





Tá lúcháir ar an Chomhairle Ealaíon a bheith ina príomhmhaoinitheoir ar Shean-Nós na Fearsaide. Cuireann an fhéile seo, chomh maith le gach imeacht eile de chuid Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, ealaíona traidisiúnta na hÉireann ar chéim is airde, agus os comhair lucht féachana úr i dTuaisceart na hÉireann. Cuireann an fhéile seo go mór le treisiú na n-ealaíon dúchasach a bhfuil éagsúlacht shaibhir le fáil iontu, agus le soláthar deiseanna cruthaitheacha dearfacha a fheabhsaíonn an chomthuiscint chultúrtha agus a dhéanann caidreamh níos dlúithe idir daoine agus pobail.
ROISÍN MCDONOUGH Chief Executive
Arts Council of Northern Ireland
Dar le Foras na Gaeilge go bhfuil sé an-tábhachtach deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge, le teacht i gceann a chéile i suíomhanna sóisialta, le gréasáin shóisialta a fhorbairt le daoine eile a bhfuil na spéiseanna céanna acu. Tugann Sean-Nós na Fearsaide an deis sin do dhaoine i mBéal Feirste agus as gach cearn den tír teacht le chéile i suíomh sultmhar sóisialta agus, ag an am chéanna, ceiliúradh a dhéanamh trí Ghaeilge ar cheann de na traidisiúin is ársa dá bhfuil againn, amhránaíocht ar an tsean-nós. Tá Foras na Gaeilge an-sásta a bheith ábalta tacaíocht a chur ar fáil do Shean-Nós na Fearsaide agus guímid gach rath ar an fhéile.
Is féile thar a bheith rathúil í Sean-Nós na Fearsaide agus seoid i bhféilire fhéilte na cathrach a mheallann Gaeil as ceithre hairde na tíre go Béal Feirste gach bliain le taitneamh, tairbhe, agus spreagadh anama a bhaint as an cheol, an cultúr, agus an chuideachta. Agus Oireachtas na Samhna le hóstáil sa chathair againn i mbliana de chéaduair ó bhí 1997 ann, tá tábhacht ar leith ag baint lenár bhféile féin an iarraidh seo. Is ann a gheobhaidh tú blaiseadh beag de na gnéithe is lárnaí de chuid an Oireachtais, mar atá teanga, ceol, agus ealaíona traidisiúnta na nGael á gcothú agus á gceiliúradh ag idir óg agus aosta.
Oifigeach Ealaíon Gaeilge
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
�� 6:30 IN | SAOR IN AISCE | AN AOINE 28.02.25
�� 8:00 IN | AN AOINE 28.02.25
Á sheoladh ag Máirín Nic Dhonnchadha (Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge), agus ag bean a’ tí Caoimhe ‘ceol’ Ní Chathail (Blas, BBC Gaeilge).
AGALLAMH BEIRTE LE CAIRDE AN OIREACHTAIS
�� 8:30 IN | AN AOINE 28.02.25
Gearóidín Neidí Frainc, Lillis Ó Laoire, Máire Ní Choilm, Caitlín Ní Chualáin, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Orla Ní Fhinneadha, Domhnall Ó Braonáin, Tomás Ó Lúing, Rónán Ó Niadh, Clíona Ní Ghallachóir, Niamh Ní Dhubhgáin, Naoise Mac Cathmhaoil, Ray Mac Mánais, Joe Ó Dónaill, agus Micheál Ó Cualáin.
Ceol le Becky Ní Éallaithe agus Cathal Ó Curráin.
Is Tùisce Caife ná Scéal
CAIFÉ CEOIL AR OSCAILT Ó 9:30RN MAIDIN SHATHAIRN AN 01.03.25.
CAIFE BLASTA, TÓSTAITHE, STOBHACH UAINEOLA, SEABHDAR IASC, BONNÓGA AGUS RUDAÍ MILSE AR FÁIL.
CUIRFEAR SEISIÚIN CHEOIL AR SIÚL SA CHAIFÉ I RITH AN LAE LE BECKY NÍ ÉALLAITHE AGUS CATHAL Ó CURRÁIN.
�� 10:30 RN | AN SATHARN 01.03.25
Is taighdeoir agus ceoltóir cumasach é Seán Mac Corraidh a bhfuil an dúrud taighde ar thraidisiún an tsean-nóis déanta aige. Tá an cheardlann seo dírithe ar abhár amhránaithe le cois amhránaithe cáilithe agus ceoltóirí proifisúnta, agus ar fáil dóibh siúd ar spéis leo níos mó a thógáil fán dóigh le hamhrán a rá chomh cruinn beacht agus is féidir. Saorchead isteach.
�� 3:00 IN | AN SATHARN 01.03.25
( faoi 9 )
01 Márta
�� 10:30 RN (SEOMRA 1)
Iomaitheoirí atá faoi bhun 9 mbliana d’aois ar lá an chomórtais.
Amhrán amháin de rogha an iomaitheora, amhrán mall nó amhrán gasta.
1Ú DUAIS: Corn Ghael-Linn, bonn óir, agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: Bonn airgid 3Ú DUAIS: Bonn cré-umha
MOLTÓIR: Róisín Chambers
AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
( faoi 12)
�� 10:30 RN (SEOMRA 2)
Iomaitheoirí atá 9, 10, nó 11 bhliain d’aois ar lá an chomórtais.
Amhrán amháin de rogha an iomaitheora, amhrán mall nó amhrán gasta.
1Ú DUAIS: Corn Mhic Reachtain, bonn óir, agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: Bonn airgid 3Ú DUAIS: Bonn cré-umha
MOLTÓIR: Irial Ó Ceallaigh AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
( faoi 15)
�� 12:00 RN (SEOMRA 1)
Iomaitheoirí atá 12, 13, nó 14 bhliain d’aois ar lá an chomórtais.
Amhrán amháin de rogha an iomaitheora, amhrán mall nó amhrán gasta.
1Ú DUAIS: Corn Uí Mhonacháin, bonn óir, agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: Bonn airgid 3Ú DUAIS: Bonn cré-umha
MOLTÓIRÍ: Róise Nic Corraidh agus Naoise Mac Cathmhaoil AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
( faoi 18)
01 Márta
�� 12:00 IN (SEOMRA 2)
Iomaitheoirí atá 15, 16, nó 17 mbliana d’aois ar lá an chomórtais.
Amhrán amháin de rogha an iomaitheora, amhrán mall nó amhrán gasta.
1Ú DUAIS: Corn Mhic Aindreasa, bonn óir, agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: Bonn airgid 3Ú DUAIS: Bonn cré-umha
MOLTÓIRÍ: Irial Ó Ceallaigh agus Róisín Chambers
AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
�� 1:00 IN (BARR A’ TÍ)
Iomaitheoirí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois ar lá an chomórtais.
Lúibíní nó ceapóga a gabháil le ceol, gan dul thar chúig bhomaite. Beirt a bheith páirteach ann ag freagairt a chéile i véarsaí fileata, deisbhéalacha.
1Ú DUAIS: Corn Ghael-Linn, boinn airgid, agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: Boinn chré-umha
MOLTÓIRÍ: Clíona Ní Ghallachóir agus Niamh Ní Dhubhgáin
AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
01 Márta
�� 1:30 IN (SEOMRA 1)
Comórtas cáilithe d’iomaitheoirí os cionn 18 mbliana d’aois.
Dhá amhrán ar an tsean-nós de rogha an iomaitheora. Amhrán amháin mall. Ar athghlaoch amhrán amháin gasta.
1Ú DUAIS: Corn Ghlór na Fearsaide, bonn óir, £100, iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna, agus ticéad deireadh seachtaine d’Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
2Ú DUAIS: £75 agus Bonn airgid 3Ú DUAIS: Bonn cré-umha
MOLTÓIRÍ: Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Gearóidín Breathnach AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
( 18+)
01 Márta
�� 2:00 IN (BARR A’ TÍ)
Comórtas lúibíní d’iomaitheoirí os cionn 18 mbliana d’aois.
Lúibíní nó ceapóga a ghabháil le ceol. Beirt a bheith páirteach ann ag freagairt a chéile i véarsaí fileata, deisbhéalacha.
1Ú DUAIS: Corn Fhoras na Gaeilge, boinn airgid, agus £400
2Ú DUAIS: £200 agus boinn chré-umha
MOLTÓIRÍ: Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill
AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
( 18+)
01 Márta
�� 3:30 IN (BARR A’ TÍ)
Amhránaíocht ar an tsean-nós do mhná agus d’fhir araon.
1Ú DUAIS: £750 urraithe ag TG4 agus iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna 2025
2Ú DUAIS: £350 urraithe ag Raidió Fáilte
3Ú DUAIS: £150 urraithe ag Caifé Ceoil
MOLTÓIRÍ: Lillis Ó Laoire agus Caitlín Ní Chualáin AN 21 FEABHRA AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS
�� 9:00 IN | AN SATHARN 01.03.25 | BARR A’ TÍ
Le haíonna speisialta
GEARÓIDÍN NEIDÍ FRAINC BREATHNACH
BUAITEOIR CHORN UÍ RIADA 2024, 2004, 1996
LILLIS Ó LAOIRE
BUAITEOIR CHORN UÍ RIADA 1991, 1994
MÁIRE NÍ CHOILM
BUAITEOIR CHORN UÍ RIADA 2019
CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
BUAITEOIR CHORN UÍ RIADA 2016, AGUS AGALLAMH BEIRTE 2024
DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE
BUAITEOIR CHORN UÍ RIADA 2009
ORLA NÍ FHINNEADHA
BUAITEOIR SHEAN-NÓS NA mBAN 2024
DOMHNALL Ó BRAONÁIN
BUAITEOIR SHEAN-NÓS NA bhFEAR 2024
TOMÁS Ó LÚING
BUAITEOIR CHORN NEIDÍ FRAINC MHIC GRIANA 2024, 2022, 2018, 2016, 2011
CLÍONA NÍ GHALLACHÓIR AGUS NIAMH NÍ DHUBHGÁIN
BUAITEOIRÍ LÚIBÍNÍ 2024
RÓNÁN Ó NIADH
BUAITEOIR RINCE AONAIR 2024
NAOISE MAC CATHMHAOIL
BUAITEOIR CHORN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS MHÚSCRAIGHE 2024
RAY MAC MÁNAIS AGUS JOE Ó DÓNAILL
BUAITEOIRÍ LÚIBÍNÍ AGUS AGALLAMH BEIRTE 2023
BEAN A’ TÍ CAOIMHE ‘CEOL’ NÍ CHATHAIL | TICÉID £7
Ceol le Becky Ní Éallaithe, Cathal Ó Curráin, agus Cór Thaobh a’ Leithid.
DÉARDAOIN 27.02.25
10:30 RN Corn An Oireachtais (Comórtas Amhránaíochta Do Chóir Ghaelscoileanna)
10:30 RN Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta
11:00 RN Seisiún Ceoil (Caifé Ceoil)
AN AOINE 28.02.25
6:30 IN Abair Amhrán Le Máire Ní Choilm
8:00 IN Fáilte agus Seoladh Sean-Nós na Fearsaide á sheoladh ag Máirín Nic Dhonnchadha (Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge), agus ag bean a’ tí Caoimhe ‘ceol’ Ní Chathail (Blas, BBC Gaeilge).
8:30 IN Aithris scéalta, léirithe ceoil, amhránaíocht, damhsa, lúibíní, agus agallamh beirte le cairde an Oireachtais
AN SATHARN 01.03.25
9:30 RN Caifé Ceoil ar oscailt! Beidh cúpla seisiún ceoil ar siúl i rith an lae le Becky Ní Éallaithe agus Cathal Ó Curráin. Fáilte roimh gach duine. Buail isteach!
10:30 RN Corn Ghael-Linn d’iomaitheoirí atá faoi bhun 9 mbliana d’aois. (SEOMRA 1)
Corn Mhic Reachtain d’iomaitheoirí atá 9, 10, nó 11 bhliain d’aois (SEOMRA 2)
Ceardlann ar Fhuimniú na n-Amhrán leis an Dr Seán Mac Corraidh (SEOMRA 3)
11:30 RN Seisiún Ceoil Chaifé Ceoil le Becky Ní Éallaithe agus Cathal Ó Curráin
12:00 IN Corn Uí Mhonacháin d’iomaitheoirí atá 12, 13, nó 14 bhliain d’aois (SEOMRA 1)
Corn Mhic Aindreasa d’iomaitheoirí atá 15, 16, nó 17 mbliana d’aois (SEOMRA 2)
1:00 IN Corn Ghael-Linn Lúibíní d’iomaitheoirí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (Barr’ a’ Tí)
1:30 IN Corn Ghlór Na Fearsaide comórtas amhránaíochta nua d’iomaitheoirí amaitéireacha os cionn 18 mbliana d’aois (SEOMRA 1) *Ní cheadaítear iontrálacha ar an dá chomórtas amhránaíochta do dhaoine fásta don iomaitheoir céanna. Roghnaigh ceann amháin acu.’
Seisiún Ceoil Chaifé Ceoil Le Becky Ní Éallaithe agus Cathal Ó Curráin
2:00 IN Corn Fhoras Na Gaeilge Lúibíní do dhaoine fásta (Barr A’ Tí)
3:00 IN Ceardlann Damhsa Le Rónán Ó Niadh (SEOMRA 3)
3:30 IN CORN UÍ CHRIAGÁIN Príomhchomórtas amhránaíochta do dhaoine fásta urraithe ag TG4, Raidió Fáilte, agus Caifé Ceoil
8:00 IN Seoladh Albaim ‘Sliocht’ le Frances Morton agus le haoi-cheoltóirí, Ciarán Tourish (Altan), Éamon McElholm (Stockton’s Wing, Solas), agus Doimnic Mac Giolla Bhríde. Á sheoladh ag an Dr Verena Commins (Caifé Ceoil)
9:00 IN OÍCHE AIRNEÁIL (BARR A’ TÍ) Le cuid de bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais agus le haíonna speisialta eile.
DÉAN IARRATAS | CEANNAIGH TICÉID
TUILLEADH EOLAIS
MHICREACHTAIN.COM