NÓS 43 - Aibreán 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

CRÁ SA CHONGÓ teanga bhán? baile as baile

Dearbhla Gylnn agus a saothar scannáin

Radharc ar an fhírinne faoin Afracáinis

Saol na nÉireannach san Astráil

aibreán 2014 | eag. 43

múscailte Ceol drithlíneach Tycho


fรกilte


*

fáilte

solas ar an saol Is rómhinic a bhíonn ár ndearcadh ar chúrsaí éagsúla sa saol ag brath ar mheáin atá claonta agus faoi thionchar chumhachtaí móra na cruinne. Glac, mar shampla, an tuairisciú leataobhach a dhéanann meáin phríomhshrutha an Iarthair ar an chogadh reatha sa tSiria nó an fhoclaíocht a úsáideadh faoin coup d’état san Úcráin ag tús na bliana. Taobh eile den fhadhb chéanna é an míthuairisciú a dhéanann cuid de mheáin na hAstráile ar iompar na nÉireannach sa tír, rud a théann i bhfeidhm, is cosúil, ar roinnt don phobal léitheoireachta thall - tá léargas againn ar an fheiniméan seo ar na leathanaigh istigh. Tá ceisteanna eile ann ar ndóigh nach dtugtar aon aird orthu, ceisteanna ar chóir dóibh bheith ag barr na nuachta. Ceann acu sin ná an cogadh leanúnach sa Chongó ina bhfuil thart ar 6 milliún duine i ndiaidh bás a fháil agus ina bhfuil an t-éigniú fiú á úsáid mar arm cogaidh. Is stiúrthóir Éireannach í Dearbhla Glynn a dhéanann iarracht solas a chaitheamh ar an cheist thábhachtach seo - bí cinnte nach gcailleann tú an t-agallamh suimiúil a chuir Ciarán Ó Braonáin uirthi. Ina ainneoin sin, ní go tromchroíoch a rachaidh tú ó leathanach go leathanach san eagrán seo mar go bhfuil go leor ann chun tú a chur ag bogadh; na léirmheasanna ceoil, moladh nua do sheanleabhar agus eile. Tóg go bóg é,

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 30.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Caitlín Nic Íomhair, Ciarán Ó Braonáin, Mícheál Mac an Bheatha, Colin Ryan, M Hooper

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

saol

Léirmheasanna - Ben Ó Faoláin The Olllam ar an mbóthar

6 10

Éireannaigh san Astráil Scéal na hAfracáinise

scáileán

Síntiús

Sa Chongó le Ceamara 12 Belle 18

Faigh NÓS

leabhair Caisleáin Óir

20

22 26

30


6 n贸s

*

Ceol

ceol


*

Ceol

nós 7

Tycho - Awake Ghostly International

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

***** “One of the beauties of instrumental music is that it doesn’t define, it implies. I try to use the music as a framework for you to transpose your own emotions onto it, just like you’ve articulated it.” Scott Hansen (Tycho)

Trí albam atá eisithe go dtí seo ag Scott Hansen mar Tycho, agus is féidir gach a bhfuil impleachtaithe ag ceol uirlise na n-albam úd a shainmhiniú i dtrí fhocal: Boards Of Canada. Ní ath-shamhlú ar cheol Boards Of Canada, ná paistís íorónach, ach aithris chomh mínáireach díreach sin nach mbeadh iontas ar dhuine dá dtabharfadh Boards Of Canada cás cúirte i gcoinne Tycho as tuilleamh caillte. An bhfuil ath-mheascán i stíl Boards Of Canada á lorg agat ar bhuiséad fíorbheag? Déan teagmháil le Tycho. Casadh géar sa scéal é ‘Awake’ - tá cúis mhaith go bhfuil an cnaipe “seinn” brúite nach mór milliún uair ar Soundcloud le cúpla mí anuas ar an bport ‘Awake’ a chuireann tús le fadcheirnín uimhir a ceathar le Tycho. Is port iontach é - ceol giotáir, ambaiste, fuaim iontach iar-rac a bhfuil fuaim dhímheáchan ‘Albatross’ Fleetwood Mac, móiminteam socair ré Mogwai agus aislingeacht cheol Ulrich Schauss ag baint leis. Tá tionchar Boards Of Canada fós le clos, i líocha bíseacha ghiotár Hansen, ach go háirithe, ach tá mealltacht as an nua ag baint leo i gcomhthéacs ceoil seinnte beo ag tríread le rac-drumadóir maith ina measc seachas iarracht dhíorthach an gheocaigh stiúideo aonair. Cleas iontach é, ach is é an t-aon cheann atá le clos ar an albam, le bheith fírinneach. Seacht gcoiriú ar an bhfuaim agus an smaoineamh céanna a bhfuil sa chuid eile den albam, ó Mogwai-éadrom ‘Montana’ go dioscó-rac glioscarnach ‘See’ agus aoibhneas spíonta ‘Plains’. Deir Hansen go bhfuil a chéad fhíoralbam mar Tycho i gceist le ‘Awake’, agus tá an ceart aige sa mhéid is go bhfuil a fhuaim shuaithinseach nua féin ag an ngrúpa anois. Is é an trua é nach bhfuil éagsúlacht go leor ag baint le ‘Awake’ le nach mbeadh fonn codlata ar an éisteoir tar éis dóibh leath an albaim a chlos, ach é sin ráite is léir go mbeidh seó beo Tycho ina rud drithlíneach.


*

8 nós

Ceol

Linda Perhacs - The Soul Of All Natural Things Asthmatic Kitten

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

***** “My music isn’t just recreational, it’s not just entertainment. I have a deeper purpose. My soul is giving itself to the people; I want them to be helped, I want them to be lifted.” Linda Perhacs.

D’fhéadfá a rá go bhfuil a saol caite ag Linda Perhacs ag tabhairt cúnaimh do dhaoine eile, ach ní mar amhránaí-fealsúnaí, go príomha. Is fiaclóir í Perhacs. Tá conaí uirthi i gcroíthailte hipí Chaliforna, Topanga Canyon Boulevard. Is ann, i 1970, a dhein sí taifead ar scoth-albam folk sícideileach, ‘Parallelograms’, é léirithe ag an gcumadóir scannáin Leonard Rosenmann (a bhí mar dhuine dá hothair ag an am). Cé gur imigh ‘Parallelograms’ as radharc ag am a eisiúna de bharr easpa margaíochta agus droch-chaighdeán an chló vinile (a bhí chomh garbh sin gur chaith Perhacs a cóip féin sa bhruscar), in aois seo an idirlín ní fhaigheann aon rud fiúntach bás. Roghnaigh Daft Punk an t-amhrán ‘If You Were My Man’ le Perhacs d’fhuaimrian an scannáin ‘Electroma’ (2006), agus de réir a chéile tá aird á díriú arís ar Perhacs agus stádas cultais inniu ag ‘Parallelograms’ i measc ceoltóirí nua-hipí na linne seo mar Devendra Banhart, Sufjan Stevens agus Julia Holter (atá le clos ar ‘The Soul Of All Natural Things’) et al. Eitlíonn glór Perhacs as na callairí ar foluain. Ach is cuma cé chomh tarraingteach is atá a cuid armóintí taibhsiúla, níl aon éalú ón éileamh a dhéanann liricí Perhacs ort imscrúdú a dhéanamh ar do hipí inmheánach. Tá saghas duine ar leith de dhíth chun saothar de chuid Paulo Coelho a léamh gan tafann soiniciúil a ligean astu agus an leabhar a chaitheamh trasna an seomra. Cuireann amhráin mar ‘River Of God’ agus ‘Song Of The Planets’ an dúshlán céanna romhat. Tá sé deas a bheith deas, gan dabht. Is fíor leis nach bhfuil aon easpa diúltachais ag baint leis an saol seo. Ach galar de shaghas eile arís é an dearfachas má scaoilfear leis an lámh in uachtar a fháil ar réasún. An bhfuil Perhacs níos iomasaí, níos saoithiúla ná an chuid eile againn, nó an bhfuil sí lán de chac? Braitheann an freagra ar ghiúmar an éisteora.


*

Ceol

n贸s 9


*

10 nós

Ceol

Caitlín Nic Íomhair & Méabh Ní Thuathaláin

P

ósadh iontach idir Radiohead, Moving Hearts, Nick Drake agus Bon Iver atá i gceol the olllam, a phléasc ar shaol an cheoil anuraidh le sár-albam máistriúil eapainmneach. Tá an triúr sa ghrúpa – an píobaire laochúil John McSherry as Béal Feirste agus beirt as Detroit SAM, Tyler Duncan agus Michael Shimmin – réidh leis an bhóthar a bhualadh arís an samhradh seo agus iad ag obair ar thaifeadadh nua ag an am céanna. “Beidh muid ag toiseacht ar albam nua a thaifeadadh le linn an tsamhraidh,” arsa John. “Tá cuid mhaith tiúineanna cumtha cheana féin agus níl le déanamh anois agus iad a leagan síos sa stiúideo.” Beidh áthas ar go leor sin a chluinstin i ndiaidh do the olllam creathadh a bhaint as cluasa le bliain anuas lena “rac iarsnag nua-cheilteach” snoite míorúilteach. Is le miongháire a thugann John an cur síos sin ar a gcuid ceoil, é ag admháil gur deacair lipéad a chur ar a gcumadóireacht. “Meascán deas de cheol raic, ceol traidisiúnta, ceol tíre agus snag, a déarfainn féin,” ar seisean. “Rinneadh iarrachtaí lipéad a chur air agus chuala mé tagairtí do cheol fuaimiúil, ceilteach, rac nua agus nua-cheol, cé nach smaoiním féin i dtéarma den chinéal sin. “Ceol atá ann, a mbainim sult as bheith á sheinm agus bheith ag éisteacht leis.” Tá oilteacht ar leith ag croí the olllam – aithnítear McSherry mar dhuine de phríomhphíobairí an domhain agus níl aon chaill air ar an fheadóg ach an oiread. As teaghlach ceolmhar de chuid iarthar na cathrach, ba é John an duine ab óige a bhuaigh príomhdhuais phíobaireachta an Oireachtais riamh agus gan ach 18 bliain slánaithe aige. Ó shin, tá lorg eisceachtúil fágtha aige ar cheol na tíre seo idir cheol traidisiúnta agus eile. Go deimhin, ba dheacair tradcheol na hÉireann a shamhlú dá uireasa. Tá an oiread sin comhoibre déanta aige gur dócha gur chuala tú cheana é – i bhfios nó i ngan fhios duit féin – i bpáirt le leithéidí Sinéad O’Connor, Clannad, Coolfin agus The Corrs. Agus sin gan a thionscadail féin a lua, ina measc siúd na grúpaí iomráiteacha Lúnasa agus At First Light. Dála na laochra ceoil is mó, ní leasc le McSherry a chasadh féin a bhaint as a oidhreacht agus is cinnte go mbíonn dúil ag daoine i gceol the olllam nach n-éisteann le ceol trad ar chor ar bith. “Tá daoine éagsúla ag teacht chuig na gigeanna,” a deir John, “daoine a bhfuil dúil acu i rac seachas trad fiú, rud a fhágann go bhfuil vadhb iomlán difiriúil leis.”

ollaimh

Is fíor dó: tá rud an-éagsúil ar bun acu. Céimithe i snagcheol iad an bheirt as Detroit agus bíonn siad ag ceol le chéile thall sa ghrúpa Millish (“Irish-jazz crossover”). Murar leor sin, bíonn Duncan ag plé le grúpa rac-rince fosta. Ach tá an tsimplíocht go mór chun tosaigh i gcruthúchán na n-ollamh seo – ní theastaíonn aon mhaise ó thallann mar seo – agus thar aon ní eile braitheann tú gliondar an triúir, a gcroíthe istigh i gcumadh agus i seinm an cheoil. Is binn an toradh, agus beidh deis ag daoine an toradh


*

Ceol

nós 11

ar an mbóthar

sin a bhlaiseadh sna míonna beaga amach romhainn, mar a mhíníonn John. “Tá muid ag tnúth go mór le camchuairt ar fud na tíre i mí Iúil agus mí Lúnasa. “Is breá leis na leaids Éire. Tá sí mar a bheadh baile eile ann dóibh agus tá muid ag cothú lucht leanúna láidir dílis anseo chomh maith.” Beidh the olllamh ag seinm sna ceithre chúige ar fad agus ansin ar aghaidh leo chun na Briotáine ag tús Lúnasa don Fhéile IdirCheilteach in An Oriant – sin agaibh an t-eolas, ná cailligí na hollaimh seo i mbun a gceirde!

Camchuairt na nOllamh 18-20 Iúil - Féile Soma, Caisleán Uidhilín, An Dún 22 Iúil - Whelan’s, Baile Átha Cliath 23 Iúil - De Barra’s, Cloch na Coillte, Corcaigh 24 Iúil - The Lobby, Corcaigh 25 Iúil - Dolan’s, Luimneach 26 Iúil - Lios Tuathail, Co. Chiarraí

27 Iúil - McCarthy’s, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí 31 Iúil - Sandino’s, Doire 2-3 Lúnasa - An Chultúrlann, Béal Feirste 4 Lúnasa - Róisín Dubh, Gaillimh 7 Lúnasa - Lorient Interceltic Festival, An Bhriotáin


12 nรณs

scรกileรกn


*

scáileán

nós 13

sa chongó le Ceamara

Léirítear iontas agus uafás an chine dhaonna i scannáin fhaisnéise Dearbhla Glynn. Idir fhásaigh Mhailí, smionagar Gaza, agus dhufairí an Chongó téann sí i ngleic leis na hionad oibre is dúshlánaí ar domhan. Labhair Ciarán Ó Braonáin leis an stiúrthóir óg Éireannach faoina saothar is déanaí is faoina ceird i gcoitinne.

A

n samhradh seo caite bhain scannán faisnéise Dearbhla Glynn The Value of Women in The Congo an phríomh-dhuais amach ag Gradaim Scannán Chearta an Duine de chuid Chomhairle um Chearta an Duine. Ábhar an ghearrscannáin is ea oll-fhadhb an éignithe sa Chongó agus déantar é seo a chíoradh ann gan aon ghoimh a bhaint as. Cuirtear tús leis an scannán le ráiteas lom aon líne: “I bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, déantar bean a éigniú gach 48 soicind.” Atmaisféar trom, sceirdiúil atá ann ó thús deiridh de thoradh an ábhair agus chur i láthair díreach an stiúrthóra. Ní chuirtear aon fhiacail ann sa scannán seo. Níl ann ach guth na mban agus guth na bhfear atá bainteach leis an scéal. Cur chuige as an ngnách is ea é ach ceann a bhí mar rogha an stiúrthóra ón gcéad lá.

“Bhí a lán ama caite agam in iarthar na hAfraice ach bhí an-suim agam sa Chongó i gcónaí,” arsa Glynn. “Bhí máistreacht á déanamh agam sa Léann Forbartha agus bhí mé ag léamh faoi fhadhb an éignithe sa Chongó ach... ní raibh na fir curtha san áireamh in an-chuid den taighde. Bhí roinnt scannán feicthe agam ar an ábhar ach ba iad na daoine a tháinig slán as a bhí mar bhun agus barr an scéil iontu. “Shíl mé go raibh guth na bhfear ar iarraidh. Mar sin, theastaigh uaim dul amach agus labhairt leis na daoine a tháinig slán as agus le lucht déanta na coire chomh maith, leis an bhfáth taobh thiar dá ngníomhartha a fhiosrú. Shíl mé go ndéanfainn fréamh na faidhbe a fhiosrú. B’shin a bhí mar sprioc agam.” Tuiscint ar an bhfadhb Tá níos mó i gceist leis an saothar seo ná iadsan a d’fhulaing a chaoineadh ná lucht


*

14 nós

scáileán

déanta na coire a dhaoradh. Le taithí na bhfear a thabhairt san áireamh is éard atá ar siúl ag Glynn ná iarracht teacht ar thuiscint ar an bhfadhb. Dar léi, níor chóir deamhain bheaga a dhéanamh de na fir seo mar gur ‘toradh cogaidh’ iad agus mar a deir sí féin “ní breitheamh ná coiste cúirte mé”. Is fearr leis an scannánóir óg ceisteanna a chur mar “cén chaoi a dtarlaíonn a leithéid seo don tsochaí?” nó “céard a tharla do na fir seo le hiad a chur i dtreo a leithéide?” É sin ráite, cé go bhfuil taobh na bhfear san áireamh anseo is léir i gcónaí cé hiad íospartaigh an scéil agus in ainneoin thóir na tuisceana, ní ghabhtar leithscéalta dóibh siúd a chuaigh i mbun éignithe. “Bhain an scéal ar fad geit asam. Bhraith mé gur bhrónach an scéal é ina iomlán. Dúirt buachaill 19 bliain d’aois, a bhí ina fhear, liom go ndeachaigh sé leis na reibiliúnaigh nuair a bhí sé 12 agus b’éigean dó éigniú a dhéanamh.

Lean sé air ag éigniú agus b’shin a bhí ar siúl acu. Ghoid tú is d’éignigh tú. Agus sílim gur brónach an rud é gurbh éigean do bhuachaill dhá bhliain déag d’aois a leithéid a dhéanamh. “Mar sin féin, ní bheadh trua agam dóibh. Sílim go bhfuil fulaingt ar an dá thaobh. Ach is uafásach an foréigean a bhíonn á chleachtadh acu.” Tá droch-cháil ar an gCongó ar fud na cruinne de thoradh fhadhb fhorleathan an éignithe ann ach níl ansin ach cuid den scéal. Is léir do Glynn go bhfuil dlúthbhaint ann idir sciúirse an éignithe agus an cogadh fuilteach atá ag titim amach san áit le fada an lá. Éigniú mar arm cogaidh “Tá an t-éigniú mar chuid den chogaíocht leis na cianta,” arsa sise. “Sílim gur úsáideadh an t-éigniú mar uirlis cogaidh in an-chuid coimhlintí: sa Bhoisnia, san Iaráic fiú, rud a tuairiscíodh le déanaí. Sílim go n-úsáidtear é le sochaithe a bhriseadh, a bheag a dhéanamh de

phobail, is le teaghlaigh a scriosadh. “Sílim go raibh an méid sin coimhlinte is foréigin sa Chongó go bhfuil pobail is sochaithe briste ag an easáitiú, ag an gcogaíocht, ag a mbuachaillí á dtógáil uathu le saighdiúirí linbh a dhéanamh astu, is ag mná á n-éigniú. “Tá os cionn sé mhilliún duine maraithe. Is ollmhór an méid daoine é sin. Mar sin, creidim gur gá ceist na coimhlinte a láimhseáil ar dtús sula mbeidh deireadh leis an bhforéigean.” Ciúnas idirnáisiúnta Ach in ainneoin an uafáis ar fad is annamh a chloistear aon rud i dtaobh an Chongó i mbéal mheáin an Iarthair, rud a ghríosaíonn leithéidí Dearbhla Glynn chun oibre. “Téann na meáin i dtreonna éagsúla ó am go chéile. Mar sin, bhí roinnt tuairisceoireachta le déanaí, ach ní chloistear mórán ón gCongó. Dá thoradh sin, theastaigh uaim an scannán


*

scáileán

a dhéanamh le haird a tharraingt air seo mar choimhlint atá ar siúl i gcónaí.” Is é seo an fáth atá luach as cuimse ar shaothar mar seo. Déanann Glynn agus a comhghleacaithe guth a bhronnadh orthu siúd a bhfuil guth ar lár acu. Is féidir le lucht déanta scannáin is iriseoirí aird a tharraingt ar uafáis is ar thragóid atá ligthe i ndearmad ag meáin mhóra an Iarthair, rud a dhearbhaíonn an stiúrthóir seo ina bealach modhúil féin. “An ról atá agam ná díreach scannáin a dhéanamh agus iarracht a dhéanamh scéalta daoine a thabhairt chun solais. Bronnann daoine a scéalta orm agus braithim go bhfuil freagracht orm iad a thabhairt chun solais.” “Chuile áit, in Gaza ach go háirithe, fiosraíonn daoine, ‘Cén fáth nach bhfuil aon rud á dhéanamh ag éinne? An bhfuil daoine ar an eolas faoi seo?’ Séard atá uaim ná scéalta daoine nach mbíonn faoi chaibidil de ghnáth a thabhairt chun solais.”

Contúirt na ceirde Tá seantaithí ag Dearbhla Glynn ar bheith ag obair i suíomhanna dúshlánacha théis di scannáin a dhéanamh fud fad na cruinne. Mar sin féin, ní hionann aon dá áit agus le suíomh is le comhthéacs nua, tagann deacrachtaí is constaicí úra. “Bhí mé imníoch go leor maidir leis an gcaoi a dtabharfainn faoin obair ach nuair a shroich mé an Congó bhí teagmhálaithe den scoth agam agus mar sin, mar a tharla sé, bhí sé ní b’éasca le cur i gcrích ná mar a shíl mé. “Ach, é sin ráite, ní áit róshábháilte é an Congó agus is féidir leis bheith deacair do bhealach a dhéanamh timpeall ar an áit agus tá an córas iontach cam ann. Tagann fadhbanna aniar aduaidh ort i gcónaí. “Mar aon lena bheith iontach daor agus éiginnte, ó bhí mé ann don chéad uair maraíodh an-chuid daoine agus rinneadh éigniú ar dhaoine. Áit an-mhíshochair atá ann agus tá coimhlint bheo

nós 15

ag titim amach go leanúnach ann.” Don ghnáthdhuine, i dtuairim an scríbhneora seo ar aon chaoi, is é an rud is mó a ritheann leat agus ceird den chineál seo á plé ná an chontúirt. Ag ceistiú Dearbhla Glynn ar an ábhar áfach, tá sé de nós aici beag is fiú a dhéanamh dá crógacht is den bhaol a bhaineann le bheith ag saothrú i láthair chogaíochta. “Oibrím i gcónaí le daoine a bhfuil aithne agam orthu, bíonn duine liom i gcónaí a bhfuil muinín agam as, duine ar féidir liom mo bheatha a chur ina mhuinín. “Oibrím ar bhonn an-instinneach sna háiteanna sin. Má tá blas ait ar rud éigin éalaím as an suíomh sin. Bhí anádh orm go dtí seo ach creidim go bhfuil instinn mhaith agam. Níl sé de nós agam mé féin a chur i gcontúirt.” Ach in ainneoin mhionnaí agus mhóidí Glynn nach gcuireann sí í féin in aon chomhthéacs contúirteach tagann píosa amháin dá scannán féin salach ar a


*

16 nós

scáileán

cuid cainte. I measc na n-agallamh leo siúd a d’fhulaingt is leo siúd a rinne an gníomh feictear radhairc ón taobh istigh de phríosún Goma, oirthear an Chongó. Ní amháin go bhfuil an príosún ag cur thar maoil le príosúnaigh ach ciontaíodh os cionn 70% dóibh in éigniú. Anuas air sin, níl garda príosúin ar bith san áit. “Bhí mé i dteannta duine éigin a bhí ag déanamh aistriúchán dom ach ní raibh fonn air dul isteach i gclós an phríosúin. Dúirt sé, ‘Má tá tú ag dul isteach ansin, tá tú ag dul isteach ar d’aonair. Is gealt thú má théann tú isteach ann.’ Ach labhair mé leis an bhfear a bhí ina cheannaire ar an bpríosún agus d’iarr mé air mé a thabhairt isteach. “Ba cheannaire nó taoiseach na bpríosúnach é. Bhí an príosún faoi stiúir aige... bhí muinín agam as, is dócha. Ar bhonn instinneach arís, thuig mé nach ligfeadh an fear seo d’aon cheo tarlú dom agus ní raibh mórán ama agam. Ba dheis domsa é píosa an-mhaith scannánaíochta a dhéanamh. Ach dúirt roinnt go raibh mé as mo mheabhair lena leithéid de rud a dhéanamh, go háirithe agus mé i mo bhean.” Réimse saothar Ní hé seo an chéad uair do Glynn aitheantas a fháil as a cuid saothar. Sa bhliain 2010 sciob sí léi an duais chéanna ag Gradaim Scannán Chearta an Duine lena scannán Gaza: Post Operation Cast Lead. An iarracht sin lean an stiúrthóir amhránaí sean-nóis Chonamara Treasa Ní Cheannabháin ar turas timpeall Stráice Gaza théis ionsaí fíochmhar Iosrael. Ach ní i gcónaí a bhí cearta daonna mar ábhar scannán aici. Thosaigh sí amach leis an scannánaíocht ag díriú ar chúrsaí cultúrtha is ealaíne. “D’fhreastail mé ar choláiste ealaíne agus bhí an-suim agam i scannáin fhaisnéise, b’aoibhinn liom iad, agus mhúin mé úsáid an cheamara dom féin. Shochraigh mé ar scannán

a dhéanamh ar chara liom atá ina healaíontóir agus a shiúil oilithreacht Santiago de Compostella. Shiúil mé trasna na Spáinne léi leis an gceamara is rinne mé a turas a scannánú agus ba é sin mo chéad scannán faisnéise.” “D’aistrigh mé ó scannáin ar ábhar na healaíne nó an chultúir go dtí ábhair na gceart sóisialta is polaitíochta. Is dócha go raibh an-suim agam sa tsochaí, sa phobal, san ealaín is sa chultúr agus sílim gur athraíodh cúrsaí théis dom an scannán a dhéanamh ar Mhailí [Dambé: The Mali Project], a raibh sé mar sprioc aige cultúr na hAfraice is na hÉireann a chur chun cinn is a cheiliúradh ach a thug fadhb mhór fhairsingiú fásaigh Mhailí agus triomú na habhann chun solais.” Agus í i Mailí, iarradh ar Glynn dul go Gaza agus tá sí ag cur bhfuil ansuime sa Phalaistín ó shin dá bharr. “Ritheann rudaí liom agus imím. Bíonn fonn orm dul áit éigin agus an scéal a fhiosrú ann. Is dócha gur athraigh mo sheal san Afraic chuile rud dom.”

Comhairle Mar fhocal scoir, don té a mbeadh sé de dhánacht aige nó aici dul i mbun a leithéide de cheird amach anseo fágfaidh mé le dea-chomhairle an stiúrthóra chumasaigh seo thú. “Ní rachainn áit ar bith gan aon teagmhálaithe. Rinne mise iarracht i gcónaí dul amach le heagraíochtaí: eagraíochtaí neamhrialtais, nó grúpaí cearta daonna a raibh an-mheas agam ar a n-obair, tá sé sin tábhachtach. “Tá rud éigin de dhíth ort leis an mbóthar a réiteach do d’obair, d’fhéadfadh contúirt bheith ag baint le bheith áit éigin ar d’aonair. Ní theastaíonn uait tú féin a chur i mbaol. “Chomh maith leis sin, ní mór duit cur chuige na ndaoine eile a thuiscint. Tuigim go maith gur eachtrannach mé ag teacht isteach agus teastaíonn uaim meas a léiriú ar chultúir daoine eile. “Tá an-tuiscint go deo de dhíth ar an gcomhthéacs freisin, má theastaíonn uait scannán a dhéanamh. Is maith liom an méid is mó ama agus is féidir


*

scáileán

liom a chaitheamh in áit mar gan é sin a dhéanamh d’fhéadfainn tuairimí aineolacha a nochtadh nó d’fhéadfainn daoine eile a chur i mbaol toisc mé bheith ann. “Mar sin, is maith an rud é bheith ag obair le heagraíochtaí neamhrialtais, nó grúpaí cearta daonna a thabharfaidh tacaíocht do do shaothar. “Níor chóir d’éinne iad féin a chur sa bhearna bhaoil mar maraítear daoine: iriseoirí, lucht déanta scannáin. Tá níos lú sábháilteachta ag baint le hobair na meán anois. Ná bí soineanta riamh; coimhlint is ea coimhlint. “Ar deireadh, má tá smaoineamh agat agus má tá tú paiseanta faoi, creidim gur fonn a níos fiach (where there’s a will, there’s a way), ní ligfinn d’airgead bac a chur orm is ní éistfinn leo siúd a deir gur gealt thú. “Sílim gur rudaí iontach cumhachtacha is ea daoine. Déarfainn i gcónaí, téigh ann is déan é. Téigh agus teagmhálaithe agat is bí cinnte go bhfuil daoine agat thall a thabharfaidh lámh cúnta duit.”

nós 17


*

18 nรณs

scรกileรกn

gugu mbatha-raw mar dido belle


*

scáileán

nós 19

Belle

amma asante, PG Eoghan Ó Loideáin

*****

Bunaithe ar fhíorscéal Dido Elizabeth Belle – cailín gorm (Gugu Mbatha-Raw) a rugadh ‘go neamhdhlisteanach’ d’aimiréal i gCabhlach Shasana - atá an scannán seo. Agus í óg, tógann a hathair go Sasana í chun cónaí le huncail leis, An Tiarna Mansfield, Tiarna PríomhBhreitheamh Shasana ag an am. Mar gheall ar dhath a craicinn ní mó ná sásta atá Mansfield (Tom Wilkinson) lena nia agus gur cuireadh an tromualach seo air féin. Sa leagan scannáin seo den scéal stairiúil, déanann Mansfield cinnte nach mbíonn eolas ag aon duine ar an ngaol nua seo atá aige agus cumann sé an scéal gur cara í a tugadh isteach chun a bheith mar chomhluadar dá iníon féin, col ceathar le Dido, Elizabeth. Léirítear go soiléir na deacrachtaí atá ag Dido agus í ag fás aníos i sochaí a chaitheann anuas uirthi, agus ar aon duine gorm. Nuair a thiteann sí i ngrá le dlíodóir, ní ghlacann Mansfield, ná cuid mhaith eile daoine, leis an gcaidreamh mar nach gceapann sé go bhfuil sí sách maith d’uasaicme Shasana. Is í príomh-aidhm an stiúrthóra Amma Asante – a rugadh i Londain do thuismitheoirí Afracacha – ná leargas a thabhairt ar ardréim na sclábhaíocht a bhí chomh fairsing sin i Sasana ag an am, 1779, agus ar an dúshlán mór a bhí roimh aon duine a rinne iarracht an tsochaí seo a athrú. Tá foireann láidir aisteoirí le feiceáil in ‘Belle’ le corr-éadan a bhfuil aithne mhaith orthu faoin tráth seo, Sam Reid, Emily Watson agus Tom Felton ina measc. Is dráma stairiúil é seo ach dráma stairiúil le stíl agus teachtaireacht taobh thiar de, an rud is annamh… Beidh ‘Belle’ sna pictiúrlanna ó 13 Meitheamh.


20 n贸s

leabhair


*

leabhair

nós 21

athléamh tuillte

“A Shéimí, goidé an cineál tithe iad sin, arsa sise, ag amharc ar na néalta, atá os cionn luí na gréine? Tá, arsa Séimí, sin caisleáin óir a bhfuil na daoine beaga ina gcónaí iontu...” Cosúil le beagnach gach duine a rinne staidéar ar an Ghaeilge don Ard-Leibhéal nó don Ardteist thar na blianta, bhí orm ‘Caisleán Óir’ le Séamus Ó Grianna a léamh mar chuid den chúrsa. Suite i gceantar dúchais ‘Máire’ ag deireadh an 19ú céad agus tús an 20ú céad, is scéal grá agus óige é le críoch bhrónach atá steiréitipiciúil go maith do sheánra na n-úrscéalta Gaeltachta. Agus mé ar scoil, d’fhoghlaim mé nótaí an mhúinteora faoin úrscéal seo de ghlan mheabhair, ghlac mé gurbh iad an fhírinne lom, agus lig mé do mo pheannsa iad a chaitheamh amach ar leabhrán na bhfreagraí gan cheist, gan smaoineamh. Is cuimhin liom roinnt mhaith acu sin go dtí an lá atá inniu ann. “Ní oibríonn sé mar úrscéal.” “Níorbh úrscéalaí é Ó Grianna.” “Is é an luach is mó atá leis an leabhar ná gur foinse stair shóisialta é.” “Is é an bua is mó a bhaineann leis ná an Ghaeilge féin, atá saibhir dúchasach.” Agus srl, agus srl. Tá rian na fírinne ar fáil sna nótaí sin go léir ach ní dóigh liom anois go seasann na hargóintí sin agus mé i mo dhuine fásta. Ar na mallaibh, léigh mé ‘Caisleán Óir’ arís, tá mé ag déanamh go bhfuil sé léite agam tuairim ar 6 uair anois. Tharla rud éigin an uair seo áfach, bhuail smaoineamh mé nach raibh ag teacht le barúil mo mhúinteora scoile – is leabhar den scoth é seo. Sin an fáth ar léigh mé arís is arís eile é – bhain mé ansult as, mar úrscéal, ní díreach mar thobar Gaeilge. Ní hé gurb é an t-úrscéal is cirte ó thaobh ealaíon na húrscéalaíochta de. Tá lochtanna air gan amhras ach tá scéal ann, agus oibríonn sé go maith dar liom. Bíonn tú ag iarraidh fáil amach cad é mar a éiríonn leis na carachtair agus tá an fhiosracht sin ag croí aon phlota, in aon

teanga agus ó aon aois. Ar an iomlán, tugann a chuid saothar le fios gur scríbhneoir an-mhaith a ba é Ó Grianna, agus tá mé den tuairim go dtuigfear sin níos coitianta amach anseo. Tugann an leabhar léargas den scoth ar chúinsí sóisialta na linne ach is iad na sonraí fírinneacha sin faoi chruatan agus nósanna na tíre breis agus 100 bliain ó shin a chuireann leis an scéal, agus leis an réaltacht a bhaineann leis. Cuireann caighdeán na Gaeilge atá ar fáil ann go maith le heispéireas an léitheora chomh maith ach ní hé sin an fáth gur cheart é a léamh. Ba shuimiúil liom, cé gur Gaeilge an-shaibhir atá ar fáil ann, cé chomh simplí is pléisiúrtha a bhí sé le léamh, mar ba fhíorshaibhreas dúchasach é, ní bréagshaibhreas an fhoghlaimeora a shlog siar an foclóir. Éiríonn le hÓ Grianna an léitheoir a thabhairt leis, ar ais go Rann na Feirste ag tús an chéid seo caite agus is furasta an tsochaí sin agus na daoine a bhí páirteach ann – Séimí, Babaí Mháirtín agus eile – a shamhlú agus an leabhar i do ghlac. Is leabhar é seo a mholfainn do dhaoine a léamh, agus má tá sé léite agat, a léamh arís. Mícheál Mac an Bheatha


22 n贸s

*

Ceol

saol

Baile as baile


*

saol

nós 23

Is léir go bhfuil míchlú ar dhrochiompar na nÉireannach san Astráil ach an bhfuil sé tuillte acu? Tuairisc ó Niamh Ní Chadhla sna Fritíortha.

I

s ar éigean go bhfeictear nó go gcloistear rud ar bith dearfach mar gheall ar na hÉireannaigh san Astráil faoi láthair. Sna meáin tugtar le fios gur alcólaigh iad go léir atá mí-fhreagrach, foréigneach agus atá ag goid na bpost uilig atá ar fáil sa tír aíochta. Táimse i mo chónaí san Astráil le breis agus bliain anuas agus, ag tarraingt ar mo thaithí phearsanta amháin, caithfidh mé a rá nach é an cás iomlán é. An taobh diúltach Cinnte, tá Éireannaigh áirithe atá anseo ar laethanta saoire amháin agus is cuma leo má chailltear a bpoist – ní a ngairmeacha atá i gceist agus táthar den bharúil gur féidir post eile a phiocadh suas gan stró. Is cuma leis na daoine céanna mar gheall ar na hiarmhairtí a ghabhann le hárasán a scriosadh, is é an t-alcól agus na tithe tábhairne na rudaí is tábhachtaí leo agus tá an chuid eile den scéal ar eolas agat is dócha. Ach tá drochiompar an mhionlaigh ag dul i bhfeidhm ar chúrsaí abhus, i réimse na hoibre, an lóistín agus maidir le dearcadh na nAstrálach. Más Éireannach thú, glac leis go mbeidh sé níos deacra ort teach nó


*

24 nós

saol

árasán a fháil. Níl muinín ag tiarnaí talún sna hÉireannaigh agus dúradh sin liomsa ó ghníomhaire eastáit réadaigh. Tá sé beagáinín níos deacra post a fháil chomh maith agus gach seans go gcloisfidh tú tagairtí maslacha i leith na nÉireannach. Creidim go bhfuil an seasamh atá ag na hAstrálaigh maidir le hÉireannaigh an-chosúil leis an mheon a bhí ag Éireannaigh áirithe maidir leis na Polannaigh nuair bhí ráta ard inimirce ann. Fuath ar mhaithe le fuath, cá bhfios? An taobh eile Ach, agus ‘ach’ mór atá i gceist anseo, níor bhuail mise lena leithéid a ndearna mé cur síos orthu thuas. Bhuail mé lena mhalairt mar a tharlaíonn sé. Éireannaigh chairdiúla, chabhracha, dhualgasacha, dhícheallacha. Bhíodar uilig ar thóir na craice ar ndóigh ach craic dhleathach, craic ghlan. An cineál craice a théann leis an

ógra. Más ginearálú an méid seo, sílim in amanna gur féidir le hÉireannaigh san Astráil bheith níos cairdiúla fiú ná Éireannaigh sa bhaile. Go dtí gur shroich mé an Astráil cheapas gur miotas a bhí san fhinscéal a bhain le cineáltas na nGael ach gan dabht cuirtear an céad míle fáilte cháiliúil sin romhat láithreach nuair a bhuaileann tú le hÉireannaigh thar sáile, fiú muna bhfuil mórán aithne acu ort. Tá an-bhraistint de chomrádaíocht i measc na nÉireannach san Astráil agus is é a chuirfeas an ola ar do chroí agus iad mórthimpeall ort. Mothaíonn tú sábháilte ina measc agus tá sé sólásach ar shlí go bhfuil an méid sin díobh abhus ar an aistear céanna leatsa. D’fhéadfá do shaol a chaitheamh amuigh gan mórán idirghníomhaíochta leis na hAstrálaigh féin, tá an oiread gnóthaí Éireannacha, fostaithe Éireannacha, comhghleacaithe Éireannacha, cairde Éireannacha ann

go gcruthaítear tinteán an-chosúil le do thinteán féin sa bhaile. Agus mé abhus anseo le hocht mí, bhog mé go Sydney le beirt chara liom. B’iad na cairde ar thaistil mé ón tús leo agus bhí cara eile linn ar a slí sall le bualadh linn. Bhíomar ag fanacht i mbrú salach in Coogee agus muid ag déanamh ár ndíchill poist agus árasán a aimsiú dúinn le socrú síos san áit. Is ansin a dúradh liom go raibh mo chairde ag dul abhaile agus go raibh na ticéid curtha in áirithe acu. Go tobann bhí mé tréigthe, eaglach agus i m’aonar ar an taobh eile den domhan. Ní raibh aon phost agam, ní raibh áit le fanacht agam, ní raibh aithne agam ar éinne sa chathair. Bhí mé ar an bhfón le mo mhuintir croíbhriste agus dólásach. Tonn tacaíochta Cuireadh ionadh orm an tonn tacaíochta a tháinig i mo threo.


nós 25

Daoine nach raibh aithne agam orthu, daoine nár bhuail mé leo riamh. Bhí ríomhphoist agus glaochanna teileafóin ag teacht isteach ó sheanchomhghleacaithe mo dhearthár, ó chairde scoile mo dheirfiúracha, ó nia chara mo mháthar... d’fhéadfainn dul ar aghaidh ‘s ar aghaidh. Bhí mé i bponc agus bhí Éireannaigh eile ar fud Sydney lán sásta lámh chuidithe a thabhairt dom gan aisíocaíocht á lorg acu. Ghlac mé le cúpla tairiscint agus ar deireadh tugadh lóistín dom saor in aisce ar feadh seachtaine agus tugadh post dom chomh maith. Tugadh an-aire go deo dom agus bhí mé níos fearr as ina dhiaidh le cúpla cara nua déanta agam. Measaim gur creidiúint é seo d’iompar na nÉireannach agus ní cóir an chluas bhodhar a thabhairt dó maraon leis an dea-iompar ar fad eile atá le feiceáil agus an obair chrua a chuirtear isteach sna gnóthaí Astrálacha agus na milliúin dollar atá á gcur ag na fostaithe

Éireannacha isteach sa gheilleagar dúchasach. Téann daoine ag taisteal ar chúiseanna éagsúla agus bíonn spriocanna áirithe le baint amach ag gach duine acu. Leathnú Gaelachais Príomhchúis agus sprioc a bhíonn ina measc go minic ná aithne a chur ar áiteanna agus ar chultúir dhifriúla. Amanna filleann an taiscéalaí, amanna ní fhilleann. An fhíric chinnte ná go n-athraíonn an taisteal an duine. Deascéal nó drochscéal? Braitheann sé. Don mhórchuid measaim gur maith an rud é na Gaeil bheith san Astráil. Fuaireadar blas de chultúr éagsúil agus cothaíodh bród ina gcultúr féin dá bharr. Tá meanma na nÉireannach faoi lán seoil mórthimpeall na hAstráile. Tá foirne peile agus sraitheanna peile agus iománaíochta á mbunú, tá pobal Gaelach á chothú agus tá an cultúr

ag dul i méid agus i neart. Tá oll-fhadhb ag na hAstrálaigh leis na hainmneacha Gaelacha – ‘Seeoban’ is ea Siobhán, ‘Sin-eead’ is ea Sinéad, ‘Ay-oh-fee’ is ea Aoife agus glaoitear ‘Nyam-ha’ agus ‘Neem’ don chuid is mó ormsa. Cúis gáire a bhíonn ann go minic ach bíonn an-chuid ceartúchán agus fadhbanna riaracháin bainteach leis, ach glactar leo agus déantar na botúin a cheartú... arís is arís is arís eile. Níl na Gaeil ag comhghéilleadh don mhílitriú ná do na hathruithe mar a rinneadh blianta ó shin i Meiriceá agus Sasana agus leanfar leis an nós seo i mo thuairimse. Chun mo cheist féin a fhreagairt, ní dóigh liom go bhfuil droch-cháil na nÉireannach tuillte go hiomlán. Feictear domsa gur bhláthaigh an leagan is fearr de chine na nGael abhus san Astráil agus tá súil agam, pé síol atá curtha anois iontu, go dtugann siad ar ais leo é nuair a fhilleann siad chun spiorad na máthairthíre a dheisiú.


*

26 nós

saol

teanga bhán, teanga ghorm Tá íomhá dhiúltach ag an Afracáinis i súile go leor daoine go fóill, í ceangailte go deo le tréimhse na cinedheighilte san Afraic Theas. Ach ní sin iomlán an scéil, mar a mhíníonn Colin Ryan...

T

hosaigh an Afracáinis ag scaradh leis an Ollainnis san 18ú haois, ach níor bhain sí lánstádas oifigiúil amach go dtí an fichiú haois. San aois sin d’fhág dúire agus foréigean bheartas an Apartheid smál uirthi agus í mar theanga dhúchais ag baicle náisiúnaithe a raibh rún acu na gormáin a choinneáil faoi chois san Afraic Theas. Theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail ghorm agus déine na smachtbhannaí, ach is minic nach dtuigtear fós gur teanga í an Afracáinis a bhí á labhairt riamh ag pobal mór neamhbhán – na Bruinmense (‘Coloureds’), dream de shliocht an-mheasctha. Iadsan is túisce a bhain feidhm as an an ainm ‘Afrikaner’. San Afraic Theas tá timpeall seacht milliún cainteoirí Afracáinise, agus is iomaí duine a labhraíonn í i bPoblacht na

Namaibe (atá sa chrích ag an Afraic Theas) mar an dara teanga. Is teanga oifigiúil í san Afraic Theas agus í ar chomhchéim le Béarla agus le naoi dteanga Afracacha eile. Tá brú ann ón mBéarla: fiú sa bhliain 1976 d’éirigh daltaí gorma meánscoile amach in Soweto mar agóid i gcoinne úsáid na hAfracáinise mar theanga theagaisc in áit an Bhéarla. Ach b’agóid pholaitiúil í sin, agus is beag baint a bhí aici le labhairt na teanga sna ceantair ar láidre í. Pobal measctha Tá canúint dá gcuid féin, Kaapse Taal, ag pobal Cape Town (Kaapstad). Cé gur de shliocht measctha na daoine seo go léir, ní hionann an meascán i ngach ceantar. Dream ilteangach iad: is minic iad ag tarraingt Kaapse Taal, Afracáinis chaighdeánach agus Béarla orthu féin as éadan a chéile.


*

saol

Bhí cainteoirí Afracáinise de shliocht measctha páirteach sa troid i gcoinne Apartheid agus beartais eile den saghas céanna a bhí ann roimhe sin. De réir an an tsuirbhé futurefact, deir cainteoirí dúchais Afracáinise gur Afracaigh iad go bunúsach, ach tá tréithe sóisialta na teanga ag athrú. Tá an oiread céanna cainteoirí de shliocht measctha agus cainteoirí bána sa mheánaicme anois, ach is mó an líon cainteoirí de shliocht measctha atá le fáil i measc an lucht oibre, agus is iomaí cainteoir bán a bhain amach an uas-mheánaicme agus an uasaicme. Níl fáil ach ag 18% de na cainteoirí donna ar an idirlíon le hais 47% de na cainteoirí bána. Tríd is tríd, ní dóigh le cainteoirí de shliocht measctha go bhfuil siad an-chosúil le cainteoirí bána i gcúrsaí cultúir, polaitíochta agus sóisialta. Tá a rian sin le feiceáil ar chúrsaí oideachais. Tá claonadh ag daoine óga de shliocht measctha chun iompú ar an mBearla, ach b’fhearr le tuismitheoirí bána oideachas trí Afracáinis a chur ar a gclann. Is baolach mar sin go gcaillfidh an teanga cuid éigin den ilghnéitheacht agus den bheocht a bhain léi riamh. Éagsúlacht liteartha Ba mhór an t-ardú céime don teanga an t-aistriúchán Afracáinise den Bhíobla a tháinig amach sa bhliain 1933. Tháinig borradh faoin litríocht, agus le linn Apartheid bhí scríbhneoirí Afracáinise orthu siúd ba mhó a chuir in aghaidh bheartais an rialtais. Anois tá fuinneamh ar leith sa litríocht Afracáinise, agus baint nach beag ag scríbhneoirí nach Afracánaigh iad leis

an scéal. Orthu sin tá Adam Small, duine de shliocht measctha a bhfuil baint aige leis an ‘Black Consciousness Movement’ (die Swart Bewussynsbeweging) agus cuntas tugtha aige ar shaol a leithéidí le linn Apartheid. Baineann sé feidhm éifeachtach as Kaapse Afrikaans: die Here het gaskommel en die dice het verkeerd geval vi’ ons daai’s maar al… (Chaith Dia na díslí agus thit siad go contráilte, sin an méid…) Sampla den chlaochlú polaitiúil is ea an nuachtán Die Burger. Ba é páipéar oifigiúil an Pháirtí Náisiúnta (páirtí mór Apartheid) é tráth, ach sa bhliain 1990 dúirt an t-eagarthóir Ebbe Dommisse leis an bpáirtí nach labhródh an páipéar ar a shon feasta. Sa bhliain 1999 ceapadh eagarthóir liobrálach (Arrie Rossouw) agus sa bhliain 2006 ceapadh Henry Jeffreys, an chéad eagarthóir gorm. Ní shamhlófá riamh fadó go scríobhfadh iriseoir píosa don pháipéar le hómós do Nelson Mandela (Madiba) ach sin a tharla ní ba luaithe i mbliana: Heel dikwels ontneem die dood ons iets kosbaars – iets waarvan ons slegs die volle waarde besef wanneer dit nie meer daar is nie. Madiba was so iemand. (Is minic a bhaineann an bás rud luachmhar dínn – rud nach ndéanaimid a luach a mheas go dtí nach bhfuil sé ann a thuilleadh. Duine den saghas sin ba ea Madiba.) Mar an gcéanna le cuid mhór cultúr agus teangacha eile ar fud an domhain, ní mar a shíltear a bhítear i gcás na hAfracáinise.

thuas ar clé, an séadchomhartha náisiúnta ar son na hafracáinise; ar bharr; comhartha bóthair i dtuaisceart na hafraice theas

nós 27




glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.