

DÚIRT ROISÍN
MCDONOUGH, PRÍOMHFHEIDHMEANNACH
CHOMHAIRLE EALAÍON THUAISCEART ÉIREANN
Is údar bróid ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a bheith ar cheann de na heagraíochtaí is mó a dhéanann infheistíocht i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain tríd na coistí atá againn de chuid an Chrannchuir Náisiúnta. Is é misean na Comhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do na healaíona agus iad a fhorbairt agus is é ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn a chinntiú go mbíonn faill ag níos mó daoine ó gach cúlra sult a bhaint as scoth na n-eispéireas ealaíne. Aithnímid ról barrthábhachtach an Chumainn san obair seo agus a gcion á dhéanamh acu ó cheann ceann na bliana chun na healaíona traidisiúnta, Gaelacha a fhorbairt agus meas daoine orthu a mhéadú i dTuaisceart Éireann. Is amhlaidh a thugann Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ár gcuid pobal éagsúil le chéile tríd na healaíona, tríd an oidhreacht agus tríd an Ghaeilge. Ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain táimid ag súil go mór le scoth na n-ealaíontóirí traidisiúnta a fheiceáil os comhair an phobail agus iad ag léiriú a saothair i dtimpeallacht a chinnteoidh go mbeidh rath agus bláth ar ár gcuid ealaíon gona saibhreas agus gona n-éagsúlacht.



DÚIRT
SEÁN Ó
COINN, PRÍOMHFHEIDHMEANNACH FHORAS NA GAEILGE
Deir an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn gurb iad na healaíona, an cultúr agus an t-oideachas agus gach rud atá cruthaitheach an dúshraith faoi shochaí láidir. Le cúig bliana is fiche tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i ndiaidh an dúshraith sin a chur síos faoin phobal i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tá siad i ndiaidh ár n-ealaíona dúchasacha, cultúr an oileáin seo agus foghlaim na Gaeilge a cheangal le chéile sa Chumann agus i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bhíonn ina buaic ar imeachtaí na bliana thar dhá sheachtain i mí Iúil.
Le cúig bliana is fiche, tá an fhéile seo anois i ndiaidh á háit a bhaint amach i measc mhórfhéilte cultúrtha an oileáin.
Tiocfaidh na céadta ó chian is ó chóngar chuig an fhéile le Gaeilge a fhoghlaim, agus le sult a bhaint as gach gné de chultúr na Gaeilge. Cuireann an fhéile idir dheiseanna foghlama agus dheiseanna úsáide ar fáil taobh le taobh ar bhealach a n-ardaíonn stádas na Gaeilge i ndearcadh na rannpháirtithe agus an phobail áitiúil ar aon – scoth na pleanála teanga ar leibhéal an phobail.
Tá lúcháir orm go raibh Foras na Gaeilge ábalta a bheith inár bpríomh-mhaoinitheoir ar Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain ó bunaíodh muid, ní hamháin ar imeachtaí an Chumainn le linn na bliana, ach ar fhás agus ar fhorbairt na Scoile Samhraidh. Thar an cheathrú céid sin, tá claochlú i ndiaidh teacht ar phobal na Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste, mórán de sin de bharr obair Chumann
Cultúrtha Mhic Reachtain agus de bharr obair na gceannasaithe teanga sa Chumann, a chinntigh gurb iad oideachas, ealaíona agus cultúr na Gaeilge a bheadh ina mbunchlocha ar an fhéile seo.
Thar ceann Fhoras na Gaeilge gabhaim buíochas le Cumann
Cultúrtha Mhic Reachtain as a n-iarrachtaí agus as deis a chur ar fáil dúinne tacú lena dtionscadal agus thar ceann phobal na Gaeilge ar fud an oileáin guím gach rath ar an fhéile i mbliana agus tréaslaím a ndúthracht agus bhfís le lucht a heagraithe.







SIÚLÓID TREORAITHE LE CORMAC Ó hÁDHMAILL
Ó CHAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE GO DÚN MHIC AIRT GUIDED WALK WITH CORMAC HAMILL
�� 10:00 RN | AN DOMHNACH 20.07.25
LOCATION-DOT CAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE
CEOL AG AN CHAISLEÁN AGUS AR MHULLACH AN CHNOIC LE CONOR CALDWELL AGUS BRIAN CONNOLLY



SEISIÚIN CHEOIL
SSMR‘25
�� 11:00 RN, �� 12:30 IN, �� 2:30 IN AN LUAN 21.07.25 – AN AOINE 25.07.25 AN LUAN 28.07.25 – AN AOINE 01.08.25
SEISIÚIN CHEOIL SSMR AR SIÚL I gCAIFÉ CEOIL AGUS
SA HALLA MHÓR THUAS STAIGHRE. SSMR DAILY TRAD SESSIONS IN CAIFÉ CEOIL AND IN THE UPSTAIRS HALL.
CEOLTÓIRÍ SHEISIÚIN CHEOIL NA FÉILE
CATRÍONA NÍ GHRIBÍN MIADHACHLUGHAIN NÍ DHOMHNAILL
SEOSAMH MAC MYLES MCCORMACK CORMAC Ó BRIAIN
ADAM COSTA agus aíonna eile.

STALLA LEABHAR AN CEATHRÚ PÓILÍ
AR AN LÁTHAIR GACH LÁ Ó LUAN GO hAOINE (SEACHTAIN 1 & 2)


Is Túisce Caife ná Scéal
CAIFE AGUS RUDAÍ MILSE AR FÁIL! AR OSCAILT Ó 9:30 RN - 4:00 IN Ó LUAN GO hAOINE.
CUIRFEAR BIACHLÁR LÓIN AR FÁIL LE LINN NA FÉILE AGUS BIA BLASTA TE Á SOLÁTHAR SA HALLA THUAS STAIGHRE.
LUNCHTIME MENU ON OFFER DURING THE FESTIVAL WITH HOT TASTY DISHES BEING SERVED IN UPSTAIRS HALL.




AMHRÁN

CÁIRIÓICE NA GAEILGE
�� 8:00 IN | AN MHÁIRT 22.07.25 | CAIFÉ CEOIL
KaraokeNaGaeilge - 250 amhrán - Bígí ag cleachtadh!
Físeáin go léir ar fáil ar Seinnliosta You Tube & nuacht ar @kgaeilge & @karaokenagaeilge
Beatha na n-amhrán – iad a chanadh!
BB | BYO | SAORCHEAD ISTEACH




OÍCHE NA SCRÍOBHAITHE
�� 7:00 IN | AN CHÉADAOIN 23.07.25 | CAIFÉ CEOIL
MICHEÁL Ó CONGHAILE
File, gearrscéalaí, úrscéalaí agus foilsitheoir é Mícheál a bhfuil cónaí air in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht (CIC) ann in 1985. Tá sé ar an fhoilsitheoir ceoil thraidisiúnta is táirgiúla in Éirinn agus ar cheann de na mórfhoilsitheoirí leabhar Gaeilge. Tá os cionn cúig chéad leabhar foilsithe aige, agus gearrscéalta leis aistrithe go teangacha éagsúla na cruinne.
RÓISE NÍ BHAOILL
Is as Rann na Feirste, i dTír Chonaill, Róise Ní Bhaoill. Bronnadh gradam a bhfuil ardmheas air ar Róise ar son Imram agus Scéalta Eile, an leabhar is déanaí léi, sa rannóg Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana ag An Post Book Awards i mBaile Átha Cliath in 2023. Le linn a saoil oibre le hIontaobhas ULTACH, chruthaigh sí réimse foilseachán don phobal faoi logainmneacha, béaloideas agus stair na Gaeilge.
SEÁN Ó MUIREAGÁIN
Tá ficsean, filíocht fabhalscéalta, amhráin agus gearrscéalta scríofa ag Seán Ó Muireagáin. D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad leabhar de ghearrscéalta, Gáire in Éag ag deireadh na bliana 2018 agus an dara leabhar leis, lán de scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta osréalacha, Bádh B’fhéidir in 2022. Tá leabhar nua leis le foilsiú gan mhoill.
AN tOLL FIONNTÁN DE BRÚN
Ollamh le Nua-Ghaeilge, scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach é Fionntán de Brún. Ar na leabhair is déanaí leis tá an t-úrscéal Béal na Péiste (Gradam Uí Shúilleabháin 2023; an chéad duais don úrscéalaíocht ag Oireachtas 2022) a d’fhoilsigh Cló IarChonnacht in 2023. Fionntán a chuirfidh na haíonna faoi agallamh.
Ceol le CATRÍONA NÍ GHRIBÍN agus MIADHACHLUGHAIN NÍ DHOMHNAILL
Cuirfear sólaistí ar fáil. Saorchead isteach. Fáilte roimh chách.

B L AS NA MBASCACH RANG, BIA,
& CEOL
�� 4:30 IN | DÉARDAOIN 24.07.25 | CAIFÉ CEOIL
CUIRFEAR FEARADH NA FÁILTE ROMHAIBH CHUIG
CAIFÉ CEOIL LE TRIAIL A BHAINT AS RANG BASCAISE, BIA NA mBASCACH, AGUS CEOL BEO.
JOIN US IN CAIFÉ CEOIL TO LEARN SOME BASQUE, SAMPLE BASQUE FOOD, AND KICK BACK WITH LIVE MUSIC.
SAOR IN AISCE! MÍLE FÁILTE.




347 BÓTHAR AONTROMA, BÉAL FEIRSTE, BT15 2HG
�� 8:00 IN | DÉARDAOIN 24.07.25 FÁILTE ROIMH ACHAN UILE DHUINE!
COMHRÁ, CRAIC, CUIDEACHTA AGUS NA PIONTAÍ DUBHA IS DEISE I mBÉAL FEIRSTE

CEARD L ANNA L ÚIBÍNÍ

le AISLING UÍ GHRIBÍN & BARRA Ó MUIRÍ
AN AOINE 25.07.25 | BARR A’ TÍ
�� 1:30 IN - 2:30 IN (DO PHÁISTÍ) �� 2:45 IN - 3:45 IN (DO DHAOINE FÁSTA)
Cuirfear na ceardlanna lúibíní seo ar fáil i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge, mar ullmhúchán do Chomórtais Ardán an Oireachtais le titim amach i mBéal Feirste níos moille i mbliana.
SAOR IN AISCE ACH CLÁRÚ DE DHÍOBHÁIL! @Eventbrite





CEOL SA DÚCHAS


�� 8:00 IN | AN AOINE 25.07.25 | BARR A’ TÍ
NODLAIG NÍ BHROLLAIGH
le PÓL MAC GIOLLA EASPAIG AFFRAIC BROPHY
CARRA NIC AN BHAIRD & MÁIRTÍN Ó CATHÁIN
DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE
GEALACH NA gCUANTA á sheoladh aige le FRANCES MORTON ÉANNA Ó CRÓINÍN
TOMÁS MAC SEÁIN & SARAH CULLEN
BB | BYO | TICÉID £12

ABAIR AMHRÁN
RANGANNA AMHRÁNAÍOCHTA

RÓISE NÍ MHURCHÚ
�� 1:30 IN – 2:30 IN & 3:00 IN – 4:00 IN AN LUAN 28.07.25 – DÉARDAOIN 31.07.25
SAOR IN AISCE | BARR A’ TÍ





CHI LL I CON ’CÚSTACH
�� 4:00 IN | AN CHÉADAOIN 30.07.2025 | CAIFÉ CEOIL
CHILLI SPEISIALTA CHÓCAIRE CHIARÁN, CEOL BEO
ACÚSTACH LE LONESOME GEORGE (3R) AGUS AÍONNA SPEISIALTA. SOLAMAR DON ANAM ‘S DON CHORP I NDIAIDH NA RANGANNA. £5 AN DUINE DO BHABHLA CHILLI, ARÁN ÚRBHÁCÁILTE, AGUS CEOL BEO. BEIRIGÍ BUIDÉAL MÁS MIAN AGUS BÍGÍ LINN!
CHEF CIARÁN’S SPECIAL CHILLI, LIVE ACUSTIC SET WITH LONESOME GEORGE AND SPECIAL GUESTS. NOURISHMENT FOR THE BODY AND SOUL AFTER A DAY’S FOGHLAIM SNA
RANGANNA. £5 PER PERSON FOR A BOWL OF CHILLI, FRESHLY BAKED BREAD, AND LIVE MUSIC. B.Y.O. BÍGÍ LINN!

POP UP GAELTACHT
TOIGH CHASAIDE CASSIDY’S
347 BÓTHAR AONTROMA, BÉAL FEIRSTE, BT15 2HG
�� 8:00 IN | DÉARDAOIN 31.07.25 FÁILTE ROIMH ACHAN UILE DHUINE!
COMHRÁ, CRAIC, CUIDEACHTA AGUS NA PIONTAÍ DUBHA IS DEISE I mBÉAL FEIRSTE

LÁ LÚNASA le CLEAMAIRÍ FEIRSTE
�� 9:00 RN – 10:00 RN | AN AOINE 01.08.25 ÁRAS MHIC REACHTAIN
Le fada an lá in Éirinn, tá ceiliúradh á dhéanamh ar thréimhsí áirithe sa bhliain, mar shampla: ar ghrianstad an tsamhraidh, ar ghrianstad an gheimhridh, agus ar an fhómhair le léirithe mothúcháin phobail a chur in iúl. Bhíodh an fhéile Lughnasa (Lúnasa) ar cheann de na féilte ráithiúla Gaelacha ba mhó a ceiliúradh sa tír seo agus ba iad Imbolg (ar 1ú lá de mhí Feabhra), Bealtaine (an 1ú lá de mhí Bealtaine) agus
Samhain (1ú lá de mhí na Samhna) na trí chinn eile, dár ndóigh. Léireoidh muid ómós do Lugh agus do thús aimsir an fhómhair le gleadhradh ceoil agus aithriseoireacht ar leac an dorais againn a bhuí le CLEAMAIRÍ FEIRSTE.

CEARD L ANNA SEAN-NÓIS


AN AOINE 01.08.25 | BARR A’ TÍ
RÓISE NÍ MHURCHÚ
�� 10:30 RN - 12:30 IN (DO PHÁISTÍ)
DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE
�� 1:30 IN - 3:30 IN (DO DHAOINE FÁSTA)
Cuirfear na ceardlanna sean-nóis seo ar fáil i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge, mar ullmhúchán do Chomórtais Ardán an Oireachtais le titim amach i mBéal Feirste níos moille i mbliana.
SAOR IN AISCE ACH CLÁRÚ DE DHÍOBHÁIL! @Eventbrite



OÍCHE AIRNEÁIL

�� 8:30 IN | AOINE 01.08.25 | BARR A’ TÍ
MÁIRE NÍ CHOILM DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE
ORLA NÍ FHINNEADHA CLÍONA NÍ GHALLACHÓIR
RÓISÍN CHAMBERS RÓISE NÍ MHURCHÚ
COLM, GEARÓID & PÁDRAIG Ó DUBHÁIN
CÓR THAOBH A’ LEITHID AGUS AÍONNA EILE NACH IAD!
FEAR A’ TÍ: SEÁN Ó MUIREAGÁIN | TICÉID £5














AN DOMHNACH 20.07.25 10:00 RN
SIÚLÓID TREORAITHE & CEOL: CAISLEÁN BHÉAL FEIRSTE
AN LUAN 21.07.25 – AN AOINE 25.07.25
10:00 RN – 4:00 IN GACH LÁ CÚRSA GAEILGE (A)
11:00 RN | 12:30 IN | 2:30 IN SEISIÚIN CHEOIL NA FÉILE
AN LUAN 21.07.25 – DÉARDAOIN 24.07.25
1:30 IN – 2:30 IN | 3:00 IN – 4:00 IN ABAIR AMHRÁN: RÓISÍN CHAMBERS
AN MHÁIRT 22.07.25
8:00 IN CÁIRIÓICE NA GAEILGE | KARAOKE NA GAEILGE
AN CHÉADAOIN 23.07.25
7:00 IN OÍCHE NA SCRÍOBHAITHE
DÉARDAOIN 24.07.25
4:30 IN RANG BASCAISE, BIA, CEOL & FÁILTE (CAIFÉ CEOIL)
AN AOINE 25.07.25
1:30 IN – 2:30 IN CEARDLANNA LÚIBÍNÍ (DO PHÁISTÍ)
2:45 IN – 3:45 IN CEARDLANNA LÚIBÍNÍ (DO DHAOINE FÁSTA)
8:00 IN CEOL SA DÚCHAS: DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE (SEOLADH ALBAIM), NODLAIG NÍ BHROLLAIGH & AOI-CHEOLTÓIRÍ EILE
AN SATHARN 26.07.25
8:00 IN HUARTAN | DEARG | BUILLÍ LE RAIDIÓ STÍLÓ & DMU
AN LUAN 28.07.25 – AN AOINE 01.08.25
10:00 RN – 4:00 IN GACH LÁ CÚRSA GAEILGE (B)
11:00 RN | 12:30 IN | 2:30 IN SEISIÚIN CHEOIL SSMR25
AN LUAN 28.07.25 – DÉARDAOIN 31.07.25
1:30 IN – 2:30 IN | 3:00 IN – 4:00 IN ABAIR AMHRÁN: RÓISE NÍ MHURCHÚ
AN LUAN 28.07.25 7:30 IN NA MÁISTRÍ: CEOLCHOIRM BELFAST TRADFEST
AN MHÁIRT 29.07.25
1:30 IN PLÉ-PHAINÉAL: I dTREO MHÓRSHIÚL NÁISIÚNTA NA nGAEL
AN CHÉADAOIN 30.07.25
12:00 IN RAIDIÓ FÁILTE BEO Ó SSMR’25
12:30 IN BIA AN MHEÁNOIRTHIR, CEOL, AGUS DAMHSA
4:00 IN CHILLI CON ‘CÚSTACH: BIA BLASTA & CEOL LE LONESOME GEORGE
DÉARDAOIN 31.07.25
8:00 IN POP UP GAELTACHT TOIGH CHASAIDE (CASSIDY’S)
AN AOINE 01.08.25
9:00 RN LÁ LÚNASA LE CLEAMAIRÍ FEIRSTE
10:30 RN – 12:30 IN CEARDLANNA SEAN-NÓIS (DO PHÁISTÍ)
1:30 IN – 3:30 IN CEARDLANNA SEAN-NÓIS (DO DHAOINE FÁSTA)
8:30 IN OÍCHE AIRNEÁIL (CLABHSÚR NA FÉILE)
TICÉID | CÚRSAÍ | TUILLEADH EOLAIS MHICREACHTAIN.COM
