Leagtar amach i bPlean na hOibre don
Aos Óg seo ár bhfís agus ár luachanna maidir le hobair don aos óg a sholáthar
i gContae Chiarraí.
Clár Ábhar
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin agus an Plean seo á fhorbairt, tugadh faoi chomhairliúcháin agus fócasghrúpaí fairsinge
ar fud an Chontae


Réamhrá an Chathaoirligh agus an POF (BOO Chiarraí)

Cathaoirleach
ChairpersonIs cúis mhór áthais dúinn Plean Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maidir le hObair don Aos Óg, 2023-2027 a chur i láthair. Cuireann an plean seo bonn eolais faoi obair BOO Chiarraí maidir lena fhreagrachtaí reachtúla ó thaobh soláthair oibre don aos óg a chomhordú mar a leagtar amach san Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna (2013), is é sin, ‘tacú le soláthar, comhordú, riar agus measúnú seirbhísí oibre óige ina limistéar feidhme, tugann cibé faisnéis a iarrann an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir leis an tacaíocht sin agus measann cibé acu an gcomhlíonann siad a gcuid feidhmeanna ar bhealach tíosach, éifeachtúil agus éifeachtach’. Leagtar amach i bPlean na hOibre don Aos Óg seo ár bhfís agus ár luachanna maidir le hobair don aos óg a sholáthar i gContae Chiarraí. Tá sé suntasach sa mhéid is gur forbraíodh é tar éis próisis athraithe nach beag i soláthar seirbhísí óige go náisiúnta agus go háitiúil. Cuireadh tús leis seo le sainiú na hoibre don aos óg san Acht um Obair don Aos Óg (2001), le feidhmeanna reachtúla a leagan amach san Acht BOO thuasluaite (2013), agus le bunú scéim cistiúcháin UBU D’Áit, Do Spás in 2020, gach ceann díobh a fhorálann do chur chuige comhsheasmhach náisiúnta maidir le haitheantas agus luach saothair na hoibre don aos óg.
Forbraíodh an Plean seo freisin i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach inár sochaí, lena n-áirítear

Colm
Mc EvoyPríomhfheidhmeannach
Chief Executive
dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide, leis an bpaindéim dhomhanda, le costais mhaireachtála leanúnacha, le géarchéimeanna tithíochta agus leis an gcogadh san Úcráin. Tá tacaíocht leanúnach ag teastáil ó dhaoine óga níos mó ná riamh agus táimid thar a bheith sásta leis an tiomantas a léirigh na páirtithe leasmhara go léir agus iad ag gabháil don phróiseas comhairliúcháin agus pleanála seo.
Aithnítear i bPlean na hOibre don Aos Óg comhthéacs reachtaíochta agus beartais Eorpach, náisiúnta agus áitiúil do sholáthar seirbhísí óige agus liostaítear ann na prionsabail a chuireann bonn agus taca le ról BOO Chiarraí san obair sin. Leagtar amach ann próifíl shochdhéimeagrafach an réigiúin i gcomparáid leis na cúig thoradh náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga mar a shainítear sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, 2014-2020. Déantar mapáil chomh maith sa Phlean ar an soláthar seirbhíse don aos óg atá ann cheana féin agus sainaithnítear ann na céimeanna taighde ar ar buanaíodh an plean seo agus a chuir bonn eolais faoi na spriocanna agus na gníomhartha a aithníodh ann.
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin chun an Plean seo a fhorbairt, tugadh faoi chomhairliúcháin agus fócasghrúpaí fairsinge le daoine óga ar fud an Chontae, seirbhísí páirtithe leasmhara, foireann na hoibre don aos óg agus
lucht bainistíochta eagraíochtaí éagsúla, foireann BOO Chiarraí ó Scoileanna agus Breisoideachas agus baill de Choiste Alt 44 um Obair don Aos Óg. Aithnítear sa Phlean gníomhartha tosaíochta don tréimhse 2023-2027 agus tá sé ag teacht chomh maith le Ráiteas Straitéiseach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí 2023-2027, go háirithe maidir le sineirgí a fhorbairt ar fud sheirbhísí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.
Agus an Plean seo á sheoladh, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach aon duine a chabhraigh lena chruthú agus lena fhorbairt. Áirítear leis seo an iliomad eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha i gCiarraí, go háirithe na daoine óga a ndeachthas i gcomhairle leo a bhfuil a nguthanna ag croílár na réimsí go léir a sainaithnítear le haghaidh gníomhaíochta.
Buíochas
Is é an prionsabal lárnach a threoraigh cruthú Phlean na hOibre don Aos Óg seo ná rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine óga féin. Táim thar a bheith buíoch de gach aon duine de na 490 duine óg a chuir leis an bPlean seo, bíodh é sin trí shuirbhéanna a chur i gcrích nó trí pháirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí. Bhí bhur léargas, bhur macántacht agus bhur soiléireacht lárnach ó thaobh an phróisis pleanála ar fad a mhúnlú agus na gníomhartha atá leagtha amach ann a fhoirmliú.
Gabhaim buíochas ó chroí leis na páirtithe leasmhara go léir a chuir leis an bPlean seo agus a thacaíonn go dícheallach le forbairt phearsanta agus folláine daoine óga ar bhonn laethúil. Le linn na gcomhairliúchán, tháinig téama amháin chun cinn arís is arís eile, téama a chuireann béim ar thábhacht ár gcomhláidreachta agus ár gcomhoibrithe, is é sin “Ní neart go cur le chéile” mar a deirtear - braitheann ár gcuid nirt ar ár gcumas oibriú le chéile. Táim ag súil go mór lenár gcomhoibriú leanúnach san obair seo.
Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl chomh maith do m’fhoireann thiomanta a dhéanann tréaniarracht i gcónaí na caighdeáin is airde tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga. Tá buíochas ar leith ag dul do Deirdre Enright, Comhordaitheoir Chiarraí ar an gComhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach; Deirdre Johnson, Oifigeach Forbartha Chiarraí de chuid Music Generation; Catherine Lyons agus Norita Hayes, a bhí thar a bheith luachmhar ó thaobh na
Ba mhaith linn an deis seo a thapú leis buíochas a ghabháil le baill ár gCoiste um Obair don Aos Óg a leanann orthu ag treorú obair Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maidir le seirbhísí agus soláthar na hoibre don aos óg. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceoil Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Ann O’Dwyer atá freagrach as obair don aos óg, Seamus Whitty, Oifigeach Forbartha Óige BOO Chiarraí, agus an fhoireann ar fad san Oifig Forbartha Óige as an bPlean cuimsitheach seo maidir le hObair don Aos Óg a fhorbairt. Táimid ag súil leis na príomhghníomhartha a chur i bhfeidhm agus le comhordú agus comhoibriú leanúnach a dhéanamh le gach páirtí leasmhar agus le seirbhísí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.
tacaíochta riaracháin a chuir siad ar fáil.
Ina theannta sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht agus don treoir dhílis a thug mo chomhghleacaithe i mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Colm Mc Evoy, Príomhfheidhmeannach agus Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceoil go speisialta.
Táim thar a bheith buíoch de bhaill Choiste BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg agus molaim go speisialta an cheannaireacht agus an fhís den scoth a thug ár gCathaoirleach, an Comhairleoir Norma Moriarty dúinn.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hAoife Collins agus le hAoife Dowling as an tacaíocht taighde agus saineolais luachmhar a léirigh siad le linn na gcomhairliúchán agus nuair a bhí an Plean seo á ullmhú, á fhorbairt agus á dhréachtú. Ba mhór an onóir dom oibriú libh beirt.
Mar fhocal scoir, táim lánchinnte go réiteoidh Plean na hOibre don Aos Óg seo an bealach d’eispéiris chumhachtaithe agus chlaochlaitheacha do dhaoine óga inár bpobal. Le chéile, is féidir linn todhchaí níos gile a chruthú ina gcloistear a gcuid guthanna, ina bhfreastalaítear ar a gcuid riachtanas, agus ina mbaintear amach a gcuid mianta.
Seamus Whitty, Oifigeach Forbartha Óige
Cuid 1: Cúlra agus Comhthéacs Beartais
1.1 Cad is Obair don Aos Óg ann?
San Acht um Obair don Aos Óg, 2001, sainmhínítear obair óige mar: ‘Clár pleanáilte oideachais, a dearadh chun cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga agus chun a bhforbairt phearsanta agus shóisialta a bhreisiú trína rannpháirtíocht dheonach, agus a dhéanann:
a) a n-oiliúint fhoirmiúil, acadúil nó ghairmiúil a chomhlánú
b) arb iad eagraíochtaí deonacha um obair ógra a bhíonn á sholáthar go príomha.’1
De réir Chomhairle Náisiúnta na nÓg, is próiseas oideachais agus forbartha í obair don aos óg a bhaineann le gach aon duine óg (cuirtear béim ar leith orthu siúd atá idir 10 – 24 bliana d’aois). Is cuid lárnach d’obair don aos óg í
an rannpháirtíocht dheonach, agus is minic a shainmhínítear é mar oideachas ‘neamhfhoirmiúil’ toisc go gcomhlánaítear leis an córas oideachais fhoirmiúil.
De réir Chomhairle Náisiúnta na nÓg, is é cuspóir na hoibre don aos óg ná:2
Féinmheas agus féinmhuinín daoine óga a chothú;
Forbairt a dhéanamh ar chumas daoine óga a gcaidrimh phearsanta agus shóisialta a bhainistiú;
Eispéiris fhiúntacha agus dhúshlánacha nua a thairiscint;
Deiseanna foghlama a chur ar fáil le cur ar chumas daoine óga cur lena gcuid eolais agus scileanna nua a fhorbairt;
Cumas daoine óga a fhorbairt chun breithniú a dhéanamh ar rioscaí agus iarmhairtí, cinntí eolasacha a dhéanamh agus freagracht a ghlacadh;
Cabhrú le daoine óga feasacht shóisialta agus braistint dlúthpháirtíochta sóisialta a fhorbairt;
Cead cainte a thabhairt do dhaoine óga i gcinnteoireacht a théann i bhfeidhm ar a saol;
Ról daoine óga mar shaoránaigh ghníomhacha a fheabhsú;
Éisteacht lena bhfuil le rá ag daoine óga, agus é a chloisteáil.
Go praiticiúil, áirítear le hobair don aos óg grúpaí agus tionscadail óige faoi stiúir oibrithe deonacha, chomh maith le tionscadail óige a mbíonn oibrithe íoctha ina mbun. D’fhéadfadh tionscadail a bheith ‘uilíoch’ agus oscailte do gach duine óg i bpobal ar leith, nó ‘dírithe’ chun tacú le daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu, daoine óga atá imeallaithe nó daoine óga atá i mbaol imeallaithe, míbhuntáiste nó eisiaimh. Baineann cineálacha éagsúla cur chuige le hobair don aos óg agus bíonn sí dírithe ar nasc a dhéanamh leis an duine
óg díreach mar a bhíonn sé/sí ag an am sin, agus tacú lena bhforbairt ar go leor slite ionas gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobail féin.
Baineann buntáistí forleathana le hobair don aos óg agus áirítear leo sin scileanna cumarsáide, muinín agus gníomhú, pleanáil agus réiteach fadhbanna, caidrimh, cruthaitheacht agus samhlaíocht, agus éirim mhothúchánach.3
1.2 Ról Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí in Obair don Aos Óg
Is gníomhaireacht reachtúil é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí atá freagrach as deiseanna bunoideachais, deiseanna iar-bhunoideachais, deiseanna um obair don aos óg agus deiseanna breisoideachais agus oiliúna a sholáthar i gContae Chiarraí. Is é bunchuspóir BOO Chiarraí ‘sochaí foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt agus a chur chun cinn i gCiarraí ionas go mbeidh rochtain ag gach duine a chónaíonn anseo ar oideachas agus ar oiliúint’.4
Cosúil le Boird Oideachais agus Oiliúna eile in Éirinn, tá BOO Chiarraí freagrach as tacaíocht a thabhairt do sholáthar, do chomhordú, do riarachán agus do mheasúnú na seirbhísí um obair don aos óg ina Chontae féin. Luaitear san Acht um Bord Oideachais agus Oiliúna (2013) go bhfuil freagracht ar BOOanna maidir le:
Tacú le soláthar, comhordú, riaradh agus measúnú seirbhísí oibre don aos óg ina limistéar feidhme agus cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, i ndáil leis an tacaíocht sin a thabhairt...(Agus) Measúnú a dhéanamh i dtaobh an amhlaidh go bhfuil an modh ar a gcomhlíonann sé a chuid feidhmeanna barainneach, éifeachtúil agus éifeachtach.’5
Faigheann gach BOO cistiúchán ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus déanann siad an cistiúchán sin a riar ar son na Roinne. Mar sin, baineann ról na mBord Oideachais agus Oiliúna go ginearálta le riarachán agus maoirsiú a dhéanamh ar chistiúchán don aos óg. Cuireann BOOanna é seo i ngníomh trí ghníomhú sna róil seo a leanas:
• Deontaí e.g. Feidhm an Oibrí don Aos Óg, Cúnamh Teicniúil
• Comhdheontóir e.g. Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla, LGBTI+, Cistiú Caipitil um Lánpháirtíocht
• Idirghabhálaí e.g. UBU D’Áit, Do Spás, Ionaid Eolais don Aos Óg
Chomh maith leis sin, tá ról ag an BOO ó thaobh tacú leis an Roinn a cuspóirí maidir le Beartas don Óige a bhaint amach.
D’fhoilsigh BOO Chiarraí a Ráiteas Straitéise 2023-27 nua le déanaí. Tagraíonn Sprioc 1 den straitéis6 do dheiseanna oideachais agus oiliúna atá inrochtana a chur ar fáil go forleathan i raon réimsí, an chruthaitheacht agus ceol san áireamh. Luaitear i Sprioc 3 go mbunóidh BOO Chiarraí níos mó nasc ó 2023 – 2027 chun seirbhísí óige a chomhtháthú le scoileanna agus le Breisoideachas agus Oiliúint (FET).
Leagtar amach go soiléir sa Phlean seo um Obair don Aos gealltanais BOO Chiarraí maidir lena fheidhm oibre don aos óg mar a shonraítear é san Acht um Bord Oideachais agus Oiliúna (2013).
Coiste Alt 44 BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg
I gcomhréir le riachtanais Alt 19 den Acht um Obair don Aos Óg 2001, bhunaigh BOO Chiarraí Coiste um Obair don Aos Óg. Is é sainchúram an Choiste um Obair don Aos Óg ná maoirsiú a sholáthar agus moltaí a dhéanamh don BOO maidir le feidhmiú a chuid feidhmeanna um obair don aos óg. Ar an gCoiste, tá meascán de phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear foireann BOO Chiarraí, eagraíochtaí óige, comhlachtaí reachtúla eile agus daoine óga. Féach Aguisín 1 chun teacht ar na Téarmaí Tagartha do Choiste Alt 44 BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg.

Oifig Forbartha Óige BOO Chiarraí
In Oifig Forbartha Óige BOO Chiarraí, déantar
lárú ar obair don aos óg agus raon seirbhísí agus scéimeanna a bhaineann leis an aos óg i gCiarraí. I measc na seirbhísí seo, tacaíocht a thabhairt do sholáthar, do chomhordú, do riarachán agus do mheasúnú seirbhísí oibre don aos óg go tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga i réimse na cruthaitheachta agus i réimse an cheoil. Déantar é seo go léir chun tacú le spriocanna BOO Chiarraí, ag cinntiú go mbíonn páirt ag daoine óga agus go mbíonn tacaíocht acu ina saol ionas gur féidir leo fás go rathúil.
I measc na gcineálacha scéimeanna oibre don aos óg a dtacaíonn an Oifig Forbartha Óige leo, tá:
• Tionscadail do gach duine óg (uilíoch), beag beann ar leibhéal a riachtanas, mar shampla, an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla agus Ionaid Eolais don Aos Óg.
• Tionscadail spriocdhírithe do ghrúpaí sonracha daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu, mar shampla, UBU D’Áit, Do Spás.
• Tionscadail a fhreagraíonn do dhúshláin shonracha mar shampla, Scéim Miondeontas Covid-19 do Sheirbhísí Óige/Clubanna Óige agus Maoiniú Lánpháirtíochta Mhuintir na hÚcráine.
• Soláthar acmhainní breise/feabhsaithe do sheirbhísí óige e.g. Scéim Maoinithe Caipitil don Aos Óg do Sheirbhísí Óige.
Féach Aguisín 3 chun teacht ar liosta iomlán de Scéimeanna BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg a riaradh in 2022.
1.3 Comhthéacs Beartais
Comhthéacs
an Bheartais Náisiúnta
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ)
Is ón RLCMLÓ a fhaigheann BOOanna cistiúchán dá gcuid feidhmeanna oibre don aos óg agus tuairiscíonn siad don Roinn i leith na hoibre sin. Tá an caidreamh seo curtha ar bhonn foirmiúil trí Chomhaontú Seirbhíse. Is é aidhm na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le soláthar seirbhísí óige a mhaoiniú ar fud na tíre ná ‘daoine óga idir 10-24 bliana d’aois a ghabháil chun a lánacmhainneacht a bhaint amach’.
Tá an Roinn freagrach leis as réimsí eile a bhaineann le leanaí agus daoine óga agus a sheachadtar i gcomhpháirtíocht le seirbhísí óige agus eagraíochtaí agus Ranna eile Rialtais.
Áirítear leo sin a chinntiú go mbíonn cead cainte ag leanaí agus daoine óga i ndearadh, i seachadadh agus i monatóireacht na seirbhísí agus na mbeartas a mbíonn tionchar acu ar a saol; ciontú daoine óga a laghdú; agus leanaí a chumasú chun taitneamh a bhaint as spraoi, caitheamh aimsire, spórt, na healaíona, cultúr agus an dúlra.7
Tá roinnt beartas agus treoirlínte ann a chuireann bonn eolais faoi sholáthar seirbhísí óige in Éirinn agus a chuir bonn eolais faoi fhorbairt Phlean na hOibre don Aos Óg seo. Tá breac-chuntas ar na straitéisí agus na treoirlínte/creataí tábhachtacha seo le fáil ar an gcéad leathanach eile.
Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile
Leagtar amach sa chreat beartais náisiúnta seo príomhghealltanais rialtas na hÉireann do leanaí agus daoine óga suas go 24 bliana d’aois, féachtar le cur chuige ‘uile-rialtais’ a fháil agus leagtar amach ann sé phríomhsprioc agus cúig phríomhthoradh a bhfuil sé mar aidhm acu torthaí a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga. Is é fís an chreata ná ‘go mbeidh Éire ar cheann de na tíortha beaga is fearr ar domhan le fás aníos agus
le clann a thógáil inti’.8 Foilsíodh an creat seo in 2014 agus tá athbhreithniú déanta air ó shin. Tá creat nuashonraithe do leanaí agus do dhaoine óga in Éirinn á fhorbairt faoi láthair ag an rialtas.
Is iad seo a leanas na cúig thoradh náisiúnta sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile 2014 – 2020:
Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile – Cúig Thoradh Náisiúnta
Gníomhach agus sláintiúil, leas fisiciúil agus intinne
Ag baint amach lánphoitéinseal i réimsí na foghlama agus na forbartha
Sábháilte agus cosanta ó dhíobháil
Slándáil & deis eacnamaíoch
Ceangailte, ardmheas orthu & ag cur lena ndomhan
Tábla 1.1 Cúig Thoradh Náisiúnta, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile 2014 – 2020
Straitéis Náisiúnta don Aos Óg
Is í an Straitéis Náisiúnta don Aos Óg (2015 –2020) príomhdhoiciméad beartais na hÉireann maidir le beartas don óige in Éirinn. Tá sé ráite ag an RLCMLÓ ina Ráiteas Straitéise (2021-2023) go bhfuil straitéis nua á forbairt. Is í aidhm na Straitéise Náisiúnta don Aos Óg ‘a chur ar chumas na ndaoine óga go léir barr a gcumais a bhaint amach, trína gcearta a urramú agus trí éisteacht lena bhfuil le rá acu, agus iad a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag fás aníos’. 9 Tá aidhmeanna na straitéise seo i gcomhréir leis na cúig thoradh náisiúnta sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.
Foilseoidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a Creat Beartais Náisiúnta nua do Leanaí agus Daoine Óga go luath. Ar cheann de ghealltanais an Chreata, tá Plean Gníomhaíochta nua a fhorbairt do Sheirbhísí Óige agus béim á cur ann ar sholáthar seirbhísí óige in Éirinn. Tá sé beartaithe an Plean Gníomhaíochta a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2023.
Prionsabail a Threoraíonn Obair don Aos Óg in Éirinn
Leagtar amach na príomhphrionsabail a threoraíonn obair don aos óg in Éirinn sa Straitéis Náisiúnta don Aos Óg. Tá na prionsabail seo lárnach do chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta
don Aos Óg, agus cuireann siad bonn eolais faoi Phrionsabail BOO Chiarraí do Sheirbhísí Óige (féach Aguisín 5) agus faoi Phlean na hOibre don Aos Óg seo. Is iad seo a leanas na prionsabail:
Prionsabail na Straitéise Náisiúnta don Aos Óg
Daoine óga agus iad siúd a thacaíonn leo:
1. Léirítear meas ar dhaoine óga ina gceart féin, agus aithnítear iad mar chuid lárnach den tsochaí.
2. Aithnítear tábhacht na ndaoine óga féin ó thaobh a bhforbairt chognaíoch, mhothúchánach, shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha a bhaint amach.
3. Aithnítear go mbíonn ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí, teaghlaigh, daoine fásta tábhachtacha eile agus pobail maidir le forbairt agus dul chun cinn na ndaoine óga.
Gairmithe agus oibrithe deonacha a bhíonn ag obair leis an aos óg:
5. Léirítear meas ar ghairmithe agus ar oibrithe deonacha a bhíonn ag obair leis an aos óg, aithnítear fiúntas na hoibre a dhéanann siad agus tacaítear go hiomchuí leo.
6. Na daoine a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine óga, is ar mhaithe le leas na ndaoine óga a bhíonn siad ag gníomhú, agus déanann siad cearta daoine óga a urramú agus seasann siad leis na cearta sin.
Beartais agus cleachtais:
7. Tá an comhionannas ina chuid dhílis de gach beartas agus gach cleachtas.
Forbairt agus soláthar seirbhíse
8. Bíonn an Rialtas agus páirtithe leasmhara eile ag obair i gcomhar le chéile, agus cumarsáid agus comhar ingearach agus cothrománach eatarthu, chun seirbhísí agus tacaíochtaí níos éifeachtaí a bhaint amach do dhaoine óga.
9. Bíonn na seirbhísí do dhaoine óga oscailte agus inrochtana, bíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh agus soláthraíonn siad tacaíocht bhreise chun freastal ar riachtanais ar leith.
10. Bíonn seirbhísí do dhaoine óga dearbhaithe ó thaobh cáilíochta, bíonn torthaí spriocdhírithe ann dá mbarr agus bíonn siad bunaithe ar fhianaise.
Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Óige chomh maith aidhmeanna agus cuspóirí an Rialtais i gcomhthéacs gach ceann de na réimsí a bhaineann leis na cúig thoradh náisiúnta sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile. Leagtar amach iad sa tábla anseo thíos:
1. Gníomhach agus sláintiúil, leas fisiciúil agus intinne
Cuspóir 1 Bíonn stíl mhaireachtála shláintiúil ag daoine óga, go háirithe maidir lena sláinte choirp, a meabhairshláinte, a sláinte ghnéasach agus a bhfolláine.
Cuspóir 2 Baineann daoine óga tairbhe as rannpháirtíocht i ndeiseanna áineasa agus cultúrtha lena n-áirítear obair ógra, na healaíona agus spóirt.
2. Barr a gcumas a bhaint amach i ngach réimse foghlama agus forbartha
Cuspóir 3 Cuirtear le scileanna lárnacha, inniúlachtaí agus tréithe na ndaoine óga agus cuirtear chun cinn iad trí dheiseanna oideachais agus foghlama a sholáthar atá inrochtana agus freagrúil, idir dheiseanna foirmiúla agus chinn neamhfhoirmiúla.
Cuspóir 4 Baineann daoine óga tairbhe as tacaíochtaí neartaithe ar gach leibhéal agus iad ag aistriú trí chéimeanna an chórais oideachais.
3. Sábháilte agus cosanta ó dhíobháil
Cuspóir 5 Tacaítear le daoine óga, agus go háirithe le daoine óga leochaileacha agus imeallaithe, sa chaoi is go mothóidh siad sábháilte sa bhaile, ar scoil, ina bpobail agus ar líne, agus é de chumhacht acu labhairt amach nuair a bhraitheann siad nach bhfuil siad sábháilte nó go bhfuil siad leochaileach.
Cuspóir 6 Tá áiteanna agus spásanna sábháilte ag daoine óga inar féidir leo saol sóisialta a bheith acu agus forbairt a dhéanamh.
4. Slándáil & deis eacnamaíoch
Cuspóir 7 Is fearr a bheidh daoine óga in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair trí scileanna infhostaitheachta feabhsaithe a bheith acu lena gcomhlánaítear cáilíochtaí foirmiúla foghlama agus oiliúna agus trí dheiseanna fiontraíochta a bheith acu..
Cuspóir 8 Dírítear go háirithe ar dhaoine óga i mbeartais ina dtéitear i ngleic le cuimsiú sóisialta agus leis an mbochtaineacht.
5. Ceangailte, ardmheas orthu & ag cur lena ndomhan
Cuspóir 9 Tá ról ag daoine óga sa tsochaí, tá siad ar an eolas faoin gcomhshaol, seastar lena gcomhionannas agus a gcearta, déantar a n-éagsúlacht a cheiliúradh, agus é de chumhacht acu a bheith ina saoránaigh dhomhanda ghníomhacha.
Cuspóir 10 Tacaítear le neamhspleáchas daoine óga, cothaítear a saoránacht ghníomhach, agus neartaítear a nguth trí chomhpháirteachas polaitiúil, sóisialta agus poiblí.
An Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht na Leanaí agus na nDaoine Óga sa Chinnteoireacht
Cuireann an Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht na Leanaí agus na nDaoine Óga sa Chinnteoireacht (2015-2020) bonn eolais chomh maith faoin obair ar fad a dhéantar le leanaí agus le daoine óga in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an straitéis a chinntiú go mbeidh cead cainte ag leanaí agus daoine óga ina saol laethúil aonair agus comhchoiteann ar fud na gcúig thoradh náisiúnta sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, an creat beartais náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga.10 Is príomhchuspóirí agus réimsí tosaíochta sa Straitéis iad go mbeidh cead cainte ag leanaí agus ag daoine óga i gcinntí a dhéantar ina bpobail áitiúla agus sa chóras oideachais fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, i gcinntí a théann i bhfeidhm ar a sláinte agus ar a bhfolláine, agus go mbeidh cead cainte acu sna cúirteanna agus sa chóras dlí.
Cur i bhfeidhm an Chreata um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair don Aos Óg
Foilsíodh an Creat um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair don Aos Óg in 2011 mar uirlis tacaíochta agus forbartha d'earnáil na hoibre don aos óg. Soláthraítear ann creat struchtúrtha d’eagraíochtaí chun a gcuid oibre don aos óg faoi stiúir na foirne a mheasúnú, a léiriú agus a fheabhsú ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí ardchaighdeáin á soláthar ag eagraíochtaí óige do dhaoine óga.[1]
Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha
Foilsíodh na Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha in 2013 agus tá sé mar aidhm acu tacú le grúpaí óige faoi stiúir oibrithe deonacha ar fud na tíre seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil do dhaoine óga. Agus é á fhoilsiú, bhí an RLCMLÓ ag tacú le breis agus 1,600 grúpa óige faoi stiúir oibrithe deonacha. Tá trí phrionsabal i gcroílár na gcaighdeán cáilíochta sa doiciméad seo. Is iad seo 1) dírithe ar dhaoine óga, 2) sábháilteacht agus folláine agus 3) forbairt/oideachas.12
Straitéis Náisiúnta don Aos Óg LGBTI+
Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta don Aos Óg LGBTI+ (2018 – 2020) in 2018. Tá sé mar aidhm ag an straitéis seo na bacainní atá roimh dhaoine óga LGBTI+ a laghdú agus cuiretear bearta breise i bhfeidhm chun tacú leo a bheith infheicthe agus i measc na ngrúpaí a léirítear meas orthu ina gcuid scoileanna agus pobail.13
Comhthéacs Réigiúnach
Tá roinnt struchtúr, beartas agus tuarascálacha taighde roimhe seo a bhaineann leis an bPlean BOO Chiarraí seo um Obair don Aos Óg agus a chuir bonn eolais faoi. Tugtar breac-chuntas ar chuid díobh seo thíos.
Doiciméad Beartais Forbartha Tuaithe Ár dTodhchaí Thuaithe: D’fhoilsigh an Roinn Forbartha an doiciméad beartais ‘Tuaithe agus Pobail Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 20212025’ in 2021. Leagtar amach ann beartas agus pleananna an Rialtais maidir le ceantair thuaithe na hÉireann. Chuir comhairliúcháin náisiúnta a reáchtáladh i gceantair thuaithe na hÉireann bonn eolais faoin mbeartas agus cuireann sé béim ar raon de réimsí tosaíochta agus gníomhartha. Aithnítear eispéiris agus riachtanais shonracha daoine óga sa bheartas, agus tá roinnt gníomhaíochtaí beartaithe chun a chinntiú go mbíonn daoine óga rannpháirteach go gníomhach i saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar a saol, a chothaíonn a gcumas ceannaireachta agus a chuireann ionchur leanúnach ar fáil maidir le tionscnaimh agus beartais a bhaineann le ceantair thuaithe na hÉireann a fhorbairt amach anseo.14 I measc na ngníomhaíochtaí seo, tá:
• Tionól Óige Cheantair Thuaithe bliantúil a bhunú.
• Meantóireacht/oiliúint a chur ar fáil do cheannairí forbartha pobail, agus béim ar leith a chur ar dhaoine óga idir 18 agus 25 bliana d’aois.
• Taighde a choimisiúnú maidir le heispéiris agus torthaí leanaí agus daoine óga faoin tuath in Éirinn.
• Taighde a dhéanamh chun riachtanais ar leith na mban, na gcailíní, lucht LGBTI+, an Lucht Siúil, na Romach, na n-imirceach agus na ndaoine de bhunadh imirceach atá ina gcónaí i gceantair thuaithe a threorú.

An Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí
Tá Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga bunaithe i ngach contae in Éirinn. Is struchtúir idirghníomhaireachta iad a thugann le chéile soláthraithe seirbhísí reachtúla agus neamhreachtúla a oibríonn le leanaí agus daoine óga chun riachtanais a shainaithint agus comhoibriú a dhéanamh chun torthaí a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga sa Chontae sin.
In 2021 agus 2022, thug an Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí faoi chomhairliúchán le 253 leanbh agus duine óg idir 4 - 24 bliana d’aois ar fud Chontae Chiarraí.15. Rinne 22 eagraíocht agus grúpa a oibríonn le leanaí agus daoine óga an comhairliúchán seo a éascú. Leag torthaí an chomhairliúcháin béim ar cheithre shaincheist/théama uileghabhálacha a bhfuil daoine óga i gCiarraí dírithe orthu agus buartha fúthu. Is iad sin:
• Easpa áiseanna agus spásanna sábháilte a oireann do dhaoine óga
• Dúshláin maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte
• Teacht ar sheirbhísí go ginearálta agus rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi sheirbhísí atá ann cheana féin
• Gá le tuilleadh grúpaí, clubanna agus gníomhaíochtaí don aos óg
Fuarthas le linn na gcomhairliúchán a rinneadh chun Plean na hOibre don Aos Óg seo a fhorbairt go raibh saincheisteanna agus ábhair imní comhchosúla á dtarraingt anuas ag na daoine óga a bhí páirteach iontu, agus cuireann siad seo agus torthaí an chomhairliúcháin thuasluaite bonn eolais faoi na gníomhartha a leagtar amach i gCuid 6 thíos. I measc taighde eile a rinneadh cheana le daoine óga i gCiarraí a chuireann bonn eolais faoin bPlean seo, tá Suirbhé ar Riachtanais Aos Óg Bhaile an Bhuinneánaigh agus Mapáil ar Spéiseanna Cruthaitheachta daoine óga i gCiarraí.
Plean Straitéiseach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí, 2023-2027
Tá an Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige
Chruthaitheach lonnaithe i BOO Chiarraí ó 2019 i leith, mar cheann de 6 thionscadal náisiúnta a fheidhmíonn faoin gclár Óige Ildánach, atá ina phríomhcholún den Chlár náisiúnta uile-Rialtais ‘Éire Ildánach’.
Is iad an Roinn Oideachais agus Éire Ildánach príomh-chomhpháirtithe maoinithe chlár na Comhpháirtíochta Áitiúil Óige Chruthaitheach. Tá siad tiomanta don fhís gur chóir go mbeadh deis ag gach duine in Éirinn barr feabhais a bhaint amach mar a bhaineann lena gcumas cruthaitheach. Tá sé i gceist ag an gclár Éire Ildánach tír a chruthú ina mbíonn cothromaíocht idir eolas agus cruthaitheacht maidir le forbairt an duine óig ionas go dtugtar deis dóibh a bheith ina saoránaigh chruthaitheacha ghníomhacha.
I measc na spriocanna a sainaithnítear i bPlean Straitéiseach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí, 2023-2027, tá:
• Comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a chothú
• Éisteacht le guth an óige agus é a bheith mar threoir
• Glacadh le gníomhaíocht chruthaitheach atá cuimsitheach agus bunaithe ar chearta
• Cáilíocht agus infheictheacht a chinntiú in obair Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí
Straitéisí agus struchtúir réigiúnacha ábhartha eile
• Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail
• Coiste Forbartha Pobail Áitiúil
• Straitéis Áitiúil maidir le Drugaí agus Alcól
Comhthéacs Eorpach
Tá forbairtí éagsúla san earnáil oibre don aos óg ag an leibhéal Eorpach tar éis bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais in Éirinn agus tionchar a imirt air. D’imir Straitéis Óige na hEorpa, 20102018, mar aon le Clár Oibre Beartais Chomhairle na hEorpa maidir leis an Óige, 2020 tionchar ar

Cuid 2:
Mar a Ceapadh an Plean seo
Is iad na comhairleoirí neamhspleácha Aoife Collins agus Aoife Dowling a rinne Plean na hOibre don Aos Óg ag baint leasa as meascán de chur chuige cáilíochtúil agus cur chuige rannpháirteach. Bunaíodh foghrúpa de Choiste
BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg i mí Iúil 2022 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt agus an Plean seo á fhorbairt. Rinneadh an taighde deascbhunaithe agus an buntaighde cáilíochtúil agus cainníochtúil seo a leanas, agus tugadh faoi phróiseas pleanála straitéiseach rannpháirteach ina dhiaidh sin.
Taighde Deisce
1. Scrúdú ar an litríocht maidir leis na riachtanais agus na beartais a bhaineann le daoine óga.
2. Anailís ar thaighde agus ar chomhairliúcháin roimhe seo arna ndéanamh ag BOO Chiarraí agus Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Ciarraí.
3. Athbhreithniú ar shonraí Dhaonáireamh 2016 agus Dhaonáireamh 2022.
4. Anailís ar shonraí seirbhíse arna gcomhordú ag Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Ciarraí agus BOO Chiarraí.
Taighde príomhúil
Comhairliúcháin le daoine a oibríonn le leanaí agus le daoine óga
Reáchtáladh comhairliúcháin le 40 soláthraí seirbhíse a bhí ag déanamh ionadaíochta ar 20 eagraíocht, lena n-áirítear oibrithe don aos óg agus daoine eile a oibríonn le leanaí agus daoine óga. Rinneadh é seo mar chuid d’imeacht éascaithe aghaidh ar aghaidh a bhí ar siúl ar feadh lae iomlán.
Ag an imeacht lae seo, tugadh fianaise do rannpháirtithe ar shaol daoine óga mar atá i gCiarraí, bunaithe ar shonraí Dhaonáireamh 2016 agus ar léarscáiliú reatha seirbhíse. Tugadh deis do rannpháirtithe leis plé a dhéanamh ar an mbonn fianaise agus bearnaí ar bith a d’fhéadfadh a bheith san fhaisnéis a shainaithint. Úsáideadh próiseas físithe rannpháirtíochta chun na rannpháirtithe a threorú trí phróiseas éascaithe a d’iarr orthu a bhfís do dhaoine óga i gCiarraí faoi 2027 agus na rudaí ar mhaith leo a bhaint amach thar shaolré an Phlean a shainaithint.
Chomh maith leis sin, tá go leor clubanna óige pobalbhunaithe ann a chuireann spásanna tiomnaithe ar fáil do dhaoine óga chun teacht le chéile, caidreamh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla iontu. Tá sé mar aidhm ag na clubanna seo timpeallacht shábháilte thacúil a chur ar fáil inar féidir le daoine óga scileanna nua a fhorbairt, tabhairt faoi chaithimh aimsire, agus caidrimh dearfacha a chothú lena bpiaraí agus le meantóirí fásta. De ghnáth, cuireann clubanna óige raon gníomhaíochtaí agus seirbhísí ar fáil atá in oiriúint do leasanna agus riachtanais daoine óga.
Seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo:
An Garda Síochána
Tionscnamh Drugaí Pobail
Chúil Mhín
Foróige
Seirbhísí Lae FSS
Comhairle Contae Chiarraí
Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Ciarraí
Seirbhísí Óige Dheoise
Chiarraí (KDYS)
BOO Chiarraí
Forbairt Sláinte agus Pobail
Lucht Siúil Chiarraí
Tionscadal Pobail
Ionad Acmhainní Teaghlaigh
Lios Tuathail
Oifig Comhionannais agus
Idirchultúrtha Chomhairle Náisiúnta na nÓg
Ionad Acmhainní Idirnáisiúnta
Thrá Lí (TIRC)
Seirbhísí Leasa Oideachais Tusla
Cosc, Comhpháirtíocht agus Tacaíocht Teaghlaigh
Tábla 2.1: Seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo ag imeacht na bpáirtithe leasmhara
Tusla (PPFS)

Suirbhé ar Dhaoine Óga
Cuireadh suirbhé leathstruchtúrtha ar líne ar fáil do dhaoine óga a bhfuil cónaí orthu i gCiarraí trí ardán suirbhéireachta ar líne ar feadh thréimhse ocht seachtaine. Ba é an aidhm a bhí le suirbhéireacht a dhéanamh ar dhaoine óga ná sonraí a bhailiú faoin áit ar chaith daoine óga a gcuid ama saor, na hábhair imní a bhí acu agus na rudaí do dhaoine óga a cheap siad a bhí in easnamh ina gceantar áitiúil.
Láthair
Lios Tuathail n=78
Trá Lí n=75
Ciarraí Thuaidh (Tuath) n=73
Cill Airne n=44
Cill Orglan n=34
Daingean Uí Chúis n=14
Cathair Saidhbhín n=9
Gníomh go Leith n=6
Eile n=4
Oileán Ciarraí n=14
Aois
14 bliana n=127
13 bliana n=122
15 bliana n=17
16 bliana n=10
17 mbliana n=7
18 bliana n=3
12 bliana n=2
Ghlac 388(n) duine óg ar fad páirt sa suirbhé. Toisc gur shuirbhé faoi rún a bhí ann, cuireadh ceisteanna roghnacha ar na daoine óga maidir le suíomh, aois, inscne, eitneachas agus cibé an raibh míchumas nó riocht sláinte fadtéarmach orthu. D’fhreagair 342 (n) nó 88.1% de fhreagróirí an tsuirbhé na ceisteanna seo, agus tá na torthaí leagtha amach i dTábla 2.2.
Inscne
Baineann n=218 Fireann n=96
B’fhearr liom gan a rá n=13
Neamh-dhénártha n=9
Trasinscne n=4
Eitneacht
Éireannach Geal n=270
Duine Geal Eile n=22
Eile n=16
B’fhearr liom gan a rá n=11
Cine Geal – Ball de Lucht Taistil na hÉireann n=8 Áiseach nó Áiseach Éireannach n=7
Cine Gorm nó Éireannach Gorm –Afracach n=5
Míchumas
Ní hea n=295
B’fhearr liom gan a rá n=22
Tá n=22
Tábla 2.2 Próifíl na ndaoine óga a ghlac páirt sa suirbhé
Fócasghrúpaí le Daoine Óga
I mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2022, reáchtáladh fócasghrúpaí le 100 duine óg d’inscne agus náisiúntacht mheasctha ar fud Chiarraí i scoileanna agus seirbhísí óige. Ag teacht le Múnla Rannpháirtíochta Lundy, chuathas i gcomhairle le daoine óga in ionaid agus laistigh de ghrúpaí a raibh siad páirteach iontu cheana féin. Ghlac rannpháirtithe na bhfócasghrúpaí páirt i gcleachtaí mapála pobail cruthaitheacha mar dhaoine aonair agus laistigh de ghrúpaí beaga, agus reáchtáladh plé éascaithe le beirt éascaitheoirí ina dhiaidh sin. Cuireadh ceist ar na daoine óga faoi na rudaí a thaitin leo a dhéanamh ina gcuid ama saor, na rudaí a thaitin agus nár thaitin leo faoina bpobal féin, agus na rudaí do dhaoine óga a bhraith siad a bhí in easnamh ina gceantar áitiúil. Leagtar amach i dTábla 2.3 suíomhanna agus líon na ndaoine óga a ghlac páirt sna fócasghrúpaí.
Tábla 2.3 Suíomh agus líon na ndaoine óga a ghlac páirt sna fócasghrúpaí
Próiseas um Pleanáil
Straitéiseach
Nuair a bhí na comhairliúcháin curtha i gcrích agus anailís déanta orthu, tugadh cuireadh do ghrúpa príomhpháirtithe leasmhara chuig imeacht lae éascaithe aghaidh ar aghaidh. Bhí sé mar aidhm ag an gcruinniú seo breithniú a dhéanamh ar an bhfianaise ar fad a bailíodh ar an saol mar atá i gCiarraí (sochdhéimeagrafaic, seirbhísí agus riachtanais daoine óga) agus an saol mar atá laistigh d’fheidhm Forbartha Óige BOO Chiarraí agus sainaithint a dhéanamh ar na rudaí is féidir go réalaíoch le BOO Chiarraí a dhéanamh lena chomhpháirtithe sna trí bliana atá le teacht i réimse na hoibre agus na seirbhísí don aos óg i gCiarraí.
Bhí 40 duine ag an imeacht seo agus iad ag déanamh ionadaíochta ar 20 eagraíocht, baill d’fhoireann BOO Chiarraí agus baill de Choiste Obair Óige Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ina measc. Reáchtáladh díospóireachtaí grúpa idirghníomhacha agus seisiúin tobsmaointeoireachta, agus bailíodh agus scríobhadh suas na tuairimí agus na moltaí go léir, agus úsáideadh iad chun bonn eolais a chur faoi na Cuspóirí agus Gníomhartha deiridh atá leagtha amach i bPlean na hOibre don Aos Óg seo.
Breithnithe Eiticiúla
Gealladh neamhainmníocht do na rannpháirtithe go léir sna fócasghrúpaí agus sna suirbhéanna, agus lorgaíodh toiliú feasach uathu roimh dóibh páirt a ghlacadh. Cuireadh na rannpháirtithe go léir ar an eolas faoi chuspóir an athbhreithnithe, go raibh sé á reáchtáil ag taighdeoirí neamhspleácha agus go raibh siad ag glacadh páirt ar bhonn iomlán deonach.
Srianta
I gcás ráta rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa taighde, bhí ráta rannpháirtíochta níos airde inmhianaithe; ach bhí na taighdeoirí sásta le dáileadh na bhfreagraí ó dhaoine faoi mhíchumas sa suirbhé ar líne, áfach, toisc gur luaigh 10% d’iomlán na bhfreagróirí go raibh míchumas nó riocht sláinte fadtéarmach orthu. I gcás ráta rannpháirtíocht daoine ó mhionlaigh eitneacha sa suirbhé, bhí ráta rannpháirtíochta níos airde inmhianaithe; ach bhí meascán náisiúntachtaí agus mionlaigh eitneacha sna fócasghrúpaí go ginearálta, áfach, agus ina theannta sin, reáchtáladh fócasghrúpa amháin le daoine óga ó chúlra imirceach go sonrach.
Cuid 3: Próifíl Shochdhéimeagrafach
Ó thaobh na tíreolaíochta de, is é Ciarraí an cúigiú contae is mó sa stát agus tá tírdhreacha tarraingteacha a bhfuil cáil dhomhanda orthu agus a phobail éagsúla ina saintréithe aige. Is iad Trá Lí, Cill Airne, Lios Tuathail agus
Cill Orglan na hionaid uirbeacha is mó sa chontae agus tá bailte margaidh níos lú scaipthe timpeall orthu. Mórthimpeall ar na bailte seo, tá ceantair thuaithe sna leithinsí agus i dtuaisceart Chiarraí den chuid is mó. I measc na ndúshlán atá roimh na pobail seo, tá aonrú na tuaithe - rud a dhéantar níos measa mar gheall ar easpa iompair agus éagsúlachtaí cultúir.
Léirítear i nGraf 3.1 na céatadáin den daonra idir 10-24 bliain d’aois mar chéatadán de dhaonra iomlán na tíre, chomh maith le céatadán an déimeagrafaigh i gcoibhneas le daonra an chontae agus daonra an réigiúin.
Aois an Daonra 10 go 24 bliana d’aois, 2022 (% den daonra iomlán)
Bunaithe ar réamhfhigiúirí Daonáirimh arna eisiúint i mí Aibreáin 2023
Stát 1,018,973
Oileán Ciarraí 3,357
Cill Airne 5,773 Neidín 4,641 Lios
Corca Dhuibhne 2,535
Trá Lí 6,959
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Contae Chiarraí
Is contae thar a bheith éagsúil é Contae Chiarraí. Tá fás geilleagrach agus déimeagrafach ar siúl sna bailte móra go príomha, agus tá leibhéil ísle deiseanna eacnamaíocha, homaigéineacht agus aonrú ina ngnéithe de shochaí na tuaithe ann.
Léarscáil 3.1 Contae Chiarraí
Trá Lí
Tá Trá Lí, príomhbhaile Chontae Chiarraí, suite ar imeall Chorca Dhuibhne agus tá clú agus cáil uirthi as Féile Idirnáisiúnta bhliantúil Rós Thrá Lí. Tá an baile féin ar an 14ú ceantar uirbeach is mó in Éirinn (Daonáireamh 2016) agus tá an-saibhreas oidhreachta ag baint leis an mbaile stairiúil seo. Tá níos mó ná leath den daonra oibre fostaithe i dtionscail ‘Eile’ (26.3%) agus i Seirbhísí Gairmiúla (25.4%), agus tá 24.5% fostaithe sa réimse ‘Tráchtáil agus Trádáil’. Tá Trá Lí ar cheann de na bailte is éagsúlaí in Éirinn ó thaobh cultúir de agus duine amháin as gach ceathrar (25.4%) ina mball de mhionlach eitneach.
Cill Airne
Tá Cill Airne, an dara baile is mó i gCiarraí, suite ar imeall Loch Léin agus tá clú agus cáil air ar fud an domhain as áilleacht an cheantair. Is é an dearcadh ginearálta ar Chill Airne ná baile saibhir ina bhfuil tionscal turasóireachta rathúil le fáil.
Laistigh den bhaile, áfach, is ann do cheantair atá faoi ghéardhíothacht shocheacnamaíoch. Tá 61% den daonra oibre fostaithe i dtionscail ‘Eile’ (41.8%) agus i dtionscail Tráchtála (19.1%), rud a léiríonn tábhacht thionscal na turasóireachta do Chill Airne. Ó thaobh eitneachta de, tá Cill Airne níos éagsúla fós ná Trá Lí, agus duine amháin as gach triúir (33.0%) bainteach le mionlach eitneach.
Lios Tuathail
Tá Lios Tuathail, an tríú baile is mó i gCiarraí, suite i gCiarraí Thuaidh. Is baile margaidh beomhar é Lios Tuathail ina bhfuil ana-bhraistint pobail agus is ceantar tuaithe den chuid is mó atá mórthimpeall air. Ina ainneoin seo, is saintréith láidir de Lios Tuathail í an díothacht leanúnach ó ghlúin go glúin, rud lena mbaineann leibhéil ísle gnóthachtála oideachais agus leibhéil arda dífhostaíochta. Tá 47.0% den daonra oibre fostaithe sa réimse Tráchtála (23.8%) agus i Seirbhísí Gairmiúla (23.3%). Murab ionann agus Trá Lí agus Cill Airne, tá daonra níos aonchineálaí le fáil i Lios Tuathail agus is Éireannaigh gheala iad breis agus 85% den daonra.
Líon na nÓgánach
% Daonra – 0 go 24 bliana d’aois. Ceantair Bheaga 2016
<19%
19% go <25%
25% go <30%
30% go <35%
35% go <44%
<44%
Ceantair CPSN Údaráis Áitiúla

Léarscáil 3.2 Daonra 24 bliana d'aois agus níos óige de réir Ceantair Bheaga. Foinse: Daonáireamh 2016
De réir Dhaonáireamh 2016, bhí 44,612 leanbh agus duine óg idir 0 – 24 bliain d'aois ina gcónaí i gCiarraí. B’ionann an figiúr seo agus 30.2% de dhaonra iomlán Chiarraí. Bhí an céatadán seo faoi mheán an stáit (33.2%), meán Thionól Réigiúnach an Deiscirt (33.0%) agus meán réigiúnach an Iardheiscirt (32.7%).
Sonraítear i Léarscáil 3.2 (thuas) dáileadh na ndaoine sin idir 0 agus 24 bliain d'aois a chónaíonn ag leibhéal ceantair bhig ar fud Chiarraí. Is sna príomhcheantair uirbeacha Thrá Lí agus Chill Airne a chónaíonn na daonraí is airde i gCiarraí. Is díol suntais é gurb é in oirthear an Chontae atá na ceantair leis na daonraí is airde daoine óga, agus tá na luachanna is ísle le fáil ar an gcósta thiar. Bhí na céatadáin ab airde (níos airde ná 45%) le fáil i dTrá Lí, i gCill Orglan agus i Lios Tuathail.
Sláinte
De réir Dhaonáireamh 2016, b’ionann líon iomlán na bhfear faoi mhíchumas a raibh cónaí orthu i gCiarraí agus 9,744. B’ionann é seo agus 13.5% d’fhir sa chontae. Bhí an céatadán seo níos airde ná meán an stáit (13.5%), meán Thionól Réigiúnach an Deiscirt (14.2%) agus meán réigiúnach an Iardheiscirt (13.8%). Is iad na príomhbhailte, Lios Tuathail agus Trá Lí ina measc, na ceantair ina bhfuil na luachanna is airde le fáil. Bhí na Ceantair Bheaga a raibh na luachanna ab airde de bhreis agus 30% acu le fáil i lár baile Dhaingean Uí Chúis, Lios Tuathail, Cill Airne agus Trá Lí.
De réir Dhaonáireamh 2016, b’ionann líon iomlán na mná faoi mhíchumas a raibh cónaí orthu i gCiarraí agus 10,221. B’ionann é seo agus 13.3% de mhná sa chontae. Bhí an céatadán seo níos ísle ná meán an stáit (13.2%), meán Thionól Réigiúnach an Deiscirt (14%) agus meán réigiúnach an Iardheiscirt (13.5%). Ba sa Daingean Uí Chúis, i gCathair Saidhbhín, i Lios Tuathail, sa Ráth Mhór, i dTrá Lí agus i gCill Airne a bhí na Ceantair Bheaga leis na luachanna ab airde níos mó ná 34%. Tá an 12ú ráta féinmharaithe is airde sa tír ag Ciarraí, de réir na tuarascála is déanaí ón bPríomhOifig Staidrimh do 2021. Graf 3.2 Daonra de réir aoisghrúpaí cúig bliana.
Oideachas
% leanaí nach bhfuil oideachas foirmiúil nó nach bhfuil ach oideachas bunscoile ag a dtuismitheoirí.
Ciarraí
Iardheisceart
Stát
Oideachas Bunscoile
Amháin / Gan Oideachas Foirmiúil
Bíonn tionchar fadtéarmach ag oideachas tuismitheoirí ar rath oideachasúil agus gairme leanaí. Déanann an Daonáireamh taifead ar ghnóthachtáil oideachais tuismitheora agus scrúdaítear sna grafaicí thuas an leibhéal is airde gnóthachtála oideachais ag tuismitheoirí in 2011 de réir údaráis áitiúil agus i gCiarraí. Tá an phríomhghrafaic dírithe ar an leibhéal íseal gnóthachtála oideachais, gan aon oideachas foirmiúil nó le bunoideachas amháin (níl an fhaisnéis seo ar fáil do 2016).
Nuair a scrúdaítear gach leibhéal gnóthachtála oideachais, is léir go bhfuil céatadán na leanaí de thuismitheoirí/caomhnóirí a bhfuil oideachas
Graf 3.3 Gnóthachtáil Oideachais Tuismitheoirí/ Caomhnóirí. Foinse: Daonáireamh 2016
tríú leibhéal acu i gCiarraí (36.9%) os cionn ráta an stáit (36.7%) agus faoi bhun mheán réigiúnach an Iardheiscirt (37.8%). Tá céatadán na leanaí de thuismitheoirí a bhfuil oideachas meánscoile acu (56.4%) níos airde ná meán an stáit (56.1%) agus beagán níos ísle ná meán réigiúnach an Iardheiscirt (52.7%).
De réir Dhaonáireamh 2016, tá difríocht shuntasach idir leibhéil ghnóthachtála oideachais i gCiarraí agus sa stát ar an iomlán. Go ginearálta ó thaobh leibhéil ghnóthachtála de, tá sciar comhréireach i bhfad níos airde ag Ciarraí sna leibhéil ísle oideachais agus, dá réir sin, sciar comhréireach níos ísle san ardoideachas.
Oideachas (ar leanúint)
De réir Dhaonáireamh 2016, bhí 13,490 duine ar fad ina gcónaí i gCiarraí a bhí ‘Gan Oideachas Foirmiúil’ nó a raibh ‘Oideachas Bunscoil Amháin’ acu. B’ionann sin agus 13.4% den daonra iomlán i gCiarraí a bhí tar éis a gcuid oideachais a chur i gcrích. Bhí an chomhréir seo níos airde ná meán an stáit (12.5%), níos airde ná meán Thionól Réigiúnach an Deiscirt (12.6%) agus meán réigiúnach an Iardheiscirt (11.5%).
3ú Leibhéal - Ard 3ú Leibhéal - Íseal
Scileanna Teicniúla / Printíseachtaí / Teastas
Oideachas Foirmiúil
Graf 3.4 Gnóthachtáil Oideachais an Daonra Iomláin. Foinse: Daonáireamh 2016
% Oideachas – Gan Oideachas Foirmiúil/Bunoideachas Amháin. Ceantair Bheaga 2016
<6%
6% go <10%
10% go <15%
15% go <20%
20% go <26%
<26%
Ceantair CPSN
Údaráis Áitiúla

Léarscáil 3.3 Gnóthachtáil Oideachais –Gan Oideachas Foirmiúil / Oideachas Bunscoile Amháin. Foinse: Daonáireamh 2016
Is léir go bhfuil dáileadh spáis ann, leis na rátaí is airde i gceantair thuaithe mar Uíbh Ráthach agus i lár na mbailte. Tá na luachanna is ísle sna ceantair timpeall ar na príomhbhailte. Idir Cill Orglan agus Cill Airne agus lár baile Thrá Lí a bhí na Ceantair Bheaga leis na luachanna ab airde (níos airde ná 40%).
Barr a gcumas a bhaint amach i ngach réimse foghlama agus forbartha
Líon na ndaoine óga san oideachas tríú leibhéal 16,0178 5,838
Líon na ndaltaí bunscoile 55,8314 16,330
Líon
Daoine óga idir 20-24 bliana d’aois a bhfuil
Oideachas Dara Leibhéal Uachtarach ar an leibhéal oideachais is airde atá acu
44,147 1,165
Daoine óga idir 20-24 bliana d’aois a bhfuil
Oideachas Dara Leibhéal Íochtarach ar an leibhéal oideachais is airde acu
Rátaí coinneála i scoileanna dara leibhéal ón gcohórt is déanaí (% de chohórt iontrála 2010 a rinne an Ardteistiméireacht in 2015 nó 2016)
10,960
248
Tábla 3.1 Líon na nDaoine Óga san Oideachas. Foinse: Daonáireamh 2016 agus an Roinn Oideachais
Sábháilte agus cosanta ó dhíobháil
Úsáidtear an Córas Fógra um Chosaint Leanaí chun leanaí atá i mbaol díobhála a shainaithint agus tugann sé le fios go bhfuil cur chuige ildisciplíneach agus idirghníomhaireachta riachtanach chun an riosca a laghdú agus leanaí a chumhdach. Cuirtear leanbh faoi chúram Tusla nuair nach mbíonn tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) an linbh in ann cúram iomchuí a thabhairt dó/ di nó más rud é gur imir drochíde air/uirthi. Is é cúram altrama an príomhchúram malartach a sholáthraíonn Tusla, chomh maith le cúram cónaitheach. Foilsíonn Tusla líon na leanaí atá faoi chúram ar bhonn ráithiúil, de réir an chineáil socrúcháin, agus cuirtear ar fáil é de réir limistéar seirbhísí comhtháite, a bhfuil ceann acu ar fáil i gceantar an Choiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí.
I mí Eanáir 2023, bhí 19 leanbh ar an liosta faoin teideal ‘Gníomhach’ ar an gCóras Fógra um Chosaint Leanaí i gCiarraí. Bhí 157 leanbh ar an iomlán cláraithe mar leanaí faoi chúram sa tréimhse chéanna ama, arb ionann é agus ráta 4.5 in aghaidh 1,000 duine.
Foráiltear le Scéim Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, arna feidhmiú ag Oifig Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, gur féidir i gcásanna áirithe, má ghlacann duine óg (faoi bhun 18 mbliana d’aois) cuntasacht as coir, rabhadh a thabhairt dó/di agus maoirsiú a dhéanamh air/uirthi in ionad iad a chur os comhair na cúirte. Déanann córas bunachar sonraí Pulse an Gharda Síochána líon na n-ógánach a atreoraítear chuig an scéim a thaifeadadh agus foilsíonn Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig (IYJS) é ar bhonn bliantúil de réir Rannán an Gharda Síochána. Laistigh de limistéar an Choiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí, tá Rannán amháin de chuid an Gharda Síochána: Ciarraí.
In 2019, atreoraíodh 444 duine óg faoi bhun 18 mbliana d’aois chuig Scéim Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána i limistéar Chiarraí. Is ionann an figiúr seo agus méadú 25% ar líon na n-iarratas a fuarthas in 2018.
Slándáil gheilleagrach agus deiseanna geilleagracha
Léirítear in Innéacs Díothachta Pobal HP 2016 leibhéal foriomlán an tsaibhris agus na díothachta ag leibhéal 18,488 Ceantar Beag in 2016 in Éirinn. Bunaithe ar na Scóir Innéacs Coibhneasta do 2016, tá contae Chiarraí ar an iomlán ar an 16ú húdarás áitiúil is saibhre sa tír, le scór -1.3 (beagán faoi bhun an mheáin). Tá sé seo faoi bhun scór an stáit, i.e. .6 (beagán os cionn an mheáin) agus faoi bhun scór réigiúnach an Iardheiscirt, i.e. 1.7 (beagán os cionn an mheáin). I gcodarsnacht leis sin, bhí an scór ab ísle -6.4 ag Dún na nGall (beagán faoi bhun an mheáin) agus bhí an scór ab airde (10) ag Dún Laoghaire-Ráth an Dúin (saibhir).
Laistigh de Chontae Chiarraí, tá dáileadh sainiúil ar Scóir Innéacs Coibhneasta 2016 le feiceáil agus na ceantair is saibhre in aice le Cill Airne, Trá Lí agus an tSnaidhm, a rangaíodh laistigh den ghrúpa ‘Saibhir’ (4.3% de na Ceantair Bheaga). Tá na Ceantair Bheaga is mó atá faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe amhail Cathair Saidhbhín agus Uíbh Ráthach nó sna príomhionaid uirbeacha i Lios Tuathail agus Trá Lí, go príomha. Tá na 10 gCeantar Bheaga (1.4% de na Ceantair Bheaga ar fad) leis na scóir is ísle agus a rangaítear mar cheantair ‘Faoi Mhíbhuntáiste Mór’, lonnaithe i lár bailte Chill Airne, Thrá Lí agus Lios Tuathail.
Slándáil gheilleagrach agus deiseanna geilleagracha (ar lean)
Innéacs Díothachta Pobal HP. Ceantair Bheaga 2016
Faoi mhíbhuntáiste ollmhór
Faoi mhíbhuntáiste mór
Faoi mhíbhuntáiste
Beagáinín faoi bhun an mheáin
Beagáinín os cionn an mheáin
Saibhir
An-saibhir
Thar a bheith saibhir

Léarscáil 3.4 Innéacs Díothachta HP Pobal de réir Ceantair Bheaga. Foinse: Pobal 2016
Tá na Ceantair Bheaga is mó atá faoi mhíbhuntáiste i gCiarraí liostaithe sa tábla thíos. Tá 6,265 duine ar an iomlán ina gcónaí sna 30 Ceantar Beag leis na scóir is ísle. Is ionann sin agus 4.2% den daonra iomlán i gCiarraí. As an daonra iomlán a raibh cónaí orthu sna ceantair seo, bhí 29.2% (nó 1,831) díobh faoi bhun 24 bliana d’aois.
Tábla 3.2 Líon na nDaoine Óga a bhfuil cónaí orthu i gCeantair Bheaga faoi mhíbhuntáiste. Foinse: Daonáireamh 2016 agus Innéacs Díothachta Pobal HP
Le déanaí, tháinig ardú suntasach 38.5% ar an ráta dífhostaíochta i measc an óige idir Márta 2022 (533) agus Márta 2023 (738). Bhí an fás seo i bhfad níos mó ná meán an stáit (8.0%) sa tréimhse chéanna ama.
Ceantar Beag Toghcheantair Scór Díothachta
Nasctha, meas orthu, agus iad ag cur lena saol féin
Seo a leanas miondealú ar na leanaí agus daoine óga de chuid grúpaí eitneacha i gCiarraí: ‘Duine Geal de Lucht Siúil na hÉireann’ (1.1% nó 483), ‘Aon chúlra Geal Eile’ (7% nó 3,685), Cine Gorm nó Éireannach Gorm’ (1% nó 448), ‘Áiseach nó Áiseach Éireannach’ (1.4% nó 648), Cúlra ‘eile’ (1.2% nó 531) agus ‘Neamhluaite’ (1.4% nó 621).
Cine Geal – Ball de Lucht Taistil na hÉireann
Aon chúlra Geal eile
Cine Gorm nó Éireannach Gorm – Afracach
Áiseach nó Áiseach Éireannach
Eile, lena n-áirítear cúlra measctha
Gan sonrú
Graf 3.5 Daonra atá 24 bliana d'aois agus níos óige de réir Grúpa Eitneach. Foinse: Daonáireamh 2016
I nGraf 3.5, tugtar miondealú mionsonraithe ar an ngrúpa eitneach daoine óga sna haoisghrúpaí seo a leanas a bhfuil cónaí orthu i gCiarraí: 0-4, 5-9, 10-14, 15-19 agus 20-24 bliana d’aois in 2016. Tugtar i ngach catagóir (aoisghrúpa agus eitneachas) an líon iomlán agus an céatadán den daonra iomlán idir 0-24 bliana d’aois.
I gCiarraí, is grúpa mór é an cohórt 0 go 4 bliana d’aois i gcomparáid le catagóirí daoine óga eile. Laistigh den ghrúpa seo, is ón ngrúpa eitneach ‘Daoine Geala Eile’ (833) atá an grúpa is mó, arb ionann é agus 8.4% de na daoine óga ar fad i gCiarraí.
Ag am an taighde seo as na contaetha ar fad in Éirinn, tá an líon is airde dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin lonnaithe i gCiarraí (10% den iomlán). Tá na rátaí arda seo de mhuintir na hÚcráine a thagann isteach le feiceáil i gCill Airne agus i Neidín, toisc go bhfuil siad i measc na 3 áit leis na rátaí is airde ar an iomlán in Éirinn. Tá ceithre ionad de chuid na Seirbhíse Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS) lonnaithe i gCiarraí leis. Is iad sin Atlantic Lodge, Neidín; Atlas House, Cill Airne; Johnston’s Marina, Tralee; agus Hotel Killarney; agus tá 554 cónaitheoir ar fad lonnaithe iontu.

Cuid 4: Mapáil Seirbhíse
Déanann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maoirsiú ar sholáthar seirbhísí um obair don aos óg ar fud an Chontae trí mhaoiniú a thabhairt do thionscadail agus do sheirbhísí óige faoi stiúir na foirne agus trí dheontais a thabhairt do chlubanna óige faoi stiúir oibrithe deonacha. Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a chuireann an cistiúchán ar fad ar fáil do na tionscadail atá liostaithe, lena riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.
Tionscadail/Seirbhísí Óige arna maoiniú
ag BOO Chiarraí
UBU - D’Áit, Do Spás
Is éard atá i Seirbhísí UBU ná seirbhísí óige dírithe ar an duine óg, pobalbhunaithe agus lasmuigh den scoil do dhaoine óga idir 10-24 bliain d'aois a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Is é an fhís atá ag UBU ná go gcuirfí ar chumas daoine óga go léir barr a gcumais a bhaint amach, trína gcearta a urramú agus éisteacht lena bhfuil le rá acu, agus iad á gcosaint agus tacú leo agus iad ag aistriú ó leanaí go daoine fásta.
Ionaid Eolais don Aos Óg
Soláthar uilíoch a chuireann líonra de mhoil faisnéise ar fáil do dhaoine óga chun rochtain a cheadú ar fhaisnéis saor in aisce agus faoi rún ar raon ábhar, lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, gairmeacha beatha, cearta, teidlíochtaí, spórt, fóillíocht, taisteal agus deiseanna Eorpacha.
Scéim Deontais do Chlubanna
Óige Áitiúla
Clubanna óige pobalbhunaithe a chuireann spásanna tiomnaithe ar fáil do dhaoine óga chun teacht le chéile, caidreamh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla iontu. Tá sé mar aidhm ag na clubanna seo timpeallacht shábháilte thacúil a chur ar fáil inar féidir le daoine óga scileanna nua a fhorbairt, tabhairt faoi chaithimh aimsire, agus caidrimh dearfacha a chothú lena bpiaraí agus le meantóirí fásta. De ghnáth, cuireann clubanna óige raon gníomhaíochtaí agus seirbhísí ar fáil atá in oiriúint do leasanna agus riachtanais daoine óga.
Tá liosta neamh-uileghabhálach de Chlubanna Óige a bhí gníomhach in 2023 le fáil in Aguisín 5.
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Soláthar Eile
BOO Chiarraí
Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí deiseanna ar fáil do dhaoine óga filleadh ar an oideachas agus oiliúint chun cur lena scileanna saoil agus lena n-ionchais fostaíochta.
Coláiste Chiarraí
Cuireann Coláiste Chiarraí 180 clár lánaimseartha agus páirtaimseartha agus raon oiliúna printíseachta ar fáil, atá ailínithe le Leibhéil 3, 4, 5 agus 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Is iad seo a leanas na suíomhanna campais:
• Campas Bhóthar na Claise, Trá Lí
• Campas Shráid Deiní, Trá Lí
• Campas Chill Orglan
• Campas Lios Tuathail
• Campas Mhóin an Bhaile
Ógtheagmháil Chiarraí
Tugann an clár Oideachais Ógtheagmhála deis do dhaoine idir 15 agus 20 bliana d’aois nach bhfuil ag gabháil don oideachas príomhshrutha a thuilleadh páirt a ghlacadh i gclár cuimsitheach dhá bhliain. Tá an clár seo leagtha amach mar chlár lánaimseartha agus struchtúrtha, ag tairiscint slite éagsúla chuig breisoideachas, oiliúint nó fostaíocht. Faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, tá an clár Ógtheagmhála á riar i gceithre ionad ar fad:
• Ógtheagmháil na hArdteistiméireachta
Feidhmí, Trá Lí
• Ógtheagmháil Chill Airne
• Ógtheagmháil Lios Tuathail
• Ógtheagmháil Thrá Lí
Cuireann BOO Chiarraí na cláir seo a leanas ar fáil leis:
• Tionscadal Meantóireachta (lonnaithe in Áras an Phobail) do dhaoine óga nach bhfuil i bhfostaíocht, oideachas ná oiliúint (NEETanna).
• Tacaíonn Music Generation agus Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach
Chiarraí leis an gceol agus an chruthaitheacht a fhorbairt ar fud an Chontae.
• Múinteoir Tacaíochta don Lucht Siúil - tugtar an tacaíocht seo d’iar-bhunscoileanna ar fud an chontae chun tacú le coinneáil agus rannpháirtíocht daltaí den Lucht Siúil.
• Cuireann Ionad Horizon Chiarraí deiseanna oiliúna ar fáil do Luathfhágálaithe Scoile, rud a chuireann ar a gcumas cáilíochtaí aitheanta sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a bhaint amach.
Seirbhísí Eile
Ina theannta sin, cuireann gníomhaireachtaí seachtracha éagsúla seirbhísí breise ar fáil do dhaoine óga ar fud an Chontae.
Seirbhísí athstiúrtha óige:
• Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (GYDP) ar fud an Chontae ar a dtugtar an tSeirbhís KEY. Is seirbhís de chuid Sheirbhísí Óige Dheoise Chiarraí í seo arna maoiniú ag Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig (IYJS).
I measc na seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte agus síceolaíochta, tá:
• Seirbhís Meabhairshláinte Chiarraí do Leanaí agus d'Ógánaigh (KAMHS) - Ionaid i gCiarraí Thuaidh agus Theas a fhreastalaíonn ar Chontae Chiarraí ar fad.
• Síceolaithe de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) sannta do gach bunscoil agus iar-bhunscoil i gCiarraí.
• Cuireann Seirbhís Comhairleoireachta Ógánach Chiarraí tacaíocht chomhairleoireachta ar fáil d’ógánaigh.
• Cuireann Ionad Comhairleoireachta an Iardheiscirt tacaíochtaí comhairleoireachta ar fáil d’ógánaigh agus dá dteaghlaigh.
• Cuireann Jigsaw Kerry tacaíochtaí gearra idirghabhála meabhairshláinte ar fáil do dhaoine óga idir 12 agus 25 bliana d’aois.
Seirbhísí Míchumais
• Seirbhísí Idirghabhála agus Míchumais
Chiarraí (KIDS) - comhpháirtíocht idir FSS, Enable Ireland, Bráithre na Carthanachta agus
Cumann Eoin Dé a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí agus daoine óga (suas go dtí 18 mbliana d’aois) a bhfuil riachtanais chasta acu
• Siondróm Down Chiarraí
• Inspired – (lena n-áirítear daoine óga) míchumais intleachta éadroma go híseal agus measartha
• Headway, Trá Lí, Co. Chiarraí
Áirítear le tacaíocht andúile:
• Soláthraíonn Mol Pobail Drugaí agus Alcóil
Chúil Mhín tacaíochtaí agus atreoraithe.
Áirítear le tacaíocht spriocdhírithe teaghlaigh:
• Is éard atá sa chlár um Chosc, Comhpháirtíocht agus Tacaíocht Teaghlaigh (PPFS) ná tacaíocht a thabhairt chun torthaí feabhsaithe a bhaint amach do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh trí luathidirghabháil agus obair chun fadhbanna a chosc. Tá PPFS do Chiarraí agus an Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí nasctha go straitéiseach ag leibhéal an Chontae. Tá PPFS bunaithe mar ghrúpa oibre de chuid an Choiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí agus tá Bainisteoir Ceantair Tusla do Chiarraí ina chathaoirleach air.
• Tá Tionscadal Cróige Sheirbhísí Óige Dheoise Chiarraí maoinithe ag Tusla agus is foireann ildisciplíneach í, a chuireann seirbhís ar fad ar fud an Chontae chun tacú le teaghlaigh Chiarraí teacht ar theagmháil bhríoch lena leanaí a d’fhéadfadh a bheith faoi chúram Tusla.
Áirítear le hionaid phobail agus cuideachtaí comhpháirtíochta áitiúla:
• Is pointe fócais don phobal é Ionad Pobail Ráth Óraigh.
I measc na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i gCiarraí, tá:
• Ionad Pobail agus Acmhainní Teaghlaigh Bhaile Uí Spealáin
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh BUDS Lios Tuathail
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chaisleán na Mainge
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Dubhátha
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Neidín
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Cheann Chiarraí/ Bhaile Uí Thaidhg
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh na Seanchoille
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh na Seanabhann
• Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chiarraí Thiar Theas
• Ionad Pobail Bhríde
• Soláthraíonn Forbairt Oirthuaisceart Chiarraí Thiar (NEWKD) tacaíocht agus treoir do dhaoine óga nach bhfuil i bhfostaíocht, oideachas ná oiliúint (NEETanna).
Áirítear ar thacaíochtaí do mhionlaigh eitneacha:
• Tionscadal Forbartha Lucht Siúil Chiarraí a chuireann seirbhísí chun cinn don Lucht Siúil.
• KASI (Ionad Tacaíochta Inimirceach Chill Airne) a chuireann tacaíochtaí ar fáil do phobail imirceach (Romaigh san áireamh).
• TIRC (Ionad Acmhainní Idirnáisiúnta Thrá Lí) a chuireann tacaíochtaí ar fáil do phobail imirceach (Romaigh san áireamh).
Tá liosta neamh-uileghabhálach de Chlubanna Óige a bhí gníomhach in 2023 le fáil in Aguisín 5.
Cuid
5: Anailís ar Riachtanais
Leagtar amach sa chuid seo torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh le breis agus 100 leanbh agus duine óg a bhfuil cónaí orthu i gCiarraí agus le daoine a oibríonn le leanaí agus daoine óga i gCiarraí. Ar dtús, leagtar amach torthaí an tsuirbhé a dáileadh i measc daoine óga agus fócasghrúpaí. Ar an dara dul síos, cuirtear i láthair torthaí an phlé éascaithe a rinneadh le soláthraithe seirbhíse, oibrithe óige agus páirtithe leasmhara eile an Bhoird Oideachais agus Oiliúna. Ar deireadh, déantar plé téamach ar na torthaí i gcomhthéacs na gCúig Thoradh Náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga a leagtar amach sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.
Torthaí an tSuirbhé
Thug 390 duine óg faoin suirbhé ar líne. Seo a leanas roinnt príomhthorthaí ó na freagróirí:
Roinnt gníomhaíochtaí ina bhfuil daoine óga páirteach faoi láthair:
Ag cabhrú sa bhaile
Ag féachaint ar an teilifís/ cláir ar líne/cluichíocht/ meáin shóisialta
Ag glacadh páirte i gcláir chlubanna spóirt áitiúil / cluichíochta / meáin shóisialta
Is iad seo a leanas na cúig dhúshlán is mó do dhaoine óga i gCiarraí:
Imní/imní faoin todhchaí
Strus a bhaineann le scrúduithe/ staidéar
Ag dul ar scoil
Ag éisteacht le ceol
Costas maireachtála
Bulaíocht aghaidh ar aghaidh
Foinsí eolais daoine óga faoi thionscadail óige, faoi chlubanna agus faoi ghníomhaíochtaí eile:
Scoil
Na meáin shóisialta
Tuismitheoirí
Tuismitheoirí i dteaghlaigh eile
Nuachtáin
Cad atá ag teastáil chun cabhrú le daoine óga i gCiarraí a bheith sásta agus barr a gcumais a bhaint amach:
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le níos mó spásanna, spóirt agus gníomhaíochtaí don aos óg
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le breis tacaíochtaí don mheabhairshláinte
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le breis tacaíochtaí ar scoil
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le breis tacaíochtaí airgeadais agus slándáil eacnamaíoch
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le seirbhísí iompair
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le breis comhairliúcháin
Dúirt an méid seo go bhfuil gá le tacaíocht ó thuismitheoirí
Tugadh deis do na freagróirí na
rudaí atá de dhíth ar dhaoine óga i gCiarraí a lua ina bhfocail féin. Bhí na rudaí seo a leanas ina measc:
“Áit chun teacht le chéile go sábháilte”
“Tacaíocht níos fearr do mheabhairshláinte daoine óga”
“Gá le tuilleadh seirbhísí tacaíochta sna scoileanna”
“Níos mó tacaíochta ag teastáil ar scoil”
“Tuilleadh seirbhísí iompair”
"A chinntiú go bhfuil fáilte roimh chách agus go mbíonn daoine ar a suaimhneas"
“Is gá éisteacht linn”
“Gá le níos mó déanamh in am saor”
“Comhairleoireacht”
“Tuilleadh gníomhaíochtaí”
“Gníomhaíochtaí tuaithe nach gníomhaíochtaí spóirt iad”
Torthaí
na bhFócasghrúpaí
Ghlac 100 duine óg páirt sna fócasghrúpaí ar fud Chiarraí.
Fiafraíodh de dhaoine óga cad a thaitin leo ina bpobal agus cad ba mhaith leo a bheith ina gceantar do dhaoine óga. Ag tús na bhfócasghrúpaí, ghlac na daoine óga páirt i gcleachtadh mapála pobail, agus plé éascaithe ina dhiaidh sin.

Íomhá 5.1: Líníocht Mapála Pobail ag daoine óga i bhfócasghrúpaí
Fiafraíodh de dhaoine óga cad a thaitin leo faoi bheith ina gcónaí ina bpobail. Luaigh cuid de na daoine óga go mbaineann siad taitneamh as a bheith ina gcuid de chlub/fhoireann spóirt nó de ghrúpa óige. Labhair cuid díobh faoi na taitneamhachtaí agus rudaí le déanamh atá mórthimpeall orthu ina gceantar; ceantair uirbeacha den chuid is mó a bhí i gceist leis seo, áfach. Dúirt líon beag daoine go mbaineann siad taitneamh as a bheith ag maireachtáil i dtimpeallacht álainn ghlan agus go mbaineann siad taitneamh as dul ar scoil.
Rudaí le déanamh
Comhshaol
Gníomhaíochtaí don Aos Óg
Scoil
Club Óige
Múinteoirí
Seirbhísí
Pobal
Obair don Aos Óg
Feirmeoireacht
Graf 5.1 Rudaí a thaitin le daoine óga faoina gceantar áitiúil - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí.
“Is áit álainn í Ciarraí.”
“Tá páirc spóirt i ngach sráidbhaile.”
“Is é an grúpa seo ár n-áit shábháilte - is maith linn a bheith i measc daoine a bhfuil an taithí chéanna acu.”
Fiafraíodh de dhaoine óga ansin cad nár thaitin leo faoina gceantar féin (féach Graf 5.2 thall). Dúirt an-chuid daoine óga nach raibh go leor rudaí le déanamh acu, rud a bhíonn ina chúis le leadrán agus iompraíochtaí diúltacha uaireanta amhail an t-alcól nó iompar frithshóisialta. Bhraith roinnt daoine óga go raibh easpa roghanna ina gceantar lasmuigh den spórt nó CLG, agus rinne go leor díobh gearán faoi easpa spásanna laistigh agus lasmuigh a bheadh oiriúnach don aos óg ina bhféadfaidís bualadh lena gcairde in atmaisféar sábháilte.
Dúirt roinnt daoine óga i gceantair thurasóireachta go raibh áiseanna agus acmhainní áitiúla costasach agus go raibh siad dírithe ar thurasóirí go minic, seachas ar mhuintir na háite agus ar dhaoine óga. Rinne go leor daoine óga i gceantair uirbeacha gearán faoi iompar frithshóisialta agus coireacht ina bpobail. Luaigh roinnt daoine óga i gceantair thuaithe nach raibh dearcadh dearfach i leith na hionchuimsitheachta i measc roinnt daoine ina gcuid pobal.
Rudaí nár thaitin le daoine óga faoina gceantar áitiúil
Easpa spáis agus seirbhísí do
Easpa áiseanna
Coireacht
Comhshaol
Easpa seirbhísí meabhairshláinte
Dearcadh
Drugaí
Scoil
Easpa deiseanna
Easpa iompair phoiblí
Múinteoirí
Idirdhealú
Graf 5.2 Rudaí nár thaitin le daoine óga faoina gceantar - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí.
“Easpa spóirt eile lasmuigh de CLG”
“Níl go leor rudaí ann dúinn ach go leor ann do thurasóirí.”
“Tá daoine óga ag ól mar níl rud ar bith eile le déanamh.”
Ar deireadh, fiafraíodh de dhaoine óga cad a d’athróidís nó cad ba mhaith leo a bheith sna pobail áitiúla. Dúirt go leor de na daoine óga a ghlac páirt sna fócasghrúpaí go raibh gá le níos mó spásanna oscailte don óige, chomh maith le clubanna agus gníomhaíochtaí dírithe ar dhaoine óga. Luaigh go leor daoine óga easpa rochtana ar sheirbhísí iompair phoiblí ar fud an Chontae, go háirithe iad siúd a bhí lonnaithe i gceantair thuaithe. Luaigh cuid de na daoine óga chomh maith go bhfuil roinnt gnéithe bonneagair agus comhshaoil in easnamh ó na ceantair áitiúla, lena n-áirítear go leor boscaí bruscair agus soilsiú sráide, seomraí feistis ag tránna, leithris phoiblí agus cothabháil ar sheanfhoirgnimh.
Spás, clubanna agus
Iompar Poiblí
Bonneagar/comhshaol
Saoráidí spóirt
Meas/cóireáil do dhaoine eile
Éagsúlacht agus ionchuimsiú
Oideachas
Coireacht/sábháilteacht
Roghanna san oideachas
Seirbhísí óige
Graf 5.3 Rudaí a dúirt daoine óga a bhí in easnamh ina gceantar áitiúil - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí. Na rudaí a dúirt daoine óga a bhí in easnamh
“Seomraí athraithe agus áiseanna ag an gcé.”
Deiseanna do thurais “Tuilleadh comhbhá ó
“Tá gá níos mó rudaí neamhchostasacha a chur ar fáil do dhaoine óga sa bhaile mór.”
“Tá iompar áitiúil níos fearr de dhíth orainn.”
Torthaí ó Chomhairliúcháin le Soláthraithe
Seirbhíse/Oibrithe don Aos Óg
Reáchtáladh imeacht comhairliúcháin lae i gCill Airne i mí
Lúnasa 2022. Bhí níos mó ná 40 páirtí leasmhar a oibríonn le leanaí agus daoine óga i gCiarraí ag an imeacht seo, ag déanamh ionadaíochta thar ceann 20 seirbhís.
Chun bonn eolais a chur le Plean na hOibre don Aos Óg, fiafraíodh de na rannpháirtithe na grúpaí is leochailí agus a gcuid riachtanais, ina dtaithí féin, a leagan amach. Ina dhiaidh sin, rinneadh plé ar bhearnaí seirbhíse sa Chontae faoi láthair, chomh maith le plé agus tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar fhís na rannpháirtithe do dhaoine óga i gCiarraí faoi dheireadh 2027.
Daoine óga leochaileacha i gCiarraí
Nuair a iarradh ar na rannpháirtithe na daoine óga is leochailí i gCiarraí faoi láthair a leagan amach, shainaithin soláthraithe seirbhíse na grúpaí seo a leanas:
• Mionlaigh Eitneacha, lena n-áirítear an Lucht Siúil agus pobail nua chomh maith leo siúd atá ina gcónaí in ionaid de chuid na Seirbhíse Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta.
• Daoine óga nach bhfuil in oideachas, fostaíocht ná oiliúint (NEETanna) de bharr cláir ama laghdaithe, ag fágáil na scoile go luath agus ag diúltú dul ar scoil.
• Daoine óga a bhfuil droch-mheabhairshláinte orthu mar thoradh ar a bheith aonraithe go sóisialta, dúlagar nó imní a bheith orthu, nó tionchar phaindéim Covid-19.
• Leagadh béim chomh maith ar leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas toisc nach bhfuiltear ag freastal ar a gcuid riachtanas ná ag freagairt dóibh.
• Daoine óga i gceantair dhíothacha.
• Daoine óga i gceantair thuaithe.
Grúpaí leochaileacha arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Mionlaigh eitneacha
Meabhairshláinte
Leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas
Lucht Siúil
Iarrthóirí tearmainn agus teifigh, Úcránaigh san áireamh
Iarrthóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta
Leanaí agus daoine óga ón Úcráin
Cláir ama laghdaithe
Luathfhágálaithe scoile
Diúltaitheoirí don scoil
Daoine óga atá aonraithe go sóisialta
Dúlagar agus imní
Covid-19
Riachtanais bhreise
Míchumas coirp
Míchumas intleachta
Tábla 5.1: Grúpaí leochaileacha arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Riachtanais grúpaí leochaileacha i gCiarraí
Rinne a oibríonn le leanaí agus daoine óga i gCiarraí cur síos ar an tslí a bhfuil daoine óga buailte ag an aonrú sóisialta agus ag an aonrú tuaithe. Chomh maith leis sin, luaigh siad nach bhfuil roinnt teaghlach soghonta i dteagmháil le seirbhísí agus tacaíochtaí. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar líon na luathfhágálaithe scoile toisc go mbraitheann roinnt daoine óga go bhfágtar ar leataobh iad i suíomhanna oideachais.
Tuairiscíodh freisin go bhfuil roinnt daoine óga buailte le heaspa féinmhuiníne chomh maith le leibhéil arda imní. Ar na saincheisteanna eile a luadh, bhí an ghéarchéim chostais mhaireachtála agus inacmhainneacht na mbunriachtanas, méadú ar úsáid alcóil agus drugaí, dúshláin do ghrúpaí mionlaigh maidir le comhtháthú agus riachtanais na dteaghlach atá ag maireachtáil i mbochtaineacht idirghlúine agus leanúnach.
Aonrú Aonrú tuaithe
Aonrú sóisialta Easpa scileanna tuismitheora agus tacaíochtaí teaghlaigh
Easpa rannpháirtíochta idir teaghlaigh agus seirbhísí
Cumas teoranta tuismitheoireacht a dhéanamh
Oideachas agus coinneáil
Meabhairshláinte
Luathfhágáil scoile
Ag brath go bhfágtar ar leataobh iad
Easpa féinmhuiníne
Imní Inacmhainneacht
Tábla 5.2 Riachtanais na ngrúpaí leochaileacha arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Bearnaí seirbhíse i gCiarraí arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Sainaithníodh go leor bearnaí seirbhíse, lena n-áirítear seirbhísí oideachais agus fostaíochta neamhfhoirmiúla do ghrúpaí leochaileacha chun rochtain a bheith acu ar oideachas malartach agus tuilleadh deiseanna. Luadh ina dhiaidh sin an gá atá le tuilleadh oibre a dhéanamh le roinnt teaghlach chun rannpháirtíocht agus luathidirghabháil a spreagadh. Leagadh béim chomh
Seirbhísí oideachais agus fostaíochta neamhfhoirmiúil
Tuilleadh oibre le tuismitheoirí/caomhnóirí agus teaghlaigh
Spásanna tiomnaithe do dhaoine óga
maith ar easpa spásanna tiomnaithe chun cabhrú le daoine óga teacht le chéile ar fud Chiarraí, chomh maith le heaspa seirbhísí uilíocha amhail seirbhísí míchumais agus meabhairshláinte. I measc na mbearnaí eile ar leag páirtithe leasmhara béim orthu, bhí an gá atá le tuilleadh oibre don aos óg, seirbhísí tacaíochta agus iompar oiriúnach agus inrochtana.
Deiseanna fostaíochta
Bealaí, tacaíocht agus roghanna malartacha
Cláir réamhphrintíseachta
Teastaíonn tuilleadh ceannach isteach ó thuismitheoirí/caomhnóirí
Tuilleadh rannpháirtíochta
Luath-idirghabháil
Spás agus áiteanna ina mbraitheann daoine óga istigh leis an ngrúpa
Brath sábháilte
Caidreamh a bheith acu lena chéile
Seirbhísí uilíocha
Gach seirbhís le bheith inrochtana, beag beann ar chúlra
Tuilleadh oibre don aos óg
Seirbhísí Tacaíochta
Torthaí Téamacha arna achoimriú sna réimsí sa chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile
Sláintiúil agus Gníomhach, Folláine Choirp agus Mheabhrach
Rinne cuid de na daoine óga a bhí páirteach sa taighde cur síos ar an spéis as cuimse a bhí acu sa spórt agus ar na buntáistí iomadúla a bhaineann le bheith in ann páirceanna spóirt a úsáid. Áiríodh leis seo deis bualadh le cairde, páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pobail chomh maith le bheith aclaí. Mar sin féin, bhraith roinnt daoine óga go raibh roghanna teoranta ann do dhaoine lasmuigh de CLG agus go raibh gá le níos mó roghanna a chur ar fáil.
Le linn na gcomhairliúchán, thug oibrithe agus daoine óga faoi deara go bhfuil méadú suntasach tagtha ar dhúshláin mheabhairshláinte i measc daoine óga i gCiarraí agus go bhfuil gá le seirbhísí agus tacaíochtaí níos oiriúnaí agus níos inrochtana ar fud an Chontae.
Barr Cumais a bhaint amach i ngach Réimse Foghlama agus
Forbartha
Le linn na gcomhairliúchán, chuir líon suntasach daoine óga béim ar na roghanna teoranta atá ar fáil dóibh san oideachas príomhshrutha. Áiríodh leis seo easpa roghanna ó thaobh teangacha agus gá le hábhair níos praiticiúla a bheith ar fáil dóibh. Bhraith roinnt daoine óga freisin nár tugadh tacaíocht iomlán dóibh nó nár éisteadh go hiomlán leo ar scoil.
Chuir roinnt oibrithe imní in iúl faoi rátaí arda diúltaithe don scoil agus rátaí ísle coinneála, ag leagan béime ar an ngá atá le roghanna oideachais malartacha do dhaoine óga, chomh maith le tacaíochtaí oideachais.
Sábháilte agus Cosanta ó Dhíobháil
Thug go leor daoine óga, go háirithe iad siúd a chónaíonn i gceantair mhóra uirbeacha, cuntas ar leibhéil arda coiriúlachta, leitheadúlacht úsáid na ndrugaí agus go mbraitheann siad neamhshábháilte agus mímhuinníneach ina gcuid pobal. Dúirt cuid de na daoine óga nach mbíonn mórán le déanamh ag daoine óga eile lena gcuid ama saor a chaitheamh, rud a chuireann le hiompraíocht fhrithshóisialta.
Thug roinnt soláthraithe seirbhíse cuntas ar an tslí a bhfuil easpa rannpháirtíochta idir tuismitheoirí/ caomhnóirí agus seirbhísí. Mar thoradh ar an easpa rannpháirtíochta seo, ní bhíonn tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil dóibh agus dá leanaí uaireanta.
Slándáil Gheilleagrach agus Deiseanna Geilleagracha
Léirigh na torthaí ó na daoine óga go raibh feasacht mhéadaithe acu ar an ardú costais mhaireachtála ag cuid díobh. Bhraith roinnt daoine óga go bhfuil easpa slándála eacnamaíochta dóibh i gCiarraí, agus ní bhraitheann siad go mbeidh deiseanna fostaíochta ann dóibh amach anseo.
Leag cuid de na daoine a bhí a oibríonn le leanaí agus daoine óga béim ar na leibhéil shuntasacha riachtanas i measc teaghlach a bhfuil cónaí orthu i gceantair is ceantair dhíothacha iad go traidisiúnta agus ceantair ina bhfuil bochtaineacht ó ghlúin go glúin iontu. Thug siad faoi deara leis go bhfuil easpa shuntasach tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus a dteaghlaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus atá ag déileáil le costas maireachtála atá ag ardú.
Nasctha, meas orthu, agus iad ag cur lena saol féin
Tá gaol láidir ag daoine óga le Ciarraí agus lena gceantair, rud a bhí le feiceáil le linn na gcomhairliúchán. Dúirt siad buíoch go rabhadar ina gcónaí i gceantar álainn; bhraith siad go raibh dearcthaí áirithe sa phobal leatromach, áfach, agus go raibh béim ar riachtanais turasóirí seachas ar riachtanais daoine óga. Bhain roinnt daoine óga taitneamh as páirt a ghlacadh i gclubanna agus grúpaí óige; bhraith siad nach raibh go leor díobh ann, áfach, agus gur cheart go mbeadh níos mó spásanna óige ar fáil do dhaoine óga. Labhair daoine óga eile faoin tslí ar bhraith siad nach nglacann an pobal áitiúil le difríochtaí, ar nós LGBTI+ agus mionlaigh eitneacha, rud a chuireann le braistint daoine óga nach féidir leo bheith ar a suaimhneas leis an fhírinne fúthu féin agus rud as a dtagann easpa féinmhuiníne go minic.
Dúirt soláthraithe seirbhíse a oibríonn le leanaí agus daoine óga chomh maith go bhfuil gá suntasach le tuilleadh spásanna atá dírithe ar an aos óg a chur ar fáil i gCiarraí ionas go mbraithfidh daoine óga istigh leis an ngrúpa agus sábháilte, agus go mbeidh deis acu bualadh le chéile. Tá gá chomh maith le go leor seirbhísí agus tacaíochtaí do mhionlaigh eitneacha, pobail nua, LGBTI agus daoine óga faoi mhíchumas a chur ar fáil ar fud Chiarraí, de réir na bpáirtithe leasmhara fásta a ndeachthas i gcomhairle leo.
Cuid
6: Spriocanna Tosaíochta agus Plean Gníomhaíochta
Tá gealltanas tugtha ag BOO
Chiarraí maidir leis na spriocanna, cuspóirí agus gníomhartha tosaíochta seo a leanas a bhaint amach ina chuid oibre um sheirbhísí don aos óg ó 2023 go 2027. Sainaithníodh agus cuireadh bonn eolais faoi na spriocanna seo trí phróiseas taighde chun riachtanais áitiúla a shainaithint, lena n-áirítear comhairliúcháin fhairsing le daoine óga agus leis an earnáil óige/soláthraithe seirbhíse a reáchtáladh i gCiarraí le linn 2022 agus 2023, chomh maith le próifílí sochdhéimeagrafacha agus mapáil seirbhíse. Tá cur síos níos mionsonraithe ar an bpróiseas ar tugadh faoi chun an Plean seo a chur le chéile le fáil i gCuid 2.
Sprioc Straitéiseach 1 Soláthar agus Cleachtas
Ardchaighdeáin um Obair don Aos Óg i gCiarraí
Teagmháil a dhéanamh le soláthraithe oibre don óige agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun seirbhís chuimsitheach ardchaighdeáin a sholáthar a fhreagraíonn do dhaoine óga, a chuidíonn leo barr a gcumais a bhaint amach agus a chuireann lena bhforbairt shóisialta, phearsanta, chultúrtha agus eacnamaíoch.
Sprioc
Straitéiseach
2 Rialachas agus
Inbhuanaitheacht
Tacaíocht agus monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin rialachais in eagraíochtaí um obair don aos óg a léiríonn trédhearcacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht.
Sprioc
Straitéiseach
3 Taighde, Cur Chun Cinn agus
Abhcóideacht
Taighde a dhéanamh ar luach na hoibre óige agus é a chur chun cinn agus abhcóideacht a dhéanamh do riachtanais gach duine óig, ag cinntiú go stiúrann guth na ndaoine óga cleachtas agus seachadadh oibre don óige.
Sprioc Straitéiseach 4 Líonrú, Nascadh agus Comhoibriú [2]
Caidrimh dhearfacha a chothú le páirtithe agus páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, ag aithint deiseanna le haghaidh comhoibrithe agus sineirgíochta chun obair don aos óg a fheabhsú.
Sprioc Straitéiseach 1:
Soláthar agus Cleachtas Ardchaighdeáin um
Obair don Aos Óg i gCiarraí
Gníomhartha chun Cuspóirí a Bhaint Amach:
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe Gníomhartha
Forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Uilíocha
Coisctheacha um Obair Óige
• Go mbeidh deis ag daoine óga teacht ar sheirbhísí óige i gCiarraí
• Go mbeidh tionscadail oibre óige uilíocha/ coisctheacha i bhfeidhm ar fud Chiarraí
• Go mbeidh Clubanna/ Grúpaí Óige ar bun i bpobail ar fud an Chontae, ag soláthar deiseanna forbartha do dhaoine óga
• Tacaíocht a thabhairt d’oscailt/athoscailt clubanna óige faoi stiúir oibrithe deonacha
• Idirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun dul i ngleic le ganntanas acmhainní in Earnáil na hOibre don Aos Óg i gCiarraí
• Abhcóideacht a dhéanamh ar mhaoiniú chun acmhainní a chur ar fáil d’Oifigigh Forbartha Club Óige (5 sa Chontae lena n-áirítear 1 Ghaeilge) chun tacú le clubanna
• Luach clubanna óige agus obair dheonach sa phobal a chur chun cinn
• Go mbeidh deis ag daoine óga teacht ar sheirbhísí óige i gCiarraí
• Go mbeidh teacht ar sholáthar spriocdhírithe (Seirbhís UBU) ar fud an Chontae/i gceantair i gCiarraí
• Próifíl ceantair den Chontae a fhorbairt chun tacú le réimsí a aithint ina bhféadfadh freagairtí um obair don aos óg torthaí níos fearr a fheabhsú do dhaoine óga
• Clinicí leanúnacha a reáchtáil le clubanna/ grúpaí óige agus eagraíochtaí cleamhnaithe chun tacú le rannpháirtíocht oibrithe deonacha Dul i dteagmháil le heagraíochtaí náisiúnta e.g. Comhairle Náisiúnta na nÓg chun bonn fianaise le forbairt chun tacú le hobair óige uilíoch i suíomhanna tuaithe Obair óige spriocdhírithe a fhorbairt ina dtugtar tacaíocht do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu
• Leanúint ar aghaidh le hidirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le bonn fianaise a chur le riachtanais i gceantair nach bhfuil soláthar UBU iontu (Ciarraí Láir; Ciarraí Thiar; Mórlimistéar Neidín Mhór) mar chuid den abhcóideacht do sheirbhísí breise
Cuspóirí
Tacaíocht a thabhairt agus abhcóideacht a dhéanamh maidir le samhail/ infreastruchtúr comhtháite oibre don óige a fhorbairt, a chuimsíonn soláthar spriocdhírithe agus soláthar uilíoch araon
Torthaí Inmhianaithe Gníomhartha
• Go mbeidh seirbhísí óige spriocdhírithe uilíoch comhtháite chun tacú le daoine óga ar shlite solúbtha agus freagrúla
• Tacú le suíomhanna píolótacha a fhorbairt a mhúnlaíonn comhtháthú an tsoláthair spriocdhírithe agus uilíoch
• Idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha agus le seirbhísí óige maidir le riachtanais sa Chontae chun tacú le forbairt leanúnach freagairtí oibre don aos óg a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine óga agus a bhainfidh amach na torthaí is oiriúnaí dóibh
Tacaíocht a thabhairt agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán cáilíochta in obair don aos óg
• Go mbeidh idirghabhálacha oibre don aos óg á seachadadh ar ardchaighdeán agus faoi réir athbhreithniú leanúnach chun feabhsú leanúnach a chinntiú
• Athbhreithniú ar chaighdeáin cháilíochta a chur san áireamh mar mhíreanna seasta ar an gclár oibre ag cruinnithe athbhreithnithe
Tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn áitiúil, Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) agus struchtúir oiliúna creidiúnaithe um obair óige a bhunú i gCiarraí
• Go mbeidh scileanna agus cáilíochtaí oibre don aos óg ar fáil dóibh siúd ar spéis leo slí bheatha a bhaint amach san obair don aos ós
• Go mbunófar Dámhachtain chreidiúnaithe um Oiliúint in Obair don Aos Óg (Leibhéal 3-8)
Go mbeidh fáil ar oibrithe gairmiúla láncháilithe don aos óg i gCiarraí
• Grúpa Oibre a bhunú chun tacú le cúrsaí dul chun cinn a fhorbairt i gCiarraí. Áireofar sa ghrúpa Breisoideachas agus Oiliúint BOO Chiarraí, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Seirbhísí Óige
• Tacú le hobair don aos óg, oideachas lasmuigh agus cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna um chruthaitheacht a fhorbairt. I measc na modúl ionchasach, beidh: Oideachas Allamuigh, Rannpháirtíocht Óige, Cruthaitheacht
• Tacú le Miondámhachtain in obair don aos óg a bhunú mar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (múinteoirí/saorálaithe/ceannairí sóisearach)
• Tacú le cur chun cinn na hoibre don aos óg mar rogha FET agus mar chonair ghairme
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe Gníomhartha
Cruthaitheacht a chomhtháthú agus deiseanna cruthaitheachta a fhorbairt in obair don aos óg i gCiarraí
Tacú le freagairtí oibre óige nuálach, uilechuimsitheach ó thaobh an chultúir de a fhorbairt chun freastal ar éilimh na bpobal nua agus na bpobal atá ann cheana féin
• Go léireofar meas ar chruthaitheacht sa chiall is leithne, aithneofar í agus cuimseofar í mar chuid lárnach de chur chuige na hoibre don aos óg
• Go gcruthófar Tionscadail
Chruthaitheacha Óige/ Moil Chruthaitheachta ar fud an Chontae
• Go mbeidh earnáil na hOibre don Aos Óg níos éagsúla, níos cuimsithí agus níos comhoibríoch
• Go gcuirfear i bhfeidhm beartas agus cleachtas chun tacú le comhtháthú daoine óga imeallaithe agus mionlaigh eitneacha
• Go dtacófar le smaointeoireacht chriticiúil oibrithe agus gairmithe don aos óg agus daoine óga chun aghaidh a thabhairt ar chlaonadh agus leithcheal.
Go léireoidh foireann agus oibrithe deonacha na hOibre don Aos Óg ardleibhéil feasachta agus scileanna atá oiriúnach chun tacú le daoine óga ó chúlraí cultúrtha éagsúla
• Tionscnaimh/Moil chruthaitheacha óige a bhunú – lena n-áirítear ceol (e.g. spásanna do bhannaí ceoil), drámaíocht, ealaín agus lasmuigh
• Tacú le Seirbhísí Óige teagmháil a dhéanamh le Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach
Chiarraí agus Music Generation Kerry
• Deiseanna sparánachta a fhorbairt do dhaoine óga atá ag plé le Comhpháirtíocht Áitiúil Óige
Chruthaitheach Chiarraí agus Music Generation Kerry
• Tacú le beartais agus cleachtais a fhorbairt, lena n-áirítear critéir mhaoinithe, chun tacú le comhtháthú daoine óga imeallaithe agus mionlaigh eitneacha.
• Tacú le hearnáil na hÓige maidir le daoine óga faoi mhíchumas a chuimsiú
• FGL a sholáthar a chothaíonn cuimsitheacht níos fearr don Oifig Forbartha Óige agus do sheirbhísí óige
• Tacú le seachadadh tionscnamh spriocdhírithe do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu nó a bhaineann le grúpaí imeallaithe (e.g. míchumas/Lucht Siúil/mionlaigh eitneacha)
• Tacú le tionscnaimh a chuireann obair ardchaighdeáin don aos óg trí Ghaeilge chun cinn i gceantair Ghaeltachta
• Idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha (e.g. BelongTo, Tionscadal Sláinte an Lucht Siúil, CNÓ) chun tacú le cuimsitheacht earnáil na hóige i gCiarraí
• Taighde a dhéanamh ar na cleachtais is fearr maidir le cuimsiú daoine óga faoi mhíchumas.
• Seirbhísí óige a spreagadh chun cumas oibrithe/oibrithe deonacha don aos óg ó chúlraí éagsúla a fhorbairt go réamhghníomhach
• Idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhísí tacaíochta um Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) chun tacú le riachtanais daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu
• Tacú le líonraí dlúthpháirtíochta agus ceannaireachta pobail a thacaíonn le cuimsiú
Sprioc Straitéiseach 2: Rialachas agus Inbhuanaitheacht
Gníomhartha chun Cuspóirí a Bhaint Amach:
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe Gníomhartha
Tacú le hardchaighdeáin rialachais laistigh den Oifig Forbartha Óige Go múnlaíonn Oifig Forbartha Óige BOO Chiarraí na caighdeáin is airde rialachais agus trédhearcachta i ngach réimse freagrachta
• Leanúint de struchtúr láidir riaracháin a fhorbairt laistigh den Oifig Forbartha Óige
• Leanúint de dhualgais BOO Chiarraí a chomhlíonadh mar a leagtar amach iad sa Chomhaontú Seirbhíse leis an RLCMLÓ
• Meicníochtaí monatóireachta cuí a chur i bhfeidhm chun tacú le hardchaighdeáin chuntasachta agus trédhearcachta
• Cur i bhfeidhm leanúnach Meicníochtaí Rialaithe Inmheánacha BOO Chiarraí chun a chinntiú go bhfuil dea-rialachas i bhfeidhm
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe
Tacú le hardchaighdeáin rialachais laistigh de sheirbhísí óige
• Go gcuirfear Seirbhísí Óige ar fáil de réir na gcaighdeán rialachais is airde
• Go léireoidh na Seirbhísí Óige cultúr na féinmheastóireachta agus cleachtais mhachnamhacha a chuireann bonn eolais faoi phróiseas feabhsúcháin leanúnaigh
Gníomhartha
• Comhaontuithe Seirbhíse a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú i gcomhairle le seirbhísí óige agus tionscadail
• Tacaíocht rialachais agus oiliúint/ceardlanna a sholáthar d’eagraíochtaí maoinithe agus tionscadail, bunaithe ar riachtanais aitheanta
• Abhcóideacht a dhéanamh chun acmhainní leordhóthanacha inbhuanaithe a chur ar fáil le cur ar chumas eagraíochtaí na caighdeáin rialachais a sheachadadh a chinntíonn an tseirbhís is fearr do dhaoine óga agus dá bpobail
• Tacaíocht agus maoirsiú a dhéanamh ar eagraíochtaí um obair don aos óg chun córais rialaithe, bainistíochta agus riaracháin atá éifeachtach agus trédhearcach a choinneáil chun tacú le hobair atá ar ardchaighdeán
• Idirchaidreamh, athbhreithniú agus cuairteanna suímh leanúnacha ar Sheirbhísí Óige
• Cruinnithe/athbhreithnithe bainistíochta líne leanúnacha le foireann na hOifige Forbartha Óige
• Plean FGL bliantúil a chur i bhfeidhm don Fhoireann Forbartha Óige
A chinntiú go bhfuil cosaint agus cumhdach leanaí i bhfeidhm ar fud na seirbhísí óige
• Go mbeidh bearta láidre cosanta agus cumhdach leanaí agus sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm ar fud na seirbhísí óige go léir
• Leanúint ar aghaidh le bheith rannpháirteach agus ionadaíocht a dhéanamh ar an óige ar Choiste Maoirseachta BOO Chiarraí ar Chosaint Leanaí
• Leanúint le Clár Riosca an Choiste um Obair don Aos Óg a choinneáil agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí nuair a thagann siad chun cinn
Sprioc Straitéiseach 3:
Taighde, Cur Chun Cinn agus Abhcóideacht
Gníomhartha chun Cuspóirí a Bhaint Amach:
Meas a léiriú ar ghuthanna daoine óga, iad a chur chun cinn agus a áireamh i bhforbairt agus i gcur chun cinn na hoibre don aos óg i gCiarraí
• Go soláthróidh BOO Chiarraí ceannaireacht i réimsí rannpháirtíochta/ abhcóideachta óige, ag comhoibriú le páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe ar fud an Chontae chun tacú le rannpháirtíocht bhríoch an aosa óig
• Go mbeidh Guth an Óige neadaithe i bhforbairt beartais, i bpleanáil agus i gcleachtas
• Leanfaidh BOO Chiarraí de ról gníomhach a bheith aige i nGrúpa Oibre Rannpháirtíochta Óige CYPSC
• Dul i dteagmháil le daoine óga chun iniúchadh a dhéanamh ar na slite is fearr chun tionscadail/ éachtaí óige a léiriú
• A chinntiú go gcuireann guth/tuairimí daoine óga bonn faoin bpleanáil go léir sa chontae
• Rannpháirtíocht daoine óga a chur chun cinn i ndearadh, i seachadadh agus i measúnú seirbhísí chun guth a thabhairt dóibh chun tionchar a imirt ar chinntí maidir lena dtionscadail/seirbhísí
• Leanúint ar aghaidh ag tacú le rannpháirtíocht daoine óga ag Coiste Alt 44 BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg
Cur chun cinn a dhéanamh ar thionchar na hoibre don aos óg ar fhorbairt shóisialta agus phearsanta agus ar leas iomlán na ndaoine óga
• Go gcuirfear chun cinn an méid a chuireann obair don aos óg le saol daoine óga, leis an tsochaí agus leis an ioncuimsiú sóisialta
• Taighde a dhéanamh agus samplaí de dheachleachtas den obair don aos óg i gCiarraí a ghabháil, a cheiliúradh agus a chomhroinnt
• Líonrú agus siompóisiamaí a eagrú chun deiseanna a sholáthar do thionscadail óige, do chlubanna óige agus do ghrúpaí teacht le chéile, a gcuid oibre a léiriú agus smaointe a chomhroinnt
• Tionscnaimh oibre don aos óg áitiúla a chur chun cinn trí gach eagraíocht meán atá ar fáil
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe
Taighde agus forbairt a dhéanamh ar bhonn fianaise ar maidir le tionchar na hoibre don aos óg i gCiarraí
Abhcóideacht agus comhordú a dhéanamh ar fhreagra ar shainriachtanais arna sainaithint ag Daoine Óga i gCiarraí maidir le hInrochtaineacht, Seirbhísí agus Spásanna Óige
• Go ndéanfar tionchar dearfach na hoibre óige ar thorthaí sóisialta agus pearsanta do dhaoine óga a ghabháil agus a chur chun cinn
Gníomhartha
• Tacú le Mol Taighde idirghníomhaireachta a bhunú sa Chontae chun Bonn Eolas a chur faoi Riachtanas/Cistiúchán agus Anailís agus Measúnú Riachtanas a Chleachtadh
• Abhcóideacht agus iarratas a dhéanamh ar acmhainní breise agus ar mhaoiniú marthanach chun freagairt do riachtanais an aosa óig i réimsí sainaitheanta
• Go mbeidh deis ag daoine óga teacht ar sheirbhísí óige i gCiarraí
• Go mbeidh tuilleadh bealaí agus roghanna iompair a nascann ceantair thuaithe ar fáil
• Go mbeidh spásanna/ clubanna óige bríomhara ar fáil ar fud an Chontae
• Go mbeidh spásanna sábháilte (laistigh agus lasmuigh) oiriúnach do ghníomhaíochtaí oibre don aos óg agus do dhaoine óga ar fáil dóibh i bpobail chun teacht le chéile iontu lasmuigh d’uaireanta scoile
• Tacú le tionscnaimh atá dírithe ar rochtain ar obair don aos óg i bpobail áitiúla a fheabhsú, go háirithe i gceantair ina bhfuil daonra scaipthe faoin tuath, trí oibriú le comhpháirtithe in eagraíochtaí ábhartha agus le soláthraithe seirbhísí óige
• Fóraim pháirtithe leasmhara a óstáil ar bhonn leanúnach ina gcuirtear riachtanais na hóige in iúl agus ina dtugtar aghaidh ar fhreagraí
• Iniúchadh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha ar infhaighteacht agus úsáid spásanna lasmuigh d’amanna scoile
• Naisc straitéiseacha a fhorbairt le foireann Bheartas Súgartha Chomhairle Contae Chiarraí
• Abhcóideacht a dhéanamh chun tuilleadh limistéir ilúsáide lasmuigh (Mugus) a fhail do dhéagóirí
Sprioc Straitéiseach 4:
Líonrú, Nascadh agus Comhoibriú
Gníomhartha chun Cuspóirí a Bhaint Amach:
Cuspóirí Torthaí Inmhianaithe
Samhail struchtúrtha um
Obair/Oideachas don Aos Óg a fhorbairt i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara
(Scoileanna agus
Breisoideachas agus Oiliúint)
• Go mbeidh struchtúir i bhfeidhm a thacaíonn le comhoibriú/comhtháthú na hoibre don aos óg, na scoileanna agus na hearnála FET
• Go mbeidh bonneagar láidir grúpaí óige nasctha le scoileanna agus seirbhísí óige (lasmuigh d’uaireanta scoile)
Gníomhartha
• Líonraí a chomhordú idir Seirbhísí um Obair don Aos Óg, Scoileanna agus FET
• Taighde a dhéanamh ar shamhlacha deachleachtais scoileanna/FET/obair don aos óg agus tacú le cur i bhfeidhm na foghlama uaidh sin
• Conairí soiléire atreoraithe a bhunú idir seirbhísí um Obair don Aos Óg, FET agus scoileanna
• Tacú le comhtháthú idir Obair don Aos Óg agus seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh
Cur chuige ilghníomhaireachta a chomhordú agus a chothú chun tacú le riachtanais an aosa óig
• Go gcuirfear ar fáil seirbhísí óige i gcomhar le páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí comhpháirtíochta
• Go mbeidh seirbhísí óige cuimsitheach ó thaobh an chultúir de agus go seachadtar iad de réir riachtanais an phobail
• Go mbeidh líonraí áitiúla agus náisiúnta i bhfeidhm a thacaíonn le comhar agus nuálaíocht
• Leanúint ar aghaidh ag forbairt Coiste Alt 44 um Obair don Aos Óg mar mheicníocht do chomhoibriú idirghníomhaireachta
• Naisc a fhorbairt idir soláthraithe seirbhíse óige agus Clár Oiliúna BOO Chiarraí d’Fhoireann Tacaíochta Daltaí
• Idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí cuí ar fud an Chontae chun iniúchadh a dhéanamh ar an tslí is fearr chun obair don aos óg trí Ghaeilge a chur chun cinn
• Leanúint ar aghaidh le hidirchaidreamh a dhéanamh le Líonra Oibre don Óige BOOÉ, ag iniúchadh comhoibrithe le réimsí BOO eile nuair is féidir
• Tacú chun modúil um Obair don Aos Óg agus modúl Obair Dheonach a fhorbairt mar chuid d’oideachas oiliúna tosaigh múinteoirí
• Struchtúr comhoibríoch a fhorbairt le comhpháirtithe ábhartha chun tacú le daoine óga is NEETanna iad
Monatóireacht agus
Meastóireacht
Cuirfidh BOO Chiarraí na bearta seo a leanas i bhfeidhm chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena spriocanna agus cuspóirí ar feadh shaolré an Phlean:
• Tuairisciú agus Athbhreithniú ar bhonn rialta:
• Cuirfidh an tOifigeach Forbartha Óige tuarascálacha ar dhul chun cinn an Phlean Oibre don Aos Óg san áireamh i dTuarascáil an Choiste um Obair don Aos Óg, a bheidh le hathbhreithniú ag Coiste
Alt 44 um Obair don Aos Óg, a thagann le chéile cúig huaire in aghaidh na bliana.
Leis seo, tabharfar forbhreathnú ar éachtaí agus dúshláin an Phlean, agus ar na réimsí atá le feabhsú.
• Cuirfear an tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid Ghrúpa Comhordaithe BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg, chomh maith le Bord BOO Chiarraí le haghaidh tuilleadh athbhreithnithe agus plé. Ceadaíonn an próiseas trédhearcacht, cuntasacht, agus an deis chun cinntí eolasacha a dhéanamh.
• Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara agus Aiseolas: Rachaidh an Oifig Forbartha Óige i dteagmháil go gníomhach lena páirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine óga, seirbhísí óige, agus grúpaí inmheánacha (BOO Chiarraí, Grúpa Comhordaithe Oibre Óige BOO Chiarraí, Coiste Alt 44 um Obair don Aos Óg) chun aiseolas a bhailiú ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena spriocanna agus cuspóirí. Is féidir é seo a dhéanamh trí shuirbhéanna, fócasghrúpaí, cruinnithe agus cineálacha eile comhairliúcháin. Trí ionchur a lorg ó pháirtithe leasmhara, is féidir leis an Oifig Forbartha Óige léargais luachmhara a fháil, réimsí le feabhsú a shainaithint, agus a chinntiú go bhfuil a spriocanna ag teacht le riachtanais agus ionchais an phobail óige i gcoitinne.
Aguisín 1:
Téarmaí Tagartha
Choiste Alt 44 BOO
Chiarraí um Obair don Aos Óg
Bunóidh an Bord Oideachais agus Oiliúna Coiste um Obair don Aos Óg de réir Alt 44 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 chun a chuid feidhmeanna reachtacha a chomhlíonadh.
Sainchúram
A. Moltaí a dhéanamh don Bhord Oideachais agus Oiliúna maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna faoi Alt 10 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna:
(i) Tacú le soláthar, comhordú, riar agus measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí oibre don aos óg ina limistéar feidhme agus cibé faisnéis a sholáthar a iarrfaidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir leis an tacaíocht sin; agus
(ii) Measúnú a dhéanamh le féachaint an bhfuil an modh a gcomhlíonann sé a chuid feidhmeanna eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach.
B. Comhairle a chur ar an mBord Oideachais agus Oiliúna maidir le haon cheist ar ina leith a n-iarrann an Bord Oideachais agus Oiliúna comhairle a bhaineann le hObair Óige.
C. Comhairle a thabhairt don Oifigeach Óige maidir le cúrsaí a bhaineann le hObair Óige i gceantar an BOO.
D. Fóram a sholáthar d’eagraíochtaí Oibre Óige atá ag feidhmiú i gceantar an BOO, mar aon le príomhpháirtithe leasmhara, chun plé a dhéanamh ar sholáthar clár agus seirbhísí Oibre Óige sa cheantar.
E. Tuairisc chun dáta a fháil ar an Iniúchadh ar Obair Óige ar bhonn bliantúil.
F. Treoir a thabhairt maidir le Plean Oibre Óige a ullmhú.
G. A chinntiú go riartar an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla nó aon scéimeanna eile dá leithéid de réir threoirlínte agus fhráma ama na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
H. Tuairisc bhliantúil chun dáta a fháil ar chur i bhfeidhm an Chreata um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (NQSF).
I. Tuairisciú a dhéanamh nuair is gá don Bhord Oideachais agus Oiliúna maidir le seachadadh Phlean na hOibre don Aos Óg.
J. Déanfaidh Coiste Oibre Óige, as measc ionadaithe an Bhoird Oideachais agus Oiliúna -
i. Duine a cheaptar chun an Choiste a cheapadh chun feidhmiú mar chathaoirleach, agus
ii. Aon chomhalta eile de chuid an Choiste a cheapadh chun feidhmiú mar leaschathaoirleach chun feidhmeanna an chathaoirligh a chomhlíonadh i gcás an cathaoirleach a bheith as láthair.
K. Déanfaidh Coiste Oibre Óige, de réir BhuanOrduithe an Bhoird Oideachais agus Oiliúna, a nós imeachta nó a chuid gnó a rialáil ag a chruinnithe.
L. Tionólfaidh an Coiste um Obair don Aos Óg cruinniú amháin ar a laghad i ngach bliain airgeadais ach ní thionólfar níos mó ná 4 chruinniú in aon bhliain airgeadais.
M. Beidh comhaltaí Choiste Oibre Óige i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Bord Oideachais agus Oiliúna, ach nach faide ná 5 bliana, agus féadfar iad a athcheapadh ina dhiaidh sin.
Comhdhéanamh Coistí Oibre Óige
Beidh ochtar ar a laghad, ach nach mó ná dháréag, ar Choiste Oibre Óige (Alt 44 (2)).
Féadfaidh comhaltaí den Bhord Oideachais agus Oiliúna agus comhaltaí nach comhaltaí den bhord sin iad ach atá ceaptha ag an BOO a bheith ar Choiste Oibre Óige.
Molann Coiste Oibre Óige BOOÉ go gceapfaí aon chomhalta amháin den BOO ar a laghad ach nach mó ná triúr.
agus
Beidh ionadaíocht do na 4 cholún seo a leanas i measc na gcomhaltaí eile:
• Ionadaíocht d’earnáil na hoibre deonaí óige (duine ar a laghad agus nach mó ná triúr)
• An Earnáil Reachtúil (Coiste Seirbhísí Leanaí / FSS / An Garda Síochána / Oifigigh Údaráis Áitiúil) (duine amháin ar a laghad agus nach mó ná 3).
• Daoine óga ó Chomhairle na nÓg nó ó struchtúr comhchosúil don Óige (2).
• Daoine a chomhthoghfar (2)
(daoine a dhéanfaidh ionadaíocht d’eagraíochtaí a bhfuil spéis acu san Obair Óige, e.g. coláistí tríú leibhéal a sholáthraíonn cúrsaí Oibre Óige i limistéar an BOO srl.)
Agus ceapacháin á ndéanamh, cinnteoidh an BOO cothromaíocht inscne agus gheografach i measc na gcomhaltaí.
Comhaltaí a chur as oifig
Féadfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna comhalta den Choiste um Obair don Aos Óg a chur as oifig mar chomhalta den Choiste um Obair don Aos Óg más rud é, i dtuairim an Bhoird Oideachais agus Oiliúna, go bhfuil an comhalta éirithe éagumasach, de dheasca easláinte, ar a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Bhord Oideachais agus Oiliúna gur gá é nó í a chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Coiste um Obair don Aos Óg a fheidhmeanna go héifeachtach.
Aguisín 2: Prionsabail
BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg
Tá na dréachtphrionsabail oibriúcháin seo de chuid Oifig Forbartha Óige BOO Chiarraí bunaithe ar na cinn a luaitear sa Straitéis Náisiúnta don Aos Óg 2015-2020 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta um Obair don Aos Óg (2003-2007):
1. Léirítear meas ar dhaoine óga ina gceart féin, agus aithnítear iad mar chuid lárnach den tsochaí.
2. Aithnítear an ceart atá ag daoine óga a bheith rannpháirteach (ar leibhéil freagrachta a oireann dá n-aois) mar chomhpháirtithe iomlána maidir le gach gné d’obair don aos óg a fhorbairt agus a sholáthar.
3. Aithnítear go mbíonn ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí/caomhnóirí, teaghlaigh, daoine fásta tábhachtacha eile agus pobail maidir le forbairt agus dul chun cinn na ndaoine óga.
4. Na daoine a sholáthraíonn agus a thacaíonn le seirbhísí do dhaoine óga, is ar mhaithe le leas na ndaoine óga a bhíonn siad ag gníomhú, agus déanann siad cearta daoine óga a urramú agus seasann siad leis na cearta sin.
5. Tacaítear le gairmiúlacht agus soláthraítear seirbhísí do dhaoine ag an gcaighdeán is airde cáilíochta, éifeachtúlachta agus sábháilteachta (do dhaoine óga agus do dhaoine fásta).
6. Léirítear meas ar ghairmithe agus ar oibrithe deonacha a bhíonn ag obair leis an aos óg, aithnítear fiúntas na hoibre a dhéanann siad agus tacaítear go hiomchuí leo.
7. Comhionannas, oscailteacht agus cuimsitheacht a chur chun cinn ar gach leibhéal d’obair don aos óg agus i ngach réimse den obair sin.
8. Oibríonn na páirtithe leasmhara go léir le chéile chun seirbhísí agus tacaíochtaí atá bunaithe ar riachtanais níos éifeachtaí a bhaint amach do dhaoine óga. Foghlaimíonn an obair seo ón iomad láidreacht a ghabhann leis na próisis, leis na caidrimh agus leis an soláthar atá ann cheana, agus freagairt sholúbtha shamhlaíoch á tabhairt don timpeallacht athraitheach ina ndéantar obair don aos óg.
9. Bíonn na seirbhísí do dhaoine óga oscailte agus inrochtana, bíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh agus bíonn siad bunaithe ar fhianaise chun freastal ar riachtanais ar leith.
10. Tugtar tacaíocht do dhaoine óga foghlaim trí obair don aos óg, ar bhealach lena gcuirtear san áireamh an fhoghlaim a dhéantar i suímh oideachais fhoirmiúla, agus lena gcomhlánaítear an fhoghlaim sin.
Aguisín 3:
Scéimeanna
Oibre Óige arna riar
ag BOO
Chiarraí in 2022
Scéim Sonraí an Tionscadail
UBU - D’Áit, Do Spás 2022 Agus é forbartha de réir mholtaí na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá sé mar aidhm ag UBU D’Áit, Do Spás seirbhísí óige áitiúla a sholáthar do dhaoine óga, ag teacht le creataí agus straitéisí beartais náisiúnta. Tá sé dírithe ar thorthaí forbartha pearsanta agus sóisialta a fheabhsú trí thacaíochtaí a chur ar fáil lasmuigh den scoil agus trí dhaoine óga a chumhachtú chun barr a gcumais a bhaint amach.
Ionaid Eolais don Aos Óg (YIC)
Is spásanna tiomnaithe iad Ionaid Eolais don Aos Óg a chuireann acmhainní inrochtana agus rúnda ar fáil do dhaoine óga (suas le 25 bliana d’aois) agus dá gcuid tacadóirí, a chuireann faisnéis luachmhar ar fáil ar ábhair éagsúla ar nós cúrsaí coláiste, printíseachtaí, agus deiseanna oideachais éagsúla. Is foinse iontaofa tacaíochta iad na hionaid seo, ag cabhrú le daoine óga cinntí eolasacha a dhéanamh faoina gconair oideachais.
Leithdháileadh Bliantúil
€741,107.00
€122,126
Deontas
Athstruchtúraithe
Sheirbhísí Óige
Dheoise Chiarraí
Infhostaitheacht
Óige Spriocdhírithe
Tionscnamh
Tacaíochta (TYESI)
2021-2022
Leithdháilte ag an RLCMLÓ, cuireann an deontas tacaíocht airgeadais ar fáil don eagraíocht chun cabhrú le hathstruchtúrú a dhéanamh ar a struchtúir agus ar a cleachtais rialachais, ag díriú ar éifeachtúlacht, cuntasacht agus éifeachtacht iomlán a fheabhsú.
Tá sé mar aidhm ag an TYESI tacaíocht shainiúil agus shaincheaptha a chur ar fáil do dhaoine óga, ag tabhairt na scileanna agus na n-acmhainní riachtanacha dóibh chun feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht agus páirt rathúil a ghlacadh sa lucht saothair.
€16,974
€40,330
Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla 2022
Scéim Miondeontas chun
Tacaíochtaí Breise Aonuaire a Sholáthar do Dhaoine Óga 2022
Tionscnamh maoinithe a dheartar chun tacú le clubanna agus eagraíochtaí óige áitiúla, ag cur cúnaimh airgeadais ar fáil chun feabhas a chur ar a gcuid clár agus gníomhaíochtaí do dhaoine óga. Rinne 32 Club/Grúpa iarratas ar mhaoiniú in 2022.
Tacú le seirbhísí óige agus clubanna óige le costais chaiteachais a bhaineann le tacaíochtaí breise a sholáthar do dhaoine óga.
€67,207
€31,308
Scéim Chistiúcháin Chaipitil don Aos Óg 2022 le haghaidh Seirbhísí Óige faoi stiúir Foirne
Deontas don Aos Óg 2022
Maoiniú a sholáthar do sheirbhísí óige faoi stiúir foirne ar fud an Chontae, ag tacú le trealamh riachtanach a cheannach agus le tionscadail athchóirithe caipitil ar scála beag ar mhaithe le daoine óga.
€40,454
Cabhrú le costas na feidhme oibre don aos óg atá curtha i leith Boird Oideachais agus Oiliúna faoi Alt 10 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013.
€142,987.88
Iomlán €1,202,493.88
Aguisín 4: Cleamhnuithe Oifigeach Forbartha Óige
Líonra Oibre don Aos Óg - BOOÉ (ball)
Is tionscnamh náisiúnta é Líonra Oibre don Aos Óg BOOÉ a bhfuil sé mar aidhm aige obair óige ardchaighdeáin a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá an líonra comhdhéanta d’ionadaithe ó na BOOanna, atá freagrach as seirbhísí um obair don aos óg a sholáthar, a chomhordú, a riar agus a mheasúnú chun tacú le daoine óga ina réimsí faoi seach. Soláthraíonn Líonra Oibre don Óige BOOÉ Fóram d’Oifigigh Óige chun comhoibriú a dhéanamh, faisnéis a chomhroinnt, agus straitéisí a fhorbairt chun tacú le riachtanais daoine óga ina bpobail. Tá an líonra tiomanta do luach agus tábhacht na hoibre don aos óg a chur chun cinn mar chuid lárnach d'oideachas agus d'fhorbairt pobail. Glacann sé páirt i raon gníomhaíochtaí, ar nós acmhainní a fhorbairt agus tacú le hobair don aos óg ar an leibhéal náisiúnta. Tá Líonra Oibre Óige BOOÉ tiomanta do phrionsabail an chomhionannais, na huilechuimsitheachta agus na héagsúlachta in obair don aos óg a chur chun cinn agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar sheirbhísí óige ardchaighdeáin a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.
Cruinnithe ráithiúla BOOÉ-RLCMLÓ (Ionadaí Líonra Oibre Óige BOOÉ)
Is ardán iad na cruinnithe seo don dá eagraíocht le plé agus comhoibriú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hoideachas, oiliúint agus forbairt óige in Éirinn. Clúdaítear sna cruinnithe seo raon leathan ábhar, lena n-áirítear nuashonruithe beartais, deiseanna maoinithe, meastóireachtaí clár, agus pleanáil straitéiseach. Freastalaíonn ionadaithe ón dá eagraíocht, chomh maith le páirtithe leasmhara eile ó na hearnálacha oideachais agus forbartha óige ar na cruinnithe. Ag cruinniú de chuid Líonra Oibre Óige BOOÉ a tionóladh ar an 23 Feabhra 2023, ainmníodh Oifigeach Forbartha Óige BOO ó Chiarraí mar ionadaí Líonra Oibre Óige BOOÉ ag na cruinnithe
seo. Tabharfaidh an tOifigeach seo ionchur agus aiseolas ar shaincheisteanna forbartha óige ó thaobh Líonra Oibre Óige BOOÉ de ag na cruinnithe seo.
An Coiste um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí: Grúpa Oibre Rannpháirtíochta Óige (Cathaoirleach)
Is struchtúr idirghníomhaireachta ar leibhéal an Chontae é an Coiste Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga i gCiarraí a oibríonn le gach seirbhís reachtúil, pobail agus deonach i gCiarraí a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí do leanaí, daoine óga agus teaghlaigh. Is é cuspóir an Choiste seo na príomhghníomhaireachtaí go léir i gCiarraí a nascadh ionas gur féidir linn oibriú go comhoibritheach le chéile chun seirbhísí agus tacaíochtaí a fheabhsú do leanaí, daoine óga agus teaghlaigh sa Chontae.
D’fhorbair fochoiste den Choiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí, an Grúpa Oibre um Rannpháirtíocht na nÓg, próiseas chun tacú le rannpháirtíocht agus rannpháirteachas leanaí agus daoine óga in obair Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí agus a grúpaí oibre go léir. Tá sé mar aidhm ag an bPróiseas beartaithe Rannpháirtíochta agus Rannpháirteachas Óige CYPSC Chiarraí guthanna na ndaoine óga a ghabháil agus a shoiléiriú.. Tá sé beartaithe aige bonn eolais a chur faoi na cinntí a dhéanann CYPSC agus gníomhaireachtaí aonair, agus deis a thabhairt na dearcthaí sin a chur in iúl do na daoine óga iad féin. Tá an tionscnamh seo ina chéad bhliain faoi láthair, agus táthar ag súil go dtiocfaidh forbairt orgánach air sna trí bliana amach romhainn. Táthar ag súil go dtacóidh na léargais agus na cleachtais is fearr a fhaightear tríd an bpróiseas seo le Plean Oibre nua CYPSC agus le hobair na n-eagraíochtaí páirtithe leasmhara go léir ar bhonn leanúnach.
An Coiste um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí: Grúpa Oibre um Chlár Píolótach Oideachais do Lucht Siúil Chill Airne (ball)
Tá sé mar aidhm ag an Clár Píolótach Oideachais do Thaistealaithe Chill Airne gnóthachtáil oideachais, tinreamh agus dul chun cinn leanaí an Lucht Siúil i gCill Airne a fheabhsú. Is iad cuspóirí an Chláir Phíolótaigh 3 chlub tacaíochta obair bhaile faoi stiúir múinteoirí a bhunú agus idirchaidreamh le tuismitheoirí den Lucht Siúil a mhéadú ar fud na dtrí bhunscoil sa cheantar. Is é príomhtháscaire ratha an Chláir Phíolótaigh ná tinreamh agus gnóthachtáil feabhsaithe i measc leanaí den Lucht Siúil thar thréimhse trí bliana den Phlean do Leanaí agus Daoine Óga.
An Coiste um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí: Grúpa Oibre um Dhaoine Óga nach bhfuil in Oideachas, Fostaíocht ná
Oiliúint (NEETanna)
Is grúpa é Grúpa Oibre Choiste Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga Chiarraí (CYPSC) do Dhaoine Óga nach bhfuil i bhFostaíocht, Oideachas ná Oiliúint (NEET) atá tiomnaithe d’fheabhsú na ndeiseanna atá ar fáil do dhaoine óga nach bhfuil i bhfostaíocht, oideachas ná oiliúint faoi láthair. . Tá an grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó raon eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu le forbairt óige agus seirbhísí fostaíochta i gCiarraí. Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa oibre na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine óga rochtain a fháil ar oideachas, oiliúint agus deiseanna fostaíochta a aithint agus straitéisí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin. Chomh maith leis sin, féachann an grúpa le comhoibriú a chur chun cinn agus a éascú idir eagraíochtaí áitiúla agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu le forbairt óige agus seirbhísí fostaíochta chun cur chuige níos comhordaithe agus níos éifeachtaí a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine óga i gCiarraí is NEETanna iad. Tá clár idirghníomhaireachta i Lios Tuathail/Trá Lí/ Cill Airne (suíomh fós le socrú) beartaithe chun
dul i ngleic le 100-200 duine óg is NEETanna iad á fhorbairt, agus sonraíodh go mbeidh aiseolas ar an láthair ó oibrithe tionscadail UBU ina phríomhthábhacht le haghaidh cothabhála. Chuir BOO Chiarraí tús a chur le tionscnamh comhoibritheach le Grúpa Oibre NEETS CYPSC Chiarraí agus leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar an tslí is fearr le dul i ngleic leis an ngrúpa seo daoine óga amach anseo.
Coiste Stiúrtha Chomhairle na nÓg –Comhairle Chiarraí (ball)
Tionscnamh is ea Comhairle na nÓg a chuireann ardán ar fáil do dhaoine óga na hÉireann a gcuid tuairimí agus smaointe a chomhroinnt ar cheisteanna a théann i bhfeidhm orthu. Tá sé comhdhéanta de 31 comhairle áitiúil, ceann amháin i ngach Contae, a thugann guth do dhaoine óga idir 12-17 mbliana d’aois i bpróisis chinnteoireachta a mbíonn tionchar acu ar a saol. Tagann na comhairlí le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna a phlé agus moltaí a fhorbairt, agus cuirtear faoi bhráid na n-údarás áitiúil agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ansin iad. Tá sé mar aidhm ag Comhairle na nÓg daoine óga a chumhachtú, a rannpháirteachas i bpróisis dhaonlathacha a chur chun cinn, agus iad a spreagadh le bheith ina mbaill ghníomhacha agus rannpháirteacha dá bpobail.
Fóram Idirghníomhaireachta an Lucht Siúil san Oideachas (KITE) Chiarraí (ball)
Is tionscnamh comhoibríoch é Fóram Idirghníomhaireachta an Lucht Siúil san Oideachas (KITE) idir ghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí éagsúla i gCiarraí a fhéachann le torthaí oideachais a fheabhsú do dhaoine óga den Lucht Siúil. Díríonn an Fóram ar fhreastal, ar rannpháirtíocht agus ar dhul chun cinn an Lucht Siúil san oideachas a fheabhsú trí oibriú le chéile chun bacainní roimh an oideachas a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais, seirbhísí sóisialta, sláinte agus pobail ar Fhóram KITE. Cuireann sé ardán
ar fáil do na gníomhaireachtaí seo chun faisnéis, acmhainní agus straitéisí a chomhroinnt chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine óga den Lucht Siúil agus dá dteaghlaigh. Glacann an Fóram páirt i raon tionscnamh, amhail acmhainní faisnéise a fhorbairt agus oibriú chun feasacht chultúrtha agus meas ar chultúr an Lucht Siúil a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag Fóram KITE cothromas oideachais agus cuimsiú a chur chun cinn do dhaoine óga den Lucht Siúil i gCiarraí.

Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Aguisín 5: Liosta de Chlubanna Óige Áitiúla i gCiarraí
(neamh-uileghabhálach)
14ú Grúpa Gasóg Chill Orglan
1ú Gasóga Chiarraí Thrá Lí
3ú Grúpa Gasóg Chiarraí Chathair Uí Mhóráin
3ú Grúpa Gasóg Chiarraí Bhaile an Mhuilinn
Aonad Banóglaigh na Cille Duibhe de chuid Bhanóglaigh na hÉireann
Aonad Brídíní na Cille Duibhe de chuid Bhanóglaigh na hÉireann
Aonad Brídíní na Seanabhann de chuid Bhanóglaigh na hÉireann
Aonad Brídíní Naomh Uinseann de chuid Bhrídíní na hÉireann
Gníomhaíocht do Dhaoine Óga Banóglaigh na hÉireann, Banóglaigh a bhfuil Riachtanais Speisialta acu Bhréanainn
Club Óige Abhainn an Scáil
Club Óige Ard Fhearta
Club Óige Bhaile Uí Thaidhg
Club Óige Lios an Phúca
Bunchlub Óige na Sceilge
Club Óige Neidín
6ú Grúpa Gasóg Chiarraí
Club óige Chill Gharbháin
Club Óige Chillín Tiarna
Club Óige Chill Orglan
Club Óige Cheann Trá Le Chéile na nÓg
Club Óige Chathair Dónall
Club Óige Chathair Saidhbhín
Club Óige an Choma
Club Óige Chaisleán Ghriaire
Club Óige an Tóchair
Club Ógras Bhaile an Mhuilinn
Club Ógras Lios Tuathail
Club Ógras Thrá Lí
Club Óige an Daingin
Club Óige na Faiche-Lios Treighe
Club Óige na Fianaite
Club Óige Lios Póil
Club Óige Leic Snámha
Club Óige Bhaile an Mhuilinn
Club Óige Mhaigh Mheáin
Ógras Bhaile Uí Thaidhg
Club Óige na Snadhma
Club Óige Thairbirt
Club Óige an Teampaill Nua
Club Óige Thobar Dhuibhne
Club Óige Thuath Ó Siosta
8ú Grúpa Gasóga Chiarraí an Fhosaidh
Táblaí agus Graif
Táblaí
Tábla 1.1 Cúig Thoradh Náisiúnta ón gcreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, 2014 – 2020
Tábla 2.1 Seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo ag imeacht na bpáirtithe leasmhara
Tábla 2.2 Próifíl na ndaoine óga a ghlac páirt sa suirbhé
Tábla 2.3 Suíomh agus líon na ndaoine óga a ghlac páirt i bhfócasghrúpaí
Tábla 3.1 Líon na nDaoine Óga san Oideachas, Foinse: Daonáireamh 2016 agus an Roinn Oideachais
Tábla 3.2 Líon na nDaoine Óga atá ina gcónaí i gCeantair Bheaga faoi mhíbhuntáiste Foinse
Daonáireamh 2016, Innéacs Díothachta Pobal HP
Tábla 5.1 Grúpaí leochaileacha arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Tábla 5.2 Riachtanais na ngrúpaí leochaileacha arna sainaithint ag soláthraithe seirbhíse
Tábla 5.3 Bearnaí seirbhíse i gCiarraí
Graif
Graf 3.1 Athrú daonra 2016 go 2022 Foinse: Daonáireamh 2022
Graf 3.2 Daonra de réir aoisghrúpaí cúig bliana Foinse: Daonáireamh 2016
Graf 3.3 Gnóthachtáil Oideachas na Máithreacha Foinse: Daonáireamh 2016
Graf 3.4 Gnóthachtáil Oideachas an Daonra Iomláin Foinse: Daonáireamh 2016
Graf 3.5 Daonra atá 24 bliana d'aois agus níos óige de réir Grúpa Eitneach: Daonáireamh 2016
Graf 5.1 Rudaí a thaitin le daoine óga faoina gceantar áitiúil - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí
Graf 5.2 Rudaí nár thaitin le daoine óga faoina gceantar féin - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí
Graf 5.3 Rudaí a dúirt daoine óga a bhí in easnamh ina gceantar áitiúil - líon na n-amanna a luadh an topaic le linn na bhfócasghrúpaí
Léarscáileanna
Léarscáil 3.1 Contae Chiarraí
Léarscáil 3.2 Daonra atá 24 bliana d'aois agus níos óige de réir Ceantair Bheaga: Daonáireamh 2016
Léarscáil 3.3 Gnóthachtáil Oideachais – Gan Oideachas Foirmiúil / Oideachas Bunscoile Amháin Foinse: Daonáireamh 2016
Léarscáil 3.4 Innéacs Díothachta HP Pobal de réir Ceantair Bheaga: Pobal 2016
Íomhánna
Íomhá 5.1 Líníocht Mapála Pobail ag daoine óga i bhfócasghrúpaí
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Tagairtí luaite sa phlean
1. Reacht na hÉireann. An tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 10 (1)(j) www. irishstatutebook.ie, 2013
2. “What Is Youth Work?” Comhairle Náisiúnta na nÓg. www.youth.ie.
3. BOO Chiarraí - Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. www.kerryetb.ie
4. Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. “Ráiteas Straitéise 2023-2027 – BOO Chiarraí.” www.kerryetb.ie
5. Reacht na hÉireann. An tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 10 (1)(j) www. irishstatutebook.ie (2013)
6. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
“Gov.ie - An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.” www.gov.ie.
7. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
“Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga 2014-2020.” www. gov.ie, Aibreán 2014
8. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
“Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga 2014-2020.” www. gov.ie, April 2014
9. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. “An Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht
na Leanaí agus na nDaoine Óga sa Chinnteoireacht.” www.gov.ie. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Meitheamh 2015. www.gov.ie
10. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. “An Straitéis Náisiúnta don Aos Óg 2015- 2020.” Comhairle Náisiúnta na nÓg. www.youth.ie
11. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. “Creat um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair don Aos Óg.” www.gov.ie. Iúil 2010
12. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige “Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha.”
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Eanáir 2013
13. An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. “Straitéis Náisiúnta don Aos Óg LGBTI+ 2018-2020.” www.gov.ie, Meitheamh 2018
14. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. “Ár dTodhchaí TuaitheBeartas Forbartha Tuaithe 2021-2025.” www.gov.ie, Iúil 2021
15. An Coiste Seirbhísí do Leanaí i gCiarraí. “Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí (CYPSC).” Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i gCiarraí (CYPSC). www.kerrychildrensservices.com

Le chéile, is féidir linn todhchaí
níos gile a chruthú ina gcloistear guthanna daoine óga, ina
bhfreastalaítear ar a gcuid riachtanas, agus ina mbaintear amach a gcuid mianta.
