Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 25 | SSMR25

Page 1


DÚIRT ROISÍN

MCDONOUGH, PRÍOMHFHEIDHMEANNACH

CHOMHAIRLE EALAÍON THUAISCEART ÉIREANN

Is údar bróid ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a bheith ar an eagraíocht is mó a dhéanann infheistíocht i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain tríd na coistí atá againn de chuid an Chrannchuir Náisiúnta. Is é misean na Comhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do na healaíona agus iad a fhorbairt agus is é ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn a chinntiú go mbíonn faill ag níos mó daoine ó gach cúlra sult a bhaint as scoth na n-eispéireas ealaíne. Aithnímid ról barrthábhachtach an Chumainn san obair seo agus a gcion á dhéanamh acu ó cheann ceann na bliana chun na healaíona traidisiúnta, Gaelacha a fhorbairt agus meas daoine orthu a mhéadú i dTuaisceart Éireann. Is amhlaidh a thugann

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ár gcuid pobal éagsúil le chéile tríd na healaíona, tríd an oidhreacht agus tríd an Ghaeilge. Déanaimid comhghairdeas leo agus cloch mhíle 25 fhéile á baint amach ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus táimid ag súil go mór le scoth na n-ealaíontóirí traidisiúnta a fheiceáil os comhair an phobail agus iad ag léiriú a saothair i dtimpeallacht a chinnteoidh go mbeidh rath agus bláth ar ár gcuid ealaíon gona saibhreas agus gona n-éagsúlacht.

ROISÍN MCDONOUGH

Chief Executive

Arts Council of Northern Ireland

DÚIRT

SEÁN Ó COINN,

PRÍOMHFHEIDHMEANNACH FHORAS NA GAEILGE

Deir an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn gurb iad na healaíona, an cultúr agus an t-oideachas agus gach rud atá cruthaitheach an dúshraith ar shochaí láidir. Le cúig bliana is fiche tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i ndiaidh an dúshraith sin a chur síos faoin phobal i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tá siad i ndiaidh ár n-ealaíona dúchasacha, cultúr an oileáin seo agus foghlaim na Gaeilge a cheangal le chéile sa Chumann agus i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bhíonn ina buaic ar imeachtaí na bliana thar dhá sheachtain i mí Iúil.

Thar cúig bliana is fiche, tá an fhéile seo anois i ndiaidh á háit a bhaint amach i measc mhórfhéilte cultúrtha an oileáin.

Tiocfaidh na céadta ó chian is ó chóngar chuig an fhéile le Gaeilge a fhoghlaim, agus le sult a bhaint as gach gné de chultúr na Gaeilge. Cuireann an fhéile idir dheiseanna foghlama agus dheiseanna úsáide ar fáil taobh le taobh ar bhealach a ardaíonn stádas na Gaeilge i ndearcadh na rannpháirtithe agus an phobail áitiúil ar aon – scoith na pleanála teanga ag leibhéal an phobail.

Tá lúcháir orm go raibh Foras na Gaeilge, a bunaíodh cúig bliana is fiche ó shin i mbliana fosta, ábalta a bheith inár bpríomhmhaoinitheoir ar Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain ó bunaíodh muid, ní hamháin ar imeachtaí an Chumainn le linn na bliana, ach ar fhás agus ar fhorbairt na Scoile Samhraidh. Thar an cheathrú céid sin, tá claochlú i ndiaidh teacht ar phobal na Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste, mórán de sin de bharr obair Chumann

Cultúrtha Mhic Reachtain agus de bharr obair na gceannasaithe teanga sa Chumann, a chinntigh gurb iad oideachas, ealaíona agus cultúr na Gaeilge a bheadh ina mbunchlocha ar an fhéile seo.

Thar ceann Fhoras na Gaeilge gabhaim buíochas le Cumann

Cultúrtha Mhic Reachtain as a n-iarrachtaí agus as deis a chur ar fáil dúinne tacú lena dtionscadal agus thar ceann phobal na Gaeilge ar fud an oileáin guím gach rath ar an fhéile i mbliana agus tréaslaím a ndúthracht agus bhfís leis lucht a heagraithe.

SEISIÚIN CHEOIL

SSMR25

�� 11:00 RN, �� 12:30 IN, �� 2:30 IN AN LUAN 22.07.24 – AN AOINE 26.07.24 | AN LUAN 29.07.24 – AN AOINE 02.08.24

SEISIÚIN CHEOIL SCOIL SAMHRAIDH MHIC REACHTAIN (seachtain

1 & 2 Ar siúl i g Caifé Ceoil. Ó Luan go hAoine ag 11:00rn, 12:30in, agus ag 2:30in gach lá. Agus sa halla thuas staighre fosta.

From Monday to Friday at 11:00am, 12:30pm, and 2:30pm each day.

Sessions each day in upstairs hall as well.

CEOLTÓIRÍ SHEISIÚIN CHEOIL NA FÉILE

CATRÍONA NÍ GHRIBÍN MIADHACHLUGHAIN NÍ DHOMHNAILL

SEOSAMH MCMA BRENDAN LOUGHRAN CORMAC Ó BRIAIN

ADAM COSTA agus aíonna eile.

STALLA LEABHAR AN CEATHRÚ PÓILÍ AR AN LÁTHAIR GACH LÁ Ó LUAN GO hAOINE (SEACHTAIN 1 & 2)

Ó CHAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE GO DÚN MHIC AIRT GUIDED WALK WITH CORMAC HAMILL

�� 10:00 RN | AN DOMHNACH 21.07.24 LOCATION-DOT BELFAST CASTLE CAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE

CEOL AG AN CHAISLEÁN AGUS AR MHULLACH AN CHNOIC LE CONOR CALDWELL AGUS BRIAN CONNOLLY.

IRISH-LANGUAGE COURSES FOR ADULTS �� 10:00RN - 4:00IN GACH LÁ

CÚRSA A | £60

AN LUAN | MON. 22.07.24 – AN AOINE | FRI. 26.07.24

CÚRSA B | £60

AN LUAN | MON. 29.07.24 – AN AOINE | FRI. 02.08.24

BUNRANG | DARA RANG | MEÁNRANG ÍOCHTARACH

BEGINNERS | SECOND CLASS | INTERMEDIATE LOWER

MEÁNRANG UACHTARACH | ARDRANG INTERMEDIATE HIGHER | ADVANCED

CLÁRÚ DE DHÍOBHÁIL | REGISTER @MHICREACHTAIN.COM

ABAIR AMHRÁN

AN DR LAUREN NÍ NÉILL

�� 12:30 IN | AN MHÁIRT 23.07.24 | BARR A’ TÍ

Is é ‘Ár Logainmneacha Comhroinnte: Léargas ar Thraidisiún na Logainmneacha Ó Thuaidh’ teideal na léachta seo le Lauren.. As Gleann an Iolair i gContae Dhoire di, bhain sí dochtúireacht amach ag déanamh staidéir ar Cheol na Cláirsí le Filíocht na mBard. Is cláirseoir díocasach í Lauren atá ina Príomhfheidhmeannach le Cruit Éireann, agus cláir fhéilte agus imeachtaí á stiúradh aici i rith na bliana.

Agus í ag obair mar chomhordaitheoir tionscadail le Conradh na Gaeilge thug sí faoi thionscadal faoi leith a dhíríonn ar ról na logainmneacha mar chuid dár n-oidhreacht roinnte. Labhróidh Lauren faoi shaibhreas na logainmneacha agus faoi cheol agus traidisiún na cruite in Éirinn. SAORCHEAD ISTEACH.

The title of this lecture is ‘Our Shared Place-names: an Insight into the Tradition of Place Names in the North’ by Lauren. From Glenullin in County Derry, Lauren was awarded her doctorate degree fo her study, Bairdne: A practice-led re-imagination of harp accompaniments to Gaelic bardic poetry. An avid harpist, Lauren was appointed CEO of Harp Ireland in 2023 and oversees their year-round festivals and events.

Whilst working as a project co-ordinator with Conradh na Gaeilge she undertook a new project examining the role of place-names as part of our shared heritage. For this lecture Lauren will discuss the rich heritage of our place-names, tying in harp music, and the rich harp tradition here in Ireland. FREE ENTRY.

CÁIRIÓICE

�� 8:00 IN | AN MHÁIRT 23.07.24 | CAIFÉ CEOIL

KaraokeNaGaeilge - 250 amhrán - Bígí ag cleachtadh

Fiseáin go léir ar fáil ar You Tube Seinnliosta & nuacht ar @kgaeilge & @karaokenagaeilge

Beatha na n-amhrán – iad a chanadh!

BB | BYO | £3 AN DUINE

OÍCHE NA SCRÍOBHAITHE

�� 7:00 IN | AN CHÉADAOIN 24.07.24 | CAIFÉ CEOIL

Laoighseach Ní Choistealbha agus An Dr Art Hughes á gcur faoi agallamh ag An Oll Fionntán de Brún.

LAOIGHSEACH NÍ CHOISTEALBHA

Is iomaí duais atá bainte ag Laoighseach thar ceann a cuid filíochta is scríbhneoireachta agus tá a lán dánta foilsithe aici i bhfoilseacháin éagsúla thar na blianta. Déanann Laoighseach léirmheastóireacht ar fhoilseacháin nua litríochta agus filíochta ar son Tuairisc.ie ar bhonn rialta. Foilsíodh ‘Lampa ar Lasadh’ in 2022 agus is é ‘Solas Geimhridh agus Dánta Eile’ (Barzaz, 2023) an chéad chnuasach uaithi.

AN DR ART HUGHES

Is léitheoir le Gaeilge é An Dr Art Hughes in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste. Is file, ealaíontóir agus craoltóir é comh maith. Bíodh go bhfuil suas le 20 leabhar scríofa nó curtha in eagar aige, gan trácht ar an iliomad alt leis ar litríocht agus ar theangeolaíocht na Gaeilge, is é ‘An Cairdeagan Buí’ (Éabhlóid, 2023) a chéad úrscéal Gaeilge - agus is é an saothar sin leis a bheas faoi chaibidil mar chuid den ócáid seo.

AN TOLL FIONNTÁN DE BRÚN

Ollamh le Nua-Ghaeilge, scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach. Ar na leabhair is déanaí leis tá an t-úrscéal Béal na Péiste (Gradam Uí Shúilleabháin 2023; an chéad duais don úrscéalaíocht ag Oireachtas 2022) a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2023, agus an monagraf Revivalism and Modern Irish Literature – the anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press, 2019).

CUIRFEAR SÓLAISTÍ AR FÁIL. SAORCHEAD ISTEACH.

TIGH CHASAIDE CASSIDY’S

347 BÓTHAR AONTROMA, BÉAL FEIRSTE, BT15 2HG

�� 8:00 IN | DÉARDAOIN 25.07.24 FÁILTE ROIMH ACHAN UILE DHUINE!

COMHRÁ, CRAIC, CUIDEACHTA AGUS NA PIONTAÍ DUBHA IS DEISE I mBÉAL FEIRSTE

JOHN SPILLANE

FITE FUAITE FITE FUAITE

IMMRA M

�� 8:00 IN | AN LUAN 29.07.24 | ÁRAS MHIC REACHTAIN

Foinn ghalánta cumtha go speisialta le cur le rogha filíochta de chuid NUALA NÍ DHOMHNAILL. Is iad EITHNE NÍ CHATHÁIN (amhránaíocht), EILÍS LAVELLE (cláirseoireacht), LUCIA MACPARTLIN (fidil), EVI FILIPPOU (cnaguirlisí), agus NEIL Ó LOCHLAINN (fliúit agus dord) a léireoidh Immram.

Bespoke, and beautifully composed music artistically interwoven with NUALA NÍ DHOMHNAILL’S poetry. A masterful work performed by EITHNE NÍ CHATHÁIN (vocals), EILÍS LAVELLE (harp), LUCIA MACPARTLIN (fiddle), EVI FILIPPOU (percussion), and NEIL Ó LOCHLAINN (flute and bass).

Tacaíocht le CATRÍONA NÍ GHRIBÍN & BRENDAN KERR

BB | BYO | TICÉID £12

INTERNATIONAL LUNCH

�� 12:30 IN – 1:30 IN | AN CHÉADAOIN 31.07.24

Bia, ceol, agus léiriú damhsa le Tura Arutura, Saquer, agus Fadi.

CÁIS, CEOL,‘S ÓL

�� 7:00 IN – 10:00 IN (Doirse 6:30 IN – ceol agus bia á soláthar ar bhuille a 7in!) | AN CHÉADAOIN 31.07.2024 | CAIFÉ CEOIL

Ceithre chúrsa de ghreimíní blasta á n-ullmhú le grá agus cúram ag cócaire Chaifé Ceoil, Ciarán Ó Cruadhlaoic le scoth na gcomhábhar Gaelach. Ceol á sheinm ar feadh an tráthnóna ag Catriona Ní Ghribín, Miadhachlughain Ní Dhomhnaill, agus Seosamh mCmA.

A bespoke Gaelic tapas evening with Caifé Ceoil’s chef, Ciarán Ó Cruadhlaoic serving up four lovingly prepared dishes using the finest, freshest Irish ingredients. Finest in traditional musical accompaniment throughout from Catríona Ní Ghribín, Miadhachlughain Ní Dhomhnaill, and Seosamh mCmA.

LA LÚNASA LE CLEAMAIRÍ

FEIRSTE

�� 9:00 RN – 10:00 RN | 9:00AM - 10:00AM

DÉARDAOIN 01.08.24 | ÁRAS MHIC REACHTAIN

Le fada an lá in Éirinn, tá ceiliúradh á dhéanamh ar thréimhsí áirithe sa bhliain, mar shampla: ar ghrianstad an tsamhraidh, ar ghrianstad an gheimhridh, agus ar an fhómhair le léirithe mothúcháin phobail a chur in iúl. Bhíodh an fhéile Lughnasa (Lúnasa) ar cheann de na féilte ráithiúla Gaelacha ba mhó a ceiliúradh sa tír seo agus ba iad Imbolg (ar 1ú lá de mhí Feabhra), Bealtaine (an 1ú lá de mhí Bealtaine) agus Samhain (1ú lá de mhí na Samhna) na trí chinn eile, dár ndóigh.

Léireoidh muid ómós do Lugh agus do thús aimsir an fhómhair le gleadhradh ceoil agus aithriseoireacht ar leac an dorais againn a bhuí le CLEAMAIRÍ FEIRSTE.

POP UP GAELTACHT

TIGH CHASAIDE

CASSIDY’S

347 BÓTHAR AONTROMA, BÉAL FEIRSTE, BT15 2HG

�� 8:00 IN | DÉARDAOIN 1.08.24 FÁILTE ROIMH ACHAN UILE DHUINE!

COMHRÁ, CRAIC, CUIDEACHTA AGUS NA PIONTAÍ DUBHA IS DEISE I mBÉAL FEIRSTE

OÍCHE AIRNEÁIL

�� 8:30 IN | AOINE 02 LÚNASA 02.08.24 BARR A’ TÍ

DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE

DIANE NÍ CHANAINN NAOISE MAC CATHMHAOIL

BLÁITHÍN MHIC CANA

NA DEARTHÁIREACHA Ó DUBHÁIN

RÓISÍN CHAMBERS BECKY NÍ ÉALLAITHE CLAIRE FRANCES NIC NÍLL

FEAR A’ TÍ: IRIAL Ó CEALLAIGH | TICÉID £7

Is Tùisce Caife ná Scéal

CAIFE AGUS BIA BLASTA AR FÁIL! AR OSCAILT Ó 9:30RN - 4:00IN GACH LÁ Ó LUAN GO hAOINE.

Buail Isteach!

AN DOMHNACH 21.07.24 10:00 RN

SIÚLÓID: CAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE GO DÚN MHIC AIRT

AN LUAN 22.07.24 – AN AOINE 26.07.24

10:00 RN – 4:00IN GACH LÁ CÚRSA GAEILGE A

AN LUAN 22.07.24 – AN AOINE 26.07.24

11:00 RN | 12:30 IN | 2:30 IN SEISIÚIN CHEOIL SSMR25

AN LUAN 22.07.24 – AN AOINE 26.07.24

1:30 IN | 3:00 IN ABAIR AMHRÁN LE DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE

AN LUAN 22.07.24

19:30 IN CEOL NA nGAEL: FÉILE CHEOIL THRAIDISIÚNTA | BELFAST TRADFEST

AN MHÁIRT 23.07.24

12:30 IN ÁR LOGINMNEACHA COMHROINNTE’ LEIS AN DR LAUREN NÍ NÉILL

AN MHÁIRT 23.07.24

8:00 IN CÁIRIÓICE NA GAEILGE | KARAOKE NA GAEILGE

AN CHÉADAOIN 24.07.24

7:00 IN OÍCHE NA SCRÍOBHAITHE

DÉARDAOIN 25.07.24

8:00 IN POP UP GAELTACHT TOIGH CHASAIDE CASSIDY’S

AN AOINE 26.07.24

8:00 IN JOHN SPILLANE, LONESOME GEORGE, AGUS AÍONNA SPEISIALTA

AN SATHARN 27.07.24

DOIRSE 8:00 IN FITE FUAITE: IMLÉ, GROOVELINE, CIGIRE NA BPUNTAÍ, + BUILLÍ

AN LUAN 29.07.24 – AN AOINE 02.08.24

10:00 RN – 4:00 IN GACH LÁ CÚRSA GAEILGE B

AN LUAN 29.07.24 – AN AOINE 02.08.24

1:30 IN | 3:00 IN ABAIR AMHRÁN LE RÓISÍN CHAMBERS

AN LUAN 29.07.24 – AN AOINE 02.08.24

11:00 RN | 12:30 IN | 2:30 IN SEISIÚIN CHEOIL SSMR25

AN LUAN 29.07.24

8:00 IN IMMRAM: EITHNE NÍ CHATHÁIN, NEIL Ó LOCHLAINN, EILÍS LAVELLE, LUCIA MACPARTLIN, & EVI FILIPPOU.

TACAÍOCHT LE CATRÍONA NÍ GHRIBÍN & BRENDAN KERR.

AN CHÉADAOIN 31.07.24 12:30 IN LÓN IDIRNÁISIÚNTA

AN CHÉADAOIN 31.07.24 6:30 IN CÁIS, CEOL, ‘S ÓL

DÉARDAOIN 01.08.24 9:00RN - 10:00 RN | 9:00 AM - 10:00 AM LÁ LÚNASA LE CLEAMAIRÍ FEIRSTE

DÉARDAOIN 01.08.24

8:00 IN POP UP GAELTACHT TOIGH CHASAIDE CASSIDY’S

AN AOINE 02.08.24

8:30 IN CLABHSÚR NA FÉILE: OÍCHE AIRNEÁIL SSMR25

TICÉID | CÚRSAÍ | TUILLEADH EOLAIS MHICREACHTAIN.COM

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.