NÓS 42 - Márta 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

ag cruthú réabhlóide brionglóidí sushi ar do rothar Léirmheas cuimsitheach ar leabhar riachtanach

Bialann Sheapánach ar an scáileán

Breiseáin stílmhara don dá roth

márta 2014 | eag. 42

tras & idir Má tá an pobal trasinscneach á aithint faoi dheireadh, tá tuilleadh le déanamh ar son daoine idirghnéasacha


fรกilte


*

fáilte

talamh úr Bhí sé de sprioc i gcónaí againn anseo ar NÓS talamh nua a bhriseadh, bíodh sé dearcadh an mhórphobail faoi na meáin Ghaeilge a athrú nó an chéad cholún faoi chúrsaí collaíochta a fhoilsiú inár dteanga féin. Éiríonn linn in amanna, agus uaireanta eile ní éiríonn, ach bíonn an cuspóir taobh thiar dár gcinntí i rith an ama. Mar sin de tá mé sásta a rá go bhfuil alt ar leith againn san eagrán seo ar cheist nach dtuigtear mar is ceart, agus nach bpléitear mórán in Éirinn na linne – an t-idirghnéasachas. Tá níos mó aitheantais á fháil ag daoine trasinscneacha ach is léir nach bhfuil go fóill ag daoine idirghnéasacha – cuir tú féin ar an eolas faoin cheist ar leathanach 20. Agus ag caint ar thalamh úr a bhriseadh agus dúshláin a thabhairt, fear a rinne amhlaidh ná an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh ina leabhar ceannródaíoch ar réabhlóid na Gaeilge, sna sé chontae ach go háirithe, ‘Language, Resistance and Revival’. Tá an tábhacht a bhaineann lenár stair féin a thuiscint ionas gur féidir linn todhchaí níos fearr a chruthú, tá an dearcadh sin chun tosaigh sa saothar agus is fiú go mór do gach gníomhaí teanga é a léamh. Tá póstaer deas sna leathanaigh láir chomh maith, mar aon le hábhar go leor eile chun tú a chur a’ smaoineamh. Go dtí an chéad uair eile...

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 30.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Elena Ortega, Ben Ó Faoláin, Pól Ruiséal, Rádhulbh Uirthileach Ó Duibhir, Shane Ó Curraighín, Susana Fernandez

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


*

Ceol

nós 5

Istigh Ceol Léirmheasanna - Ben Ó Faoláin

an lár 6

scáileán Jiro Dreams of Sushi

John Fire Lame Deer

16

saol 10

leabhair Language, Resistance & Revival 12 Foilsigh Tú Féin 18

Idir Fir agus Mná 20 Mo Phoitín, Do Phoitín 24

dearadh Breiseáin Rothaíochta

26


6 n贸s

ceol


*

Ceol

Ibibio Sound Machine - Ibibio Sound Machine soundway

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

Ag filleadh dó go Brighton tar éis saoire a chaitheamh i nGána i 2002 thárla sé gur rug DJ Martin Claret scata mór sean-cheirníní afra-func anaithnid abhaile faoina ascaill leis. Fonn an fhir chéanna na fuaimeanna sin a roinnt leis an saol mór ea ba chúis le Claret ceirníní Soundway a bhunú. Inniu tá Soundway aitheanta mar cheann dos na lipéidí ath-eisiúna is iontaofa dá bhfuil ann. Bíodh fuaimeanna afrobeat, cumbia, calypso, champeta nó biguine na sean-ré i gceist, is féidir glacadh leis go mbeidh ath-mháistriú den gcéad scoth, nótaí clúdaigh cuimsitheacha agus rogha iontach ceoil i gceist nuair a cheannaítear tiomsúchán de chuid Soundway. Ábhar fiosrachta ab ea é, mar sin, nuair a d’fhógair Soundway i 2012 go raibh sé ar intinn acu tús a chur le ceol nua-léirithe a eisiúint. Is léir ó thaifidí iontacha le leithéid The Busy Twist, Débruit & Alsarah agus Family Atlantica a eisíodh ar Soundway ó shin go bhfuil féith an fhir A&R (lorgaire

Deadbeat & Paul St Hilaire - The Infinity Dub Sessions BLKRTZ

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cás (agus cruachás) an fhir ghoirm, inniu agus riamh, inste go beacht, macánta, fileata is ea é gairm bheatha Paul St. Hilaire as Oileán Doiminice na Cairibe. Is fada forbairt ar oidhreacht dub-fhilí mar Linton Kwesi Johnson agus Mutabaraka ar bun ag St Hilaire, é mar ghuth ceannasach na gluaiseachta dub-techno ó thosnaigh sé ag leagadh liricí thar cheol Deep Burial Bheirlín i

tallainne) i Claret chomh maith céanna le scil an tiomsaitheora. Lonnaithe i Londain, áit ar tógadh amhránaí Nigéarach an ghrúpa Eno Williams, tá ceol Ibibio Sound Machine déanta as eilimintí highlife Iarthar na hAfraice, fuaimeanna frithbhuailte dioscó, ceol iar-phunc agus anamcheol leictreonach sícideileach. Afra-func leachtúil, gnéasúil a bhfuil faobhar comhaimseartha air. Tá fuaim mhór ramhar ag an taifead seo, tionchar dhordcheol Londain le clos ann, cinnte, ach beocht ag baint le líocha liriciúla giotáir Alfred ‘Kari’ Bannerman Ghána agus drumadóireacht Anselma Netto na Brasaíle a bhronann saibhreas ar leith ar an dtaifead. Más fíor go bhfuil macalla de ‘Moody’ le ESG le clos i rian mar ‘Let’s Dance (Yak Inek Unek)’, caithfear a admháil gur fearr go mór mar cheoltóirí iad Ibibio Sound Machine ná mar a bhí ESG riamh, agus go bhfuil forbairt stíle i gceist sa tslí a bhfuil maisiú fíneálta sintéiseora déanta ag Ibibio ar an mbunfhuaim iar-phunc. Is Grace Jones ag ceimniú go péacógach trasna urlár chlub oíche The Shrine i Lagos a shamhlófá le afra-diosco functrom ‘The Talking Fish (Asem Usem Iyek)’ - an port is fearr dá leithéid a eisíodh an taobh seo den seod-albam afra-dioscó ‘Tungi’ (2010) le Mim Suleiman agus Maurice Fulton. Tá tionchar Floating Points le sonrú i sintéiseoirí droimneacha ‘Woman Of Substance (Awuwan Itiaba). Is é an trua é i gcás amhrán níos moille mar an ‘Woman Of Substance’ céanna agus ‘Prodigal Son (Ayen Ake Feheke)’ nach bhfuil tuiscint ag an éisteoir Eorpach ar liricí Eno Williams - ní i dteanga oifigiúil na Nigéire (an Béarla, creid nó ná creid) a bhfuil sí á gcanadh ach i gceann éigin eile den 514 teanga a labhraítear sa tír.

lár na nóchaidí. Cé go bhfuil luas ceoil Deadbeat (thíos) níos tapúla ná saothair Deep Burial tá an blas tirim briosc céanna ag ‘The Infinity Sessions’. Dordlínte níos doimhne ná Trínse Mariana, snas ar gach smionagar de cheol aisfhuaimnithe. Nuair a chanann St Hilaire “go and tell your children the truth, and relinquish the black man’s fruit” bheadh fonn ort ‘The Infinity Dub Sessions’ agus cóip de ‘Heart Of Darkness’ Thomas Hardy a Fed-Exáil go teaghlach ríoga na Beilge. Ceol fíréanta.

nós 7


*

8 nós

Ceol

The Mighty Diamonds - Pass The Knowledge vp

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

Ceann de mhór-ghrúpaí guth-armóine reggae Iamáice ó na seachtóidí i leith é The Mighty Diamonds. Tríréad a mheascann séiseanna síodmhara Motown le liricí deilgneacha roots reggae - ar nós The Spinners le meaisínghunnaí ina seilbh acu, i bhfocail an iriseora reggae Randall Grass. Cé go bhfuil seod-rian nó dhó in easnamh (‘I Need A Roof’, agus a leagan iontach roots den ‘I’m Still In Love With You’ síorghlas) léiríonn an chuid is fearr den teaglaim ath-eisiúna seo (‘Right Time’, ‘Let The Dollar Circulate’) an chúis gur fiú duit spás a dhéanamh i do bhailiúcháin do cheol géirchúiseach réidh The Mighty Diamonds.

Hiele - Essential Oils ekster

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Más fíor go bhfuil cleachtadh intinne ina chabhair chun néaltrú seanaoise a bhrú uait agus tú ag éirí críonna, ní mór duit cóip de ‘Essential Oils’ a chur i dtaisce don lá úd. Aclaíocht aigne atá i gceist le héisteacht le ceol Hiele na Beilge. Ceol leictreonach breá lúbach é seo. Tá Hiele i gconaí céim chun tosaigh ort d’fhéadfá an lá a chaitheamh ag éirí do mhéar a leagadh ar na séamaí ceilte a thógann Hiele idir seánraí ceoil. An bhfuil sé ina shnag-cheol leictreonach? Ina acid techno? Nó ina footwork tolglainne? Fén am go mbeidh an cheist freagartha agat beidh Hiele tar éis bogadh ar aghaidh. Saothar iontach samhlúil.


*

Ceol

n贸s 9


10 nรณs

Scรกileรกn


*

scáileán

nós 11

Jiro Dreams of Sushi - 2011 david gelb

Léirmheas le Méabh Ní Thuathaláin

*****

I mbialann bheag i dToiceó na Seapáine suite i staisiún traenach Ginza, bialann a bhfuil spás go leor ann do dháréag ar a mhéid, tiocfaidh tú ar Jiro. Seanfhear beag 85 bliain d’aois, máistir an Sushi a chleachtaigh agus a d’fhoglaim a cheird go staidéartha díograiseach fad a shaoil. Leanann an scannán faisnéise seo Jiro ina bhialann ‘Sukiyabashi Jiro’, áit ina bhfuil sé ag obair in éineacht lena mhac is sine. Scéal Sushi agus scéal teaghlaigh atá ann, an dá scéal chomh láidir agus cumhachtach lena chéile. Ó thaobh an sushi de, tá barr a réime bainte amach ag Jiro, máistir a chuireann tréan iarrachta isteach i ngach uile rud a dhéanann sé, ón ghníomh is simplí go dtí na cinn is deacra. Tá doimhneacht agus tuiscint aige i leith gach cuid den phróiseas ó ghlanadh na bialainne, an tuinnín is fearr a fháil ag an mhargadh go cur i láthair an sushi féin. Más canbhás an bhialann, ealaíon atá sa sushi agus tá Jiro mar a bheadh Monet nó Van Gogh ann. Fear a chaith gach lá dá shaol ag obair, a thóg a bhialann ón bhun aníos agus a bhain trí réalta Michelin amach. Tá an oiread tóra ar Sukiyabashi Jiro nach dtig leat suíochán a fháil ann go ceann roinnt blianta! Spreagadh atá in Jiro ar a lán bealaí ach ní bhíonn saoi gan locht. Is cinnte gur tháinig an sushi i dtús áite ar a shaol teaghlaigh. Tá teannas idir Giro agus a bheirt mhac, go háirithe an mac is sine a bhíonn leis lá i ndiaidh lae. Níl tásc ná tuairisc ar a bhean chéile ach an oiread. Ní luaitear í go fiú! Fíorscéal atá anseo, a chuirfidh tú ag macnaimh faoi na rudaí is lú agus is mó tábhachta ar domhan.


12 nós

leabhair

léargas réabhlóide Ina leabhar ‘Language, Resistance and Revival’ déanann an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh anailís chuimsitheach ar ról na gcimí Poblachtánacha in athbheochan na Gaeilge ó thuaidh. Anseo tugann Pól Ruiséal ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh a dhearcadh ar an taighde barrthábhachtach seo.

C

uireann an leabhar ‘Language Resistance and Revival’ síos go mion ar na forbairtí réabhlóideacha machnaimh agus teanga a tháinig chun cinn i measc na gcimí poblachtánacha i bpríosún na Ceise Fada thuaidh ó 1972 2000. Múineadh agus labhraíodh an Ghaeilge mar mhodh cosanta agus féinchaomhnaithe i gcaitheamh na tréimhse dianstreachailte le linn do na cimí a bheith curtha faoi ghlas agus ar deighilt óna bpobail féin. Deineann an leabhar an scéal a iniúchadh i slí úrnua agus míníonn conas mar a chuir sé athbheochan chultúir agus teanga ar siúl i measc an phobail náisiúnaigh taobh amuigh d’fhallaí an phríosúin chomh maith.

Scrúdaíonn Feargal Mac Ionnrachtaigh tréimhse láir i Stair na hÉireann i bhfianaise an taighde shochtheangeolaígh is déanaí. Bhain sé tairbhe as agallaimh úrnua, ghéarchúiseacha a chuir gníomhaithe teanga is cultúir go mb’iarchimí an chuid ba mhó acu, ar fail dó. Oscailt súl is ea an leabhar don té nach eol dó an chuid seo dár stair, a thit amach sna sé chontae ó 1972 i leith. Cuireann sí buntábhacht na teanga dúchais go soiléir ós ár gcomhair agus míníonn sí na próisis pholaitiúla agus chultúrtha a bhíonn sa treis, bíodh sé thuaidh nó theas le linn dúinn a bheith ag dul i ngleic leis an maoin ollmhór a baineadh dínn ón mheán-aois

i leith ar mhaithe le fórsaí seachtracha díshealbhaithe agus coilínithe a shásamh. An t-údar Is iardhalta é Feargal féin de chuid Bhunscoil Phobal Feirste agus Meánscoil Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. D’fhreastail sé ar Ollscoil na Banríona, áit ar bhain sé céim na dochtúireachta amach sa bhliain 2009 le tráchtas ar Phríosúnaigh Phoblachtánacha agus athbheochan na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann. Oibríonn sé go lán-aimseartha i ngluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste, mar a bhfuil sé fostaithe mar oifigeach tionscadail le haisínteacht forbartha Gaeilge na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt


*

leabhair

Feirste. Tá sé ina bhall ó thosach d’fhoireann caide lán-Ghaeilge na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, ‘Laochra Loch Lao’ a ghlacann páirt bhliantúil i gComórtas Peile na Gaeltachta. Próiseas an díchoilínithe Pléann an leabhar fíorshuimiúil seo le buntéamaí a bhaineann go dlúth le cúrsaí athbheochan teangan agus chultúir agus le conas is gá an teanga dhúchais chun na próisis díchoilínithe a thionscnamh sa tsochaí ar leibhéil shíochánta éagsúla. Cabhraíonn sí linn a thuiscint conas a théann an coilíneachas i bhfeidhm ar mhionteangacha agus na slite go gcuirtear ar bun gluaiseachtaí

athbheochana teangan. Ina theannta san, mínítear dúinn an tábhacht a bhain lena raibh ar siúl sna príosúin agus conas mar a bhí sé seo fite fuaite lena raibh ar siúl sna pobail lasmuigh. Tá an comhthéacs stairiúil agus comhaimseartha i gceist, comhthéacs na hÉireann ar fad agus an comhthéacs idirnáisiúnta. Ní deoranta leis an údar seo scríbhinní sochpholaitiúla Nelson Mandela, Antonio Gramsci, Paulo Freire, Frantz Fanon, Noam Chomsky, Albert Memmi, Kwame Nkrumah, Ngugi Wa Thiong ó na Filipínigh agus Thich Nhat Hanh ó Vítneam, agus ní tagraítear dóibh ach amháin nuair atá bunphointe argóna le léiriú nó nuair atá eolas

nós 13

bainteach le hábhar le lua. I measc na n-anailíseoirí Éireannacha a chaitheann solas ar an ndíospóireacht sa leabhar tá Mac Piarais, Ó Conghaile, Ó Snodaigh, Ó Cadhain, Mac Síomóin, Dawson, Ó hAdhmaill, Sands - agus cuireann na tagairtí seo ag an údar le héagsúlacht, le fairsinge, le cumas agus le doimhneas an phlé spreagúil. Is údar ‘engagé’ é Feargal agus cuireann sé ar fáil bunfhoinsí nua fianaise sa tóraíocht oibiachtúil atá ar siúl aige ar an bhfírinne chruinn acadúil. Chuir sé agallamh as Gaeilge ar 45 reacaire, 38 iarchime ina measc gníomhaí teangan le Gaeilge líofa ab ea gach duine acu agus ainmníonn sé iad ar lch 10.


*

14 nós

leabhair

Taobh istigh, taobh amuigh Príosúnú polaitiúil a bhí i gceist ach diúltaíodh go hiomlán don gcóras. Leathnaigh de réir a chéile an neart cultúir a bhí á ghiniúint laistigh de na fallaí go dtí na pobail náisiúnacha agus Phobachtánacha lasmuigh. Ní hamháin go raibh sa treis go gcuirfí deireadh le réimeas na Sasanach in Éirinn, le deire a chur le cumhachtaí speisialta agus le córas míleata, foiréiginiúil a bheith i bhfeidhm ar na sráideanna; ach go ndéanfaí athbheochan iomlán ar oidhreacht na hÉireann ar gach leibhéal den tsochaí agus le teanga na Gaeilge ina croílár istigh. Ansan ag baint úsáide as staidéar smaointeoirí domhanda agus as ráitis buntaighde de chuid na gcimí féin, cuirtear faoinár mbráid scéal casta athbheochan na Gaeilge ar an dtaobh istigh agus ar an dtaobh amuigh d’fhallaí an phríosúin. Leathnaigh an próiseas ina dhiaidh sin níos faide ó bhaile go dtí Baile Átha Cliath, Corcaigh, An Ghaillimh, An Ghaeltacht. Tá leabhar eile ag teastáil chun tionchar na corraíle thuaidh ar an gcuid eile de Phobal na hÉireann go háirithe thiar, thoir agus theas a mhionscrúdú. D’fhéadfaí cur chuige an leabhair seo a úsáid chun tabhairt faoina leithéid de scrúdú. Ceist pholaitiúil Ar chóir do cheist na Gaeilge a bheith polaitiúil nó neamhpholaitiúil, buncheist a ardaítear sa leabhar spreagúil seo. Pléann an t-údar dhá thaobh

na hargóna go hoscailte macánta agus na cúinsí comhthéacsúla ag athrú ó thréimhse go tréimhse tríd an bhfichiú haoise ó aimsir Dhúglas de hÍde anonn go dtí aimsir Mháirtín Uí Chadhain agus ar aghaidh go dtí aimsir Bhobby Sands. Is deacair gan aontú leis an údar go gcaithfeadh an cheist a bheith polaitiúil thuaidh toisc go raibh sárú ó thalamh ar siúl ar bhunchearta daonna agus teangan, go raibh cúinsí ‘in extremis’ i gceist agus gur éiligh comhthéacs an uafáis a bhí i réim ná raibh aon dul as ach ceist pholaitiúil a dhéanamh de cheist na Gaeilge. Cuirtear i gcuimhne dhúinn gur gá cuimhneamh chomh maith gur le gach Éireannach an teanga, go bhfáiltíonn an teanga roimh an uile dhuine agus nár chóir d’aon idé-eolaíocht ábhar foghlaimeora a chur ó dhoras. Athnuachan iomlán Is leabhar don ghnáthléitheoir agus don saineolaí léinn í seo. Is leabhar scolártha oibiachtúil í agus ní forógra ná tráchtas ná bunreacht polaitiúil í. Ach spreagann na fíricí loma, an anailís fhuarchúiseach, caint agus tuairimíocht agus tátail áirithe. Ceann de na tátail a bhuaileann an gnáthléitheoir ná gur léir go bhfuil gá follas le hathnuachan, hathógaint, hathghabháil a dhéanamh ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann trí chéile sa 21ú hAois. Chun na críche seo, ní hamháin go bhfuil gá le hidé-eolaíocht an díchoilínithe, le neamhspleáchas machnaimh, le heagrú ón mbonn aníos sna comhphobail áitiúla, ach maítear

sa leabhar go bhfuil gá chomh maith le gluaiseacht bhríomhar fhuinniúil Ghaeilge. D’fhéadfadh gluaiseacht mar í feidhmiú ar bhonn teangan agus ar bhonn cultúir d’fhonn na pointí a scagadh, a clár oibre féin a bhunú, chun dúshlán an chaomhachais agus na calcaitheachta sa chóras a thabhairt, chun a stair úrnua féinigh a chruthú. Ba mar seo a bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste nó Ard Bharra i nGleann Maghair nó an iliomad Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na hÉireann thuaidh is theas. Beidh ar ghluaiseacht na Gaeilge a bheith raidiciúil, réabhlóideach agus solúbtha, dúshlán an stáit a thabhairt anois is arís maidir le teidil agus cearta agus gan a bheith ag brath ar an Stát chun teacht slán, dar leis an údar. Ag glacadh leis go bhfuil comhthéacs an (nua)-choilínithe i gceist, tá sé mar aidhm ag an leabhar ina ról “engagé”, dúshlán an leagan amach oifigiúil a thabhairt agus coincheapa agus cosáin nua a nochtadh le hÉireannaigh a thabhairt i dtreo tailte úrnua féaraigh as a bhfásfaidh coimhlintí dearfacha cruthaitheacha a chinnteoidh ár dtodhchaí mar phobal Éireannach oscailte, mar phobal rathúil Gaelach, Gaeilge agus Eorpach a bheidh ar oscailt i dtreo an domhain mhóir. Tá an t-údar ina “ghobadán”, ach in ainneoin bhrí an tseanfhocail, measaim go dtugann sé an dá thráigh leis - tráigh an tráchtais acadúil scolártha agus, i bhfad Éireann níos mó ná sin, tráigh ‘engagé’ na réabhlóide machnaimh agus gníomhaíochta cultúir.

Ceann de na tátail a bhuaileann an gnáthléitheoir ná gur léir go bhfuil gá follas le hathnuachan, le hathógaint, le hathghabháil a dhéanamh ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann trí chéile sa 21ú hAois. Ní hamháin go bhfuil gá le hidé-eolaíocht an díchoilínithe, le neamhspleáchas machnaimh, le heagrú ón mbonn aníos sna comhphobail áitiúla, ach maítear sa leabhar go bhfuil gá chomh maith le gluaiseacht bhríomhar fhuinniúil Ghaeilge.


*

leabhair

n贸s 15


*

Sular tháinig ár ndeartháireacha bána chun lucht sibhialtachta a dhéanamh dínn, ní raibh príosún d’aon chineál againn. Dá bharr seo ní raibh ciontóirí againn. Gan phríosún, ní ann do chiontóirí. Ní raibh glas ná eochair againn agus mar sin ní raibh aon ghadaí inár measc. Nuair a bhí duine chomh bocht nárbh acmhainn dó capall, puball ná plúid bheith aige, gheobhfadh sé é mar fhéirín. Bhí muid ró-neamhshibhialaithe chun tábhacht a thabhairt do réadmhaoin phríobháideach. Ní raibh cur amach againn ar airgead agus mar sin níor measadh luach an duine dhaonna ar a shaibhreas. Ní raibh aon dlite scríofa againn, ní raibh dlíodóirí ná polaiteoirí againn, agus dá bharr ní raibh muid in ann caimiléireacht a dhéanamh ná dallamullóg a chur ar a chéile. Bhí droch-bhail ar fad orainn sular tháinig na fir bhána agus ní féidir liom a mhíniú conas a bhí muid in ann maireachtáil gan na rudaí bunúsacha seo atá (a deir siad linn) chomh riachtanach le haghaidh sochaí shibhialaithe.

Tháhca Hušté (John Fire Lame Deer) Saoi Lakota, 1903–1976



*

18 nós

leabhair

foilsigh tú féin! A

r shamhlaigh tú féin mar údar foilsithe riamh? Ní gá breathnú níos faide! Tá ré na teicneolaíochta tar éis domhan na litríochta a iompú bun os cionn in achar iontach gairid. Le teacht chun cinn an ríomh-leabhair, féinfhoilsiú agus na meáin shóisialta, is fusa ná riamh do shaothar a chur chun tosaigh. Ach cá háit a dtosaíonn tú? Roinneann an t-údar Feirsteach Laura Morgan, a d’fhoilsigh a céad úrscéal ‘Starts Apart’ ar na mallaibh, 10 leid le léitheoirí NÓS a chuideoidh leat d’úrscéal a chur i láthair mar ríomhleabhair.

Caithfidh do ríomh-leabhair a bheith chomh cruinn agus chomh snasta céanna le haon leabhar a fhoilsítear go traidisiúnta. Thosaigh sé ar seit ‘The Game of Thrones’, áit ar bhuail mé le m’eagarthóir Katherine Fox agus muid ag obair mar aisteoirí breise. Mar a tharla sé, oifigeach cumarsáide a bhí inti ar mhian léi úrscéal a chur in eagar. Comhpháirtíocht den scoth a bhí ann ón tús; ní amháin gur ghlan sí cibé meancóga litrithe agus gramadaí a bhí ann ach tharraing sí m’aird i dtreo gnéithe eile den leabhar a chuidigh liom úrscéal cuimsitheach gonta a chur le chéile.

1. Cuir do leabhar in eagar ar líne. Bain úsáid as google docs, nó néal éigin eile, a chinnteoidh go bhfuil d’obair slán i rith an ama, a dhéanann leaganacha a choinneáil sa néal agus is bealach simplí é leis an téacs a roinnt le d’eagarthóir.

3. Léigh an chéad dréacht ar do ríomhléitheoir féin. Is mór an cuidiú é d’úrscéal a shamhlú mar ‘aon chuid’ don phróiseas eagarthóireachta. Tá uirlisí iontacha ann a ligean duit athchóiriú a dhéanamh ar do leabhar arís agus arís eile agus a bhfuil an formáidiú slachtmhar acu.

2. Déan infheistiú agus faigh eagarthóir.

4. Iarr ar do mháthair é a léamh. Ní insíonn máithreacha bréaga. 5. Bí eolach faoin spriocmhargadh. Bhí sé níos fusa ormsa an leabhar a chríochnú ar dtús agus breathnú ar an mhargadh agus ar an lucht léitheoireachta ar a bhfuil sé dírithe ina dhiaidh sin. Bhí an t-ádh orm áit a fháil ar cheardlann margaíochta dírithe ar scríbhneoirí. Rinne an scríbhneoir píosa fíormhaith cainte a ndeachaigh i bhfeidhm go mór orm agus a thug bunús dom mo leabhar a chur chun cinn. An chéad chéim ná trí fhocal a dhéanann cur síos ar an leabhar. Na focail a roghnaigh mise ná ‘beoga’, ‘mealltach’, ‘mothálach’. Smaoinigh faoin seanré ansin faoin chur chuige margaíochta. 6. Coimisiúnaigh píosa ealaíne. Is é an clúdach tosaigh an t-aon léiriú fisiciúil den leabhar a bheas agat, mar sin déan go maith é. Caithfidh go mbeadh sé


*

leabhair

nós 19

tarraingteach - íomhá a bhíogann an tsúil. Bain úsáid as, faigh cártaí gnó, cártaí poist agus póstaeir déanta agus scaip ar fud na háite iad. 7. Tóg suíomh idirlín. Tá ardán proifisiúnta uait ar féidir le léitheoirí teacht ort. Muna bhfuil sé déanta agat roimhe seo, fág go leor ama agus lean na céimeanna go cúramach. Chuaigh mé le Wordpress sa deireadh, rogha na coitiantachta, a bhfuil rogha leathan de chomhéadain ghálanta dhaite ar fáil ann. Scríobh beathaisnéis, faigh pictiúr deas duit féin agus ar aghaidh leat. 8. Bíodh seoladh leabhair agat. D’oibrigh tú go crua. Anois, bí ag ceiliúradh, tá sé tuillte agat. Seo mar a chothaíonn tú saighdiúirí margaíochta i do cheantar áitiúil: Tabhair cuireadh do chách iriseoirí, iar-mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile, léachtóirí, bean an tsiopa choirneála, gruaigeoir, duine ar bith a léirigh spéis sa leabhar thar na blianta agus tú á scríobh. Cuir ólachán ar fáil agus bíodh cóisir agat! Ag seoladh ‘Stars Apart’, léigh mé sliocht as an leabhar, chuir cara liom atá ina hiriseoir faoi agallamh mé agus tháinig ceisteanna ón lucht féachana. 9. Iarracht sa lá! Muna bhfuil litreacha agus freagraí diúltaithe ag teacht isteach - níl tú ag déanamh go leor. Seo meanma s’agam! Spreagann sé mé le hiarracht margaíochta a dhéanamh leis an leabhar a chur chun cinn, ó tweet beag go sladmhargadh Nollag. Tá an oiread uirlisí amuigh ansin le cuidiú leat - Facebook, Twitter, Goodreads, Google+. Ná bíodh aon fhaitíos ort. Cuir tús le comhráite, scaip an scéal agus tarraing daoine i dtreo an leabhair. 10. Bain sult as. Is féidir ríomh-leabhair a úsáid áit ar bith am ar bith. An chuid ab fhearr den

eispéireas uilig ná an t-aischothú a fuair mé ó léitheoirí. Tá a fhios agat gurbh fhiú an cúig bliana i mbun pinn nuair a fhaigheann tú scéal ar ais ó dhuine éigin ar an taobh eile den domhan a deir leat nach dtiocfadh léi an leabhar a fhágáil uaithi

go dtí gur bhain sí an leathanach deiridh amach! Tá ‘Stars Apart’ le Laura Morgan ar fáil anois. Le tuilleamh eolais tabhair cuairt ar a suíomh lauramorgannovels.com


*

20 nós

Ceol

saol

idir fir agus mná Tá aitheantas áirithe don phobal trasinscneach in Éirinn á bhaint amach de réir a chéile. Ach, mar a mhíníonn Rádhulbh Uirthileach Ó Duibhir, tá gá le tuilleadh feasachta a chothú faoin idirghnéasachas chomh maith...

T

á sé de nós ag daoine rudaí a shimpliú agus is minic a bhreathnaítear ar an domhan trí spéaclaí aisteacha a dhéanann chuile rud a scarúint ina dhá chatagóir: maith is olc, mór is beag, díreach is aerach, Yin is Yang, fear is bean. Is ró-mhinic a dhéanaimid dearmad gur saol digiteach, ní analógach, atá againn, saol nach bhfuil dubh agus bán ach atá ildaite. Ní mór dúinn cuimhniú nach bpléitear le cúrsaí eiticiúla a thuilleadh i dtithe an oilc agus na maitheasa. Píosa ar phíosa, tá Éire ag iarraidh níos liobrálaí, agus glactar níos

mó is níos mó leis an trasghnéasachas. Is é atá i gceist le trasghnéasachas, nó trasinscne, ná nuair a mhothaíonn duine nach bhfuil a bhféiniúlacht ghnéis ag teacht leis an inscne ina rugadh iad. Faoi láthair tá reachtaíocht á moladh don Dáil a ligfidh do dhaoine trasinscne atá os cionn 16 a bhféiniúlacht ghnéis a chlárú agus aithneofar é faoin dlí dá réir. Má tá dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh na trasinscne de, tá míthuiscint áirithe ann maidir leis an idirghnéasachas. Tugtar an téarma ‘idirghnéasach’

ar dhaoine a bhfuil baill ghiniúna acu nach bhfuil iomlán firinscneach ná baininscneach. Tá cúiseanna éagsúla leis seo ach baineann a bhunús de le forbairt an chórais atáirgthe san fhéatas. Tá trí phointe tábhachtacha le tabhairt faoi deara: 1. Is féidir le chuile ghin, is cuma cén crómasóm atá acu, forbairt ina bhuachaill nó ina cailín, ag brath ar an timpeallacht hormónach atá sa bhroinn. Fásann chuile ghin le réamhtheachtaí an chórais atáirgthe fhiriniscingh nó bhaininscinigh. Ducht Wolff is ainm don réamhtheachtaí


*

saol

nós 21

an brat trasinscne

firinscneach atá mar bhunús don ducht speirmeach, agus Ducht Müller is ainm don réamhtheachtaí bainiscneach, atá mar bhunús do na féadáin fhallópacha, don bhroinn agus don cheirbheacs. 2. An dara pointe ná go bhfuil réamhshocrú baininscneach ag corp an duine. Is é sin le rá, muna dtarlaíonn athraithe áirithe ag pointí áirithe sa bhealach ceart, athruithe atá faoi smacht géine sa chrómasóm Y, fásfaidh ducht Müller in áit ducht Wollf agus forbróidh an féatas mar chailín, fiú más buachaill atá ann go géiniteach.

3. Is é an tríú pointe ná go dtagann córas atáirgthe seachtrach fir agus mná ó na struchtúir chéanna. Sin le rá, tagann an péineas agus an brillín ón struchtúr céanna sa ghin – an tiúbarcal ginitiúil. Go bunúsach, maireann nasc idir péineas agus brillín, idir fir is mná. Tá na milliúin duine amuigh ansin ar domhan nach dtiteann isteach i mboscaí nó framaí insce an Domhain Thiar. Easpa feasachta Le linn Chraobh Lúthchleasaíochta an Domhain i mBeirlín i 2009, bhí conspóid

mhór maidir le rannpháirtíocht Caster Semenya, luthchléasaí a ndearnadh tastáil gnéis uirthi tar éis gur bhuaigh sí an rás 800 méadar. Dheimnigh an tastáil go raibh Siondróm Neamhairde Andraigineach (Androgen Insensitivity Syndrome) uirthi, riocht a bhfuil crómasóim XY ag an bhféatas ach nach nglacann le hormóin fhirinsceacha. Cé go mbíonn teistearóin san fhuil ag leanbh le Siondróm Neamhairde Andraigineach, ní ghlacann na ceallaí isteach é. Faraor, is beag feasachta poiblí faoin idirghnéasachas in Éirinn.


*

22 nós

saol

Cé nach bhfuil staitisticí oifigiúla againn, creidtear go bhfuil tréithe éigin d’idirghnéasachas ag leanbh amháin as gach 200 agus go mbíonn máinliacht de shórt éigin ag leanbh amháin as gach 650. Pobal imeallaithe In ainneoin fairsinge an idirghnéasachais, bíonn daoine idirghnéasacha imeallaithe sa tsochaí in Éirinn. Ina theannta sin, de bharr easpa tuisceana agus feasachta sa tír, déantar idirdhealú agus éagóir ar chuid mhór acu mar pháistí ar scoil agus tar éis sin sa saol mór. Níl aon smacht ag daoine idirghnéasacha faoin ghnéas atá luaite ar a dteastas breithe. Ní dhéantar aon iarracht féiniúlacht inscne an pháiste a aithint nuair atá siad forbartha, sula gcuirtear lipéad inscne orthu.

an brat idirghnéasach

Thaispeáin cás sna cúirteanna Éireannacha i 2009 an éagóir a chruthaíonn dlí na linne maidir le daoine idirghnéasacha. Sa chás truamhéalach sin, ní raibh buachaill beag a cláraíodh mar chailín ar a theastas breithe ach a raibh féiniúlacht fhirinscneach aige, ní raibh sé in ann áit a fháil sna scoileanna ina cheantar féin. Dhiúltaigh scoil na mbuachaillí áit a thabhairt dó toisc é a bheith cláraithe mar chailín agus dhiúltaigh scoil na gcailíní áit dó toisc go raibh féiniúlacht fhirinscneach aige. Le gairid sa Ghearmáin agus san Astráil, tugadh isteach aitheantas dlíthiúil do dhaoine idirghnéasacha. Anois is féidir le tuismitheoirí pháistí idirghnéasacha, agus le daoine idirghnéasacha féin, “X” a chur síos mar chatagóir gnéis ar dhoiciméid oifigiúla más mian leo. Cén fáth nach féidir le rialtas na

hÉireann reachtaíocht chomhchosúil a chur i bhfeidhm? Faraor is iondúil go mbíonn Éire ar cheann de na tíortha is moille san iarthar a bhogann ar cheisteanna cearta daonna. Le tamall do bhlianta anuas tá feachtasíocht ar son cearta do dhaoine aeracha agus do dhaoine trasghéasacha tar éis buanna áirithe a bhaint amach ag leibhéal náisiúnta. Cé go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh i gcónaí, tá dearcadh an mhórphobail i leith daoine ó na pobail seo níos oscailte anois dá riamh. Ach caithfear an díospóireacht chéanna bheith ann maidir le daoine idirghnéasacha. Ná ligfimis do chaibidil thragóideach eile bheith scríofa i stair na tíre seo. In áit an chuir i gcéill, caithfimid seasamh chun cearta dhaoine idirghnéasacha a chosaint.



*

24 nós

saol

cúlra Ba é Pádraic Ó Beirn (18571927) as an Mhalainn Bhig i dTír Chonaill a chum an dá phíosa filíochta seo faoi bhuanna agus faoi bhagairtí an phoitín. Tá greann agus gráin an dí le sonrú ar thaobh a chéile. Ba fhile mór é Pádraic i dtréimhse na hAthbheochana agus d’oibrigh sé i ngluaiseacht na Gaeilge in Éirinn agus san Oileán Úr. D’fhoilsigh sé a shaothair in irisí ar nós An Claidheamh Soluis, Irishleabhar na Gaedhilge agus An Gaodhal. Níor foilsíodh aon chnuasach iomlán dá shaothar riamh.


*

saol

nós 25

Mo Ghloine ‘Poitín’

do Ghloine ‘Poitín’

Tá an Francach bocht sásta ag ól a chuid fíona, Le “lager” tá’n Gearmánach sámh ina ghlóir; Tá’n Sacsanach santach go síoraí ag caoineadh, Má tá sé aon lá gan dhóthain de bheoir.

A sclábhaí gan urraim – a sclábhaí ‘sé deirim, Gur olc, olc an teagasc a thit ó do pheann. Mo thrua ar an athair, mo bhrón ar an mháthair A adhmhíos tusa ‘measc cuntais a gclann!

‘Nois bíodh ag gach duine, a dheoch féin ‘san ghloine, Is cuma más lionn í, más beoir í nó fíon; Ach ná salaigh mo dhorn a choíche le corn, Acht corn maith maiseach le scoith an “phoitín.”

Mo ghráin ar an duine a mholas an gloine, Tá líonta le beoir, nó tá líonta le fíon; Acht go cinnte ní beannacht tá leis-sean ag fanacht, A ghráíos gloine de scoith an “poitín.”

Óir Ó! Sé mo dhúil é; ‘sé solas mo fhuil é ; Mo shaibhreas, mo lón é, ‘nuair tá mé gan phingin ; Mo leigheas ar gach leon é; mo shonas i mbrón é; ‘S é beatha an domhain é – mo ghloine poitín!

Ó! Seacaim go deo é, is tús ar gach gleo é; ‘Sé d’fhag mé mar tá mé; ‘sé d’fhag mé gan phingin; ‘Sé chreach mé, ‘sé leon mé; ‘sé ábhar mo bhrón é; ‘Sé donas an domhain é, - do ghloine poitín!

Deir glagaire liomsa gur folláine uisce, Gidh tá sé gan boladh, gan blas, nó gan brí: Deir cléir nach gcuireann sé daoine ar meisce – Ach gheall mé gan deor de do bhlaiseadh a choích’.

Deir tusa, a sclábhaí, nach n-ólfaidh tú uisce, Mar tá sé gan boladh, gan blas, nó gan brí; Gur fearr leat an deoch chuireas daoine ar meisce, A mhilleas an tanam, is a bhriseas an croí.

Bíodh saoi agus sagairt ag guí is ag bagairt, Ar uisce na cruinne ní thabharfainn traithnín; Och! Gach lá is gach oíche, go bráth is a choíche, Ní shéanfaidh mé gloine de scoith an “phoitín.”

Ní hiontach liom bagairt na saoi ’s na sagart, Nuair castar leo poiteoir mar thú, a spailpín! – Och! A shean-pheacach liath, bhfuil agat aon Dhia, Acht sásaím do mhianta i ngloine poitín?

Óir Ó! Sé mo dhúil é; ‘sé solas mo fhuil é ; Mo shaibhreas, mo lón é, ‘nuair tá mé gan phingin ; Mo leigheas ar gach leon é; mo shonas i mbrón é; ‘S é beatha an domhain é – mo ghloine poitín!

Ó! Seacaim go deo é, is tús ar gach gleo é; ‘Sé d’fhag mé mar tá mé; ‘sé d’fhag mé gan phingin; ‘Sé chreach mé, ‘sé leon mé; ‘sé ábhar mo bhrón é; ‘Sé donas an domhain é, - do ghloine poitín!

Mo bheannacht go bráth ar shean-eorna mo thíre, Más garbh a ceann, och! is milis a sú! Go mairfidh go deo linn na póiteoirí fíora A’ seinm a cáil’ is ag moladh a clú.

Is aoibhinn ‘s is álainn sean-eorna mo thíre Acht creid mé, tá’n diabhal é féin ina sú; Is fairsing ‘san domhan seo na poiteoirí fíora A d’fhág sé bocht, cloíte, gan cáil is gan clú.

Is doimhne ár gcroíthe, mo chuimhne ar ríthe, Ba ró-mhaith gach fear díobh ag slogadh a “mbraoin” ‘Nois an séanfaidh a bpór-san, go síoraí an “deor” sin? ‘Sé freagra aon fhir daoibh i ngloine phoitín.

Glac comhairle aoin fhile, chuaigh síos leis an tuile, Níos mó ‘ná leath bhealaigh go hifreann an “bhraoin” ‘Nios, gach lá is gach oíche, ón am seo a choíche, Ná salaigh do dhorn le gloine “poitín.”

Óir Ó! Sé mo dhúil é; ‘sé solas mo fhuil é ; Mo shaibhreas, mo lón é, ‘nuair tá mé gan phingin ; Mo leigheas ar gach leon é; mo shonas i mbrón é; ‘S é beatha an domhain é – mo ghloine poitín!

Ó! Seacaim go deo é, is tús ar gach gleo é; ‘Sé d’fhag mé mar tá mé; ‘sé d’fhag mé gan phingin; ‘Sé chreach mé, ‘sé leon mé; ‘sé ábhar mo bhrón é; ‘Sé donas an domhain é, - do ghloine poitín!


26 nós

dearadh

sciathán ar leith Is sciathán rothair é, ach ní mar is eol duit é. Agus tarraingt na rothaíochta ag méadú ar fud na tíre, tá daoine ag cur níos mó suime sna breiseáin éagsúla gur féidir a chur lena rothar. Is sampla iontach é an sciathán ath-inchorntha seo de chuid an chomhlachta Plume a fhilleann isteach ann féin nuair nach bhfuil sé in úsáid, agus gur féidir a shíneadh amach nuair atá an talamh fliuch. Bhí an oiread spéise ag pobal dhá roth na cruinne sa phludgharda nua-aoiseach seo nuair éirigh le Plume thar $56 míle a mhealladh ar Kickstarter agus ainmníodh é i measc na ndearthaí is fearr ar domhan don bhliain 2014. Chun ceann a fháil, tabhair cuairt ar plumemudguard.com


*

dearadh

n贸s 27


28 nós

*

dearadh

soilse ar leith Ag leanúint le téama na rothar, tá soilse aimsithe againn atá an-úsáideach, agus an-snasta. Is Sualannaigh iad Bookman a dhearann giuirléidí rothaíochta, an rogha acu ná soilse beaga éadroma gur féidir a cheangal le fráma do rothair gan stró le téad leaisteach. Ritheann cuid acu ar chadhnraí, cuid eile ar luchtú ó USB, agus is féidir an solas a fheiceáil breis agus 500 méadar ar shiúl... iontach!


*

dearadh

n贸s 29


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.