__MAIN_TEXT__

Page 1

déan | bris | léigh

glúin úr lurgan suáilce na sicile íomhá imram

Forbairtí ceoil sa Choláiste cois fharraige

Blais an éagsúlacht ar an oileán meánmhara

Dearadh den scoth ón fhéile litríochta

€4/£3.50

deireadh fómhair 2014 | eag. 46

uaschúrsáil Ag cruthú an nua as an sean


fรกilte


*

fáilte

ag cúrsáil thart Is minic nach mbíonn an deis ag mórán againn sos beag a thógáil ón saol gasta gan stad seo ina bhfuil muid beo. Bíonn an iomarca freagrachtaí orainn, nó rudaí eile ann chun ár n-aird a ghoidim, nach mbíonn an t-am ná an toil ann fíor-shuaimhneas a fháil, fiú ar feadh tamall gairid. Ba chóir dúinn ar fad áfach ia rracht a dhéa na mh bogadh ón chúrsáil leanúnach seo go cúrsáil de chineál eile ó am go chéile. Bíon n s é r i a c ht a n a c h á r smaointe a athchúrsáil, ár gcadhnraí a athluchtú agus, más gá, ár bpleananna a athscríobh. Rud amháin a thugann deis dúinn seo a dhéanamh ná an t-ióga, cleachtas cumhachtach atá ag fás anseo in Éirinn i measc na nGael. Tuilleadh faoi sin istigh. Nós eile atá ag méadú, agus a thugann orainn bheith machnamhach,

ná an ‘uaschúrsáil’ féin ina dtugtar saol nua do nithe éagsúla a bhfuil a seal curtha isteach acu. Fealsúnacht ar fiú súil a chaitheamh uirthi gan aon agó. Mar sin féin, is dócha, agus an t-eagrán seo á léamh agaibh, gur fearr daoibh tabhairt faoi na moltaí seo i gceann seachtaine nó dhó seachas díreach anois agus príomhfhéile na bliana díreach thart an choirnéal uainn. Tá réa m ha m ha rc gont a a r Oireachta s na Sa m h na sna leathanaigh romhat, chomh maith le hailt eile a choinneoidh gnóthach sibh agus sibh ag déanamh bhur scíthe ar ais sa bhaile tar éis an ragairne ar fad. Feicfidh sibh fosta go bhfuil nuacht mhór le scaoileadh againn féin go luath... tuilleadh air sin sa chéad eagrán eile. Coinnígí Gaelach é,

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 46.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Fiona Nic Aogáin, Sinéad Ní Uallacháin, Sorcha Nic Eochagáin, Ciara Nic Uidhir, Brenda Ní Gharibhí, Maitiú de Hál // José Pestana, Gianni Dominici, Héctor Gómez Herrero, Luca Savettiere, Stijn Nieuwendijk, Stefano Mortellaro, Walt Stoneburner

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com

buíochas


nós 5

Istigh Ceol Glúin Úr Lurgan 6 Léirmheasanna 10

ag teacht aníos Gig na míosa An tOireachtas / Féile na Mí

gníomhaíochas Comhrá gan stad

28

taisteal 14 16

saol Uaschúrsáil 18 Fás an ióga 26

An tSicil

30

Fís na Filíochta Ealaíontóir sa Spotsolas

36 42

dearadh


6 n贸s

*

Ceol

ceol


*

Ceol

nós 7

glúin úr lurgan Fiona Nic Aogáin

S

oilse, ceamaraí agus lucht scannánaíochta. Timpeall 300 déagóir ag rith thart agus iad gléasta mar Bhundúchasaigh Mheiriceánacha. Banna ceoil ag cleachtadh sa gcúlra. Ní seit ó scannán Hollywood atá i gceist anseo ach gnáth-oíche i gColáiste Lurgan. Suite in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, tá Coláiste Lurgan tar éis aird an domhain mhóir a tharraingt orthu féin mar gheall ar na físeáin cheoil a dhéanann siad - leagan Gaeilge d’amhráin atá sna cairteacha de ghnáth. Rinneadh leagan den amhrán Geronimo le ‘Sheppard’ an oíche sin. Oícheanta eile bhí lucht Lurgan ar chláir shuaitheanta de chuid RTÉ mar The Late Late Show agus Tonight with Miriam O’Callaghan. Is cinnte go bhfuil ag éirí leis an gcoláiste beag seo ardán nua a bhaint amach don Ghaeilge. Is i gColáiste Lurgan a tháinig an bhuíon cheoil ‘Seo Linn’ le chéile, grúpa ceoltóirí a bhí taobh thiar de chuid mhaith de na físeáin a rinneadh sa gcoláiste le roinnt blianta anuas. Ach i mbliana tugadh an bata ceoil ar aghaidh chuig glúin nua de cheoltóirí óga. “Bheartaigh muid féin agus Mícheál (Ó Foighil, bainisteoir an choláiste) go seasfadh muid siar píosa,” a mhínigh Cathal Ó Ruaidh, atá ina bhall de Seo Linn. “Anuraidh bhíomar i ngach aon fhíseán, ach tá sé níos fearr go mbeadh na gasúir iad féin níos lárnaí, mar is dóibh siúd atá sé. Bhí an tallann dochreidte anseo i mbliana agus tá sé iontach an oiread daoine óga ag an aois sin a fheiceáil ag canadh.”


8 nós

*

Ceol

Treo nua Aithnítear treo nua Lurgan sna físeáin atá déanta acu i mbliana. Tá na scoláirí iad féin mar phríomhamhránaithe sna físeáin agus tá na na físeáin ceoil ar na rudaí is mó a mheallann daoine óga go hIndreabhán. I mbliana bheartaigh Michaela, as Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall, teacht chomh fada le Conamara chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh seachas cúrsa a dhéanamh i nGaeltacht Thír Chonaill le go mbeadh deis aici a bheith páirteach sna físeáin. “Chonaic mé a lán físeán ceoil ar an idirlíon. Is aoibhinn liom ceol agus a bheith ag canadh agus bhí an chuma air go raibh daoine ag baint taitneamh mór as, go raibh craic den scoth ann,” arsa Michaela. Ar bhain sí taitneamh as Lurgan? “Na seachtainí is fearr i mo shaol!” Bhí Michaela agus a macasamhail eile ag obair in éineacht le Megan Ní Dhonnchú agus Ian Mac Gabhann, beirt mhac léinn Gaeilge a tháinig chun tosaigh le cúrsaí ceoil a stiúradh an samhradh seo. Mar a bhí baill Seo Linn, tháinig Megan agus Ian fríd an chóras i Lurgan agus iad beirt mar chúntóirí roimhe. Reáchtáil

siad rang ceoil gach maidin le grúpaí éagsúla scoláirí chun amhráin nua a thriail. Tógadh, chomh maith, ar iarrachtaí cór an choláiste a láidriú le níos mó scoláirí ná riamh páirteach sa chór a rinne leagan breá de Hozier Take Me To Church. Míníonn Ian an próiseas a bhaineann leis na hamhráin a roghnú; “Tagann grúpa le chéile, agus déantar liosta amhrán atá sna cairteacha ceoil faoi láthair, nó amhráin ar leith a bhfuil spéis ag daoine ann,” ar seisean. “Tá sé go maith amhrán a phiocadh atá ag déanamh dul chun cinn ar na haerthonnta seachas amhrán a bhfuil an-tóir air cheana féin agus muid ag ullmhú don taifeadadh.” Tugtar fóram agus tacaíochta chomh maith do scoláirí ar mhaith leo amhráin nuachumtha dá gcuid féin a chur i láthair, mar a rinne Saidhbhe Ní Chuillinn lena hamhrán ‘Taibhsí i Mo Cheann’ agus triúr buachaill ó Chúrsa C lena dtraic úr ‘Nach Bhfuil Sí Deas’ i mbliana. Seiceáil amach iad ar Youtube TG Lurgan. Tionchar an chlú Ach cén sórt tionchair a imríonn an méid airde a fhaigheann Coláiste Lurgan ar ghnáthshaol an choláiste?


*

Ceol

“Ceapaim go bhfuil sé níos fearr neamhaird a thabhairt ar an gclú ar fad atá tar éis teacht ar an gcoláiste” arsa Megan. “Déanann muid iarracht dul ar aghaidh gan a bheith ag smaoineamh ar an mbrú nó ar thuairimí daoine eile.” Aontaíonn Cathal Ó Ruaidh léi. “Is coláiste samhraidh é Lurgan agus tá muid chun craic agus spraoi a bhaint as an samhradh. Má tá spéis ag daoine breathnú ar na físeáin a dhéanann muid - iontach. Muna bhfuil, tá sé sin togha chomh maith.” An dearcadh atá ag an triúr acu ná go mbeidh na scoláirí iad féin in ann breathnú ar ais ag na físeáin agus cuimhní cinn an tsamhraidh a chruthú, ach níl aon amhras ná go gcuirfear an Ghaeilge i láthair ar bhealach dearfach agus go bhfuil sé sin ag dul i bhfeidhm ar dhaoine. Ach céard atá i ndán do Choláiste Lurgan sa todhchaí? An cheist atá ar bharr mo theanga féin ná an mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag déanamh físeán ar ardchaighdeán agus ag cur leis an rath atá orthu. Ní fios don triúr seo cén chaoi a mbeidh siad in ann físeáin níos fearr a dhéanamh ach níl aon amhras orm go bhfuil cúpla cleas acu fós. “B’fhéidir go ndéanfaimis ceann ar an ngealach amach anseo”, arsa Megan agus í ag gaire.

nós 9

an 5 fhíseán is fearr (ó choláiste lurgan an samhradh seo, dar le nós) ‘Love Me Again’ - John Newman Tomás Moore agus scoláirí Chúrsa A ‘Taibhsí i Mo Cheann’ - Amhrán nuachumtha Saidhbhe Ní Chuillinn agus tionlacan ó Aislinn Ní Bhroin ‘Ríoga’ - Royals le Lorde Cór Chúrsa A faoi stiúir Jenny Ní Ruiséil ‘Take Me to Church’ - Hozier 200 scoláire ó Chúrsa D páirteach sa gcór a bhí faoi stiúir Megan Ní Dhonnchú, Cathal Ó Ruaidh agus Ian Mac Gabhann ‘Nach Bhfuil Sí Deas’ - Amhrán nuachumtha Cathal Mongey, Seán Kilgariff agus Ódhrán Griffin


*

10 nós

Ceol

Daedelus - The Light Brigade Brainfeeder

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Mar a chéile le Daedelus na miotaseolaíochta, is máistir-cheardaí intliúil é Alfred Darlington (Daedelus) Los Angeles. Cumadóir ceoil gléasta i seanéadaí Éadbhardacha, go bhfuil a mhistéir féin ag baint leis. Ba i bhfoirm an albaim ‘Exquisite Corpse’ (2003) a chuir an scríbhneoir seo aithne ar cheol Daedelus don gcéad uair. Albam rómánsúil, neamhshaolta é. Ceol avant-garde hip hop a shamhlófá a bheith léirithe ar ríomhairí an lae inniu

ag anamacha na marbh ós na naoi-déag tríochaidí, gan áibhéil a bheith i gceist. Ach más glic a chuid ceoil, bhí neamhchosúlacht stíle Daedelus ó albam go halbam thar na blianta ina chúis do mhórán éisteoirí neamhaird a dhéanamh dá eisiúintí. Is é ‘The Light Brigade’ an t-albam a mheallfaidh ar ais chuige iad. Machnamh ar an gcogadh Criméach a bhfuil in albam úr Daedelus, an chéad dá véarsa de ‘The Charge of The Light Brigade’ le Alfred Lord Tennyson ráite go héagaointeach thar nótaí guairneánacha leictreonach ar phort uimhir a haon, ‘Until artillary’, ag fógairt gur ar aistear siar go dtí an bhliain 1853 a bhfuilimid. ‘Half a league, half a league, Half a league onward, All in the valley of Death Rode the six hundred’. Cé nach bhfuil an rian úd ach tuairim agus dhá nóiméad ar fhaid tá uafás an chogaidh le sonrú ann; capaill na briogáide ag dul ar cosa in airde i dtreo an ghleanna le clos sna drumaí, ach an neart agus an t-eagar imithe as

rithim na ndrumaí céanna is an méid den bhriogáid a tháinig slán ón ruathar ag filleadh. Diabhal buille eile de dhruma a bhfuil le clos idir sin agus ‘Premunitions’ i dtreo deireadh an tsaothair - seo anam Daedelus nochtaithe, a chleasaíocht stiúideo caite uaigh ar mhaithe le díriú ar cheol simplí séisbhinn ina áit. Ceol casta ar ghiotár fuaimiúil agus ar phianó cóireáilte é don gcuid is mó cé go mbronnann trí amhrán goinbhlasta an aoi-amhránaí Young Dad blas an siansa ar ‘The Light Brigade’, téama na comrádaíochta i gcomhthéacs na coimhlinte tragóidí ag teacht agus ag imeacht ar nós na taoide mar a ghluaistear ó thús go deireadh an albaim. Tá macallaí de Angelo Badalamenti (‘Onward’), The Durutti Column (‘Sevastopol’) agus Shostakovich (‘Country of Conquest’) le clos, cinnte, ach tá luach ann féin ag baint le ‘The Light Brigade’. Albam é seo a dhéanann suntas don gcodarsnacht idir ghealas agus dorchadas, aoibhneas agus uafás. Albam lán de thaibhsí, ceol a fhanann leat i bhfad tar éis don nóta deiridh a bheith seinnte.


*

Ceol

Bonobo - The North Borders Tour - Live Ninja Tune

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Ceann de na rudaí is fearr faoi fhéilte ceoil ná go bhfeictear seónna beo de chuid grúpaí nach n-éisteofar riamh leo ag baile. Bíodh go dtarlódh sé de bharr easpa eagar nó an iomarca urraim a bheith tugtha do rogha ceoil carad, tá rud éigin ag baint le bheith seasta i measc na mílte pléaráca eile a chabhraíonn leis

an saoithín cheoil is ardnósaí scaoileadh lena chlaontachtaí ar feadh seala. Is beag spéise a bheadh agamsa i gceol Basement Jaxx go hiondúil, ach tá seó beo an ghrúpa i measc mo chuimhní is deise ar Electric Picnic na bliana 2006. Agus más ábhairín seafóideach agus leadránach a bhí func-maratón Nile Rodgers & Chic dom is mé ag féachaint ar chraoladh RTE don bPicnic i mbliana, ba léir nach mar sin a bhí don tslua a bhí i láthair. Tá seó beo damanta maith curtha le chéile ag Simon Green (Bonobo) don North Borders Tour - soilse draíochtúla, agus compántas mór ceoltóirí ar stáitse chun gach gné de cheol Bonobo, ó théaduirlisí go prásuirlisí go liricí n-amhrán, a chasadh beo. Faoin am a bheidh compántas tar éis tuirlingt i Londain an mhí seo chugainn beidh 175 ceolchoirm déanta acu i 30 tír do dhá mhilliún duine taobh istigh de bhliain go leith. Éacht é, go háirithe nuair a a dtuigtear gur ceol “beag” é ceol Bonobo -

nós 11

ceol bog spreagtha ag func na seachtóidí, hip hop uirlise agus snag-cheol don urlár rince lipéid mar Tru Thoughts, Ninja Tune, Acid Jazz agus Talkin’ Loud Gilles Peterson. Ach is beag albam taifeadta beo gur fiú éisteacht sa bhaile leo. ‘Live And Dangerous’ le Thin Lizzy? Is fíor duit, ach tá le tuiscint go raibh an-chuid iarléirithe déanta ar an albam úd roimh a eisiúint. ‘James Bown Live At The Apollo’? Eisceacht é a dhearbhaíonn an riail! Tá snas ar ‘The North Borders Tour - Live’, ach is mó éada ná pléisiúr a bhfuil le mothú le héisteacht leis. Nuair a ligeann an slua i láthair gáir mholta astu leath slí tríd ‘Ten Tigers’ níl an chúis soiléir don éisteoir. Bhí craic éigin ann, ach ní rabhais i láthair. Beidh ‘The North Borders Tour - Live’ ina sheoid chuimhne breá díbhse a bhí i láthair, ach mura rabhais bheadh sé chomh maith agat do phinginí a choimeád is bheith ag faire don gcéad uair eile a thiocfaidh Bonobo chun na tíre seo.


*

12 nós

ceol

Lia Ices - Ice Jagjaguwar

*****

Léirmheasanna le Ben Ó Faoláin

Pop-amhránaí agus léiritheoir ceoil í Lia Ices as Westport, Connecticut a bhfuil fonn uirthi blúire beag de gach a bhlaiseann sí de cheol an chinneadh daonna a chur isteach ina fuaim féin. Cur chuige seansúil é, ach, ar nós Sinkane roimpi i mbliana, tá scoth-cheirnín mar thoradh ar eachtraíocht ceoil Ices. Cloisfear rithimí Arabacha, macallaí den dub, de phopcheol Pacastánach, is de Spiritualized Jason Pierce, chomh maith le gnéithe de cheol hip hop den stíl trap ach tá blas nádúrtha ar an tslí a bhfuil Ices tar éis iad a fí go dlúth le fuaim uigeach indie-pop a bhfuil go mór faoi chomaoin ag léiriúcháin Robin Guthrie The Cocteau Twins.

Mammal Hands - Animalia Gondwana

***** Gan a bheith sásta leis an rud go bhfuilid tar éis dhá cheann d’albaim shnagcheol na bliana a eisiúint cheana féin (‘V2.0’ le GoGo Penguin agus ‘When The World Was One’ le Matthew Halsall & The Gondwana Orchestra), seo greim milis eile ó lipéad Gondwana Mhanchain. Tríréad é Mammal Hands (Nick Smart méarchlár, Jordan Smart sacsafóin, Jesse Barrett drumaí/tábla) go bhfuil glór glan, tomhaiste, líneach ag baint leis. Ní chomh spleodrach, samhlúil le GoGo Penguin, ní chomh domhain, spioradálta le The Gondwana Orchestra, tá ceol Mammal Hands uaillmhianach gan a bheith ardnósach,

casta gan a bheith trangláilte. Ní féidir gan chuimhneamh ar Esbjorn Svennson i gcás poirt mar an ‘Mansion Of Million Years’ fuinniúil, ach tá go leor eile anseo chun do chluasa a shásamh - ó lúibíní comhghlasacha ‘Kandaiki’ go liriciúlacht ‘Snow Bough’ go machnamh ar oidhreacht Alice Coltrane agus Joe Henderson i bhfoirm an ‘Tiny Crumb’ mór anamúil.

Mr Mitch - Parallel Memories Planet Mu

***** Samhlaigh go bhfuil léiritheoir ceoil na stíle grime tar éis filleadh ar a árasán tar éis drochoíche. Tá a bhean tar éis é a thréigint, tá sé fliuch báite ón mbáisteach agus tá ceann dá shúile ag cur fola san áit gur thug bithiúnach de ghadaí buille sa phus dó agus a iPhone á ghoid aige uaidh. Casann sé sa tsiúl an ríomhaire chun píosa ceoil a chumadh.. Is éard a shamhlófá mar bhunús albaim début Miles Mitchell (Mr. Mitch, thuas). Seo ceol emo-grime timpeallach, más maith leat, le macallaí de cheol Actress agus Burial ann. Ceol d’oícheanta uaigneacha ar an imeall. Nuair a éiríonn leis (‘Afternoon After’, ‘Hot Soup’, ‘The Night’, ‘Wandering Glaciers’) tá ceol Mr. Mitch thar a bheith corraitheach, ach n’fheadar an bhfuil sé ró-dhílis, amannta (‘Feel’, ‘Intense Faces’), do phailéad sonach cúng na stíle Grime chun an leas mó a bhaint as a scileanna cumadóireachta.


mhna ag Oireachtas na G a e i l g e, C ill A i r n e Oíche Sha

10 i.n. Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair

SEO LINN BRÉAG SCANALL MO HAT MO GHEANSAÍ – an grúpa ceoil is iomráiti i saol na nGael faoi láthair. (TGLurgan/Late Late srl)

– an grúpa Reggae/Ska is fearr in Éirinn

Bréanainn Ó Beaglaoich & Peter Staunton – ceol Gaelach meascaithe le buillí mire agus samplaí fuaime craiceáilte

+Tuilleadh ceoltóirí le fógairt!!!

Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035


ag teacht aníos

Lindsey Stirling Satharn 8 Samhain Sráid Vicar, BÁC Ticéid fós le fáil ó Ticketmaster In imeacht cúpla bliain, tá dul chun cinn dochreidte déanta ag Lindsey Stirling. Is veidhleadóir í ó Gilbert, Arizona, a fuair oiliúint ar dtús sa cheol clasaiceach. Ó shin, is i dtreo an cheoil leictreonaigh nua domhanda, damhsa agus beochana atá sí ag díriú. Le físeáin cheoil a bhfuil níos mó ná 675 milliún de bhuille Youtube bainte amach acu, camchuairteanna díolta amach timpeall na cruinne agus amhráin léi ag dul go barr chairteacha Billboard, níl aon stop léi. D’éirigh thar cinn lena céad albam ‘Lindsey’, a bhfuil dhá rian déag de cheol nuachumtha ann, ‘Crytalllize’ san áireamh, píosa a tharraing 97 milliún radharc go dtí seo. Díoladh níos mó na 350,000 cóip den albam sna Stáit Aontaithe agus sa Ghearmáin díoladh níos mó na milliún, le stádas Platinum bainte amach aige. Anois tá sí ag teacht go hÉirinn agus oíche spleodrach i ndán do chách ag Sráid Vicar.


*

16 nós

ag teacht aníos

oireachtas na samhna 28 Deireadh Fómhair - 2 Samhain Cill Airne, Co. Chiarraí

Is cinnte go gcífidh mé cuid mhaith agaibh atá á léamh seo, thíos i gCill Airne go luath do mhór-fhéile na nGael, Oireachtas na Samhna, do dheireadh seachtaine fada d’amhráin, ceol agus comórtais. Ach níos tábhachtaí ná sin domsa, ná a bheith in ann bualadh le cairde, comhghleacaithe, comharsain agus gaolta nach n-éiríonn leat iad a fheiscint ach cor uair in aghaidh na bliana. Míbhuntáiste, ar shlí b’fhéidir, ná go mbíonn an iomarca daoine ann, agus nach n-éiríonn leat dóthain ama a chaitheamh le gach éinne. C’est la vie sin nádúr na féile! Táim ag tnúth i mbliana le cúpla

ócáid ach go háirithe. Beidh mé i láthair i bhfoyer Óstán Ghleann an Iolair ar an Aoine óna trí, do chlár beo Rónán Mhic Aodha Bhuí, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bíonn atmaisféar leictreach i gcónaí le braith ann, agus n’fheadar cé hiad a bheadh mar aíonna aige! Is cuimhin liom bheith sa chart ar mo shlí go Oireachtas na bliana 2012, i Leitir Ceanainn, raidió lasta, agus cé a chuala, ach Gerry Adams agus é ag tabhairt lámh chúnta do Irial Ó Ceallaigh, amhrán a rá. Beidh comórtas na mban agus comórtas na bhfear scartha óna chéile i mbliana. Cé go dtaitníonn sean-nós liom, is maith liom a chlos go mbeidh briseadh lae ann idir an dá ócáid. Comórtais níos giorra a bheidh ann, dá bharr. Bead i láthair ag an dá ócáid, ar an Déardaoin agus Aoine. Cinnte, dearfach, beidh mé ag

tabhairt tacaíochta d’Aisteoirí Bulfin chomh maith, leis an gcéad-léiriú dá ndráma nua, Cruachás. Celia de Fréine a scríobh, agus is in Óstán an Brehon a bheidh sé ar siúl, ar an Satharn, (9pm). Dráma comhaimseartha é seo faoi cheisteanna sóisialta a bhaineann le treibh ársa in Éirinn, agus é bunaithe ar mhúnla Cúirt an Mheán Oíche.


*

ag teacht aníos

Féile na mí 15 - 16 Samhain Ráth Chairn

baileofar go leor dos na daoine arís le chéile chun a thuilleadh spraoi a bheith acu, sa Bhradán Feasa, i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí. Mórán mar a chéile leis an

N’fhéadfainn Oireachtas na Gaeilge a lua, gan an mini Oireachtas, (mar a ghlaoim féin air), is deise liom – Féile na Mí – a lua. Tar éis come down an Oireachtais,

le sinéad ní uallacháin

nós 17

bhféile a thiocfaidh coicís roimhe, beidh comórtais amhránaíochta, rince agus ceoil á reáchtáil ar dhá lá na féile i lár mhí na Samhna. Cuirtear an cheist ar shuíomh Facebook na féile, ‘Tart agus uaigneas ort inniu?’, má tá, seo leat go Contae na Mí. Muna raibh tú ann roimhe, ní fiú má bhí, ní dóigh liom go mbeadh aon leithscéal eile uait i mbliana.


18 n贸s

saol


*

saol

an sean ina nua

n贸s 19


*

20 nós

saol

Chuala tú faoin athchúrsáil, bhuel seo anois an ‘uaschúrsáil’. Fiosraíonn Sorcha Nic Eochagáin conas agus cad chuige.

A

gus Oíche Shamhna ag teannadh linn, cuirfear go leor pailléad adhmaid amú ar thinte cnámha ar fud na tíre. Caithfidh nach bhfuil an formhór ar an eolas faoin úsáid níos fearr a d’fhéadfá a bhaint as sean-phailléid nó leithéidí eile a théann isteach sna lasracha an lá céanna... chun troscáin áille as an ngnáth a chruthú! Cinnte ní cleachtas úr é úsáid eile a bhaint as an rud atá caite. Cé gur téarma réasúnta nua atá san ‘Uaschúrsáil’ nó ‘Upcycling’, téann an cleachtas féin siar sna cianta. Nós nua é de chuid na glúine seo áfach, teach a mhaisiú go cruthaitheach le hearraí tí faiseanta ar féidir leas praiticiúil a bhaint astu, agus atá le fáil ar

chostas íseal. An deacracht uaireanta ná go mbíonn sé deacair teacht ar earraí feiliúnacha i siopaí na mórshráide. Seans go gcomhlíonann rogha IKEA d’uile mhian ach má tá dúil agat san éagsúlacht, i rudaí as an ngnáth ní bheifeá sásta le do theach a mhaisiú díreach mar atá á chur i láthair ag IKEA féin sna hirisí a scaiptear ar fud an domhain. Is mó seans go dtiocfá ar an lampa éagsúil sin i siopa athláimhe ach fiú ansin caithfidh go mbeidh an t-ádh agat. Is duine mé a bhíonn ag treabhadh tríd siopaí carthanachta go minic, glac uaim é, ní éireoidh le do thriail i gcónaí. Tá leideanna go leor amuigh ansin ag lucht na huaschúrsála a chuirfidh ar do chumas maisiúcháin

ghalánta a dhéanamh as rud éigin gan úsáid. Chomh maith lena bheith torthúil, is féidir leat na huaireanta a chur isteach ar do sháimhín só. Tá go leor oícheanta caite agam ag greamú agus péinteáil. Tá sé sultmhar mar chaitheamh aimsire agus is féidir tairbhe a bhaint as na hearraí iontacha atá déanta agat don teach le do lámha féin. Tá ceannródaithe amuigh ansin i ndomhan na huaschúrsála a bhíonn ag maisiú a dtithe agus gach a bhfuil ann go healaíonta agus go cruthaitheach le sean-phailéid agus a leithéid d’ábhar eile. Labhair mé le hOriana Ugurte, Bascach atá ina huaschúrsálaí trialach faoi na bealaí ar féidir linn an nua a dhéanamh den sean.

Seastán Seodra Bhí mé bréan le tamall anuas de bheith ag féachaint ar mholl mór bráisléid ina luí i mo bhosca seodra agus gach a bhfuil ann i bhfolach fúthu. Bheartaigh mé áit ar leith a shocrú dóibh agus fuair mé sean-bhosca fíona déanta d’adhmad ón mbialann trasna uaim agus ghlan mé roinnt buidéal beorach. D’fhéadfá na buidéil féin a mhaisiú ach thaitin siad liom mar a bhí. Tá sé anéasca iad a athrú thart chomh maith má thagann buidéal deas daite do threo.

* * * * * * * * * * *********


*

saol

nós 21

Bord adhmaid Tháinig mé ar na sean-phailéid a bhí fágtha ar leataobh ar an tsráid, agus bheartaigh mé bord a dhéanamh ionas go mbeadh áit ar leith agam agus ag mo chairde a bheith ag suí le caife nó gloine fíona a ól. Chuir mé cúpla pailéad ar bharr a chéile agus ghreamagh mé rothaí leo. Rinne mé mata beag as póstaer le cur i lár an bhoird agus fuair mé cúpla cúisín le cur leis sa deireadh... an-éifeachtach i mo bharúil féin!

Seastáin Choinnle Is breá liom coinnle a bheith lasta sa teach agus is smaoineamh maith é seastán de chineál a shocrú ionas nach dtiteann céir ar bith ar bhord nó ar an urlár. Níor thaitin na seastáin a bhí ar fáil sna siopaí liom agus bheartaigh mé mo chinn féin a dhéanamh sa bhaile as cannaí tuinnín agus braillín caite. Bí cinnte agus nigh na cannaí go maith. D’fhág mé thar oíche iad in uisce le léacht níocháin leis an mboladh éisc a bhaint. Thóg mé píosa adhmaid ón trá agus rinne mé earra álainn de don teach. Ní raibh le déanamh agam ach poill bheaga a ghearradh amach le scian agus rinneadh seastán coinnle dó.

* * * * * * * * * * * * * * * * * * *


*

22 nós

saol

Buidéal maisithe Uaireanta is iad na smaointe is simplí a chruthaíonn na hearraí is deise agus sampla maith é an buidéal seo a chlúdaigh mé le píosa éadach dearg. Ghearr mé stiall thar a bheith tanaí de, thosaigh mé ag barr an bhuidéil agus chlúdaigh mé é go dtí an bun. Cuirim bláth amháin isteach ann go minic agus bíonn cuma iontach air.

* * * * * * * * * * *********

Seastán Bróg An uair seo chuaigh mé go dtí an margadh agus thóg mé liom roinnt bocsaí adhmaid a cuireadh ar leataobh. Phéinteáil mé iad leis an dath is ansa liom... turcaidghorm. Is ann a choinním mo bhróga anois agus is breá liom a bheith ag breathnú ar an mbocsa daite, ag déanamh mo mhachnaimh gach lá faoi cad é a chuirfidh mé ar mo chosa!


*


.ie


// baile úrnua nós ar líne // ag teacht go luath //


26 nós

*

saol

nua-nós na ngael óg Téann Ciara Nic Uidhir chun cainte leis an íogaí óg Ciarán Mac Fhearghusa faoina thógra pleanála teanga a théann chun tairbhe don chorp agus don anam.


*

saol

L

e dhá bhliain anuas, ó bunaíodh Óga Yoga, spreagadh breis agus 14,000 duine chun páirt a ghlacadh i ranganna ióga as Gaeilge. Mar fhiontraíocht shóisialta, tá ag éirí léi nascanna a chruthú idir an Ghaeilge agus saol folláin aclaí. “Bímse ag díriú ar fheasacht a ardú faoi na buntáistí a bhaineann le cothromaíocht a bheith ann idir an aigne, an corp agus an spiorad,” arsa Ciarán Mac Fhearghusa, Stiúrthóir Óga Yoga. “Mar sin féin, is togra pleanála teanga é freisin atá mar aidhm aige gréasáin agus pobail na Gaeilge a láidriú trí níos mó deiseanna a chruthú do chainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge araon.” Cuireann Óga Yoga cúrsaí ióga agus suanmhacnaimh ar fáil do gach aois grúpa agus tá daoine ó chuile cearn den tír tar éis a gcuid cosa a chur le mata ióga. Níos suntasaí fós ná go bhfuil cuid is mó de na daoine sin tar éis an

eispéireas ióga a fháil don chéad uair trí mheán na Gaeilge. Bíonn ranganna ióga rialta ag Óga Yoga i mBaile Átha Cliath chomh maith le turas ióga bliantúil chuig an bPortaingéil. Ach is sna hinstitiúid oideachais is mó atá éileamh ar chúrsaí Óga Yoga i measc mac léinn, daltaí scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí bunscoile. “Déanaimid ár ndícheall seirbhís Ghaelach d’ardchaighdeán a chinntiú do na scoileanna agus ióga a mhúineadh ar bhealach spraíúil a chuirfidh le heispéireas an Ghaeloideachais féin. “Tuigeann na scoileanna, anois níos mó ná riamh, gur féidir leis an ióga cabhrú go mór chun saoil níos suaimhní agus níos taitneamhaí a aimsiú do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuistí.” Deis atá ann do dhaltaí agus foireann an scoile scíth a ligean ar bhealach “fiúntach agus folláin”. Le linn an ranga ióga laghdaítear an méid strus atá sa chorp agus faoi

nós 27

dheireadh an ranga bíonn an duine i spás níos síochánta agus níos suaimhní iontu féin. “Cloisim múinteoirí agus príomhoidí ag rá go minic go mbíonn na daltaí beagáinín níos ciúine agus níos dírithe tar éis seisiúin ióga a dhéanamh agus go mbíonn an scoil níos suaimhní mar áit dá bharr,” arsa Ciarán. “Bíonn eispéireas inmheánach i gceist go minic rud atá thar a bheith tábhachtach d’fhéinfheasacht an duine agus muid i ré na teicneolaíochta agus eolais.” Cuirtear béim ar mhothúcháin dhearfacha “buíochas, áthas agus sásamh”, a spreagann féiniúnlacht dearfach agus caidreamh folláin agus cothaitheach leis an gcorp agus an intinn agus léiríonn sé go bhfuil “i bhfad níos mó sa Ghaeilge ná ábhar scoile amháin”. Tá breis eolais le fáil faoin sárchleachtas sláintiúil seo, atá le fáil inár dteanga féin, ar oga-yoga.ie


28 nós

gníomhaíochas

gaeil, gan stad Caitheann Brenda Ní Ghairbhí, duine de lucht eagraithe ‘Comhrá 14’, súil siar ar an gcuriarracht dhomhanda a spreag daoine timpeall na cruinne chun páirt a ghlacadh sa chomrá Gaeilge is faide riamh sa chéad seachtain de Dheireadh Fómhair.

169

uair a’ chloig de chomhrá Gaeilge - sin seacht lá agus uair a’ chloig de chomhrá gan stad i nGaeilge agus ní hé seo an chéad bhliain a tugadh faoin gcuriarracht seo a bhaint amach ach oiread. Rinneadh den chéad uair é in 2013, mar mhórimeacht de chuid Bhliain na Gaeilge. D’éirigh leis an bhfeachtas sin 168 uair a’ chloig a bhaint amach de chomhrá Gaeilge leanúnach gan stad. Ach cad as ar tháinig an smaoineamh don churiarracht seo agus conas ar baineadh amach é? An gcreidfeá seo? Ní cuimhin linn go cinnte cad as ar tháinig an smaoineamh dó! Bhíothas ag iarraidh ócáid nuálach a reáchtáil agus bhí caint ar

dtús ar mharatón cainte 24 uair a’ chloig ach ag pointe éigin, d’fhorbair an smaoineamh ó lá iomlán go seachtain iomlán. Ansin caitheadh úsáid na teicneolaíochta isteach sa scéal agus an chéad rud eile bhí feachtas ann chun curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh a bhaint amach. Chomh simplí leis sin! Toisc gur éirigh go han-mhaith leis in 2013 agus gur ghlac níos mó ná 60 grúpa páirt ann, chonacthas fiúntas mór leis an tionscadal agus mar sin rith sé le ciall go n-eagrófaí arís é in 2014 agus ar bhonn bliantúil amach anseo; agus go ndéanfaí iarracht tógáil air ó bhliain go bliain. I mbliana, scaipeadh clár ama 169 uair a’ chloig ar ghrúpaí éagsúla timpeall

na hÉireann agus an domhain agus iarradh orthu tabhairt faoi na bearnaí ama ar fad sa chlár ama a chlúdach. Fuarthas tacaíocht iontach ó gach cearn den domhan agus d’éirigh leis an tionscadal níos mó ná 80 grúpa a mhealladh le páirt a ghlacadh ann. I measc na ngrúpaí úd, bhí 13 grúpa thar lear ón Eoraip go dtí an Astráil agus ó Mheiriceá Thuaidh go Béising na Síne; 20 scoil; 8 gCumann Gaelach tríú leibhéal; 5 stáisiún raidió, agus dar ndóigh an iliomad eagraíochtaí agus grúpaí deonacha Gaeilge agus eile! Cé go gceapfá gur scéal casta é páirt a ghlacadh i gcomhrá domhanda ar líne, ní raibh le déanamh ag grúpaí ach ciorcal comhrá nó seisiún cainte Gaeilge a eagrú agus ríomhaire le ceamara gréasáin agus ceangal maith idirlín a


*

gníomhaíochas

bheith acu. Is dócha gur spreag sé sin grúpaí le páirt a ghlacadh ann, ach an rud is mó a spreag iad i ndáiríre ná an dúshlán féin agus an éacht a bheadh bainte amach ag an deireadh. Bhí ról lárnach ag an teicneolaíocht nua-aimseartha i mbaint amach na curiarrachta domhanda toisc go ndearnadh an comhrá ar fad ó thús go deireadh a shruthú beo ar líne, agus ba í an teicneolaíocht seo a cheangail an churiarracht agus na grúpaí ar fad le chéile in aon áit amháin. B’iontach an rud é a bheith ag féachaint ar an gComhrá i rith na seachtaine agus aithne á cur ag grúpaí ar thaobh amháin den domhan ar ghrúpaí ar an taobh eile den domhan; cuir i gcás muintir Bhaile Átha Cliath ag labhairt

le muintir Los Angeles; Gaillimh ag labhairt leis na Stáit Aontaithe; agus Dún Éideann ag labhairt le Páras. Is rud é seo nach bhfeictear go rómhinic, agus nach mbíonn deis ag pobail Ghaeilge ar fud an domhain a dhéanamh go rómhinic, agus is dócha gurb é sin an rud a dhéanann Comhrá difriúil ó imeachtaí Gaeilge eile. Osclaíonn sé agus ceanglaíonn sé domhan mór na nGael agus cuireann sé pobail Ghaeilge ag caint lena chéile i slí nuálach, nua-aimseartha agus spraíúil. D’éirigh le Comhrá ’14 169 uair a’ chloig de chomhrá Gaeilge gan stad a bhaint amach agus tá ardmholadh agus buíochas ag dul do na rannpháirtithe go léir as a gcuid tacaíochta don fheachtas dúshlánach, uaillmhianach seo. Bheadh sé dodhéanta gan iad

nós 29

agus tá súil ag foireann Comhrá ’14 go bhfuil siad bródúil as a bheith páirteach ann. Ar aghaidh linn anois go 2015 agus táthar ag féachaint cheana féin ar na féidearthachtaí don chéad Chomhrá eile! Táimid ag lorg aiseolais ó na grúpaí rannpháirteacha agus iarrtha orthu a gcuid tuairimí agus moltaí a chur ar fáil ionas gur féidir an tionscadal seo a fhorbairt agus a fhás an bhliain seo chugainn agus gach bliain eile amach anseo. Go deimhin, má tá smaointe ag aon duine faoin gComhrá a fhorbairt nó má tá suim ag aon duine nó grúpa a bheith páirteach sa chéad Chomhrá eile, cuir ríomhphost chuig comhra@cnag.ie agus táimid ag súil le cloisteáil uait!


30 n贸s

*

Ceol

taisteal


*

saol

nós 31

bolcáin, bia & beatha Tá clú, nó míchlú, an Mhaifia ar an tSicil le fada an lá. Ach, mar a fuair Maitiú de Hál amach, tá i bhfad níos mó i gceist leis an oileán Meánmhara seo...


*

32 nós

taisteal

S

eoid i lár na Meánmhara í an tSicil. Is iomaí treabh a rinne ionradh uirthi idir Fhéinícigh, Ghréagaigh, Rómhánaigh, Vandalaigh, Oirghotaigh, Bhiosántaigh, Normannaigh, Arabaigh, Spáinnigh agus fá dheireadh, na hIodálaigh! Ní haon ionadh é sin nuair a amharcann tú ar an tírdhreach álainn torthúil múnlaithe is fáiscthe ag laibhe na mbolcán, cuid acu atá beo go fóill. Agus muid ag eitilt isteach thar chnocaibh mhaorga a thuirlingíonn anuas go tobann isteach san fharraige, meabhraíodh dom na línte cumhachta sin a osclaíonn ‘An Druma Mór’ le Seosamh Mac Grianna “Idir sliabh agus cladach... Is iomaí fail agus cneá ar na cladaigh chéanna, is iomaí colm agus gág iontu, de thairbhe an chomhraic sin sula dtáinig Parthalán go hInis Samhaoir.” Is deacair gan a bheith faoi gheasa ag an oileán álainn seo, tá sé mar bheadh an saol eile ann. Meascán agus éagsúlacht Tá oidhreacht na n-ionsaithe agus na léigear le sonrú in achan áit; i gcultúr, i mbia, in ailtireacht agus i dteanga an oileáin seo. Is iomaí duine a déarfadh leat gur Shiciligh iad ar dtús agus ansin ina nIodálaigh. Níl eiseamláir níos fearr den stair eisceachtúil seo ná Palazzo de Normanni (ar dheis, barr) i Palermo, an phríomhchathair. Pálás Arabach ar chuir na Normannaigh agus na Spáinnigh a lorg ailtireachta féin air ina dhiaidh sin. Is é buaicphointe na bliana nuair a cheiliúrtar Féile Santa Rosalia, patrún na cathrach. Bíonn oíche go maidin ann i lár mhí Iúil, le togha gach bia is rogha gach di agus na sráideanna plódaithe le daoine ag teacht amach chun mórshiúil an deilbh a fheiceáil. Leoga, ní féidir cuairt a thabhairt ar Palermo gan dul go dtí Mercato Ballarò (ar dheis, lár). Is é an t-aonach seo cuisle na cathrach. Síneann an margadh seo ar feadh

na mílte is cosúil, le géaga éagsúla ag gobadh amach anseo is ansiúd. Bíonn a gcuid scáthanna dearga ag clúdú achan rud idir ispíní, iasc úr, clúidíní, potaí agus spéaclaí gréine. Níl sárú ar an bhia úr anseo agus fir is mná na seastán an-bhrodúil as an obair atá idir láimhe acu. Cathair den scoth í Palermo. Táthar ann nach dtaitníonn na sráideanna beaga brocacha leo, nach dtaitníonn fuíollach an aonaigh ar na sráideanna ar nós glasraí imithe ó mhaith agus putóga éisc is sicín ná na móipéidí ag síor eitilt thart agus tú ag trasnú an bhóthair – ach taitníonn na rudaí sin ar fad liomsa.

Is breá liom an sean-ailtireacht is na sráideanna beaga caola cúnga a lúbann thart coirnéil i ndiaidh coirneála. Is breá liom codarsnachta na cathrach, a beocht, a práinn agus a scríste, daoine atá iontach bródúil agus ar nós cuma liom ag an am chéanna. Thaitneodh Siracusa/Sioracús i bhfad ní b’fhearr le mórán. Lena foirgnimh ghlana ghalánta snasta, bíonn macalla dá n-oidhreacht Ghréigeach chlasaiceach le sonrú sa chathair seo. Is ar na sráideanna seo, de réir an tseanchais, rith Archimedes síos an tsráid lomnocht i ndiaidh dó teacht ar thuigse an díláithrithe ina fholcadán


*

taisteal

féin. Tá fothaigh ar fud na cathrach idir Scairdeán Arethusa, Necropolis Pantalica agus teampaill Apollo uilig thart ort. Bua na mbolcán Má tá briseadh iomlán de dhíth ort ó na cathracha, níl an tuath i bhfád uait a riamh. Tá na hinseáin Aeólacha suite ar oirthuaisceart an oileáin agus tá siad galánta ar fad. Tá saibhreas seandálaíochta ann agus is féidir cuairt a thabhairt ar oileán Vulacano lena folcadáin chlabair nádúrtha agus ar bholcán beo, Stromboli atá i bhfad níos saoire ná a deirfiúr

cáiliúil, Etna. É sin ráite, áfach, beidh praghsanna na dturasóirí le díol ar choir a bheith achan rud eile. Dár ndóigh, ní féidir labhairt faoin tSicil gan an bia a lua. Tugann an chréafóg bholcánach is an ghrian na trátaí is glasraí is fearr dúinn agus bíonn bia na mara, dár ndóigh den chéad scoth le fáil ann. Is idir béilí áfach, a dhéantar an damáiste is mó! Thit mé i ngrá le leithéidí arincini (risotto, ragù le grabhróga domhainfhriochta) paneddi (plúr sicphiseánaigh domhainfhríochta) agus pani cà meusa (ar dheis) ina bhfuil

nós 33


34 n贸s

*

taisteal


*

taisteal

liathán bó agus cáis idir dhá phíosa aráin. Ní bheadh achan duine meallta ag an meusa ach ar nós na putóige duibhe, ná smaoinigh faoi a bhfuil inti. Ith é agus bain sult as! Ina dhiaidh sin ar fad, má tá goile ort fá choinne na milseoige, (agus sa tSicil, beidh i gcónaí!) níl sárú ar a gcuid gelato (uachtar reoite) le gach uile blas faoin ghrian, macasamhail chnó pistéise ina measc. Ach is é an canollo an buaicphointe. Tiúb taosráin domhainfhriochta líonta le ricotta milis agus le seacláid. É sin le cois caife, is ionann le béile ann féin. Tá rud amháin nach bhfuil luaite go fóill, rud atá fite fuaite in intinn na ndaoine nuair a smaoiníonn siad ar an tSicil; An Maifia. Seachas t-léine nó dhó a chonaic mé i siopa na dturasóirí ní raibh a lorg le feiceáil ann. Ní hé sin le rá nach bhfuil siad ann go fóill ach má théann tú ar á dtóir, seans go mbeidh díoma ort. Thig leat glacadh leis sin bealach ar bith is dócha. Oileán is ea í an tSicil a bhfuil saibhreas aici ina cuid staire, ina huiscí agus ina créafóg aici. Tabhair cuairt ar oileán beag seo i lár na farraige mar a rinne treibh éagsúla thar na cianta agus tcífidh tú cad chuige. Conas dul Bíonn eitiltí ag Ryanair ó Bhaile Átha Cliath go Palermo agus go Comiso le linn an tséasúir thurasóireacht den chuid is mó. An chuid eile den bhliain is féidir eitilt go mórthír na hIodáile agus bád farrantóireachta a fháil. Cosnaíonn ticéad fillte le haghaidh paisinéirí coise ¤2 ó Villa San Giovanni nó Reggio di Calabria.

nós 35


36 nós

dearadh

fís na filíochta Mar a bheadh na Gaeil ag súil leis, bhí clár na féile litríochta IMRAM lán go béal arís i mbliana le himeachtaí de gach saghas agus do gach blas. Tá sé de nós ag IMRAM le tamall anuas páirtnéireacht spéisiúil a dhéanamh le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) chun taispeántas clóghrafaíochta ar dhéanamh ina gcuireann daltaí físchumarsáide na hollscoile dánta le filí ár linne i láthair ar bhealach físiúil. I mbliana ba iad na filí Doireann Ní Ghríofa, Marcus MacConghail, Gabriel Rosenstock, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Mícheál Ó hAodha a raibh a saothar le feiceáil sna dearaí éagsúla de chuid Cló Draíochta 4. Is iad na mic léinn chumasacha a bhfuil a gcruthúcháin ar na leathanaigh seo ná Rob Summons, Claire Foley, Maeve O’Grady, Jason McMahon agus Frances Johnston.


*

dearadh

n贸s 37


38 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 39


40 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 41


42 nós

*

dearadh

Ealaíontóir sa Spotsolas:

claire halpin

Is ealaíontóir físe í Claire Halpin a bhfuil a saothar bunaithe ar íomhánna ó choimhlintí ar fud an domhain agus ó aoiseanna éagsúla. Fiosraíonn sí úsáid íomhánna agus conas a athraíonn an chiall atá leo ag brath ar an chomhthéacs ina bhfuil siad. Déanann sí iarracht ina saothar ceisteanna a chur faoin stair agus faoi conas a dhéanann muid taifead uirthi. De bhunadh Bhaile Átha Cliath ó dhúchas, tá a pictiúirí curtha ar taispeáint go hidirnáisiúnta agus Faoi láthair, is coimeádaí í ar The Palimpsest/ Rianú Project atá ar taispeáint i Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin, go dtí 30 Samhain. Níos moille i mbliana taispeánfar a cuid oibre in Artisterium VII, i dTbilisi na Seoirsia. Tuilleadh eolais ar http://clairehalpin2011. wordpress.com/


*

dearadh

n贸s 43


44 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 45


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


* €4/£3.50

Profile for NÓS.

NÓS 46 - DF 2014  

Upcycling; Glúin úr Lurgan; An tOireachtas; Féile na Mí; Fás an Ióga; Comhrá gan Stad; An tSicil; Fís na Filíochta; Ealaíontóir sa...

NÓS 46 - DF 2014  

Upcycling; Glúin úr Lurgan; An tOireachtas; Féile na Mí; Fás an Ióga; Comhrá gan Stad; An tSicil; Fís na Filíochta; Ealaíontóir sa...

Profile for nosmag
Advertisement