NÓS 44 - Bealtaine 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

saoire & saoirse caifé gaelach� seo linn faoi sheol Comhlacht taistil le meon ar leith

Gá le gréasán d'ionaid shóisialta Ghaeilge

Albam ar an mbealach ag banna na huaire

bealtaine 2014 | eag. 4 4

san fran, ar fán Eachtraí fir as Conamara i gCathair an Cheo

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

ar saoirse... Tá an samhradh linn, cineál, agus an mhórchuid againn ag smaoineamh chun tosaigh ar na laethanta saoire atá curtha in áirithe againn, nó a bheadh curtha in áirithe againn dá mbeadh an t-am nó an t-airgead againn. Níl aon amhras ann nach bhfuil pócaí na tíre chomh lán is a bhí siad tráth ach tá bealaí costéifeachtacha ann fós chun barr suilt a bhaint as na míonna seo amach romhainn. B'fhéidir go rachfá i dtreo na Gaeltachta ar ndóigh, an áit ar casadh banna na huaire, Seo Linn, ar a chéile agus iad ar Choláiste Lurgan. Léigh faoi na forbairtí is déanaí de chuid an ghrúpa, albam san áireamh, sa rannóg cheoil istigh. Ag caint ar cheol, tá cur síos géar déanta arís eile ag an Uasal

Ben Ó Faoláin ar na tiúineanna a chuirfidh do shamhradh ar gluais, mar aon le cuid le seachaint. Bíonn leabhair an-úsáideach i gcónaí ar ndóigh, bíodh sé ar an trá atá tú nó i do leaba féin, agus tá áthas orainn fáilte a chur roimh shraith nua d'úrscéalta grafacha ó Leabhar Breac. Tuilleadh faoi Corto Maltese ar lch 26. É sin ar fad ráite, má tá cúpla euro sa phóca agat seans maith go bhfuil fonn siúil ort. Más amhlaidh an scéal, istigh gheobhaidh tú do sháith eolais ar chomhlacht taistil atá ag iarraidh eispéireas réabhlóideach a sholáthar do dhaoine forásacha, chomh maith le léargas leithleach ó fhear Chonamara ar Chathair Naomh Proinsias SAM. Cibé rud a dheanann tú, beir ar do shaoire, beir ar do shaoirse.

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 46.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Sinéad Ní Uallacháin, Eoghan Ó Loideáin, Eoin P. Ó Murchú, John Mac Conchoille, Ling Gillespie, Yusaini Usulludin, Thomas Hawk Grianghraf Clúdaigh: Kevin Lau

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol Seo Linn - Albam Enda Reilly Léirmheasanna eile Ag Teacht Aníos

gníomhaíochas 6 8 11 14

saol Ar Strae i San Fran Ronaldo - An tOileánach

Scáileán The Wind Rises 19 TG4 22

26

34 40

dearadh Dónal Ó Dálaigh

leabhair Corto - Leabhar Breac

Caifé Gaelach uait? 28 Partizan Travel 30

42


6 n贸s

ceol


*

Ceol

nós 7

seo linn... albam! Labhraíonn Stiofán Ó Fearail ón bhanna spleodrach Seo Linn le Méabh Ní Thuathaláin faoina gcéad singil agus faoi albam atá ar a mbealach chugainn.

M

ar thús i saol an cheoil, bheadh go leor bannaí úra sásta le trí mhilliún buille bheith faighte ag amhrán dá gcuid, ach níl Seo Linn ag luí siar, ná baol air. Theilg a leagan Gaeilge de 'Wake Me Up' le Avicci ar an ardán náisiúnta iad agus lena gcéad singil nuachumtha 'Ar Scáth a Chéile' eisithe i mí Mhárta, tá protégéanna Choláiste Lurgan anois ag díriú ar albam a chur amach faoi dheireadh an tsamhraidh. “An fhís a bhí againn ón tús ná leaganacha Gaeilge a dhéanamh d’amhráin a bhí go mór i mbéal an phobail agus jab maith a dhéanamh dóibh,” arsa Stiofán Ó Fearail, an t-amhránaí óg a chan ar fhíseán Avicii. “Tá sin fós ann, le linn an tsamhraidh beidh muid ag obair leis na scoláirí ar fhíseáin TG Lurgan, ach tá muid ag iarraidh aitheantas a thuilleadh don bhanna ceoil agus ár n-amhráin féin a eisiúint chomh maith.” Tá scoth na n-amhránaithe sa bhanna agus bua na scríbhneoireachta agus cumadóireachta acu leis. Is féidir le duine ar bith den cheathrar acu seasamh mar phríomhamhránaí, buntáiste iontach a thugann solúbthacht agus

féidearthachtaí breise don ghrúpa. “Tá scata amhrán scríofa ag Keith, Jenny agus Daithí, agus ceann nó dhó agam féin freisin, agus tá muid ag tosnú amach ag scríobh le chéile mar a rinne muid le ‘Ar Scáth a Chéile’,” arsa Stiofán. Ba phróiseas fada go leor é an chéad singil, dar leis. Tháinig baill na buíne le chéile agus rinneadh plé ar smaointe, cuireadh leis an taifeadadh agus baineadh rudaí uaidh a ceapadh bheith maith ach nach rabhadar sásta leo tar éis tamaill. “D'fhoghlaim muid go leor agus muid ag gabháil den singil nua agus tá muid ag iarraidh béim a chur ar amhráin a scríobh ar an tslí sin sna míonna amach romhainn.” Bhí sé beartaithe ag Seo Linn agus TG Lurgan amhrán nuachumtha a chur amach, a léirigh an obair mhór atá ar siúl ag Self Help Africa, eagraíocht lena mbíonn Coláiste Lurgan ag tacú agus a chuireann deiseanna forbartha ar fáil do dhaoine ag maireachtáil i gceantair thuaithe san Afraic. Chuaigh na leaids ar turas go Uganda leis an charthanacht i bhfómhair 2013 agus bhí an t-eispéireas ina ábhar spreagúil don amhrán nua.

Go dtí seo tá breis agus 35,000 amas faighte ag ‘Ar Scáth a Chéile’ ar Youtube agus tá sé ar fáil le híoslódáil ar iTunes ar ¤0.99. Téann chuile cent a shaothraíonn an traic i dtreo na hoibre a dhéanann Self Help Africa. Amhrán breá bríomhar é, le port greamúil, agus tá fiú frása i dteanga na háite Lugandais ann - “Kwegata bwe bugumu” atá comhchosúil le teideal an amhráin. Tá Seo Linn ag iarraidh tuilleadh don bheocht chéanna a léiriú san albam úr. “Tá sé de sprioc againn amhráin Ghaeilge a chur os comhair an mhórphobail a rachaidh i bhfeidhm ar óg agus aosta, foghlaimeoirí agus cainteoir dúchais - duine ar bith ar spéis leo amhráin Ghaeilge,” arsa Stiofán. “Tá na hamhráin oscailte do chách, amhráin a bhfuil Gaeilge dheas chruinn sna liricí, le foinn mhealltacha luascacha. “Sin an cineál treo ina bhfuil muid ag dul faoi láthair agus muid ag obair ar ár gcéad albam.” Agus lucht leanúna cruthaithe acu ar fud na tíre cheana, is cinnte go mbeidh muid ar fad ag tnúth go mór leis an eisiúint... coinnigh súil ar an spás seo!


*

8 nós

Ceol

Léirmheas le Séamus Barra Ó Súilleabháin


*

Ceol

nós 9

Enda Reilly - Amhrain Nua i nGaeilge lipéad neamhspleách

***** Is amhránaí na cosmhuintire é Enda Reilly. Guth óg spleodrach a bhfuil anghlaoch air fé láthair. Chuala den gcéad uair é cúpla bliain ó shin nuair a cuireadh 'Mol an Aimsir' chun iomaíochta i gcomórtas mionteangacha. Fiú ansin, ba léir go raibh ceoltóir suaithinseach inár measc a raibh cumas ar leith aige, ba chuma cé acu teanga ina raibh sé ag saothrú. Is mó bóthar siúlta aige ó shin idir fhéilte, shaothair i mBéarla, agus chomhoibriú le lucht litríochta na príomhchathrach. Eisíodh ceirnín leis i dteannta Stephen James Smith ó chianaibh ar an lipéad céanna EndaDeRoad Records. Tá fuílleach físeán dá chur i láthair ar líne, ceann fé stiúir ag draoi na físe Myles O'Reilly san áireamh. Sa bhailiúchán úr seo tá na hamhráin Ghaeilge atá cumtha aige thar na blianta seachas albam le coincheap coibhneasta amháin. Is aistear fós é éisteacht ó thús go deireadh. Fán ina nglaoitear ar fharraige, ar an mbith, ar chrainn, ar éanlaith, ar na dúile, is orainn féin. Dúirt an fear féin in agallamh go dtagann nithe fé leith chun cinn nach


*

10 nós

Ceol

mbíonn súil leo nuair a shaothraíonn sé sa Ghaeilge. Is féidir an gaol fileata idir ceárta na teanga féin is sméaróidí cruthaitheacha an chumadóra a bhraistint go flúirseach sa saothar. Is togra na beatha é gach píosa ealaíne. Broinn a bhfanaimid ann seal nó go dtagann fás orainn is claochlú ar ár radharc ar an ngnáthshaol. Úrú sealadach ar mhothúcháin ar dhóigh linn iad a bheith gan luach. Fáiltíonn an draoi Bleá Cliathach romhainn ina bhlas féin chun an nasc nua a dhearbhú is a cheilliúradh fairis, gan a thuilleadh righnis. In aois seo an IDM (intelligent dance music) atá á dhíriú ar an inchinn is ar cheimiceáin san fhuil, nó amhráin thráchtála dár mbodhrú i ngach ollmhargadh mar fhógraíocht mhiangasach ar mhaithe leis an tomhaltachas, is faoiseamh neamhchoitianta é guth eolaí óg ag canadh ar nithe níos doimhne, gan cur i gcéill, gan sotal, gan de bhrabús á lorg ach a bhfuil tuillte ag blianta fada ag casadh ar an tsráid. Agus ní aon dóithín é sin. Tá ráite liom le déanaí ag ceann des na ceoltóirí 'folk' is mó dá dtáinig as Cathair Chorcaí sna seachtóidí gurb é an t-aon ghuí amháin aige ar mo shonsa nach ceoltóir a bheidh i sliocht mo shleachta de bharr an crá croí is díoscán fiacal a bhaineann leis an tionscal!

Canathaobh seo? Cé atá ag cur bac ar ár n-ealaíntóirí dúchasacha? Is í teist na healaíne, dar liom, an méid a bhaineann sé le dearcadh comónta na ndaoine. D'fhéadfadh 'Do Mhuirnín Ó' deora a bhaint asat is tú ag tiomáint ar chósta braonach na gcuimhní, guth na mná binne Aoife Scott, do do stiúradh go brónach fé dhraíocht. Seans go n-aithneofá macallaí an fhoinn traidisiúnta á shealbhú i ngaelbhlues 'Pócaí Stróice' is má chuireann tú 'Bealtaine' ar siúl i bhfochair páistí ní mór laincisí a chur orthu chun staonadh den ngeáitsíocht 's den spraoi! Tá a sheacht mbliana d'oiliúint déanta ag an mac (tíre) seo. Ní printíseach anois é. Faighimid teacht isteach ar an taithí sin sna scéalta. Sa traic 'Ag Ól ag Ól ar an nGarbhóg', mar shampla, (a scríobhadh le Pierce McGloughlin, leis) dúisítear an cumha ionainn. Is í an tseoid liriceach seo is mó a théann i bhfeidhm orm gan dabht ná dearmad. Tarraingíodh ar thobar an tseanchais, ar Ailill is ar Mheadhbh na Tána, ach tá aibíocht na péine pearsanta laistiar de na haircitíopaí. Ní fheadar cad chuige é, ach tá rud éigin an-chorraitheach ag baint le samhail na habhann. Abhainn Ghaelach, abhainn a bhfuil spiorad inti de réir a hanma, fórsa ag gluaiseacht de shíor thar

na cianta. Ag breith léi an bhuairt... Tá stíl ceoil Enda mar chraobh d'éabhlóid cheol 'folk' idirnáisiúnta na linne. Gairdín saibhir ar a bhithéagsúlacht de thorthaí. Meascán des na gormacha, ceol tíre, pop, indy, easy-listening agus dúchas. Cumadóir nua-aoise le tionlacan cuí. Is mó is cosúil le cruit é an giotár is é á chasadh de réir nós an lae. An DAGDAD dordánach ag tonnaíl go domhain, is an t-aer á chlingeadh ag téada na séise. Is fíorard caighdeán na gceoltóirí, leis. Na veidhlíní ag faoileáil siar agus aniar. Tá an dord íseal ar nós míol mór ag shimmyáil ar ghrinneall an aigéin, an fhuaim ar fad á líonadh i línte 'groovy' a bhaclainne. Fleá cheart is ea é! Nuair is call tagann drumaí, guthanna eile, agus uirlisí traidisiúnta de spreang. Fiú tagann an file mór Gabriel Rosenstock ar cuairt lena bhriathra fealsúnachta le sonrú go paiteanta san urnaí páganta 'Éireoidh Grian'. Is ait liom nár cumadh na hamhráin is 'albam' ar intinn. Leagadh amach chomh nótáilte is tuisceanach sin gan cur isteach ar thrá is tuile na gluaiseachta. Beidh ionadh ort a mhéid d'fholús a bheith fágtha nuair a chríochnaíonn sé. Tá sé chomh maith agat é a chur ar 'repeat' roimh ré, geallaim... Cheannaíos an ceirnín tar éis bualadh le hEnda sa phríomhchathair. Fear uasal go dearbh. Tugann sé dóchas domhsa gur féidir teacht ar fhéirín mar seo ar an tsráid. Tá sé ag dul i ndéine is i ndéine áit a bhaint amach sna meáin do cheol croíúil neamhspleách mar seo. Caithfimid dul sa tóir ar a leithéid, agus tacaíocht ghroí a thabhairt dó. Bíodh amhráin an Raghallaigh mar chuireadh do gach éan sa choill uaigneach. Bímis ag scol is ag éisteacht leis an mbinneas le chéile. An ceol is macánta dá bhfuil cloiste agam i 2014...


*

Ceol

Luke Vibert - Ridmik Hypercolour

***** Easpa measa Luke Vibert, chomh maith lena cháirde Aphex Twin agus Squarepusher – ar ghnáth-chleachtas an cheoil rince é – ceann de na cúiseanna le bláthú na stíle idir tús agus lár na nóchaidí. É chomh toirtiúil mar léiritheoir agus a bhfuil iléirimiúil, seo albam 22 ó fhear Chorn na Breataine.

Eomac - Spectre Killekill

*****

Poemss - Poemss Planet Mu

***** Tá tú nach mór i do chodhladh agus tá ceol eigin ag doirteadh isteach i d'aigne, tús le brionglóidíocht na hoíche. Lár na nóchtóidí atá ann, ach tá

nós 11

Tá a léamh glic, samhlaíoch féin ar gach rud ó hip hop uirlise (Wagon Christ) go ceol druma is doird (Plug) go acid disco (Kerrier District) curtha ós ár gcomhair ag Vibert thar na blianta, gan trácht ar a shaothar comhoibrithe iontach leis an ngiotáraí BJ Cole. Más glór lúbach acid house an tsíntéiseora Roland TB-303 agus buillí glana an mheaisín drumadóireachta Roland TR-808 iad bun agus barr phailéad sonach 'Ridmik', is sultmhar mar a mheascann Vibert le heilimintí dioscó, func agus R'n'B na bun-eilimintí úid. Is séimh, glan agus thar a bheith

funcaí iad na poirt seo i gcomparáid le heisiúintí amha ar mire acid house Chicago na nóchtóidí. Acid house don réabhaire aosta!

Is leath-chuid é Ian McDonnell (Eomac) den dísreach techno Baile Átha Cliathlonnaithe Lakker, a bhfuil a n-áit i measc an creme de le creme de léiritheoirí techno na linne seo gnothaithe acu le heisiúint 'Containing A Thousand' ar lipéad R&S na Beilge le déanaí. Is 'Spectre' a bheadh uait ar an gcóras fuaime ag cóisír díreach roimh theacht an apacailipsis - Eomac ag tarraingt ar eilimintí de cheolta house, techno, grime agus garage na gclubanna chun saothar damanta dorcha, griothalach a chruthú. Monailit de phort grime snoíte as eibhear fuar é 'SU Riddim', déanann 'Rising 3' smidiríní den tseoid de phort hardcore 'Sweet Harmony' le Liquid,

agus fágfaidh tréan-techno brúidiúil 'Shell of Dark' tiompán do chluasa ina ribíní mionstiallta. Cleamhnas iontach idir fhuaim hiopnóiseach mall-house Theo Parrish agus dord-fhuaimeanna riastartha techstep leithéid Ed Rush agus Doc Scott é an port 'Spectre'. Tá ceirníní Eomac ina mbailiúchán ceoil ag Thom Yorke agus Richard D James (Aphex Twin) cheana féin - tá sé in am do mhuintir na hÉireann aithint go bhfuil talann damanta eile inár measc.

William Blake ag malartú línte filíochta le Beth Gibbons Portishead, Robert Wyatt i mbun fonnadóireacht taca, agus Leyland Kirby agus Pete Gabriel i mbun ceoil. Fan soicind, níl tú ag brionglóidíocht, sin albam début Poemss - tógra nua ceoil de chuid Aaron Funk (Venetian Snares) agus Joanne Pollock. Leictrea-cheol suaithinseach ealaíonta.

Léirmheasanna le Ben Ó Faoláin


*

12 nós

Ceol

Pixies - Indie Cindy pixies music

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Níl an chéad albam eisithe ag Pixies ón mbliain 1991 foirfe, ná gar de. Bhí fórsaí ag feidhmiú ina choinne ó thús, cuid a bhfuil, agus cuid eile nach bhfuil, neart ag Black Francis orthu. Rudaí nach bhfuil faoi smacht Black Francis: 1) Níl Kim Deal sásta a bheith páirteach sa ghrúpa. Is trua é seo déarfadh go leor daoine nach Pixies i ndáiríre é gan í. Tá dord-síntéiseoir le clos ina háit ar an gcéad amhrán a ndearna Pixies taifead air le scór is trí bliana, 'Bagboy' rud atá sacrailéideach amach is amach.

2) Ionchais a lucht éisteachta. Dá n-athródh fuaim Pixies go ró-mhór déarfadh daoine nach Pixies atá ann, ach dá leanfaí ar aghaidh ag cleachtadh na fuaime céanna déarfadh daoine nach fiú é. Ar an ábhar sin, tá 'Another Toe In The Ocean' ar nós rud éigin bainte ó 'Copper Blue' le Sugar Bhob Mould. Trí albam iontacha a thaifead Pixies ('C'mon Pilgrim', 'Surfer Rosa' agus 'Doolittle') agus dhá cheann a bhí maith go leor ('Bossanova' agus 'Trompe Le Monde'). Le bheith macánta, níl 'Indie Cindy' mórán níos measa ná 'Trompe Le Monde', albam deiridh Pixies roimh don ngrúpa scaradh i 1993. 3) Más cúig bliana déag d'aois a bhí duine nuair a eisíodh 'Doolittle' siar i 1989 táid dhá scór bliain d'aois inniu. Bíonn blas speisialta ar rudaí áirithe nuair a bhlaistear don chéad uair i mbláth na hóige iad - do chéad phóg, do chéad phiont, drúcht geal an aeir is an bóithrín á shiúl abhaile agat ag breacadh an lae tar éis oíche scléipe i lár an tsamhraidh. Ní bhronnfaidh ceol nua Pixies d'óige ort in athuair. Rudaí atá faoi smacht Black Francis: 1) Níl an oiread agus amhrán

amháin ar 'Indie Cindy' nach raibh ar cheann de na trí ep a d'eisigh Pixies le bliain anuas. Dá mbeadh Black Francis tar éis na hamhráin mhaithe ('What Goes Boom', Andro-Queen', 'Magdelena 310') a scaradh ón gcáith, agus a thuilleadh stuif maith a chur leo b'fhéidir go mbeadh saothar le dealramh idir lámha againn. 2) Amhráin mhaithe a chumadh. Tá 'Andro-Queen' chomh maith le haon amhrán a chum Pixies riamh ach tá go leor lag-liricí le clos ar amhráin eile 'Indy Cindy'. Bhí liricí Black Francis áiféiseach riamh, cén dochar é, ach níl aon ghá le línte mar "Snakes are coming to your town, In tunnels underground, Some travelling overground, A plaque for our mistakes, They'll be right next to you, Snakes up against me too, There'll be nothing to do, When the rattle shakes" ('Snakes'). Huh?! Dá mbeinn in ann liricí dá leithéid a scríobh, bhuel, ní bhacfainn leo le bheith ionraic. 3) Cén saigheas teidil le haghaidh albam é 'Indy Cindie' pé scéal é?! Tá ré Pixies imithe, a chara, is ní fhillfidh sé go brách. Ná bí ag súil leis an iomarca is ní bheir díomách.


*

Ceol

Sisyphus - Sisyphus Asthmatic Kitty

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

"I know this sounds like a self-help book, but honestly it felt more like professional wrestling. Physical and awkward and halfnaked, men in speedos. But I’d do it again in a heart beat." Sufjan Stevens Tógra ceoil de chuid an amhránaí Sufjan Stevens, an fonnadóir rap Serengheti as stábla Anticon, agus an cumadóir ildánach Son Lux é Sisyphus. Triúr ceoltóirí ó chulraí fíordhifriúla. Triúr, mheasfá, nach mbeadh cosúlacht ar bith acu lena chéile. Ach bán nó gorm, bocht nó

saibhir, tá rudaí áirithe a bhaineann leis an saol nach féidir le héinne éalú uathu. An stuif dorcha: gnéas, alcól, drugaí, an bás, pian an scartha, an galar dubhach agus an stuif eile - aithreacha, máithreacha, leanaí, leannáin agus airgead, airgead, airgead. Bímíd ag iomrascáil choíche. Sin iad na cosúlachtaí a nochtaíodh thar an tréimhse trí seachtaine a chaith Stevens, Geti agus Son Lux i mbun comhoibre istigh i seomra beag, agus atá mar théamaí an albaim seo. Más dorcha iad mar théamaí tá cinntithe fós ag Sisyphus go bhfuil craic ag baint leis an albam mar shaothar éisteachta. Leagann an 'Calm It Down' mar thús buanna díchosúla bhaill aonair Sisyphus ag obair taobh le taobh os ár gcomhair amach. Amhrán é a athraíonn ó electropop le sruth de rap ó Serengheti ag moladh don éisteoir fanacht socair agus an saol ag dul ina choinne go bailéad mianchumhach le Stevens ag déanamh machnaimh ar na droch-chinntí atá déanta aige gur chúis iad, b'fhéidir, don saol casadh ina choinne, thar nótaí comhbhraiteacha Son Lux ar an bpianó. Le línte mar 'and I have no appetite, and I cannot sleep at night, I

nós 13

wanna be your friend, I've got pictures in my head, Oh the thought of you in my bed' is bailéad grá don nglúin dhubchéime é 'Take Me', le macallaí láidre de dheabhóid chinniúnaíoch na filíochta amour courtois. Amhrán taibhsiúil grá é, canta ó chroí go béal Stevens amach thar dhord chuasach agus buillí scealpacha Son Lux. Ag teacht díreach sna sála ar 'Take Me', is léargas ar shaghas eile dúile é 'Booty Call.' Dúis nocht. Teaspach te. Fonn leathair thar aon ní eile. Scaoileann Serengheti sruth de liricí deiliúsacha mar 'I'mma get a condom, put it on my monster, Wanna see my light show, I can tell you wanna go, Boom!" uaidh thar thréan-bhuillí hip hop. Nuair a fhilleann príomh-fhonn 'Take Me' ag deireadh 'Booty Call', i bhfoirm thruamhéalach pianó, tugtar le fios nach leis an Stevens caoinbhéasach a d'imigh an bhean abhaile ach leis an Serengheti gáirsiúil. Ní éiríonn le gach iarracht Sisyphus, ach do gach céim amú ('Lion's Share') aimsítear an tsúil sprice faoi thrí, agus tá pléasúr ar leith le bhaint as ornáidíocht shéiseach ré 'Illnois' Sujfan Stevens a chlos i gcomhthéacs nua ar 'My Of My' agus 'I Won't Be Afraid'. Albam spéisiúil.


14 nós

ag teacht aníos

Na mór-imeachtaí le Banríon na Siamsaíochta, Sinéad Ní Uallacháin

‘Ón Chonair go dtí an Clasach’ Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin 24 Bealtaine - 27 Meitheamh Aitheanta mar chraoltóir is mó atá Cathal Póirtéir. Chaith sé blianta fada leis an tseiribhís náisiúnta poiblí, RTÉ, ag obair le Raidió a hAon agus Raidió na Gaeltachta. Le tamall de bhlianta anuas áfach tá Cathal gafa le paisean eile ina shaol – péintéireacht. Is ar thírdhreachanna is mó a dhíríonn sé. Tá a shaothar feicithe agam i ngrúpthaispeántais cheana, agus is fuirist a mharc a aithint. Cuairteoir rialta chuig leithinis Chorca Dhuibhne é Cathal agus a chlann, agus tá tionchar na háite air, le feiscint go láidir ina chuid pictiúirí. Ní nach ionadh mar sin, gur radharcanna ó Iarthar Duibhneach atá mar théama ar a thaispeántas aonair, dar teideal ‘Ó Chonair go dtí an Clasach’. Crochta i gceann des na foirgintí is áille i nDúthaigh Dhuibhneach, dar liom féin, a bheidh a sheó: Ionad an Bhlascaoid Mhóir, i nDún Chaoin. Chaitheas féin samhraigh mo dhéaga ag obair i mbialann an ionaid. Ag stánadh amach ar na Blascaoidí, is ag freastal ar chustaiméirí. Ní ró-fhada ó shin a thugas cuairt ar an áit arís, agus ní raibh aon phioc den draíocht a bhain leis, le linn mo chuid laethanta ann, caillte. Osclófar an taispeántas Dé Sathairn an 24

Bealtaine, agus is faoi ealaíontóir na háite Liam Ó Néill, a bheidh an cúram sin. Ealaíontóir, ar nós Chathail, atá tógtha le tírdhreachanna mar ábhar ina chuid saothar, chomh maith le muintir agus cultúr Chorca Dhuibhne. Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Ana -leithscéal a bheadh ann, freastal air, chun Ionad álainn an Bhlascaoid a fheiscint chomh maith.


*

ag teacht aníos

féilte samhraidh Tá an samhradh buailte linn go hoifigiúil anois, agus tús curtha leis an tséasúr ón gcéad lá Bealtaine. Gné ana mhór d’imeachtaí na míonna romhain, do go leor daoine, ná féilte cheoil an tsamhraidh. Bígí ag bailiú le chéile bhur bpinginí, (nó centanna)… Seo chugaibh liosta de na príomhfhéilte atá le teacht sa mhí nó dhó amach romhainn... tuilleadh gan mhoill!

Forbidden Fruit, Cill Mhaighneáin, BÁC 31 Bealtaine – 01 Meitheamh Cé bheidh ann: Wild Beasts, Thundercat, Captain Murphy, Kid Karate,To Kill

A King, & The Range, Flaming Lips, 2manydjs, Warpaint, Bell X1, Public Enemy;

Body & Soul, Co. na hIarmhí 20-22 Meitheamh Cé bheidh ann: Goldfrapp, Caribou, John Grant, Jon Hopkins, Darkside, Jessy Lanner, Young Wonder, Mount Kimbie;

Sea Sessions, Co. Dhún nan Gall 27-29 Meitheamh Cé bheidh ann: Kelis, The Strypes, The Dandy Warhols; Walking on Cars; Hermitage Green; Ella Eyre;

nós 15


*

16 n贸s

ag teacht an铆os

ella eyre

flaming lips

hermitage green


*

ag teacht an铆os

n贸s 17

caribou

goldfrapp


*

18 nós

ag teacht aníos

cara dillon camchuairt - bealtaine, meitheamh Tá bean Chontae Dhoire ar ais le halbam úrnua, A Thousand Hearts, a bhfuil cúpla amhrán Gaeilge air agus atá ag gnóthú ardmholta. Tá sí i mbun camchuairte faoi láthair agus is i Whelan's, BÁC, a bheas sí ar 28 Bealtaine, mar aon le go leor ionad eile. Gabh chuig caradillon.co.uk le haghaidh na sonraí ar fad.



20 nós

*

scáileán

The Wind Rises Hayao Miyazaki, pg

***** Nuair a d'fhógair an laoch beochana Hayao Miyazaki anuraidh go raibh sé ag éirí as an cheird ar ghlac sé chuig leibhéal eile ar fad í sa 50 bliain deiridh seo, bhí a fhios ag cách go raibh deireadh ré ann. Mar sin féin bhí an Seapánach íocónach le scannán


scáileán

amháin eile a fhágáil againn, agus is scannán é a chuireann go mór lena oidhreacht luachmhar. Is saothar brionglóideach é The Wind Rises a bhfuil scéal an dearthóra eitleán troda ón Dara Cogadh Domhanda, Jiro Horikoshi, mar inspioráid aige agus a thiteann amach thar bhlianta achrannacha sin an chéid seo caite. In ainneoin an chúlra dhuairc seo áfach, éiríonn uaillmhian agus samhlaíocht de léim. Agus é ina ghasúr, buaileann Jiro ina chuid brionglóidí leis an dearthóir aerloingseoireachta Iodálach Gianni Caproni agus tuigeann sé, cé nach bhfuil sé i ndán dó bheith ina

phíolóta, go gcuirfidh an innealtóireacht i dtreo na spéartha é. Is iomaí cor maith agus olc a leanann, le snáith scéal maoithneach grá ag rith tríd chomh maith. Mar an gcéanna le scannáin eile Miyazaki (Princess Mononoke nó Spirited Away mar shampla), tá maisiúchán álainn casta le feiceáil anseo agus tá téamaí níos troime ná mar a shamhlófá taobh thiar den ghalántacht ós ár gcomhair. Tá macallaí de shaol an stiúrthóra féin le mothú i ngnéithe de The Wind Rises - fear tiománta ar thóir aislinge – agus mar sin is íomhá chuí í chun clabhsúr a chur ar obair fhadréimseach aoibhinn an ealaíontóra seo.

nós 21


*

22 nós

Scáileán

bealtaine AR TG4

spin Dé Domhnaigh 11 Bealtaine, 7.30in Sa chlár seo buailfidh an láithreoir Philip King le Paul Brady agus le Andy Irvine chun labhairt faoi cheann de na halbaim Éireannacha is tábhachtaí riamh. Beidh léiritheoir an albaim Donal Lunny ar an gclár chomh maith le Eithne Ní Chatháin agus casfaidh Andy agus Paul cuid de na hamhráin den albam féin a tháinig amach ar dtús i 1976.

Dé Domhnaigh 18 Bealtaine, 7.30in Sa tríú clár den tsraith nua seo buaileann láithreoir an chláir Philip King le roinnt seanchairde ón mbanna ceoil ‘Moving Hearts’ chun cur síos a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an albam ‘Moving Hearts’ orthu ar fad. Beidh Christy Moore, Declan Sinnott, Donal Lunny agus Keith Donald páirteach sa chlár.

Dé Domhnaigh 25 Bealtaine, 7.30in Sa cheathrú clár den tsraith seo buaileann láithreoir an chláir

Philip King leis an mbanna ceoil The Furey's agus le Davey Arthur. Cuireann siad síos ar chúrsaí ceoil agus ar an saol. Ba é an t-albam The Green Fields of France ceann de na halbaim is mó a díoladh in Éirinn riamh.

Seoidíní Staire Gach Mairt ó 22 Bealtaine, 8in Tá an iarsmalann pop-up ag teacht ar cuairt ar feadh aon lá amháin. Is deis a bheidh ann earraí cuimhneacháin agus luachmhara atá ar iasacht ón phobal a fheiceáil, earraí a insíonn scéal an phobail áitiúil féin. Iarrtar ar mhuinitr na háite dul suas san áiléar agus isteach sna cófraí ar thóir nithe agus iarsmaí a bhfuil ábhar áitiúil stairiúil ag baint leo. Á chur i láthair ag Mairead Ní Chuinneagáin agus cuidiú aici ó dhíograiseoir staire difriúil i ngach ceantar, bíonn na hiarsmaí ar taispeáint don phobal go léir san iarsmalann pop-up a bheidh ar siúl d’aon lá amháin.


*

Scáileán

nós 23

Aimsíodh earraí fíor spéisiúla le linn na sraithe seo a insíonn scéalta maidir le himirce, déantús lása, na Cleamairí, stáisiúin míolta móra, reiligiún agus an gnáthshaol tí. I measc na nithe a dtángthas orthu bhí cros ó aimsir na bPéindlíthe, bonn ar a raibh íomhá de bhean as an áit, carranna den seanré, trealamh feirmeoireachta, uirlisí cócaireachta agus éadaí a bhfuil scéal ar leith ag baint leo uilig. Déanadh scannánaíocht ar an láthair ar an tsraith séchuid seo i Ráth Chairn, Co. na Mí, i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall, in Iorras, Co. Mhaigh Eo, i nDeisceart Ard Mhacha, i gConamara agus i gCill Charthaigh, Co. Dhún na nGall.

Comórtas Peile na Gaeltachta 2014 Dé Domhnaigh 1 Meitheamh Beidh Cumann Peile Mhaigh Cuilinn ag reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta in 2014. Tá Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil ó 1969 i leith, comórtas náisiúnta atá ann d’fhoirne na nGaeltachtaí uile. Is i nGaoth Dobhair a reáchtáladh an chéad dá chomórtas. Tá stair fhada ag Cumann Peile Mhaigh Cuilinn sa gComórtas mar gurb é a bhuaigh an Chomórtas i 1971, éacht atá déanta ag trí fhoireann as Gaeltacht Chonamara ó shin. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill le tráchtaireacht ó Bhrian Tyers.

Dé Domhnaigh 1 Meitheamh 5:30in Ar an aer – tús craolta Beo ó Pháirc an Bhaile Dóite, Maigh Cuilinn Cluichí Leathcheannais i ngrád na Sinsear 5:45in Tús Cluiche Leathcheannais Sinsir #1 7:30in Tús Cluiche Leathcheannais Sinsir #2

Dé Luain 2 Meitheamh 1:30in Ar an aer – tús craolta Beo ó Pháirc an Bhaile Dóite, Maigh Cuilinn ar na cluichí ceannais, sóisir agus sinsir 2:00pm Cluiche Ceannais Sóisir 4:00pm Cluiche Ceannais Sinsir


*

24 nós

Scáileán

bealtaine AR TG4 dara sraith. San Aird Thoir i gCarna a rugadh agus a tógadh Pól. Inseoidh sé do Shíle faoina mhuintir féin, Muintir Uí Cheannabháin agus faoin traidisiún amhránaíochta atá i gceantar na hAirde. Bhain sé an gradam is mó san amhránaíocht ar an Sean-nós, Corn Uí Riada, amach ag an Oireachtas in 2012.

Dé Luain 19 Bealtaine 8in Bean óg as Béal Feirste, Gráinne Holland atá sa stiúideo le Síle Denvir anocht. Labhraíonn sí faoin albam atá eisithe aici agus an grá atá aice don cheol. Freisin déanann sí cur síos ar a saol i mBéal Feirste agus í ag fás aníos.

Dé Luain 26 Bealtaine 8in

sean nós Sraith nua ina gcuireann Síle Denvir cuid de réalta reatha na hamhránaíochta seannóis faoi agallamh agus iad ag trácht ar a suim féin sa traidisiún agus ar na daoine a chuaigh i bhfeidhm orthu. Casfaidh siad corr stéibh freisin, ar ndóigh. Tá aithne fhorleathan ar Shíle Denvir mar amhránaí agus mar chláirseoir leis an ngrúpa bancheoltóirí Liadan. Is as Gaeltacht Chois Fharraige

Vóta 2014 Seo mí na toghchánaíochta ar fud an oileáin agus go deimhin ar fud na mórroinne agus beidh TG4 ann chun clúdach cuimsitheach a dhéanamh ar na feachtais agus ar na torthaí. Beidh anailís agus plé sa stiúideo ar na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le Páidí Ó Lionáird agus léargas as na toghcheantair éagsúla le Eimear Ní Chonaola. Dé Máirt 6, 13 & 20 Bealtaine ag 7-8in chomh maith le Satharn 24 Bealtaine 11.30am – 1pm & 7-8in. Dé Domhnaigh 25 Bealtaine 7-7.30in.

di agus tá suim aici sa sean-nós ó bhí sí ina cailín óg. D’fhoghlaim sí an chláirseach ó Khathleen Loughnane agus tá céim ollscoile sa gceol aice. Is minic í mar aoi-cheoltóir le bannaí agus le grúpaí eile freisin.

Dé Luain 12 Bealtaine 8in Pól Ó Ceannabháin a bheidh i dteannta Shíle Denvir ar an gcéad chlár den

Sa stiúideo le Síle Denvir anocht beidh Irial Ó Ceallaigh, fear óg ón Rinn. Is amhranaí bréa sean-nóis é Irial a bhain amach gradam an-ard ag an Oireachtas anuraidh, Corn Cuimhneachán amhránaithe Sean Nóis Mhúscraí do fhir faoi 35 bliain d’aois.

Dé Luain 2 Meitheamh 8in Bean óg as Ráth Cairn í Cáitlín Ní Mhéalóid a bheidh ar chlár na seachtaine seo le Síle Denvir. Labhraíonn Cáitlín ar fás aníos i Rath Cairn agus ag foghlaim amhráin óna cuid gaolta a tháinig as Conamara.


*

scáileán

frainc ar an bhealach ar bhealach na gaeltachta bbc 2, gach luan ó 26 bealtaine Beidh Frainc Mac Cionnaith ag taispeáint dúinn shlíte Ghaeltacht Dhún na nGall i sraith úrnua ar BBC 2 atá le tosnú ag deireadh na míosa. Is ainm ginearálta é ‘Bealach na Gaeltachta’ ar na ceithre chosán chiorclacha fad-achair i gceantair Ghaeltachta Thír Chonaill: Slí an Earagail, Slí na Rosann, Slí na Finne agus Slí Cholmcille. Sa tsraith cheithre chlár seo, beidh Frainc Rua ag siúl gach ceann de na cosáin, agus ar an aistear dó, taispeánfaidh sé dúinn maorgacht, atmaisféar agus áilleacht an chontae ghairbh ghalánta. Léireoidh 'Ar Bhealach na Gaeltachta' sainléargas ar an cheantar tríd an phobal, chultúr, cheol agus stair, i gceann de na tírdhreacha is neamh-mhillte in Éirinn. Chomh maith leis na dúshláin fhisiceacha a bhaineann le gach aistear, tapaíonn Frainc an deis le bunbhrí a chuid siúil a chur in iúl trína léirmhíniú ealaíonta féin. Bígí ag súil le neart nádúir agus comhluadar cairdiúil ar an bhealach!

nós 25


26 nós

leabhair

eachtraí corto chugainn! corto - Port na Farraige Goirt leabhar breac

De ghnáth ní bhíonn orm breathnú ar níos mó ná suaitheantas Leabhar Breac, foilsitheoirí an leabhair seo, le tuiscint go bhfuil sárshaothar i mo láimh agam. Ní raibh smid díomá orm le 'Port na Farraige Goirt' le Hugo Pratt, úrscéal grafach do dhaoine fásta is déagóirí ní ábhar graosta atá i gceist, díreach creatlach scéil níos suntasaí ná leithéidí Tintin a bheith ann! Sa bhliain 1914 atá sé lonnaithe, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin. Is álainn na pictiúir ann agus

éiríonn leis an leabhar tú a tharraingt isteach i ndomhan ceolmhar, aduain, fairsing. “Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt.” Ropann an scéal chun cinn agus 'ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt'. Is trua liom nach ndéantar an oiread sin forbartha ar an gcaidreamh


*

leabhair

seo, ach beidh orm an chéad eachtra eile a léamh. Seod é an chéad leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha ‘Corto’. Foilseofar an dara leabhar sa tsraith, Corto: ‘An Teach Órga i Samarkand’ ag druidim le deireadh na bliana. Mar sin féin, níl aon saoi gan

locht agus tá corrbhotún cló aisteach anseo is ansiúd, galar atá i bhfad Éireann róchoitianta inár gcuid leabhar uile, ach seo rud nach raibheas ag súil leis ó leabhar a bhfuil a laghad seo téacs ann. Anuas air sin, cé gur scéal soléite ar fad é measaim go bhfuil corr-rian den Bhéarlachas ar an teanga ó áit go háit.

nós 27

Ainneoin sin táim ag dréim go mór leis an gcéad gheábh eile ag Corto agus a chuid cairde cheana. Is maith ann é le cur ar sheilf na nGael, é buailte le scéalta móra na Fiannaíochta a grafaíodh le tamall. Léirmheas le hEoin P. Ó Murchú

TODHCHAÍ NA nirisí Gaeilge FAOI CHAIBIDIL dé céadaoin 18 meitheamh, Áras Scríbhneoirí Éireann, bác Tá dúshláin mhóra roimh na meáin scríofa, irisí ach go háirithe, ó fógraíodh go mbeadh deireadh ag teacht leis an mhaoiniú le haghaidh fhormhór na dtréimhseachán Gaeilge thar an samhradh. Mar is dual do na Gaeil áfach, tá

plé tosaithe faoin bhealach is fearr chun todhchaí na n-irisí a chinntiú agus beidh deis ag an phobal páirt a ghlacadh sa dioscúrsa i lár na míosa sa chugainn. Dé Céadaoin 18 Bealtaine, ar an chlár Cormac @5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh plé dar teideal 'Cad atá i ndán d'irisí na Gaeilge?' ar siúl le hionadaithe ó na hirisí éagsúla, NÓS ina measc.

Beidh an ócáid agus an clár ar siúl ag 5in in Áras Scríbhneoirí Éireann, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Roimh ré ar 3.30in seolfaidh Pádraig Ó Snodaigh taispeántas speisialta, Súil Charad, a thugann léargas ar 200 bliain d'irisí is nuachtáin Ghaeilge. Beidh fáilte roimh chách nó is féidir éisteacht beo leis an phlé ar RnaG.


*

28 nós

gníomhaíochas

caifé gaelach? Tá géarghá le gréasán de chaiféanna Gaeilge, a scríobhann Tomaí Ó Conghaile

M

aidin Dé Sathairn. Éirím go mall agus tá fonn bricfeasta orm. Siúlaim isteach go lár an bhaile, chuig an áit bheag ar nós liom dul gach deireadh seachtaine le haghaidh caifé, uibheacha scrofa agus tósta. Tá mo theanga féin á labhairt ag cách istigh ann agus buailim le cara nó beirt le craic na seachtaine a roinnt leo. Tá cóipeanna d'irisí Gaeilge ar na boird agus amhrán de chuid Seo Linn ag teacht tríd na callairí sa chúinne. Tuigim go bhfuil mé in áit faoi leith. 30 ciliméadar suas an bóthar, i ngnáthbhaile Éireannach, tuigeann bean óg an rud céanna. Tá sí féin in áit atá mórán mar an gcéanna le beár caifé s’agam féin agus mothaíonn sí atmaisféar áirithe a chuireann ar a compord í. Gaeilge an teanga atá ag na daoine eile istigh ann agus tá póstaeir éagsúla ar na ballaí ag fógairt gig de chuid ceoltóra nua ón cheantar an oíche sin agus agóid ar son ceart teanga an tseachtain ina dhiaidh. Ach níl muid inár n-aonar. Tá daoine ag déanamh a leithéide ina macasamhail d’áiteanna ar fud na tíre

– thuaidh agus theas, thoir agus thiar – agus roimh dheireadh an lae beidh cuid acu ar ais le freastal ar cheolchoirmeacha agus ar dhíospóireachtaí agus ar ranganna éagsúla, nó le cúpla buidéal a ól lena gcairde, uilig ina dteanga féin. Cad é seo a deir sibh? Saol rúnda na nGael atá ceilte oraibh? Aisling ó mo bhrionglóidí ina mbíonn Gaeil scaipthe go forleathan ar fud na tíre, iad ar fad ag caitheamh an lae in ionaid bheaga chomhaimseartha a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga iontu? Bhuel, ná bígí buartha, níl aon mhór-athrú i ndiaidh tarlú i dtimpeallacht theangeolaíoch na tíre seo nach bhfuil sibh ar an eolas faoi. D’fhéadfá a rá mar sin gur aisling í, ach aisling ar féidir a fíorú. Aisling ar gá a fíorú. I dtíortha ar nós na Catalóine agus Thír na mBasach, tá caiféanna, pubanna agus ionaid eile neamhspleácha ina gcnámh droma ag gluaiseacht na teanga, agus is mór an difear a dhéanann siad do shaol laethúil na bpobal sin. Cibé baile ina mbíonn tú sna dúichí sin beidh tú in ann theacht ar áit – caifé nó beár beag óige mar shampla – ina bhfuil teanga dhúchais

na tíre á labhairt go hoscailte agus á cur chun cinn ar bhealach muiníneach neamhbhalbh. Ar ndóigh, tá an dá theanga seo níos láidre ná an Ghaeilge faoi láthair ach bíonn na hionaid le fáil fiú i gceantair ina bhfuil an lámh in uachtar ag an Spáinnis, rud a dhéanann níos luachmhaire go fóill iad. Cuireann na háiteanna seo ar chumas Bascaiseoirí agus Catalóiniseoirí bualadh gan stró le pobal s’acu féin, is cuma cén áit a bhfuil siad ina dtíortha, agus neartaítear a bhféiniúlacht dá bharr. Ar bhealach is líonra sóisialta san fhíorshaol iad, agus in aois seo na teicneolaíochta tá a fhios againn uilig an tábhacht a bhaineann le líonrú sóisialta. Ach ar na rudaí is suntasaí faoi


nós 29

gníomhaíochas

na caiféanna, na tithe tábhairne agus na hionaid chruinnithe seo ná gur ón phobal aníos a tháinig siad ar an saol. Ba de bharr riachtanais an phobail seachas mórpholasaí rialtais a bunaíodh iad, agus níor fhan na daoine taobh thiar díobh le cuidiú nó le cead na n-údarás le tús a chur le fíorú a bhfíse. Níl aon amhras ann go bhfuil éachtaí déanta againn féin sa tír seo le hionaid Ghaeilge a chur ar bun thar na blianta – cuid acu in aineoinn na n-údarás chomh maith – ach, agus muid beo anois i dtréimhse a bhfuil an-neamhchinnteacht ann ó thaobh maoiniú tograí teanga de, ní mór dúinn smaoineamh ‘taobh amuigh den bhocsa’ i gcónaí agus tabhairt faoi chur chuige úrnua. Córas amháin atá coitianta chun

caifé pobail a mhaoiniú sna Tíortha Catalónacha mar shampla ná daoine a mhealladh le síntiús míosúil a thabhairt le cíos na háite a ghlanadh. Ní ghlacann sé ach 100 duine le ¤20 a íoc in aghaidh na míosa le sciar measartha suntasach de na costais reatha a bheadh ann d’ionad beag a bhailiú le chéile, ach is iomaí sámhail a d’fhéadfaí a úsáid ach muid bheith cruthaitheach go leor. Ar ndóigh bheadh sé deacair. Ar ndóigh níl an oiread sin airgid ag daoine i láthair na huaire. Ar ndóigh ghlacfadh sé cuid mhór dua agus díograise. Ach b’fhiú go mór an dua céanna. Is é an buntáiste a bhaineann le córais mhalartacha den chineál seo ná go mbeadh muid ag cur le gluaiseacht

phobail atá neamhspleách ar chinntí daoine eile. Glacaimis le cabhair airgeadais nuair atá sé ar fáil ach is léir gur gá dúinn gréasáin a bhunú a bhfuil úinéireacht ag an Ghael ar an tsráid orthu agus a chuireann ar bhealach seasmhach le tógáil ár bpobail. Mar aon le fás na Gaelscolaíochta agus na meán, tá ionaid shóisialta inar féidir le daoine bualadh le chéile agus sult a bhaint as an saol Gaelach riachtanach d’fhorbairt na teanga. Ní chaithfidh siad bheith mór ná mórthaibhseach ach caithfidh siad bheith insroichte, tarraingteach agus saor. Caithfidh siad bheith ann. Beidh ár dteanga agus ár bpobal níos feiceálaí, níos bríomhaire agus níos sláintiúla dá bharr.


30 nós

*

gníomhaíochas

laethanta saoirse


*

gníomhaíochas

nós 31

Téann Méabh Ní Thuathaláin chun cainte le Arturo Villanueva Arteaga ó Partizan Travel faoina fhealsúnacht réabhlóideach a chruthaíonn nasc láidir idir taistealaí agus tír.

D

o chuid mhór againn inniu atá ag smaoineamh dul ar laethanta saoire, ní leor seal ag déanamh boilg le grian i dTenerife a thuilleadh. Tá eispéireas níos mó uainn. Tá meonta aigne ag athrú i dtaca le saoirí agus go leor daoine ag cuartú turais ar leith a bhfuil fiúntas leis, turas a chuireann le tuiscint, taithí, sláinte nó scileanna. Turas a théann i bhfeidhm ar an duine féin. Is dearcadh é sin atá gar do chroí Arturo Villanueva Arteaga, Bascach a chaith deich mbliana in Éirinn mar dheoraí polaitiúil agus atá anois fillte ar a thír dhúchais. Tá comhlacht taistil ar leith díreach bunaithe aige darb ainm Partizan Travel a bhfuil sé mar aidhm aige turais speisialta a chur ar fáil go tíortha áille a bhfuil cúrsaí cultúrtha nó gluaiseachtaí polaitiúla beoga bríomhar iontu. Is minic sa lá atá inniu ann go mbíonn tionchar diúltach ag tionscal na turasóireachta ar phobail, ar chultúir agus ar an timpeallacht agus tá sé de sprioc ag Arturo cur chuige éagsúil, inbhuanaithe a fhorbairt. Cur chuige atá bunaithe ar mheas agus ar dhlúthpháirtíocht, atá i bhfad ón ollturasóireacht tráchtála nach dtugann léargas ceart cruinn ar thíortha agus ar na daoine a chónaíonn iontu. “Baineann tionscal na laethanta saoire úsáid as focail ar nós ‘glas’, ‘áitiúil’, ‘órgánach’ agus ‘inbhuanaithe’, arsa Arturo, “ach is léir nach gcloítear le brí


*

32 nós

gníomhaíochas

na bhfocal go minic, ní i gcónaí a théann na turais a chuirtear ar fáil chun tairbhe do dhaoine áitiúla ná do thurasóirí.” “Tá muidne ag iarraidh rud éigin difriúil a sholáthar, eispéireas fíreanta, agus is dá bharr sin a bhunaigh muid Partizan.” Tíortha ar leith Faoi láthair tá Partizan Travel ag cur turais ar fáil go tíortha a bhfuil cultúr agus stair shaibhir acu, bia den scoth agus tírdhreach álainn, mar aon le cultúir nó polaitíocht láidir beo iontu - Éire, Tír na mBascach, an Chatalóin, Alban, an Chorsaic agus an Bhriotáin, agus tá sé ag i gceist acu cur leis an liosta amach anseo. “Tá muid dírithe ar thurasóireacht inbhuanaithe a chur ar fáil, a léiríonn meas do mhuintir na

háite, a théann chun tairbhe don tír agus do thimpeallacht na tíre, a chothaíonn nascanna idir tíortha agus a chuireann saibhreas cultúrtha agus gluaiseachtaí na dtíortha chun cinn,” arsa an Bascach, atá anois lonnaithe i dtuaisceart Thír na mBascach ach a bhfuil nascanna láidre aige go fóill leis an oileán seo. “Ar na turais a eagraíonn muid, coinnítear líon na ngrúpaí íseal, glactar le hochtar ar an mhéid ag aon turas amháin chun a laghad tionchar a imirt ar an cheantar ina bhfuil muid ar cuairt. “Ar an dóigh sin, is féidir leis an ghrúpa ceangal a dhéanamh le daoine áitiúla, a bheith páirteach sna himeachtaí cultúrtha agus i ngnáthshaol na ndaoine.” Dírtear ar thíortha a bhfuil cultúr agus stair shaibhir acu, bia den scoth, tírdhreach álainn agus cutlúir láidir beo.

Is spéisiúl gur cuireadh síol Partizan Travel in Éirinn roinnt blianta bliana ó shin le bunú ‘Irlandanet’, comhlacht turasóireachta a reáchtáil Arturo nuair a bhí sé ag cur faoi i mBéal Feirste. Cuireadh turais ar fáil timpeall na hÉireann a léirigh cultúr, stair agus polaitíocht na tíre agus ar a raibh an-tóir orthu i measc turasóirí Bascacha agus cuairteoirí forásacha eile den eite chlé. Glacadh na grúpaí chomh fada leis na háiteacha is deise in Éirinn ar nós Aillte an Mhóthair, d’ólfaidís piontaí Guinness sna tithe tabhairne a bhfuil scoth an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil iontu, agus bheidís i láthair ag imeachtaí polaitiúla agus cultúrtha éagsúla fán tír. Tugadh cuairt fiú ar Oireachtas na Gaeilge, fíor-eispéireas Gaelach nach bhfaigheann fórmhór na nÉireannach


*

gníomhaíochas

blaiseadh de fiú. Is ar an mhúnla seo a eagraítear na turais a chuireann Partizan ar fáil anseo agus i dtíortha eile. Taisteal reabhlóideach Titeann Partizan Travel faoi scáth ré nua na turasóireachta ach téann siad “céim níos faide”, a deir Arturo. “Is dóigh liom gur daoine a bhfuil dearcadh fadradharcach acu a chuireann spéis i dtaisteal den chinéal seo,” ar seisean. “Daoine a bhfuil fíorspéis acu eolas breise a fháil ar cad é atá ag dul ar aghaidh sa tír, tuiscint a fháil ar streachailtí na ndaoine agus spéis acu sa scéal taobh thiar de na ceannteidil mhóra a bhíonn sna meáin.” Tugann an cur chuige seo deis don turasóir bualadh le daoine as

tíortha eile atá ar aon intinn leo, gné den idirnáisiúnachas atá tábhachtach don chomhlacht. Is mian leo pictiúr iomlán den tír a léiriú go mbeadh léargas ag na cuairteoirí ar chultúir, ar stair agus ar pholaitíocht na tíre. “Is bealach réabhlóideach taistil atá ann ina gcothaítear ceangal níos doimhne idir an taistealaí agus muintir na tíre. Buaileann na grúpaí le daoine ar an talamh ó ghníomhairí agus iriseoirí go staraithe áitiúla agus ceoltóirí daoine a thugann léiriú ar pholaitíocht agus ar ghluaiseachtaí sóisialta agus ceoil, gach rud a léiríonn brí agus bunús cultúrtha na tíre.” Cur chuige? Turas treoraithe atá ann a chruthaíonn treoraí Partizan ach tá na turais

nós 33

solúbhtha agus cuirtear fáilte roimh ionchur ó na taistealaithe ar an turas. “Tá údáras ag an ghrúpa féin ar a dturas agus ba mhaith linn go mbeadh siad rannpháirteach agus gníomhach ann,” a mhíníonn Arturo. “Tugann muid an deis don ghrúpa cinntí a dhéanamh maidir leis na himeachtaí ar mhaith leo freastal orthu nó na rudaí is mó ar mhaith leo a dhéanamh. Ní hé go bhfuil gach gné den turas greannta i gcloch, tá solubthacht ann chomh agus feicimid go dtéann sin chun tairbhe ar an eispéireas ar fad.” Tá turais á n-eagrú ag Partizan ar fud na hEorpa i mbliana – ina measc turais go hAlba agus an Chatalóin le linn reifrinn neamhspleáchais na dtíortha sin – agus dá mbeadh mhian leat tuilleadh eolais buail isteach chuig www.partizantravel.com


34 n贸s

saol


*

saol

nós 35

ar strae i san fran Bhí eispéireas ar leith ag fear na Ceathrún Rua, Eoghan Ó Loideáin, i gCathair Naomh Proinsias. Seo a scéal...

T

á sé chomh deacair Éireannach a aithneachtáil i measc slua thar lear is atá sé cás bréagaitheanta a dhéanamh idir Clint Eastwood agus Georgia Salpa s’againne, agus í suite ar do ghlúin ag cniotáil geansaí duit! Bheadh, bíonn agus bhí beirt leaid as Conamara níos so-aitheanta fós. Thug an bheirt Nósadóir seo fúthu dul chomh fada le cósta thiar Mheiriceá sa tóir ar chultúr, cailíní agus craic. Gan againn ach máilín an duine agus cúpla dollar eadrainn, chroch muid seol ón bhfuacht i mBaile Átha Cliath agus taobh istigh de lá bhí muid curtha in aithne do theas na gréine thall i San Francisco. Bhí 11 lá amach romhainn agus neart éagsúlachta le feiceáil i gCathair an Cheo. Chomh luath is a leag muid cos ar thalamh ann céard a rinne muid ach

súil a chaitheamh ar an teach tábhairne is gaire agus is Éireannaí don aerfort, Fiddlers Green i gceantar Millbrae. Ar ndóigh is piontaí uisce agus greim le n-ithe a bhí ar intinn againn agus sin amháin. Ní fear mé a mbíonn mórán suime aige cuairt a thabhairt ar áiteacha ‘Éireannacha’ thar lear ach is é mo ghoile a rinne mo chinneadh dom an lá seo. Agus buíochas le Dia go ndéarna. Ba é ‘Fiddlers’, mar b’fhearr aithne air tar éis cúpla lá, ár dteach tábhairne áitiúil. Is nós láidir a bhíonn againn dul a' mheascadh le muintir ‘siar an baile s’againne’ agus muid ar saoire agus is iontach an méid Éireannach ar féidir teacht orthu thar lear san áit cheart. Baile as baile Ba í Karen as Áth Luain a chuir an chéad (míle) fháilte ollmhór romhainn


*

36 nós

saol

agus a bhí mar mháthair uchtála againn gach uair a raibh pionta beag ‘uisce’ uainn. Fiú go bhfuil sí thall breis is scór bliain, níl athrú ar bith tagtha ar an gcanúint ná an gáire mealltach atá aici. B’shin é an scéal céanna ó roinnt mhaith de na sean-leaids sa teach tábhairne. Beidh tuilleadh ó Karen agus an rang Gaeilge ar fhreastail muid air thall níos déanaí... Bhuail muid le freastalaí darbh ainm Megan san áit chéanna. Tar éis ceiliúr pósta a chur uirthi, faoi dhó, inar dhiúltaigh sí mé, faoi dhó, shocraigh muid ar chairdeas amháin. Ba í Megan duine de na Meiriceánaigh seo a chinntigh linn go raibh sí ‘Éireannach’, agus tar éis beagán fiosraithe – agus íde béil óna hathair faoin dá cheist a chuir mé uirthi níos tuisce – fuair mé amach gur fear as Tír Eoghain ab ea é agus cónaí air thall ar feadh na mblianta. Ní hí Megan amháin a d’impigh orainn go raibh fúil ghlas aici. Feiceann sibh féin é agus sibh ag labhairt le turasóirí sa tír seo. Inseoidh siad dúinn an scéal faoina n-athair a bhí gaolta lena mháthair ina raibh sean-deartháir na máthar leo ag obair i monarcha ‘Tayto’ fadó i rith an Ghorta Mhóir agus ionadh an domhain orthu nach bhfuil Pas na hÉireann acu fós. Is í an cheist atá agam féin ná: cén chaoi sa diabhal a ndéarna an tírín beag atá againn toirchiú ar chuid mhaith tíortha ar domhan? Níl mé ag gearán, níl orm ach faitíos go mbuailfidh mé le col naonúir liom i ngan fhios dom amach anseo! Ag bualadh na sráideanna Trí lá caite ar ár sáimhín só agus bhí sean-aithne againn, bhí sé chomh maith agat a rá, ar chroílár San Fran. Agus ticéad luach deich lá de bhus nó traen ar bith sa gcathair inár ngleic againn, níorbh fhéidir muid a stopadh.

Ó Shráid Powell go HaightAshbury agus chomh fada amach leis an nGeata Óir, bhí an chathair ag dul i gcion orainn níos mó ná stumpa ar bith a bhuail muid leo go dtí sin. Ós rud é go bhfuil bealach maireachtála agus meon ansuaimhneach ag cuid mhaith de mhuintir San Fran, thug muid le fios go raibh sé ag dul i bhfeidhm orainn féin agus muid thall ar nós púdar draíochta a bhí muid ag blaiseadh. Lá amháin agus muid ar an mbus chuig Haight-Ashbury (ceantar na hipithe) thosaigh mé ag labhairt le cailín, ‘Megan’ eile mar a tharlaíonn sé – ainm fíor-choitianta thall, bhuail muid le timpeall deichniúr acu agus muid ann! Chuir sí in iúl dom gurb é a breithlá a bhí ann an lá roimhe, 21 bliain

“Ó Shráid Powell go Haight-Ashbury agus chomh fada amach leis an nGeata Óir, bhí an chathair ag dul i gcion orainn níos mó ná stumpa ar bith a bhuail muid leo go dtí sin.”


*

saol

d’aois, agus go raibh sí ceaptha bualadh le cara léithe chun é a cheiliúradh ach nár bhac an cara teacht ar deireadh. Le cunamh ó dhaoine eile ar an mbus shocraigh mé ‘Lá bréithe sona duit’ a chanadh di. Seachas an fear a scread gur cheart go mbeinn spochta, bhí an-chraic againn leis na daoine áitiúla agus bhí cailín amháin beagáinín níos sásta lena lá! Ag déanamh tagairt bheag do na mná thall, ó mhac go deo nach i Meiriceá atá na sármhainicíní fairsing. Ní hé go bhfuil mé ag cáineadh na gcailíní s’againne ach, cosúil linn féin thall, ní thagann lucht leanúna Obama ar cuairt anseo chun ‘McDonald’s’ nó ‘Bud Light’ a bhlaiseadh... má thuigeann tú leat mé.

Ní orainn a bhí an locht nuair a fiafríodh dúinn cúpla uair in aghaidh an lae, “An as Éirinn díobh!?” agus miongháire ar a n-aghaidheanna. Céard a d’fhéadfadh muid a rá seachas, “M’anam gurb ea a leana, m’anam gurb ea!” Tréimhse i bpríosún Nuair a thug muid cuairt ar Alcatraz ní raibh an bheirt Nósadóir seo ag súil le tuirlingt siar chomh fada leis na seascaidí, ach sin mar bhraith sé mar nár athraigh an áit mórán ó shin. Ábhar suime d’aon chuairteoir chuig an gcathair é an príosún míchlúilteach seo agus is fiú lá a chur ar leataobh dhó amháin. Is deacair an áit a shámhlú lán le príosúnaigh leis an méid daoine a bhíonn

nós 37

timpeall ort ann agus is deacair fós a chreidiúint an méid pleanála agus oibre a rinne an triúr príosúnach, Clarence agus John Anglin agus Frank Morris, a d’éalaigh ón ‘Leac’ i mí an Mheithimh 1962. Tá an oiread clú agus cáil ar an scéal faoin éalú seo go ndéarna an comhlucht léiriúcháin ‘Paramount’ scannán faoi in 1979 leis an bpríomhról léirithe ag an réalt ollmhór, Georgia Salpa, mo leithscéal, Clint Eastwood mar Frank Morris. Bob buailte Ar ball beag ansin luaigh mé go raibh muid i bhFiddlers Green lenár gcomhghleacaí craice Karen. Dúirt sí linn go raibh rang Gaeilge á mhúineadh ag bean as Ros Muc ann i


*

38 nós

saol

Thosaigh mé amach le mo ‘Kinky will shiv’ ag briseadh isteach i mo chanúnt féin beagán ar bheagán agus chríochnaigh mé le ‘Go raibh míle maith agaibh a chlann’... phléasc an seomra le gáire - buíochas le Mac Dé!

rith na seachtaine. Chuir muid an turasóireacht ar ceal don oíche sin amháin agus dhírigh muid ar an Ghaeilge a athfhoghlaim mar ‘Mike’ agus ‘Shawn’! Shocraigh muid ár scileanna aisteoireachta a thástáil agus bheartaigh muid an dá ailias thuas a úsáid agus muid mar bheirt mhac léinn as Bostún ar chineál 'briseadh an Earraigh' i lár na Samhna. Bhí mé féin, ‘Shawn’, ag déanamh máistreachta san ailtireacht ‘sa mbaile’ agus nascanna láidre agam le hÉirinn trí cú faoil a bhí ag col ceathrar mo chomharsan. Níor chreid mé cé chomh deacair is atá sé dearmad a dhéanamh ar theanga atá agat ón gcliabhán. Níl sé éasca ligint ort féin nach dtuigeann tú tada den méid atá dhá rá ag Gaeilgóirí eile. Is é an scéal céanna a bhí ann leis na nótaí, bhí níos mó brú orainn rúdaí a

scríobh mícheart arís is arís ná tada eile, bhraith muid go mór ar fhoghraíocht na teanga. Na samplaí is fearr ón oíche ‘Kinky will too?’ agus ‘Air wah latt poke?’ Nach muid na fir ghrinn. Ag sioscadh, i nGaeilge le canúint Bhostún, eadrainn féin, mheas muid gur cheart dúinn fágáil gan aon rud a rá díreach ar fhaitíos. Bhí an oiread suime agus scil labhartha ag na daoine seo sa teanga nach raibh muid ag iarraidh ábhar gáire a dhéanamh astu ach píosa craic a bheith againn leo. Bhí sé in am an sceál a ligean. Ghlaoigh muid ar Karen agus chroch sí léithe isteach deartháir ‘Mike’ a raibh muid ag fanacht leis, Conamarach eile atá ag saothrú cúpla cent thall. Sheas mé in airde agus chuir mé in iúl don rang gur mhaith liom an méid a d’fhoghlaim mé a chleachtadh leo ós ard.

Aithrí le déanamh Ag teannadh isteach ar dheireadh ár seala thall, bhuail sé muid go mbeadh muid sa mbaile faoi cheann cúpla lá agus theastaigh áit uainn chun ár meonta a cheartú. Seo linn chuig ’Hooters’! Ní raibh muid ag iarraidh ár gcarball amháin a shásamh anseo, bhí rud eile uainn... rud beagáinín dána! Ghlaoigh mé anall ar an bhfreastálaí chun an cheist seo a fhiafriú di. Tá mé cinnte gur fiafríodh rudaí aisteacha orthu seo thar na blianta freisin. Bhí mé ag súil le diúltú, ach choinnigh mé orm - “Ar mhaith leat a bheith i do mhainicín do NÓS?!” Bhain mé geit aisti cinnte, ar ndóigh mhínigh mé an aidhm a bhí le NÓS, agus leis an mbainisteoir a tharraing sí anall ina chuaifeach. Ní bhfuair mé cailín, fuair mé triúr! Cé a cheap go mbeadh muid ag crúthú Nósadóirí úra as na Meiriceánaigh seo? Sin agaibh an méid ar féidir liom a scríobh anseo. Le scéal na hirise scaipthe againn i ngach cineál canúna agus teanga déarfainn féin go bhfuil teideál Nósadóirí na bliana tuillte againn go héasca. Muna n-aontófa liom, cén scéal Nósadóireachta atá agat féin?! B’fhearr dhó a bheith iontach maith mar tá muid i mbun pleanála ar an gcéad sluaíocht eile. Idir an dá linn, tabhair aire! Nascanna úsáideacha Escape from Alcatraz: www.youtube.com/ watch?v=KSS0fH9zzFY Ailtireacht i mBostún: www.the-bac.edu Cumann Cú Faoil na hÉireann: www. iwsoi.com


NÍ THAGANN TADA GAN IARRACHT MUISE, NÍ RAIBH AN TÉ A DÚIRT SIN AG MAGADH


*

40 nós

saol

an toileánach Tuairimíocht John Mhic Chonchoille ar a scoiteann Cristiano Ronaldo amach ó shaol an tsacair, agus a mhíníonn go bhfuil oidhreacht an imreora ag croí na cúise...

A

gus tú ag trácht ar laoch spóirt a sháraíonn an gnáthchaighdeán imeartha chomh glan is a dhéanann Cristiano Ronaldo sa sacar, is gnách go bhféadfá a mhaíomh ar a cheird nach bhfuil a mháistir ann. Ní mar sin atá an scéal ag fear Real Madrid. Ó chroch sé an Ballon d’Or leis i 2008, gradam mór aonair an tsacair a bhronntar ar rogha imreora na bliana, tá sé tar éis teacht in áit na leath-phingine faoi thrí - i 2009, 2011

agus 2012 - agus gan ach an cré-umha bainte aige i 2010. Lionel Messi Barcelona a ghnóthaigh chuile cheann acu sin agus bhí an baol ann nach mbainfeadh Ronaldo tús áite amach choíche arís. Le breis agus bliain anuas áfach léirigh fear na Portaingéile go raibh teacht aniar ann agus thug an príomhdhuais leis arís i 2013. Tá údarás aige ar gach gné den imirt, ach is é an bua is mó atá aige ná daingne na hintinne.Tréan nirt a


*

saol

dhiongbháilteachta a chealaigh dúshlán Messi anuraidh. Diongbháilteach oidhreachtúil Ó oidhreacht oileánaigh, cruatan carraigeach Funchal, Madeira, a shíolraíonn an diongbháilteacht seo. D’fhág sé an t-oileán agus é deich mbliana d’aois chun áit a ghlacadh in acadamh peile Sporting Lisbon. Ba dheacair leis scaradh lena áit dhúchais, ach chinnigh an t-oileánach óg go raibh ré na dearóile istigh, agus go gcuirfeadh sé máistreacht ar a cheird. Bhí sé chomh tógtha sin leis an obair go gceapadh sé breis thraenála dó féin; deir lucht bainistíochta an ionaid inar fhan sé go dtagadh siad air sa ghiom i lár na hoíche. Bhí sé ina pheileadóir déanta, beagnach, faoin uair ar tugadh go Manchester United é i 2003. Mar sin féin ba mhinic gearán caite ina threo: é róthúisce chun talún, leisciúil, ciontach de shíor as lagbheart seilbhe liathróide. Ach ba chuma le Ronaldo an chasaoid, agus ba rí-léir é sin i samhradh 2006. Agus Sasana ag imirt in aghaidh na Portaingéile i gCorn an Domhain, cuireadh Wayne Rooney chun bealaigh agus leagadh an locht ar Christiano. B’údar gránach ag muintir Shasana é. Beag beann ar an sciolladh a bhí i ndán dó, d’fhill sé ar Mhanchain. Ghnóthaigh sé trí shraith Phríomhroinne as a chéile idir 2007 agus 2009, chomh maith leis an gCorn Eorpach agus an Ballon d’Or a chrocadh leis i 2008 le 42 cúl san eangach aige. Rath i Maidrid Nuair a chaith Real Madrid ¤90 miliún air i 2009, bhí údarás curtha sna géaga ag an bhfear a tháinig go Manchain ina lagrachán, agus a dhiongbháilteacht intinne anois curtha i láthair an tsaoil aige. Ba ghearr go raibh a luach faighte ag Maidrid uaidh. Faoi dheireadh an tséasúir 2011-12 bhí sé ar an gcéad imreoir le leathscór cúl in aon séasúr La Liga amháin a shárú dhá bhliain as a chéile. Ar ardán na ngradam aonair, áfach, in ainneoin a éachta, bhí sé ar an dtrá folamh i gcónaí. A bhuí lena oidhreacht, bhí sé ar tí cor a chur sa scéal sin chomh maith. Gríosaíodh chun gnímh níos bisiúla ná riamh é an bhliain ina dhiaidh. D’imir sé 59 cluiche agus scóráil sé 69 cúl - 1.17 in aghaidh an chluiche. Bhí 14 acu ina gcúil chloiginn, 36 acu stróicthe chun lín ag an leath-chos is túisce aige, agus an chuid eile scóráilte ag an gcos chlé. Anuas air sin, cabhraigh sé lena chomhghleacaithe 17 cúl a aimsiú, níos mó ná Xavi, Iniesta, Ozil agus mór-uaisle eile

nós 41

na ceirde. Bhí sé dóchoiscthe le linn an tséasúir tríd. Agus cluichí móra na bliana idir leac agus losaid, ba é Ronaldo máistir na ciniúna. Nuair ba ghá don Phortaingéil buachaint i gcoinne na Sualainne, scóráil Ronaldo hat-trick leis an bhfoireann a thabhairt chun na Brasaíle do Chorn Domhanda na bliana seo. Beidh aird shaol an tsacair dírithe ar an gcomhrac beirte idir Ronaldo agus Messi sa Bhrasaíl, fiú mura gcasann an Phortaingéil agus an Airgintín ar a chéile ann. Is féidir bheith socair san intinn, áfach, gurb é Ronaldo a bhéarfaidh báire. Toisc go bhfuil an oiread sin iomrá ar Mhessi mar imreoir aonair, ligtear i ndearmad scaití go bhfuil foireann Barcelona ina crann taca aige. D’fhás Messi aníos ag La Masia, acadamh óige Barça, in éindí le Xavi agus Iniesta. Tá sé tar éis a bheith ag cothú tuisceana lena chomhghuaillithe ó bhí tús a ghairme ann, murab ionann agus Ronaldo. Tá sealbhóir reatha an Ballon d’Or tar éis an gradam úd a chrocadh leis agus é mar bhall de dhá fhoireann éagsúla. Tá teipthe ar Mhessi bheith chomh rathúil céanna in éindí lena fhoireann idirnáisiúnta, agus cé nach bhfuil éirithe le Ronaldo duais mhór idirnáisiúnta a chrochadh leis ach an oiread, is mó éachtaí aonair Cristiano ná Messi, cur i gcás an tour de force úd i gcoinne na Sualainne. Buanseasmhacht Is imreoir ilfheidhmeach é Ronaldo, agus tá ról imeartha úrnua cruthaithe aige, é síor-bhríomhar agus síor-bhagarthach go cliathánach agus go díreach maraon. Is é an cur chuige sin a thug rath dó, é cleachtaithe ar a bheith ag bogadh ó d’fhág sé Madeira an chéad lá riamh. Ar deireadh thiar, áfach, seachas bheith faoi shiúl i gcónaí, tá sé seasmhach. Oileánach is ea é, agus ar nós na háite arb as dó, tá sé scoite amach ón saol, síonchaite agus storrúil. Tá Ballon d’Or 2013 tuillte aige, agus má sheasann sé dúshlán na haimsire sna blianta amach romhainn, tabharfaidh sruth na taoide níos mó gradam chun cladaigh ina chuid eangach. Tá chuile sheans go gcuirfidh sé an lasar sa bharrach ag an bpróiseas úd ag Corn an Domhain i mí an Mheithimh, toisc a ionraice atá cloch, carraig is trá...

Ar an mhí seo chugainn... messi


dearadh


*

Dearadh

Ealaíontóir sa Spotsolas:

dónal ó dálAigh Is iomaí taispeántas a bhí ag Dónal Ó Dálaigh fá Bhéal Feirste le tamall de bhlianta anuas – ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – agus ábhair dhifriúla inspéise ar nós an tírdhreacha agus nithe éagsúla fíoracha mar spreagadh aige. Ar Bhrú na Bóinne agus ar láithreacha ársa eile i nGleann na Bóinne a bhí téamaí a chuid saothar dírithe le déanaí (agus taispeántas rathúil aige in ionad léirithe Bhrú na Bóinne sa bhliain 2010). Péinteanna aicrileacha den mhórchuid a

úsáideann Dónal, ach fáiltíonn sé roimh ábhar eile ar nós pastal agus cré a úsáid fosta. Athraíonn a stíl ealaíne ó thírdhreacha beoga go nithe fíoracha teibí. Tá cúlra i ngrafaicí agus dearadh ag Dónal, rud a bhfuil tionchar aige, is dócha, ar an chur chuige a bhíonn aige agus é ag gabháil dá chuid comhdhéanamh pictiúir. Tá an tionscadal is úire atá aige dírithe ar shuibiachtaí fíoracha na gcluichí Gaelacha agus tá sé de rún ag Dónal taispeántas úr a bheith aige bunaithe ar an ábhar seo roimh i bhfad.

nós 43


44 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 45


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 An Eoraip €80 An Domhan €90


*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.