Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne Turas ar Inse Shealtainn agus Inse Orc. Agus láthair seandálaíochta chomh maorga le Cathair na bhFionnúrach, i mbéal an dorais agam, b’fhéidir gurbh iontas é go mbeadh cíocras is fonn bóthair ó thuaidh go cósta thuaisceart na hAlban orm go dtí Oileáin Shealtainn agus Orc, lena bhfuil le maíomh acusan ó thaobh saibhris neoilitigh na dúichí san, a fhiosrú. Maith ab fhiú tabhairt fé. Tâ láithreacha agus iarsmaí seandálaíochta ‘le hanamna na marbh’ ann. Ainmneacha ar thúir agus ciorcail cloch agus láithreacha adhlactha nár chuala trácht riamh im shaol orthu go dtí sin, ag imeacht fém chosa, Mousa, Jarlshof, Sumburgh, oileán Naomh Ninian agus Scalloway i ngiorracht scread asail don bpríomhbhaile Lerwick ar Inse Shealtainn. Scéalta mistéireacha folaithe iontu go léir. Is fada ó thuaidh atá an baile sin Lerwick. Tá sé ar aon líne domhanleithead le Bergen, baile beag gleoite ar chósta thiar na hIoruaidhe. Ab aon iontas gur thug na Lochlannaigh sciúirdeanna agus ruathair fúthú mar a dheineadar fúinn féin agus d’fhág a rian ar ainmneacha bailte is uile. Ní mór de mharc atá fágtha acu ar ainmneacha áite anseo in Éirinn ach amháin ar ndóigh ar an dá chuan breátha san, Smerwick i gCiarraí thiar agus Helvick i bPort Láirge. Tá Oileáin Albanacha eile leithéidí Sgiathanach agus Leodhais breac le hainmneacha Lochlannacha mar go rabhadar san faoi cheannas na Lochannach i bhfad níos sia siar ná mar a bhíomarna in Éirinn gan dabht.| Scéal eile ar fad é an rian atá á fhágaint ag tionscal ola na Mara Thuaidh ar oileáin thoir thuaidh na hAlban, Séaltainn agus Orc, sa lá atá inniu ann. Cinnte go bhfuil airgead caite ar bhóithre agus ar ghlanachar na háite. Néatacht agus ord Preisbitéarach ó thalamh,le tabhairt fé ndeara ins gach aon áit, bail orthu. Ach is geall le Klondike cuid mhaith desna bailte, fir mhóra fíochmhara ag tuilleamh a mbeatha le hallas a ndroma. Pinginí móra á saothrú acu. Bheadh sé ag teastáil, agus an saol mínádúrtha a chaitheann siad a chur isteach ar mhaithe leis. Ag cur fúthu in óstáin ar longa seoil cóirithe go speisialta d’fhearaibh. Tréimhsí trí seachtainí ó dhubh dubh luite amach orthu fhéin. Na haon fhear ina bheirt. Aistear cúig huaire a chloig ó dheas ar bhád farantóireachta atá Inse Orc. Is amhlaidh mar scéal acusan é. Raidhse d’iontaisí neoiliteacha le maíomh acu, Knap Hower, carn Burnt Mound, Toffs Ness, Broch Gurness, Midhowe, Burroughston, agus Skara Brae. Nuair a chloisimidne Éireannaigh an ainm Skara Brae cuimhníonn cuid mhaith againn ar ghrúpa ceolmhar de bhunadh Conallach a bhí i mbéal an phobail roinnt blianta ó shoin. Binn a bhíodar, bail orthu. Ní foláir nó bhí cur amach acu ar an láthair iomráiteach ársa seandálaíochta Inse Orc, a rá go roghnaíodar an ainm sin. Is í an láthair ársa Skara Brae in Inse Orc an chloch is mó ar phaidrín seandálaíocht na dúthaí sin. Tá siad ana-mhórtasach as, agus a chúis acu. Tugtar togha na haire do agus tuigtear go dtabharfaidh an creimeadh cósta buille marfach do lá níos faide anonn. Tá a dhóthain díobhála déanta ag an gcreimeadh céanna dó cheana féin, mar nach bhfuil fághta anois ach a leath. Meastar daoine a bheith ina gcónaí i Skara Brae trí mhíle bliain roimh Chríost. Is mór an t-iontas go deo é. Ní féidir le saineolaithe seandálaíochta ach buille fé thuairim a thabhairt maidir le cén sórt daoine a bhí sna háiteanna sin ach is tuairimíocht í atá bunaithe ar staidéar na mblian a bhíonn i gceist gan dabht. Daoine gustalacha, a thóg láthair bhreá dóibh féin is dá dteaghlach a bhí ann. Bhíodar cumasach tíosach. Ba mhór acu a gcompord. Maraon linn féin suas go dtí le fíordhéanaí, b’é an drisiúr, an dresser deaghléasta an chéad rud a chífeá nuair a raghfá isteach i dtigh. Tá sé ansúd go gleoite in áitreabh Skara Brae agus féiríní is uirlisí a linne ar taispeáint go mórtasach do mhuintir an tí agus do chuairteoirí araon. Bhí seomraí fé thalamh acu mar áit stórais agus áit folaithe b’fhéidir, srutháin uisce ag sileadh chun glanachar a spreagadh agus fuílleach a smachtú. Na daoine seo bhíodar ar an gcéad dream a shocraigh síos in aon láthair amháin agus a chuir crích orthu fein. Bhí stoc acu agus bhíodar oilte mar fheirmeoirí agus mar iascairí. An aeráid i bhfad ní ba theo an uair sin de réir dealraimh, a bhuíochas do Shruth na Murascaille. An ní nách féidir le seandálaithe a dhéanamh amach, conas mar a tháinig deireadh lena leithéid. Conas nach bhfuil aon iarsma leanúnach díobh le feiscint aon áit eile. Mistéir rúndiamhrach a chuireann lenár bhfiosracht agus lenár n-iontas agus tamall a chaitheamh againn ar an láthair draíochta seo Skara Brae. Dúinne a bhí dall cuid mhaith ar imeachtaí an chogadh mhóir, agus an dara cogadh domhanda, cuireadh ar ár súile dhúinn anseo leis,a thabhachtaí agus a bhí na hoileáin seo Orc and Sealtainn mar láithreacha ‘straitéiseacha’ ag an Sasanach an t-am san. Cuanta breátha doimhne ar chósta thiar Inse Orc agus stair fhíochmhar fhuilteach acu. Ocht gcéad mairnéalach séidte san aer ag fomhuireáin Ghearmánacha. Árthaigh 40 West Kerry Live
iompaithe bun os cionn ar muir le feiscint fós mar leac cuimhneacháin ar an ár agus ar an uafás. Sáipéilín tógtha i 1943 ag príosúnaigh Iodálacha a bhí gafa agus fé chuing in Inse Orc ina ábhar iontais inniu agus an uair sin leis gan dabht. Bhraitheadar uatha an baile, Iodáil na hailtireachta áille agus áit chun a gcreideamh a chleachtadh. Le cead ó lucht ceannais an champa ghéibhinn chuireadar chun oibre agus thóg séipéilín gleoite as stán, agus mionrab cogaidh a thug faoiseamh agus árdú croí dóibh agus iad gafa. Tá se ina sheasamh fós. Tugann iarphriosúnach fothuras thar nais chun snas beag agus miondeisiú a dhéanamh air. Is gleoite gléineach an tseoid í, más cogadh agus cruatan ba thús leis. Níl Inse Orc gan Ciarraíoch Mallaithe leis. Cloch chinn ar bharr faille in ómós don gCiarraíoch sin Kitchener a dhein a chuid chun fir óga a mhealladh isteach in arm Shasana tráth. Nach ait an mac an saol. An sean agus an nua láimh ar láimh in Insí gléineacha Shealtainn agus Orc, gan aon agó. Ach féach, ní gá dul chomh fada san ó bhaile an chéad uair eile, chun iontaisí seandálaiochta is eile a fheiscint. Nár aimsíodh láthair bhreá neoiliteach i gCiarraí lár, láimh le Baile an Mhuillinn an samhradh seo, láthair atá sé mhíle bliain d’aois meastar. Tá sé le baint amach! Agus an té a bhíonn siúlach, ní bhíonn sí gan scéal nua.. Féile na nÓg Baile an Fheirtéaraigh 2015 Is í príomhaidhm Fhéile na nÓg árdán Scéalaíochta/Amhránaíochta agus Agallamh Beirte a sholathár d’óige na dúichí toisc an saibhreas teanga a ghaibheann leo. Tréaslaítear le gach éinne a ghlacann páirt gaibhtear buíochas le tuismitheoirí, múinteoirí, moltóirí, Cúntóirí Teanga is le gach éinne a chabhraigh le himeachtaí na Féile a reáchtáil. Go n-éirí go geal leosan a thabharfaidh aghaidh ar chomórtais an Oireachtais i mBaile Átha Cliath i mbliana. Is iad Oidhreacht Chorca Dhuibhne a eagraíonn Féile na nÓg agus táid buíoch don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a mhaoiníonn Scéim na gCúntóirí Teanga agus d’Ealaín na Gaeltachta a mhaoiníonn na Scéimeanna Amhránaíochta agus Scríbhneoireachta agus do RTE Raidió na Gaeltachta. Anseo thíos ainmneacha na mbuaiteoirí ag Féile na nÓg 2015: Scealaíocht fé 8: 1ú: Líle Ní Ghairbhí, Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil. 2ú: Sibéal Ní Shéaghdha, Scoil an Fheirtéaraigh. Scéalaíocht fé 10: 1ú: Róisín Dalby, Scoil an Fheirtéaraigh. 2ú: Diarmuid Ó Séaghdha, Scoil an Fheirtéaraigh. Bronnadh Duaiseanna Aitheantais ar Aodhna Ó Beaglaoich, Scoil Mhaoilchéadair & Seán Ó Cuinn, Scoil an Fheirtéaraigh. Scéalaíocht fé 12: 1ú: Antaine Ó Séaghdha, Scoil an Fheirtéaraigh, 2ú: Alíse Finn Ó Sé, Scoil Cheann Trá. Bronnadh duaiseanna aitheantais ar Dhara Ó Dúgáin, Scoil Dhún Chaoin agus Aisling Ní Dhubhthaigh, Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil. Scéalaíocht fé 15: Liam Ó hÓgáin, Scoil Dhún Chaoin. Agallamh Beirte Bunscoile: 1ú: Caoimhe Ní Bheaglaoich & Méadhbh Nic an Ultaigh, Scoil Naomh Eirc. 2ú: Jeaic Mac Gearailt & Páidí Mac Gearailt, Scoil Naomh Eirc. Amhránaíocht fé 8: 1ú: Ruairí Ó hUanacháin, Scoil Naomh Eirc. 2ú: Ríona Báicéir, Scoil Mhaoilchéadair. Amhránaíocht fé 10: 1ú: Méadhbh Nic an Ultaigh. Scoil Naomh Eirc. 2ú: Danny Ó Cíobháin, Scoil Dhún Chaoin. Amhránaíocht fé 12: 1ú Ben Mac Eoin, Scoil an Fheirtéaraigh. 2ú: Sibéal Ní Ógáin, Scoil Dhún Chaoin. Bronnadh duaiseanna aitheantais ar Eimear Ní Ghráinne, Scoil an Ghleanna & ar Róisín Ní Dhúill & Siobhán Ní Chuana, Scoil an Fheirtéaraigh. Amhránaíocht fé 15: 1ú Caolán Ó Riain, Scoil Dhún Chaoin. 2ú: Sara Ní Chualáin, Scoil an Fheirtéaraigh. Dátaí don dialann: Déardaoin 29ú Deireadh Fómhair, 12ú & 19ú Samhain : Rince Seite i Seanscoil an Chuasa 8.00 – 9.30 i.n. €5 in aghaidh na hoíche. 6ú-8ú Samhain An Fhéile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh: Cláraigh don gCeardlann Filíochta as Gaeilge le Micheál Ó Ruairc ag 086 1002816 www.feilebheagfiliochta.com Gach Aoine: Maidean Chaife is Cíoradh Focal ar an Meal, an Daingean. Buail isteach is cuirfear na múrtha fáilte romhat.
www.westkerrylive.ie
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Oidhreacht Chorca Dhuibhne 066 9156100 nó eolas@cfcd.ie www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie @oidhreachtcd