NÓS 40 - Nollaig/Eanáir 2014

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

lonnaíochtaí nua sextáil mé leann ar aghaidh

An t-aon slí chun an teanga a shábháil?

Ar thóir an ghrá sa lá inniu

Fás na mionghrúdaireachta

noll aig / eanáir 2014 | eag. 40

madiba Cath i gcoinne cinedheighilte fós ar siúl

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

buíochas agus ceiliúradh Thuas seal, thíos seal. Sin mar a bhí 2013 do na Gaeil ar go leor bealaí. Ag tús na bliana druideadh an t-aon nuachtán clóite ar leith a bhí againn, lean ionsaithe ar phobal na teanga sna meáin Bhéarla agus ansin léiríodh faillí an rialtais go soiléir dúinn le héirí as an Choimisinéara Teanga. Tá ábhar dóchais ann mar sin féin. Tháinig méadú arís eile ar an Ghaelscolaíocht ar bhonn náisiúnta, tharraing leithéidí f híseáin Choláiste Lurgan tuilleadh airde ar an Ghaeilge sa bhaile agus thar sáile agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh suíomh cuimsitheach nuachta againn go luath faoi dheireadh thiar. Bliain dhúshlánach ach dhearfach a bhí ann dúinne anseo in oifigí NÓS chomh maith. D'fhoilsigh muid sraith d'irisí ardchaighdeáin a mheall tuilleadh spéise agus léitheoirí le linn na bliana,

d'éirigh linn dul isteach i siopaí Eason ar fud na tíre, agus ag tús mhí na Nollag bronnadh an gradam iomráiteach ‘Best Design Team of the Year’ ar NÓS ag na Irish Magazine Awards. Seo an chéad uair riamh ar bhuaigh foilseachán Gaeilge duais ag na príomhghradaim d'earnáil irisí na hÉireann agus tháinig muid amach chun tosaigh ar iomaíocht ghéar i rannóg ina raibh Hot Press, Irish Tatler, Image Interiors and Living, Confetti agus iris Aer Lingus, Cara. Ní f héadfadh muid an dul chun cinn seo a dhéanamh gan na rannpháirtithe cumasacha díograiseacha a chuidíonn linn go leanúnach agus ar ndóigh gan an tacaíocht den scoth uaibhse, léitheoirí agus síntiúsóirí in Éirinn agus thar lear. Gabhaim buíochas ó chroí libh mar sin agus tá súil agam go mbeidh sibh in éineacht linn don turas tríd 2014.

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Órla Nic Ruairí, Sinéad Ní Uallacháin, Ciarán Dunbar, Elena Ortega, Ciarán Ó Brolcháin, Seán Mac Risteaird, Eoghan Ó Loideáin, Maitiú de Hál, Hugh Corcoran, Babak Fakhamzadeh (Grianghraf Clúdaigh), José Manuel Ríos Valiente, Frederic Poirot, Silvia Sala, Bachmont, Ojie Paloma

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

SAOL

Léirmheasanna Ag Teacht Aníos

6 10

scáileán 12 Years a Slave

14

Dearadh

Leabhair I'r Gad 16

Gníomhaíochas Mandela Feimineachas inniu Hello Sunday Morning Fís - Gaelphobail Úra Pobal ALDT agus spórt

Ar thóir an ghrá 40 Séamas ar an Teilifís 42 Achrann Aclaíochta 48 Leann leat! 52 Féasta na mBard 54

22 26 28 34 38

Lumiere Ealaíontóir sa Spotsolas – Mossie

56 58


*

6 nós

Ceol

ceol

Peru Maravilloso - Vintage Latin, Tropical & Cumbia Tiger's Milk

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cad é seo go díreach? D'fhág Paddington Bear slán le Peiriú (agus Aunt Lucy) sa bhliain 1958. Is dócha nár thuig sé go raibh an tréimhse iontach saibhir do cheol Pheiriú díreach timpeall an chúinne (cé, is fíor, go raibh rudaí móra ar tí tarlúint i Sasana

freisin). Pé rud é, is trua nár chaith Paddington cúpla ceirnín isteach ina chás taistil leis na ceapairí marmaláide mar léiriú do mhuintir na hEorpa ar an scoth-cheol a bhí á fhorbairt ag ceoltóirí Peiriúcha trasna an Atlantaigh. Tiomsaithe ag Duncan Ballantyne, Martin Morales agus Andres Tapia, is stracfhéachaint iontach é 'Peru Maravilloso' ar an gceol a bhí á chur amach ag lipéid Pheiriúch mar Iempsa, Sono Radio, FTA agus Infopesa sna 60í agus sna 70í. Rogha thar a bheith fairsing é; cé go dtugtar an t-aitheantas cuí do stíleanna mar cumbia, guaracha agus chicha tá blas ceolta mar souljazz, snagcheol Cúbach agus rac-cheol sícideileach le sonrú chomh maith, gan trácht ar mhacallaí don gceol traidisiúnta Aindéiseach agus AfraiPheiriúch (criolla) a bhí ina gcuid fola ag na ceoltóirí a bhfuil le clos ar na taifeadaí seo. Tá jab iontach déanta ar athmháistriú na dtaifead ag Tiger's Milk

freisin - ní hamháin go bhfuil an ceol seo breá bríomhar insroichte, ach tá ramhras súmhar ag baint leis an bhfuaim. An bhfuil aon mhaith ann? Níl ach maitheas ann, ón 'Mambo de Machaguay' geal prásach le Lucho Neves y Su Oquestra a chuireann tús le himeachtaí go 'Los Fabulosos En Onda' le Aniceto y Sus Fabulosos mar chlabhsúr, port atá ar nós salsa-rac taifeadta ag barr na nAindéas ag The Shadows. Idir eatarthu déan iontas do surf-rumba ar mire Manzanita y Su Conjunto ('El Zambito Rumbero'), léamh sofaisticiúil snag-cheoil ceolfhoirneach Lucia de la Cruz ar an mhór-amhrán criolla 'Toro Mata', leagan cumbia Los Ecos de 'I Feel Fine' The Beatles nó souljazz luascach laidineach 'Sueno de Amor' le Zulu. Laigí? Cá raibh an ceol seo ar feadh mo shaoil ar fad? An breithiúnas? Me siento feliz!


*

Ceol

San Fermin - San Fermin Downtown

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Níl ach noiméad de chéadamhrán an début uaillmhianaigh seo caite agus tá Allen Tate ag canadh "there's a mob at the door, I hear them calling for my head". Fan soicind, a gharsúin, seo céad-radharc an scannáin agus tá an príomhcharachtar ceangailte leis na ráillí traenach le slabhra cheana féin - traein ag teacht ina threo ar luas. Níl aon aithne curtha againn

ort fós, agus is beag an t-ábhar buartha dúinn do bhás . Má tá laigeacht ag baint le 'San Fermin' ní ar na hamhránaithe atá an locht ach ar an stiúrthóir/léiritheoir, Ellis Ludwig-Leone. Díreach tar éis do Ludwig-Leone céim sa cheol clasaiceach a bhaint amach ag Yale, agus é i bpian an ghrá, thug sé a aghaidh ar thigín adhmaid sna sléibhte ar theorainn British Columbia agus Alberta chun 17 port 'San Fermin' a chumadh. Ceoldráma de cheirnín é, ní hamháin sa mhéid is go raibh amhráin 'San Fermin' ar fad scríofa dos na hamhránaithe roimh ré, ach sa tslí, freisin, go bhfuil úsáid bainte ag LudwigLeone as amhránaithe difriúla chun a mhothúcháin urchomhaireacha féin i dtaobh grá nár mhair a chur trasna. Baineann línte Allen Tate (fear le glór atá thar a bheith cosúil le baratón Matt Berninger as The National) le mothúcháin mhacánta Ludwig-Leone, glacann Jess Wolfe agus Holly Laessig as an ngrúpa Lucius seilbh ar na línte a bhainnean le

nós 7

mothúcháin neamhréasúnacha, searbha Ludwig-Leone. Cleas cliste é, ceann atá damanta éifeachtach i gcás díséad mar 'Oh Darling' agus 'Daedalus What We Lost'. Ach is ceirnin é 'San Fermin' atá ag éileamh an iomarca airde ón éisteoir chun go dtugfar gach a bhí i gceist ag Ludwig-Leone faoi ndeara. Bogann stíl an cheoil ó indie-rac an staidiam mhóir The National go popcheol aireagail leithéidí Julia Holter ar an toirt, agus as sin go folk ceolfhoirneach. Is maith ann iad mar faoiseamh, mar sin, píosaí idircheoil pianó ('At Sea', 'At Night True Love) Ludwig-Leone, mar bheadh tnáitheadh aigne ort tar éis neamhshocracht mhothúchánach na n-amhrán. Ní foláir a aithint go bhfuil cuid dos na hamhráin chéanna ('Sonsick', 'Crueler Kind') i measc na bport indie is cumhachtaí agus is corraithí a eisíodh le bliain anuas, ach fós ní saothar é 'San Fermin' gur furasta é a shlogadh siar d'aon ailp amháin.


*

8 nós

Ceol

Débruit & Alsarah - Aljawal Soundway

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

"That really was a new idea in music for me - that idea which you find in a lot of Arabic music - that instead of harmony being the way you create colour changes you do it with different mixes of instruments. So you would have a phrase which is then picked up by a whole orchestra, and then just one clarinet will play it, and then an oud will play it. This idea of creating colour by just changing the ingredients, not by changing the notes but by changing the mix, as it were." Brian Eno ar Al Jazeera, 2011.

Anois tá sé in am do rud éigin iomlán difriúil. Radharc é 'Aljawal' ar cheol traidisiúnta na Súdáine trí lionsa sonach an léiritheora Fhrancaigh Débruit agus an amhránaí agus eitniceoleolaí Súdánach Alsarah ón ngrupaí ceoil The Nile Project. Tá éachtaí ar leith déanta ag Débruit ar imeall an dord-cheoil/hip hop leictreonaigh le blianta beaga anuas - go háirithe i bhfoirm a albaim 'From The Horizon' do cheirníní Civil a dhírigh ar cheol Iarthar na hAifrice, agus an 'Sis Surpriz' ep don lipéad céanna, taifead a bhfuil leagan samhlúil sampla-bhunaithe Débruit de cheol na Tuirce le clos ann. Rugadh Alsarah i príomhchathair na Súdáine, Khartoum. Bhog sí as sin go Poblacht Éimin agus í in aois ocht mbliana, agus as sin go SAM nuair a bhris an cogadh cathartha gearr amach siar i 1994. Tá 'Aljawal' bunaithe ar an gcomhthuiscint idir Débruit agus Alsarah gur féidir, agus gur fiú, ceol traidisiúnta na Súdáine a athshamhlú i bhfoirm iomlán nua-aimseartha gan aon easpa measa ar stair agus oidhreacht an cheoil. Is amhráin thraidisiúnta a bhfuil á gcanadh ag Alsarah, ach tá gliondar

Débruit le clos sa tslí a ngearann sé suas a cuid amhránaíochta. Seo an chéad uair do Débruit dul i mbun taifeadta le hamhránaí beo, seachas bheith ag plé le samplaí, agus is iontach samhlúil mar a dhéanann sé glór Alsarah a fhrithchaitheamh agus a phreabadh timpeall an réimse fuaime. Ní mór do leíritheoirí Eorpacha bheith aireach agus iad ag gabháil do cheol Thuaisceart na hAifrice. Is mór an díobháil a dhein grupaí ar bheagán talainne mar Transglobal Underground agus iad ag plé le ceol léithéidí Natascha Atlas sna nóchaidí; ag leagadh síos buillí ciotrúnta hip hop in ionad na rithimí beomhara a bhí ann ar dtús. Ní baol do Débruit - ní hamháin go bhfuil sé ina mháistir críochnaithe ar mhodhanna samplála, tá se cneasta freisin. Baineann sé úsáid as fuaimeanna na mbun-uirlisí chun a chuid rithimí a thógaint, agus má éiríonn leis bunamhráin Alsarah agus eilimintí de stíleanna mar juke, dub-chéim agus hip hop dord-trom ascallach a chúpláil, bí cinnte gur cleamhnas toilteanach socair sásta é (ach lena dhóthain teaspaigh ag an am céanna!).


*

Ceol

nós 9

Juana Molina - Wed 21 crammed

*****

Léirmheasanna le Ben Ó Faoláin

Fiú agus cúig bliana caite ó d'eisigh Juana Molina na hAirgintíne a halbam deireanach, 'Un Dia', níl aon athrú poirt i gceist le 'Wed 21'. É sin ráite, ceoltóir ag barr a cruthaitheachta a bhí le clos ar 'Una Dia' agus tá Molina fós gar don mhullach.Cruthaíonn Molina amhráin folktronica déanta as sraitheanna de lúibíní dá glór féin, notaí ar an ngiotár fuaimiúil agus rithimí buailte ar adhmad, an ciombal agus an bomba leguero leagtha anuas ar a chéile. Go minic is deacair don éisteoir gan mórán Spáinnise déanamh amach an focail nó plubaireacht a bhfuil ag teacht amach as béal Molina.Is cuma, tá i gconaí iontas éigin timpeall an chúinne. Gealtacht thógálach, níor chaill sí riamh é.

FabricLive 73 - Pangaea fabric

*****

T'anam don diabhal, cén deabhadh atá ar Phangaea?! Éiríonn leis 27 port a bhrú isteach in achar 76 nóiméad ar 'FabricLive 73'. Sin 2 nóimead 48.8 soicind an ceann, ar an meán.Ach cén mhaith dó é? Ní hé go bhfuil sinn a thabhairt ar turas in aon áit spéisiúil ag comhúinéir cheirníní Hessle. Cé gur bhain Pangaea agus a chomhghleacaithe ag stábla Hessle (Ramadanman, Untold, Objekt) cáil amach dá ndord-cheoil turgnamhach don urlár rince, ach amháin rianta Mumdance & MAO, Adam Jay agus Pearson Sound i lár an tsaothair, is tréan techno gan staonadh a bhfuil i gceist le 'FabricLive 73'. Rogha dhúshlánach, leadránach a bhfuil blas an díomais ag baint leis.

Akkord - Akkord Houndstooth

*****

Ag teacht sna sála ar albam iontach Paul Woolford mar Special Response, is iad na léiritheoirí Synkro agus Indigo as Manchain atá freagrach as fadcheirnín uimhir a dó ar lipéad dord-cheoil úir mhuintir Fabric Londan. Cruthaíonn Akkord techno dorcha diostóipeach lán doird, ceol aoibhinn leatromach a dhéanann neamhaird dos na teorainneacha idir dubcheol, techno agus ceol timpeallach (ambient). Is iad The Black Dog údair na stíle seo, mar is eol d'éinne a bhfuil an 'Scarecrow Radio' (2008) breá cloiste acu. Cé go bhfuil dearadh fuaime thar na bearta le clos ar 'Akkord' níl samhlaíocht Special Response, blas amh thaifeadaí Peverelist agus Kowton mar Livity Sound, nó gliceas séiseach The Black Dog le sonrú ann. Tá sé dubh-dorcha istigh anseo - an bhféadfadh duine éigin coinneal a lasadh?!


10 nós

*

Ceol

Ag teacht aníos Na himeachtaí is mó le Banríon na Siamsaíochta, Sinéad Ní Uallacháin

Temple Bar Trad Fest 2014 baile átha cliath 22-26 Eanáir 2014


*

Ceol Baileoidh siad siúd a bhfuil dúil acu sa cheol traidisiúnta i gceann des na ceantair is gnóthaí i mBÁC ó thaobh an óil agus an cheoil de, ag deireadh mhí Eanáir. Sea, mar is iondúil tar éis na Nollag cuirfear tús traidisiúnta leis an mbliain nua - le Féile Thraidisiúnta Cheoil Bharra an Teampaill, a bheidh ar siúl ar feadh cúig lá. Seo cuid de na hainmneacha a tharraing m'aird agus mé ag féachaint ar shuíomh na féile: Frances Black, Eleanor McEvoy, ar dheis, (beirt a bhí de shíor le clos sa chairt againne aige baile, gan aon bhriseadh ón dtéip, 'A Woman's Heart'); Dónal McCague, fear óg cumasach a thug leis gradam cheoltóir óg na bliana de chuid TG4 anuraidh; Nuada, ceoltóirí óga na Rinne - buaiteoirí an chomórtais Siansa de chuid Gael Linn, (a bhain deatach as ardán Cheoláras Náisiúnta na hÉireann Aibreán na bliana seo caite - agus ba mhór an onóir a bheith i láthair chun sin a fheiscint!); an mórphiobaire Gailíseach Carlos Nuñez, ar chlé; agus sean-laochra an cheoil traidisiúnta - Altan, Stockton's Wing, Frankie Gavin, Dé Danann, John Sheahan, srl, srl! Beidh ceardlanna ar siúl i gcaitheamh na seachtaine chomh maith, ceardlanna ar conas rince céilí a dhéanamh agus conas uirlisí go leor a sheinnt. Ach má tá aon phingin fágtha agam faoin am sin, is chuig ceolchoirm Paul Brady a bheidh mo thriail. Beidh sé in ionad draíochta, Ardeaglais Naomh Padraig, ar an 24ú. templebartrad.com

FRANKIE GAVIN AGUS DÉ DANANN

nós 11


12 nós

*

imeachtaí

Margadh na Míol Cearnóg an Mhargaidh Nua, BÁC 8 An Domhnach deireanach de gach mí

Ní fios cén gnó a bheadh ag duine leis an rud a dtabharfása 'bruscar' air. Tagann línte ó dhán de chuid Sheáin Uí Riordáin chun cuimhne; “Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl' Is iontaisí an tsaoil ann, Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí, Is trumpa balbh néata, Is citeal bán mar ghé ann.” N'fheadar éinne cad iad na hiontaisí ar a dtiocfá ag margaí éagsúla a bhíonn ar siúl sa lá atá inniu ann, go mion minic, timpeall na tíre. Is cuimhin liom go maith an chuairt a thugas ar Mheiriceá, go Springfield Mass. sa bhliain 1998. Bhí ionadh orm bheith in ann siúl síos na sráide, agus na 'yard sales' seo, (mar a thugann na Yanks orthu), a fheiscint ar gach aon taobh díom! Is mó rud fánach a tháinig abhaile i mo mhála ón turas áirithe sin - leabhar nótaí le pictiúr de Na Simpsons ar an gclúdach, cloch a bhí péinteáilte go healaíonta, agus cúpla sean-chárta fóin. I bhfad ó SAM, uair sa mhí, feictear a leithéid, i gcathair Bhaile Átha Cliath. Bailíonn daoine a gcuid stuiff nach bhfuil in úsáid a thuilleadh acu, (leithscéal b'fhéidir chun glanadh ceart a dhéanamh sa bhaile), agus díoltar na hearraí ath-láimhe seo, ag Margadh na Míol, nó Flea Market Bhaile Átha Cliath. Is ar an Domhnach deireanach de gach aon mhí a bhíonn sé ar siúl, lasmuigh agus laistigh d'fhoirgneamh an Co-op ar

Chearnóg an Mhargaidh Nua, BÁC 8... ag brath ar an aimsir!). Is álainn an t-atmaisféar a bhíonn ar an láthair, le daoine ag díol agus ag ceannach, maraon le daoine ag déanamh a seacht ndícheall an praghas is fearr a fháil ar pé rud é. (Seans nach ar mhaithe le sábháilt airgid atá siad, ach ar mhaithe le cloí le hatmaisféar agus nós babhtála an aonaigh!Is mó rud deas atá tugtha abhaile agam ó na seastáin difriúla thar na blianta - cótaí, pictiúir agus seodra ina measc. Is cuimhin liom teacht ar fháinne a raibh cuma anghalánta agus costasach air.Chaitheas é ar feadh go leor míonna, go dtí go raibh marc chomh huaine sin ar mo mhéar, ag an miotal a bhí sa déantús, go raibh orm é a chaitheamh uaim! Is mó falafel chomh maith atá ite agam agus caifé ólta agam uatha siúd a bhíonn ag soláthar bia agus dí le linn an lae. Bíonn an-mheascán de chístí, agus bia níos folláine ar fáil ann, agus ó am go ham chomh maith bíonn bannaí ceoil le clos, iad mar thionlacan ar do thuras timpeall an ionaid. Tugtar dúshlán d'ealaíontóirí póstaeir a dhearadh do na margaí seo, uair in aghaidh na míosa, agus má tá soicind agaibh b'fhiú féachaint ar chuid acu san a cruthaíodh le cúpla mí anuas ar shuíomh Dublin Flea. dublinflea.ie


*

imeachtaí

Taispeántas Cliodna Cussen CULTÚRLANN MCADAM Ó FIAICH, BÉAL FEIRSTE

Tá saothar an ealaíontóra Cliodna Cussen le feiscint lasmuigh de phictiúrlann Screen i lár Bhaile Átha Cliath. Is minic a fhéachaim ar an gcloch mhór ghroí seo, a sheasann 335cm ón dtalamh, agus mé ar mo shlí chun scannán a fheiscint nó deoch a ól i Doyles. The Steine Sculptor atá air; tá sé ar an láthair chéanna, beagnach, le cloch a sheas go hard le linn ré na Lochlannach, cloch a bhí tuairim is 12/14 troigh ar airde, áfach. Bhuel ní hamháin i mBaile Átha Cliath atá obair an dealbhóra seo le feiscint i láthair na huaire. Tá taispeántas dá cuid fós ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste. D'oscail sé ag tús mhí na Nollag agus leanfaidh sé go dtí 17 Eanáir, i ngailearaí Gerard Dillon san ionad cultúrtha. culturlann.ie

nós 13


*

Ceol

Scannรกn

12 years a slave Steve McQueen, 15

*****


*

Scannán

nós 15

Tá an stiúrthóir a thug dúinn an sárscannán Hunger, bunaithe ar stailceanna ocrais 1981, agus Shame, a dhírigh ar andúileach gnéis, ar ais le saothar eile atá ag mealladh ardmholta i gcéin agus i gcóngar. Aithnítear an Sasanach Steve McQueen ar na déantóirí scannán is fearr dá bhfuil ann faoi láthair agus tá 12 Years a Slave ag cur lena chlú arís eile. Is scannán é seo a bhfuil fíorscéal mar bhunús aige – saol Solomon Northup, fear gorm saoraithe as Nua-Eabhrach ar fuadaíodh é sa bhliain 1841 agus a díoladh ar ais chun na sclábhaíochta. D'oibrigh sé ar phlandálacha Louisiana ar feadh 12 bliain sular scaoileadh saor arís é agus scríobh sé cuntas ar an tréimhse daoirse, cuntas ar a bhfuil an scannán bunaithe. Tá foireann an-láidir le feiceáil ann - Michael Fassbender, Brad Pitt, Benedict Cumberbatch, Sarah Paulson agus Paul Giamatti – ach is é Chiwetel Ejiofor atá i ról Northup féin is mó a théann i bhfeidhm. Cuireadh casadh truacánta neamhthrócaireach i saol an phríomhcharachtair agus léirítear uafás na sclábhaíochta go soiléir, foréigneach, é chomh réalaíoch sin gur deacair amharc air in amanna. Ach is fiú amharc air. Ní díreach don aisteoireacht ardchaighdeáin amháin ach don teachtaireacht thábhachtach atá le hinse aige faoi stair dhorcha na Stát Aontaithe, agus faoi spiorad fear amháin chun troid in éadan fhírinne na staire céanna. Eiseofar 12 Years a Slave ar 10 Eanáir.

Steve McQueen


*

Leabhair

leabhair

I'r Gad - Arwel Vittle (Y Lolfa) Is mór an cháil atá ar mhuintir na Breatnaise as an agóidíocht bhríomhar atá déanta acu thar na blianta ar son a dteanga féin. Tá go leor scéalta cloiste againn anseo in Éirinn, go háirithe ón ghlúin níos sine, faoi na héachtaí a rinne leithéidí Chumann na Breatnaise (Cymdeithas yr Iaith) agus iad ag seasamh an fhóid ar son an phobail i gcoinne údarás cumhtachtach an Bhéarla, ón chéad agóid ar Dhroichead Trefechan siar i 1963 go dtí feachtas na gcomharthaí bóthar ina dhiaidh sin agus ar aghaidh. Anois is féidir atmaisféar agus beocht na hagóidíochta teanga seo a bhlaiseadh as an úr i bhfoirm an leabhair nua lán grianghraf atá foilsithe ag an chomhlacht Y Lolfa. Chuir an t-eagarthóir Arwel Vittle chuige cuid de na grianghraif is suntasaí a glacadh ag feachtais teanga sa Bhreatain

Bheag le 50 bliain anuas, chuir sé chuige iad a chur le chéile agus a fhoilsiú faoin teideal an-oiriúnach I'r Gad (Chun Catha). Tá roinnt mhaith de cheannródaithe na Breatnaise le feiceáil i mbun agóide, ag cruinnithe nó ag cásanna cúirte sa leabhar, ina bhfuil saothar ó ghrianghafadóirí ar nós Geoff Charles, Raymond Daniel, Marian Delyth, Jeff Morgan, Gerallt Llewelyn agus Arvid Parry Jones le feiceáil. Ní fhacthas cuid de na pictiúir riamh roimhe, iad go dtí seo ina luí i gcartlann Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige agus in Ollscoil Bangor. Tá mórchuid an leabhair sa Bhreatnais le cur síos dátheangach i mBéarla ag tús gach caibidil. Is taifead anluachmhar é ar ghné thábhachtach de shaol na dteangacha mionlaithe agus na ndaoine a labhraíonn iad. Má tá spreagadh breise de dhíth ar aon Ghael, faigh cóip inniu mar gheobhaidh tú é ónár ndeartháireacha agus ónár ndeirfiúracha ar an taobh eile de Mhuir Éireann.


*

Leabhair

n贸s 17


*

18 n贸s

saol

Iris铆?


*

saol

Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc.

nós 19



A

round the world, different people have their own way of expressing gratitude. Some with words, others with gestures. Others again with both. Danke schön! Thanks a million! Merci! Grazie! In Ireland, it’s a phrase – ‘go raibh maith agat’ – that good may be with you! Nach deas é sin, anois?


22 nós

*

Gníomhaíochas

Gníomhaíochas

Streachailt fós ag teastáil I gcomhthéacs bhás Nelson Mandela ag tús mhí na Nollag, déanann Ciarán Ó Brolcháin anailís ar straid reatha na hAfraice Theas agus is léir dó go bhfuil streachailt in éadan cinedheighilte go fóill ar siúl...


*

Gníomhaíochas

“For the white man, one man, one vote would be the greatest solution! It would encourage competition amongst blacks, you see, and it would eliminate the most important ground for critique from abroad of the present regime. But it would not change the position of economic oppression of blacks. That would remain the same.”

R

oinn an gníomhaí frith-chinedheighilte Steve Biko na focail sin leis an iriseoir Donald Woods in agallamh sa bhliain 1976. An bhliain ina dhiaidh sin mharaigh póilíní na hAfraice Theas Biko i stáisiún péas i bPort Elizabeth. Bhí mé ag smaoineamh faoi na briathra réamhfhiosacha sin arís ar na mallaibh mar gheall ar an tuairisciú leathan faoi bhás Nelson Mandela, a d'éag ag tús mhí na Nollag. Ní raibh aon ghanntanas ann i dtaca le daoine ag iarraidh a gcúpla focal a chur san áireamh le Mandela a mholadh go hard na spéire. Ta moladh tuillte ag Mandela gan amhras, ba throdaí cróga é a chuaigh leis an lámh láidir nuair ba ghá agus a chaith blianta fada i ngéibheann i gcoinníollacha brúidiúla. Tá sé deacair áfach gan a bheith ciniciúil faoi chuid den bhéalghrá seo, go háirithe maidir leis an ionchur ó ionadaithe na Stát Aontaithe agus na Breataine, nó tá sé soiléir go bhfuil siad ag iarraidh miotais éagsúla a chruthú. Ar an chéad dul síos ba mhaith leo an tacaíocht a thug na tíortha úd don seanréimeas cinedheighilteach a ghlanadh ón stair, go háirithe mar a bhaineann sé leis an dearcadh a bhí acu ar Mandela féin agus é faoi ghlas. Tá miotas eile a chruthú chomh maith, a deir go raibh an bhéim a leag Mandela ar athmuintearas agus ar mhaithiúnas a dhéanamh taobh thiar de réabhlóid shíochánta a chuir deireadh leis an chinedheighilt agus a thug daonlathas don Afraic Theas. In 1988 agus é i bPríosún Pollsmoor, bhí baint ag Mandela in idirbheartaíochtaí rúnda idir ceannairí áirithe ón ANC agus ionadaithe ón rialtas cinedheighilteach. D’éascaigh corparáidí móra na cainteanna seo mar ba léir nach raibh an córas inmharthana mar a bhí, agus bhí siad buartha faoin fheachtas baghcait idirnáisiúnta agus faoin ollghluaiseacht chosmhuintire i mbailecheantair na tíre a bhí ag éirí ní ba réabhlóidí i rith an ama. B’fhearr i bhfad leis an uasaicme gheal déileáil le ceannairí ‘réasúnta’ an ANC ar nós Mandela agus Thabo Mbeki. Le scaoileadh saor Mandela in 1990 tháinig athrú mór ar struchtúr na gluaiseachta frith-chinedheighilte. Cuireadh na gluaiseachtaí éagsúla chun sochair don ANC agus don Trípháirtíocht s’acu leis an Pháirtí Chumannach agus le Comhdháil na gCeardchumann.Comhthoghadh ceannairí na ngluaiseachtaí éagsúla isteach sa struchtúr seo nó rinneadh imeallú orthu mura raibh siad sásta glacadh leis. Mar chuid den chomhréiteach idir an ANC agus an uasaicme gheal, cuireadh deireadh le dlithe leatromacha na cinedheighilte agus tháinig deireadh leis an leithcheal polaitiúil ar an phobal ghorm i gcoitinne, ach i ndiaidh toghcháin 1994 níor leag rialtas an ANC méar ar chúrsaí geilleagair mar a gheall siad le blianta fada go ndéanfaidís. Polasaithe nualiobrálacha a bhí i bhfeidhm ón chéad lá, a bhí go mór chun tairbhe na gcomhlachtaí móra nach raibh smál na cinedheighilte orthu níos mó.

nós 23


24 nós

*

Gníomhaíochas

“Maireann an chinedheighilt eacnamúil san Afraic Theas, agus tá an tír anois ar na tíortha is éagothroime ar domhan.” Agus é ag seoladh straitéis eacnamaíochta an rialtais in 1996, dúirt Thabo Mbeki go lom, “Just call me a Thatcherite.” Chruthaigh na polasaithe seo aicme nua de rachmasaithe gorma, ach ghoill sé ar fhormhór mór an phobail, go háirithe maidir le príobháidiú seirbhísí, dífhostaíocht agus easpa tithíochta. Maireann an chinedheighilt eacnamúil san Afraic Theas, agus tá an tír anois ar na tíortha is éagothroime ar domhan. Maireann an chinedheighilt, ach b’oth le ceannairí polaitiúla agus lucht an rachmais go n-aithneoimis sin. Is anseo a tchíonn muid tábhacht an mhiotais atá á thógáil thart ar Nelson Mandela. Mar a scríobh gníomhaí Afraiceach eile, Franz Fanon in Les Damnés de la Terre in 1961:

“The national bourgeoisie increasingly turns its back on the interior, on the realities of a country gone to waste, and looks toward the former metropolis and the foreign capitalists who secure its services. Since it has no intention of sharing its profits with the people or of letting them enjoy the rewards paid by the major foreign companies, it discovers the need for a popular leader whose dual role will be to stabilize the regime and perpetuate the domination of the bourgeoisie... the leader represents the moral force behind which the gaunt and destitute bourgeoisie of the young nation decides to grow rich.” Ar ndóigh, tá na mílte mílte duine san Afraic Theas nach bhfuil sásta leis an staid reatha seo. Tá gluaiseachtaí cosmhuintire nua ag tabhairt dúshláin don bhunaíocht pholaitiúil agus shóisialta. Tá súil ag cuid mhaith acu go gcomhlíonfar sa deireadh thiar thall Cairt Saoirse an ANC, cairt a mhaígh go neamhbhalbh go raibh ceart ag muintir na tíre seilbh a bheith acu ar mhaoin na tíre. Leanann an streachailt sin ar aghaidh.


*

Gníomhaíochas

nós 25

Steve biko


caitlin moran 26 nós

*

Gníomhaíochas

Ag cothú na cothromaíochta Siún Ní Dhúinn

C

I gcomhthéacs bhás Nelson Mandela ag tús mhí na Nollag, déanann Ciarán Ó Brolcháin anailís ar straid

daoine go bhfuilcinedheighilte an ghráin aggofeiminigh ar fhir, agus fiafraítear é gur beag duine reatha a d’admhódh na hAfraice go Theas bhfuil agussiad is léiri gcoinne dó go bhfu streachailt in éadan fóill ar siúl... díom nach gcreidim go bhfuil go leor bainte amach againn faoin na cothromaíochta, ní minic a fhaighimse freagairt am seo.Cé nach gcreidim go bhfuil ceachtar den dá ráiteas sin dhearfach ó bhean nó ó fhear nuair a luaim leo gur fíor tugann sé le fios go bhfuil droch-cháil nó míthuiscint ann feimineach, nó baineannaí, mé. Ceapann roinnt mhaith


*

Gníomhaíochas

maidir le feimineachas comhaimseartha i measc an phobail in Éirinn. Léiríonn sé an gá le hathléamh a dhéanamh ar bhunphrionsabail na cothromaíochta inscne trí chéile. Ba í an fhadhb ba mhó a bhí agam agus an t-alt seo á scríobh agam ná teorainneacha na teoirice a aimsiú agus cloí leo, ach nuair a chuimhnigh mé ar shaincheist an fheimineachais, rith sé liom gurb é bun agus barr an scéil ná cothromaíocht a bhaint amach.Go bunúsach, go gcaithfí le mná mar a chaitear le fir, agus sin uile. Tá obair fhiúntach déanta ag macasamhlacha Gloria Steinem, Elaine Showalter agus le déanaí, Caitlin Moran agus blag Éireannach Fanny.ie ar mhaithe le cothromaíocht a chothú.Is maith ann iad mar tá gá le hard a tharraingt ar na dúshláin chomhaimseartha chothromaíochta atá ag titim amach sa mhórchultúr domhanda. Beidh ocht mbliana agus fiche slánaithe agam go luath, mar sin bhí mé sna déaga mé nuair a tháinig Britney Spears agus Christina Aguilera ar an bhfód, a bhain geit as tuismitheoirí a laghad éadaí a bhí á gcaitheamh acu agus téamaí a n-amhrán a bhí á gceol acu. Má fhéachann tú ar leithéidí Britney agus Christina na linne seo, Miley agus Rihanna, ní hamháin an bhfuil níos lú éadaí á gcaitheamh acu, ach go bhfuil aithris á ndéanamh acu ar scannáin phorngrafaíochta go hoscailte ina gcuid físeán agus iad ar an ardán. Tá maíte ag Miley, ar dheis, gurb í ‘an feimineach is mó ar domhan í’ agus go bhfuil sí ag léiriú úinéireachta ar a corp féin agus a cuid gnéasachta, agus b’fhéidir go bhfuil sí den tuairim go bhfuil, ach tá dearmad á dhéanamh aici gurb ionann an phorngrafaíocht agus ról sclábhánta na mban a neartú. Díríonn na físeáin chonspóideacha seo ar dhaoine óga agus ní fhéadfaí a shéanadh go mbíonn éifeacht acu ar mheonta na n-óg maidir le cúrsaí gnéis dá bharr. Is tábhachtaí íomhá aon phop-cheoltóir óg baineann ná a cuid ceoil, go cinnte. Is léir dom, agus mé ag gníomhú ar na meáin shóisialta gur tábhachtaí íomhá aon bhean atá os comhair an phobail ná mórán eile fuithi. Is minic a thomhaistear a luach mar dhuine, bunaithe ar a bhfuil le fáil ina pictiúir phrófíle Facebook, Twitter, LinkedIn nó Instagram.

nós 27

Féach ar aon alt atá le feiceáil ar líne a bhfuil íomhá de bhean á húsáid acu, ní bheidh ort mórán tochailte a dhéanamh go bhfeicfidh tú nótaí tráchta ó fhir agus ó mhná a luann tréithe fisiciúla na mná go príomha, bíodh sí á moladh nó á cáineadh acu. Tuigim go pointe nuair atá mainicíní nó popcheoltóirí i gceist, mar go bhfuil a dtuarastail á n-íoc as an íomhá sin a dhíol, ach do mhná gnó, polaiteoirí, scríbhneoirí, innealtóirí agus gach rogha ghairme eile, níl an tráchtaireacht reatha tuillte nó ag teastáil uathu. Ar chúis éigin, tá sé inghlactha tuairim phearsanta a nochtadh i leith tréithe fisiciúla ban, rud nach ndéantar le fir. Caith súil ar aon fhógra teilifíse, irise, nó raidió fiú, le deich mbliana anuas agus tabhair faoi deara an bealach a bhfuil na feachtais mhargaíochta ag úsáid chorp na mban mar chroílár na bhfeachtas. Más ag díol carranna, árachais, bia nó beoir atá siad, beidh bean ann áit éigin agus a corp á cur ar fáil aici don té atá ag iarraidh é a cheannach. Creidim gur ag maslú fir agus mná atá siad, ag oibiachtiú na mban agus ag súil leis nach bhfuil fir á stiúradh ach ag drúis nach bhfuil aon smacht acu orthu uirthi. Tá stair fhada ag scannáin mhóra Hollywood gan rólanna suntasacha a thabhairt de mhná ach iad a choinneáil ar an imeall, áit a mbéidís galánta ach gan mórán cead cainte acu. Tá sé de nós ag muintir Hollywood a laghad sin rólanna forbartha a thabhairt do mhná gur cuireadh tús le ‘The Bechdel Test’, scrúdú a dhéanann tomhais ar chaighdeán an scannáin, agus ról na mban ann. Chun pas a fháil sa scrúdú caithfidh beirt bhan sa scannán agus ar laghad comhrá amháin eatarthu nach bpléann fir/fear. Smaoinigh ar scannáin mhóra na bliana seo i gcomhthéacs an Bechdel Test agus beidh ionadh ort an méid acu a dteipfeadh orthu sna gnéithe bunúsacha thuasluaite. Tá sé de dhúshlán orainn neamhaird a dhéanamh den seanfhocal; an nós a bhriseadh, agus nós a dhéanamh, súil níos géire a thabhairt ar ról na mban agus na bhfear atá curtha os ár gcomhair, caitheamh le mná mar a chaitear le fir, agus an bhearna chothromaíochta a laghdú oiread agus is féidir linn.Mura ndéanaimís é, leanfar le tuiscintí féiniúlachta an dá inscne a chaolú. Tá tréithe níos luachmhara ag mná ná a gcorp, agus tréithe níos luachmhara ná a mianta collaíochta ag fir, ach níl siad le feiceáil i mórbhealaí cumarsáide ár linne. Ar Twitter? Gabh i dteagmháil le Siún ar @Siuners


28 nós

*

Gníomhaíochas

Ag athrú chultúr an óil, braon ar bhraon Is daoine daona muid uilig, is maith leis an fhórmhór againn deoch nó dhó agus téann roinnt mhaith againn thar fóir. Labhraíonn Méabh Ní Thuathaláin le John Buckley ón ghluaiseacht Hello Sunday Morning a deir gur fútsa atá sé cultúr an óil a athrú in Éirinn.


*

Gníomhaíochas

I

s minic a thagann póit trom, pócaí folmha, duairceas agus tinneas i ndiaidh oíche mhór ar an ól in Éirinn.Bíonn craic ann cinnte agus sin díreach a spreagann muid a mhacasamail d’oíche a bheith againn an tseachtain dár gcionn. Fáinne fí fíochmhar agus rialta atá ann agus is minic a cheistím féin an dóigh a gcaitheann muid leis an ól sa tír seo. Níl le déanamh ach siúl fríd sráidbhailte agus cathracha na tíre agus beidh tionchar an ragúis óil le feiceáil go soiléir. Rinneadh steiréitiópáil d‘Éireannaigh ar ardán agus sa litríocht leis na cianta agus tá glúin s’agamsa agus an dream níos óige arís ag glacadh leis an steiréirtiópa go croíúil. An nós é d’fhoglaim muid, a chothaigh muid, a bhaineann le hÉirinn nó a brúdh orainn de bharr stair na cóilíneachta sa tír? Ceist chasta atá ann ach tá gluaiseacht, ar cuireadh tús leis san Astráil, ag bailiú nirt anseo chun cultúr an óil a athrú. Dia duit, maidin Domhnaigh! Chuir an tAstrálach Chris Raine tús leis an ghluaiseacht Hello Sunday Morning, fear nach bhfaca mórán de mhaidin Dé Domhnaigh agus ba mhinic a chaill sé uaireanta na maidine le linn na seachtaine de bharr na póite. Rinne sé cinneadh go raibh sé ag iarraidh athrú a dhéanamh ina shaol go mbeadh níos mó smachta aige ar an dóigh ar chaith sé a chuid ama agus ar an bhealach a chaith sé leis an ól. Bhí sé ar intinn aige an deis a thapú a spriocanna saoil a bhaint amach agus thug sé faoi thréimhse a chaitheamh ag

staonadh ón ól agus bhlágáil sé faoina thaithí ar líne. B'shin tús HSM, gluaiseacht a thosaigh le hiarracht duine amháin cúpla bliain ó shin agus atá anois beo sna Stáit Aontaithe, sa Nua-Shéalainn, i gCeanada, sa Bhreatain agus in Éirinn. “Ní feachtas nó gluaiseacht i gcoinne alcóil é, ach iarracht atá ann caidreamh níos fearr a fhorbairt maidir le húsáid alcóil”, arsa John Buckley, co-ordaitheoir le HSM in Éirinn. “Thug mise faoi HSM ar feadh ocht mí anuraidh. É sin ráite bhí cúpla oíche mhór agam le déanaí ach tharraing mé ar na scileanna a d’fhoglaim mé le linn na bliana agus bhí mé in ann diúltú don ól nuair a bhí mo sháith agam,” a dúirt sé. “Gluaiseacht ceannasaithe ag daoine a d’aithin go raibh fadhb acu nó go raibh caidreamh ciotach acu leis an ól.“Tháinig fás orgánach ar HSM ar líne ag leibhéal na cosmhuintire mar gur spreagadh daoine de thoradh iarrachtaí an té a tháinig rompu.” Caidreamh níos sláintiúla Spreagtar na rannpháirtithe chun macnamh a dhéanamh ar an bhealach a chaitheann siad leis an ól trí thréimhse áirithe a chaitheamh (3, 6, nó 12 mí) ag staonadh ón ól. Le linn an ama sin roinneann daoine a gcuid spriocanna agus a dtaithí ar ardán HSM. “Le linn na tréimhse gan ól, tá fianaise ann go n-éiríonn leis na rannpháirtithe athruithe a dhéanamh ina saol a bhfuil éifeacht ag baint leo. Ardaítear feasacht agus cothaítear caidreamh níos sláintiúla le halcól dá bharr,” arsa John. Tá an sos ón ól riachtanach agus tá an t-eispéireas ar

nós 29


30 nós

*

Gníomhaíochas

líne ar an chuid is tábhachtaí dar leis. “Bíonn tú ag blagáil, ag amhrac siar ar cad é mar atá ag éirí leat, agus tá an taithí atá á roinnt ar líne agat ag dul i bhfeidhm ar dhaoine eile.” Cultúir éagsúla óil Is minic a bhíonn díospóireachtaí faoi na cultúir éagsúla agus na nósanna óil atá ag daoine. Níl aon fhreagra simplí ann. Ta comhthéacs, cultúr agus traidisiún féin ag gach tír agus athróga (variables) eile a bhaineann leis an dlí, rochtain, reiligiún agus eile a théann i bhfeidhm ar an dóigh a gcaitear leis an deoch. Níl aon amhras ach go bhfuil alcól i gcroílár roinnt de na himeachtaí móra i bhféilire na nGael – más baistiú, bainis nó tóramh é, beidh deochanna mar chuid de. Is follasach ar Lá na hAstráile agus Lá Fhéile Pádraig go bhfuil cosúlachtaí sa dá thír ó thaobh chultúr an ragúis óil. Creideann John gur féidir le gach aon chultúr a ólann an iomarca agus a bhfuil dochar déanta mar thoradh ar an ól (sláinte, caidreamh, airgead, am caillte), gur féidir dáimh bheith acu le gluaisceacht HSM. Dúshlán náisiúnta Tá dúshlán ar leith in Éirinn a bhaineann leis an stadas quo agus le structúr na tíre. Is minic in Éirinn nach bhfuil rogha

Alcól agus Éire – na staitisticí is déanaí. I gcomparáid leis na tíortha eile san Eoraip, tá an líon is mó daoine ag Éirinn a bhíonn ag staonadh ón ól ach tá Éire i measc na dtíortha is mó a bhfuil cultúr fabhtach óil ann. De réir staitisticí ó Action Alcohol, ólann páistí de chuid na hÉireann níos mó nuair atá siad amuigh ná fórmhór na bpáistí san Eoraip atá ar chomhaois leo. I suirbhé a rinne Headstrong le déanaí a bhain le meabhairshláinte agus daoine óga, dúirt beagnach 50% de mhic léinn an séú bliain agus níos mó ná 60% de dhaoine fásta go n-ólanna siad an iomarca. €3.7 billiún - an méid a chosnaíonn sé ar an stát dul i ngleic leis an dochar a bhaineann le halcól. I suirbhé a rinne SpunOut ar na mallaibh léirigh fórmhór na rannpháirtithe nach dtéann na comhráite a bhíonn acu ar scoil nó lena dtuismitheoirí i bhfeidhm orthu. Bíonn an bhéim ar gan a bheith ag ól in áit alcól a bhainistiú.


*

Gníomhaíochas

Abair HELLO le maidin Dé Domhnaigh sa bhliain úr! Faoi, lathair, tá os cionn 800 rannpháirtí ag HSM. Más mian leat a bheith páirteach san iarracht níl le déanamh ach próifíl a chruthú, mar a dhéanann tú ar Facebook nó Twitter. Roghnaigh tréimhse ama le staonadh ón ól agus leag síos spriocanna duit féin, sprioc shláintiúil nó sábháil airgid nó sprioc pearsanta. Bí ag blagáil faoi. Níos mó eolais ar @hsmireland agus facebook.com/ hellosundaymorningireland

mhalartach ann maidir le himeachtaí sóisalta nach bhfuil baint acu le halcól. Dúnann na pubanna iontach luath, rud a chuireann le nósanna ‘caitheamh siar’ an óil. Cé nach dtarlóidh sé thar oíche, creideann John go dtiocfaidh athrú ar an tsochaí agus go dtabharfar aitheantas don éileamh ar son roghanna eile siamsaíochta. “Tá muid ag feiceáil in Éirinn go bhfuil daoine a thug faoi HSM anois ag obair ar an talamh chun an ceantar a fheabhsú, le roghanna ailtéarnacha eile a chur ar fáil do dhaoine,” ar seisean. Fadhb mhór eile ná an dearcadh naimhdheach a mhaireann i leith daoine nach mbíonn ag ól.Tá sé imithe chomh fada sin gur geis nó tabú de chineál é gan a bheith ag ól. Mothaíonn daoine nach bhfuil aon chraic ionat agus b’fhearr duit leithscéal maith a bheith réidh agat faoin fáth nach bhfuil tú ag ól. “Is minic an comhluadar amhrasach faoin té nach n-ólann. Athrú meoin atá i gceist anseo agus ní tharlóidh sé gan díograis. Caithfidh muid an fód a sheasamh go dtí go nglactar le daoine nach n-ólann ar leibhéal sóisialta,” arsa John. Fianaise ó thaighde a rinne Ollscoil Queensland ar fhóram HSM De réir na fianaise, nuair a thosaíonn daoine ag tabhairt faoi HSM, ólann siad trí nó ceithre lá sa tseachtain agus caitheann siad 81% den am sin ag ól. Nuair a chríochnaíonn siad an tréimhse gan ól, ólann siad oíche amháin den tseachtain agus caiteann siad 18% den am sin ag ól. Tá siad ag ól níos lú agus tá níos mó smachta acu ar an bhealach a chaitheann siad le halcól. Maireann dea-thionchar i saol na rannpháirtithe a thug faoi HSM ar feadh bliana ina dhiaidh ar a laghad. As na daoine a thug faoi thréimhse a chaitheamh ag staonadh ón ól, cailltear 12 punt de mheachán ar an mheán agus sábháiltear níos mó ná $1,000.

nós 31



bígí linn in 2014 Foireann Deartha na Bliana 2013


Lonnaíochtaí úra: Déanann Ciarán Dunbar cur síos ar an bhfís atá aige go mbunófaí Gaelphobail úra ar fud na tíre, forbairt atá riachtanach má tá an Ghaeilge chun teacht slán, dar leis.

I

n alt a scríobh mise do Nuacht24 siar i Meitheamh 2009, léirigh mé mo chreideamh féin nach féidir slánú agus todhchaí na Gaeilge a chinntiú gan pobail úra a chur ar bun ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga. B’shin ráiteas misin na heagraíochta Baile, a bunaíodh go gairid roimhe sin chun “Gaelphobail úra a bhunú”. Creidim go pearsanta nach mbeidh mórán de thodhchaí roimh an Ghaeilge gan lonnaíochtaí úra, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga i ngach gné den saol agus


Slánú na Gaeilge ina bhfuil sí mar rogha-theanga ag tromlach na ndaoine atá ag cur fúthu sa cheantar. Gaelphobail úra. Cén fáth nach mbainim úsáid as an fhocal 'Gaeltacht'? Cad is fiú? Ní gá trioblóid a chothú gan chúis - ní tábhachtach an teideal ná an teorainn - is é an Ghaeilge mar theanga labhartha ann an t-aon rud atá tábhachtach.Cé nach bhfuil an t-eagras Baile ag feidhmiú a thuilleadh, d'éirigh linn cuspóir a chomhlíonadh, mar a bhí, taighde a dhéanamh agus coincheap na lonnaíochtaí úra a phoibliú.

Cuireadh an smaoineamh i mbéal an phobail, go sealadach cibé ar bith.Bhíothas ag súil go bhfásfadh rud éigin eile amach as Baile a thógfadh lonnaíochtaí úra Gaeilge.An fáth is mó nár tharla seo ná easpa físe.Bhí daoine i gcónaí ag iarraidh fís s’againne a chloisteáil, bhí siad ag iarraidh ceannaireachta. Ní raibh Baile ábalta sin a chur ar fáil áfach ar eagla go rachadh sé i bhfeidhm ar thorthaí an taighde a bhí ar siúl agus de bhrí nach raibh muidne féin go hiomlán ar aon fhocal faoin fhís. Lig dom mar sin an fhís, mar a fheictear domsa í, a léiriú agus a mhíniú.


*

36 nós

Gníomhaíochas

Fís dhuine aonair atá ann ar ndóigh agus ní gá go mbeadh gach duine den tuairim cheannann céanna chun Gaelphobail úra a bhunú. Tá mise ag maíomh as cur chuige le cúig ghné bunaithe ar na rudaí ar éirigh leo go dtí seo. 1. Gaelscoil 2. Cultúrlann / Club Sóisialta 3. Ionad Gnó 4. Lonnú Gaeilgeoirí i gceantar ar leith 5. Scéim tithíochta ann chun Gaelphobal úr a mbeadh rath air a thógáil Creidim go bhfuil gach eilimint acu sin riachtanach chun fíor-phobal teanga a thógáil. Má tá eilimint amháin ar lár, tá sé thar a bheith deacair gnáthphobal teanga a thógáil. Má tá dhá cheann, nó níos mó ar lár, ní féidir é a dhéanamh.Níl rud ar bith réabhlóideach fá rud ar bith acu sin, is é an difear ná go mbeadh siad á ndéanamh in aon áit amháin. Gaelscoil Déarfadh daoine go minic liom, “an bhfuil sibh ag caint fá phobail a thógáil thart ar Chultúrlann, nó thart ar Ghaelscoil?” Cén fáth a mbeadh orainn ceann amháin acu a roghnú? Rud bunúsach riachtanach é Gaelscoil dar liom. Bheadh oideachas trí mheán na Gaeilge de dhíth ag páistí an Ghaelphobail ar ndóigh, ach chomh maith leis sin, bheadh an saol níos Gaelaí agus níos éasca dá mbeadh cuid mhaith de pháistí an cheantair máguaird ag freastal ar an scoil – síol a fhásfas ina chrann darach atá uainn, ní daingean a thitfeas lá éigin, luath nó mall. Cultúrlann / Club Sóisialta Cén cineál pobail a bheadh ann gan áit lárnach ina bhféadfadh daoine bualadh le chéile agus feidhmiú mar phobal? Thiocfadh leat tithe a thógáil i mullach ar a chéile ach mura bhfuil daoine ag bualadh le chéile agus ag caint, ní pobal teanga nó pobal ar bith é sin. Beatha teanga í a labhairt – i gcomhthéacs pobail. Agus, maith nó olc, ólann daoine. Le tábhacht na gné seo den Ghaelphobal úr a thuigbheáil, níl le déanamh ach amharc ar an áit lárnach atá ag an gClub Sóisialta i Ráth Cairn agus ar an tionchar atá ag Cumann Chluain Ard agus ag an Chultúrlann ar phobal Gaelach Bhéal Feirste. Ionad Gnó Tá fostaíocht de dhíth i ngach pobal. Mura bhfuil fostaíocht ann, níl i gceist ach baile codlata nó ‘commuter town’. Chomh maith leis sin, in Éirinn, dá mba rud é nach raibh fostaíocht ar fáil sa Ghaelphobal nua, bheadh beagnach gach duine sa phobal ag obair trí Bhéarla, rud a mbeadh tionchar

diúltach aige ar iompar teanga an phobail sa deireadh. 4 & 5. Lonnú Gaeilgeoirí agus Scéim Tithíochta Déarfadh daoine i gcónaí linn –“an bhfuil sibh ag caint fá dhaoine a lonnú in áit éigin ar nós Ghaeltacht Ráth Cairn nó scéim tithíochta a thógáil ar nós Bhóthar Seoighe?” Bheinn féin ag iarraidh an dá rud a dhéanamh - más ag caint faoi lonnaíocht faoin tuath atá muid – san áit chéanna ag an am céanna. Sílim go mbeadh scéim tithíochta ar nós Bhóthar Seoighe riachtanach chun ‘croí’ teanga a thabhairt don áit, chun feidhmiú mar ‘fhíorGhaeltacht’ agus mar dhún lárnach leis an Ghaeilge a spré amach as. Ach caithfear a bheith cúramach - bheadh eagla ar dhaoine bheith ina gcónaí i ‘gcomún’. Tá measarthacht ar gach rud. B’fhéidir ‘coilíniú’ a dhéanamh ar cheantar tuaithe ach ba riachtanach scéim tithíochta a bheith ann mar chroí an phobail, clachán tithe nó sraith tithe atá i gceist agam. Mar sin féin, níorbh leor é sin. Fás nó bás – sin an rogha. Ní dóigh liom in aon chór go gcaithfeadh gach Gaeilgeoir a bheith ina gcónaí ar mhullach a chéile. Silím dá mbeadh teaghlaigh ann ina gcónaí laistigh de 10 míle de lárionad / scoil / scéim títhíochta gurbh éifeachtach sin chun pobal teanga a thógáil.Ba riachtanach Gaeil eile a spreagadh chun lonnú sa cheantar, coilíniú más maith leat, ag glacadh Ráth Cairn mar dhea-shampla. Ach más coilíniú atá i gceist, caithfear tacaíocht éigin don Ghaeilge a bheith sa phobal cheana féin agus ar a laghad roinnt de mhuintir na háite páirteach ann nó bheadh scoilt ann idir muintir na háite agus na ‘blow-ins’ go deo.B’fhearr é go mbeadh dhaoine áitiúla in ann tús a chur leis agus ansin daoine ón taobh amuigh a earcú ina dhiaidh sin. Cé chomh deacair is a bheadh sin? Ní bheadh sé éasca, ach bheadh sé indéanta. Thar rud ar bith eile, bheadh díograis, fís dhearfach, allas agus, ar ndóigh, cumas chun a bheith ag comhoibriú le daoine eile de dhíth. Tá beagnach gach rud ar an liosta sin thuas á dhéanamh ar fud na tíre - níl mise ach ag caint ar iad a dhéanamh in aon áit amháin. Ní bheadh tacaíocht ann ó Fhoras na Gaeilge nó dream ar bith eile rialtais do ghníomh mar sin, rud ón bhun aníos a bheadh i gceist. Ní hé an t-airgead an fhadhb is mó, mar a shíltear, ach na daoine a earcú. Ach creidim nach féidir fíor-ráth bheith ar an Ghaeilge mar theanga bheo gan é.Má tá duine ar bith ar aon fhocal liom, bígí i dteagmháil.

Is iriseoir é Ciarán Dunbar a chónaíonn ar an Spidéal. Is féidir teacht air ar Twitter @CiaranDunbar


*

Gníomhaíochas

nós 37


tom daley

Ag tumadh in aghaidh easa? Cearta an phobail ALDT agus saol an spóirt. Léargas le Seán Mac Risteaird.


*

Gníomhaíochas

I

s le linn físe Youtube a scaoil Tom Daley rún uaidh. Rún a choinneáil sé faoi chois agus é ag tumadh leis don Bhreatain Mhór le linn na gCluichí Oilimpeacha sa mbliain 2008 agus arís eile i 2012. Níl ach 19 bliain slánaithe ag Daley ach tá an-rath go deo air agus é mar fhear spóirt agus mar réalta mhór ar na gréasáin shóisialta agus ar an teilifís araon. Ag baint leasa as an idirlíon mhínigh Daley don saol go bhfuil caidreamh grámhar ar siúl aige le fear eile. Níor baineadh an-siar as cuid mhór de thacadóirí Daley a bhí ag súil leis an gcineál seo scéala ón tumadóir rathúil. Ach, sin ráite, ní raibh chuile dhuine ar líne sásta lena chinneadh bheith oscailte mar fhear déghnéasach. Dathaíonn a scéal féin tuiscintí agus pointí dóchais agus éadóchais dúinn uilig, go háirithe i dtaobh an chlaonta ghnéis agus saol an spóirt trí chéile. Is iomaí buntáiste a bhaineann le spórt agus moltar go láidir é do ghasúir óga – go bhfoghaimíonn an gasúr cén chaoi bheith dírithe ar aidhmeanna, cén chaoi dul i ngleic le fadhbanna agus cén chaoi bheith ag obair le daoine eile. Ach an saol sásta é don imreoir gairmiúil spóirt in Éirinn? Tá eagrais ar nós SARI (Sport Against Racism Ireland) curtha ar bun le saol an spóirt a oscailt d’éagsúlacht daoine, beag beann ar chine nó ar chúlra. Is léir go raibh fadhb an chiníochais le sonrú sa spórt nuair a bunaíodh an t-eagras sa mbliain 1997, agus is dócha go bhfuil fós go pointe. Tá ag éirí go geall le SARI a gcuid aidhmeanna a chur chun cinn i measc phobail an spóirt in Éirinn ach, i bhfianaise scéal níos ginearálta Daley, an bhfuil eagras den chuma chéanna ag teastáil uathu siúd a aithníonn go bhfuil siad aerach, leispiach, déghnéasach nó trasghnéasach (ALDT)? Mar is eol do chách, is minic a bhíonn an fhearúlacht agus an spórt nasctha go dlúth lena chéile.Má tá suim ag an mbuachaill óg sa spórt, is minic a dhéantar catagóiriú air agus go gcuirfí piarbhrú air a iompar a bhunú timpeall ar an

nós 39

bhfearúlacht. Cinnte, ba léir sin nuair a léirigh Dónal Óg Cusack, iarchúl báire fhoireann iomána Chorcaí, go raibh sé aerach. Rinneadh scéal mór as nuacht Dhónail agus tugadh ardán dó ar chláracha teilifíse, ar nós an Late Late, chun a chás a phlé. Níor chuir Dónal fiacail ina chuid cainte agus mhínigh sé go soiléir don lucht féachana cén chaoi ar chuir a rúndacht isteach air agus cén chaoi ar chuir ráflaí isteach air chomh maith mar imreoir agus mar bhall dá fhoireann iomána. I gcomparáid le rogha phearsanta Daley, cuireadh brú as cuimse ar Dhónal a scéal a inse agus a léiriú toisc nach raibh an dara rogha aige de thoradh raflaí agus de thoradh na cúlchainte. Ní gá ach breathú ar pheileadóirí na hÉireann le droch-chás an phobail ALDT i saol an spóirt a áiteamh. Agus líon mór imreoirí Gaelacha agus sacair agus rugbaí againn in Éirinn, ní féidir imreoir ar bith a aithint mar dhuine oscailte aerach. Má ghlactar leis gur chóir go mbeadh ar a laghad dórnán beag d’imreoirí aitheanta atá aerach, leispiach, déghnéasach nó trasghnéasach, cén fáth nach bhfuil siad sásta a bheith bródúil astu féin mar imreoirí agus mar dhaoine den phobal sin? Le féinmhárú agus fadhbanna meabharshláinte fós mar bhagairtí móra don phobal ALDT, tá argóint ann go mbeadh eagrás ar nós SARI in ann cabhrú le himreoirí aereacha nó leispiacha a bhféiniúlacht a cheiliúradh agus an bhulaíocht a cháineadh. Beidh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014 ar siúl i Sochi na Rúise i mí Feabhra.Tá an Rúis go mór i mbéal an phobail idirnáisiúnta de dheasca na cinsireachta i leith an phobail ALDT agus an chaoi uafásach a gcaitheann dlíthe na tíre leis an bpobal sin. Tá sé thar am go mbeidh imreoirí spóirt na hÉireann agus imreoirí eile idirnáisiúnta ar nós Tom Daley in ann imirt gan eagla.Tá sé tábhachtach go mbíonn spórt oscailte agus fáilteach d’éinne i gcónaí – níor chóir go gcuirfeadh inscne, claonadh gnéis nó dath craicinn isteach ar chumas, scil nó paisean an spóirt.

dónal óg cusack


*

40 nรณs

saol

saol

ร Scรณrรกil go Sextรกil Michaeline Donnelly


*

saol

A

gus teip ghlan ar iarrachtaí s’agam Gaeilgeoir deas a aimsiú ar an tseándóigh (Comórtas Peile na Gaeltachta agus Oireachtas na Samhna), shocraigh mé triail a bhaint as chur chuige níos nua-aimseartha. Lig dom bheith soiléir faoi seo - tá mé breá sásta mar atá mé, liom féin, ach shíl mé go mbeadh sé deas bualadh le daoine nua, agus dá mbuailfinn le fear dathúil saibhir nárbh iontach dom é?! Thosaigh sé breis agus bliain ó shin, le cuntas ar match. com.Bhí mo chroí briste ag an am agus bhí mé leochaileach dá bharr. Is eispéireas ar leith é ‘online dating’ lig dom a rá. Ar nós suíomh sóisialta ar bith, cruthaíonn tú próifíl ina bhfuil pictiúr agus giota beag scríofa fút féin. Uilig ceart go leor, shílfeá.Ach tá cúpla fadhb a bhaineann leis an suíomh agus a mhacasamhail. Tá sé ar nós dul isteach chuig TK Max i rith reiceanna mhí Eanáir - más rud é go bhfuil an t-am agus an fuinneamh agat dul fríd na próifílí ar fad, beidh tú go breá. Ach is próiseas trom tuirsiúil é i ndáiríre dul tríothu ar fad agus níorbh fhada go raibh mé dubh dóite leis an rud. Chuaigh mé ar choinne amháin (dá gcuirfeá ‘coinne’ ar a leithéid), le fear a raibh post ar dóigh aige, iontach dathúil, agus é iontach deas de réir cosúlachta. ‘Catch’ iontach ar pháipéar! Ní raibh rudaí chomh hiontach sin nuair a bhuail muid le chéile áfach - ní raibh an splanc ann ar chor ar bith. Agus seo í an fhadhb is mó a bhaineann le grá a aimsiú ar line - go dtí go gcasann sibh ar a chéile, ní bheidh a fhios agat! Sílim gur chuir mé eagla ar an chréatúr bocht, agus go gairid ina dhiaidh, scrios sé uimhir s’agam, agus ní raibh muid mar chairde ar Facebook níos mó. Ba leor an t-eispéireas é le mé a chur ón suíomh, ach ina ainneoin seo, ba chúis dóchais dom go raibh daoine deasa amuigh ansin. De réir na staitisticí tosaíonn caidreamh amháin as gach cúig cinn ar líne na laethanta seo, agus tá go leor deá-scéalta cloiste againn. Mar sin ní dhéarfainn nach ndéanfainn choíche arís é.Bhog mé ar aghaidh ina dhiaidh sin go cur chuige eile. Spreagtha ag iarrachtaí Áine Goggins sa chlár ‘Meitheal Nó Meáin’, shíl mé go mbainfinn triail as an ‘Scóráil Scioptha’. Tháinig seo chun cinn sna luath-2000s le seóanna ar nós ‘Sex and the City.’ Ní nós nua é mar sin ach bhí mé fiosrach faoi. Chuaigh mé le cairde cónaithe s’agam go himeacht i lár Bhéal Feirste.Shiúil muid isteach agus bhí thart faoi 10 fear ag cruthú thart ag sugradh ar ghútháin s’acu. Ba léir dúinn ar fad go raibh muid san áit cheart!Leagan amach simplí atá ann - nuair a bhuaileann an clog bogann na fir ar chlé agus fanann na mná san áit a bhfuil siad.

Caitheann tú cúig bhomaite ag caint leis an duine os do chomhair, agus buailtear an clog arís. Má bhíonn suim agat sa duine sin cuireann tú tic le hainm s’acu, agus faigheann tú amach an lá dar gcionn an raibh duine ar bith sásta tic a chur leatsa. I ndáiríre, bhí na mná galánta ar fad, ach as b’fhéidir fear deag, ní raibh ach tríúr a raibh comhrá maith ann eadrainn. Díomach! Ba é an craic an sprioc a bhí againn an oíche sin, agus cé nár éirigh liom mo ghrá geal a aimsiú, bhí spraoi ar dóigh againn, agus mar sin dhéanfainn arís go cinnte é! Glacann sin go ‘Tinder’ mé, aip cleamhnais atá deartha go speisialta don ghlic-ghuthán agus a bhfuil an-chaint air le déanaí. Dár ndóigh, ar mhaithe le ‘taighde’, shocraigh mé é a fháil maidin Domhnaigh amháin nuair nach raibh tógáil mo chinn agam ón oíche roimhe. I ndáiríre, bhí an aip ag mo chara cónaithe agus is caora mé! An rud is suntasaí faoi ná an leagan amach an-simplí. Úsáidtear GPS le d’áit chónaithe a aimsiú agus déantar nasc le do phróifíl Facebook ionas go dtig leis an aip teacht ar chairde leat agus ar do chuid spéiseanna. Cuirfear ‘daoine oiriúnacha’ os do chomhair agus is féidir ‘like’ a dhéanamh trí ‘swaidhpeáil’ ar dheis, nó ar chlé mura dtaitníonn an duine sin leat. Fir na bhféasóg, peileadóirí agus Gaeilgeoirí ar dheis, duine ar bith barrnochtaithe, a bhfuil féinphic glactha, nó grianghriaf dá bhainis aige (tarlaíonn sé), ar chlé.Má bhíonn speis agaibh beirt ina chéile, is féidir teachtaireachtaí a chur chuig a chéile, ar nós ar Facebook. I ndáiríre, sílim go bhfuil gortú athstraidhneála nó RSI (Repetitive Strain Injury) ag teacht sna hordóga, tá mé chomh gafa leis! Dár ndóigh, bíonn corr-gheallt ann (ina measc ‘SingleKinkster’ agus an fear a d’oscail an comhrá liom ag rá gur léir go raibh mé mar bhall d’Óglaigh na hÉireann de bhrí gur thug mé ‘like’ do ‘Des Bishop’, agus do ‘Acht na Gaeilge’ ar Facebook), ach is daoine deasa den chuid is mó a raibh mé ag caint leo go dtí seo. Dár ndóigh, bíonn daoine ag tabhairt amach de bhrí é a bheith chomh ‘superficial’, ach ag an am céanna, sin mar atá an saol cuid mhór. Nach fearr comhrá de chineál éigin a bheith ann leis an duine sin seachas a bheith ag shifteáil duine randamach éigin agus tú ar deargmheisce? Deir daoine fosta gur ‘hookup app’ atá ann, ach de réir mo thaithí féin ní mar sin atá sé. Is maith linn ar fad a bheith ag caint cacamais, agus sílim go bhfuil daoine á úsáid ar mhaithe leis sin. Ní thig liom a rá gur bhuail mé le duine ar bith speisialta go fóill, ach is cinnte go bhfuil neart féidearthachtaí ann - i bhfad níos mó ná mar a bheadh sa teacht tábhairne oíche Shathairn cibé ar bith!

nós 41


Séamasarseachrán... ar an teilifís Bhí a fhios againn go maith go raibh sé chun tarlú lá éigin. Tá an oiread sin cleasanna ar eolas ag Séamas beag go raibh muid i gcónaí cinnte anseo in oifigí NÓS go n-éireodh leis a aghaidh

dhána a chur ar an teilifís. Agus de réir cosúlachta gur sin díreach an rud atá déanta aige anois. Ní raibh sé soiléir ag an tús. Sheol sé an grianghraf sin thuas chugainn agus shíl muid go raibh sé

amuigh ag cuidiú leis na gardaí tráchta nó a leithéid. Ba bheag an baol. Ansin bhí sé le feiceáil ag barr dorchla agus, bhuel, léiríonn na grianghrafanna eile an chuid eile den scéal...


*

saol

?

n贸s 43


44 nós

*

saol

Is é, d'oibrigh muid amach ón chéad phic eile go raibh Séamas tar éis fáil isteach i stiúideo teilifíse, agus go raibh an chuma ar an diabhal sásta go raibh sé ina shuí os comhair scátháin sa seomra feistis, agus smideadh á chur air! Ní fios fós ar ghlac sé páirt i gclár mar is ceart ach is cinnte go raibh sé ar tholg na láithreoirí. Is cosúil áfach nach raibh a fhios ag an fhoireann léiriúcháin cé a bhí siad tar éis ligint ar seit...


*

saol

Deirtear linn gur bhuail taom gliondair agus corraíola é ansin agus gur léim sé ar bharr ceamara. Is mór an trua nár stad sé aige sin ach, ar ndóigh, níor stad. Tá an-suim sna sreanga ag Séamas agus rinne sé iarracht bosca leictreachais an stiúideo a 'dhéisiú' dóibh. Is cinnte gur mór an buíochas a gabhadh leis as sin.

nós 45



*

saol

Nuair a d'éirigh le foireann an chláir é a mhealladh anuas ón bhosca, níorbh fhada go bhfaca sé ceann de na comharthaí is ansa leis... 'Aire'. D'iarr sé orthu grianghraf a ghlacadh dó agus é ina sheasadh taobh leis. Tá go maith, shílfeá. Bhuel measann muid ó na grianghrafanna eile - nach féidir a thaispeáint anseo - gur tharla éachtra éigin ag an phointe sin agus gur iarradh ar an scabhaitéir flannbhuí imeacht ón stiúideo. Ar ndóigh, níor chuir sé sin iontas ar bith orainn, ach oiread leis an phic deiridh seo... is léir go raibh Séamas an-sásta lena lá faoi na soilse.

nós 47


48 nós

*

saol

achrann aclaíochta Tá cur chuige 'céim ar chéim' ag Eoghan Ó Loideáin chun do mheabhair agus do chorp a ullmhú don bhliain nua, agus níl sé ró-dheacair...


*

saol

G

o minic tagann ról an déagóra orainn go tobann, agus leis, neart rialacha agus meon a gcuireann an tsochaí brú orainn a chur i bhfeidhm. Idir diúltach agus dearfach, rialaíonn na blianta sin an duine a bheas ionat amach sa todhchaí, agus is iad a shocraíonn do mheabhair chomh maith le do chorp. Sa deireadh thiar thall, is ort féin atá an locht má chailltear smacht ar cheachtar acu sin. BRÉAGA! An bhfuil tú ag éisteacht liom in aon chor? Mar a deirim thuas, is é an brú ón tsochaí a threoraíonn muid go rialta, agus is air sin atá an locht. Ach fiú muna bhfuil a fhios ag mórán daoine é, tá rogha agat! Má bheireann tú greim ort féin go luath beidh seans agat do chosán féin a thógáil agus gan bacadh leis an tslí iomlán ‘aonarach’ atá gach duine eile timpeall ort ag leanacht. D’fhág mise slán le mo dhéaga os cionn ceithre bliana ó shin agus ag breathnú siar anois ceapaim féin go bhfuil, ar a laghad, leath-thuiscint agam ar an deichniúr sin i mo shaol. Is am é ina dtiteann muid i ngrá don chéad uair, cuireann muid aithne cheart ar ár muintir agus a gcuid teorainneacha, tagann forbairt ar ár bpearsantacht féin agus ansin foghlamaíonn muid nach bhfuil cliú dá laghad againn céard atá sa ngrá sin beag ná mór! Rud amháin a chuireann fearg an domhain mhóir orm ná an brú a chuirtear ar dhéagóirí íomhá ar leith bheith acu chun an moladh is suntasaí a fháil ó shúil an phobal nuaaoisigh seo. Braitheann sé uile ar cé chomh mór nó beag atá tú: ó thaobh meáchain, airde nó stádais de, is bocht an meon seo a chruthaíonn an tsochaí do na daoine soghábhalacha óga seo. Tábhacht na Sláinte É sin ráite, creidim gur cheart duit rudaí áirithe a dhéanamh chun an leas is fearr a bhaint as do chorp agus do shaol ina iomlán. Ar ndóigh, is í an aclaíocht atá i gceist agam. Chun blaisín beag a thabhairt daoibh, má bhíonn tú cloch go leith - ní an oiread sin é idir an bheirt againn - róthrom bíonn beagnach 5,000 míle soitheach fola (blood vessel) sa bhreis agat. Bíonn ar do chroí bocht an oiread sin oibre sa bhreis a dhéanamh mar gheall air seo, rud nach bhfuil fiú tíosach, ná bác le sláintiúil, duit féin agus do chorp in aon chor... muna coraí súmó thú ar ndóigh! Ag tús na bliana nua, gach bliain, buaileann an fonn seo daoine go mba cheart dóibh a saol a athrú ina iomlán. Ní. Tharlaíonn. Sé. In áit athrú mór millteach mar sin, cad faoi athruithe

níos réadúla a dhéanamh, ceann ar cheann? Anois ná ceap go mbeidh ort síntiús deich mbliana a fháil leis an ionad aclaíochta áitiúil. Níl ansin ach má tá suim agat dul ag ‘pumpáil iarainn’ gach lá ar nós Arnie s’againne fadó. Úsáid do chorp Creid é nó ná creid tá na huirlisí is fearr timpeall ort. Tá a fhios againn uile gur fearr an staighre a úsáid in áit an ardaitheora, cuir é seo i bhfeidhm le gach aon rud i do shaol ó lá go lá agus ní bheidh sé i bhfad go mbeidh tú ag móthú na mbuntáistí. Chomh maith leis sin tá neart bealaí aclaíocht a dhéanamh le meáchan do choirp amháin. Triail do ghéaga a choinneáil suas díreach ar feadh noiméad nó luí siar agus croch do chosa san aer agus tuigfidh e tú an méid atá i gceist agam. Tá níos mó ar fáil sa nasc ‘Nerd Fitness’ thíos, níl féin-bholscaireacht ar bith leo ach an oiread, rud an-dearfach cheapfhainn féin! In áit tiomáint gach uile áit tóg leat an róthar nó bain úsáid as do chuid cos! Cloígh le lá amháin i rith na seachtaine nach gcuirfidh tú le truailliú an domhain, fiú má tá sé ag stealladh báistí, agus beidh, go minic! Tá na samplaí seo cloiste agaibh uile cheana agus níl orm athrá a dhéanamh orthu. Tábhacht na cistine I rith mo chuid taighde ar an tsláintiúlacht le bliain anuas, rud amháin a léigh mé a chuir an-iontas orm ar fiú a lua ná: “Chun cuma a chur ort féin deirtear go mbíonn ort 20% don obair a dhéanamh san ionad aclaíochta agus an 80% eile a dhéanamh sa gcistineach!”

nós 49


*

50 nós

saol

Go dtí gur chuimhnigh mé ceart air agus go ndéarna sé ciall dom, d’ith mé mo rogha rud ach is ionann é agus breosla salach a chur i do charr, níl baol aige feidhmiú mar is ceart! Ní bheidh ort fanacht glan ar thada le saill ann agus bia glas amháin a ithe. Is é an moladh atá agamsa ná bíodh a fhios agat céard go díreach atá sa mbia a chuireas tú i do bhéal, más ó shiopa, bialann nó cistineach do sheanmháthar féin a thagann sé. Deirtear go bhfuil níos mó dochair i mbia beagmhéathrais (low fat) ná an leagan ceart. B’fhéidir go mbeadh níos lú saille ann ach bí cinnte go bhfuil neart táirgí thar a bheith míshláintiúil eile ann chun an dallamullóg a chur ar do chuid blaslóg (E-uimhir, aspairtéim, blasóirí mí-nádúrtha srl.). Bíonn ar roinnt mhaith de bhia ar bith a bhíonn ar díol sna hollmhargaí móra sa lá atá inniu ann na treoirmhéideanna laethúla a bheith scríofa ar an lipéad. Níl leithscéal ar bith agat gan an rogha is sláintiúla a

phiocadh. Admhaím nach iad is saoire i gcónaí, ach ní ceart praghas a bheith ar do shláinte. Mar chríoch, ná déan dearmad air seo. Muna bhfuil tú sásta i láthair na huaire leat féin, déan beagáinín oibre chun é sin a athrú. Déan céim ar chéim é, ó thaobh aclaíochta agus nósanna itheacháin de, agus ní bheidh i bhfad le dul agat go dtí go mbeidh tú ag seasamh ar thrá nocht i ndeisceart na Fraince gan imní ar bith ort seachas an dochar a dhéanfas an t-uisce fuar ar bhur ‘muinín’ a leaids… Seo tús, le tús nua! Bordbia.ie - Oidis Sláintiúla Cronometer.com - Dialann laethúil beathaithe - Déan nóta do chuile ghreim! Bmi-calculator.net - An bhfuil tú róthrom nó ró-éadrom? Nerdfitness.com - Aclaíocht ag úsáid mheachán do chorp!

an g spota


*

saol

n贸s 51


52 nós

*

saol

Leann ar Aghaidh! Tugann Maitiú de Hál blaiseadh dúinn ar fhás earnáil na mbeorach áitiúil, nó ceardleann, agus baineann sé triail as a ól féin a dhéanamh sa bhaile


*

saol

N

uair a bhíonn an braon istigh, bíonn an chiall amuigh mar a deir an seanfhocal. Bíonn go leor cur is cúiteamh faoi dhrochthionchar an ólacháin anseo in Éirinn (féach lch 28. Eag) ach le tamall beag anuas tá lear mór maith d’Éireannaigh ag éirí níos géarchúisí leis an bhraon a théann isteach.Bíonn blas ar an bheagán cinnte, agus tá saol iomlán eile amuigh le blaiseadh. Céard? Leann? Ceardleann! D'fhéadfaí a rá gur chaitheamh aimsire náisiúnta é an t-ólachán agus is beag duine nach bhfuil deoch ar leith acu a dtaitníonn leis. Le blianta beaga anuas tá borradh as cuimse i ndiaidh teacht ar thionscadal na gceardlann le micreaghrúdlanna ag fás ar fud na tíre. Tá trí chinn i dTír Chonaill, agus ceann in Inis Eoghain, agus is beag contae nach bhfuil an bheoir á déanamh ann anois agus is ó neart go neart atá an tionscadal is an leann ag dul. Ag Féile Cheardleann na hÉireann le déanaí, bhí breis is scór grúdlann dúchasach ag táirgeadh os cionn céad beoir do níos mó ná deich míle cuairteoir thar an deireadh seachtaine. Bhí mé ar an láthair ag seastán Chumann Náisiúnta Ghrúdaireacht Bhaile ag tabhairt cibé comhairle a bhí mé in ann. Is iontach an rud a fheiceáil go bhfuil na grúdairí seo ag cruthú postanna is beorach den chéad scoth anseo in Éirinn. Ní hamháin sin ach tá an Ghaeilge i lár an aonaigh den mhargaíocht.Idir Leann Folláin, an Charraig Dhonn, Curim, an Braon Blásta agus Baile. Bíonn an Ghàidhlig le feiceáil ar na seilfeanna taobh leo le macasamhail Fraoch (atá déanta le fraoch in áit hopaí,) Róisín, Ceilidh agus Ola Dubh ina measc. Beoir bhaile Le breis is bliain anuas tá mé féin ag tabhairt faoi mo chuid beorach féin a dhéanamh. Caithfidh mé a rá gur pléisiúrtha an caitheamh aimsire é. Is é cara liom, Lee Hughes, a mhúscail mo spéis sa ghrúdaireacht bhaile agus taobh istigh d’achar gairid bhí

mo threalamh ceannaithe agam agus bhí mé i mbun na grúdaireachta. Is rud fíorshimplí í an bheoir agus de réir an Reinheitsgebot (Dlí Íonachta na Gearmáine a cuireadh i bhfeidhm breis is 500 bliain ó shin) ní bhíonn inti ach eorna, uisce agus hopaí. Mar sin, níl sí chomh deacair sin a dhéanamh. Ní gá duit dul chun an tobair ná amach le speal chun do chuid eorna a bhaint - tá bealaí níos fusa ann agus iad ar fáil go forleathan ar an idirlíon. Thosaigh mé féin amach le kit.Ní chreidfeá cé chomh furasta is atá sé:Méid an kit a mheascadh le siúcra is uisce bruite sa tsoitheach coipthe (fermentation chamber). Uisce fuar a chaitheamh isteach ar a mhullach is an giosta a chur leis sa deireadh. Níl le déanamh ansin ach fanacht ar feadh coicíse nuair a théann an giosta i mbun na hoibre ag ithe an tsiúcra. Tá sásamh bocht ann ag éisteacht le sú na braiche (malt) ag boilgearnach leis.Ag deireadh na coicíse cuireann tú do leann isteach sna buidéil díreach ón soitheach le giota beag siúcra le carbónú a dhéanamh air. Ach an bhfuil sé chomh deas leis an méid a fhaighim i dtigh a’ leanna? Bheadh iontas ort cé chomh blásta is atá sé. Thig leat cibé is mian leat a dhéanamh; leann dubh, leann bán, leann geall na hInde, poc dúbáilte (ní gá dóibh a bheith ar buile!). Ní obair aonarach í ar chor ar bith. Bíonn fóchumainn den Chumann Náisiúnta Ghrúdaireacht Bhaile ar fud na tíre agus bíonn laethanta grúdaithe ann go rialta, de ghnáth ag trial na mbeorach a rinneadh cheana. Le déanaí, thosaigh mé ag déanamh mo mhaistreáin féin ag bruith na braiche agus ag a meascadh comhábhar eile isteach ar nós na seaclaide... fíorbhlásta! Tá leann dubh bainne / leann dubh milis (Is é sin leann dubh a dhéantar le siúcra lactóis) á ghrúdú agam sa soitheach agus leann bán ar nós Bass sa cheann eile. Ní saineolaí mé (sain-ólaí b’fhéidir) ach molaim d’éinne dul i mbun léann an leanna!

nós 53


*

54 nós

saol

Féasta na mBard Hugh Corcoran

Le linn 2013 chaill Éire file, agus fuair sí ceann úr. D'éag Seamus Heaney, ollfhile as contae Dhoire, i mí Lúnasa ach lena bheo is minic a chuir sé in iúl dúinn faoinár dtimpeallacht agus faoi na fíormhothúcháin a théann léi. Ar na dánta is cáiliúla a scríobh sé tá ‘Blackberry Picking’, a thug spreagadh domh an chéad oideas seo thíos a chur le chéile. “You ate that first one and its flesh was sweet Like thickened wine: summer's blood was in it” Go gairid i ndiaidh bhás Heaney, bhronn Uachtarán na hÉireann 'Cathaoir Fhilíocht Éireann' ar Paula Meehan.

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá a cuid scríbhneoireachta bunaithe ar shráideanna na príomhchathrach. Mar a dúradh fúithi tráth: “..éistionn sí leis na daoine, le labhairt ar a son”. Is ón bhun aníos a thagann filíocht s'aici agus is mar sin a thagann an t-oideas eile seo chomh maith. Fuair muid spreagadh dn mhias seo ón dán ‘Buying Winkles’. ‘Open the eyelid. So. Stick it in till you feel a grip, then slither him out. Gently, mind.’ The sweetest extra winkle that brought the sea to me.


*

saol lámha go dtí go bhfuil siad cosúil le grabhróga móra aráin. Anois, cuir na buíocáin isteach agus measc isteach é. Más gá, cuir braon beag uisce isteach chomh maith. Déan iarracht gan an taosrán a mheascadh rófhada nó scriosfaidh tú é. An cleas ná é a chur le chéile gan baint de mórán. Cuir scannán cumhdaithe (clingfilm) thart air agus cuir sa chuisneoir é ar feadh fiche bomaite.

Pióg Sméara Dubha Sméara Dubha Siúcra 200g Im 350g Plúr x2 Buíocán Uibh Déan na sméara dubha a chócaireacht leis an siúcra (an méid ba mhaith leat). Leis an taosrán a dhéanamh, cuir an plúr agus 150g den im isteach i mbabhla le chéile. Déan iad a mheascadh le do

Cuir an t-oigheann suas go 180C. Bain amach an taosrán agus déan é a rolladh amach. Úsáid an t-im atá fágtha le cur thart ar an mhias atá tú á húsáid agus cuir cuid den taosrán isteach go dtí go bhfuil an mhias líonta (beidh an chuid eile de dhíth fá choinne chlár na pióige). Déan poill bheaga le forc sa taosrán. Cuir an mhias isteach ar feadh 15 bomaite. Bain amach é agus úsáid an gealacán leis an taosrán a chlúdach. Cuir ar ais isteach é ar feadh 10 bomaite. Anois, cuir na sméara dubha isteach sa taosrán agus cuir an clár air. Cuir poill i mbarr an chláir agus cuir isteach san oigheann é ar feadh 20 bomaite eile. Custard Measc 3 ubh agus 100g siúcra. Téigh pionta bainne ar an sorn. Nuair atá an bainne te, measc giota beag, de reir a chéile, isteach sna huibheacha. Cuir achan rud ar ais ar an sorn agus measc gan stad go dtí go bhfuil sé tiubh.

F a o c h a i n l e S p a g h e tt i Dornán Faochan (winkles) x1 Bleib ghairleoige ½ tsp Sillí tirim ½ Líomóid 25g Im 100g Spaghetti nó Linguine x1 spbh Peirsil Cuir na faochain i bpota uisce fiuchta. Sábháil an t-uisce, bain amach na faochain i ndiaidh cúig bhomaite agus bain iad amach as na sliogáin. Cuir an spaghetti (De Cecco an stuif is fearr i siopaí anseo, agus tá sé tábhachtach stuif maith a cheannach) isteach san uisce céanna. Ar fhriochtán, cuir an t-im agus déan é a théamh. Caith an ghairleoig, sillí agus faochain isteach sa fhrioctán díreach dhá bomaite sula mbíonn an pasta réidh. Nuair atá an spaghetti déanta ‘al dente’, bain amach é, caith isteach sa fhrioctán é le braon den uisce cócaireachta sin, sú na leath-líomóide agus an pheirsil. Suaith (toss) achan rud le chéile agus coinnigh ar an sorn é go dtí go bhfuil an t-uisce uilig ar shiúl. den im isteach i mbabhla le chéile. Déan iad a mheascadh le do lámha go dtí go bhfuil siad cosúil le grabhróga móra aráin.

nós 55


56 n贸s

*

Dearadh

dearadh

lumiere, doire


*

Dearadh

Bhí cathair Dhoire lán cultúir i gcónaí agus ní raibh teideal ag teastáil ó mhuintir na cathrach le hinse daoibh go raibh a leithéid amhlaidh. Ag an am céanna bhí roinnt mhaith imeachtaí móra ar siúl cois Feabhail le linn 2013, ina measc sin bhí an fhéile soilse seo, Lumiere de chuid an chomhlachta Artichoke, a las spéartha agus sráideanna Dhoire i mí na Nollag. An bhfeicfear a leithéid i Luimneach in 2014?

nós 57


58 n贸s

*

Dearadh

Eala铆ont贸ir sa Spotsolas:

Mossie Quille


*

Dearadh

De bhunadh Mhín a’ Lea i nGaeltacht Dhún na nGall, agus anois ag cur faoi i mBriostó Shasana, is ealaíontóir é Mossie Quille a úsáideann gualach le líníocht a dhéanamh, mar go mbíonn solúbthacht agus neasacht ag baint leis nach féidir a fháil le hábhair eile. Réiteach áisiúil atá ann chun réamhsmaointe ar ábhair phéintéireachta

agus líníochta a chur in iúl. Ábhar galánta is ea é an gualach, rud a spreag Mossie chun dul i mbun na líníochta gualaigh sa chéad dul síos. Bhí a chéad taispeántas dá chuid féin aige, 'LandEscapes' i nDánlann Centrespace i mBriostó i mí na Nollag. Toradh ar obair bhliana atá sa taispeántas féin, atá ina bhailiúchán

nós 59

de shaothar líníochta a rinne Mossie le húsáid an ghualaigh amháin, agus é ag amharc ar a bhí taobh amuigh faoin aer. Is iomaí smaoineadh agus mothúchán, dar leis, nach féidir a chur in iúl trí fhocail amháin agus is sa bhearna seo atá tábhacht na healaíne agus na líníochta. mossiequille.co.uk


60 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 61


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.