NÓS 41 - Feabhra 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

il-chaidrimh réaltacht rúbaí an tanc gaelach

An bhfuil go leor grá le dul timpeall?

Gearrscannán grinn Gaeilge

Cainteoir dúchais é Thomas the Tank

Feabhr a 2014 | eag. 41

rún Uirbeach Ag taiscéalaíocht sa stair

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

fuinneoga Tá a fhios againn ar fad an fheidhm a bhaineann le fuinneoga. Ligeann siad solas isteach. Cuireann siad ar ár gcumas aer úr a bhlaiseadh agus muid fós taobh istigh. Tugann siad léargas ar an domhan amuigh. Tá téama seo na bhfeinistrí le brath san eagrán seo. Sna léirmheasanna ceoil caitear gathanna geala ar gach cineál albaim ón snagcheol agus ceol anama go poirt chomhaimseartha na nArabach, gan bheith ag caint fiú ar an sár-thionscnamh tábhachtach ina mbuaileann ceol trad le ceol clasaiceach, The Gloaming. Tá fuinneog chun tosaigh fosta ar chuid de na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl ar fud na tíre go mion minic, clár lán Sheachtain na Gaeilge san áireamh. Is fiú go mór léamh faoi Rúbaí, gearrscannán den scoth faoi aindiachaí óg a bhfuil greann go smior ann ó thús deireadh. Oscailt eile súl é an scéal eisiach gur canúint Ghaelach atá dúchasach d'Oileán Sodor, áit chónaithe Thomas the Tank Engine! Tá a fhios agam go gcuirfidh Nósadóirí eile suim nach beag san il-ghrá, nó polyamory, cleachtas atá beo anseo ar oileán s'againn féin creid é nó ná creid. Agus is fuinneog mhór ar shaol eile iad an cur síos spéisiúil ar thaiscéalaíocht uirbeach agus na íomhánna de chultúir agus áiteanna i gcéin atá le fáil i dtreo dheireadh na hirise. Oscail na leathanaigh mar sin, análaigh an t-aer úr agus lig an solas isteach. Beidh mé ag labhairt libh arís go luath,

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 54.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Órla Nic Ruairí, Sinéad Ní Uallacháin, Ciarán Dunbar, Micheál Mac an Bheatha, Eoghan Ó Loideáin, Eoin P. Ó Murchú, Sorcha Nic Eochagáin, Guillermo Passache, Brandon Warren, William Murphy, Gabrielle Ludlow, Beverley Goodwin (Grianghraf Clúdaigh)

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol The Glooming Diggs Duke Arabic Cafe Léirmheasanna eile Ag Teacht Aníos

Leabhair 6 8 9 10 12

SNAG 2014 Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

16

Scáileán Rúbaí 20 Léirmheasanna 23 TG4 24

An Lár Lá Mór na Gaeilge

28

Gabhán Ó Fachtna Tomás an Tanc - Gael go smior

31 32

SAOL Il-ghrá 34 Lá Fhéile Vailintín 38 Urbex 40 Fuinneog ar an saol 44 Séamas ar seachrán 49

Dearadh Ealaíontóir sa Spotsolas

52


*

léirmheasanna ceoil

6 nós

Ceol

The Gloaming - The Gloaming REAL WORLD

*****

Togra nua trasatalantach le ríveidhleadóir Chontae an Chláir Martin Hayes é The Gloaming.

Ní mór a rá ag an tús go bhfuil 'The Gloaming' ina albam iontach. Albam tábhachtach, fiú. Traidisiúnta go smior, ach ag fógairt treo nua don gceol Gaelach. Seo ceol maoithneach gan a bheith móiréiseach, nuálach gan a bheith spiagach. Is iad baill eile The Gloaming an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird as Cúil Aodha, an veidhleadóir Caoímhín Ó Raghallaigh as Baile Átha Cliath, Denis Cahill Chicago (ach gurb as do Pharóiste Mórach in Iarthar Dhuibhneach a thuismitheoirí) agus an pianadóir óg Nua Eabhrac-lonnaithe Thomas Bartlett (a bheadh cloiste agat cheana, seans, ar albaim mar 'Boxer' le The National nó 'The Crying Light' le Anthony And The Johnsons).

Tá bunús le fealsúnacht cheoil The Gloaming le haimsiú i ndá rud a thug Martin Hayes le tuiscint faoin gceol tradisiúnta agus é fós ina gharsún. Ar an gcéad dul síos, thug sé fé ndearadh go gcasfadh ceoltóirí críonna port i slí a bhí lán dílis dá mothúcháin féin, go raibh an ceol ag eisil ó áit dhomhain phearsanta. Tharla an tarna eipeafáine lá gur thug Tommy Potts cuairt ar chlann Hayes. Thug Potts léiriú lena lámha féin do Hayes nach bhfuil deireadh leis na slite difriúla go bhfuil ceoltóir samhlúil in ann aon phort ar leith a sheimn. Níl aon "cheart" nó "mí-cheart" ag baint le healaín. Is ait an mac an saol, mar is é toradh an tionchair a d'imir na tuiscintí úd ar stíl veidhleadóireachta Hayes a


*

Ceol

mheall Thomas Bartlett chun seó beo Hayes a leanúint timpeall na hÉireann oíche i ndiadh oíche ar feadh seachtaine agus an Meiriceánach ar saoire sa tír lena chlann agus é in aois deich mbliana. Spreag eachtraíocht shéiseach Hayes an pianadóir óg go mór, agus tá an ciorcal comhlánaithe anois sa mhéid is gurb é pianadóireacht bheo-intinneach, airitheach Bartlett, nach bhfuil bunaithe sa cheol traidisiúnta, a aimsíonn go minic na línte séiseach a thugann saoirse do cheoltóirí eile The Gloaming chun seaicilí an traidisiúin a chaitheamh daoibh nuair is gá leo. Tá veidhleadóireacht Uí Raghaillaigh ar hardanger d'amore, veidhlín speisialta le deich dtéad air, ina iontas - bíodh na nótaí tirime piachánacha a chuireann tús le 'The

Old Bush' i gceist, nó an t-idirghníomhú séiseach le Hayes ar 'The Girls Who Broke My Heart'. Tá leagan The Gloaming do 'McAllistrum's March' ar nós iarracht a dhéanfadh an grúpa snagcheoil Esbjorn Svennson Trio tráth den saol spiorad 'Bolero' le Ravel a dhúisiú trí mheán an cheoil traidisúnta. Tá gach gné de cheol iontach The Gloaming le clos san 'Opening Set' seacht nóimead déag - ó chaoineas amhránaíocht Uí Lionáird go híostachas séiseach Bartlett, agus ó fhéin-fhiosrú Hayes go sleachta ensemble damanta spleodrach. Aimsigh agus éist le 'Opening Set' agus abair ansin nach bhfuil fonn ort a thuilleadh a chlos. Ben Ó Faoláin

nós 7

banna agat? gaeilge agat? Tá sé de sprioc ag NÓS ardán a chur ar fáil do cheol nua as Gaeilge. Bíonn bannaí agus amhránaithe comhaimseatha ag croílár gach réabhlóid teanga, ón Bhreatain Bheag go Tír na mBascach, agus tá sé tábhachtach saol ceoil nua a chothú i dteanga s'againn féin chomh maith. Mar sin má tá grúpa agat a cheolann i nGaeilge nó má tá aon amhrán taifeadta agat, déan teagmháil linn ag eolas@ nosmag.com agus cuirfear ardán ar fáil!


*

8 nós

Ceol

Diggs Duke - Offering for Anxious brownswood

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Is leis an líne "You talk but you don't say much of nothing, cos you don't really have much of nothing to say" a chuireann Diggs Duke Washington DC tús le 'Offering For Anxious'.

Is íorónach an rud é, ach tá a mhalairt fíor i gcás Duke féin: tá go leor le rá ag an gceoltóir seo, faoin nasc idir snagcheol agus ceol anama go háirithe, ach tá sé thar a bheith barainneach sa tslí a mbaineann sé feidhm as a bhriathra agus a chleasanna cumadóireachta. D'fhéadfá rá go bhfuil Duke ag baint úsáide as cur chuige an cheoltóra avant hip-hop, leithéidí J Dilla abair, ach in ionad samplóir a thabhairt isteach sa stiúideo, casann Duke gach uirlis roimh dó giotaí dá thaifidí féin a roghnú mar ábhar amhráin. Bíodh 'Harsh Words With The Oracle' mar chás samplach againn - buillí geala Afraiceacha is tús leis, leagann Duke cordaí blasta pianó ar a mbarr, canann sé an t-aon véarsa amháin, isteach leis an dordghiotár agus na nótaí práis chun an rud ar fad

a sheoladh i dtreo na spéire roimh do Duke scaoileadh le ruathar beacht teann sacsafóin. Tugann an pianó ar ais go talamh sinn, agus tá an t-amhrán thart laistigh de dhá nóiméad go leith. Bheadh ceoltóirí mar Fela Kuti nó Willis Jackson ag iarraigh dhá phort ar fhad deich nóiméad an ceann a dhéanamh as na tiúineanna san amhrán úd. Cleas é a imríonn Duke arís is arís eile, ó nótaí siarghabhálacha 'Is It Love' go harmóintí casta misniúla 'Lion's Feast', é ag cur 10 n-amhrán dó laistigh de 25 nóiméad. Smaoinigh ar amhráin Duke mar petite fours - gach ceann ina ghreimín beag, foirfe, blasta a fhágann ag lorg a thuilleadh thú, ach iad sásúil nuair a éistear leo le chéile mar aonad. Soul food? Sea, ambaiste. Tá tallann nua inár measc.


*

Ceol

The Rough Guide To Arabic Café 2 World Music Network

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cad é seo, go díreach? Am éigin sa deichiú aois, de réir cosúlachta, nochtadh airíonna spreagthacha an phónaire chaife nuair a dhein fánaithe gan aithint cúpla pónaire a chogaint agus a slí á ndéanamh acu thar shléibhte na tíre a dtugtar inniu

An Aetóip uirthi. Tá na hArabaigh ag ól caife ó shin, caiféanna bunaithe acu i bhfad roimh do Starbucks tuirlingt ar phríomhshráideanna na cruinne. Seo bailiúcháin den saigheas ceoil a bhfuil le clos, deir lucht margaíochta World Music Network linn, i gcaiféanna beaga ó Bheiriut go Cairo agus Casablanca. Má tá amhras faoi sin mar choincheap, tá fiúntas fós le Arabic Café, mar más fánach an áit ina bhfaighfeá gliomach, níos fánaí fós na háiteanna ina bhfaighfeá bun-taifidí na rianta bailithe anseo. An bhfuil aon mhaith ann? Port é Bienvenue/Abiadi ar a bhfuil an ceol Arabach raï meascaithe go samhlaíoch le heilimintí den snagcheol Cúbach ag Medioni. Port mór hiopnóiseach sa trasidisiún Núibiach é 'Elleya Missafir' le Hassan Meky agus a

nós 9

chairde san ollghrúpa Salamat. Ta tionchar func-cheol James Brown le clos i dteannas 'Abu Simbel' le hAli Hassan Kuban na hÉigipte, agus is tiúin mhór lúbach eipiciúil rince-boilg é 'Tales of The Sahara' le Jalilah agus Ihsan Al-Mounzer na Liobáine. Tá rianta breátha le blas níos réchúisí orthu ann freisin ó leithéid Akim El Sikamaya agus an Daramak iontach. Laigí? An t-aon mháchail ar an saothar seo ná an 'La Vignette' lofa le Groupe Mazagan - stobhach déistíneach de dhroch-racdrumadóireacht agus ceol Maracach trom le glóranna gránna sintéiseora. An breithiúnas? Maith gan a bheith iontach, is stracfhéachaint spéisiúil ar staid an cheoil Arabaigh san am i láthair é 'The Rough Guide To Arabic Café'.


*

10 nós

Ceol

Kendra Morris - Banshee naive

*****

Léirmheasanna le Ben Ó Faoláin

Ní caointeoireacht atá le clos ar 'Banshee' ach amhráin sa stíl nuacheoil anama dea-léirithe i dtraidisiún Mark Ronson don raidió FM (áit a bhfuil an tsingil 'Concrete Waves' cloiste agat, seans). Faraor, níl splanc easurramach Lily Allen, panache Amy Winehouse ná cumhacht damanta Adele ag baint le hamhránaíocht Kendra Morris. Tá blas DJ Premier agus David Holmes ar roinnt des na buillí, agus luann Morris leithéidí Stevie Wonder, Marvin Gaye agus Jackson 5 mar fhoinsí ionsparáide, ach leis an fhírinne a insint níl oiread agus smaoineamh úr amháin maidir le cumadh ceoil ina ceann aici, ná faoi ábhar an albaim féin, cursaí grá. Zzz.

Perc - The Power And The Glory perc tracks

*****

Is techno é ceol Ali Wells (Perc), ach techno go mór as an ngnáth. Ní ceol rince é, don gcuid is mó. Ní ceol don tolg é ach an oiread, is ní chuirfeá ar siúl é agus obair tí ar bun agat. Seo fíor-ealaín fuaime. Ionsaithe brúidiúla ar na cluasa iad píosaí mar 'Rotting Sound' agus 'Bleeding Colours'. Malartaíonn tosaíocht rithimí agus fuaimeanna 'Dumpster' ar nós línte i bpictiúrí M.C. Escher. Ná bac le 'The Power And The Glory' muna bhfuil tú réidh chun lán d'intinn a dhíriú ar. Má tá sé de mhisneach agat tabhairt fé, téir i do luí i seomra dorcha is cuir Perc ar na cluasáin. Scanrúil.

Addison Groove - Presents Sam Grieve 50 weapons

*****

É ar dhuine dos na céad léiritheoirí dordcheoil chun fuinneamh fraochmhar ceoil footwork Chicago a mheascadh le fuaim dhubchéim na Breataine, tá luas na mbuillí ardaithe go 160bpm+ ag Addison Groove do mhórchuid na rianta ar 'Presents Sam Grieve'. Nua-jungle i dtraidisiún Machinedrum, Sam Binga, Om Unit et al atá i gceist, mar sin, ach don chuid is mó tá cóiriú na mbuillí ró-righin chun an luascadh cuí a chur sa cheol. Éiríonn cúrsaí níos measa nuair a iarrann Addison ar a chara Josefina lag-liricí lofa le cliché-anna a chanadh thar a chuid rianta. Do bhain A Guy Called Gerald triall as amhráin jungle-soul a léiriú ar an albam 'Essence' siar in 2000 bhí sé ainnis mar sheánra an uair sin agus tá fós (ach amháin i gcás corriarracht ag 4Hero). Níl ach dhá phort mhaithe ar 'Presents Sam Grieve' - '11th' i dteannta Sam Binga, agus an '167 Blast' iontach i dteannta junglist ársa Bhriostó DJ Die.



Ag teacht aníos

GaelGÁIRÍ

oíche ghrinn, Club Chonradh na Gaeilge. An Sathairn deireanach de gach aon mhí.

Nach breá a bheith ag gáirí? Nach iontach an phian sin a fhaigheann tú i do bholg nuair a bhíonn do chorp lúbtha agus tú lag ag gáirí; nuair a shileann na deora síos d’éadan gan aon chúis bhróin? Trua mar sin go mbíonn sé deacair ar uairibh fáth a fháil chun béic gháirí a ligint asainn. Bhuel, do mhuintir na hardchathrach – beidh deis míosúil agaibh suí siar agus dearúd a dhéanamh ar chúramaí agus ar bhuarthaí an tsaoil, fhaid is atá sibh ag éisteacht leis an gcéad ré eile do mhná agus d’fhir grinn – ag caitheamh uatha as Gaeilge! GaelGÁIRÍ an t-ainm atá baistithe ar oíche rialta ghrinn a bhíonn ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge, ar an Sathairn deireanach de gach mí.

Tá béim curtha ag lucht eagraithe na hoíche ar thalann nua a aimsiú, agus fáiltíonn siad roimh dhaoine atá ag iarraidh triail a bhaint as a gcuid saothar grinn féinigh teacht chomh fada le hardán an Chlub. Ná bíodh eagla oraibh roimh a leithéid de chuireadh; beidh comhairle agus cúnamh ar fáil dóibh siúd ar mian leo iarracht a bhaint as. Anuas ar sin, beidh ceardlanna grinn á reáchtáil in ollscoileanna na cathrach, amach anseo. Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa chomh maith, réalta grinn na tíre a mhealladh chuig an gClub. Íocfainn féin cinnte as ticéad chun leithéidí Dara Ó Briain, Des Bishop nó Mr Chrome ó na Rubberbandits a fheiscint – triúr a bhfuil Gaeilge bhreá acu. Ach bheinn breá sásta ticéad a cheannach chun an chéad ghlúin eile a fheiscint chomh maith. Ar an gcéad oíche


*

Ceol a eagraíodh, i mí na Nollag seo caite, do thug seachtar faoin stáitse – Andy Ó Faoláin, Eoin Ó Murchú, Cillian Ó Braonáin, Máirtín Angolo agus Aideen Ní Dhiarmada. Bhí beirt eile a dhein iarracht an slua a mhúscailt lena gcuid jócanna, beirt nár thriail ariamh cheana - Aodhán Ó Deá agus Dónal Hanratty - agus neostar dom gur éirigh thar barr leo agus go raibh slua mór i láthair chomh maith. Go deimhin, tá an fhianaise sin le feiscint, ní gá ach GaelGÁIRÍ a chur isteach san inneall cuardaigh ar youtube agus tiocfaidh tú ar fhíseán a tógadh ar an oíche. Más mian leat féin a bheith páirteach sna oícheanta seo amach anseo, déan teagmháil go díreach leo siúd a bhíonn á reáchtáil: gaelgairi@gmail.com

Luimneach Cathair Chultúrtha 2014, imeachtaí go leor.

Tá go leor conspóide cruthaithe agus go leor cainte cloiste ó aimsir na Nollag faoi chathair Luimnigh – agus an ról atá aici i mbliana mar chathair chultúrtha. Ná scaoilfimis leis an aighneas agus achrann faoi phríomhfheidhmeannaigh, stiúrthóirí nó bord ealaíona na cathrach, drochbhlas a fhágaint inár mbéalaibh. Féachaimis anois chun cinn ar chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl sa chathair i rith mhí Feabhra. Ón gcéad lá d’Fheabhra tá bailiúchán pictiúir Alfred Chester Beatty, nó King of Copper mar a thugtaí air, le feiscint i Músaem Hunt. Is ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath atá na pictiúir seo, go dtí deireadh mhí an Mhárta. Saothar le healaíontóirí Francacha ón naoú haois déag is mó atá sa bhailiúchán seo, leithéidí Breton and Couture, a bhronn Beatty ar mhuintir na hÉireann sa bhliain 1950. www.huntmuseum.com

Tá daichead bliain ann ó cailleadh Kate O’ Brien, an scríbhneoir agus drámadóir ó Luimneach. Chun comóradh a dhéanamh ar bás Kate, reáchtálfar Féile Litríochta a mhairfidh ar feadh ceithre lá sa chathair. Beidh deis ag daoine ceann de dhrámaí Kate a fheiscint ar stáitse agus cur síos a chlos ó réimse leathan scríbhneoirí le linn na féile: Anne Enright, Michael Longley, Frank McGuinness, i measc go leor eile. www.kateobrienweekend.com Beidh ceoltóirí agus bannaí ceoil éagsúla ag tabhairt cuairte ar Luimneach le linn na míosa seo, ar ionaid éagsúla na cathrach. Bígí ag súil le We Banjo 3, Tommy Fleming agus Smokie. Dá mbeadh deis agam freastal ar cheolchoirm ar bith sa chontae, roghnóidh An Evening with Johnny McEvoy a bheidh ar siúl ar an 20ú Feabhra in Amharclann an Lime Tree, i gColáiste Mhuire gan Smál. D’fhás mé aníos ag éisteacht le Johnny McEvoy. Is é a bheadh le clos i gcairt mo mháthar agus mé ag taistil siar is aniar ón scoil lei ó Luan go hAoine. (Johnny McEvoy, agus i gcairt m’athair – Kris Kristofferson agus Johnny Cash!) Tá fíor-shaibhreas ina ghlór agus mothúcháin le braith i bhfocail na n-amhrán a chanann sé. Tá sé ar m’ipod agus is minic a éistim leis, ní hamháin do na hamhráin, ach chun cuimhní m’óige a mhúscailt. www.limerickcityofculture.ie

nós 13


14 nós

*

Ceol

TedFest ’14 27 Feabhra – 02 Márta 2014, Inis Mór

Ní gá cúis ar bith a bheith agat chun turas a thabhairt ar Oileáin álainn Árann. Neamh ar thalamh amach ó chósta na Gaillimhe. Is i lár an tsamhraidh a thugas cuairt orthu agus dá bhrí sin, is dócha, bíonn an ghrian i gcónaí ag taitnimh ann i m’intinn, aon uair go gcuimhním orthu. Ach má tá leithscéal de dhíth, seo chugat é.

Ceiliúrfar an 8ú TedFest, ar Inis Mór ón 27 Feabhra – 02 Márta 2014. Cad sa diabhal é TedFest? Bhuel, féile atá ann, a dhéanann gach a bhaineann leis an gclár teilifíse Father Ted, a cheiliúradh -comhdháil ar shlí do lucht leanúna na sraithe. Bíonn sé ar siúl uair sa bhliain ar Inis Mór, oileán a mbíonn cuma Craggy Island air, ar feadh ceithre lá, le himeachtaí


*

Ceol

seoigh an chláir mar chluichí nó comórtais. Cuirim i gcás ‘Comórtas na gCailíní Áille – The Lovely Girls Competition’ maraon le ‘Féile Kill Bill Craggy Island - The Craggy Island Kill Bill Festival’, nó ‘Cleamhnais le Nellie - Matchmaking with Nellie’. E150 costas na dticéad, ticéad a scaoilfidh isteach tú

chuig na trí phríomh ionad - Watty's, Shebangos agus an Crack Den, chomh maith le cead páirt a ghlacadh i gceann des na himeachtaí spórtúla – agus san áireamh i bpraghas na dticéad chomh maith, tá cupa breá tae, nuair a shroicheann tú an oileán. Careful now. www.tedfest.org

nós 15


*

16 nós

snag 2014

SEOLADH NÁISIÚNTA SHEACHTAIN NA GAEILGE 2 0 1 4

SEACHTAIN NA GAEILGE 2 0 1 4 Beidh Seachtain na Gaeilge ar ais ó 1 - 17 Márta 2014 agus beidh teanga agus cultúr na Gaeilge á cheiliúradh ar fud na hÉireann agus na cruinne ó thús go deireadh. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, scoileanna, leabharlanna, údaráis áitiúla, eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge le léiriú don phobal an obair a bhíonn ar siúl acu ar son na Gaeilge i rith na bliana go léir. Is le gach duine an Ghaeilge agus is le gach pobal Seachtain na Gaeilge, mar sin bígí linn, tacaígí lenár dteanga agus glacaigí páirt in imeachtaí na féile. Seachtain na Gaeilge - Croí na Teanga, It’s You!

An Phríomhshráid, Cill Airne Dé Sathairn 1 Márta, 2.30 - 4.30 Beidh sráideanna Chill Airne beo le ceol ón ngrúpa mór le rá Seo Linn agus neart siamsaíochta sráide d’óg agus aosta chun tús spleodrach a chur le Seachtain na Gaeilge 2014! Beidh an ócáid mar chuid de chlár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, a bheidh i mbaile Chill Airne ó 28 Feabhra - 2 Márta.

CEILÚRADH PHOBAL NA GAEILGE BHÉAL F EIRSTE

le hArdmhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir Dé Luain, 17 Márta, Lá na Féile Pádraig, 12.30 - 2.00 Den chéad uair le blianta fada, beidh an Ghaeilge á ceiliúradh i Halla na Cathrach ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid stairiúil seo le ceol, damhsa agus amhránaíocht, a bheidh á chur i láthair ag Lynette Fay.


*

snag 2014

PÁIRC AN F HIONNUISCE

SEACHTAIN NA GAEILGE SAN ARD-CHATHAIR SNAG ÁCT - SEACHTAIN NA GAEILGE ÁTHA CLIATH THEAS Níos mó ná 100 imeacht ar siúl i gContae Átha Cliath Theas le linn na féile, d’óg agus aosta! Ceolchoirm mór na féile ná Kíla in Áras Chrónáin ar 7 Márta ag 8in (¤15). Teagmháil: +353 1 4149000 gaeilge@athcliaththeas.ie | nó +353 1 4574847 eolas@araschronain.ie

GAELSPRAOI

Imeachtaí Gaeilge mar chuid den Fhéile Phádraig i gcathair Bhaile Átha Cliath ó 14 - 17 Márta! Teagmháil: +353 1 6763205 | info@stpatricksfestival.ie

A M HARCLANN NA M AINISTREACH

Is féidir lascaine 15% a fháil ar thicéid don dráma Sive le John B. Keane, a bheidh a léiriú ó 14-18 Márta ach cúpla focal Gaeilge a úsáid agus tú i mbun na dticéad a chur in áirithe. Chomh maith leis sin, beidh caint ‘Mo Cheol Thú’ in Amharclann na Péacóige ar 13 Márta ag 6in (¤3) agus seisiún beo saor in aisce le The Jeremiahs i mbeár Amharclann na Mainistreach ar 15 Márta ag 6in. Teagmháil: +353 1 8787222 | boxoffice@abbeytheatre.ie

Seolfar Seachtain na Gaeilge i bPáirc an Fhionnuisce ar 1 Márta le ceol & rince traidisiúnta agus seó le Púca Puppets! Beidh an mhaidin caife ‘Conas Atá Tú?’ ar siúl ar 4ú & 11ú Márta ag 11rn agus ceardlann ealaíne agus ceardaíochta Ceiltí do pháistí ag 11rn ar Lá Fhéile Pádraig. Teagmháil: +353 1 815 5914 phoenixparkevents@gmail.com

ARD - M HÚSAE M NA h ÉIREANN

Beidh fáilte romhat san Ard-Mhúsaem Seandálaíochta i rith Sheachtain na Gaeilge ar fad agus bileoga gníomhaíochta ar fáil i nGaeilge do pháistí 7 mbliana + faoi na Lochlannaigh! Sa bhreis air sin, beidh Tiarnaí Gaelacha agus Ridirí Meánaoiseacha faoi chaibidil ar 2 Márta ag 2in agus turas & comhrá ar thaispeántas de shean-iarsmaí ó Chiarraí ar 12 Márta ag 1in. Teagmháil: +353 1 648 6332 mjfitzsimons@museum.ie

GAILEARAÍ NÁISIUNTA NA h ÉIREANN

Beidh turas dátheangach ar an nGailearaí Náisiúnta ar 16 Márta ag 1.30 Teagmháil: +353 1 661 5133 | cmacconiomaire@ngi.ie

nós 17


*

18 nós

snag 2014 M ÚSAE M NÁISIÚNTA NA LEIPREACHÁN

Turas Gaeilge ar Mhúsaem na Leipreachán ar 9 Márta ag 12-1.30 agus arís ag 4-5.30! Is féidir turas Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna chomh maith ach teagmháil a dhéanamh! Teagmháil: +353 1 873 3899 rainbow@leprechaunmuseum.ie

REILIG GHLAS NAÍON

Turas Gaeilge ar Reilig Ghlas Naíon le Paddy Gleeson ar 8, 9, 15 & 16 Márta ag 1.00rn. Bí cinnte áiteanna a chur in áirithe roimh ré (¤12/¤8). Teagmháil: +353 1 8826550 booking@glasnevintrust.ie

IMEACHTAÍ RÉIGIÚNACHA CORCAIGH - F ÉILE M ÓR & CÉILÍ Sráid an Chapaill Bhuí, Dé Domhnaigh 2 Márta ag 2 - 5in. Seolfar Seachtain na Gaeilge i gCathair Chorcaí le ceol, craic, céilí agus margadh ar Shráid an Chapaill Bhuí. Lá amach don chlann ar fad i lár na cathrach! Teagmháil: +353 21 4310841 | eolas@gael-taca.com

BÉAL F EIRSTE - CEOLCHOIR M AG CEILIÚRADH RITH 2 0 1 4 Marquee Fhéile an Earraigh, Ard na bhFeá, Dé Sathairn 15 Márta ag 3.30 - 5in Is é Iarthar Bhéal Feirste ceann scríbe na féile náisiúnta Rith 2014 agus is anseo a bheas an chóisir is mó ar an chúrsa ar siúl. Beidh imeachtaí iontacha teaghlaigh againn, deoch & bia, lear seónna sármhaithe ar an phríomhardán agus sméar mhullaigh an lae - ceolchoirm leis an ghrúpa mór áitiúil ‘Bréag’- bígí linn ag an chóisir cheiliúrtha seo nach ndéanfar dearmad choíche air! Tá an t-imeacht seo á chur i láthair in éineacht le Fóram na nGael, Féile an Phobail & Rith 2014. Teagmháil: +44 2890 964180 oifigfailte@culturlann.ie

GAILLI M H - RÁS INIS M EÁIN

Rás nó siúlóid a eagraítear chuile bhliain chun airgead a bhailiú don mheánscoil áitiúil Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin. Seo an naoú bliain don rás clúiteach INIS IRON MEÁIN. Bíonn an-tóir ar an imeacht seo agus is cinnte gur ócáid an-speisialta agus as an gnáth an rás seo. Do 2014 tá dhá chúrsa dá thairiscint 10k agus 5k mar sin cláraigh ag www. runireland.com nó www.inisironmeáin.com agus bí san iomaíocht! Teagmháil: +353 87 7775567 | eolas.cne@cogalvec.ie

DOIRE - SCÉAL NA GAEILGE

Taispeántas a léiríonn stair na Gaeilge sa cheantar ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann agus a bheidh ar chamchuairt ar ionaid éagsúla i gcathair Dhoire le linn na féile. Teagmháil: +44 28 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk

CILL DARA - AN GRAÍ NÁISIÚNTA

Tá turais threoraithe á gcur ar fáil ag an nGraí Náisiúnta do scoileanna agus don phobal i rith Sheachtain na Gaeilge ar fad! Déan teagmháil leis an oifig chun áiteanna a chur in áirithe. Teagmháil: +353 45 521617 | reservations@ instourism.net

LUI M NEACH - DÁNLANN NA CATHRACH

Chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, tabharfaidh Cáit Ní Dhuinnín turas i nGaeilge de thaispeántas reatha an dealbhóra Michael Warren as Gaeilge Dé Sathairn, 15 Márta ag 2in. Is gá áiteanna a chur in áirithe. Teagmháil: + 61 310633 | artgallery@limerickcity.ie

AN IAR M HÍ - F EIS LÁR TÍRE

Beidh go leor imeachtaí ar siúl ó 10 - 17 Márta sa Mhuileann gCearr: taispeántas ealaíne san Atrium, Comhairle Chontae na hIarmhí; féile scoildrámaíochta; comórtais scoile; tráth na gceist; & oíche cheoil agus cainte ar 16 Márta. Teagmháil: +353 87 1258462 gloranmhuilinn@gmail.com

. . AGUS GO LEOR LEOR EILE AR F UD NA TÍRE & NA CRUINNE ! ! Gach eolas ar www.snag.ie & ar aip Sheachtain na Gaeilge atá ar fáil ar iTunes agus ar Google Play!


*

snag 2014

nós 19

Rith 2014 7 -15 Márta 2014 Is féile náisiúnta é Rith 2014, i bhfoirm rith sealaíochta, chun labhairt agus úsáid na Gaeilge a spreagadh. Iompróidh grúpaí éagsúla bata sealaíochta ó chiliméadar go ciliméadar thar beagnach 700km ó bhun go barr na tíre mar chuid de fhéile Sheachtain na Gaeilge. Déanfaidh reathaithe éagsúla an bata a iompar, trí 16 contae, ó 7 go dtí 15 Márta 2014 ag tosú i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí agus ag críochnú 9 lá níos déanaí i mBéal Feirste. Beidh urraíocht déanta ar gach ciliméadar agus rachaidh an brabús i dtreo imeachtaí Gaeilge sa phobal. Cuirfidh an fhéile fáilte roimh bhunscoileanna, mheánscoileanna, choláistí tríú leibhéal, chlubanna spóirt, chlubanna óige, lúthchleasaithe, phobal na Gaeltachta, ghrúpaí atá bainteach leis an nGaeilge, agus chainteoirí agus dhíograiseoirí na Gaeilge, páirt a ghlacadh ann. Is é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010 (d’éirigh go hiontach leis na rití in 2010 agus in 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh iontu). Tógadh coincheap na féile ó Thír na mBascach, mar a gceiliúrtar an “Korrika”. Tar i dteagmháil linn leis an mbata a iompar i do cheantar. Tuilleadh eolais ag www.rith.ie


*

20 nós

Ceol

Scáileán

Réaltacht Rúbaí Gearrscannán grinn Gaeilge faoi aindiachaí óg a sheasann an fód ar son a luachann, le Méabh Ní Thuathaláin.

S

amhlaigh é. Cailín óg as iarthar na tíre ag tarraingt ar a Céad Chomaoineach ach in áit Chríost, glacann sí le fealsúnacht Darwin agus fógraíonn sí gur aindiachaí í. Sin go díreach a dhéanann Rúbaí, (curtha i láthair go hiontach ag Doireann Ní Fhoighil) sa ghearrscannán greannmhar agus mothálach seo atá ag mealladh go leor airde anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is léargas iontach é ar Éirinn na linne seo agus ar dhiongbháilteacht chailín óig i gcoinne na bunaíochta. Beidh an scannán á thaispeáint mar chuid den Jameson Dublin International Film Festival ar Lá Fhéile Vailintín. “Is onóir mhór dúinne go bhfuil sé roghnaithe don JDIFF toisc nach mbeidh ach ocht ngearrdhráma á léiriú san iomlán,” arsa Louise Ní Fhiannachta stiúrthóir Rúbaí. “Beidh muid i láthair ag caint ina dhiaidh sin ag a mbeidh ionadaithe ó fhéilte móra scannáin sna Stáit Aontaithe agus spéis á léiriú acu Rúbaí a thabhairt anonn.” Antoin Beag Ó Colla, as Dún na nGall, a scríobh Rúbaí, script a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an stiúrthóir ildánach

Louise, atá ina scríbhneoir chomh maith, ón chéad léamh siar in 2012. “Leag mé súil ar script Rúbaí ag Féile Scannán an Daingin dhá bhliain ó shin agus nuair a tháinig mé ar ais go Gaillimh bhí mé lá agus oíche ag smaoineamh air. I bhfírinne, thit mé i ngrá leis an gcarachtar Rúbaí agus sa deireadh chuaigh mé i dteagmháil le hAntoin agus rinne muid an socrú go stiúrfainn an scannán,” arsa Louise. I ndiaidh roinnt míonna fuair siad deá-scéal ó Bhord Scannán na hÉireann maidir leis an mhaoiniú agus cuireadh tús leis na trialacha do charachtar Rúbaí. Rinneadh dhá lá d’éisteachtaí ar dtús agus b’éigean dóibh gearrliosta a dhéanamh agus éisteachtaí eile á reáchtáil de bharr an caighdeán a bheith chomh hard sin. “Éinne a cheapann nach bhfuil tallann anseo i saol na Gaelainne tá dul amú mór orthu mar tháinig 43 cailín óg chuig na héisteachtaí agus bhí an caighdeán an-ard go deo. Ba é ceann de na cinntithe ba dheacra a dheineamar is dócha.” Ach mhínigh Louise go bhfaca sí ‘draíocht éigin’ sna


*

Scáileán súile ag Doireann. “Bhí an tsoineantacht sin le brath ón taobh amuigh ach ag an am céanna d’fhéadfá creidiúint go raibh anchuid ar siúil ina haigne aici,” ar sise.“Bhíomar ag taifeadadh i mí Feabhra 2013 agus gach aon lá a bhí sí ar seit thug sí an draíocht dúinn. Shílfeá ag an tús go mb’fhéidir go mbeadh sí cúthalach ach níl. Is ag sú isteach gach aon rud a bhíonn sí.” Rinneadh neamhaird iomlán den chomhairle choitianta sna meáin gan a bheith ag obair le páistí nó ainmhithe agus is féidir a rá go ndeachaigh siad céim níos faide ná sin le Rúbaí. Bí ag súil le páistí, ainmhithe, péisteanna, éisc agus eile. Cheana féin bhuaigh Rúbaí sa rannóg ‘Best First Short

Drama’ ag Féile Scannán na Gaillimhe 2013, agus thóg sé leis an gradam don ghearrscannán is fearr ag an Charlie Chaplin Comedy Film Festival i gCiarraí 2013. Seo an chéad ghearrscannán atá stiúrtha ag Louise agus bronnadh gradam oinigh ón Screen Directors Guild of Ireland uirthi le déanaí toisc a cuid oibre le Rúbaí agus cláracha eile. Mar aon leis an Jameson Dublin International Film Festival, tá Rúbaí á thaispeáint ag Féile Scannán an Daingin i mí an Mhárta. Is gearrscannán de chuid Magamedia é atá stiúrtha ag Louise Ní Fhiannachta, scríofa ag Antoin Beag Ó Colla agus léirithe ag Gemma O’Shaughnessy.

nós 21


*

22 nós

Scáileán

Robocop

José Padilha, 12A

Eoghan Ó Loideáin

*****

Siar i mí Iúil 1987 a bhuail an chéad ‘RoboCop’ na pictiúrlanna, é anois ina scannán clasaiceach ar fud na cruinne, ach seans go bhfuil Robocop eile inár dteannta atá ar tí aitheantas a bhaint amach dó féin. Lonnaithe i nDetroit sa mbliain 2028, insítear scéal Alex Murphy (Joel Kinnaman), garda a ghortaítear chomh dona sin nach bhfuil aon seans aige maireachtáil mar is ceart. Sin go dtí go ndéanann an comhlacht OmniCorp tionscnamh speisialta as ina gcruthaíonn siad garda nua atá mar leath-fhear agus leath-róbat. Tá an creatlach céanna ann leis an mbunscéal mar sin ach snas na linne seo curtha air.

Ós rud é gur ‘athbhútáil’ é seo ar an gcéad scannán níl aon rogha againn ach iad a chur i gcomparáid lena chéile, cé nach mbíonn sé sin iomlán cothrom in amanna. Breathnaíonn sé nach bhfuil tada ach dul chun cinn déanta acu leis an scannán nua, go háirithe ó thaobh cuma de. Tá na héifeachtaí dochreidte agus tugann sé léargas maith dúinn ar an méid a d'fhéadfadh a bheith déanta ag scannánóirí blianta ó shin dá mbeadh an teicneolaíocht cheart acu. Tá foireann iontach le feiceáil ann chomh maith - Gary Oldman, Michael Keaton agus Samuel L. Jackson – a chuireann go mór lena stádas. Is fiú go mór na sean-scannáin a fheiceáil, trí cinn san iomlán, sula gcaitheann sibh súil ar an gceann nua seo. Ní raibh iomrá maith ar an athdhéanamh a rinneadh de scannáin eile ficsin eolaíochta le déanaí, leithéidí Total Recall mar shampla, ach is léir gur thaitin an bunscannán leis an stiúrthóir Brasaíleach José Padilha, agus is dócha go dtaitneoidh an leagan nua leis an mórchuid againn chomh maith.


*

Scáileán

Scannán Lego

Phil Lord, Christopher Miller, G

Eoghan Ó Loideáin

*****

Oscail YouTube agus cuardaigh aon rud a bhaineann le Lego. Le blianta tá daoine ag cruthú a gcuid beochaintí féin, íomhá ar íomhá, le píosaí Lego. Ceann de na cinn is cáiliúla acu sin ná athchruthú ar an bhfíseán ceoil le Michael Jackson, ‘Thriller’. Faoi dheireadh thiar thall áfach tá an dream proifisiúnta, deartháireacha Warner, tar éis tabhairt fúthu

féin mórscannán a dhéanamh bunaithe ar na brící is clúití ar domhan, agus tá sé iontach! Díríonn an scéal ar an gcarachtar Emmet (guth Chris Pratt) agus é ag tabhairt lámh chuidithe do leithéidí Superman, Wonder Woman agus cé eile ach Batman chun an domhan a shábháil ó dhiabhal ceart atá ag iarraidh é a scriosadh. Tá greann go smior ann, caighdeán fíor-ard beochana agus script láidir mar aon le cuid de na haisteoirí is fearr dá bhfuil ann mar ghuthanna sa scannán, Will Ferrell, Morgan Freeman, Liam Neeson, Jonah Hill agus Elizabeth Banks. Bí cinnte súil a chaitheamh air, bí cinnte go mbeidh scannán eile Lego ar an mbealach go gairid agus bí cinnte go mbeidh fonn ort súgradh leis na brící daite sin arís go luath!

nós 23


*

24 nós

Scáileán

FEABHRA AR TG4

lads mar dads Dé Domhnach, ó 16 Feabhra, 21.30 Ná bac leis an máithreachas, is í an atharthacht a bheas á scrúdú an uair seo! Feicimid conas a n-éireoidh le triúr fear óg agus iad ag dul i ngleic leis an athrú is mó ina saol riamh. Sraith clár faisnéise é “Lads mar Dads” ina fheicfimid dul chun cinn triúr lads thar tréimhse ocht mí, agus iad ag ullmhú le haghaidh teacht an linbh nua. Good Company Productions atá i mbun léirithe do TG4, le tacaíocht ón BAI. San lá atá inniu ann, is iondúil go mbíonn an méid céanna oibre á dhéanamh ag na fir agus a bhíonn ag na mná maidir le cúram leanaí, ach conas a n-éireoidh leis na Lads? – An mbeidh an manbag ullamh acu agus iad tuillteanach clúidín a athrú cibé áit ina bhfuil siad? Leis an eolas ar fad atá amuigh ansin, idir cláir teilifíse, cláir raidió, aipeanna agus leabhair, an mbeidh na Lads in ann an t-eolas sin a scagadh, na rudaí cearta a phiocadh amach agus neamhaird a dhéanamh ar an aineolas. Beidh mná na tíre ag tabhairt comhairle do na Lads, lena n-áirítear na dochtúirí Barbara Kearns agus Emma Kilgarriff, an t-oibrí sóisialta Julie O’Donnell agus an síceolaí Louise Pembroke. Ach beidh na fir ann chomh maith, ag insint a scéalta féin maidir leis an atharthacht, lena n-áirítear Nicky Byrne, Ray d’Arcy, Bernard Dunne agus Dara Ó Cinnéide – agus beidh roinnt leideanna acu do na Lads. Bígí linn lena fheiceáil an mbeidh na Lads in ann don dúshlán ollmhór atá os a gcomhair. Cé a bheidh ullamh na clúidíní a athrú leis an púdar agus an uachtar ina láimh acu? Cé acu a bheidh ina Dads, agus cé a bheidh fós ina Lads.

Laochra Gael Gach Domhnach, 17.55 Cuirfear tús craolta le sraith nua de cláracha ceiliúrtha agus cuimhneacháin ar ár mór-imreoirí iomána agus peile. Deich

gclár atá sa tsraith i mbliana, an dara séasúr déag ó thosaigh sí. Tugann gach clár ómós do shár-imreoir le cabhair agallaimh nua leo féin agus lena gcomhghleacaithe, céilí comhraic agus tráchtairí aitheanta. Ina measc siúd a bheas le feiceáil sa tsraith beidh an sár-scórálaí Déiseach John Mullane, clann Mhic Artáin as an Dún, an ban-pheileadóir is aitheanta agus is fearr riamh Cora Staunton, an Corcaíoch a rugadh i gCill Dara Larry Tompkins, mar aon le Noel Lane, Seán Óg Ó hailpín, Paddy Cullen, Brian Lohan, Martin O’Connell agus Eddie agus Willie O’Connor.agus ag fiosrú a nginealaigh. Is í an craoltóir Evelyn O’Rourke an láithreoir agus í ag taisteal na tíre go bhfeicfidh sé an obair dheonach iontach atá ar bun faoi choimirce na heagraíochta Ireland Reaching Out (Ireland XO). Spreagtar daoine as Meiriceá, Ceanada, An Astráil agus an Nua Shéalainn le dul i mbun taighde ar a sinsir a chuaigh ar imirce ón tír seo le céad go leith bliain anuas. A thúisce is atá dóthain eolais bailithe le daoine thar lear a cheangal le ceantar nó le baile ar leith, tugtar cuireadh dóibh teacht go hÉirinn le fód a ndúchais a fheiceáil, cuairt a thabhairt ar áit chónaithe agus adhlactha a muintire agus b’fhéidir aithne a chur ar ghaolta freisin. Cuirfimid aithne ar shliocht sleachta na n-imirceach agus feicfimid an gliondar atá orthu cur lena gcuid eolais ar a muintir rompu agus a n-áit breithe agus baiste a fheiceáil. Agus an áit a mbíonn cuairteoirí ar thóir a sinsear, bíonn scéalta, amhráin agus ceol, gan trácht ar dhamhsa.

Draíocht Dé Domhnaigh 9 Feabhra 19.30 Tabharfaidh RUA faoin dúshlán is dainséaraí fós agus é uisce in éineacht le siorcanna. Cabhróidh sé leis an mainicín Rozanna Purcell agus leis an gcraoltóir Paddy McKenna a gcumhachtaí draíochtacha a nochtadh.


*

Scáileán

Dé Domhnaigh 15 Feabhra 19.30 Imríonn RUA cleas ar réaltaí CLG Loch Garman, Cláir Ní Chonchubhair agus Diarmuid Lyng. Féachann an ceoltóir Podge McNamee agus an láithreoir Bláthnaid Ní Dhonnchadha an ceann is fearr a fháil ar an draíodóir.

Scór Encore Gach Domhnach ó 9 Feabhra, 20.00 Tá seó tallainne TG4, Scór Encore na nÓg, a bhíonn sa tóir ar an siamsóir óg is cumasaí sa tír, ar ais don dara sraith. Bíonn na mílte leanaí ar fud na tíre san iomaíocht gach bliain i gcomórtas Scór na nÓg an CLG. Bíonn grúpaí bailéad agus uirlise,

amhránaithe aonair, damhsóirí seit agus damhsóirí céilí ag traenáil go dian i rith na bliana, iad ag súil go mbeidh siad ina seaimpíní ina gcatagóirí féin. Tá sé in am anois dul ar aghaidh chuig an chéad leibhéal eile. Tabharfaidh na hiomaitheoirí is fearr as gach contae i ngach catagóir aghaidh ar a chéile leis an teideal seaimpín foriomlán Scór Encore TG4 a bhaint amach. Beidh an tallann go léir sa chomórtas Scór na nÓg le feiceáil in aon áit amháin, gach duine acu san iomaíocht don duais chéanna - seinm BEO i gceann de na láithreacha ceolchoirme is mó ar domhan - Páirc an Chrócaigh - ar lá Chluiche Ceannais na hÉireann i Meán Fómhair!

Róisín Gach Luan 20.00 Clár seachtainiúil comhrá agus eolais, á chur i láthair ag an gcraoltóir/ iriseoir, Róisín O’Hara. Tá clann óg ar Róisín féin agus is maith a thuigeann sí na dúshláin agus na deacrachtaí atá ag tuismitheoirí na linne seo, sa mbaile agus in aon láthair eile oibre. Beidh idir agallaimh agus thuairiscí sa gclár seo agus díospóireachtaí bríomhara freisin nuair is gá agus nuair is oiriúnach.

Fíorscéal: Mandela's Miracle Dé Máirt 11 Feabhra 22.25 Sceimhlitheoir a thugtaí ar Nelson Mandela tráth ach seachnaíodh cogadh cathartha san Afraic Theas dá bharr agus chuireadh deireadh leis an gcóras cinedheighilte tríd an athmhuintearas. Sa gclár faisnéise stairiúil seo, tabharfaidh daoine ar nós FW de Klerk, Desmond Tutu agus Zindzi Mandela teistiméireachtaí drámata agus taispeánfar píosaí de scannáin bhríomhara. Deir Clint Eastwood, atá faoi agallamh sa gclár seo freisin, go dteastaíonn níos mó daoine ar nós Nelson Mandela sa domhan.

Ceol ar an Imeall Dé Máirt 04 Feabhra 23.30 Beidh Old Hannah agus Daithí ag ceol sa stiúideo dúinn. Is banna ceol é Old Hanna a mheascann ceol traidisiúnta le ceol comhaimseartha rud a thugann fuaim ceoil tíre dóibh. Is ceoltóir leictreonach é Daithí as Co. an Chláir agus is é an fhidil a phríomhuirlis a bhíonn aige. Casfaidh Una leis an mbanna ceoil MGMT as Meiriceá. Labhróidh siad faoina n-albam nua agus faoin gceolchoirm a bheidh acu go gairid san Olympia.

Dé Máirt 11 Feabhra 23.30 Ceol beo sa stiúideo ó bhanna ceoil as Baile Átha Cliath ‘White Collar Boy’ le Gemma Dunleavy ina dteannta. Beidh ceol againn chomh maith ó Chian Nugent And The Cosmos agus Maud in Cahoots. Casfaidh Una leis an mbanna ceoil Parquet Courts, banna ceoil raic-punc as Meiriceá.

nós 25


*

26 nós

Scáileán

FEABHRA AR TG4 Ó Cuisine Dé Céadaoin 05 Feabhra 20.30 Enda Ó Conghaile as South Aran House in Inis Oírr a bheidh sa gcistin an tseachtain seo. Réiteoidh sé pasta le chorizo agus trátaí, muiceoil le cál ceannann agus cáca uachtair agus síoróipe.

Dé Céadaoin 12 Feabhra 20.30 Ruairí Ó Moracháin - The Druid Chef: Ruairí Ó Moracháin, The Druid Chef, a bheidh sa chistin an tseachtain seo. Réiteoidh sé ‘Áit ar Phláta’, ‘Gairdíní Chill Mhantáin’, ‘Uaineoil Ghleann Dá Loch’ agus ‘Gateau Chlochán an Aifir’

Fuaimrian Mo Shaoil Déardaoin 06 Feabhra 20.00 Sa gclár seo labhróidh Dáithí Ó Sé le comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times, Harry McGee. Inseoidh sé dó faoin gceol a mbíodh sé ag éisteacht leis agus é ag fás aníos i nGaillimh agus mar a thug sé a chaipín do Bono ag ceolchoirm nuair a bhí sé óg. Labhróidh sé faoin gceol a thaitníonn leis agus é ag dreapadh sléibhe agus an grá atá aige don Ghaeilge. Déardaoin 13 Feabhra 20.00 Labhróidh Dáithí Ó Sé leis an gcraoltóir agus an t-aisteoir Máirtín Jaimsie. Inseoidh Máirtín dúinn faoin gceol a bhíodh acu in Árainn agus labhróidh sé ar na pearsana móra ceoil a thaifead sé le linn a chuid ama ina chraoltóir le Raidió na Gaeltachta.

Ponc @ na Movies Gach Déardaoin 21.00 Beidh gach gné de shaol na scannán faoi chaibidil ag Máire Treasa agus ag Colmán gach seachtain ar chlár Ponc @ na Movies; áit a mbeidh agallaimh leis na réaltaí, léirmheasanna agus radhairc as na scannáin is déanaí.

Imeall Déardaoin 06 Feabhra 22.30 Casfaimid leis na mná as Amharclann Danú le labhairt faoi dráma nua John Mac Kenna, Breathless. Dráma é seo faoi mhná atá ar iarraidh. Casfaidh Sinéad Ní Mhaonaigh leis an ealaíontóir Feriel Bendjama as an nGearmáin chun labhairt léi faoina taispeántas sa Goethe-Institut.

Déardaoin 13 Feabhra 22.30 Tabharfaimid cuairt ar Ghailearaí VISUAL i gCeatharlach chun mórthaispeántas Patrick Scott a fheiceáil.

Borgen Déardaoin 06 Feabhra 23.00 Bíonn an bua ag Birgitte Nyborg sa toghchán agus éiríonn léi dhá oiread suíochán a fháil dá páirtí sa bparlaimint. Caithfear díriú anois ar idirbheartaíocht comhaontais agus rialtas nua a chur le chéile. Níl cúrsaí go maith le Katrine ach tá sí fós tiomanta dá cuid oibre.

Déardaoin 13 Feabhra 23.00 Cé nach bhfuil sí ach cúpla mí ina príomh-aire, tá a céad Bhille Airgeadais curtha i dtoll a chéile ag Birgitte Nyborg. Ach sula ndaingnítear é, tarraingíonn roinnt de bhaill na parlaiminte siar a gcuid tacaíochta. Tá post nua ag Michael Laugesen anois agus beidh sé in ann a bheith ina héadan anois. Ligeann Birgitte síos a teaghlach níos mó ná uair amháin. Faigheann Kasper post nua.


*

Scáileán

Seó Spóirt Gach Aoine, 20.30 Is é Dara Ó Cinnéide, a bheidh ina fhear an tí, mar is gnách agus é ag tarraingt ar a thaithí fhada mar pheileadóir agus mar chaptaen a thug corn Sam Maguire go Ciarraí mar aon lena chumas iontach craoltóireachta. Tá an séasúr nua spóirt faoi lán seoil agus aird an phobail anois ag díriú ar na Sraitheanna nua Náisiúnta Peile agus Iomána mar aon le Craobh Rugbaí na Sé Náisiún, Corn Heineken agus an tSraith rugbaí RaboDirect. Beidh aíonna aitheanta géarchúiseacha i gcuideachta Dara gach seachtain. Orthu sin a shuigh ar an tolg anuraidh leo bhí Darragh Ó Sé, John Allen, Ray Silke, Tomás Ó Flatharta, Caoimhín Ó Casaide, Paul Galvin, Dónal O’Grady, Charlie Vernon agus go leor eile. Beidh Gemma Ní Chionnaith ag taisteal ó cheann ceann na tíre lena tuairiscí seachtainiúla agus agallaimh le imreoirí aitheanta, bainisteoirí agus pearsain eile sa saol spóirt. Tá comórtas nua iontach againn do 2014. I bpáirt le Ulster Bank Rugby Force táimid ag tairiscint ticéid speisialta

VIP mar aon le lóistín ag cluiche mór an Earraigh agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Iodáil i gCraobh na Sé Náisiún i Stáid Aviva ar 8 Márta. Feicfear séasúr nua den chomórtas siamsúil “Céard a tharla?” freisin agus iomaitheoirí ag iarraidh imeachtaí cinniúnacha nó conspóideacha a thabhairt chun cuimhne agus geansaí an chontae mar dhuais don bhuaiteoir, urraithe ag O’Neill’s. Cuirfidh lucht leanta spóirt suim i ngach eagrán den chlár agus beidh duaiseanna tarraingteacha le buachan sa gcomórtas seachtainiúil.

Garraí Glas Sraith nua gach Máirt ó 18 Feabhra, 20.00 Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt chuig Frieda Ní Chatháin, GP a bhfuil luibhghort leighis aici i Mount Trenchard, Co. Luimnigh. Casfaidh sí le haíonna eile freisin, Jim McNamara, An Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadh agus Gaby Wieland agus labhróidh siad faoin mbliosán cruinn, an lus deartán, caorthann corraigh, Beathnua agus lus na meala líomóide.

nós 27


28 nós

*

lá mór na Gaeilge

Cosúil leis na mílte Gael eile sa tír, tá dóchas agus meanma fhoireann NÓS go fóill in ard na spéire tar éis bheith páirteach i gceann de na laethanta is fearr riamh sa saol Gaelach. Dathaíodh Baile Átha Cliath dearg le thart ar 10,000 Gael bailithe le chéile sa phríomhchathair Dé Sathairn 15 Feabhra chun cur in iúl don dá rialtas, thuaidh agus theas, go roghnaíonn muid todhchaí dár dteanga. Mhothaigh gach duine a bhí i láthair ar an lá an spiorad iontach atá i measc na nGael ag an nóiméad agus aontaíodh gur gá tógáil air chun dul chun cinn a dhéanamh le chéile. Roll on an chéad Lá Mór eile!


*

Ceol

nós 29

Grianghraif le Ciarán Ó Brolcháin. Beidh tuilleadh againn ar an mhí seo chugainn!


30 nós

leabhair

Ó Ghlaschú go Creagaigh Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an scríbhneoir Gaeilge, Gabhán Ó Fachtna Gach seans agus sinn ag smaoineamh ar scríbhneoirí Gaeilge, smaoiníonn muid gur Éireannaigh amháin a bhíonn ag scríobh ach ní amhlaidh atá an scéal i gcónaí. Foilsíodh 'An Domhan' an ceathrú cnuasach gearrscéalta de chuid Ghabháin Uí Fhachtna le déanaí. Ba ar chúlsráideanna Bhéal Feirste a bhí a chuid scéalta lonnaithe go dtí seo – 'Bás agus Beatha ar an Bhóthar Chreagach' is teideal do shaothar eile dá chuid mar shampla – ach sa chnuasach úr seo aige fágann Ó Fachtna an ceantar sin ina dhiaidh agus tugann aghaidh ar an domhan mór. As Glaschú na hAlban é ó dhúchas ach tá cónaí air anois in Oirthear Bhéal Feirste, cuid den chathair nach bhfuil clú na Gaeilge air go traidisiúnta. Rud eile atá neamhchoitianta faoin scríbhneoir seo ná go bhfuil Albainis aige chomh maith leis an Ghaeilge. Rinne sé staidéar ar an Ghearmáinis is ar Léann na hÉireann in Ollscoil Learphoill agus bhain sé dochtúireacht amach in Ollscoil na Ríona ar pholasaí teanga d’Albainis Uladh. “Bhí sé i gcónaí ar intinn agam a bheith i mo scríbhneoir, fiú mar dhalta bunscoile,” a mhínigh Ó Fachtna. “Déarfainn go mbeadh sé san fhuil agam. Scríobh m’athair cúpla úrscéal. Cé nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú agus é beo, d’fhoilsigh mise iad i bhfoirm leictreonach cúpla bliain ó shin. “Bím i gcónaí ag scríobh rud éigin — gearrscéalta, blag, ailt acadúla fá dtaobh den Albainis. Is inspioráidí ollmhóra iad Béal Feirste agus an Tuaisceart fosta. I gcás an chnuasaigh úir, áfach, chinn mé scríobh ar áiteanna eile toisc gur shíl mé go raibh sé in am dom rud éigin nua a dhéanamh.” Cad tuige a roghnaíonn Gabhán scríobh i nGaeilge? “Sílim gur seoid í an Ghaeilge ar cheart dúinn caomhnú don domhan. Is dóigh liom go dtuigfidh na daoine a bheas á léamh seo an dearcadh sin.” Ach cad chuige ar fhoghlaim Albanach an Ghaeilge sa chéad dul síos? “Is náisiúnaí cultúrtha Albanach mé, agus cuirim spéis i dteangacha na hAlban. Chuaigh mé ar ollscoil nuair a bhí mé 17. Ag an am sin, is dóigh liom go raibh náire orm nach raibh

Gaeilge na hAlban agam, an teanga a bhí ag mo mháthair mar ghirseach ach a chaill sí ina dhiaidh sin. “Agus bhí sé níb fhusa ar dhóigh éigin Gaeilge na hÉireann a fhoghlaim — is feiniméan réasúnta nua é go mbíonn líon mór daoine ag foghlaim Gàidhlig. “Bhí mé ar ollscoil i Learpholl fosta, áit ar féidir staidéar a dhéanamh ar Léinn na hÉireann. Sa mhullach air sin, tugann an Stát Éireannach an-chuid tacaíochta dóibh siúd ar mhaith


*

Leabhair

leo an teanga a fhoghlaim; ní raibh sé sin fíor in Albain go dtí cúpla bliain ó shin.” Ach an bhfuil aon dúil ag Gabhán scríobh san Albainis? “Tá dúshláin ag baint le scríobh san Albainis nach bhfuil ann i gcás na Gaeilge — taighde a dhéanamh ar an fhoclóir, socruithe a dhéanamh maidir leis an litriú agus mar sin de,” ar seisean. “Bheadh sé ní ba shimplí rud éigin a scríobh sa Bhéarla agus é a aistriú. Leis an Ghaeilge, áfach, is féidir liom scríobh sa teanga ón tús agus úsáid a bhaint as an fhoclóir más rud é go bhfuil focal áirithe de dhíth orm.” Agus tá tuairimí láidre ag Gabhán ar an Albainis ó thuaidh, nó 'Ulster-Scots' mar a thugann lucht polaitíochta uirthi. “Ba bhreá liom dá mb’fhéidir an Albainis a chur chun cinn sa Tuaisceart ar dhóigh chiallmhar neamhsheicteach, rud nach bhfuil tarlaithe go nuige seo, d’ainneoin na gcainteoirí

Caitliceacha uilig, ar a laghad 25% acu. “Faoi láthair táthar ag déanamh prácáis de — bíonn daoine ag rá go bhfuil traidisiún Oráisteach nó AlbanachUltach ann, ag maíomh nach ionann iad Albainis agus Albainis Uladh, nó ag athrú an litrithe thraidisiúnta le dul in iomaíocht leis an Ghaeilge le teanga dá gcuid féin. “Ar an drochuair, síleann cuid mhaith Náisiúnaithe go dtig leo rud éigin a bhaint amach don Ghaeilge má dhéanann siad neamhaird de seo, ach tá sé soiléir go leor nach bhfuil sé sin i ndiaidh tarlú. “Mar Albanach, is rud nádúrtha é go gcuirim spéis sa Ghaeilge agus san Albainis araon, agus ba mhaith liom go mbeadh an dearcadh sin ag achan duine sna Sé Chontae. Cluintear cuid mhaith fá dtaobh de normalú na Gaeilge, ach caithfidh muid é sin a dhéanamh i gcás na hAlbainise fosta.” Tá 'An Domhan' sna siopaí anois, foilsithe ag Coiscéim, praghas ¤12.

Irisí? Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc.

nós 31


32 nós

*

leabhair

Thomas the Tank Engine: Cainteoir Dúchais Gaeilge Scéal Eisiach le Mícheál Mac an Bheatha Gach seans go bhfuil Tomas is a Threud feicthe agat ar BBC Alba ach an raibh a fhios agat nach é sin an t-aon bhaint idir Thomas The Tank Engine agus an Ghaeilge? Déanta na fírinne, is í an Ghaeilge teanga dhúchais Oileán Shudraigh, an t-oileán a bhfuil Tomás agus a chairde ina gcónaí ann sa tsraith chlúiteach leabhar, agus clár teilifíse, a chruthaigh an tUrramach Wilbert Vere Awdry breis agus leathchead bliain ó shin. 'Sudric' an t-ainm Béarla atá ar an chanúint Ghaelach seo atá dúchasach don oileán agus tá dlúthbhaint idir an chanúint sin agus Gaeilge Mhanann – ar an ábhar go bhfuil Sodor féin suite idir Manainn agus cósta Cumbria.

Bheadh sé deacair go leor do chainteoir Gaeilge as Éirinn an tSuidris a thuiscint ach thuigfeadh Manannach gan stró í. Tá samplaí den teanga le fáil sna cuntais stairiúla a scríobh an tUrramach Awdry ar an oileán agus ar na traenacha áille údaí sin a d’oibrigh ann tráth. Tá an teanga ar a dé deiridh faraor, ach cá bhfios, seans go bhfuil cainteoir dúchais i bhfolach ann go fóill. Gaeilge bhacach a bhíodh á labhairt go forleathan in Oileán Shudraigh, go háirithe le blianta anuas mar is léir ó na samplaí seo thíos den chanúint. Mar sin féin, díreach cosúil lena gcomharsana béal


*

leabhair

dorais ar Mhanainn, is léir go bhfuil muintir an oileáin bródúil as an oidhreacht Ghaelach atá acu agus is cinnte go mbeadh go leor den teanga féin ar eolas ag Tomás agus a chairde. “Ticéad fillte go Cnoc an Ghleanna le do thoil!” Nóta ón Eagarthóir Oileán ficseanach é Oileán Shudraigh ar ndóigh. Lonnaigh Awdry scéalta Thomas the Tank Engine

nós 33

ann agus chruthaigh sé stair don oileán, teanga Ghaelach san áireamh agus í cosúil go leor le gnéithe áirithe de Ghaeilge Oileán Mhanann. Tháinig an smaoineamh don oileán bréagach féin atá suite idir Oileán Mhanann agus Sasana chuige ón teideal atá ar Easpaig Mhanann, ‘The Bishop of Man and Sodor’. Tá bunús Lochlainnise ag an ainm ‘Sodor’ a chiallaíonn sé 'oileán an deiscirt'.

sudric - teanga thomáis Nagh Beurla Níl Béarla agam Keeill-y-Deighan Cill an Diabhail Cronk-ny-Braaid Cnoc an Ghleann

Croshbyr – Feirm na Croise Traugh - Trá Gob-y-Deighan – Gob an Diabhail Wick – Inbhear / Uig Gleih - Gorm

Knock - Cnoc Rheneas – Eas Roinnt Scaca – Éadán Coillteach Skarloey – Lough sa Choill Hawin - Abhainn Faarkey - Farraige

Sudragh - Sodor Crosh - Cros Bry – Croit / Feirm Cros-ny-Cuirn – Cros sa Sliabh


*

34 nós

saol

saol

Grá gan Srian An féidir le duine amháin d'uile mhian a shásamh? Fiosraíonn . Méabh Ní Thuathaláin il-ghrá, rogha éagsúil saoil atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine anseo in Éirinn a chreideann go bhfuil grá go leor ann do níos mó ná leannán amháin.

M

á bhreathnaíonn tú ar fud na cruinne, tá líon na bpobal a chleachtaíonn polagamas níos mó ná an líon a roghnaíonn an monagamas mar ghnáth-chleachtas caidrimh. In Éirinn na linne seo is é an monagamas an nós is coitianta ar ndóigh ach ní amhlaidh a bhí i gcónaí. Sa Cháin Lánamna, sean-tráchtas dlí ó na meánaoiseanna a dhírigh ar phósadh agus ar cholscaradh, James Vincent tugadh túsMcMorrow áite don phríomhleannán, an ‘Cétmuinter’, i

gcomparáid leis an ‘Ben Aititen’, (bean an aitheantais) a raibh stádas tánaisteach aici sa phósadh. Thagraigh Caesar do dhream Ceilteach in Alba ar polandraigh iad, a chiallaigh go raibh mná ábalta níos mó ná fear céile amháin a bheith acu. Mar sin, ní rud nua é go mbeadh duine i gcaidreamh le níos mó ná duine amháin ag aon am amháin. Agus sin go díreach atá i gceist leis an chleachtas reatha


*

saol il-leannáin, gluaiseacht ghrá a d’eascair sna Stáit Aontaithe le linn na seascaidí agus tá ag fás anseo in Éirinn sa lá inniu. “Is le casadh an chéid agus teacht an idirlín a cuireadh dlús leis an ghluaiseacht,” arsa an Dr. Meg Barker, léachtóir sinsearach le Síceolaíocht i Londain agus údar an leabhair ‘Rewriting the Rules’ a cheistíonn na rialacha a bhaineann le caidrimh. “Ardán a bhí san idirlíon a thug deis do dhaoine ionannú le pobal il-leannánach, daoine a bhí ag cuartú rogha inmharthana eile seachas monagamas.” Spéisiúil go leor, bhí Bernie agus Tom, beirt mheánaosta atá ag cur fúthu in iarthar na hÉireann, i gcaidrimh illeannánacha anseo siar sna hochtóidí i bhfad sular thuig siad go raibh gluaiseacht ann agus sula raibh an téarma ‘il-leannán’ ar a dtoil acu. Tá siad beirt i gcaidreamh le chéile agus tá leannáin eile acu nach bhfuil aon bhaint acu lena chéile. Amantaí tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir caidreamh oscailte agus caidreamh il-leannáin ach tá difear sa mhéid is go mbíonn an té a théann i dtreo il-leannáin ag cuartú caidreamh ‘iomlán’, ‘suntasach’ agus ‘fadtéarmach’, mar a mhínigh Bernie, agus ní bhaineann sé le caidreamh gnéasach amháin. “Dhá bhliain i ndiaidh dom pósadh bhí mé iontach míshuaimhneach. Bhí mé i ngrá le m’fhear céile ach bhí a fhios agam nach raibh caidreamh monagamach uaim fad mo shaoil. Is uallach ollmhór é go mbeadh duine amháin ag brath ar dhuine eile don uile ní. Is brú ollmhór é ar chaidreamh beirte,” arsa Bernie. Go praiticiúil cad é mar a oibríonn sé? Tá rialacha follasacha daingne ag roinnt daoine a chleachtaíonn il-ghrá agus tá roinnt eile níos solúbtha. Seans go mbeadh gach duine sa ‘chiorcal’ il-leannánach i gcaidreamh le chéile (ina gcónaí san aon teach amháin mar shampla), nó thiocfadh dó go mbeadh ‘triad’ i gceist agus go mbeadh triúir i gcaidreamh le chéile. Tá socrú eile (a thagann leis an socrú atá ag Bernie agus Tom) a thiteann faoin teideal ‘V’, ina mbeadh níos mó ná leannán amháin ag duine ach nach gá go mbeadh aon bhaint ag na leannáin éagsúla le chéile. “Seans go mbeadh ceathrar san aon leaba amháin gach oíche, seans go mbeadh seomraí éagsúla sa teach agus go mbeadh daoine ag bogadh ó sheomra go seomra agus ag feidhmiú le córas róta,” arsa Barker. “Déantar bainistiú go praiticiúil ar an chaidreamh le rialacha agus cumarsáid oscailte. Ní sin le rá nach mbíonn fadhbanna ann, bíonn fadhbanna i ngach caidreamh. Tá deacrachtaí ag baint le bheith singil, tá deacrachtaí eile a bhaineann le bheith monagamach agus más il-leannán tú, beidh deacrachtaí ansin chomh maith,” arsa Barker. Nuair atá níos mó ná páiste amháin ag daoine glacann muid leis go bhfuil grá go leor ann do gach páiste, glacann muid

leis gur féidir cairdeas a fhorbairt le níos mó ná cara amháin, mar sin an féidir an cur chuige sin a úsáid i gcás caidreamh rómánsúil? ‘Éad’ in aghaidh ‘Am’ Síleann daoine gurb é éad an chuid is deacra de chaidreamh il-leannánach ach i ndáiríre is minice a thuairiscítear gur bainistiú ama an rud is mó a chothaíonn trioblóid. Tá féilire Google ar féidir a roinnt ina chuidiú mór ag an té a chleachtaíonn il-ghrá, deirtear. Aontaíonn Bernie leis an mhéid sin. Is máthair beirte í agus seanmháthair triúir agus oibríonn sí sna meáin. Cé go bhfuil sí den bharúil nach bhfuil srian ar bith ar ghrá, aithníonn sí go bhfuil srian ar na oiread ama a chaitheann sí lena leannáin. Ach ní drochrud é seo dar leis an bheirt acu, a chreideann go mbíonn an t-am a chaitear i gcuideachta na leannán níos fiúntaí de bharr na teorann ama. Creideann Tom, fear a chaith seal i gcaidreamh monagamach agus atá anois i gcaidreamh il-leannáin, go gcuireann sé “níos mó fuinnimh” isteach sna caidrimh illeannánacha agus go mbaineann sé féin agus a leannáin “níos mó tairbhe” as an am a chaitheann siad le chéile. Tréith dhainséarach d’aon chaidreamh is é an t-éad agus shílfeá go mbeadh sé ina dhiabhal ceart agus tú ag roinnt leannán. Mothaíonn Tom nach bhfuil fadhb ag daoine a théann isteach i gcaidrimh il-leannánacha maidir le héad - dá mbeadh, ní bheadh siad oscailte den chineál sin caidrimh sa chéad áit. Tá dearcadh éagsúil ag Bernie; “Sílim go mbíonn éad ann má ghéilleann tú dó. Caithfidh tú a bheith oscailte, ionraic agus soiléir, agus aon drochiompar ionat féin a aithint agus a cheistiú nuair a thagann sé chun solais. Is aistear pearsanta é caidreamh il-leannánach chomh maith le haon rud eile, caithfear imscrúdú a dhéanamh ar na mothúcháin atá agat agus ceist a chur ort féin ‘Cén fáth a bhfuil éad orm?’ Má tú ar do shuaimhneas ionat féin ní ceart go mbeadh éad ann in aon chor.” Teaghlach i gcaidreamh il-leannánach Dá bhfiafrófá den té ar an tsráid faoi chaidreamh il-leannánach a bheith ina bhunús maith chun páistí a thógáil, déarfainn nach bhfaighfeá freagra dearfach. “Tá na ceisteanna céanna á gcur orthu siúd i gcaidreamh il-leannánach is a cuireadh ar dhaoine i gcaidreamh comhghnéis deich mbliana ó shin,” arsa an síceolaí Meg Barker. “An gcuireann sé mearbhall ar pháistí nó an gcothaíonn sé deacrachtaí dóibh beirt mháthar nó beirt athar a bheith acu? Tá an taighde ag léiriú nach mbíonn fadhbanna sa bhreis ag páistí ó chúlraí comhghnéis i gcomparáid le páistí ó chúlraí níos traidisiúnta agus déarfainn go mbeadh caidrimh illeannánacha ag teacht leis an mhéid sin,” arsa sí. Shílfeá nach mbeadh go leor ama ag na tuismitheoirí na caidrimh fhásta a choinneáil ag gabháil agus aire a thabhairt

nós 35


*

36 nós

saol

Monagamas… Cad as a dtagann sé? Baineann monagamas le cúpla pósta heitrighnéasach. Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil greim daingin ar an mhonagamas inár gcultúr mar go bhfuil sé bunaithe ar an tuiscint gurb é an cur chuige is fearr don saol oibre agus teaghlaigh. Go traidisiúnta bheadh bean de dhíth ag an fear le tabhairt faoi chúramaí an tí agus páistí a thógáil agus é amuigh ag obair ach leis an fhorbairt a tháinig ar chomhionannas inscne tá daoine ag ceistiú agus ag cuartú dóigheanna eile chun caidrimh a bheith acu.

do pháistí ach maíonn Baker gur minic breis ama ag na tuismitheoirí mar gheall go bhfuil níos mó daoine fásta ann, rud a thagann níos giorra de mhúnla an teaghlaigh shínte. “Cosúil le rud ar bith, braitheann sé ar na daoine atá i gceist. Thiocfadh dó gur bealach maith é le páistí a thógáil nó seans go mbeadh a mhalairt fíor, ach níl aon fáth go mbeadh daoine amhrasach,” arsa Barker. Leathcheal Ceann de na fadhbanna is mó a bhíonn ag teaghlaigh illeannánacha ná fulaingt le haighneas ón phobal lasmuigh. Ní haon iontas é. Téann il-leannáin in aghaidh dearcadh an phobail i gcoitinne agus is minic a dhéantar imeallú ar an té atá éagsúil. Is comhartha é “an t-aisfhreagra millteanach’ a d'fhulaing Bernie san obair ar an aighneas sin agus a fhágann í míshuaimhneach maidir lena sloinne a chur i láthair san fhoilseachán seo. Ceist ama atá ann dar le Barker. De réir mar a bhíonn níos mó éilimh ar chaidrimh illeannánacha, ardaítear spéis agus laghdaítear an leithcheal. Il-leannáin - múnla caidrimh na todhchaí? “Ní hea” arsa Meg le gáire. “Níl aon chur chuige amháin a bheadh fóirsteanach don todhchaí. Caithfidh daoine teacht ar an mhúnla is fearr dóibh féin. Faoi láthair tá rialacha daingne a bhaineann le monagamas agus bheinn ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach é sin an t-aon rogha agus gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha.” Creideann Tom go bhfuil féidearthachtaí san il-ghrá chun cur i gcoinne an mhíshuaimhnis a mhothaíonn daoine i gcaidrimh mhonagamacha fhadtéarmacha. “Is léir ón oiread tóra a bhíonn ar na suíomhanna cleamhnais go bhfuil go leor daoine ag cuartú rud éigin eile agus gné eile a tharraingt isteach ina gcaidreamh. Ach ní ionann sin is a rá go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur leis an chaidreamh atá acu.” Cosúil le gach ní eile, níor tháinig an dlí chomh fada leis na hathruithe atá ag tarlú sa tsochaí go fóill. Is fadhb í seo don mhionlach il-leannánach agus táthar ag éileamh cearta dá réir.

Múnlaí Éagsúla Neamhmonagamacha Tá daoine ag teacht ar mhúnlaí eile seachas monagamas agus tá il-leannáin mar cheann de na roghanna sin. Tá trí bhealach a chleachtaíonn daoine caidrimh neamhmonagamacha go hoscailte. 1. ‘Luascadh’ (Swinging) Beirt atá i gcaidreamh ach a mbíonn gníomhaíocht gnéasach ar siúl acu le daoine eile ach a sheachnaíonn ceangal rómánsúil 2. ‘Caidreamh Oscailte’ (Open Relationship) Cúpla a mbíonn mionchaidrimh acu, bunaithe go minic ar ghnéas. 3. ‘Il-leannáin’ (Polyamory) Nó il-ghrá, nuair bhíonn níos mó ná caidreamh amháin ag daoine. Tá bealaí eile thar faoi rúin - d’admhaigh 57% d’fhir agus 54% de mhná go raibh siad mídhlíseach ag am amháin nó am eile. Sna stáit Aontaithe Journal of Marital and Family

Gluaiseacht Il-leannáin in Éirinn Tá fóram ar líne ag an Dublin Polyamory Society agus reáchtálainn siad cruinnithe, imeachtaí agus cainteanna ar réimse leathan d’ábhar a bhaineann le saol il-leannánach. Tuilleamh eolais www.meetup.com/PolyamoryIreland/ Lean Meg Barker ar Twitter @megbarkerpsych


*

saol

nós 37 Gluais Poly - focal Gréigise - il Amor - focal Laidine - grá Il-leannáin - polyamory Il-leannánach - polyamorous Monagamas - monagamy - Is ionann il-leannáin agus an toil i leith il-chaidrimh nó an creidiúint gur féidir a bheith i ngrá le níos mó ná duine amháin ag aon amháin. - Baineann monagamas leis an chreidiúint gur chóir caidreamh rómánsúil amháin a bheith agat in aon am amháin.

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.raidionalife.ie


38 nós

*

saol

Gnó an Ghrá Meabhraíonn Eoghan Ó Loideáin dúinn gan béim a chur ar an ngrá díreach lá amháin sa mbliain ach lena linn ar fad


*

saol

G

ach Feabhra cuirtear brú aisteach ar fhir, agus ar chorrbhean, an cion atá acu ar a gcéile a léiriú os comhair an phobail mhóir. Cé ar a chuireas muid an milleán seo? Cé eile ach Naomh Vailintín! I scéal amháin deirtear gur Sagart Rómhánach a bhí ann a cuireadh chun báis sa mbliain 269 AD mar gheall go raibh sé ag pósadh lánúineacha óga, rud ar chuir an tImpire Claudius cosc air ag an am. Cheap seisean go raibh saighdiúirí óga singile níos fearr ag troid ná iadsan le bean agus clann sa mbaile. Sa litir dheireanach a scríobh sé, shínigh sé é, ‘Ó do Vailintín’. Agus sin ceann de na teoiricí faoin bhabhtáil rómánsúil cártaí, bláthanna srl. atá againn sa lá inniu. É sin ráite, is dóigh nach raibh an fear bocht ag súil go mbeadh an oiread sin de raic agus raiméis ag tarlú go bliantúil ar an 14ú den mhí seo mar gheall air. Anois is é Lá San Vailintín ceann de na ‘Hallmark Holidays’ seo a ndéanann fórsaí an mhargaidh an oiread sin cainte faoi ionas go ndíolfar an méid agus is féidir de chartaí, bláthanna agus seacláid. Deirtear go mbíonn rátaí díolacháin ar éadaí cnis Rún Victoria níos airde ar an lá seo freisin, iad ag gnóthú tromlach an $1.6 billiún a chaitear ar fho-éadaí ban i SAM amháin. B’fhéidir gurbh fhiú an lá seo a cheiliúradh tar éis an méid sin... cé go mb'fhearr liom féin ‘Áine an tSamhraidh’! Céard é bhur dtuairim féin? Má tá leannán agat ar an lá 'speisialta' seo, an gcuirfeadh sé isteach ort muna bhfaighfeá béirín bréige as an Téaváin agus gnáthbhosca seacláide ó Dunnes? I sé an meon a bhaineann leis seo i mo thuairimse ná go mbíonn cuid mhór daoine ag súil leis an méid, ar a laghad, atá ag a gcomharsana.An bhfuil sé de cheart agamsa é sin a

shéanadh ar mo ghrá geal?Ag an am céanna, an bhfuil sé de cheart acu a bheith ag súil leis sin uaim? Lá San Vailintín roinnt bliain ó shin thug mé brioscaí seacláide do chailín, bhí muid óg, ní raibh tada pleanáilte agam – nuair a cheannaigh mé paicéad amháin fuair mé ceann eile saor in aisce.An rud is fearr faoi, bhí sí breá sásta leo... ní raibh a cairde in ann a gcuid bláthanna ná cártaí a ithe! Chomh fada is go bhfuil an té atá leat breá sásta nach é sin an rud is tábhachtaí? Má tá muid ionraic, níor cheart lá amháin as 365 a bheith curtha ar leataobh chun do chuid mothúchán a léiriú.Ní hé go mbím féin ag scríobh dánta gach uile lá do chailín áirithe ach is deas rudaí beaga a dhéanamh anois is arís i rith na bliana. Anois níl aon chéim agam ó Ollscoil an Dr. Phil ach is beagán céille a chabhróidh leat anseo. Is é dearcadh na bhfear ar ndóigh a bhfuil mé ag déanamh tagartha dó anseo. Is breá liom féin corr-rud beag a dhéanamh do chailín. Cuairt a thabhairt uirthi san obair agus lón a thabhairt chuici. Nó í a thabhairt ar thuras deas Domhnach éigin chuig spota atá go hálainn ach nach bhfuil ró-rómánsúil - níl tú ag iarraidh fonn múisce a chur uirthi leis an mbealach nua spraíúil seo atá agat! Ruidín chomh fánach le béile a réiteach di, rud nach bhfuil sí ag súil leis, sin a chuireas gliondar croí uirthi, ceapaimse ar a laghad. Fiú go bhfuilim féin singil faoi láthair, ní chuireann an lá seo as dhom in aon chor. Chun an fhírinne a rá, b’fhearr liom an stádas atá agam anois ar an lá seo mar go mbeidh suaimhneas agam. Don té atá mar pháirt de lánúin i láthair na huaire, guím gach rath oraibh ach déan cinnte gan bhur ngrá a léiriú go bliantúil amháin... tá an grá álainn, cleachtaimis go rialta é!

nós 39


*

40 nós

saol

Uirbeics:

Taiscéalaíocht Uirbeach Tar liom. Isteach go doimhneacht dhorcha na foraoise. Tar liom. Le hEoin P. Ó Murchú.

C

aitheamh aimsire as an ngnáth é urbex nó taiscéalaíocht uirbeach. An rud atá i gceist leis an uirbthaiscéalaíocht seo ná go dtéann daoine ag taiscéalaíocht thart faoi sheanfhoirgnimh fud fad an domhain le blaiseadh a fháil den saol mar a bhí agus dul go háiteanna nach minic do dhaoine a bheith iontu. Bítear ag cuartú seanbheairicí, ag ransáil in otharlanna meabhairghalair atá imithe ó mhaith, ag tóraíocht timpeall monarchana ón gcéad seo caite, ag sleamhnú trí sheantolláin ar thóir na tóraíochta féin. Bíonn daoine tógtha leis an ailtireacht is an meathlú uirbeach, an urban decay, an mothú dána dalba sin, agus ag samhlú nó ag mothú sprideanna

agus míle rud eile. É ina spórt, ina chaitheamh aimsire, mar reiligiún ag roinnt is mar chultas do roinnt eile fós. Is dócha go raibh sé linn i gcónaí riamh ach tháinig uirbeics chun cinn faoi bhrat aitheanta, i Meiriceá ach go háirithe, mar a tharlaíonn le go leor fochultúr ar na saolta deireanacha seo. Is fochultúr forbatha atá ann lena chuid gaiscí féin, a chuid laochra dílis, na mórscéalta is na mórláithreacha. Ní cuimhin liom i gceart cén uair a chéad léigh mé faoi ach is dócha gur tharla sé agus mé tite isteach i nduibheagán úd eile na suimeanna gan stad, an t-idirlíon. Spreag sé mo spéis ar an mbonn gur chuir sé ainm agus branda ar an ngníomhaíocht a thagann go nádúrtha d'éinne againn a bhfuil srón na

fiosrachta orainn. D'aithníos go raibheas féin tar éis dul dó sin cheana, i ngan fhios dom féin dáiríre. Agus sinn ar an meánscoil is cuimhin liom go maith lá ar éiríomar den bhus go luath le tabhairt faoi phóirseáil thart i bhfoirgneamh tréigthe, díolta ag an mBord Soláthar Leictreachais. Díoladh an suíomh le lucht árasán is an foirgneamh folamh idir an dá linn. Chuamar isteach ann agus ransaíomar áiteanna éagsúla; le gairbhe na háite, na fuinneoga briste, cathaoireacha caite bun os cionn, méarchlár sáite sa síleáil is graiftí garg na mballaí ag leathadh uaignis mar bhrat ar an áit. Bhíos prioctha aige. Ansin smaoiníos ar an seanséipéal áitiúil sa bhaile, an draíocht


*

saol

Dún na hArmlainne, Páirc an Fhionnuisce

nós 41

uaigneach, na frámaí déaróile fuinneoige ag titim chun talaimh, an ciúnas séimh osnádúrtha sa reilig nach bhfuil in úsáid a thuilleadh. Áit a bhfuil na driseacha is an féar ag fás thall is abhus ann is na croiseanna is clocha cinn i bhfolach. Tá sé tógálach, an taiscéalaíocht seo. Tharla dom sa Ghréig arís é, mé ag rútáil thart ar chalafort seanchaite, d'aimsigh mé cúpla seanchabhail stroinge de fhoirgnimh, óstáin nár críochnaíodh riamh seans, agus bhí na staighí ar fad istigh iontu, trí nó ceithre stór agus isteach liom in airde, is ba léir go raibh daoine ina gcónaí ann, agus cé go bhféadfaí mé a cháineadh ina thaobh seo, ag dul thart faoi áit chónaithe, nach bhfuil rian den voyeur ionainn uile?


*

42 nós

saol

Smaoinigh anois, an ndearna tú féin taiscéalaíocht uirbeach riamh, seans go ndearna tú i ngan fhios duit féin é fiú amháin? Ní gá an t-ainm a bhuaileadh anuas ar an bhfiosracht dhaonna is dócha. Molaim go mór d'éinne a bhfuil rian den spéis acu súil a chaitheamh ar shuíomh iontach abandonedireland.ie áit a bhfuil scéalta na n-ionad agus pictiúir as an iliomad áiteanna. Tá seoid leathfholaithe de chuid Bhaile Átha Cliath ag titim chun raice i lár Pháirc an Fhionnuisce. Is é sin Dún na hArmlainne, áit a gcoinnítí piléir agus gunnaí tráth dá raibh. Tógadh an áit ar dtús sa bhliain 1734 agus tá stair shuimiúil ag an áit; ghoid an IRA slám mór piléar ón áit agus is iomaí duine mór le rá a chónaigh ann. Cé gur ríspéisiúil an áit ó thaobh na hailtireachta de, tá an geata isteach ann faoi ghlas le blianta fada anois is gan cead dul isteach ann ag éinne. Gan chead, ach téann mar sin féin. Tá go leor grianghraf álainn a léiríonn na foirnimh éagsúla istigh ann. Scaoil cara liom tamall ó shin go raibh bealach isteach aige is go dtaispeánadh sé dom é, dá dteastódh uaim. Níor iarras air, go fóill beag. Cuid mhór den spéis sa taiscéalaíocht seo baineann sé leis an suntas a thugtar fud fad an domhain, nach mór, don rud atá sean. An rud atá sean tá sé diamhair, draíochtúil, is dáinsearach seans, rómánsúil cinnte agus éagsúlacht neamhghnách ag roinnt leis. Mar sin is sna seanfhoirgnimh is mó a chuirtear spéis, is mó an spéis chéanna má bhaineann stair ar leith leis an suíomh, Dún na hArmlainne thuas abair. Cén foirgneamh a tógadh le blianta beaga anuas a mbeidh tóir mar sin air amach anseo? Cé acu a sleamnófar isteach iontu i gceann cead éigin bliain, a siúlfar go ciúin tríothú is iad ag roinnt scéalta,

bolaithe agus íomhánna de shaol a bheidh imithe? An mbeidh eastáit tréighte na tíre seo mar ionaid spraoi na nglúnta amach romhainn?

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hEoin ar twitter @murchadhmor Tá tuilleadh eolais faoin Uirbeics in Éirinn ar fáil ag abandonedireland.ie


Déanta i gCalifornia - Deartha i gCalifornia. Saor ó Shiopaí Allais americanapparel.net

Geansaithe agus Stocaí. le American Apparel

®

Seo Eva.

Is iníon léinn 20 bliain d’aois í Eva as Arcata, California. Is damhsóir bailé clasaiceach í agus is é Sir Link, Cú Faró a bhfuil cuma aisteach air, an cara is fearr aici. Tá Cable Knit Pullover i mburgún á chaitheamh aici le fobhrístí agus stocaí glúine UnisexNub Ribbed.

Suíomh Siopa: Baile Átha Cliath 114-116 Sráid Grafton Fón. +353 +353 (0) 16706936


*

44 nós

saol

fuinneog ar an saol Is iomaí fáth atá ag daoine chun dul a thaisteal, idir laethanta saoire, imirce, cúrsaí oibre agus oideachais. Pé cúis taistil a bhíonn againn, bíonn rudaí áirithe mar an gcéanna le beagnach gach turas – eispéiris nua, na mothúcháin a théann leis agus an taifead a ghlacann muid den méid a fheiceann muid. Bealach coitianta chun an taifead sin a choinneáil ar ndóigh ná sean-ealaín na grianghrafadóireachta. Tugann grianghraif léargas dúinn, osclaíonn siad fuinneog ar an saol agus tugann sid blaiseadh dúinn den domhan mór. Sa lá atá inniu ann bíonn muid seasta ag roinnt pictiúirí trí Facebook, WhatsApp, Pinterest , Twitter agus Instagram.

Le déanaí glacadh le focal nua i bhfoclóir Béarla Oxford, ‘Selfie’, agus go deimhin tá an 'féinphic' againn féin agus é aitheanta go hoifigiúil ag Focal.ie. Tá cumhacht ollmhór ag baint le grianghraf agus na scéalta taobh thiar dóibh – is minic a stopann muid chun an cumhacht a próiseáil. Agus mé ag meabhrú ar neart seo na n-íomhánna, d'iarr mé ar roinnt daoine a gcuid pictiúr taistil a roinnt liom agus insint dom píosa beag faoin íomhá nó faoin turas. Bhí an toradh níos fearr nár a cheapas go mbeadh! Sorcha Nic Eochagáin

An Tansáin, Angela Ní Fhlatharta Is ar oileán beag ar chósta na Tansáine a chaith mé féin, Áine Ní Mhainnín agus Eimear Ní Bhriain, trí seachtainí le linn an tsamhraidh mar mhúinteoirí deonacha. Bhí Ramadan ar siúl agus muid ann, mí ar troscadh atá mar chuid den fheilire Moslamach. Is éacht mór é seo gan amhras agus gan cead acu deoch ná beatha a hithe ná a hól ó éirí go luí na gréine. Bíonn féastaí beaga acu san oíche sin tar éis luí na gréine. Is daoine áille, croíúla, sásta iad agus is iomaí cuireadh a fuair muid chun freastal ar cheann acu i teach duine éigin san oíche chun ceiliúradh a dhéanamh leo.


*

saol

meiriceá theas, Ailbhe ní chonghaile Ag tumadh le rónta agus siorcanna sna hOileáin Galapagos, go comhrá agus ag stangaireachta le mná ó phríosún San Pedro i La Paz na Bolaive agus ag críochnú le dreapadh ar an mBealach Inceach i bPeiriú.

nós 45


46 n贸s

*

saol


*

saol

nós 47

Tír na mbascach, caoimhín mac giolla catháin Seo ceann a ghlac mé le linn Aste Nagusia (Seachtain Mhór) i mBilbo agus mé ar saoire i dTír na mBascach i mí Lúnasa. Féile seachtaine í Aste Nagusia ina ndruideann gnónna na cathrach agus téann an pobal i mbun spraoi. Féach ar an sonas atá ar aghaidheanna na bpáistí agus iad ag rith ó 'Zezenzuzco' nó 'Tarbh na dTinte'.


*

48 nós

saol

an iodáil, frainc mac cionnaith Roghnaigh mé féin an Colasaem a léiriú mar a chonaic mé féin é: foirgneamh

ársa, garbh, maorga, ach thar aon rud eile, gnáthchuid de ghnáthshaol laethúil na cathrach. Thíos faoina chosa maorga

bogann an trácht go mall, siúileann fear gnó chun na hoibre agus tá an saghas graifítí céanna ann agus atá i mBaile Átha Cliath nó sa Bhruiséil.

an spáinn, eoin geoghegan Seo pictiúr dom féin agus mo dhaid a tógadh ar an Camino, in Asturias, iarthuaisceart na Spáinne. Chaith muid trí seachtaine ag siúl. Cé gur traidisiún é an Camino de Santiago a bhaineann leis an Chríostaíocht, buailfidh tú leis an oiread céanna gan creideamh ar bith. Deis iontach atá ann tírdhreach álainn a fheiceáil, le daoine ó áiteanna ar fud na crúinne nach ndéanfaidh tú dearmad orthu choíche.


*

saol

nós 49

Séamasarseachrán... cén áit? Tá aithne mhaith agaibh ar ár gcara beag Séamas faoin am seo. Is diabhal ceart é. Bíonn sé i gcónaí sa tóir ar an bpleidhcíocht agus tá sé in ann spraoi a aimsiú fiú sna háiteanna is ciallmhaire dá bhfuil ann.

Ba mhian linn dúshlán nua a thabhairt don bhoicín oráiste mar sin má tá aon smaoineamh agaibh faoi cén áit ar chóir dúinn Séamas a chur ar turas, nó cén rud a d'fhéadfadh sé a dhéanamh agus é amuigh ar a chuid camchuairteanna, bígí

i dteagmháil linn ar eolas@nosmag.com Dúirt sé linn go bhfuil rún aige bualadh le T-Rex agus pionta bheith aige leis an dineasár is beoga riamh ach beidh le feiceáil, d'fhéadfaí sé bheith dainséarach!


*

Dearadh

dearadh

Ealaíontóir sa Spotsolas:

Jackie O’Neill Ealaíontóir teicstíle agus maisitheoir leabhair is ea í Jackie, atá lonnaithe i gContae an Chabháin. Sa bhliain 2009, bhain sí céim amach i nDearadh Teicstílí ó Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh-Maigh Eo (GMIT). As sin léi go Londain ina dhiaidh sin, áit a raibh taispeántas aici in Ionad Deartha Islington agus ar oibrigh sí mar dhearthóir priontála i réimse an fhaisin. Shocraigh sí níos mó ná bliain ó shin chun díriú go lánaimseartha ar a cleachtadh ealaíona féin, agus bhog sí abhaile chun stiúideo a bhunú sa Chabhán faoin ainm cleite “Dotti was a Deer”.

Go logánta a bhíonn taispeántais aici, agus díolann sí a cuid saothar ar bhonn áitiúil fosta. Is iad nádúr, síscéalta, carachtair neamhghnácha, dathanna agus patrúin, agus, ar na mallaibh go háirithe, nuachultúr na Seapáine na príomhthéamaí a bhíonn ina cuid saothar. “Déanaimse iarracht úsáid a bhaint as teicnící idir shean agus nua, le go dtig liom codarsnacht láidir a chruthú; páipéar/fabraic ruaimnithe le tae, lámh-bhróidnéireacht, léaráidí, grianghrafadóireacht & ionramháil dhigiteach san áireamh,” a deir Jackie.

“Is maith liom sceitsí difriúla a chur le chéile, agus scálaí, dathanna, uigeacht agus colláis a athrú chun radhairc fhantaiseacha a chruthú. Is é an cuspóir a bhíonn agam agus mé ag obair ná a bheith ag súgradh tríd an ealaín agus chun ligean do m'aigne dul ag fánaíocht mar a dhéanfadh páiste.” Tá sé de rún ag Jackie an chéad taispeántas aonair aici, “Caught In A Loop” a ghlacadh ar fud na hÉireann le linn na bliana seo. Is féidir saothar dá cuid a fheiceáil agus a cheannach ag www.dottiwasadeer.com


*

Dearadh

n贸s 51


52 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 53


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.