Lámhleabhar #EUandME

Page 1

Lámhleabhar #EUandME Faigh amach cad a dhéanann an AE ar do shon

AN tAONTAS EORPACH

europa.eu/euandme



“Ach conas a fheabhsaíonn an AE mo shaol?”

An bhfui tuilleadh eolais uait?

Logáil isteach i www.europa.eu/euandme mar a mbeidh comórtais, scannáin, scéalta agus imeachtaí á lainseáil againn ar fud na hEorpa.

1

Eorabharaiméadar Caighdeánach 86, QD7 and QE2.

Ar smaoinigh tú riamh ar ghnólacht a thosú, dul ag staidéar thar lear, nó obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú le pobail atá i ngátar? Arbh eol duit gur féidir leis an AE tacú leat chun na rudaí uile seo a bhaint amach? Tá 60% de dhaoine óga idir 15-34 bliain1 nach measann go bhfuil mórán eolais acu ar an AE. Cé gurb eol dóibh cad dó a sheasann an tAontas Eorpach, is iomaí duine nach féidir leo buntáiste a bhaint as an raidhse deiseanna agus buntáistí atá ar fáil dóibh mar shaoránaigh den Aontas Eorpach. Cuireann an AE tacaíochtaí éagsúla ar fáil. Is cuma an fiontraí nua thú atá a bhfuil tacaíocht uait chun feidhmchlár nua a lainseáil, nó fánaí digiteach ar thóir WiFi i gceantair iargúlta, nó eachtraí atá sásta lámh chúnta a thabhairt cibé áit a bhfuil gá leis, nó cultúrbhách ar thóir na háilleachta, tá rud éigin ann duitse. Is cuma cén rud is áil leat – bia sláintiúil, uisce glan, an tsraith seónna teilifíse is fearr leat, nó siopadóireacht ar líne, Lámhleabhar #EUandME: Faigh amach an méid a dhéanann an AE ar do shon a cheadaíonn duit fáil amach faoin ról ríthábhachtach atá ag an AE ó thaobh cabhrú leat an rud is ansa leat a dhéanamh.

3


MO GHAIRMRÉ. MO SHAOL.

Roghnaigh áit oibre agus chónaithe san Aontas Eorpach.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Mar shaoránach den Aontas, is buncheart é bheith in ann dul i mbun oibre i dtír eile. Cibé an bhfuilim ag cur tús le gairmré nua thar lear, nó ag iarraidh dearcadh nua trí intéirneacht nó obair dheonach a dhéanamh, fágann dlí AE go mbím faoi chumhdach i gcónaí ag an gcóras slándála sóisialaí. Agus mé ag obair do chuideachta nó féinfhostaithe, tá an ceart agam m’áit oibre a roghnú. Agus má táim ag iarraidh áit a fháil i ngairm ar leith, cabhróidh an tAontas Eorpach liom an deis cheart a aimsiú.

4

17 milliún

líon na saoránach Aontais a raibh cónaí orthu i dtír eile den Aontas seachas a dtír dhúchais in 2017.

Pas gairme

Cuireann an t-eagarthóir CV Europass ar mo chumas mo scileanna, cáilíochtaí agus gnóthachtálacha a chur i láthair ar shlí a aithnítear ar fud na hEorpa.

1.4 mhilliún

Líon na saoránach Aontais a bhog go dtí Ballstát eile in 2015.

Drop’pin

seirbhís saor in aisce ó EURES a thairgeann cabhair phraiticiúil dom chun tosú ar mo rogha gairme. Chun cur le mo dheiseanna poist, is féidir liom clárú do chúrsaí oiliúna, teanga, printíseachtaí agus tuilleadh.

58,000 duine óg

An líon atá tar éis clárú chun dul i mbun oibre leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.


1

3

5

2

4

6

1 NUAIR NACH LEOR TÍR AMHÁIN…

De bhrí gur saoránach den Aontas ­Eorpach mé, tá an Eoraip ar fad ar leac an dorais agam. Cibé an mian liom bheith i mo chomhraiceoir dóiteáin sa Chipir nó im’ leictreoir san Eastóin, tá an ceart agam dul i mbun oibre agus chun cónaithe in aon Bhallstát. Má tá árachas sláinte agam agus cruthúnas go bhfuilim in ann mé féin a riar ó thaobh airgid de, is féidir liom cur fúm in aon Bhallstát.

2 AN POST CEART A AIMSIÚ

Bhí sé ina aisling agam riamh cónaí thar lear agus tá EURES anseo chun an aisling sin a fhíorú. Tá os cionn 1.3 mhilliún deis oibre féideartha le fáil ar líne, agus tá sainchomhairleoir ar fáil dom, a chabhróidh liom post oiriúnach a fháil sa tír is ansa liom. Agus má táim idir 18 agus 35 bliain d’aois, tá cabhair bhreise ar fáil ó Do Chéad Phost EURES, i bhfoirm deontais chun taisteal thar lear chun dul faoi agallaimh, mar shampla.

EOLAS BREISE

3 AN DOMHAN A ATHRÚ

Ar mhaith leat cabhrú le daoine atá i ngátar? Cuireann an Cór Dlúthpháirt­ íochta Eorpach deiseanna deonacha agus íoctha ar fáil do dhaoine óga idir 18-30 bliain ar mian leo dúshlán a ghlacadh. D’fhéadfadh atógáil scoile tar éis crith talún, nó dul i mbun oibre le daoine faoi mhíchumas in ionad pobail, nó rud ar bith eile a bheith i gceist anseo.

4 PRINTÍSEACHTAÍ THAR LEAR

Abraimis gur cócaire printíseach mé ar mian liom tuilleadh a fhoghlaim faoi chócaireacht na Fraince, nó gur altra faoi oiliúint mé ar spéis liom dul ag obair sa Phortaingéil. Tugann ErasmusPro an deis dom 6-12 mhí de mo phrintíseacht a chaitheamh i dtír eile den Aontas. Is féidir liom taithí phraiticiúil a fháil i gcultúr eile, agus áireofar é mar chuid de mo phrintíseacht.

https://europa.eu/youreurope/citizens/ work/index_en.htm

5 NASCADH LE FOSTÓIRÍ

Is ionann Laethanta Poist Eorpacha agus aontaí gairme ar fud na hEorpa ina bhféachtar leis na deiseanna atá ar fáil san Aontas Eorpach, san Íoslainn, san Iorua, i Lichtinstéin, agus san Eilvéis a thaispeáint. Ní gá dom a bheith i láthair ag an imeacht fiú – is iomaí Lá Poist ­Eorpach a thionóltar ar líne, a fhágann gur féidir liom post sásúil a fháil i dtír eile gan mo tholg féin a fhágáil.

6 CULTÚIR NUA, NA CEARTA CÉANNA

Dea-scéal! Cuirfear chuig tír eile den Aontas mé go sealadach chun conradh a chur i gcrích do m’fhostóir! Ach cad faoi mo chearta oibre nuair a bheidh mé ann? Bíonn na cearta bunúsacha céanna ag gach oibrí postáilte san Aontas – íosráta pá, mar shampla – is a bhíonn ag oibrithe san óst-tír. Ní amháin go bhfuil mo chearta faoi chosaint ar fud an Aontais, ach ní féidir le soláthraithe ­ seirbhíse eachtrannacha an bonn a bhaint den iomaíocht áitiúil le caighdeáin oibre níos ísle. I mbeagán focal, fágann sé go mbíonn na dálaí oibre san Aontas sláintiúil, sábháilte agus cothrom.

5


MO CHUID FOGHLAMA. MO SHAOL. Faigh oiliúint agus scileanna tábhachtacha, mar ullmhúchán don todhchaí.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

De bhrí gur saoránach den Aontas mé, tá ticéad agam a ligeann dom dul i mbun foghlama, oiliúna, taighde agus inspioráid a fháil in 33 thír ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin trí scéim Erasmus+. Cibé mar mhac léinn a fhéachann le cur le mo chuid foghlama i gcultúr nua, nó oibrí óg atá ag iarraidh dul i mbun oiliúna agus a bheith níos tarraingtí d’fhostóirí i dtimpeallacht ar leith, tabharfaidh Erasmus+ scileanna, eolas agus taithí nua dom. D’fhéadfainn taith shaibhir a fháil ó obair dheo­ nach, fiú, ionas go mbraith­ finn go raibh mé i ndlút­ hpháirtíocht le hEorpaigh eile. Ní gá dom ach tír a roghnú, mo scil­ eanna teanga a chleacht­ adh agus mé féin a ullmhú chun eispéireas dochreidte a bheith agam.

6

4 mhilliún

líon na ndaoine a rachaidh i mbun staidéir, oiliúna, taithí oibre agus obair dheonach thar lear idir 2014 agus 2020, a bhuíochas ar Erasmus+.

M'eachtra

Na céadta míle deiseanna fad cliceála uaim. Chun cur isteach ar m’eachtra féin Erasmus+ is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht náisiúnta sa tír ina bhfuil cónaí orm.

95%

€2.2 bhilliún

Céatadán na mac léinn a bhí sásta nó an-sásta le scéim Erasmus+.

An méid de bhuiséad Erasmus+ a infheistíodh i ndaoine óga a d’fhéach le dul i mbun foghlama, staidéir agus foráis in 2016.

Mo chearta

Cabhraíonn Eoraip na Cruthaitheachta

Níl tú cinnte cad a tharlóidh agus tú thar lear? Tá mo chearta agus m’oibleagáidí leagtha amach le léamh agam i gCairt Mac Léinn Erasmus+.

cabhraíonn sé le healaíontóirí agus le daoine cruthaitheacha dul sa tóir ar dheiseanna in earnálacha cultúrtha thar lear – faigh amach conas leas a bhaint as.


1

3

2

4

1 INFHEISTÍOCHT IONAMSA

Buartha faoin gcostas a ghabhann le staidéar nó oiliúint a dhéanamh thar lear? Tá an tAontas Eorpach anseo chun cabhrú leat! Faoi chlár Erasmus+ tugtar deontais do mhic léinn agus do dhaoine atá ag dul faoi ghairmoiliúint araon, agus is féidir le ErasmusPro socrúcháin phrintíseachta 6-12 mhí thar lear a mhaoiniú. Ciallaíonn sin go mbíonn an t-am a chaithim as baile fiúntach agus inacmhainne is cuma cé mé féin nó cén cúrsa nó gairm atá i gceist.

2 FOGHLAIM LE DEARCADH NUA

Is féidir leis an bhfoghlaim thar leat duine níos eolaí agus níos cultúrtha a dhéanamh díom – ionas gur fusa dom post a fháil. Cuirtear ar mo chumas le clár Erasmus+ staidéar, oiliúint, obair dheonach nó malartú óige a dhéanamh in aon cheann as 33 tír san Eoraip agus níos faide i gcéin. Is féidir liom teanga nua a fhoghlaim, eolas a chur ar thír nua agus casadh le daoine nua – cá chuir mé mo phas, mar sin?

3 DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

AR SON NA HEORPA

An bhfuil fonn ort rud éigin a dhéanamh ar son an phobail? D’fhéadfá tacú le hiarrthóirí tearmainn nuathagtha, fásra a ghlanadh chun dóiteáin foraoise a chosc, nó cabhrú chun cúnamh a dháileadh i réigiún atá buailte le tubaiste. Is féidir liom obair dheonach a dhéanamh, dul i mbun oibre nó faoi oiliúint tríd an gCór Dlúth­pháirtíochta Eorpach chun cabhrú le pobail san Eoraip, agus scileanna nua fiún­ tacha a fhoghlaim ag an am céanna.

5

Tugtha don staidéar? Má dhéanaim Máistreacht Chomhpháirteach Erasmus Mundus beidh mé in ann dul i mbun ­staidéir iarchéime in dhá thír éagsúla san Aontas Eorpach nó níos faide i gcéin. Nó mar acadóir, tabharfaidh gníomhartha Marie Skłodowska-Curie an deis dom cónaí, taighde agus obair a dhéanamh thar lear.

4 FÍSEANNA NUA, DEISEANNA NUA

An gá duit barr feabhais a chur ar do chuid Fraincise nó greim a fháil ar an nGréigis? Is féidir liom cúrsa oiliúna a dhéanamh ar Erasmus+ suíomh Gréas­ áin Thacaíocht Teanga ar Líne sula bhfágaim an baile. Rud eile de, leis an scil nua seo, agus scileanna eile a ghnóthóidh mé agus mé thar lear, beidh loinnir nua ar mo CV, agus beidh mé níos tarraingtí d’fhostóirí, dá bharr.

5 TAIGHDE AGUS TUILLEADH

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/education/ index_en.htm 7


MO SHLÁINTE. MO SHAOL.

Cúram sláinte éigeandála agus cúram sláinte beartaithe a fháil áit ar bith san Aontas.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Mar shaoránach den Aontas, tá an ceart agam na seirbhísí poiblí cúram sláinte a úsáid i mBallstát ar bith eile, nó san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis, i gcás éigeandáil leighis, a bhuí ar mo Chárta Eorpach um Árachas Sláinte. De réir dlíthe AE, caithfear caitheamh liom díreach mar a chaithfí le cónaitheoir sa tír ina bhfuilim ar cuairt, cé go bhféadfadh sé go mbeadh orm aon chomhíocaíocht a bhíonn le híoc ag cónaitheoirí a íoc ar an bpointe. Fágann sin go bhfuilim saor chun taitneamh a bhaint as a bhfuil ar fáil sa tír, agus fios maith agam go mbeidh árachas agam má tharlaíonn rud ar bith dom agus mé i bhfad ó bhaile. I gcás cúram sláinte beartaithe i mBallstát eile (agus san Íoslainn, i Lichtinstéin, agus san Iorua), is féidir teagmháil a dhéanamh le mo Phointe Náisiúnta Teagmhála le fáil amach faoi mo chearta agus turas á bheartú agam.

8

200 milliún

Líon nagCártaí Eorpach um Árachas Sláinte a bhí i gcúrsaíocht in 2014.

Tras-teorainn

An gá duit druga ar oideas a fháil agus tú thar lear? Is féidir le mo dhochtúir oideas a thabhairt dom a nglacfar leis i dtír eile den Aontas, ionas gur féidir liom mo chógais a fháil agus mé as baile.

1.6 mhilliún

Líon na n-éileamh ar aisíocaíocht a rinneadh in 2013 faoin scéim Eorpach um Árachas Sláinte.

Ceisteanna agat?

Is féidir le líonra Pointí Náisiúnta Teagmhála ar fud na hEorpa do cheisteanna faoi chóireáil bheartaithe agus neamhbheartaithe a fhreagairt sula dtéann tú thar lear, ionas gur féidir leat díriú ar na rudaí is tábhachtaí le linn duit a bheith ann.


1

3

5

2

4

6

1 PAS, BAGÁISTE, SPÉACLAÍ GRÉINE… ÁRACHAS!

Is cuma an bhfuilim ag sciáil san Iodáil nó ag spaisteoireacht sa Pholainn, tá an baol ann i gcónaí go n-éireoidh mé tinn nó go mbeidh timpiste agam, agus mé i bhfad ó bhaile. Má tá an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agam ciallaíonn sé gur féidir liom úsáid a bhaint as na seirbhísí poiblí cúram sláinte chun aon chóireáil riachtanach a fháil go tapa furasta má bhím i ngéarchéim.

2 SAOIRÍ SAOR Ó STRUS

Tar éis éirí breoite sa Spáinn nó timpiste a bheith agat sa Ghréig? Ní gá a bheith buartha faoi bhillí ollmhóra dochtúra. Má tá cúram sláinte ar fáil saor in aisce do náisiúnaithe, beidh sé saor in aisce domsa, leis.

3 I GCÁS ÉIGEANDÁLA, GLAOIGH AR 112!

Ní bhíonn aon duine ag beartú bheith i ngéarchéim, ach tarlaíonn timpistí. Má bhíonn cabhair de dhíth orm, is féidir liom glaoch ar 112 saor in aisce ó líne thalún nó fón póca, ó áit ar bith san Aontas Eorpach.

4 CABHAIR ATÁ FAD LÁIMHE UAIT

Ceisteanna agat? Gheofar gach eolas ar an bpróiseas aisíocaíochta, cóireálacha atá ar fáil, costais agus uimhreacha teagmhála éigeandála ar líne. Logáil isteach chun tuilleadh a fhoghlaim!

5 BEARTAITHE AGUS NEAMHBHEARTAITHE

A bhuí le mo Chárta Eorpach um Árachas Sóisialta, tá mé i dteideal cóireáil riachtanach trí sheirbhísí poiblí cúram sláinte, ach mar shaoránach den Aontas Eorpach, is féidir liom cóireáil bheartaithe a fháil thar lear, leis (ní mór labhairt le mo Phointe Náisiúnta Teagmhála maidir le Cúram Sláinte Trasteorann agus le m’árachóir sláinte faoi sin sula bhfágaim mo thír féin).

6 CÚRAM TRÍ CHOMHAR

Is maith an rud é go bhfuil eolas leathan ag dochtúirí agus altraí ar fhormhór na ngalar agus na dtinneas a thagann orainn inniu. Ach cad a tharlaíonn má tholgaim galar neamhchoitianta nach bhfuil aon chur amach ag mo dhoch­ túir air? Tugann an Líonra Eorpach de Shaoth­arlanna Tagartha rochtain do dhochtúirí ar bhuíon speisialtóirí ó bhreis agus 900 aonad cúram sláinte chun comh­ airle a chur orthu i gcás galar neamhchoitianta nó casta thar 24 réim­se théamacha. I dteannta a chéile, féadann siad cabhrú liom cúram sláinte ar ard­ chaighdeán a fháil agus mé ag fanacht gar don bhaile.

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/health/ index_en.htm 9


MO THAISTEAL. MO SHAOL. Taistil go héasca tríd an Aontas Eorpach.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

De bhrí gur saoránach den Aontas thú, is féidir leat dul ag taiscéalaíocht, ag staidéar nó ag obair i mBallstát eile – is ceart bunúsach é sin. Chuir Comhaontú Schengen deireadh le seiceálacha teorann in 26 tír Eorpacha, mar sin is féidir liom taisteal go héasca gan pas ná ID a thaispeáint agus mé ag dul ó thír amháin go tír eile. Is cum an bhfuilim i gcarr, eitleán nó traein – tá an líonra iarnróid is dlúithe ar domhan againn san Eoraip – is féidir liom eolas a chur ar gach ceann de 270 cúige an Aontais ar mo sháimhín só. Rud eile de, ciallaíonn an t-airgeadra coiteann gur féidir íoc in euro i 19 dtír. Tugann na buntáistí sin, agus tuilleadh nach iad, an tsaoirse dom roghanna taistil gan teorainn a ­dhéanamh, agus iad uile faoi chosaint ag cearta AE chun mé a choimeád sábháilte agus saor ó strus.

10

1.25 bhilliún

Líon na n-aistear a dhéantar gach bliain idir na 26 thír i Limistéar Schengen gan aon ghá le pas ná ID a thaispeáint.

112

Áit ar bith, uair ar bith san Aontas Eorpach, d’fhéadfadh an uimhir saor in aisce seo mo bheo a shábháil. Ní gá ach 112 a dhiailiú chun glaoch ar an mbriogáid dóiteáin, na póilíní nó an tseirbhís otharchairr.

341 mhilliún

15,000

Líon na ndaoine a úsáideann an euro i 19 dtír gach lá.

Líon na bpasanna saorthaistil a ceadaíodh cheana féin chun cab­hrú le daoine 18 mbliana d’aois fáil amach faoin Eoraip in 2018. Faigh amach conas iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin #DiscoverEU.

Cumhacht peataí

€430 milliún sa bhliain

Is féidir le saoránaigh den Aontas de mo chineálsa, taisteal go héasca le peataí madra, cait nó fiú firéid. Ní bhíonn uathu ach pas Eorpach do pheataí.

An laghdú ar dhamáistí cúitimh a íocadh le tomhaltóirí a bhuí le cosaint an Aontais Eorpaigh do shaoirí pacáiste, lena n-áirítear cearta cealaithe níos láidre agus rialacha níos soiléire ar cé a bheidh faoi dhliteanas má bhíonn fadhb ann.


1

3

5

2

4

6

1 CEARTA AG AM NA HÉAGÓRA

Moilleanna agus cealuithe de do chrá? Mar phaisinéir eitleáin, traenach, loinge nó bus, tá cearta agam agus mé ag taist­ eal san Aontas. I gcás eitiltí: táim i dteid­ eal aisíocaíochta, agus má cheal­aítear an eitilt, nó má chuirtear moill is faide ná trí uair an chloig air, nó má dhiúl­taítear dom dul ar bord ar chúis­eanna oibrí­ ochtúla nó ró-áirithintí, is féidir liom suas le €600 de chúiteamh a fháil, ag brath ar an bhfad.

2 RÉIDH LE HÉIRÍ DEN TALAMH

3 SMACHT A GHABHÁIL AR THÁILLÍ

An mbeidh cárta creidmheasa in úsáid agat in Barcelona, i mBúdaipeist nó sa Bhratasláiv? Laistigh den Aontas, is ionann táillí idirbhirt – ar líne, as líne, uair ar bith – sa bhaile agus i gcéin.

4 AN TURAS TIOMÁNA IS FEARR RIAMH

Autoroute nó Autobahn? Bóthar dola nó bóthar cósta? Má eisítear mo cheadún­as tiomána i dtír den Aontas Eorpach, is féidir é a úsáid áit ar bith san Aontas.

Ní gá ach fón a svaidhpeáil chun eitilt idir cathracha an Aontais ar chostas lóin. Thit costas eitiltí de 41% idir 1992 agus 2000 de bharr dírialáil agus léirscaoil­ eadh margaidh an Aontais – fágann sin go bhfuil níos mó aerlínte ann anois ná riamh chun an margadh is fearr a fháil duit féin.

5 PAS TAISCÉALAÍOCHTA

Thart ar 500 milliún saoránach atá san Aontas Eorpach. Díreach de bhrí go bhfuilim ar an uimhir sin, is féidir liomsa dul i mbun taiscéalaíochta, oibre agus chun cónaithe i dtíortha éagsúla spreagúla Eorpacha. Pas amháin, féidear­thacht­aí gan teorainn.

6 AIRGEADRA GAN STRÓ

Scrios an feidhmchlár airgeadra sin, ná bac leis an bureau de change agus abair bonjour agus hola leis an euro. Cuirtear fáilte roimh an euro anois i 19 dtír, mar sin is bunriachtanas taistil san Aontas Eorpach é.

EOLAS BREISE

https://europa.eu/youreurope/citizens/ travel/index_en.htm 11


M'FHÓN. MO SHAOL.

Glaoigh, seol téacs agus úsáid sonraí gan aon chostas breise agus an tAontas á thaiscéaladh agat.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

I Meitheamh 2017, ghlac an tAontas rialacháin nua lenar cuireadh deireadh le ré na dtáillí fánaí­ochta – rud a chiallaíonn gur féidir liom m’fhón a úsáid, is cuma cén áit a bhfuil mé san Aontas, gan aon chostas breise uair ar bith dá mbím thar lear ar saoire nó ag taisteal ar son na hoibre. Tá fánaíocht ar chostais baile san áireamh anois i ngach conradh fánaíochta fóin – is cuma cén t-oibreoir é. Rud eile de, faoi rialacha iomaíochta AE tá deireadh curtha le monaplachtaí telecom, rud a thabharfaidh breis iomaíochta agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí.

12

Méadú faoi chéad

An méadú ar líon na sonraí fánaíochta a úsáideadh idir 2008 agus 2015.

4 mhí

Má chaithim tuilleadh ama agus má úsáidim m’fhón níos mó in imeacht ceithre mhí agus mé thar lear ná ag baile, ansin is féidir go ndéanfaidh m’oibreoir teagmháil liom chun m’úsáid a phlé, agus d’fhéadfaí formhuirir bheaga a ghearradh. Is ionann na formhuirir seo agus suas le 3.2 cent sa nóiméad i gcás glaonna, 1 cent an SMS agus 0.6 cent an meigibheart sonraí, agus síos go 0.25 cent an meigeabheart sonraí faoi 2022.

12% ar a mhéad

de dhaoine aonair atá ag múchadh a gcuid fón póca agus nach n-úsáideann iad fad a bhíonn siad ag taisteal san Aontas ó Mheitheamh 2017 i leith.

69%

líon na saoránach Eorpach a chreideann go dtairbheoidh siad féin ó dheireadh a bheith curtha le táillí fánaíochta.


3

1

1 TÉIGH AG FÁNAÍOCHT AR THÁILLÍ BAILE

Nílim i mo thír dhúchais agus is gá dom glaoch ar Stócólm... Ní aon fhadhb é – tá sé níos fusa anois ná riamh bheith i dteagmháil agus tú ag taisteal! Ní ghearr­tar aon táillí breise as m’fhón a úsáid agus mé thar lear san Aontas Eorpach, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua – bíodh is go bhféadfadh oibreoirí móibíleacha san Fhionlainn, sa Liotuáin agus san Eastóin táillí beaga fánaíochta a ghearradh i gcónaí. Is féidir liom glaonna a dhéanamh, téacsanna a sheoladh agus sonraí a úsáid, agus ní chosnóidh sé ach an méid a chos­ naíonn sé orm ag baile. Ní nach ionadh go bhfuil méadú faoi chúig tagtha ar úsáid an idirlín mhóibíligh san Aontas ó cuireadh deireadh le táillí fánaíochta!

4

2

2 SVAIDHPEÁIL LEAT!

Bím de shíor ag téacsáil, mar sin is deascéal é go mbeidh an méid céanna glaonna, téacsanna agus sonraí agam – de ghnáth – agus mé ag taisteal agus atá agam ag baile. I gcás conarthaí áirithe, go háirithe conarthaí a bhfuil sonraí neamhtheoranta ag gabháil leo, is féidir go mbeidh teorainn le m’úsáid sonraí gan táille fánaíochta agus mé ag taisteal – ach ba chóir go mbeadh go leor ann chun mo nósanna meán sóisialta a shásamh.

4 ROGHA NÍOS MÓ, PRAGHSANNA NÍOS ÍSLE

Tá an costas a ghabhann le fón póca a úsáid tar éis titim go mór ó 1998 i leith, a bhuí le cinneadh an Aontais deireadh a chur le monaplachtaí na gcuid­ eachtaí fóin, agus de bhrí go bhfuil thuill­eadh oibreoirí tar éis teacht isteach sa mhargadh. Mar sin tá mo chuid glaonna ag éirí níos faide, ach tá mo bhillí ag dul i laghad.

3 ULLAMH CHUN BÓTHAIR?

Tá mo mhálaí pacáilte, tá mo phas agam, mar sin conas a ghníomhaí­ochtaím Fánaíocht ar Tháillí Baile? An freagra gearr ná: Ní gá! Ceanglaíonn an tAontas ar oibreoirí móibíleacha é a chur san áireamh go huathoibríoch i mo phaca seirbhíse, mar sin is cuma an bhfuilim ag taisteal sa Liotuáin nó i Lucsamburg, bíonn m’fhón ullamh le húsáid gan aon táillí breise.

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/consumers/ internet-telecoms/ mobile-roamingcosts/index_en.htm 13


MO CHEANGAL. MO SHAOL. An tIdirlíon a shurfáil ó thír ar bith san Aontas.

An tslí a n-oibríonn sé Faoi dhlíthe AE is cuma cé chomh hiargúlta is atá m’áit chónaithe, má tá sé san Aontas, tá ceart ráthaithe agam ar an nasc idirlín is fearr dá bhfuil ann ar phraghas inacmhainne. Tá fáil agam ar na mílte ball te Wi-Fi saor in aisce ar fud na hEorpa agus beirim mo sheirbhísí síntiúis físeán, ceoil, cluichíochta agus spóirt liom cibé áit dá dtéim.

72%

líon na n-Eorpach a úsáideann an t-idirlíon gach lá.

#EUANDME

46%

14

Líon na nEorpach a úsáideann an t-idirlíon chun glaonna fóin nó físe a dhéanamh.

90%

líon na nEorpach óg (idir 16-24 bliain d’aois) a úsáideann líonraí meán sóisialta.

50%

Líon na nEorpach idir 15 agus 39 bliain d’aois a shíleann go bhfuil rochtain ar na seirbhísí a nglacann siad síntiúis leo tábhachtach dóibh agus iad ag taisteal.

53%

Líon na nEorpach a chuireann taisteal, cóiríocht nó ticéid in áirithe ar líne.

Faigh nasc

Má tá cónaí ort i gceantar tuaithe gan nasc idirlín, labhair le d’údarás náisiúnta rialála, a d’fhéadfadh cabhrú leat dul ar líne.


1

3

2

4

1 AN GRÉASÁN DOMHANDA

Más dul i dteagmháil le cairde atá uaim nó an eipeasóid is déanaí den chlár teilifíse is fearr liom a shruthú, tá an ceart agam san Aontas nasc bunúsach idirlín a bheith agam ag baile. Cibé áit dá dtéim, ba chóir go mbeadh soláthraí idirlín amháin ar a laghad ann ar féidir leis teacht a thabhairt dom ar cheangal ard­ chaighdeán ar phraghas inacmhainne – prionsa­ ­ bal na „seirbhíse uilechoitinne” a thug­tar air seo. Rud eile de, tá os cionn €2 mhilliún á infheistiú ag an Aontas chun an tseirbhís leathanbhanda i gceantair thuaithe a neartú. Cibé acu ag seiceáil isteach i bPoblacht na Seice nó ag uaslódáil féinín ón Spáinn atáim is eol dom gur féidir liom an nasc is fearr is féidir idir an baile agus an idirlíon a úsáid ar phraghas socraithe inacmhainne.

2 NASC COTHROM

An bhfuil tú sa tóir ar nuacht áitiúil nó ar fhaisnéis faoin gcéad Chraobh­ chomórtas na hEorpa eile? Is cuma an t-ábhar spéise atá agam, ní cead­ mhach do ­shol­áthraithe seirbhíse idirlín san Aontas moill nó bac a chur ar mo rochtain ar inneachar, chun buntáiste a thabhairt d’aon suíomh gréasáin thar ceann eile. Fad is a bhíonn sé dlíthiúil, slán agus nach bhfuil an líonra sár­ghnó­ thach, is féidir liom féachaint ar mo rogha rud, é a léamh nó a imirt.

3 SIAMSAÍOCHT TRASTEORANN

Tá an tAontas Eorpach den tuairim nár chóir do theorainneacha náisiúnta cur isteach orm nuair is mian liom taitneamh a bhaint as scannán, albam nó cluiche maith. Sin é an fáth go mbíonn rochtain agam ar mo shíntiúis chuig seirbhísí sruthaithe físeán agus ceoil ar líne aon áit dá mbím ag taisteal san Aontas. Díreach eipeasóid amháin eile, mar sin?

4 WIFI4EU

Amchlár traenacha a sheiceáil agus tú ag gabháil thart? B’fhearr liom bheith leas a bhaint as Wi-Fi poiblí saor in aisce ná mo liúntas luachmhar sonraí a ídiú. Tá €120 milliún á infheistiú ag an Aontas chun pointí Wi-Fi poiblí saor in aisce a shuiteáil i mbeagnach 8,000 suíomh éagsúla ar fud na hEorpa, ionas gur féidir liom a bheith nasctha i gcónaí is cuma cá bhfuilim.

5 5 DUL SIAR

Arbh eol duit nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 44% de na hEorpaigh atá idir 16 agus 74 bliain d’aois? Rud eile de, beidh na scileanna digiteacha sin ag teastáil i naoi bpost as gach deich gcinn as seo amach. Chun an bhearna scileanna a dhúnadh agus lena chinntiú go mbeidh mé ullamh don saol oibre atá romhainn, is féidir liom dul chuig tionscnamh na gConairí Breisoiliúna, páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna a thairgeann baill den Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post, agus tuilleadh a fhoghlaim faoin teicneolaíocht agus faoin gcódú i gceann amháin de na mílte imeachtaí a bhíonn ar siúl le linn Seachtain Cód an Aontais. Más mac léinn ollscoile mé, is féidir liom Cúrsa Oiliúna Deise Digití a dhéanamh i dtír Eorpach eile agus ardscileanna digit­ eacha a ghnóthú.

EOLAS BREISE

https://europa.eu/youreurope/ citizens/consumers/internet-telecoms/ index_en.htm 15


MO SHLÁNDÁIL AR LÍNE. MO SHAOL. Mo shonraí pearsanta a chosaint le rialacha AE.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Gach uair dá gcuirim saoire in áirithe, dáscríobhaim rud éigin ar na meáin shóisialta, dá gcuardaím tuilleadh eolais ar líne, dá n-osclaím cuntas bainc nó dá gceannaím ticéad traenach ar líne, cuirim míreanna tábh­ achtacha d’fhaisnéis phear­­ santa ar fáil. San Aontas, is ceart bunúsach é mo shonraí pearsanta a bheith faoi chosaint. Caithfear cúram agus freagracht a léiriú agus m’fhaisnéis phearsanta á láimhsiú. Ceanglaítear ar eagraíochtaí sonraí a bhailiú go cuí agus do chuspóir sainithe; ní féidir leo aon sonraí ach sonraí riachtanacha a bhailiú agus ní ceadmhach sonraí a choimeád nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh. Ní mór mo shonraí pearsanta a chosaint ar chailleadh, scriosadh, nó goid, agus is faoin eagraíocht atá sé a chinntiú go ndéantar amhlaidh.

16

71%

68%

25 Bealtaine 2018

líon na nEorpach a chreideann gur cuid de shaol an lae inniu é eolas pearsanta a nochtadh.

líon na úsáideoirí idirlín a rinne siopadóireacht ar líne i 2017.

An dáta ar tháinig reachtaíocht nua cosanta sonraí (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) agus mo chearta nua i bhfeidhm.

46%

Déan dearmad orm, le do thoil

Daoine seachas meaisíní?

Líon na n-Eorpach a thugann sonraí pearsanta dá gcuid chun íocaíocht a dhéanamh ar líne, agus déanann 44% amhlaidh ar mhaithe le seachadadh an cheannacháin.

Ní úsáideann tú cuntas meán sóisialta níos mó? Is féidir liom iarraidh ar eagraíocht nó gnólacht mo shonraí pearsanta a scriosadh mura bhfuil siad ábhartha nó riachtanach a thuilleadh.

Is féidir liom a iarraidh gur daoine, seachas ríomhairí, a dhéanfadh aon chinntí tábhachtacha bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe – cibé an gcáilím do mhorgáiste, mar shampla – ionas gur féidir liom a bheith cinnte go bhfuil mo chuid eolais á athbhreithniú ag duine éigin.


1

3

5

2

4

6

1 COSAINT SONRAÍ

Ar chóir dom a bheith buartha má tá m’ainm agus mo sheoladh ag gnólacht nach bhfuil aon eolas ar bith agam air? Ó 25 Bealtaine 2018, tairgeann reachtaí­ ocht nua cosaint níos láidre do mo shonraí pearsanta, rud a thugann tuilleadh smachta dom ar an tslí a fhaigheann eagraíochtaí eolas fúm, an tslí a bpróis­ eálann siad agus a stórálann siad é. Mar shampla, is féidir liom cóip a fháil de na sonraí ar fad atá ag gnólacht nó eagraíocht ar leith mar gheall orm, agus is féidir liom iarraidh orthu é a léirscrios nuair nach bhfuil gá leis a thuilleadh nó mura bhfuil an phróiseáil de réir dlí. Is féidir liom iarraidh go ndéanfaí aon sonraí pearsanta neamhchruinne nó neamh­ iomlána a cheartú, leis. I gcásanna ina mbíonn mo chead de dhíth, caithfidh mé é a thabhairt go soiléir de mo dheoin féin. Tá an ceart agam, leis, mo chead a tharraingt siar uair ar bith.

2 FAOI GHLAS

Nuair a chuirim faisnéis thábhachtach mar gheall orm féin ar fáil – m’ainm, uimhir theileafóin nó sonraí mo chárta creidmheasa, mar shampla – ba mhaith liom a bheith cinnte go bhfuil sé sábh­ áilte é sin a dhéanamh. Faoi dhlíthe AE ní mór d’aon duine a phróiseálann mo shonraí féachaint chuige go láimh­ seáiltear go cúramach iad.

3 SLÁN SÁBHÁILTE

Cad é an chosúlacht idir na meáin ­shóis­ialta, siopaí ar líne agus deiseanna fost­ ­ aíochta? Furasta: iarrann siad uile orm sonraí pearsanta a chur ar fáil ar iontaoibh d’eagraíochtaí, sonraí a d’fhéad­ faí a chailleadh nó a ghoid. Ach ná bíodh eagla ort – tiocfaidh rialacha nua AE i bhfeidhm i mBealtaine 2018 chun díriú ar sháruithe ar chearta sonraí. Má dhéantar rud ar bith le sonraí pear­santa a d’fhéad­ fadh mo chearta nó mo shaoirsí a chur i mbaol, ní mór rabhadh a thabhairt dom ar an bpointe. D’fhéad­fainn a bheith i dteideal cúitimh, leis. Mar sin, ní thiocfaidh slándáil mo shonraí idir mé agus codladh na hoíche arís choíche – is féidir liom siopadóireacht agus scimeáil ar líne a dhéanamh go slán sábháilte.

4 AIRD AR AN BPRÍOBHÁIDEACHT

Conas a tharlaíonn sé go dtaispeánann suíomh gréasáin fógraí dom faoi DVD a chuardaigh mé inné? Fianáin a stórál­ ann suíomhanna gréasáin ar mo ríomhaire chun na rudaí ar chuir mé spéis iontu ar líne a thaifeadadh is cúis leis sin. Féach­

ann rialacha AE chuige go gcaithfidh mé mo chead a thabhairt sular féidir le suíomh Gréasáin é sin a dhéanamh agus gur féidir liom agóid a dhéanamh in aghaidh fógraíocht den chineál seo uair ar bith, rud a chabhróidh liom mo phríobháideacht ar líne a chosaint.

5 COSC AR THURSCAR

Ní fada ó bhíodh mo bhosca isteach lán d’fhógraí, turscar agus ríomhphoist neamh­iarrtha. Inniu, a bhuí ar dhlíthe AE, tá sé de cheart agam agóid a dhéanamh in aghaidh ríomhphoist a fháil do chus­ póirí margaíochta. Ciallaíonn sin nach bhfeicim, nuair a osclaím mo bhosca isteach, ach teachtaireachtaí ó ghnó­ lachtaí a dteastaíonn uaim cloisteáil uathu.

6 ÚDAR GEARÁIN

Má táim míshona leis an tslí a bpróis­ eáiltear mo shonraí, ansin tá sé de cheart agam gearán a dhéanamh leis an duine nó leis an eagraíocht atá á bpróis­ eáil, chuig údarás náisiúnta cosanta sonraí mo thíre, nó chuig cúirt dlí.

EOLAS BREISE

https://ec.europa.eu/info/law/law-topic/ data-protection/reform_en 17


MO GHUTH. MO SHAOL. Caith vóta, seas i dtoghcháin Eorpacha agus cabhraigh chun fadhbanna na hEorpa a réiteach

#EUANDME

An tslí a n-oibríonn sé

18

Mar shaoránach de Bhallstát den Aontas, is saoránach mé den Aontas go huathoibríoch – tá sé sin ráite ar mo phas, fiú! Tugann an tsaoránacht sin an ceart dom mo thuairim a thabhairt ar an tslí a bhainistítear an tAontas Eorpach. Is féidir liom vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha agus i dtoghcháin chathracha, bheith páirteach i bplé ar dhlíthe agus beartais an Aontais agus fiú seasamh mar iarrthóir i dtoghchán. Déantar é sin a chumasú trí Chairt an Aontais um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha, a thugann an tsaoirse dom mo ghuth a ardú – trí bheith rannpháirteach i dtoghcháin nó trí achainí ar athrú a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

19%

líon na ndaoine óga san Eoraip a deir go smaoineoidís ar sheasamh mar iarrthóir polaitiúil.

1.6 mhilliún

Líon na ndaoine a shínigh achainí ag tacú leis an gcéad thionscnamh do shaoránaigh a eagraíodh riamh – „Right2Water”. D’ullmhaigh an Coimisiún togra chun caighdeán uisce do shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú dá bharr.

55%

Líon na saoránach Aontais ar spéis leo na toghcháin Eorpacha a rithfear in 2019.

41%

Líon na saoránach nach eol dóibh gurb iad saoránaigh gach Ballstáit a thoghann go díreach Parlaimint na hEorpa.

42.61%

Líon na vótóirí ar fud na hEorpa a cháiligh chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2014, nuair a bhí líonta náisiúnta na vótóirí éagsúil go leor, idir 13% sa tSlóvaic agus 89% sa Bheilg.


1

3

2

1 CAITH VÓTA

Fonn ort athrú a dhéanamh? Is féidir liom mo thuairimí a chur in iúl go breá láidir ach vóta a chaitheamh. Mar shaor­ ánach den Aontas Eorpach, táim i dteid­ eal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha agus i dtoghcháin chathracha, in cibé Ballstát ina bhfuil cónaí orm. Is cuma an bhfuilim ag roghnú Feisire le haghaidh Pharlaimint na hEorpa chun topaicí tábhachtacha a dhéanann dif­ ear do mo shaol laethúil a phlé, nó ag roghnú comhairleora chun mo thuairimí a chur ar aghaidh ar cheisteanna áit­ iúla a bhaineann liom, is é vóta a chaith­ eamh an tslí is fearr leis an bpolaitíocht a stiúradh maidir leis na ceisteanna is cás liom. Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl idir 23-26 Bealtaine 2019.

2 AG DUL AR TOSACH

An easaontaíonn tú leis an méid atá á rá ag polaiteoirí ar an teilifís? An bhfuil tú ag cur thar maoil le smaointe maithe a chuirfeadh feabhas ar bheatha shaor­ ánaigh na hEorpa? Má tá, an smaoineofá ar chabhrú chun todhchaí an Aontais a mhúnlú, trí sheasamh i dtoghchán? Mar shaoránach den Aontas Eorpach, is féidir liom seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin áitiúla. Tá mo chuid

4

fógrán agam, Tá m’fhógra ullamh agam agus m’óráid cleachta agam – níl uaim anois ach daoine a chaithfeadh vóta ar mo shon!

3 BÍODH DO THUAIRIM AGAT

Tá rud éigin ag déanamh buartha dom – ach an mian leis an Aontas cloisteáil faoi? Is mian, ar ndóigh! Má tá tuairim láidir agam ar dhlí nó beartas nua, ansin is féidir liom m’aiseolas a thabhairt ar shuíomh gréasáin saincheaptha nó bheith páirteach i gcomhairliúchán poib­lí. Ar an tslí chéanna, is féidir liom ardán ar líne a úsáid chun mo thuairim a thabhairt ar bheartais reatha an Aontais nuair a ath­ bhreith­nítear iad, agus moltaí a chur in iúl ar an tslí a ndéanfaí níos éifeachtaí iad.

4 TÁ TÁBHACHT LE MO GHUTH

Tá thart ar 500 milliún saoránach san Eoraip – ní haon iontas go mbeadh cúpla smaoineamh maith eadrainn. Cén fáth nach gcruth­ófá é? Má bhíonn fadhb ann a chuireann imní orm, agus má chreidim

5

gur chóir don Aontas Eorpach gníomhú, ansin is féidir liom sínithe a bhailiú trí thionscnamh na saoránach Eorpach. Má tá milliún saoránach eile ó sheacht dtír ar a laghad ar aon fhocal liom, féach­­faidh an Coimisiún Eorpach ar cheart dlíthe nua a mholadh leis an bhfadhb a réiteach.

5 A BHFUIL I NDÁN DON EORAIP

Inniu a thosaíonn Eoraip an lae amárach. Agus toghcháin Pharlaimint na hEorpa le bheith ann an bhliain seo chugainn, is mian le ceannairí an Aontais na rudaí is mó tábhacht domsa a fháil amach, mar aon leis an tslí ar dóigh go bhféadfaí an tAontas a ullmhú chun tabhairt faoi na dúshláin a bheidh romhainn. Is féidir liom mo thuairim a chur in iúl trí bheith páirteach i gcomhairliúchán leanúnach a dhréachtaíonn na saoránaigh iad féin, agus mo thuairimí ar an bPáipéar Bán ar a bhfuil i ndán don Eoraip a chur in iúl.

EOLAS BREISE

https://europa.eu/youreurope/citizens/ residence/elections-abroad/index_en.htm 19


MO CHEARTA. MO SHAOL.

Cónaí i sochaí dhaonlathach a chinntíonn an comhionannas agus a chosnaíonn mo chearta daonna agus na saoirsí atá agam.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

De bhrí go bhfuil cónaí orm san Aontas, tá mo chearta agus mo shaoirsí leagtha amach sa Chairt Eorpach um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha. Sa doiciméad sin de chuid an Aontais, leagtar amach go soiléir go bhfuil gach duine saor agus comhionann ón uair a saol­aítear iad, agus na cearta atá acu. Cinntíonn an chairt gur féidir le saor­ ánaigh an Aontais Eorpaigh – is cuma cén aois, inscne, cine, claonadh gnéasach, reiligiún agus tuairimí atá acu – maireacht­ áil le chéile faoi shíocháin. Is é riail dlí an Aontais a chosnaíonn na prionsa­ bail sin, a chiallaíonn go bhfuil na saoirsí agus cearta dlíthiúla céanna ag an uile dhuine sa tsochaí agus gur chóir go gcaithfí mar an gcéanna leo uile. Cos­naíonn sé mo cheart chun vóta a chaitheamh agus cuireann sé cosc ar rialtais a gcuid cumhachta a mhí-úsáid.

20

65%

70%

líon na nEorpach a deir go bhfuil siad ar an eolas faoi Chairt an Aontais um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha, ach tá 35% ann nár chuala trácht air riamh.

an céatadán de mhuintir na hEorpa go bhfuil cairde nó daoine ar aithne acu nach den reiligiún nó den chreideamh céanna leo iad – agus tá an uimhir sin ag dul i méid.

6 mhilliún

Neamhfhulaingt ar an idirdhealú

Líon na Romach, an mionlach is mó san Eoraip, a chónaíonn san Aontas Eorpach. Is saoránaigh den Aontas iad a bhformhór.

Bhí an tAontas Eorpach ar an gcéad eagraíocht idirnáisiúnta a thug aitheantas sainráite don ghnéaschlaonadh mar fhorais dhlíthiúla idirdhealaithe.


3

1

2

1 AONTAITHE SAN ÉAGSÚLACHT

Níl aon bheirt mar a chéile – sin an fáth a bhfuil an saol chomh spéisiúil sin. De bhrí go gcónaím san Aontas Eorpach, is féidir liom saol a chaitheamh ina gcos­ naítear mo shaoirsí agus mo cheart ar chomhionannas, beag beann ar inscne, aois, míchumas, reiligiún, eitneachas nó gnéaschlaonadh.

2 LABHAIR AMACH

Is cuma an bhfuilim ag tvuíteáil faoi scannán nua, ag insint do chara faoi mo reiligiún, nó ag plé agóid a chonaic mé ar an Nuacht, tá tábhacht le mo thuairim agus tá an ceart agam í a thabhairt os ard. Sin an rud is bun leis an daon­lath­as. Is í an tsaoirse cainte cloch choirnéil an Aontais Eorpaigh agus is cuma cá bhfuil cónaí ort, tá sé de cheart agam mo smaoin­te agus na rudaí a gcreidim iontu a phlé.

3 SCÉALA ÚR

Pé áit a bhfaighim mo chuid nuachta – ar líne, ón teilifís, nó ón nuachtán, tá saoirse ag gach asraon meán imeachtaí reatha a thuairisciú go cruinn – is cuma cé chomh cáinteach atá siad maidir le beartas nó páirtí polaitiúil. Cuirtear ar mo chumas leis sin tuairimí eolacha a fhor­ bairt ar imeachtaí polaitiúla, ceisteanna tomhaltóra, agus faoin gcineál sochaí ar

4

mhaith liom a bheith ann. Is maith an rud é go bhfuil an Coimisiún ag obair le ­hardáin cosúil le Facebook agus Twitter chun fuathchaint ar líne agus sceimh­ litheoireacht a shrianadh. Mar sin, má fheicim rud ar bith mídhleathach, is féidir liom é a thuairisciú agus bainfidh siad an phostáil.

4 CÓIR AGUS COTHROM

Téann cúrsaí in aimhréidh uaireanta, ach i gcásanna mar sin is eol dom go bhfuil cabhair ón Aontas Eorpach ann chun réiteach neamhchlaonta a fháil. Táim i dteideal ceartais agus triail chóir, agus is féidir liom teacht ar dhoiciméid agus ar thaifid atá faoi choimeád an Aontais. Anuas air sin, is féidir liom aon chás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiún­ ais an Aontais Eorpaigh má bhraithim go bhfuil údar imní ann faoi dhlíthiúlacht achta, mí-úsáid cumhachta, nó go bhfuil easpa inniúlachta á léiriú ag eagraíocht.

5

Agus má bhraithim nach bhfuil institiúid Eorpach ag caitheamh go cóir liom, is féidir liom mo chás a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman.

5 AG OBAIR LE CHÉILE, GO COTHROM

Is minic a bhíonn an áit oibre strusmhar, mar sin is cúis sásaimh go gcosnaíonn an tAontas Eorpach mo chearta nuair a bhím ann. Má bhraithim go bhfuil éagóir á dhéanamh orm ag an obair – i ngeall ar mo reiligiún nó gnéaschla­ onadh, mar shampla, is féidir liom teagmháil a dhéanamh le mo chomhlacht náisiúnta comhionannais, le ceard­ chumann, nó le haon eagraíocht neamhrialtasach ábhartha, a bheidh in ann cabhrú liom. Ciallaíonn dlíthe AE go gcaithfear caitheamh liomsa faoi mar a chaitear le gach duine eile a oibríonn liom le cinntiú gur féidir liom gairmré sásúil sona a bheith agam.

EOLAS BREISE

https://ec.europa.eu/info/aiddevelopment-cooperation-fundamentalrights/your-rights-eu/eu-charterfundamental-rights_ga 21


M'AISTEAR. MO SHAOL.

Cúiteamh a fháil má chuirtear moill ar eitilt nó turas traenach, agus cabhair a fháil in ambasáid aon Bhallstáit thar lear.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Cosnaíonn rialacha an Aontais mo chearta i gcás moilleanna nó cealuithe agus mé ag taisteal. Cibé an roghnaím ar eitleán, i dtraein, ar bhád nó i mbus, táim i dteideal cóir chothrom – áirítear ar sin cúiteamh, aisíocaíochtaí, athsceidealú nó cóiríocht óstáin. Ní chlú­daíonn sin cur isteach de bharr tosca neam­ hghnácha – tosca mar stailc i measc rialtóirí aerthráchta, neamhchobhsaíocht pholaitiúil, rioscaí slándála nó adhaimsir. Ach ciallaíonn sé go mbíonn mo chearta faoi chosaint, i gcás moill­ eanna eile, nuair a bhím ag taisteal amach nó isteach san Aontas agus laistigh de, ar aerlíne de chuid an Aontais. Mar shaoránach den Aontas, ciallaíonn sé gur féidir liom cabhair a iarraidh ar ambasáid Bhallstáit eile má bhíonn cosaint nó cúnamh uaim thar lear, mura bhfuil ambasáid nó consalacht ag mo thír féin sa tír ina bhfuilim.

22

392 bhilliún km

€1,300

Íoslódáil an feidhmchlár

An t-achar iomlán a thaistil paisinéirí ar líonraí náisiúnta iarnróid san Aontas Eorpach in 2015.

An t-uasmhéid cúitimh a bhfuilim i dteideal a fháil ó m’aerlíne má dhéantar mo bhagáiste a dhamáistiú, ar choinníoll go gcuirim m’éileamh isteach laistigh de 7 lá.

Ag taisteal go luath? Foghlaim faoi do chearta sula n-imíonn tú trí svaidhpeáil amháin méire leis an bhfeidhmchlár Cearta Paisinéirí.

0.15 eitleán as gach 1,000,000 eitilt ar a mhéad

Ná dearmad!

7 milliún

Ní thugtar cúiteamh go Líon na saoránach huathoibríoch – caithfidh mise den Aontas Eorpach damáistithe ar shlí nach é a éileamh! Ba chóir dom mo a chónaíonn nó bhféadfaí a dheisiú san ghearán a chur isteach chuig a thaistealaíonn i dtír nach Eoraip in 2014, a fhágann m’iompróir aeir, agus mura bhfuil aon ambasáid nó go bhfuil an Eoraip ar cheann bhfaighim freagra air, is féidir liom consalacht ag a mBallstát de na háiteanna eitilte gearán a dhéanamh leis an údarás féin ann. Meastar go is sábháilte ar domhan. náisiúnta. I gcásanna áirithe, is féidir sroichfidh an líon seo liom eintitis um réiteach malartach 10 milliún faoi 2020. díospóidí nó cúirt dlí a úsáid chun mo dhíospóid a réiteach.


1

3

5

2

4

6

1 AR AGHAIDH LINN FAOI LÁN SEOIL

Táim sa stáisiún ach is amhlaidh go mbeidh moill uair an chloig ar a laghad ar mo thraein – cad a dhéanfaidh mé anois? Bhuel, ní drochscéal é amach is amach – i gcásanna mar seo, ciallaíonn rialacha an Aontais go bhféadfainn a bheith i dteideal aisíocaíochta láithreach má chuirtear mo phleananna taistil ar ceal, nó cóir iompair eile a fháil a luaithe is féidir. Má bhíonn tamall fada feithimh i gceist, d’fhéadfainn a bheith i dteideal sólaistí a fháil idir an dá linn.

2 AR AN MBÓTHAR

Ní hé an chóir iompair is tapa, ach cuireann taisteal bus ar mo chumas dul chuig áiteanna nach bhfeicfinn ar aon slí eile, b’fhéidir. Rud eile de, níl cead ag oibreoirí táille níos airde a ghearradh orm de bharr gurb as tír amháin nó tír eile mé, nó de bhrí go bhfuil mo thicéad á cheannach agam i dtír ar leith. Mar sin cibé an gceannaím an ticéad i mBaile Átha Cliath nó Dubrovnik, is slí neamh­ chostasach é an bus le taisteal ar fud na hEorpa.

3 SIÚD AG EITILT LIOM!

Sáite san aerfort ag feitheamh ar eitilt a bhfuil moill uirthi? Seans go gcaithfidh mé an treisiú vitimín D a chur ar fionraí, ach d’fhéadfainn a bheith i dteideal cúnaimh, aisíocaíochta nó eitilt fillte idir an dá linn. Agus má bhíonn m’eitilt níos déanaí ná trí huaire an chloig ag teacht chun ceann scríbe, ansin i gcásanna áirithe d’fhéadfainn cáiliú do €250, €400, nó €600 de chúiteamh, ag brath ar fhad an aistir.

4 CODLADH SÁMH

Má chuirtear m’aistear ar fionraí go dtí an lá dár gcionn, ceanglaíonn rialacha an Aontais ar an soláthraí iompair óstán, bia agus sólaistí a chur ar fáil dom. Mar sin ní gá dom a bheith buartha go mbeidh orm codladh a dhéanamh san aerfort nó sa stáisiún traenach – is féidir liom taisteal an lá dár gcionn ina ionad sin, agus athbheocht ionam.

5 LIMISTÉAR FAOI CHOSC EITILTE

Ní féidir le m’eitleán dul áit ar bith – ach is féidir liomsa! Má chuirtear m’eitilt ar ceal, ansin is féidir go gceanglóidh an tAontas Eorpach ar an aerlíne costas an ticéid a aisíoc liom nó eitilt eile a shocrú dom gan aon chostas breise. Nó is féidir

liom taisteal trí aerfort eile – a chiallaíonn má táim leath bhealach trí m’aistear, is féidir liom eitilt a fháil ar ais chuig an gcéad aerfort chun eitilt amach as lá éigin eile.

6 CRIOS TARRTHÁLA THAR LEAR

Is é an tsaoire is fearr riamh é...go dtí go ngoidtear mo thiachóg agus mo phas. Agus mar bharr ar an mí-ádh, níl aon ambasáid ag mo thírse sa chuid seo den domhan. Ach de bhrí gur saoránach den Aontas mé, táim i dteideal cabhair a fháil ó aon ambasáid nó consalacht de chuid an Aontais mura bhfuil ionadaíocht ag mo thír féin. Is cuma cá bhfuil mé ar domhan, de bhrí gur saoránach den Aontas mé is féidir liom tacaíocht a fháil go tapa, agus gan dua.

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/travel/ passenger-rights/ index_en.htm 23


MO CHUID SIOPADÓIREACHTA. MO SHAOL. Earraí a ceannaíodh ar líne a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá, agus cearta eile mar thomhaltóir?

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Mar thomhaltóir san Aontas, táim i dteideal caitheamh cothrom – deisiú nó athsholáthar a fháil i gcás earraí a bhriseann laistigh de dhá bhliain, an tsaoirse chun m’intinn a athrú faoi rudaí a chean­ naím ar líne laistigh de 14 lá, conradh sothuigthe a fháil le síniú i gcás seirbhís nua, agus tuilleadh. Is é aidhm rialacha an Aontais an tsiopa­ dóireacht – cibé ar líne, ar an bhfón, i bhfoirm ordú poist nó ar an bpríomhshráid – a bheith soiléir, neamhchasta agus cothrom.

24

71%

Céatadán na n-úsáideoirí idirlín idir 16-24 bliain d’aois a cheannaíonn earraí ar líne.

An díospóid a réiteach

Níl tú ar aon fhocal le ceannaí ar líne? Is féidir liom comhairle agus tacaíocht saor in aisce a iarraidh ar mo Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí.

18%

An méadú ar líon na gceannachán ar líne idir 2007 agus 2017.

Saor ó tháille

Ní ceadmhach do shiopaí ná trádálaithe san Aontas Eorpach aon táille a ghearradh as cárta creidmheasa nó dochair a úsáid.

32,000

Líon na ngearán trasteorann a fuair Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí i 2013, ar bhain 66% díobh le hearraí a ceannaíodh ar an idirlíon.


3

1

5

2 1 SÚIL A CHOIMEÁD AR AN AM

Níor mhaith le haon duine cúis bhróin a thabhairt do chara ar a lá breithe, ach uaireanta, nuair a ordaítear bronn­tanas ar líne, bíonn an lá mór thart sula dtagann an bronntanas sa phost. Is féidir nach bhfuil aon rud faighte acu, ach tá leigheas air sin. De réir dhlí an Aontais, mura bhfaighim earraí laistigh de 30 lá ó lá a gceannaithe, is féidir liom fógra a thabhairt don trádálaí agus seachtain bhreise a cheadú dó don seachadadh. Mura bhfaightear na hearraí roimh dheireadh na seachtaine sin, is féidir liom an t-ordú a chealú agus aisíocaíocht iomlán a éileamh. Ar ndóigh, má bhain an t-ordú le hócáid ar leith – breithlá, mar sham­ pla – ansin ní gá dom an tseachtain bhreise a thairiscint agus is féidir liom m’ordú a chur ar ceal tar éis na tréimhse 30 lá.

2 SEICEÁIL AN MIONPHRIONTA

Ní haon dóithín é páipéir a shíniú le haghaidh comhaontú iasachta nó cárta creid­ mheasa, go háirithe nuair a bhím buartha go bhféadfadh clásal a bheith sa doiciméad a chosnódh leath mo theacht isteach orm. Ní tharlódh sin san Aontas Eorpach. Caithfidh gach conradh a bheith soiléir, sothuigthe, agus gan aon choinníoll nó riachtanas éagórach ann. Ní mór gach téarma a bheith le léamh go soiléir sula síním, ionas nach dtiocfaidh rud ar bith aniar aduaidh orm.

4 3 EARRAÍ DAMÁISTITHE

Seo rud a chuireann eagla orainn ar fad: an solas dearg preabach a chiallaíonn go bhfuil an meaisín níocháin nua tar éis cliseadh. Tá ráthaíocht dhá bhliain ar a laghad ag gabháil le gach earra a cheannaítear san Aontas Eorpach, mar sin mura bhfuil táirge a cheannaigh mé ag obair mar ba chóir, is féidir liom deisiú nó athsholáthar a fháil saor in aisce. Mar sin ná bac leis an neachtlainnín – ba chóir go mbeadh mo mheaisín níocháin ag obair i gceart arís gan mhoill.

4 AR DO THAOBHSA

Trioblóid le trádálaí i mBallstát eile? B’fhéidir gur mála góchumtha an mála nua sin nó go raibh scríobadh ar na spéac­laí gréine sin nuair a fuair tú iad? Cuireann an tAontas comhairle agus tacaíocht saor in aisce ar fáil trí Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí atá suite i ngach tír den Aontas, agus san Íoslainn agus san Iorua. Mura féidir an cheist a réiteach leis an trádálaí, is féidir liom cabhair a iarraidh tríd an ardán Réiteach Díospóidí ar Líne. Ciallaíonn an córas seo go bhfaighidh mé toradh sásúil ar dhíospóid, saor in aisce nó ar tháille íseal. Ciallaíonn sé, leis, gur féidir le trádálaithe dlíthíocht chostasach a sheach­aint, rud a chabhróidh chun an caidreamh lena gcustaiméirí a neartú agus a fheabhsú.

6 5 NÍ MINIC A BHÍONN AN DEA-SCÉAL FÍOR

Tá tairiscint iontach le haghaidh rothar nua feicthe agat ach tá imní ort gur cur i gcéill é? Tá cosc ar chuideachtaí a oib­ ríonn in aon Bhallstát faisnéis bhréige a scaipeadh faoina dtáirgí nó seirbhísí i bhfógraí míthreoracha. Mar sin mura bhfuair mé an rud a raibh coinne agam leis, tá an ceart agam an rud a gealladh a fháil, nó m’airgead a fháil ar ais.

6 AN TOMHAS MÍCHEART?

Dealraíonn sé, mar sin, go raibh mé rud beag uaillmhianach le tomhas na jíons sin a cheannaigh mé ar líne... Is maith go bhfuil cearta agam mar thomhaltóir Aontais a chiallaíonn gur féidir liom aon táirge a chur ar ais, is cuma an ar líne, ar an bhfón nó le hordú poist a cheannaigh mé é, laistigh de 14 lá. Fad atá an táirge gan locht agus gur féidir é a athdhíol, gheobhaidh mé aisíocaíocht iomlán nó rud éigin eile ar a shon – gan aon argóint ná ceist, agus ní gá domsa an cás a mhíniú. Mar sin is féidir liom na jíons sin a chur ar ais agus péire den tomhas ceart a aimsiú.

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/consumers/ 25


An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Tá an domhan ag athrú ar luas lasrach, agus tá an t-athrú céanna ag teacht ar na scileanna agus ar na cáilíochtaí atá uaim chun mo chuid oibre a dhéanamh. Ionas go bhféadfaidh mé cos a choinneáil leis an athrú, oibríonn an tAontas go dlúth le rialtais náisiúnta, ceardchumainn, fostóirí agus soláthraithe oideachais chun cur le cáilíocht mo chuid oiliúna, agus chun tuiscint a fháil ar na scil­ eanna a bheidh de dhíth sa todhchaí. Is cuma an sa seom­ra ranga nó taobh amuigh de atá i gceist, tá deiseanna oiliúna agus forbartha gairme ar fáil trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus tríd an Ráthaíocht d’Aos Óg na hEorpa. Tá €14.7 billiún curtha i leataobh faoi scéim Erasmus+ chun cúrsaí oiliúna, printíseachtaí, scéimeanna malartuithe agus oideachas a chur ar fáil dom, chun mo scileanna a choimeád cothrom chun dáta, agus le go mbeidh CV tarraingteach d’fhostóirí agam.

26

MO SCILEANNA. MO SHAOL. Oiliúint, scileanna tábhachtacha a fháil, mar ullmhúchán don todhchaí.

93 milliún

21%

Líon na nEorpach atá cláraithe i gcúrsaí oideachais, ón mbunoideachas go staidéar iarchéime.

líon na n-oibrithe san Aontas a shíleann go mbeidh a gcuid scileanna as dáta i gceann cúig bliana eile.

58%

Smaointeoireacht chliste

Líon na scoláirí Eorpacha sa mheánoideachas uachtarach atá ag foghlaim dhá theanga iasachta nó níos mó ná sin.

Is féidir liom mo scileanna fadhbréitigh, smaointeoireachta criticiúla agus teanga a fhorbairt trí bheith páirteach i scéim malartaithe Eorpach, amhail Erasmus+ nó an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

43%

Líon na saoránach Eorpach a bhfuil bunscileanna digiteacha in easnamh orthu.


1

3

2

4

1 LASTALL DEN SEOMRA RANGA

Cé nach bhfuilim ag dul ar scoil níos mó, ní mór dom leanúint den fhoghlaim. Ach scileanna a fhorbairt, beidh mé in ann a bheith chun dáta le hathruithe, mé féin a oiriúnú do dhúshláin na hoibre agus cur leis an tóir a bheidh ag fostóirí orm. Chun cabhrú liom é sin a dhéanamh, maoiníonn an tAontas deiseanna oiliúna trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus cláir cosúil le Erasmus+, rud a thabharfaidh deis dom lántairbhe a bhaint as mo ghairm bheatha.

2 AN TODHCHAÍ DHIGITEACH

An gcuireann códú nó sonraí móra mearbhall ort? Chun mé féin a ullmhú le dul i mbun oibre i ndomhan atá níos digitithe ná riamh, is féidir liom cúrsa oiliúna praiticiúil a dhéanamh in ábhair mar TFC bunúsach go dtí an chib­ earshlán­dáil tríd an scéim Cúrsa Oiliúna i nDeiseanna Digiteacha an Aontais.

3 FOGHLAIM FHEIDHMEACH

B’fhéidir gurbh fhearr a d’fheilfeadh oiliúint phraiticiúil dom? Ón talmhaí­ ocht go dtí an bhláthadóireacht, tá printíseachtaí ar fáil i mórchuid réimsí. Má tá fonn orm taithí oibre ar an láthair agus oiliúint ar ardchaighdeán a fháil trí chúrsa oiliúna nó trí phrintíseacht, gheobhaidh mé deis tríd an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg nó trí Erasmus+.

4 SIAR GO DTÍ NA BUNRUDAÍ

Oideas a léamh, sóinseáil a chomh­ aireamh sa siopa, an t-idirlíon a úsáid – féadfaidh na rudaí seo a bheith deacair mura bhfuil na bunscileanna agat. Tá thart ar 70 milliún Eorpach ann atá ag streachailt leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht agus an ríomh nó tá sé deacair orthu uirlisí digiteacha a úsáid. Chun mo scil­ eanna féin a fheabhsú, is féidir liom cúrsa Conairí Breisoiliúna a dhéanamh, rud a thabharfaidh na bunscileanna is gá le barr mo chumais a bhaint amach.

5

5 CHOMH GLAN LE CRIOSTAL

Cuireann an Creat Eorpach um Cháil­ íochtaí ar chumas daoine ar fud an Aontais tuiscint a fháil ar mo cháil­ íochtaí – a fhágann gur féidir liom leanúint de mo chúrsa oiliúna agus fios agam go n-aithneofar mo cháilíochtaí i cibé tír a gcuirim fúm ann. Is féidir liom mo scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair i mo Europass, ionas gur féidir liom cur isteach go héasca ar phost nó oiliúint i mBallstát ar bith.

EOLAS BREISE

https://europa.eu/ european-union/ topics/educationtraining-youth_ga 27


M'UAILLMHIAN. MO SHAOL. Faigh post maith, nó faigh cóitseáil mar chabhair.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Is féidir leis a bheith deacair do dhaoine óga cos a fháil ar an dréimire gairme. Mar sin féin, tá an tAontas anseo chun tacú liom agus post á chuardach agam, cibé tríd an scéim Ráthaíocht d’Aos Óg na hEorpa– atá tar éis deiseanna a chur ar fáil do bhreis is 3.5 milliún duine óg gach bliain ó 2014 i leith – nó trí chláir agus tionscnaimh eile. A bhuí ar na scéimeanna seo, is lú ná 1.6 milliún cheana féin líon na ndaoine óga dífhostaithe san Aontas, i gcomparáid leis 2013. Má tá an fuinneamh agus an spéis agam, féadfaidh an tAontas na scileanna atá de dhíth orm chun an post a oireann domsa a thabhairt dom.

28

2 mhilliún

An laghdú ar líon na nEorpach dífhostaithe ó 2013 i leith.

11 mhilliún

Líon na ndaoine óga a fuair deiseanna tríd an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg.

€8.8 mbilliún

An buiséad atá curtha i leataobh ag an Aontas chun fostaíocht a mhéadú i measc daoine óga i réigiúin ina bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc daoine óga os cionn 25%.

4 mhí

Féachann Scéim Ráthaíochta don Aos Óg chun tairiscint dea-chaighdeáin fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna a chur ar fáil do dhaoine óga laistigh de 4 mhí ón uair a gcailleann siad post nó a bhfágann siad an córas oideachais.


4

1

1 NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Is cuma ar chríochnaigh mé cúrsa nó ar éirigh mé as post le déanaí, is gnáthrud é a bheith faoi iontas faoin gcéad rud eile a dhéanfaidh mé. Ní mise an t-aon duine amháin, ach oiread: tá timpeall 6.3 milliún Eorpach óga sa chás céanna. Is é aidhm scéim Ráthaíochta don Aos Óg an Aontais Eorpaigh tairiscint fostaíochta, oid­eachas, printíseacht nó cúrsa oiliúna a chur ar fáil dom laistigh de cheithre mhí ón uair a thagaim chun bheith dífhost­ aithe nó a fhágaim an córas oideachais. Is féidir liom iarratas a dhéanamh trí mo sheirbhís náisiúnta fostaíochta poiblí chun tús a chur le mo ghairmré nó deis a fháil filleadh ar an staidéar.

2 ATHRÚ TREO

Meastar go n-athróidh mé gairmeacha cúig huaire agus níos mó i mo shaol oibre. Le gach tosú úr is gá dul faoi athoiliúint chun na scileanna atá ag teastáil i mo thionscal nua a ghnóthú. Is cuma an eolas praiticiúil nó cáilíocht bhreise a bheidh uaim, is féidir liom cur isteach ar chúrsaí oiliúna a mhaoiníonn Ciste Sóisialta na hEorpa.

2

5

3

6

3 DIFEAR A DHÉANAMH

Ní oireann obair oifige don uile dhuine. Dá mb’fhearr liom scoil a atógáil nó cabhrú le hiarrthóir tearmainn atá tar éis teacht go dtí an tAontas ná mórán rudaí eile, is féidir liom iarratas a chur chuig an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Tá poist íoctha agus poist dheonacha ar fáil i dtionscadail ar fud na hEorpa, mar sin cén mhoill atá orm?

4 POIST GAN TEORAINNEACHA

Fonn taistil ort? Is féidir liom post a lorg in áit ar bith san Aontas; ní gá dom cloí le mo thír dhúchais amháin. Tá os cionn 2,300 folúntas ar fáil ar líne, agus is féidir le Do chéad phost EURES cabhrú leat tús a chur le gairm bheatha i dtír eile, sainchomhairleoir a chur ar fáil dom agus deiseanna fostaíochta a mholadh a d’oirfeadh dom. Is féidir go bhfaighinn cistiú taistil fiú, má iarrtar orm agallamh a dhéanamh thar lear.

5 OIBRIÚ AR SON NA HEORPA

Is grá liom an tAontas agus is mian liom bheith i measc an 55,000 duine a choimeádann ag obair é – déarfainn

go n-oirfeadh gairm in institiúid Aontais dom! Tá suíomhanna ag na hinsti­ tiúidí i ngach cearn den Eoraip, agus na lárionaid sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, mar sin thabharfadh siad an deis dom dul i mbun oibre le foireann éagsúil daoine ar chuid de na dúshláin is práinní atá le réiteach againn mar shochaí. Is féidir liom cuairt a thabhairt ar an Oifig Eorpach um Roghnú Pearsanra chun tuilleadh a fháil amach faoi na poist atá ar fáil.

6 DEISEANNA DO CHÁCH

An bhfuil bearna sa mhargadh tugtha faoi deara agat? Fonn ort riamh bheith i gceannas? Má tá smaoineamh maith agus neart spioraid fiontraíochta ionat, ansin is féidir leis an Aontas cabhrú liom mo ghnólacht féin a thosú. Spreagtar tíortha an Aontais chun spriocanna áirithe a bhaint amach, lena n-áirítear fiontraithe a chumasú chun gnólacht a bhunú laistigh de thrí lá oibre ar €100 ar a mhéad. Ní gá a bheith buartha faoin airgeadas ach oiread – is féidir liom féach­aint ar na deiseanna cistiúcháin trí Startup Europe Club, agus cabhair a fháil chun mo ghnólacht a leathnú agus a fhor­ bairt tríd an Startup Europe Partnership.

EOLAS BREISE

https://europa.eu/youth/EU_ga 29


MO GHNÓ. MO SHAOL. An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Tá an tAontas ar cheann de na geilleagair is mó ar domhan, mar sin níl aon áit níos fearr ná é le gnó a bhunú nó a mhéadú ann. A bhuí leis an Margadh Aonair féachtar ar an Aontas mar limistéar mór amháin, mar sin ní gá dom ach cinneadh a dhéanamh faoin tír nó na tíortha ar mhaith liom gnó a dhéanamh iontu. Gnólachtaí beaga nó gn­ó­lachtaí meánmhéide is ea formhór mór na ngnó­ lachtaí Eorpach agus is micrif­hiontair (nach mó ná €2 mhilliún sa bhliain an láimhdeachas) iad naoi ngnó­ lacht as gach deich gcinn. Mar sin, tá beartas an Aontais sin ceaptha ar shlí a chabhróidh le gnóthais mar sin dul i méid: aithníonn ann na príomhfhadhbanna a bheidh le réiteach acu, ar nós an méid ama a thógann sé fiontar a bhunú, agus téitear i ngleic leo.Anuas ar sin, féadfaidh an tAontas cibé rud atá uaim chun buntáiste a bhaint as mo smaoineamh gnó a thabhairt dom – maoiniú, cóitseáil, líonraí gnó, scéimeanna malartaithe agus tuilleadh nach iad.

30

Déan gnólacht a thosú, a bhainistiú agus a fhorbairt le tacaíocht ón AE.

25%

an céatadán den OTI a ghintear trí shaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas.

€25,000

An t-uasmhéid is féidir a iarraidh i micri-iasacht chun gnólacht a thosú nó a fhorbairt. Agus is féidir liom cur isteach ar ráthaíocht iasachta suas le €150,000 chun tacú le mo ghnó.

€2.3 bhilliún

de bhuiséad an Aontais atá curtha i leataobh go sonrach chun tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide go dtí 2020.

€2.7 mbilliún

Buiséad na Comhairle Eorpach Nuálaíochta, atá ar fáil chun tacú le tograí uaillmhianacha ar thús cadhnaíochta.

Leathnú idirnáisiúnta

Is féidir le mo ghnólacht earraí nó táirgí a thairiscint d’aon tír eile san Aontas gan a bheith lonnaithe sa tír sin. Níl ag teastáil ach mo ghnólacht a bheith lonnaithe sa tír ina bhfuil cónaí orm.

589,000

Líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a mheastar a thairbheoidh ó theacht feabhsaithe ar airgeadas ag éirí as an gCiste Eorpach um Infheistíochtaí Straitéiseacha, croí-eilimint Phlean Juncker.


1

3

2

4

1 MARGADH AMHÁIN, FÉIDEARTHACHTAÍ GAN TEORAINN

Cad a dhéanfaidh mé má theastaíonn uaim siopa bearbóra a oscailt sa Bheilg, nó oibriú mar chomhairleoir sa Chróit? Níl aon teorainn ó thaobh gnó a dhéanamh san Aontas Eorpach. Cuireann an Margadh Aonair ar mo chumas mo tháirgí nó seirbhísí a thairiscint do bhreis is 500 milliún custaiméir. Is féidir le hearraí, daoine agus caipiteal bogadh gan srian idir tíortha, ionas gur féidir liom m’uaillmhianta gnó a leanúint, cibé áit dá dtugann siad mé.

2 CISTIÚ A AIMSIÚ

Ní gá dom gach pingin atá agam a chaitheamh le gnólacht a bhunú. Má tá smaoineamh maith agam, is féidir go dtabharfaidh an tAontas Eorpach an tacaíocht airgeadais riachtanach dom trí raon leathan tionscnamh áitiúil, réig­ iúnach agus náisiúnta. Cibé an bhfuil gnólacht nua á bhunú agam, nó gnólacht á fhorbairt agam, is féidir liom iarratas a chur isteach le cabhair a fháil i bhfoirm iasachtaí, micrea-airgeadais, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontraíochta arna dtacú ag an Aontas Eorpach.

3 LEIDEANNA CABHRACH

Cá bhfaighinn comhairle stuama? Is féidir leis an Líonra Fiontar Eorpach, an líonra is mó ar domhan do ghnó­ lachtaí beaga agus meánmhéide a bhfuil uaillmhianacha idirnáisiúnta acu, mé a phéireáil le saineolaí cleachtach a thuigfidh mo shamhail ghnó. Is féidir leis an saineolaí sin plean gníomhaíochta a chruthú agus cabhrú liom dul i ngleic leis an uile rud ó chúrsaí airgeadais go maoin intleachtúil. Is féidir go bhfaighidh mé cabhair freisin chun comhpháirtithe idirnáisiúnta a aimsiú chun mo ghnó a mhéadú thar lear.

4 FAIGH BUNTÁISTE ÓN TÚS

Tá rudaí le foghlaim agam ó na gairmithe. Má bhunaigh mé mo ghnólacht féin le déanaí, nó má tá sé beartaithe agam é sin a dhéanamh go luath, ansin táim cáilithe chun oiliúint ar an láthair oibre a fháil le gnólacht beag seanbhunaithe áit ar bith san Aontas. Tabharfaidh an

5

scéim Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga taithí ar mhargaí Eorpacha eile dom, rud a chabhróidh le fás suntasach ar m’fhiontar nua.

5 TINNEAS CINN RIARACHÁIN?

Ní bheidh, agus mo ghnólacht á clárú agam i dtír de chuid an Aontais: is féidir an próiseas seo a dhéanamh ar líne. Rud eile de, spreagann an tAontas tíortha chun gnólachtaí cosúil le mo cheannsa a chlárú laistigh de thrí lá ar chostas níos lú ná €100. Déanann an tAontas iarracht tríd an Acht um Ghnólachtaí Beaga cúrsaí fiontraíochta san Eoraip a fheabhsú, an timpeallacht rialaithe agus beartais do ghnólachtaí beaga a shimpliú, agus deireadh a chur leis na príomhbhaic ar fhorbairt gnólachtaí. Mar sin, gan aon ualach páipéir le bheith buartha faoi, beidh sé furasta agus simplí mo ghnó­ lacht a bhunú.

EOLAS BREISE

http://europa.eu/youreurope/business/ index_en.htm 31


MO CHEARTA OIBRE. MO SHAOL. Laethanta saoire agus saoire mháithreachais ar íocaíocht agus buntáistí eile nuair a oibríonn tú san Aontas Eorpach.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Innealtóir, cúntóir miondíola, ollamh, altra nó pluiméir: is cuma conas a shaothraím mo chuid, má oibríonn san Aontas, tá teideal agam ar chaitheamh cothrom. Tá mo chearta – amhail ceithre seachtaine de shaoire ar íocaíocht nó sochair shlándála sóisialta má chaillim mo phost mar fhostaí – go léir leagtha amach sa Chairt Eorpach um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha agus sa Cholún Eorpach um Chearta Sóisialta. Cabhraíonn an chosaint a thugann an tAontas Eorpach liom aon rud a tharlaíonn gan choinne i mo shaol oibre a bhainistiú.

32

245.8 milliún

Líon na ndaoine idir 15 agus 74 bliain d’aois atá ag obair nó ag cuardach oibre san Aontas.

48

Uaslíon na n-uaireanta an chloig oibre ar féidir le hoibrí a dhéanamh san Aontas in aon tréimhse 7 lá.

70

Líon na míreanna reachtaíochta Aontais a chosnaíonn cearta oibrithe.

4 seachtaine

An íostréimhse saoire íoctha a ráthaítear do gach oibrí sa bhliain.

19.1%

An meánmhéid den olltáirgeacht intíre (OTI) a caitheadh ar chosaint shóisialta, amhail saoire tuismitheora nó pá breoiteachta, san Aontas in 2016.


1

3

5

2

4

6

1 SOS AGUS SCÍTH

Bíonn am saor de dhíth orainn uile ó am go chéile. Is cuma an mian liom mo lae­ thanta saoire a chaitheamh ag fánaíocht tríd an bhForaois Dhubh, nó do mo ghrianadh féin i Liospóin, nó díreach ag baint taitnimh as leabhar ag an mbaile, mar fhostaí san Aontas Eorpach táim i dteideal ceithre seachtaine ar a laghad de laethanta saoire ar íocaíocht. Níl fúmsa ach an rogha a dhéanamh faoin tslí a n-úsáidfidh mé iad!

2 AG OBAIR ÓNA NAOI GO DTÍ A CÚIG

Caithim an-chuid ama ag an obair, mar sin cuireann an tAontas Eorpach de cheangal ar m’fhostóir mo chearta a urramú mar chúiteamh. Ní mór dóibh pá cothrom a íoc liom, dálaí sábháilte cuibhiúla oibre a chur ar fáil dom, agus ní ceadmhach dóibh iarraidh orm níos mó ná 48 uair an chloig a oibriú in aon tréimhse 7 lá. Tá ceart agam ar thim­ peallacht thaitneamhach oibre, nach bhfágfaidh spíonta mé.

3 IS DUAL DO THIMPISTÍ A BHEITH ANN

Cuid den saol is ea rudaí ag teacht aniar aduaidh orainn. Géag bhriste? Breoiteacht thobann? As obair? Is cuma cén mí-ádh atá orm, mar shaoránach den

Aontas Eorpach táim i dteideal cosaint shóisialta ar nós pá breoiteachta nó sochair dhífhostaíochta. Tá líontáin shábh­ ála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun cabhrú liom sna tréimhsí deacra, fiú má bhíonn cónaí orm i dtír eile den Aontas.

4 COMHIONANNAS RIACHTANACH

An dóigh leat go bhfuil sé éagórach má éiríonn le comhghleacaí arduithe céime a fháil díreach toisc gur bean í nó fear é? Sin a cheapann an tAontas Eorpach, leis. Tá an tAontas ag súil lecomhdheiseanna do mhná agus d’fhir i ngach gnólacht. Tá an ceart ag mná agus fir araon ar phá comhionann d’obair chomhionann.

5 TÁ TÁBHACHT LE CÚRSAÍ TEAGHLAIGH

Post lánaimseartha is ea é a bheith i mo thuismitheoir, ach caithfidh mé cúram a dhéanamh de mo ghairm, leis. Ba mhaith liom an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir mo shaol oibre agus mo shaol pearsanta. Faoi dhlí an Aontais, tá mná agus fir i dteideal saoire thuismitheoireachta de cheithre mhí, agus tá mná torracha i dteideal saoire mháith­ reachais íoctha de 14 seachtaine ar a laghad. Agus ní hé sin an scéal ar fad: tá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhsuithe eile a dhéanamh ar an

gcothromaíocht idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh ionas gur áit shona shláintiúil oibre a bheidh san Eoraip.

6 AG FAIRE AMACH AR MO SHON

Bíonn rioscaí laethúla i gceist sa saol oibre, idir ríomhairí agus láithreáin tógála agus tuilleadh nach iad. Tá riachtanais sábháilteachta i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun go mbeimis slán sábh­ áilte ag an obair. D’fhéadfadh rud simplí a bheith i gceist, amhail hata crua a chaith­eamh nó féachaint chuige go ndéantar trealamh leictreach a thástáil, nó d’fhéadfadh cúrsaí oiliúna agus comhroinnt eolais a bheith i gceist. Slí amháin nó slí eile, ciallaíonn sé seo gur féidir liom mo chuid oibre a dhéanamh gan mé féin a chur i mbaol.

EOLAS BREISE

https://europa. eu/youreurope/ citizens/work/ index_en.htm 33


MO SHAOL LASMUIGH. MO SHAOL. Bain taitneamh as uisce glan, aer níos glaine agus nádúr faoi chosaint.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Cosnaíonn an tAontas mo thimpeallacht ina chuid dlíthe agus bíonn deis agam mo chion féin a dhéanamh san iarracht sin. Ráthaíonn an tAontas go bhfuil uisce óil sábháilte agam, go bhfuil na háiteanna is fearr liom don snámh, don chéaslóireacht nó don chadhcáil glan, agus déanann sé iarracht mhór a chinntiú gur aer úr amháin a bheas á análú agam. Trí Chlár Natura 2000, cothabhálann an tAontas thart ar 26,000 limistéar nádúrtha faoi chosaint, a chlúdaíonn aon chúigiú, nach mór, den Aontas – is mó é sin ná an Ghearmáin, an Pholainn agus Poblacht na Seice i dteannta a chéile.

34

500

Líon na speiceas d’éin fhiáine i mbaol atá faoi chosaint an Aontais Eorpaigh.

1,500

Líon na bplandaí agus na n-ainmhithe annamha agus i mbaol atá faoi chosaint an Aontais Eorpaigh.

85%

líon na láithreacha snámha san Aontas a bhfuil caighdeán an uisce thar barr, rud is ionann agus méadú de 7% ar 2011.

Casadh na taoide

A bhuíochas ar bheartais amhail MedFish4Ever – gealltanas 10 mbliana chun stoc éisc na Meánmhara a thabhairt slán – is ceann feadhna é an tAontas Eorpach sa troid in aghaidh na ró-iascaireachta, agus tá méadú tagtha ar líon speiceas áirithe, an tuinnín gorm, mar shampla, dá bharr.


3

1

1 ATHRÚ AR AN AER

Tá dlíthe AE ag cur crua ar thruaillitheoirí aeir chun beatha mhuintir na hEorpa a shábháil agus a sláinte a fheabhsú. Níor thóg sé ach dhá scór bliain chun astaíochtaí de dhé-ocsaíd sulfair, an phríomhchúis le báisteach aigéadach, a laghdú de 80% nach mór.

2 GACH AON BHRAON

Dála formhór mhuintir na hEorpa, níl aon fhadhb agam chomh fada agus a bhaineann sé le huisce glan. Ní mór go caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh i gcás an uisce a ólaimid, agus é a bheith glan ó mhiocrorgánaigh, seadáin agus substaintí dochracha.

3 RÍOCHT NA NAINMHITHE

Ní muidne an t-aon dream arb í an Eoraip a bhaile. Tá na mílte créatúr anseo linn, ón rón manaigh Meánmhuirí go dtí an cúr rua – agus tá ár gcosaint de dhíth ar mhórchuid speiceas. Cumh­ daíonn Natura 2000 18% de thalamh an Aontais agus 6% nach mór dá aibh­ neacha, farraigí agus aigéan, agus is é an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint é. Cuireann sé tearmann ar fáil do na speicis agus do na gnáthóga is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt san Eoraip.

2

4

4 TUM ISTEACH ANN

Loch, abhainn nó farraige: Tá cead snámha agam áit ar bith san Eoraip, agus is féidir liom a bheith socair go bhfuil áiteanna snámha na hEorpa níos sábháilte agus níos glaine ná riamh, a bhuí ar Treoir an Aontais maidir le ­hUisce Snámha. Inniu, tá os cionn 96% de láithreacha snámha ag cloí leis na híoschaighdeáin riachtanacha, mar sin níl le déanamh agamsa ach breith ar mo chlár céaslóireachta agus mo scíth a ligean cibé áit is mian liom. Caithim mo bhruscar uaim go cúramach nó tugaim abhaile é ionas nach mbeidh bruscar gránna muirí ag déanamh dochair do na haigéin. Tá 150 milliún tonna de dhramhaíl phlaisteach san aigéan cheana féin agus táim dearfach nach mian liom cur leis!

EOLAS BREISE

http://ec.europa.eu/ environment/basics/ home_ga.htm 35


MO PHLÁINÉAD. MO SHAOL.

Déan difear sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Tá an tAontas chun tosaigh ar fud an domhain sa chomh­rac in aghaidh an athraithe aeráide. Tá cur chuige ardaidhmeannach aige i leith chosaint an phláinéid bunaithe ar a ghealltanas go gcomh­ líonfar na spriocanna a socraíodh i gComhaontú Pháras. Ceanglaíonn rialacháin an Aontais ar thíortha infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh in-athnuaite, agus ní mór do dhéantúsóirí carranna san Eoraip beart suntasach a dhéanamh chun astaíochtaí a gcuid carranna agus veaineanna a laghdú chun dlí AE a cho­ mhlíonadh. Ach tá an tAontas ag gníomhú i mo bhaile féin, leis – trí nua-theicneolaiochtaí agus córacha iompair atá neamh­ dhíobhálach don tim­ peallacht a mhaoiniú, agus pobail áitiúla a ullmhú d’iarmhairtí an athraithe aeráide, i measc nithe eile.

36

17%

an méid fuinnimh san Aontas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite – a dhá oiread an aschuir in 2004.

175 Mtoe

(milliún tonna de choibhéis ola) a d’fhéadfaí a spáráil trí éiceadhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh faoi 2020 – méid is ionann leis an méid fuinnimh a ídítear gach bliain san Iodáil.

2014

40%

An bhliain a shroich an tAontas Méid na n-astaíochtaí CO2 Eorpach a sprioc 2020 maidir a thagann ó fhoirgnimh. le hastaíochtaí gáis cheaptha Is beag é cion na gcóracha teasa a laghdú 20%. Anuas air sin, taistil i gcomparáid leo. féachfaidh an tAontas Eorpach le hastaíochtaí a laghdú 40% faoi 2030, agus gheall ceannairí an Aontais astaíochtaí a ísliú go mór idir 80%-95% faoi 2050.

70%

An laghdú ar phraghas na bpainéal gréine le seacht mbliana anuas. Rud eile de, san Aontas a suiteáladh 70% de na painéil ghréine 100GW a suiteáladh ar fud an domhain in 2011.

Fuaraigh

Is féidir le méadú 10% ar líon na n-áiteanna glasa i gcathair an teocht a laghdú de 3-4%, agus an t-éileamh ar aerchóiriú a laghdú dá bharr.


3

1

5

2

1 SA LÁNA MEARTHRÁCHTA

Cuir aer sna boinn rothair, beir ar an bpas bus, agus aimsigh an stáisiún meitreo is gaire duit; tá €2.7 billiún á infheistiú ag an Aontas Eorpach i dtionscadail inbhuan­ aithe agus digitithe iompair phoiblí, ar nós tramanna leictreacha agus taighde ar bhreoslaí malartacha. Is cuma cén cóir iompair a roghnaím, is féidir liom dul ó A go B agus an tionchar is ísle is féidir a bheith aige sin ar an timpeallacht.

2 LAGHDÚ AN CHARBÓIN

An bhfuil cabhair uait chun an lorg car­ bóin a laghdú? Tá airgead á infheistiú ag an Aontas Eorpach i dtaighde ar conas an méid carbóin a astaímid uile a laghdú. Gach bliain caitear 20% de bhuiséad iomlán an Aontais – sin €180 billiún – ar thacaíocht do thionscadail aeráide. Tá raon tionscad­al ann, ó thástálacha níos iontaofa astaí­ ochtaí do charranna nua, go féachaint chuige go dtáirgfidh gach foirgneamh nua, faoin mbliain 2020, fuinneamh is ionann agus an méid a ídíonn sé.

3 ATHLUCHTAIGH AGUS AR AGHAIDH LEAT

Réidh chun slán a fhágáil le carranna peitril agus díosail agus feithicil leictreach a cheannach? Tá 120,000 pointe lucht­ alaithe nach mór san Aontas Eorpach, mar sin is féidir liom mo chadhnra

4

a choimeád lán go béal. Tá €41.8 milliún eile infheistithe ag an Aontas Eorpach sa tionscnamh Green eMotion. Trí dhul i gcomhar le déantúsóirí, ollscoileanna, lucht tionscail agus daoine eile nach iad, spreagtar daoine chun feithiclí leictreacha a cheannach, rud a dhéanann sráideanna na cathrach agamsa níos glaine agus níos tíosaí ar fhuinneamh.

4 MAIREACHTÁIL GHLAS

Ach athruithe beaga a dhéanamh ar mo stíl mhaireachtála, is féidir liom difear mór a dhéanamh. Rudaí chomh beag le solas a mhúchadh nuair a fhágaim an seomra, nó cuirtíní níos tibhe a cheannach leis an teach a choimeád teolaí, sin atá i gceist agam. D’fhéadfainn leas a bhaint as córas lipéadaithe fuinnimh an Aontais maidir le gléasanna teaghlaigh, a chabhródh liom oigheann leictreach A+ a roghnú, in ionad oigheann D, rogha a spárálfadh suas le €230 orm ar chostais fuinnimh.

5 RÉABHLÓID NA NIN-ATHNUAITEÁN

An bhfuil fonn ort dul níos faide ná soilse a mhúchadh agus iompar poiblí a úsáid? Smaoinigh ar phainéil gréine dín nó tuir­

6

bín gaoithe a shuiteáil – laghdóidís mo lorg carbóin agus an bille fuinnimh araon. Tá i gceist ag an Aontas Eorpach 27% ar a laghad d’fhuinneamh an Aontais a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030. Agus tá €40 billiún, creid é nó ná creid, á infheistiú aige chun tacú leis an ngeilleagar ísealcharbóin. Mar sin tá an chuma air go mbeidh saol geal inbhuan­ aithe agam! Is féidir m’fhón a luchtú, fiú, ó mionphainéil ghréine, mar sin má tá grian ann, beidh féinín ann.

6 OIRIÚNÚ DON AM ATÁ AG TEACHT

Buartha faoi adhaimsir agus faoin treocht in airde ar leibhéal na farraige? Tá an tAontas Eorpach ag neartú pobal in aghaidh iarmhairtí an athraithe aeráide trí limistéir fhliucha agus ghlasa a chur ar ais chun feidhmiú mar bhacainní nádúrtha in aghaidh an treocht in airde ar leibhéal na farraige, agus spásanna glasa a fhorbairt i bpobail mar leigheas ar thruailliú aeir agus tonnta teasa. Tá siad ag aimsiú slite chun caomhnú uisce a fheabhsú, fiú – ar smaoinigh tú ar umar cóireála a shuiteáil ionas gur féidir uisce ón doirteal agus ón gcithfholcadán a athúsáid chun an leithreas a shruthlú?

EOLAS BREISE

https://ec.europa.eu/clima/citizens/tips_ga 37


M'INBHUANAITHEACHT. MO SHAOL. Athchúrsáil, athúsáid, deisigh, agus ná lig don phlaisteach dul isteach sna farraigí againn.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Tá an tAontas ag athrú ó shochaí „caith uait é”, ina gcuirtear acmhainní nádúrtha amú, agus a chuireann leis an athrú aeráide, le dul i dtreo geilleagar glas inbhuanaithe ciorclach. Faoi rialacha an Aontais, ceanglaítear anois ar chuideachtaí táirgí a dhearadh a mhairfidh níos faide agus ar fusa iad a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Táthar tar éis spriocanna uaillmhianacha laghdú dramhaíola agus athchúrsála a shocrú, agus tugtar tús áite do shlite a aimsiú inar féidir dramhaíl thionsclaíoch a thiontú go hamhábhar do dhream éigin eile.

38

480 kg

Meáchan na dramhaíola cathrach a ghintear gach bliain san Aontas Eorpach, in aghaidh an duine – tuairim an meáchan céanna agus béar liath!

4.2 mhilliún

Líon na ndaoine san Aontas atá ag obair faoi láthair in éicithionscadail nó i bpoist ghlasa – seo earnáil atá tar éis fás i bhfad níos tapa ná aon chuid eile den gheilleagar ó 2000.

47%

An méid den dramhaíl chathrach a ndearnadh athchúrsáil nó múiríniú uirthi in 2016 – 30% de mhéadú ó 1995 i leith.

€500 sa bhliain

An méid a d’fhéadfadh gach teaghlach a shábháil ach dramhaíl bhia a laghdú.

59%

An céatadán de dhramhaíl phlaisteach a thagann go díreach ó phacáistiú.


1

3

2

4

1 ATHSMAOINEAMH AR PHLAISTEACH

Nuair a chaithim uaim mo mhála ceap­ aire, an bosca ina raibh mo shailéad nó an buidéal uisce folamh tar éis lóin, ní imíonn siad as radharc – déantar dramh­ aíl díobh. An plaisteach a chaithim uaim gan smaoineamh air níos mó, déanann sé a bhealach isteach san aigéan agus milleann sé an bheatha mhuirí. Agus an rud a théann isteach san fharraige, faigh­ tear ar an bpláta é ar deireadh. D’fhéad­ fadh plaisteach a bheith i bputóga 30% de na héisc a cheannaím. Tá tréaniarracht á déanamh ag an Aontas Eorpach chun an méid plaistigh a chaitear i leataobh a laghdú, é a choimeád amach as na haigéin, agus gach pacáistiú ­plais­teach a dhéanamh in-athchúrsáilte faoi 2030.

2 ATHCHÚRSÁIL, ATHÚSÁID, ATHDHÉAN

Smaoinigh go cúramach sula gcaitheann tú amach gléasanna teaghlaigh atá ag obair fós – chun go mbeimis níos inbhuan­ aithe, ní mór dúinn an dearcadh atá againn i leith rudaí a athúsáid a athrú. Trí mo tháirgí a dhéanamh níos éifeachtaí trí rialacháin áirithe éicidhearthóireachta, tá an tAontas Eorpach ag cothú sochaí ina ndeartar nithe sa tslí go mairfidh siad i bhfad, gur féidir iad a dheisiú go

héasca, agus gur féidir iad a athchúrsáil nuair nach n-oibríonn siad níos mó. Mar sin, cuir greim sa chóta sin, deisigh an folúsghlantóir agus athchúrsáil an cuis­ neoir – is acmhainn mhórluachmhar é don gheilleagar againn, agus tá sé níos fearr don timpeallacht!

3 UAIMSE CHUGATSA

An cuimhin leat an uirlis chumhachta sin a cheannaigh mé na blianta ó shin? Níor úsáid mé é ach amháin le haghaidh dhá thionscadal Déan Féin É – b’fhéidir gurbh fhearr dom ceann a chomhroinnt? Cuid d’fheachtas an Aontais chun geilleagar ciorclach a bhaint amach is ea é saor­án­ aigh a spreagadh le bheith cliste maidir lena sealúchas a choimeád agus a ath­ úsáid. Tá siopaí iasachta, caiféanna don deisiú agus buítíceanna athchúrsála le fáil anois ar fud an Aontais, rud a spreag­ ann muid chun táirgí a úsáid agus a ath­ úsáid ar shlí ghlas chruthaitheach, nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht.

4 BAINISTÍOCHT MIOTAIL

Is cuma an teilifíseán nó ríomhaire glúine briste atá i gceist, is iomaí gléas leic­treach is fiú a athchúrsáil ­– is féidir na miotail lómhara atá iontu a athúsáid. Tá an tAontas Eorpach ag féachaint chuige go mbaintear na miotail lómhara seo ar an tslí cheart, chun teorainn a chur le dram­

5

haíl agus athúsáid a bhaint as seanmhéarchláir agus seinnteoirí briste DVD. Mar sin an chéad uair eile a stopfaidh mo thóstaer de bheith ag obair, beidh mé in ann cabhrú chun acmhainní nádúrtha luachmhara an phláinéid a chosaint trína athchúrsáil.

5 CAIGHDEÁIN A ARDÚ

Ní mór dúinn ar fad ár gcion a dhéanamh ar son na timpeallachta – an tAontas Eorpach san áireamh. Mar thoradh díreach ar reachtaíocht AE, tá cónaí orm i sochaí ina bhfuil na straitéisí bainistithe dramhaíola á bhfeabhsú de shíor. Tá láithreáin líonta talún nach gcomhlíonann caighdeáin AE á ndúnadh, tá foirgnimh phoiblí níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh as a leanann laghdú ar an méid breoslaí iontaise atá á ndó, agus athchúrsáiltear níos mó dramhaíola anois ná riamh cheana. Anuas ar sin, chabhraigh infheist­ íocht ón Aontas chun 7 milliún duine a cheangal le saoráidí nua nó saoráidí feabhsaithe cóireála fuíolluisce.

EOLAS BREISE

http://ec.europa. eu/environment/ circular-economy/ index_en.htm 39


MY BHIA. MO SHAOL.

Taitneamh a bhaint as bia sláintiúil, sábháilte, inacmhainne.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

Bíonn blas níos deise ar bhia a tháirgtear ar shlí chothrom shábháilte. Cinntítear trí bheartais feirme, chomhshaoil agus sábháilteachta bia an Aontais go ndéantar táirgí bia a fhás i dtimpeallacht shláintiúil rialaithe agus go léirítear meas ar fheirmeoirí agus ar thraidisiúin áitiúla. Tá dian-nósanna imeachta i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun mo bhia a chosaint agus é ar an mbealach chugam ón bhfeirm, trí phróiseálaithe, lucht pacáistithe agus ollmhargaí. Caitheann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia súil ghéar ar an rioscaí a bhaineann le bia, ionas gur féidir liom suí siar agus sult a bhaint as an mbia ar an mbord.

40

44 mhilliún

Líon na ndaoine atá fostaithe i dtionscal agraibhia an Aontais.

3,500

Neaslíon na dtáirgí atá cláraithe faoi scéimeanna éagsúla cáilíochta an Aontais. Bí ag faire amach do thrí cinn de lógónna ar an lipéadú: PDO (Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint), PGI (Tásc Geografach faoi Chosaint) agus TSG (Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht).

11%

An méid a chaitheann an gnáth-theaghlach ar bhia – a leath oiread is a chaití in 1962.

Nialas

Níor úsáideadh aon spreagthóirí antaibheathacha fáis i mbia ainmhithe ó tháinig an toirmeasc i bhfeidhm in 2006.


1

3

2

1 BIA IONTAOFA

Cibé an é an toradh is ansa liom, earraí grósaera na seachtaine, nó an béile bia­ lainne a d’ordaigh mé aréir, ba mhaith liom a bheith cinnte go bhfuil mo bhia sábh­ áilte le hithe agus nach ndéanfaidh sé dochar don timpeallacht. Ón bhfeirm go dtí an forc, cabhraíonn rialacha an Aontais le feirmeoirí, déantúsóirí agus ollmhargaí ardchaighdeán sábh­áilteachta a chinntiú do gach táirge bia. Ciallaíonn an méid sin gur féidir liom taitneamh a bhaint as na béilí is ansa liom.

2 BLAS DEN EORAIP

Cáis Feta na Gréige, Kiełbasa lisiecka na Polainne, Manchego na Spáinne, Blaa na hÉireann; níl rud ar bith inchur­ tha le fíorbhia réigiúnach. Ach cá bhfios dom gurb é an fíorbhia é? Ciallaíonn lipéad PDO (Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) an Aontais go gcaithfidh sainbhianna den sórt sin teacht ón gceantar a luaitear go cáiliúil leo, agus go dtáirgtear de réir phróisis fhorord­ aithe agus faoi réir dianrialuithe iad.

4

3 CAD TÁ ANN?

Abraimis go bhfuil ailléirge orm le pis­ eanna talún, mar shampla, agus nach mór dom mo dhinneár a sheiceáil le haghaidh rian de chnónna? Chun fáil amach cad go díreach atá sa bhia ar mo phláta, is féidir liom iontaoibh a bheith agam as na lipéid atá ar aon bhia a chean­ naím san Aontas Eorpach. Inseoidh siad dom go cruinn cá mhéad salainn, siúcra, próitéine agus fuinnimh (saill agus carbai­ hiodráit) atá sa mhír i dtrácht agus cad iad na hailléirginí atá ann. I gcás táirgí orgánacha, seans go mbeidh eolas ar na lipéid faoin tslí ar táirgeadh an bia, fiú.

5

5 SEAS LE D'FHOCAL

Ar chóir dom a bheith buartha go bhfuil na maímh shláinte ar mo iógart ag dul thar fóir beagán? Níor chóir. San Aontas, déanann eolaithe ó na Ballstáit gach maíomh a athbhreithniú agus a cheadú – más ceart. An cuspóir atá leis ná a bheith cinnte go mbíonn gach maíomh ar an lipéad bailí. Mar sin, má tá bia uaim a chabhróidh liom mo leibhéal colais­ téaróil a rialú, is féidir liom iontaoibh a bheith agam as an méid a deirtear ar an bpacáistiú.

4 MEARFHREAGAIRT

Má bhraitear guais sláinte i mbia (sal­ mon­ella i bhfeoil, mar shampla), gníomh­ aítear Córas Mear-rabhaidh an Aontais (RASFF) láithreach chun é a bhaint den mhargadh. Tá raon beartas Aontais tar éis líon na ráigeanna salmonella a laghdú de leath, nach mór, ó 2010 i leith – a bhuí­ ochas ar iarracht chomhordaithe chun sábháilteacht bia san Aontas a fheabhsú.

EOLAS BREISE

https://ec.europa.eu/food/overview_en 41


MO THEICNEOLAÍOCHT. MO SHAOL. Tugann taighde a mhaoiníonn an tAontas buntáistí domsa, do mo mhuintir agus don phláinéad.

An tslí a n-oibríonn sé

#EUANDME

An spéis a chuirim i dteicneolaíocht úrscothach a dhéanann an saol níos cliste agus níos inbhuanaithe orainn. Is é Horizon 2020 clár taighde agus forbartha an Aontais, trína n-infheistítear €77 billiún i dteicneolaíocht nuálach chliste idir 2014 agus 2020. Tá €30 billiún curtha i leataobh chun tionscadail a mhaoiniú sa chéad dá bhliain eile amháin. Is dúshláin mhóra iad ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú, acmhainní reatha a athúsáid, agus sochaí dhigiteach a thógáil, agus de bhrí gur saoránach Eorpach mé, táim féin páirteach sa tóraíocht ar réitigh.

42

€77 billiún

Buiséad iomlán Fhís 2020, clár taighde agus forbartha an Aontais.

110 000+

líon na dtaighdeoirí agus eolaithe a fuair tacaíocht ón gclár Gníomhartha Marie Skłodowska-Curie le scór bliain anuas, ar bhuaigh naonúr díobh Duaiseanna Nobel.

115 235

Iarradh cistiú ar son 115,235 tionscadal féideartha ar Horizon 2020 idir 2014 agus 2016.

80 billiún

Buiséad iomlán Chistí an Chomhchreata Straitéisigh le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta 2014-2020.

Buaiteoirí duaise

D’oibrigh beirt a bhuaigh Duais Nobel 2017 sa cheimic ar thionscadail a fuair cistiú ón Aontas Eorpach, ar nós teicneolaíochtaí leictreonmhicreascóipe a fhorbairt.

350,000

Líon na bpostanna nua a mheastar a chruthófar faoi 2020 de bharr speisialtóireacht chliste, tionscnamh a dhíríonn ar bhuntáistí iomaíocha na réigiún aonair agus a thacaíonn leo.


1

3

2

4

1 AN TIONAD CINN

Dúisigh an t-inneall: Ba mhaith liom go mbeadh mo phobal chun tosaigh i dteicneolaíocht iompair. Ó fheithiclí gan tiománaithe go breoslaí malartacha, tá an tAontas Eorpach ag infheistiú airgid chun carranna a dhéanamh níos glaise agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Áir­ítear ar sin deireadh a chur le tranglaim thráchta trí chóireagrafaíocht a dhéanamh ar charranna gan tiománaí, amach go dtí bóithre a dhearadh a luchtóidh m’fheithicil leictreach fad a bhím ag fanacht ag solas dearg.

2 DRAMHAÍL A LAGHDÚ

Conas is féidir leas níos mó a bhaint as méid níos lú? De bhrí go bhfuil an daonra ag fás, agus teorainn le hacmhainní nádúrtha, is den riachtanas é go ­ n-aimseoimis slite chun na hacmhainní atá againn a athúsáid. Tá an tAontas Eorpach á dhéanamh trí infheistiú i dtionscadail a bhaineann leas as fuíollábhair. Smaoinigh ar theicneol­ aíocht a dhéanann dúch de dhríodar caife, mar shampla. Bíonn blas níos deise ar mo espresso maidine nuair is eol dom go bhfuilim ag cabhrú leis an timpeallacht.

3 NA HAICEÁLAITHE A BHACADH

Ó na callairí atá Wi-Fi-chumasaithe agus consóil chluichí, chuig citeal is féidir liom a chasadh air ó m’fhón cliste, ní miste a rá go bhfuil na rudaí atá i mo theach ar líne go deimhin. Ach le gach gléas cliste dá gceanglaím, is mó an baol go mbrisfidh haiceálaí isteach i mo líonra baile. Mar sin, conas is féidir liom mé féin a chosaint? B’fhéidir gurb í teicneolaíocht an bhlocshlabhra an réiteach air sin. A bhuí le taighde a mhaoinigh an tAontas, beidh mo líonra slán ar chur isteach agus mo chuid sonraí slán sábháilte feasta.

5

5 A BHEITH CÚRAMACH

Admhaímis é – is cuid den saol iad galar agus breoiteacht. Ach ní hionann sin is a rá nach féidir iad a chloí. Tá na billiúin euro á n-infheistiú ag an Aontas Eorpach sa taighde chun leigheasanna úrscoth­ acha a aimsiú ar riochtaí sláinte a mbíonn tionchar díreach acu ormsa nó ar mo theaghlach, riochtaí ar nós ailse. Is suaimhneas intinne dom é go bhfuil taighde ar thús cadhnaíochta ar siúl le cóireálacha nua agus leigheasanna a aimsiú domsa agus do dhaoine atá muinteartha liom.

4 LÁMH CHÚNTA

Deirtear gur i bpacáistí beaga a fhaigh­ tear na rudaí is fearr, agus i gcás na nanaitheicneolaíochtaí, is amhlaidh atá. D’infheistigh an tAontas €1.8 billiún idir 2018 agus 2020 chun teicneolaíocht mhicreascópach shábháilte a fhorbairt. Ainneoin a bheith chomh bídeach le hadamh, is féidir léi cabhrú liom gach lá – idir í a bheith fite fuaite le héadaí chun riochtaí íogaire craicinn a mhaolú, nó gabháil trí mo shruth fola chun drugaí a thabhairt go láthair siada.

EOLAS BREISE

https://ec.europa. eu/programmes/ horizon2020/ 43


Bíonn sainspéis agus paisean ag gach duine: ó chúrsaí oiliúna go cúrsaí taistil, ó scimeáil ar an idirlíon go tarrtháil an domhain mhóir. Nuair a chónaíonn tú san Aontas Eorpach bíonn deiseanna as cuimse agat an rud is ansa leat a dhéanamh – is cuma cad a leanfaidh as. Is féidir le reachtaíocht agus tionscnaimh an Aontais cabhrú leat an gealladh atá fút a fhíorú agus d’inspioráid a spreagadh, ionas go mbeidh na huirlisí agat chun do phaisean a leanúint.

An mian leat deiseanna eile a bheith agat? Bhuel, is fútsa agus faoin Aontas atá sé. Gheobhaidh tú amach in Lámhleabhar #EUandME Faigh amach an méid a dhéanann an AE ar do shon gach is gá a bheith ar eolas agat faoin méid a dhéanann an AE chun do shaol a dhéanamh níos sona, níos sláintiúla agus níos corraithí. Tá raon staitisticí agus fíricí dochreidte faoi thrácht againn, léigh ar aghaidh chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na rudaí ar fad a bhfuil teideal agat orthu mar shaoránach den Aontas Eorpach.

AN tAONTAS EORPACH

europa.eu/euandme


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.