneamhach. Éist le Greatest Day, Hello, How Did It Come To This, Up All Night, Hold Up A Light nó Here agus beidh spionnadh ionat don chuid eile den lá.

Tá meascán maith d’amhráin tapa agus mhalla air áfach le cinntiú nach mbeidh a ngigeanna róchrua ar na seanstócaigh seo! Beidh an chamchuairt ar siúl i mí an Mheithimh agus mí Iúil agus seinnfidh siad gig i bPáirc an Chrócaigh ar 13 Meitheamh. Faraor tá na ticéid don ghig sin díolta go hiomlán ach is féidir ticéad a fháil go fóill do cheann dá gceolchoirmeacha i Wembley nó i nGlaschú.

Albaim le heisiúint an mhí seo...

m a b l

*

at?

10  www.nosmag.com

ag

a

5 Eanáir Kylie Minogue - Boombox (cnuasach de chnaga athmheasctha) 12 Eanáir Jamie Foxx - Intuition Metal - Heart On 26 Eanáir Franz Ferdinand - Tonight: Franz Ferdinand; Eagles of Death Dream a on g 27 Eanáir Bruce Springsteen – Workin

Má tá amhrán, ep nó albam curtha le chéile agat féin nó ag do ghrúpa, tá nós* ag iarraidh cloisteáil uait. Díreach seol isteach chugainn é agus déanfaidh muid léirmheas air. Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil! eolas@nosmag.com


Tá siad ag teacht... John Spillane: 9 Eanáir – Royal Theatre, Caisleán an Bharraigh Keane: 23 Eanáir – Odyssey, Béal Feirste The Coronas: 23 Eanáir – McHugh’s, Droichead Átha Paddy Casey: 24 Eanáir – Cyprus Avenue, Cathair Chorcaí The Streets: 25 Eanáir – Olympia, BÁC Akon: 28 Eanáir - Odyssey, Béal Feirste

Morrissey: 28 & 29 Aibreán agus 2 Bealtaine - INEC, Cill Áirne; Leisureland, Gaillimh; agus Waterfront, Béal Feirste

Status Quo: 4 & 8 Feabhra - Waterfront, Béal Feirste agus Olympia, BÁC The Datsuns: 4 & 6 Feabhra - The Think Tank, BÁC agus Spring & Airbrake, Béal Feirste The Wailers: 10 & 11 Feabhra – Dolan’s, Luimneach agus The Academy, BÁC. Judas Priest, Megadeth agus Testament: 10 & 11 Feabhra - O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste. Kaiser Chiefs: 19 & 20 Feabhra - O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste

Elton John: 6 Meitheamh - Páirc Thomond, Cathair Luimnigh The Prodigy: 18 Meitheamh – Ceantar na nDugaí, Cathair Chorcaí Shane Ward: 19 Meitheamh – Ceantar na nDugaí, Cathair Chorcaí Oasis: 20 Meitheamh – Caisleán Bhaile Shláine (Ticéid Uas Kasabian: 21 Meitheamh – Ceantar na nDugaí, Cathair Chorcaí Christy Moore: 27 Meitheamh – Ceantar na nDugaí, Cathair Chorcaí AC/DC: 28 Meitheamh – Ráschúrsa Bhaile Phúinse, Co. Chill Dara. Eagles: 28 Meitheamh & 2 Iúil – Páirc an Phiarsaigh, Gaillimh agus RDS, BÁC.

Snow Patrol: 1, 19, 20, 21 & 23 Márta – O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste Franz Ferdinand: 1 Márta – Olympia, BÁC Smokie: 8 Márta – Olympia, BÁC Lionel Richie: 13, 14, 16 & 17 Márta: O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste Finbar Furey & His Band: 26 Márta: Vicar Street, BÁC Tina Turner: 26 & 27 Márta agus 11 & 12 Aibreán: O2, BÁC (Ticéid Phlatanam amháin) Eagles of Death Metal: 1 Aibreán – Spring & Airbrake, Béal Feirste Presidents of the United States: 3 Aibreán – Vicar Street, BÁC Pink: 22 Aibreán – Odyssey, Béal Feirste

Bob Dylan: 6 Bealtaine - O2, BÁC Counting Crows: 7 & 8 Bealtaine – Odyssey, Béal Feirste agus O2, BÁC Eric Clapton: 11 Bealtaine – O2, BÁC Boyzone: 24, 25 & 26 Bealtaine – Odyssey, Béal Feirste agus O2, BÁC

Josh Ritter: 4 Iúil – Ceantar na nDugaí, Cathair Chorcaí Rod Stewart: 4 & 5 Iúil – Páirc Thomond, Cathair Luimnigh agus RDS, BÁC Coldplay: 14 Meán Fómhair - Páirc an Fhionnuisce, BÁC. Pink: 14 & 17 Deireadh Fómhair – O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste. Oasis: 20 Meitheamh - Caisleán Bhaile Shláine (Ticéid UB40: 19, 20 & 21 Samhain – INEC, Cill Áirne, O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste.

ÓN BHARR: franz ferdinand, pink, bob dylan

www.nosmag.com  11


ceol

s i a r a l i á c o r g a l a p a R Tá príomhshraith cheol na hAlba, Rapal, ar ais ar an teilifís gach Céadaoin ar BBC Alba. Sa chéad chlár beidh na hAlbannaigh Frightened Rabbit agus Sunrise Not Secular ag bualadh amach na n-amhrán, le tuilleadh bannaí móra le teacht amach anseo. Seo thíos agallamh a chuir nós* ar láithreoir Rapal, Niall Iain Dòmhnallach.

C

ò aig a fios carson a chaidh ceòl nuadh Gàidhlig am meud cho luath san linn ùr, ach dh’fheumadh nach b’ e co-thuiteamas a bh’ ann gun deach a’ chiad prògram aig Rapal a chraobhsgaoileadh air Diluain, 28mh Cèitean, 2001. Bidh a h-uile duine beò ann an saoghal Gàidhlig na h-Alba eòlach air Rapal, am prògram-rèidio ròc beòthail spòrsail a thèid a-mach gach oidhche, Diluain gu Diardaoin, air BBC Radio nan Gaidheal. Thar nam beagan bliadhnaichean sa chaidh, thug sgioba Rapal an t-uabhas de thaic do chòmhlanan ùra Gàidhlig, dha na còmhlanan agamsa nam measg. Cha ghabhadh e tomhais dìreach cho cudromach ‘s a tha taic mar sin do chòmhlan beag ùr a sheinneadh ann am mion-chànan. Chluicheadh Rapal an clàr agad, chuireadh iad seisean beò air dòigh dhut air an rèidio, agus a-nis, mar a chaidh prògram Rapal a’ leudachadh gu TBh ann an 2007, chuireadh iad air an teilidh thu, ceart cho math. Tha a h-uile cothrom aig na mòrchànanan san t-saoghal shuarach far a bheil sinn beò, agus mar sin, nì an taic a bhios Rapal a’ tabhann an diofar eadar beatha agus bàs do chòmhlan òg brisg. Nach ann leamsa a tha an t-eòlas! Ann an 2007 rinn iad ceum taiceil seòlta eile nuair a chuir sgioba Rapal farpais òran ùra Gàidhlig air bhog a bha air a dealbhadh gus sgrìobhadh-ciùil a

12  www.nosmag.com

bhrosnachadh agus shoirbhich iad gu math leatha. “Chaidh tòrr òran ùra a chuir a steach air a shon,” arsa Niall Iain Dòmhnallach, DJ air a’ phrògram, “an dà chuid bho chòmhlain-ciùil air an robh sinn eòlach agus cuideachd bho dhaoine nach robh air òran a sgrìobadh roimhe seo. Bha farsaingeachd de stoidhlichean eadar-dhealaichte nam measg agus b’ e obair dhuilich a bh’ ann a bhith a’ taghadh dìreach aon òran ‘son buannachadh!” Leis cho cudromach ‘s a tha am prògram do cheòl na Gàidhlig, is math an rud mar sin gu bheil Rapal fhèin a’ sìor leasachadh. Thòisich am prògram le Niall Iain, ach a-nis, mar a chaidh e a leudachadh gu T.Bh., tha dithis DJan eile ag obair còmhla ris air an sgioba, Michelle NicDhòmhnaill agus Anndra Robasdan, agus tha iad uile an làn dùil gun gabh am prògram pàirt mòr anns an t-seirbhis ùir dhiditich a tha romhainn. Chlàraich iad an treas sreath dhen phrògram T.Bh o chionn ghoirid, sreath a thèid a-mach uair san fhoghar, agus tha Niall Iain dhen bheachd gu bheil Rapal ceart cho cudromach mar sin airson daoine ùra a tharraing dhan chànan. “Bidh tòrr dhaoine aig nach eil Gàidhlig ga choimhead agus tha mise toilichte mu dheidhinn sin - cò aig tha fios nach bi cuid nam measg a bhios ‘son barrachd ionnsachadh mun chànan? Tha mi ‘n dòchas gun cùm Rapal

a’ dol mar a tha e air a bhith, an da chuid air T.Bh agus air rèidio, le bhith a’ cluich ceòl nach eil ri chluinntinn mar as trice air stèiseanan-rèidio eile agus a’ brosnachadh ceòl ùr Gàidhlig do na Gaidheil ‘s daoine eile cuideachd.” Thathar an dòchas gu bheil e ceart agus gun cùm iad orra, oir gu dearbh fhèin, ann an gluasad ceòl ùr na Gàidhlig, lorgar prògram Rapal aig an teis meadhan, agus e geal-theth.

*

gluaisghaelach a’chiad nuadh an-diugh eadardhealaichte sgioba taic cudromach chaidh e cò dhan cànan toilichte ionnsachadh nach eil tric gu dearbh

an chéad nua, úr inniu difiriúil foireann tacaíocht tábhachtach chuaigh sé cé (duine) chuig an, go dtí an teanga sásta foghlaim nach bhfuil minic go dearfa


anoir aduaidh

COINÍNÍ AN CHEOIL: Frightened Rabbit a bheas le feiceáil ar Rapal 7 Eanáir

www.nosmag.com  13


ceol agat? fógra nós*

Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge la Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi il chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmhá linn anois ar eolas@nosmag.com Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!


www.nosmag.com  15


scáileán 16  www.nosmag.com


FOCAIl scott de buitléir

yes man Peyton Reed, 15A Bunaithe ar an leabhar le Danny Wallace, scéal greannmhar is ea Yes Man faoi fhear darb ainm Carl (Jim Carrey), a dhiúltaíonn do gach aon rud a bhíonn ar fáil dó i gcónaí; cuirí le dul amach lena chairde, iarratais ón mbean béal dorais cabhair a thabhairt di agus iarratais a chuid custaméirí lena n-iasachtaí. Feictear go bhfuil sé ina fhear croíbhriste ó scair sé óna iar-bhean chéile, Stephanie. Anois, tá eagla air roimh ‘yes’ - ar chóir dom ‘sea’ nó ’tá’ a scríobh ina ionad? ;-) - agus mar sin cailleann sé amach ar an gcraic go léir. Sin mar atá, go dtí go n-iarrann seanchara leis freastal ar comhdháil de

hhhhh chuid na Yes Men, grúpa a thugann an fhoirm dhearfach do gach uile ceist agus iarratas faoin ngrian. Tar éis rendez-vous lena dtaoiseach, a rá go gcaithfidh sé ‘yes’ a rá le ’chuile rud nó go dtarlóidh droch-chárma dó, déanann Carl an cinneadh triail a bhaint as an gcleachtas. Éiríonn go haoibhinn leis ar dtús, go dtí an pointe nuair a chasann sé le hAlison (Zooey Deschanel), cailín breá gleoite, agus fíor-aisteach. Déanann sí cibé rud is mian léi, ach is í an difríocht idir ise agus Carl ná go ndéanann sí é ar a toil féin. Tosaíonn an ‘rómáns’ eadarthu ach ní mhaireann an dea-ádh i bhfad...

Scéal iontach greannmhar, ach go hiomlán míréalaíoch, atá ann in Yes Man. Seachas é sin, bainfear an-sult go deo as an scannán seo. Tá ceimic an-mhaith ann idir Carrey agus Deschanel, agus iad in ann bheith greannmhar go nádúrtha mar iad féin ina gcuid rólanna. Tá Zooey Deschanel cáiliúil ón scannán The Hitchhiker’s Guide to the Galaxy agus tá a féith ghrinn aisteachach-gleoite le feiceáil go soiléir sa dá scannán. Tá Carrey, mar is gnáth dó, anoiriúnach don phríomhról coiméideach seo. Scannán foirfe greannmhar a dhéanfaidh go maith ag na hoifigí ticéad le linn na haimsire geimhridh seo! Cuireann Scott De Buitléir The Cosmo i láthair gach Céadaoin ó 8in ar RTÉ Pulse

www.nosmag.com  17


scáileán che: part ONE Steven Soderbergh, 15A Bhí sé i gcónaí ag dul bheith deacair fadscannán a dhéanamh ar shaol réabhlóideach Ernesto Guevara Lynch agus, cé go bhfuil laigí áirithe ar an eisiúint seo ó Steven Soderbergh, déanann sé an-iarracht. Tosaíonn Che: Part One amach in 1955 leis an Airgintíneach (Benicio Del Toro) ag bualadh le Fidel Castro (Demián Bichir) in árasán i gCathair Mheicisceo, áit a gcuireann siad tús leis an phlean chun deireadh a chur le réimeas Fulgencio Batista, atá i gceannas ar Chúba le tacaíocht na Stát Aontaithe. Leanann an plota na heachtraí éagsúla a thiteann amach le linn do bhuíon Che cogadh a chur ar fhórsaí Batista agus fealsúnacht an tSóisialachais a scaipeadh i measc ghnáthmhuintir Chúba. Ó thaobh na staire de, is saothar suimiúil é a thugann le fios cad é mar a d’éirigh le líon beag trodaithe tacaíocht an phobail a mhealladh agus an lámh in uachtar a fháil ar arm stáit. Maidir leis an phríomhcharachtar, léirítear gnéithe difriúla Guevara féin - an saighdiúir, an dochtúir, an smaointeoir agus tarraingítear íomhá de dhuine sách dáiríre a bhí go hiomlán tiománta agus

18  www.nosmag.com

hhhhh dírithe ar an aidhm a bhí leagtha síos aige. Tá Del Toro oiriúnach don ról, ról a bhfuil go leor dúshlán ag baint leis, ach ní fhaigheann muid léargas ró-ghrinn in am ar bith ar chroí an duine féin ná ar a chúlra pearsanta. An t-atmaisféar éadrom a chothaigh Gael García Bernal in The Motorcycle Diaries, níl sé le fáil sa scannán seo agus is saothar a bhaineann níos mó le stádas íocónach Guevara a fhaigheann muid ina áit. Cé go bhfuil go leor troideanna armtha ann - go háirithe i dtreo bhuaic an scannáin sula mbaineann Castro, Che srl. La Habana amach - ní fhéadfaí a rá gur scannán cogaidh é, ach taispeántar beartaíocht treallchogaíochta na mbuíonta go measartha éifeachtach. I measc an aicsin ó Chúba féin, cuirtear isteach píosaí spéisiúla ó agallamh agus óráid a thug Che i NuaEachrach in 1964, rud eile a léiríonn an clú a bhain sé amach dó féin ar an ardán idirnáisiúnta. Ar deireadh, mar sin, tá tús maith curtha leis an phictiúr áirithe seo de Che Guevara, beidh le feiceáil an dtabharfar scéal níos iomláine i gCuid a Dó.


FOCAIl tomaí ó conghaile

australia Baz Luhrmann, 12A Agus é ag tabhairt faoin scannán seo, chuir an stiúrthóir Baz Luhrmann roimhe saothar eipiciúil lonnaithe ina thír dhúchais a chruthú, agus d’éirigh thar barr leis an sprioc sin a bhaint amach. Ach ní hamháin go bhfuil Australia lonnaithe san Astráil, baineann scéal agus raon an scannáin le brí agus eispéireas na háite féin - is é sin go bhfuil sé mór, gur meascán é agus gur féidir tú féin a chailliúint ann go furasta. Titeann an t-aicsean uilig amach sa Chríoch Thuaidh ag tús an Dara Cogadh Domhanda nuair a thagann uaslathaí Sasanach, Lady Sarah Ashley (Nicole Kidman), in oidhreacht ar stáisiún ollmhór eallaí i ndiaidh gur dúnmharaíodh a fear céile. Cuirtear an locht ar na Bundúchasaigh áitiúla ach, i ndáiríre, b’oibrithe de chuid cheannasaí mór eallaí a rinne an beart. Chun lámha an cheannasaí, King Carney (Brian Adams), a choinneáil ar shiúl óna talamh féin, ní mór do Lady Ashley cuidiú a fháil ón Drover (Hugh Jackman) 2,000 beithíoch a sheoladh na mílte míle a fhad le Darwin. Agus nuair a éiríonn leo an t-éacht sin a dhéanamh, caithfidh siad déileáil

hhhhh le haerbhuamáil ó fhórsaí na Seapáine a bhí tar éis Cuan Pearl a ionsaí cúpla mí roimhe. Is scannán fánach é mar sin a chlúdaíonn cuid mhór agus atá beagán míréalaíoch dá bharr. Tá gearáin déanta ag criticeoirí éagsúla faoin iliomad cliché Astrálach atá ann agus nach dtugann sé léiriú cruinn ar an tír ach, cé go bhfuil cuid den cheart acu, ní hionann sin is a rá nach scannán sultmhar é. Tá draíocht éigin ag baint leis an tírdhreach iontach agus leis an spléachadh a fhaigheann muid ar chultúr dúchasach na tíre. Tá tagairtí cliste ann fosta do scannáin éagsúla ar nós The Wizard of Oz agus cuireann radharc nó dhó Gone With The Wind i gcuimhne duit. In ainneoin nach dtéann Kidman i bhfeidhm ort an oiread sin, tugann Jackman taispeántas cuimsitheach uaidh agus is seoid é Brandon Walters atá i bpáirt an Bhundúchasaigh óig, Nullah. Ní léargas léirsteanach ar an Astráil iomlán atá le fáil in Australia mar sin ach, más mian leat éalú ar feadh cúpla uair an chloig, gheobhaidh tú blas mór taitneamhach ar an talamh ‘thíos faoi’.

www.nosmag.com  19


fógra

Fíbín ar an mbóthar T

á na puipeadóirí ag Fíbín ar ais ar an mbóthar arís agus an tEarrach seo beidh siad ag cur na drámaí An Cearrbhach Mac Cába agus Fiche Bliain ag Fás i láthair ar fud na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Fíbín drámaíocht den scoth a chur ar fáil do scoileanna mar sin beidh deis ag mic léinn atá i mbun staidéir briseadh amach as srianta an tseomra ranga agus tuiscint níos leithne a fháil ar na saothair seo i bhfóram taitneamhach agus greannmhar. Má tá tú ag iarraidh an dá dhráma a fheiceáil ar bhealach nua bríomhar, seo thíos liosta agus dátaí na n-ionad éagsúil: Seanscoil Sailearna, Indreabhán,

Connamara 091 505855 Céad 14 Aoine 16 Eanáir Briery Gap, Maigh Chromtha, Co. Chorcaigh 026 41793 Luan 19 - Aoine 23 Eanáir Friars Gate Cill Mocheallóg, Luimneach 063 98727 Luan 26 - Aoine 30 Eanáir Iontas, Baile na Lorgan, Co Muineahcáin 042 9753400 Luan 2 - Céad 4 Feabhra Tuar Ard Arts Centre, Móta, Co. na hIarmhí 0906482042 Luan 9 - Aoine 13 Feabhra Port Láirge, Garter Lane Arts Centre 051855038 Luan 23 - Máirt 24 Feabhra Loch Garmáin, Wexford Arts Centre 0539123764 Déardaoin 26 – Aoine 27 Feabhra

An Cearrbhach Mac Cába Fiche Bliain ag Fás

20  www.nosmag.com

Axis Arts Centre, Baile Muna, Baile Átha Cliath 01 8832100 Luan 2 - Aoine 6 Márta Dubhlann, Gaillimh 091569777 Máirt 10 - Aoine 13 Márta Watergate, Cill Chainnigh 0567761674 Céad 18 - Aoine 20 Márta An Grianán, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall 0749120777 Luan 23 - Máirt 24 Márta Linen Hall, Caisleán an Bharraigh 094 9023733 Luan 30 - Aoine 3 Aibreán Bíonn dhá sheó ann in aghaidh an lae - ceann ag 10.30rn agus ceann ag 1.30in - agus tá €10 ar na ticéid. Breis eolais le fáil ón suíomh idirlín www.fibin.com


dh a l o a r h Podc íne l r a e s Foin anois… se.ie in www.fo

Príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge


teicneolaĂ­ocht


FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa

Dell Latitude E6400 Ríomhaire Glúine

T

Costas iomlán: ¤1,431

á rudaí suimiúla ar siúl ag Mícheál agus a chairde trasna ag Dell. Nílimid ag rá nár tháirg siad ríomhairí deasa i gcónaí, ach le déanaí is cosúil go bhfuil an lucht dearaidh ag obair rud beag níos mó ná mar a d’oibrigh siad riamh cheana. Féach raon an XPS, mar shampla. Nílimid iomlán cinnte faoin gceann mór 17”, ach tá an M1330 agus an M1530, ag 13.3” agus 15.4” faoi seach, gleoite amach ‘s amach. Tá an stíl chéanna le feiscint sa réimse ‘Studio’, atá níos saoire, chomh maith. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil an ‘E-series’, mar a ghlaoitear ar an raon ríomhairí glúine gnó, chomh háilinn céanna. Bheadh an ríomhaire seo sa bhaile i gcruinniú de chuid Mhíchíl féin, ach ní bheadh sé as áit thíos in Starbucks ach oiread, i measc na MacBooks agus Sonys srl. Sula bhfuaireamar ár lámha air, ní rabhamar iontach cinnte faoi. Cén fáth a roghnódh duine ar bith an ríomhaire seo thar an XPS M1530, mar shampla? Ní hamháin go bhfuil an M1530 níos saoire, ach deirfeadh mórán go bhfuil cuma níos

SONRAÍOCHTAÍ • Intel Core2 Duo P8400 • 2GB 800MHz DDR2 RAM • 160GB SATA • 8x DVDRW • Dell WLAN mionchárta • Cárta Bluetooth Dell 370 • Nvidia Quadro NVS 160M, 256MB • Canaire 6 chill LI-ION • Ceamara gréasáin 0.3MP • 14.1” WXGA (1440x900)

deise air. Tá go leor cúiseanna go roghnófá an E6400 áfach: tá scáileán deas aige; tá méarchlár deas aige agus, mar atá thuasluaite, tá cuma iontach deas air. Tá cadhnra den scoth aige freisin – suas go ceithre huaire an chloig leis an ngnáthchadhnra nó, dar le Dell, suas go 19 uair an chloig leis na canairí móra breise. An locht is mó air, is dócha, ná an praghas – bhí costas timpeall ¤1400 ar an leagan ar fhéachamar air. Is maith an rud é gur léir láithreach cá bhfuil an

hhhhh t-airgead imithe, mar sin. Tá caighdeán na déantóireachta le mothú go soiléir nuair a leagan tú lámh air, agus cé is moite de Norton Internet Security tá sé gan bruscar na mbogearraí a thruaillíonn mórán ríomhairí nua as an mbosca. Quadro NVS de chuid Nvidia a sholáthraíonn na grafaicí agus - cé nach bhfuil sé díreach ar chomhchéim le leithéidí an 8600M atá á tháirgeadh ag Nvidia na laethanta seo - rachaidh sé srón le srón leis an 9400M atá sa réimse nua MacBook. Más cluichí atá mar thosaíocht agat, ní féidir é a mholadh ach chun cluiche éadrom a imirt anois ‘s arís déanfaidh sé an jab. Maidir le hionchur/aischur, tá na sonraí díreacha ar clé, ach is fiú buaic amháin a lua ar aon nós - DisplayPort ar chúl. Is éard atá ann ná caighdeán oscailte atá le háit DVI (Digital Visual Interface) a ghlacadh am éigin sna blianta amach romhainn. Ó thaobh na teicneolaíochta de, tá sé níos fearr ná DVI, agus, ó thaobh na déantúsóirí de, tá sé gan aon chostas ceadúnais. Ónár dtaobhsa, tá an nasc féin i bhfad níos deise ná na cinn mhóra amscaí atá ann do DVI, VGA agus SCART – agus go bunúsach sin an méid ar gá bheith buartha faoi. Ní fios cathain a thiocfaidh geallúint Dell faoi uileláithreacht DisplayPort chun cinn ach is deas a fheiscint go bhfuil sé amuigh sa domhan mór anois. Más ríomhaire saor atá á lorg agat, ní hé seo an ríomhaire duit. Má tá cúpla punt agat, áfach, agus más mian leat ríomhaire a cheannach a chuireann tic i ngach aon bhosca, nach mór, idir stíl, cumhacht, scáileán agus cadhnra, d’fhéadfá i bhfad níos measa a aimsiú ná an E6400.

*

www.nosmag.com  23


teic

FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa

ROGHA na píoráideachta

I

s aisteach uaireanta na háiteanna agus na hamantaí a ndéantar argóintí nach bhfuil aon bhrí leo. An lá faoi dheireadh, agus mé ag baint taitnimh as saoire na Nollag agus chuile rud a théann leis, bhrúigh mé ar nasc agus go tobann bhíos ag féachaint ar chartún. Bhí an cartún feicthe agam cheana, ach an uair seo bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh ar an gcolún seo. Bhí mé ag iarraidh pointe a dhéanamh faoi phíoráideacht agus an troid idir leithéidí piratebay agus an Recording Industry Association of America (RIAA).

Níl a fhios agam an rud maith nó olc é, ach bhí an pointe a bhíos ag iarraidh déanamh díreach ar an scáileán os mo chomhair. Tá sé ar fáil ag xkcd. com/488 más mian leat féachaint air, agus tá pé duine atá taobh thiar de xkcd i ndiaidh argóint a dhéanamh nach féidir a shéanadh – más mian leat ceol a íoslódáil nach gcaillfidh tú nuair a cheannaíonn tú ríomhaire nua, nó nuair a théann an gnó a sholáthair duit é as feidhm, níl aon rogha ach an rogha ‘bhradach’: píoráideacht. Anois níl sé seo go hiomlán fíor a thuilleadh – tá

amazon anois ag díol ceoil gan DRM, agus, mar a deirfeadh múinteoir a bhí agam cúpla bliain ó shin, “Tá an comhlacht sin le moladh”. Ach, a Mháistir, níl an tseirbhís ar fáil in Éirinn go fóill. Fágann sé sin cúpla rogha. iTunes is mó cáil dóibh sin, ach an mian leat, i ndáiríre, tacaíocht a thabhairt do chomhlacht a shíleann gur pribhléid é bheith ábalta do cheol a sheinnt ar sheinnteoir nach iPod é, agus a ghearrann táille sa bhreis dá bharr? Conas nach dtuigeann lucht an ghnó cheoil atá ar siúl acu? Trí iarracht a dhéanamh stop a chur le píoráideacht,

Liosta na míosa – comhroghanna iTunes Más duine tú a bhaineann úsáid as Apple OSX, ní thuigfidh tú an oiread deacrachtaí a chothaíonn iTunes dúinéirí iPodanna atá ag baint úsáid as Windows. Chun na daoine úda a thabhairt slán ón fhaopach, seo chugaibh trí chlár ar féidir a úsáid in áit iTunes. Bain trial astu, agus abair linn conas a d’éirigh libh.

24  www.nosmag.com

1. Foobar2000 – Éadrom, sciopfaidh, so-aistrithe – gach rud nach bhfuil iTunes. Ar fail ó www. foobar2000.org 2. Winamp – Beagnach chomh sean leis an idirlíon féin, tá winamp mar shin-seanathair ar aon seinnteoir ceoil eile atá fós beo. Níl sé an-dathúil ach déanann sé an jab chomh maith le héinne. www.winamp.com

tá siad ag cur brú ar dhaoine díreach sin a dhéanamh. D’fhéadfainn dul ar aghaidh, ach an fiú? Níl aon seirbhís a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil gan locht, agus den chuid is mó tá an rogha ar mian leo muid a threorú uaithi i bhfad níos fearr. Cad go díreach atá cearr le lucht an cheoil? Conas nach bhfeiceann siad gur iad féin is cúis le mórán den phíoráideacht atá ar siúl? Agus cén fáth nach ndéanann siad aithris ar na seirbhísí ‘dána’ úda? Lá éigin b’fhéidir go dtuigfidh mé atá ar siúl acu...

3. YamiPod – ritheann ón iPod féin. Breis eolas agus íoslódáil ó www. yamipod.com N.B. Mar aon le gach moladh a thugaimid anseo ar nós*, ní ghlacaimid aon fhreagracht as aon tubaiste a thagann as an úsáid a bhaineann tú as na cláir thuasluaite, idir tine, bás, crith talún, cailliúint ceoil nó eile.


chrome Brabhsálaí Idirlín

O

hhhhh

Saor in aisce ó www.google.com/chrome

llscoil Stanford, 1995; beirt ar tí an domhan a athrú, agus cad atá ar siúl acu? Tá scéal fadálach ag Google ar a suíomh faoi, ach ar shlí is cuma cad go díreach a thit amach an lá úd. Pé rud ar tharla nó a dúradh, Google a shíolraigh uaidh agus... bhuel, níl ár ndlíodóirí seafóideach a dhóthain le go ligfidís dúinn a rá go bhfuil Google ag déanamh iarracht Microsoft a scriosadh, ach tá rudaí ar bun a thabharfadh a leithéid le fios, is cinnte. Sea, tá $20 billiún sa bhanc ag Microsoft, ach ní hé sin le rá go bhfuil siad slán sábháilte in aon chor. Tá rudaí aisteacha ag teacht ó Sunnyvale le déanaí, agus muna bhfuil lucht Redmond buartha tá rud éigin anchearr leo. Amharc ar atá foilsithe ag Google le cúpla bliain anuas: Google Search, in iomaíocht le MSN; Gmail, atá in iomaíocht le Hotmail; Android, atá in iomaíocht le Windows Mobile; Apps, atá in iomaíocht le Office. Agus ansin, i Meán Fómhair 2008, shleamhnaigh cartún amach luath ó oifigí Google agus ní raibh rogha acu ach an chéad chéim eile ar an mbóthar i dtreo ollsmachta a fhógairt - Chrome a ghlaoitear air agus is brabhsálaí idirlín é atá ag dul in iomaíocht le Firefox agus Internet Explorer. Bhí tús aisteach ag Chrome, caithfear admháil, é sin de thoradh bheith mar pháiste Google. Chualamar, ar dtús, cé chomh hiontach is a bhí sé. Bhí iontas ar chách nuair a chonaic siad an luas a bhí aige, an fuadar a bhí faoi agus é ag aimsiú an chéad leathnach eile a bhí uait. Cúpla lá níos déanaí áfach, thosaigh rudaí eile ag teacht chun cinn. Rinne daoine dearmad, is cosúil, gur leagan Beta a bhí anseo. Thosaigh gearrán faoin gcórás slándála a bhí ann, ag rá go raibh Chrome chun eolas faoi do chuntas bainc a thabhairt do sceimhlitheoirí.

Sea, bhí tú chun foirgnimh a leagadh trí Chrome a úsáid! Dúradar, na tráchtairí idirlín údaí, go raibh Google freisin ag glacadh seilbhe ar d’anam nuair a d’aontaigh tú leis an EULA - nó rud éigin dá leithéid. Ar aon nós, tá an dusta i ndiaidh titim chun talúin arís, agus is féidir linn iarracht a dhéanamh anois meastúchán cóir a dhéanamh ar Chrome. I ndiaidh na baothchainte uilig, an bhfuil maitheas ar bith ag baint leis an iarracht atá déanta acu? Gan mórán eile a rá, is féidir glacadh leis, go cinnte, go bhfuil maitheas ag baint leis. Ní hamháin sin, ach tá mórán i Chrome atá níos fearr ná ceachtar den phéire atá i bhfeighil an mhargaidh faoi láthair. Tá sé, mar shampla, beagán níos sciobtha ná Firefox nó IE. Tá an comhéadan úsáideora níos glaine freisin, rud a chialaíonn go mothaíonn do scáileán

“Tá rudaí sa bhreis aige chomh maith, Incognito Mode, mar shampla, a ligeann duit surfáil gan rud ar bith a shábháil i stair an ríomhaire. Iontach maith más mian leat dul, ahem, ‘ag siopadóireacht’ faoi rún.”

mórán níos mó ná mar a mhothaíonn sé agus an dá cheann eile in úsáid agat. Tá rudaí sa bhreis aige chomh maith, ‘Incognito Mode’, mar shampla, a ligeann duit surfáil gan rud ar bith a shábháil i stair an ríomhaire. Iontach maith más mian leat dul, ahem, “ag siopadóireacht” faoi rún. Nó a leithéid. I gcodarsnacht le Firefox, níl comhphobal ann ag cothú breiseáin go fóill beag, ach deirtear linn go bhfuil obair ar siúl lena leithéid a chur ar bun. Agus cé go bhfuil ceist éigin ann faoin tslándáil, réiteofar sin, níl mórán dabht. Cheana féin, tá na fadhbanna a bhí ann leis an EULA glanta amach acu, agus leithscéal caoiseach réasúnta soláthraithe chomh maith. Fadhb amháin atá ag Google leis seo, áfach, ná nach bhfuileadar ábalta dul in iomaíocht i gceart le Microsoft agus Internet Explorer. An chúis, dar ndóigh, ná go bhfuil smacht ag Microsoft ar Windows, agus tá iliomad daoine amuigh ansin a ghlacfaidh le pé rud a thagann ar an ríomhaire - faoi láthair, dar ndóigh, is é sin Windows agus IE. In ainneoin nach bhfuil Chrome tagtha as Beta ach le déanaí, tá sé cheana féin ar aon dul leis an dá mhór-iomatheoir eile atá sa mhargadh. Tá achar fada le dul go fóill, ach táimse ag ceapadh go bhfuil táirge eile ag Google anois a chabhróidh go mór leo amach anseo. An t-aon cheist atá fágtha ná: cén uair a rachaidh siad díreach in iomaíocht le Windows? Go luath, atá á rá againn, agus má tá sé ar aon dul le Chrome bheinn buartha, dá mbeimid i mbróga Microsoft. Toisc gur i bhfad ó shuíocháin chumhachta Microsoft atá muid, áfach, tá sceitimíní an domhain orainn. Cuimhnigh gur anseo a chuala tú ar dtús é.

*

www.nosmag.com  25


teic

nuacht Kindle Ar bharr liosta Amazon.com ó thaobh díolacháin de, tá an Kindle chun chuile rud a athrú - is leabhar é, ach is leabhar leictreonach é! Thaithin sé le Oprah Winfrey, ach ní deir sé sin mórán linn. Tá súil againn deis bheith againn féachaint air chomh luath is a thrasnaíonn sé an t-aigéan mór ach, idir an dá linn, is leor go ndeirtear linn nach dtuirsíonn sé do shúile agus gur féidir é a léamh amuigh faoin ngrian. So, cosúil le leabhar, ach le breis leabhar, i ndáiríre. Microsoft Zune - Y2K déanach Ar oíche chinn bliana thosaigh na scéalta - ar nós rud a tharlódh i ndroch-scannán áiféise. Theip ar gach Zune 30GB ar domhan ach, go tobann, thosaigh siad ag obair 24 uair an chloig níos déanaí. Fadhb éigin leis an 366ú lá sa bhliain, a deir Microsoft. Fadhb éigin iontach greannmhar, a deir muidne. Agus is cosúil go mbeidh sé deisithe roimh 2012, so má tá Zune agat ná bí buartha - faoi sin, ar aon nós. Deartháirín don i-Phone? Sular chualamar faoin i-Phone ó Apple, chualamar faoin i-Phone ó nach mór chuile dhuine eile ar domhan. Anois, más féidir linn brath ar fhocal an idirlín, tá i-Phone Nano ag druidim linn. An t-aon fhadhb a fheicimid leis sin, áfach, ná nach n-oibreodh coincheap an i-Phone dá mbeadh an scáileán

26  www.nosmag.com

níos lú. Níl aon fhocal ó Apple, ach coimeadfaimid súil air, is cinnte. Dea-scéal ón tríú domhan Ar deireadh, cloisimid deascéal faoin saol sa tríú domhan, a bhuíochas sin don ollamh Joshua Silver ó Ollscoil Oxford. Gnáth-spéaclaí, gearrtar an lionsa chun cumhacht faoi leith a chur ar fáil, agus is córás breá é sin dúinne – déanaimid ordú, fanaimid cúpla lá, tagann siad ón monarcha, tá chuile dhuine sásta. Sa tríú domhan, áfach, níl monarchan ina luí timpeall ag fanacht ar orduithe do spéaclaí saoire, agus mar gheall air sin cruthaíodh na spéaclaí seo, ar féidir iad a thiúnáil. Tá leacht taobh istigh ar féidir baint píosa ar phíosa, agus cumhacht faoi leith a fháil sa lionsa dá réir. Níl dabht ach go bhfuilimid ag maireachtáil sa todhchaí, ach spéaclaí a thiúnáil? Ar fheabhas ar fad, agus ard-mholadh ag dul don ollamh úd. An-jab Josh!

GIUIRLÉIDÍ GLEOITE: An Kindle ó Amazon, an Telsa Roadser agus, thíos, Zune de chuid Microsoft ar bhain fadhb leis ar Oíche na Sean-Bhliana


Tesla Roadster Más cuimhin leat do chuid pearsana fisice ón ard-teist, beidh a fhios agat cá bhfuilimid ag dul leis seo, muna bhfuil, cuimhnigh air seo: 0-60 faoi bhun 4 soicind. 248bHP.

Agus cúpla cadhnra. Sea, a chairde, an chéad roadster leictreach, agus ainm Nikola Tesla air. Ó, agus bunaithe ar an Lotus Elise chomh maith. An bhfuil aon dabht ach go mbeidh sé deas le tiomáint? Ní fios an dtabharfaidh siad ceann ar iasacht dúinn nuair a théann siad ar díol san Eoraip, ach táimid ag súil leis cheana…

www.nosmag.com  27


beatha


sean-nós*

leis an seanduine liath

D

ia daoibh, a óige na hÉireann, agus cén treo ina bhfuil sé ar crochadh? Is dócha nach mbeidh aithne ag an mhórchuid agaibh orm, mar ní léann daoine óga leabhair níos mó. Sibh róghnóthach ag cur amach bhur gcuid éadaí nite ar an idirlíon, nó ag iarraidh an tax a ghearrtar oraibh a oibriú amach ar na háireamháin láimhe a mbíonn sibh ag fútráil leo i gcónaí. Is mise an Seanduine Liath, carachtar a d’éalaigh ó úrscéal de chuid Myles na gCopaleen. Gabhaigí agus léigí an leabhar anois muna bhfuil sé léite agaibh; An Béal Bocht an teideal atá air. Ach ní dhéanfaidh sibh sin, ar ndóigh. Ní dhéanann an t-aos óg rud ar bith a deirtear leo a dhéanamh. Easnamh taithí ar a bheith in arm is cúis leis, agus gan cleachtadh ar bith oraibh orduithe a ghlacadh agus a chomlíonadh. Sin torthaí phróiseas na síochána duit, go bhfóire Dia orainn! Ach éist, níor chuala mé aon trácht sna meáin gur scoireadh Na Fianna go fóill; b’fhéidir go bhfuil seans agaibh mar sin cúpla ceacht míleata a fhoghlaim san eagraíocht sin.

Is iomaí athrú ar an saol a mhothaigh mé ó d’éalaigh mé ón leabhar sin, agus tá athrú aeráide na hÉireann ar an cheann is suntasaí acu. Fáiltím leis an athrú seo, mar ciallaíonn sé go mbíonn ainnireacha leathnochta ag siúl na sráideanna, is cuma cén t-am den bhliain é. Nuair a bhí mise i m’ógduine liath, ní fheicfeá craiceann nocht ach amháin sa samhradh, má bhí an t-ádh ort. Ach anois, fiú ag an am seo den bhliain, is beag cailín a théann tharam sa suíochán is fearr i gcaifé sráide taobh thiar de Shráid Grafton nach mbíonn féirín beag aici dom; gualainn gheal; cos tánaí a théann an bealach uilig go dtí an talamh; fiú, mar a dúirt Cú Chualainn le hEmer tráth, “feicim tír mhilis; thiocfadh liom mo chlaíomh a chur ansin”. Agus thiocfadh fosta, ach, mo nuar, tá an claíomh céanna as feidhm leis na cianta. Is dócha go bhfuil mé róshean le go mbeadh tionchar ag an téamh domhanda seo ormsa, mar bím chomh fuar agus a bhínn riamh sa gheimreadh, cóta mór fada á chaitheamh agam agus mé i mo shuí taobh amuigh ag

amharc ar na cailíní ag dul thart, na lámha á gcroitheadh agam istigh sna pócaí leis an fhuil a choinneáil ag imshruthú iontu. Ar fháth éigin, tá an freastalaí i ndiaidh ordú dom bogadh ar aghaidh go háit éigin eile… Ní bhíonn an tsuim chéanna agam, ar chúinsí creidimh is claonta, sna hógánaigh a shiúlann tharam ar an tsráid, ach tugaim faoi deara go mbíonn siadsan lán chomh te is a bhíonn na mná óga, fiú agus gaotha garbha an gheimridh ag dul sna cnámha agam. Seans go raibh dul amú orm níos luaithe maidir le heaspa taithí ar an saol míleata, mar bíonn éide áirithe á gcaitheamh ag na buachaillí seo, léine den déanamh céanna orthu uilig lena bhféiniúlacht a chur in iúl. Ní fhaca mé bréidín, ná caipín, ná bástcóta le blianta, agus sáraíonn sé orm, in éagmais phóca an bhástcóta, cá gcuireann na leaideanna seo a gcuid píopaí agus tobac. Cé go bhfuil cuma fholláin ar an chuid is mó de na daoine óga a mbím ag cúléisteacht orthu, mo nuar, bíonn siad tinn an chuid is mó den am. Is minic a chluinim iad ag caint faoi na piollaí a ghlac siad, nó atá siad ar tí a ghlacadh, agus uair nó dhó chonaic mé créatúr bocht a raibh air instealladh a thabhairt dó féin síos lána, cibé cén tinneas tobann a bhuail é. Rinne mé iarracht otharcharr a fháil do dhuine acu ach ní raibh mé in ann guthán poiblí a aimsiú. Ar an dea-uair, tháinig mé ar bheirt Ghardaí, is ba bheag nár rith siad go dtí an lána nuair a chuir mé ar an eolas iad, bhí fonn chomh mór sin orthu cuidiú leis an fhear bhocht. Níos mó uaim ar an ábhar seo amach anseo, muna maraíonn an téamh domhanda seo mé lena fhuacht.

*

COSA TEO: Is iomaí rud atá tugtha faoi deara ag an Seanduine Liath le déanaí

www.nosmag.com  29


beatha

Cé atá Ag faire ort? C

ártaí aitheantais, CCTV agus faireachas leictreonach; is iomaí dóigh atá ag an rialtas súil a choinneáil orainn go léir, ach an bhfuil barraíocht cumhachta ag ‘Deartháir Mór’ sa lá atá inniu ann? Creidtear, i gcathair cosúil le Baile Átha Cliath, go mbeirtear ar an ghnáthdhuine 300 uair ag CCTV (nó TCI, Teilifís Chiorcaid Iata) in aghaidh an lae amháin. Samhlaigh mar sin, ar an bhealach chun na hoibre, ag siopadóireacht sa chathair, nó ar dháta le do ghrá geal, beidh tú i gcónaí faoi scáth an fhaireachais. Deir na cumhachtaí móra go ndéanann ceamaraí TCI cosaint in éadan gadaíochta,

30  www.nosmag.com

coir fhoréigneach agus bruscar - i gcathracha áirithe san Eoraip tá ceamaraí a thugann íde béil do chiontóirí fiú! Ach caidé faoi chearta s’againn? Nach bhfuil príobháideachas níos tábhachtaí? Dar le criticeoirí, is féidir leis an rialtas tuairisc a choinneáil orainn ar fad, ag taifeadadh ár gcuid gluaiseachtaí trí TCI nó, níos measa arís, ár gcuid cártaí creidmheasa. Déantar taifead gach uair a íocann muid le plaisteach, agus sa domhan seo ina dhiaidh 9/11, ní bhíonn stró ar bith ag na póilíní na taifid siúd a fheiceáil. Ciallaíonn seo gur féidir

“Creidtear, i gcathair cosúil le Baile Átha Cliath, go mbeirtear ar an ghnáthdhuine 300 uair in aghaidh an lae ag cctv/TCI.” a rá go furasta cén áit a raibh tú go díreach ag cén t-am; i bhfocail George Orwell ón úrscéal iontach ‘1984’, “Tá Deartháir Mór ag faire ort.” Is mar gheall ar sceimhlitheoireacht, dar leis an rialtas, go bhfuil an oiread sin socruithe cosanta de dhíth san aois seo. Leoga, buíochas le ‘Acht an Tírghráthóra’ (nó ‘Patriot Act’), is féidir le seirbhís rúnda SAM éisteacht le scairteanna guthán, ríomhphost a léamh

agus uimhreacha cártaí creidmheasa a bhailiú “leis an náisiún a aontú agus a neartú”. B’ábhar conspóideach é cártaí aitheantais sa Bhreatain nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag páirtí an lucht oibre ceann bheith ag gach aon saoránach. Cárta ar a mbeadh méarloirg, grianghraf agus scan súile sábháilte air a bhí i gceist, ach theip ar na pleananna nuair a labhair grúpaí cearta sibhialta ar nós


FOCAIl cillian de búrca

“Is oll-tonn í Aill na Searrach, atá gar d’Aillte an Mhothair, agus tagann surfálaithe as gach cearn, ó Mheiriceá go dtí na Fritríotha, le triail a bhaint asti.”

‘Liberty’ amach faoi. Níor cuireadh chun báis ar fad iad áfach, tá sé tagtha chun tosaigh go mbeidh ar imircigh cárta bheith acu má tá siad ag iarraidh fanacht sa tír. Ach ní hé an stát amháin a bhíonn ag amharc orainn. Fágtar fianáin (cookies) ar ár ríomhairí achan uair a thugann muid cuairt ar shuíomh idirlín a dhéanann taifead de caidé atá á cheannach againn, ag lorg agus ag amharc air.

Úsáideann comhlachtaí an t-eolas seo le fáil amach fúinn, a gcuid custaiméirí, i ngan fhios dúinn féin. Ach níor cheart dúinn gearán ar chor ar bith, dar le go leor daoine, nuair atá roinnt mhaith againn sásta ár saol pearsanta a fhoilsiú ar shuímh líonraithe cosúil le Bebo agus MySpace. Bíonn gach rud ó áit chónaithe go haois agus grianghrafanna pearsanta ar fáil do dhuine ar bith

muna mbíonn an próifíl príobháideach; in amanna ní chaithfidh tú ach ainm an duine a ghoogláil agus preabfaidh sé aníos. Mar sin, caidé is féidir linn a dhéanamh má tá muid buartha faoin stát póilíneach? Bhuel, chan mórán, a dearfaidh go leor, mar is í an fhírinne ná go gcaithfidh muid glacadh le cuid mhaith de na socruithe seo ós rud é gur dlí na tíre é. Ach deirtear linn gan

barraíocht eolais a thabhairt amach ar an idirlíon más féidir, agus le bheith airdeallach faoi ghrúpa ar bith a bhíonn ag lorg sonraí pearsanta uait. Cá bhfios cén cineál modhanna faireachais eile atá romhainn sa todhchaí, ach cheana féin tá teicneolaíocht á forbairt ag ‘Deartháir Mór’ a aithneoidh aghaidh Thadhg an mhargaidh go díreach ó íomhánna TCI agus ag súil síos an tsráid... coinnigh súil ar an spás seo.

*

www.nosmag.com  31


english

The Token

THE page of the english language community in ireland CLASSES English Language classes are available in all major towns and cities in Ireland. In addition to eductional institutions, the following organisations also provide nationwide classes in the language; The English League, The National English Language Congress and English Voice. Just call into any branch to meet likeminded individuals and other enthusiasts.

COMMUNITY ACTION COMMUNITY, the umbrella organisation of the English Language community in Ireland, has called for English only road signs in Dublin South, Donegal East and An Daingean. A spokesperson for the organisation said that over 300 people attended recent demonstrations in Derry and Dungarvan to voice their support for the signage change. However, state news services, who were not actually present at the demonstrations, reported attendances of over 18,000.

Bobbing along... A

lthough sledding on snow or ice had been popular in many northern countries, bobsleighing is a relatively modern sport. It originates from two crestas (skeleton sleds) being attached together with a board and a steering mechanism being attached to the front one. English tourists were crossed with the successful marketing and vision of hotelman Caspar Badrutt in the mineral spa town of St Moritz, Switzerland. Badrutt had recently successfully ‘sold’ the idea of ‘winter resorting’ to some of his English regulars using a wager as bait as he was annoyed with a four month long season for the rooms, food, alcohol and activities he sold. A year or two later some of his more adventuresome English guests began adapting boys delivery sleds for recreation, they also began colliding with pedestrians whilst speeding down the village’s lanes and alleys. This had both short, and long-term outcomes: in the short term the guests

began to scheme about and invent ‘steering means’ into the sleds, which became the head-first skeleton, luge, and bobsleighs (Bobsleds). As for the longterm effects, after a couple more years of happy pedestrian peril, Badrutt built them a special track for their activities - the world’s first natural ice half-pipe in about 1870. It is still in operation today and has served as a host track during two winter olympics. The first

informal races were run on snow-covered roads, with the opening of formal competition in 1884 at St. Moritz. The first club was formed in 1897, and the Fédération Internationale de Bobsleigh et de Tobogganing (FIBT) was founded in 1923. Bobsleighing has developed over the years and is now a popular winter and Olympic sport, especially in very cold places. Tá leagan den alt iontach seo le léamh ar Wikipedia

PROVERB: “A rolling stone gathers no moss” Is seanfhocal Béarla é seo a chuireann síos ar an mbealach nach mbíonn aon chaonach ar chlocha a bhíonn ag rolladh ar aghaidh gan stad.

32  www.nosmag.com

Is í an chiall atá leis ná níor cheart duit dul amach faoin ghrian gan lumpa mór caonaigh a chur ar do chloigeann roimhe ré. Ná habair nár dhúirt muid leat!


an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE

G DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA AR REIC ag teacht chugat arís go luath...

www.bebo.com/angspota


i gcló 34  www.nosmag.com


FOCAIl FRAINC MAC CIONNAITH

BALOR An tSnáthaid Mhór Balor is teideal don phictiúrleabhar is úra ó An tSnáthaid Mhór, na foilsitheoirí a chuir Gaiscíoch na Beilte Uaine i gcló dhá bhliain ó shin. Agus a fheabhas a bhí an chéad leabhar sin, tá sé sáraithe acu leis an éacht seo. Idir léaráidí iontacha, ardchaighdeán an scéil, saibhreas na Gaeilge agus an pléisiúr a bhaineann leis an phacáiste iomlán, fágfaidh sé fanacht fhada ag aon léitheoir theacht ar leabhar chomh sultmhar céanna. Is iad na léaráidí a sheasann amach leis an chéad spléachadh ar leathaigh an leabhair seo. Tá eachtraí an scéil léirithe i bpictiúr ildathach, mionsonrach, a rinneadh le han-chúram agus a léiríonn dúil don scéalaíocht agus dúil do cheird na healaíne. Tugann léaráidí Andrew Whitson beocht d’fhocail agus do charachtair an scéil. Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go bhfuil bua na scéalaíochta ag imeacht in éag ach tá scil na samhlaíochta ag imeacht leis. Cuidíonn na léaráidí seo rud leis an léitheoir iomlán an scéil a fheiceáil le súile a shamhlaíochta féin. Déanann an scéal é féin cur síos dílis, dúchasach ar a tharla idir Tuatha

Dé Danann agus na Fomhóraigh, Lúgh Lámhfhada agus Balor. Is scéal é atá lán le draíodóireacht, le cleasaíocht, le cathanna agus cogadh. Agus mé ag léamh an téacs seo, mothaím arís guth gach seanchaí a chuala mé riamh sa Ghaeltacht ag gabháil scéil. Tá insint Caitríona Hastings ar na heachtraí sna leathnaigh seo ag teacht le traidisiún na scéalaíochta mar a bhí leis na céadta, idir rithim, foclóireacht, comhréir agus íomháineachas, tá an téacs dílis do thraidisiún an bhéaloidis. Is áis iontach é an leabhar seo chomh

maith don té ar mhaith leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Ar cúl an leabhair tá DVD ar a bhfuil agusíní deasa ag dul leis. Is féidir éisteacht le hiomlán an scéil á léamh ag Donáll Mac Giolla Chóill agus tá gearrscannán ar dhéanamh na léaráidí. Léirítear go bhfuil bua na scéalaíochta fós beo le foilsiú an leabhair seo agus tá ardchaighdeán á leagan síos chomh maith ar mhaisiú leabhar. Cuireann Balor saibhreas an bhéaloidis á chur ar fáil do ghlún úr arís i bhfoirm an-snasta.

www.nosmag.com  35


faisean agus scéimh

36  www.nosmag.com


FOCAIl sinéad ní churnáin

suíomhanna stíle Go bhfóire dia orainn, tá na sladmhargaí tosnaithe arís - an mbíonn aon stop leo? Tá a fhios againn go mba choir dúinn bheith ag sábháil faoi láthair ach anois agus arís níl aon dul as ach dul ag siopadóireacht. Ní gá dul amach faoin mbaile mór áfach, fan istigh

agus bí té teolaí, cas ar siúl an ríomhaire agus déan do chuid siopadóireachta ar an idirlíon. Seo thíos cuid de na suímh idirlín is fearr atá ag cur rudaí maithe ar fáil ar phraghsanna réasúnta i láthair na huaire. Rabhadh: gearr suas do chárta creidmheasa anois!

www.my-wardrobe.com Tá seodra deasa le fáil anseo, fáinní, bráisléidí agus slabhraí mar aon le héadaí. Tá lascaine mhaith ar fáil anseo agus anois go bhfuil an Punt Sterling geall leis cothrom leis an Euro ní gá bheith buartha go bhfuil tú ag caitheamh an iomarca airgid, yeah!

www.brownsfashion.com Má tá sibh ag lorg éadaí ó dhearthóirí móra le rá, tábhair turas ar an suíomh seo. Tá bríste, gúnaí, seodra bréige, casóga, bróga agus rudaí eile áille le fáil. Go hiondúil, bíonn na hearraí seo daor go leor le ceannach mar sin is fiú iad a fháil anois ar phraghas níos ísle fhad is atá na margaí speisialta ag dul ar aghaidh.

www.asos.com Is breá liom an suíomh seo, tá gach aon diabhail rud ar fáil air agus bíonn díolacháin mhaithe leis. Caith do shúil ar éadach American Retro, PPQ, Peoples Market, Manoush, Laura Lees mar aon le brand dá gcuid féin, ASOS. Bíonn seodra álainn acu leis msh Disney Couture, Cc Skye, Dogeared agus Lola Rose.

www.matchesfashion.com Más ag lorg mála ó dhearthóir mór le rá atá tú, téir anseo. Tá málaí áirithe anseo a bhí €700 agus tá siad anois imithe síos go dtí €300.

www.nosmag.com  37


faisean www.net-a-porter.com Tá gach rud le fáil anseo, cótaí, gúnaí áille, t-léinte, bróga, seodra, málaí agus go leor eile. Tá sé ar na suíomhanna is cuimsithí ó thaobh earraí de mar sin is cinnte go bhfuil rud éigin anseo duit.

www.topshop.com In ionad a bheith ag ceannach do chuid éadaí sa siopa faoin mbaile, ceannaigh ar líne iad mar tá siad i bhfad níos saoire agus go minic bíonn siad díolta amach sna siopaí. Faoi láthair tá lámhainní leathair acu ar £25 agus ta siad gleoite. Ní hamháin sin ach tá an siopa féin ag tabhairt lascaine chomh maith. Ní chosnaíonn an post ach £5 - ní faic é sin! Anois níl aon leithscéal agat.

leideanna Eagraigh ‘Swap Party’ le do chairde nó do chomhleacaithe oibre an mhí seo, tábhair isteach aon éadach, bróga nó giuirléidí nach bhfuil tú ag caitheamh nó ag baint úsáide astu níos mó - malartaigh le daoine eile iad agus gheobhaidh tú cúpla rud deas duit féin. Bain trial as Glam Balm wipes le Rodial chun do smidiú a bhaint díot - tá siad go diail, breá tapaidh agus bóg. Tá siad costasach ar £12 ach ní gá ach leathcheann a úsáid. Tá súile Cleopatra go mór i bhfaisean arís, bhí an stíl seo le feiceáil ar an gcairpéad dearg agus ar an catwalk. Bain trial as Fluidline le Mac nó Liquid Liner le Rimmel.

38  www.nosmag.com


nuacht eile Tá sé ráite go bhfuil Amy Winehouse chun éadach a dhearadh do Fred Perry. Beidh le feiceáil cén saghas stíl a thiocfaidh amach as sin! Tá Cheryl Cole chun píosaí a dhearadh do Topshop in éineacht le Kate Moss Bhí stíl an-spéisúil le feiceáil ag Jeremy Scott, bhain siad úsáid as smidiú dubh chun stíl ‘Batman’ nó stíl ‘gadaí’ a thabhairt do na mainicíní - go deas!

CAILÍNÍ FAISIN? Amy Winehouse agus, thuas, Cheryl Cole

www.nosmag.com  39


taisteal


praha maorga

Tรก stair shabhair ag Prรกg. Chuaigh nรณs* ann le fรกil amach conas atรก an chathair inniu...


taisteal

C

ad is féidir a rá faoi chathair chomh clúiteach le Prág? Tá áilleacht agus saibhreas cultúrtha na hÓrchathrach seo clóiste ag cách, agus tá bunús maith leis an iomrá céanna. Suite ar Abhainn an Vltava i lár Phoblacht na Seice, tá Praha mar chroí polaitiúil, cultúrtha agus eacnamaíochta an mhórcheantair thart uirthi le breis agus 1000 bliain agus tá oidhreacht luachmhar le fáil inti dá bharr. Treibheanna Gearmánacha agus Slavacha, Impirí Naofa Rómhánacha, Giúdaigh, Clann Habsburg, Naitsithe agus Cumannaigh - d’fhág siad ar fad a rian ar an chathair agus tá an éagsúlacht le feiceáil ar dhromchlá na

háite féin, ó na spuaiceanna Gotacha agus cruinneacháin Bharócacha go cuannacht Art Nouveau agus foirgnimh chearnógacha an 20ú Céad.

RADHAIRC INSPÉISE Tá cúpla lá, ar a laghad, de dhíth le Prág a fheiceáil mar is ceart. Is é an SeanBhaile an ceannscríbe ag cuid mhór turasóirí agus is é is minic a fheictear ar chártaí poist, le ailtireacht speisialta ar gach sráidín agus ábhar suime ar gach taobh den phríomhchearnóg, Staromestske Namesti. Ina measc seo tá an chlog réalteolaíoch ar SheanHalla na Cathrach agus Eaglais ard Tynsky Chrám.

Ag ceangal an tSeanBhaile leis an Mala Strana gleoite ar bhruach eile an Vltava, tá Karluv Most (Droichead Shéarlais) ón 14ú Céad, ar tarraingt mhór turasóirí é, agus ag amharc anuas ar an chathair uilig tá Caisleán Phrág, an caisleán Meánaoiseach is mó san Eoraip agus áit ar fiú cuairt a thabhairt uirthi ar mhaithe leis an radharc iontach amháin. Ó thaobh na n-ionad eile inspéise, tá ceathrú stairiúil na nGiúdach an-pictiúrtha ar fad agus tá Cearnóg Wenceslas, ar an taobh ó dheas den SeanBhaile, breá bríomhar aon am den lá nó oíche le bialanna, tithe tábhairne agus tramanna Praha ag gluaiseacht tríd. Rud eile a bhíonn le feiceáil minic go leor na laethantha seo sa Chearnóg ná cuairteoirí ar dheireadh seachtaine na muc agus na gcearc ach ní ar thóir Mozart, Dvorák ná Kafka a bhíonn siad de ghnáth, mar sin, is féidir iad a sheachaint más mian leat.

SIAMSA Maidir leis an saol oíche, tá club mór ar Wenceslas darb ainm Duplex a mbíonn idir lucht Praha agus lucht turasóireachta ag tarraingt air agus, gar dó, ar Vodickova, tá club eile, Lucerna, a bhfuil dream óg idirnáisiúnta aige. Tá lear mór beáranna agus bialanna deasa sa SeanBhaile a chuireann bia traidisiúnta ar fáil agus, taobh le Droichead Shéarlais, is féidir gréim agus deoch a fháil in Lavka le linn na hoíche ar fad. Más duine thú a chronaíonn an baile agus tú thar sáile, tá do rogha pubanna Éireannacha ann chomh maith mar sin ní gá dul gan friochadh! Is é cultúr s’acu féin an rud is tarraingtí faoi Phrág áfach agus ní bheidh obair agat imeachtaí a aimsiú in am ar bith den bhliain. Snagcheol go ceolchoirmeacha clasaiceacha, ceol sráide go healaíon fhoirmiúil, tá gach gné cludaithe acu. AN VLTAVA: Abhainn mhór Phrág

42  www.nosmag.com


SAOL NUA Is cathair nua-aoiseach í fosta ar ndóigh agus feictear na sreangshiopaí céanna is a fheictear i mBaile Átha Cliath, Londain nó Nua-Eabhrach. Tá Béarla ag beagnach gach oibrí ann agus, cé go mb’fhéidir go ndéarfaí nach bhfuil cuid de na daoine áitiúla chomh hoscailte le daoine i dtíortha eile san Eoraip, cuirtear fáilte roimh thurasóirí i gcónaí. Agus is iomaí turasóir atá ann. Dá bharr sin, tá siad ann a deir go bhfuil cuid den tsean-draíocht caillte ag Prág - mar atá is dócha ag nach mór gach mórchathair san Eoraip - ach athraíonn cúrsaí le himeacht aimsire agus is fíor go bhfuil a sáith tarraingtí fágtha ag príomhchathair na Seiceach go fóill. Má tá sé i gceist agat, mar sin, am a chaitheamh sa chathair aoibhinn seo agus a buaiceanna speisialta a bhaliseadh duit féin, ní loicfidh Praha ort.

*

DEISEAL: An chlog réalteolaíoch, tram i lár na cathrach agus sean-Skoda, an carr clúiteach Seiceach

www.nosmag.com  43


taisteal

an pótaire ceart ON TOUR!

A

gus é ag déanamh a mhachnaimh ar cén pub ar cheart dó a chlúdach san eagrán seo, rith sé leis an bPótaire go bhfágfadh sé slán ag Éirinn ar feadh míosa agus go gcuirfeadh sé léitheoirí nós* ar an eolas faoi cheann de na háiteanna is fearr sa chruinne ó thaobh ragaire agus spraoi de. Is í Donostia ar chósta Euskal Herria an áit sin, agus is i seancheantar na cathrach atá na beárannaí is fearr le fáil. Anseo sa bhaile is é an gnás atá ann ná go dtéann muid amach chuig teach tábhairne, go n-ólann muid ár sáith agus go dtéann muid chun an bhaile go luath ar maidin - bhuel déanann cuid againn iarracht ar aon nós. Seans go mbuaileann roinnt ‘ulchabhán’ isteach chuig cluboíche nó pub eile roimh dheireadh na hoíche ach sin é. I dtuaisceart na hIbéire agus i dTír na mBascach, áfach, is minic a thugtar cuairt ar roinnt pubanna le linn na hoíche - chun idir ól agus smailcíní a fháil - agus níl áit níos fearr ná an Parte Vieja de Donostia le blas a fháil ar an chleachtas seo. Tá sráideanna na seanchathrach cúng, brúite isteach idir cnoc craobhach ar thaobh amháin agus an cuan álainn La Concha ar an taobh eile, agus lán le tithe beaga tábhairne, bialanna agus caiféanna traidisiúnta Bascacha. Fiú le linn an lae bíonn atmaisféar iontach bríomhar san áit ach, i ndiaidh an tráthnóna, éiríonn sé níos fearr fós le muintir na háite agus turasóirí fiosracha ag teacht amach don oíche. Le bheith fírinneach, ní gá aon bheár faoi leith a lua nó tá an iliomad acu ann, iad ar fad ag soláthar pintxos den scoth (bia tapa na mBascach) agus is féidir d’am uilig a chaitheamh ar an txikiteo - ag dul ó phub go pub ag ól go réidh agus ag roghnú amach na smailcíní is blasta ón

44  www.nosmag.com


Parthas Pintxo réimse leathan a bhíonn ar chuntar gach aon teach tábhairne. I measc na n-áiteanna a bhfuil cuimhne ag an bPótaire orthu tá La Cepa agus Bar Ormazabalar Shráid 31 De Agosto, Bernardo Etxea ar Puerto, Bar Etxaniz atá den seandéanamh agus Akerbeltz atá maith don cheol agus a bhfuil radharc galánta ar an fharraige óna dhoras féin. Má tá spéis agat i ngluaiseacht neamhspleáchais na mBascach tá roinnt pubanna duit ar Shráid Joan De Bilbao, beár darb ainm Belfast ina measc. Sa samhradh bíonn an oiread céanna taobh amuigh ar na sráideanna féin ná mar a bhíonn taobh istigh agus anois le teacht an Earraigh beidh na tithe tábhairne ag soláthar ceirtlise den scoth, a dhéantar sa cheantar maguaird. Oiriúnach do gach aoisghrúpa, molann an Pótaire duit oíche a chaitheamh ar shráideanna fáilteacha Donostia - is beag eispéireas siamsa ar domhan atá inchurtha leis.

An tSeanchathair Donostia/San Sebastián Euskal Herria

“Is féidir d’am ar fad a chaitheamh ar an txikiteo - ag dul ó phub go pub ag ól go réidh agus ag roghnú amach na smailcíní is blasta ón réimse leathan a bhíonn ar chuntar gach aon teach tábhairne.”

www.nosmag.com  45


ar taispeáint 46  www.nosmag.com


*

AN EALAÍONTÓIR NÓ DEARTHÓIR THÚ? NÓ DÍREACH AN BHFUIL SUIM AGAT I LÉARÁIDÍ? CUIR DO SHAOTHAR CHUGAINN AGUS TABHARFAR ARDÁN DÓ! eolas@NOSMAG.COM

www.nosmag.com  47


taispeáint gan ainm EALAÍoNTóIr Sheol ealaíontóir grafach gan ainm na pictiúir seo isteach chuig nós* le déanaí. Thug an t-ealaíontóir le fios gur glacadh na grianghrafanna le ceamara digiteach agus go ndearnadh iad a athrú ina dhiaidh. Thaitin na cinn seo linn mar sin chuir muid isteach iad!

48  www.nosmag.com


www.nosmag.com  49


taispeáint SINÉAD NÍ UALLACHÁIN EALAÍoNTóIr As Chontae Chiarraí ó dhúchas, tá roinnt léaráidí speisialta déanta ag Sinéad Ní Uallacháin do nós* cheana - íomhá de Mhanchán Magan agus La Sagrada Família ina measc. Seo anois cuid dá saothar féin, idir phictiúirí péinte agus líníocht.

50  www.nosmag.com


www.nosmag.com  51


collaíocht 52  www.nosmag.com


cailín sa

m chathair

LÉIGH FAOI EACHTRAÍ AN CHÁILÍN ghaelaigh IS clúití ar domhan ag WWW.NOSMAG.COM

www.nosmag.com  53


léargas 54  www.nosmag.com


a z a G m i é h c r Géa FOCAIl EOGHAN Ó NÉILL

T

á Iosrael ag líonadh reiligí Gaza - arís eile. Ón aer, ón fharraige, agus ar thalamh, tá Iosrael i ndiaidh 40 bliain a chaitheamh ag déanamh sceimhle ar ghlún i ndiaidh ghlúine de phobal Gaza. Ag blastáil is ag scaoileadh, is ag smiotadh leo. Ach theip glan orthu.

Ar leac an dorais acu i gcónaí, díreach cúpla céad meadar ó na páirceanna olóige in Iosrael Theas, tá an 1.5 milliún duine in Gaza chomh ceannairceach, chomh Palaistíneach is chomh dochloíte is a bhí siad riamh. 1.5 milliún ‘uncomfortable truths’ a bhréagnaíonn an miotas Iosraelach. Dar leis an mhiotas sin gur tháinig

bunaitheoirí Iosrael chuig an Phalaistín 60 bliain ó shin agus dea-rún ina gcroí acu, gur thairg siad cónaí go síochánta leis na Palaistínigh; agus nuair a tháinig na dúchasaigh sin go fealltach le coim na hoíche chun iad a mharú gur throid na hIosraelaigh ar ais agus chuir ruaig orthu. Ó shin i leith, dar leis an mhiotas, ní raibh aon chogadh dár throid Iosrael nach

www.nosmag.com  55


léargas raibh ina ‘cogadh cosanta.’ Bréagnaíonn pobal Gaza an miotas. Is iad siúd na teifigh agus sliocht na dteifeach Palaistíneach sin a díbríodh le piléar agus le bagairt óna dtailte trí scór bliain ó shin. ‘An uncomfortable truth’ mar a thug Al Gore ar cheist eile tamall ó shin. Tá Iosrael i ndiaidh 60 bliain fada fuilteach a chaitheamh ag iarraidh fáil réidh leis an fírinne dofhulaingte úd. Dá dhíograisí iad, áfach, ní féidir leo na Palaistínigh a scríobh amach as an stair ná as an saol reatha. Luath nó mall glacfaidh Hamas leis go bhfuil stát darbh ainm Iosrael ag dul a bheith ann. Agus glacfaidh Iosrael le cearta iomlán an phobail Palaistínigh. Go dtí sin leanfaidh Iosrael ag sladú seachas ag caint. Ach ní thig le F-16 ná diúracáin aon tonna d’ábhar pléasctha na Palaistínigh agus a n-aislingí a chloí. In am an ghatair sheas muintir na hÉireann leis na Palaistínigh agus is mór an moladh dóibh é. Agus sheas Giúdaigh le pobal Gaza

“In am an ghatair sheas muintir na hÉireann leis na Palaistínigh agus is mór an moladh dóibh é.” fosta. D’fhógair an fear grinn Giúdach Alexi Sayle nach in ainm na nGiúdach a bhí Iosrael ag sleachtú pobal Gaza. Agus is mar seo a scríobh an colúnaí Gideon Levy, sa nuachtán Iosraelach Haaretz; “Our finest young men are attacking Gaza now. Good boys from good homes are doing bad things. Most of them are eloquent, impressive, self-confident, often even highly principled in their own eyes, and on Black Saturday dozens of them set out to bomb some of the targets in our ‘target bank’ for the Gaza Strip... “Maybe if they were to confront the results of their “wonderful work” even

THUAS, léirsiú i mBÁC i gcoinne ionsaithe Iosrael agus, AR DHEIS, Príomhaire Iosrael Ehud Olmert

56  www.nosmag.com

once they would regret their decisions, they would reconsider the effects of their actions. If they were to go just once to Jerusalem’s Alyn Hospital Pediatric and Adolescent Rehabilitation Center, where for nearly three years Marya Aman, 7, has been hospitalized - she is a quadriplegic who runs her wheelchair, and her life, with her chin - they would be shocked. This adorable little girl was hit by a missile in Gaza that killed almost her entire family, the handiwork of our pilots. “Gaza is licking its wounds, just like Lebanon before it, and almost no one pauses for a moment to ask whether all this is necessary, or unavoidable, or whether it contributes to Israel’s security and moral image. Is it really the case that our pilots return safely to base, or are they in fact returning to them as callous, cruel and blind people?” A fhad is go gcluintear guthanna mar seo tá dóchas ann i gcónaí. Is eagarthóir é Eoghan Ó Néill ar An Druma Mór - Nuacht, nuachtsheirbhís Ghaeilge ag andrumamornuacht. blogspot.com


Tábhacht Leithscéil FOCAIl tomaí ó conghaile

I

s iomaí eachtra a chuaigh i bhfeidhm orm le linn 2008 - bua Barack Obama in SAM, na hionsaithe is déanaí ar an Phalaistín - ach orthu sin a sheasann amach domh, ó thaobh chumhacht agus mhothúcháin na hócáide, tá an leithscéal a ghabh rialtas na hAstráile le pobal Bundúchasach na tíre. Ón chéad uair ar bhain na hEorpaigh ‘Terra Australis’ amach sa 17ú Céad, tá daoine dúchasacha na mór-roinne ag fulaingt agus á gcur faoi chois go míthrócaireach. Ar bharr na ngalar nua a mharaigh thart ar 50% dá bpobail, caitheadh leis na Bundúchasaigh mar

shaoránaigh den tríú grád agus níor tugadh meas ariamh ar a gcultúir ná ar a nósanna ársa a mhair ar feadh na mílte bliain. Maraíodh iad, brúdh amach chuig an imeall iad agus séanadh a gcearta. Fiú nuair a rinneadh stát neamhspleách den Astráil sa 20ú Céad, bhí meon na hImpireachta go fóill i réim agus leanadh leis an leithcheal i gcoinne chéadáititheoirí na tíre. I measc na bpolasaithe is uafásaí agus is tubaistí a cuireadh i bhfeidhm sa tréimhse seo tá an scéim inar scoilteadh páistí gorma óna dteaghlaigh féin agus inar cuireadh iad ar scoileanna Críostaí nó i measc daoine bána. Dúinne in Éirinn, léiríonn scannáin ar nós ‘Rabbit Proof Fence’ agus ‘Australia’ an eagla a bhí ar Bhundúchasaigh roimh an pholasaí seo agus in áiteanna éagsúla san Astráil níor tháinig deireadh leis an chleachtas go dtí 1973.

Ní gá a rá go raibh tionchar tromchúiseach ar na ‘Glúine Goidte’ seo, tionchar atá go fóill le feiceáil inniu. Ach cé gur tháinig fás agus fórbairt ar shochaí na hAstráile ó shin, ní raibh an dínit ná an misneach ag aon rialtas faillí na mblianta roimhe a admháil go hoifigiúil agus go poiblí. B’amhlaidh a bhí go dtí 13 Feabhra 2008 nuair a ghabh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus an Príomhaire nua, Kevin Rudd, thar cheann na hAstráile ar fad, leithscéal leis an phobal Bundúchasach as an olc a rinneadh orthu. Bhailigh polaiteoirí, ceannairí Bundúchasacha, baill na nGlún Goidte agus na meáin chumarsáide isteach sa Pharlaimint in Canberra le héisteacht leis an óráid stairiúil, agus bhí na mílte eile ag amharc isteach ar scáileáin

mhóra ar fud na tíre. Ní raibh gach duine sásta ar ndóigh - shiúil polaiteoir amháin amach as an searmanas agus ní raibh ráiteas cheannaire an fhreasúra chomh grástúil le ceann Rudd - ach ba dheacair gan atmaisféar tochtmhar an lae dul i bhfeidhm ort. Leis an fhocal beag sin ‘Sorry’ glanadh cuid den scáth dorcha a bhí ar crochadh os cionn na tíre leis na céadta bliain agus baineadh cuid den náire a bhí ar sciar suntasach de phobal geal na hAstráile chomh maith. Is cinnte go bhfuil tuilleadh le déanamh go dtí go mbíonn na Bundúchasaigh ar chomhchaighdeán maireachtála lena gcomhAstrálaigh ach, ar 13 Feabhra 2008, glacadh céim sa treo ceart.

MOTHÚCHÁNACH: Kevin Rudd le Bundúchasaigh Astrálacha ar 13 Feabhra

*

www.nosmag.com  57


liosta imeachtaí

TR A U LN O CE LE EI IN Á N N A SC D A R FT CEOLNUA STUIF

Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cuir d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com

58  www.nosmag.com


CEOL NUA Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Club Ghort na Móna, Béal Feirste Sult Club Gaeilge Bhaile Átha Cliath, Break for the Border gach dara Déardaoin idir Meán Fómhair & Bealtaine, www.clubsult.vpweb.ie

STUIFF TRAD Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in

Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in Cead Isteach: €4 eolas@araschronain.com Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach

le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí

EILE Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com

AEL GLASCHÚ NA nG ilge le linn na féile ollmhóir ceoil,

Deireadh Seachtaine Gae Celtic Connections schu, Sráid Berkely, agus an 23-24 Eanáir, Sgoil Ghàidhlig Gla A), Sráid Sauchiehall Centre for Contemporary Arts (CC

R

www.nosmag.com  59


gaeil 贸ga

na

do theanga, do thodhcha铆

t-l茅inte, p贸staeir agus eolas le fail

anois ag www.nagaeiloga.com


glac síntiús linn LE SÍNTIÚS BLIANA: • Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí • Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise • Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*

subscribe now and put nós* in your hands!

ÍOC: • Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com • Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bocsa) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go: nós* PO BOX 188 An tIúr/Newry BT35 5BA

Éire ¤40 / £36 Sasana, Alba, Cymru £40 An Eoraip ¤70 Cuid eile den Domhan ¤80

ainm / name: ........................................................................ seoladh / address: ................................................................................................................... ............................................................................................................................................................. ............................................................................................................................................................. RPHOST / EMAIL: .................................................................. www.nosmag.com  61


*

GO RAIBH MAITH AGAT AS SULT A BHAINT AS AN EAGRÁN SEO. BEIDH MUID ar ais ar 2 feabhra. WWW.NOSMAG.COM

62  www.nosmag.com


* www.nosmag.com  63


* 64  www.nosmag.com


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.