Tuathal 2 (2020-2021)

Page 1

TUATHAL IRISLEABHAIR NA GAEILGE

2ú Eagrán

114ú Seisiún


caigh

A chairde, Fáiltigí ar ais chuig an dara eagrán de Tuathal don bhliain acadúil 2020/21. Ar ndóigh, ní gnáth bliain acadúil é seo agus is dócha go raibh sé doiligh go leor d'achan duine go dtí seo. Ar aon nós, bhí téarma difriúil ach gnóthach ag an chumann cibé, a bhuíochas lenár gcoiste, ár mbaill agus ár Reachtaire iontach, Ciara Ní Mhurchú. Bhain mé an-sult as llabhairt lenár mbaill nua agus tá súil agam go mbeidh muid in ann buailleadh le chéile arís roimh deireadh na bliana. in aineoin na deacaireachtaí, bhí go leor imeachtaí iontacha againn go dtí seo - Lón agus Labhairt, Maidens na Gaeilge agus Samhain ina measc! Tá súil agam go mbeidh sibh uilig linn don méid atá le teacht i 2021. A bhuíochas lenár gcairde ag Aerach.Aiteach.Gaelach, beidh eagrán speisialta againn anseo. Comh mhaith leis na gnáth iontráil ónár mbaill, san eagrán seo tá go leor iontrálacha foilsithe againn a bhí mar chuid den 'Comórtas Cumadóireacht'. Gabhaimid buíochas le achan duine a sheol a shaothar chugainn don eagrán seo. Ar aon nós tá súil agam go bhaineann sibh sult as an eagrán seo, agus an méid eile den bliain acadúil linne. Bíodh téarma sabháilte agus Gaelach agaibh. Cara Nic Giolla Chomhaill.

Grianghraf ar an chlúdaich: Malachi Ó Mar

Eagarfhocal


Clár Ábhair 1. Eagarfhocal 2. Baill Nua an Choiste 3. Nuacht Ó oifig na Gailge 4. An Bhliain go dtí seo 5. Cúinne Filíochta 6. Comórtas Cumadóireachta le Aerach.Aiteach.Gaelach 7. Amchlár Seachtain na hÉigse 2021


Baill Nua an Choiste

Altan Ní Mhurchú Stiúrthóir Jailbreak Caidé mar atá sibh! Niamh Ní Earcáin is ainm dom agus is as Dún na nGall mé. Táim sa chéad bhliain ag déanamh staidéar ar an Dlí. Bainim sult as a bheith ag seinnt ceoil agus ag imirt peile. Táim mar Oifigeach na Céad Bliana don Chumann Ghaelach agus is mise an duine a bhíonn ag seoladh na mílte téacs chugaibh sa chéad bhliain. Cad eile cad eile, bhuel táim i mo chónaí i hallaí na Tríonóide i mbliana agus bíonn an-chraic is an spraoi againn anseo. Táim gafa le TikTok agus mar sin bím ag damhsa i gcónaí (níl mé cailíní eile ). Tá an Ghaeilge an-tábhachtach i mo shaol agus táim ar 'mhuin na muice' le bheith ar an scéim chónaithe i mbliana

Dia daoibhaigí! Is mise Altan agus is as Tír Chonaill mé. Táim sa tríú bliain ag déanamh stáidear ar an zú-eolaíocht agus is maith liom chilli foccacias, surfáil agus Matthew Morrison slander tik tok <3. Tá mé mar stíurthóir an chumann do Jailbreak i mbliana wúúú! Rás a bíonn ar siúil ar fud na hEorpa de ghnáth, ach tá muid ag rith isteach go cúpla fadhbanna teicniúla i mbliana #paindéim. Má tá aon smaointí fiáin nó ma tá suim ag éinne páirt a ghlacadh is féidir teacs a sheoladh dom nó mé a aimsiú in Lidl Sráid Aungier/ Baile na nGallóglach. Táim ag tnúth go mór le sibh uilig a fheicáil in Hallstatt!

Niamh Ní Earcáin Oifigeach na Céad Bliana


Ross Mac Conraoi Oifigeach na Tríú Bliana Dia dhaoibh! Ross Mac Conraoi is ainm dom agus is as Baile Átha Cliath mé. Táim ag déanamh staidéir ar innealtóireacht bhithleighis agus Is mise bhur noifigeach na tríú bliana I mbliana.

Maitiú Charleton Leas-Oifigeach Siamsaíochta Haigh, is mise Maitiú ó Bhaile Átha Cliath agus (ní) deirtear gur mise Tik Tok réalt an Chumainn. Caithim m'am leis an gcoiste ag eagrú ócáidí thar Zoom agus, dar leis an irisleabhar 'The Pirannah' deirtear 'wúúúú' nuair a chloistear futhu. Is é an cumann, croí sochaí Gaeilge choláiste na Trionóide agus is anluachmar an t-am a chaithim leis.

Claire Ní Bhraonáin Leas-Oifigeach Caidrimh Poiblí Haigh gach duine! Is mise Claire Ní Bhraonáin agus táim an leas OCP don bhlian 2020/2021! Táim as Dún na nGall agus táim ag baint an taithneamh as mo am ar an coiste an bhliain seo agus táim ag tnuth go mór leis an tearma amach romhain.


Oifig na Gaeilge A chairde, Is cinnte gur bliain an-dúshlánach atá ann i mbliana agus nílimid tagtha aisti go fóill. Bímis dóchasach, áfach, don chomhluadar atá cruthaithe i measc anphobail Ghaeilge ar líne agus go mbeidh dei s againn a bheith le chéile ar an gcampas in am trátha. Tugaigí aire daoibh féin agus ná déanaigí dearmad go bhfuil seirbhísí comhairleoireachta, sláinte agus eile ar fáil san ollscoil má bhíonn siad de dhíth. Tá cur síos ar na seirbhísí Gaeilge san ollscoil ag an nasc thíos agus moltar ort úsáid a bhaint astu! https://www.tcd.ie/gaeloifig/seirbhisi.php. Gnó trí Ghaeilge Is féidir leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge i Leabharlann BLU ó 9.30am go 3.30pm ó Luan go hAoine. Ina theannta sin, tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ón Oifig Iostas agus ón gClárlann Acadúil ach í a iarraidh. Oide Pearsanta Dá mba mhaith leat oide le Gaeilge a bheith agat, is féidir an tseirbhís sin a iarraidh ar Sheirbhís an Oide Shinsearaigh. Oibreoidh siad leat chun oide le Gaeilge a chur ar fáil. https://www.tcd.ie/seniortutor/

Pop-Up Gaeltacht na Nollag 2020 le Coláiste na Tríonóide ar líne

Grianghraf: Malachi Ó Marcaigh

Ciorcal comhrá Tá ag éirí go han-mhaith leis an gciorcal comhrá ar líne agus cuirtear fáilte roimh dhaoine ó fud fad na tíre agus ó thar lear fiú gach seachtain. Táthar buíoch do na mic léinn agus do gach duine a thacaíonn leis. An bhfuil aithne agat ar dhuine a mbeadh spéis acu i gcomhluadar trí Ghaeilge ar feadh uair an chloig gach seachtain? Bíonn fáilte roimh chách agus ní gá ach ríomhphost a sheoladh go gaeloifig@tcd.ie agus cuirfear ar an liosta seoltaí tú chun eolas a fháil ar bhonn seachtainiúil.


Seomra na Gaeilge Braithfidhathoscailt an tSeomra ar na srianta atá i bhfeidhm maidir le COVID19. Idir an dá linn, tá Cúinne Gaeilge curtha ar fáil i dTeach Regent agus is féidir spás a chur in áirithe ag an nasc seo https://bit.ly/3pIZLKo. Iarrtar ort úsáid a bhaint as an spás i dTeach Regent chun cur leis an éileamh ar spás Gaeilge san ollscoil. Ranganna Gaeilge Saor in Aisce Cuirfear cúrsaí Gaeilge beo ar líne ar fáil arís an téarma seo i gcomhar le Gaelchultúr. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na Gaeilge https://www.tcd.ie/gaeloifig/ranganna/. Beidh 4 leibhéal ar fáil, ó leibhéal glantosaitheora go meánleibhéal (A1, A2, B1, B2) ar feadh 8 seachtaine. Is féidir clárú ó 1pm Déardaoin an 4 Feabhra anseo https://bit.ly/3pFMySH. Éigse na Tríonóide/Seachtainna Gaeilge: 1-5 Márta 2021 Déan nóta i do dhialann go mbeidh féile seachtaine d’imeachtaí Gaeilge á reáchtáil ag tús mhí an Mhárta. Go n-éirí le hOifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, Gretchen Nic Sheanlaoich, agus a fochoiste leis an ullmhúchán. Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ar chainéil mheán sóisialta an Chumainn Ghaelaigh agus Aontas na Mac Léinn. An Scéim Cónaithe Chuir mic léinn na Scéime Cónaithe imeachtaí den scoth ar siúl do phobal Gaeilge na hollscoile anuraidh. Bíonn fáilte roimh gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide a bheith páirteach i dtionscadail agus imeachtaí ar líne na Scéime. Lean ar na meáin shóisialta iad chun tuilleadh eolais a fháil ar a gcuid gníomhaíochtaí: Facebook @AnSceimTCD / Instagram: @SceimTCD. Tabhair cuairt ar www.danacht.com chun torthaí obair na Scéime a fheiceáil – bain taitneamh as an gcnuasach aistí, filíochta agus cluichí atá curtha ar fáil acu.

Sonraí Teagmhála Áine Ní Shúilleabháin Oifig na Gaeilge, an Séipéal Thiar, Coláiste na Tríonóide gaeloifig@tcd.ie www.tcd.ie/gaeloifig Lean Oifig na Gaeilge ar na meáin shóisialta! Facebook/ Twitter/ Instagram: @GaeloifigTCD


An Bhliain go dtí seo...

Ghlac an Chumann pháirt in imeacht de chuid Conradh na Gaeilge, Gaeilge 24, in éineacht leis na himeachtaí eile uilig a bhí idir lámha againn. Seo David Kehoe, duine dár mbaill, ag seinm ceoil i rith an imeacht.

Cé go raibh bliain an-difriúl ar fad againn go dtí seo, go fóill bhí go leor imeachtaí iontacha againn ar líne. Thosaigh muid an téarma amach le Tae agus Plé, Íoga le YogaSoc, Cócaireacht le DU Food & Drink agus Tráth na gCeist le DU Music, in éineacht le rudaí eile i rith Seachtain na bhFreisir. Bhí go leor imeachtaí suimiúla eile againn i rith an téarma, Plé agus Pancóga, Uair Chaifé Chomhráite le Lit Soc agus Mion-Oireachtas ina measc. Mar is gnáth, bhí Samhain ceann dár imeachtaí is suntasaí agus is sultmhara le linn an chéad téarma. Bhí lá gnóthach againn, le Bácáil Bairín Breac, Ceacht Staire, a bhuíchas le Pagan Soc, agus Ceolchoirm na Samhna le Roinnt Ceoil ónár mbaill féin agus TradSoc.


Bhí cuichí eagsúla an-thábhachtach ar fad dúinn mar chuid dár n-imeachtaí leis an chumann i mbliana. I rith an téarma, bhain muid sult as bheith ag imirt Amoung Us, Kahoot, agus roinnt cluichí eile ar líne. Comh mhaith le sin, Bhí oíche den scoth againn, eagraithe ag ár oifigeach drámaíochta, Eimear, le Dúnmharú Rúndiamharach! Bhí críoch laidir againn don téarma seo chaite, agus 2020 go ginearálta. I ndiadh dúinn bliain fada agus deacair a bheith againn uilig, chríochnaigh muid an blain amach le craobh Maidins na Gaeilge agus Cóisir na Nollag. Comh mhaith le sin, d'fhreastail go leor againn An 12Seomra Zoom don Nollaig, le roinnt Choláistí eile timpeall na tíre! Oíche iontach a bhí ann amach is amach.


Cúinne Filíochta Buíochas ó chroí Uaireanta ba bhrea liom a bheith sa Spáinn Nó sa Sualainn le seacláid te agus páirceanna bán. B’fhearr liom an grian ag scoilteadh na gcloch Nó ag léim is ag snámh is ag drepadóireacht cnoic. Ba mhaith liom screadaíl nó canadh ós ard Ba mhaith liom damhsa ar an mbord. Tá fear nó oíche amach de dhíth ach ar an drochuair níl sé mar a bhí. Ach in ainneoin mo ghearáin, táim thar a bheith buíoch As mo thuiste no chairde fiú mo dheartháir i mbliana. Ní athróinn rud ar bith caithfidh mé a admháil Agus taim thar a bheith buioch chun é sin a fhéiceáil.

Lá an Dreoilín 2020

Haiku

D’éag tú bliain ó shin Ní thuigim conas Smaoiním ort nuair a chloisim diabhal Haiku a chumadh. ceol Leonard Cohen Filíocht gan mhaith le Malachi Ó Marcaigh

Grianghraf: Malachi Ó Marchaigh

le Tara Ní Mhaoldúin Bhreasláin


Comórtas Cumadóireachta Débutant Aiteach I Saol Victeoiriach Is portráid í mo shaol i ndánlann na sochaí, Chomhionann leis na cinn eile. Cainbheas rite thar fráma fireann, soladach ón cáil; Is é an gliú ná brú chun posadh. Scuaine carráistí lasmuigh de phálás, Ag éirí amach go grástúil. Gréasáin lása, púdar deargadh, Fuadar srianta sa chúirt ríoga. Seo iad na dathanna sásúil, Na dathanna ag an dromchla. Ach tá dathanna eile agam, Grá atá glactha sa chroí liom. Nuair a fheicim í, bíonn Péarlaí sa scornach agam ‘is lasann mo chneas faoin siosarnach síoda. Braithním ar dhaoine eile mar scátháin ‘is ní fheicim ach blúire beaga mé féin. Tugaim as sin go bhfuilim briste. Cuirim mo chroí i bhfollach. Táim tarraingt go docht ag brollach ‘is trilseán. Cé hé an mise dáiríre? Uaireanta ba mhaith liom dealbh a bhriseadh, Cruth nua a chur air, cruth a bheith iomlán ar fad. Is cuma liom faoi slad An gnáth-bhealach. Ach ní mór dom mo chroí a chur i bhfollach. Tá na dathanna cheanna roghnaithe, Ailínithe i ngreim fhir.

Chuir go leor daoine isteach ar an chomórtas seo, eagraithe ag ár gcairde ag Aerach.Aiteach,Gaelach. Gabhann muid ár mbuíochas leo arís! Gabhann buíochas fósta lenár moltóirí - Sam Ó Fearraigh, Emmet de Barra, Malachi Ó Marcaigh agus Gráinne Nic Cathmhaoil. Bhí post an-dhoiligh acu le buaiteoir a roghnú! I ndiaidh go leor diaspóireachta, shocraigh siad ar na torthaí a leanas.

1ú Áit Sinéad O'Reill y Is dánlann í an sochaí. An pictiúr bréige só. Ach níl ainm ar ealaín nó grá. Is sise mo verdaccio.

*cineál faoi-phéinteáil, dath a athraonadh solas trí na sraitheanna ina uachtair chun dath níos réadúla a chur ar craiceann an ábhair.

Le Sinéad O'Reilly


2ú Áit

Turas Taxi

le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin

Tá an bháisteach ag bualadh go fann i gcoine fuinneoige an taxi. Tá an t-inneall ag crónán go bíogthach agus an raidió ag monabhar leis féinig.‘Bhfuil tú saor?’ Glór mná ag briseadh isteach. Sméideadh cinn is isteach léi, ag éaló ón aimsir. Bean deaghléasta óg. Fichidí déanacha agus mothall breá gruaige doinne go básta uirthi. Tugaim spléachadh sa scáthán. Bhí dul amú orm. Is dócha gur sna triochaidí déanach atá sí. Cheil a gáirí a haois, ach anois agus í suite ansan, ag grinniú a fóin, tá cuma caillí uirthi. ‘Ca’il do thriall?’ ‘Tobar Rí an Domhnaigh. Tá cara liom ann... a lá breithe inniu. Caithfeadsa cabhrú leis an nglanadh suas.’ Freagra ar bith. Sin é mar is fearr iad. Ina dtost. Tá an trácht trom. Dea-chomhartha é sin. Tá an méadar ag ardú go tapaidh agus gan sinn ag Crosaire Victoria fós. ‘Ní minic a bhuaileas le bean taxi.’ Seo linn arís. ‘Níl mórán againn ann,’ arsa mise gan fonn. ‘Caithfidh go bhfuil san dian.’ Gnúsacht. Ba chóir go gcuirfeadh san stop léithe. ‘Murar miste leat go ndéarfainn é, tá dath do ghruaige an-chúl.’ Coimeádach eile is dócha. Á rá go ndéanfadh an dath corcra damáiste dom’ ghnó. Nó... ‘Bhíos ag cuimhneamh ar ghorm dom féin.’ Huh. De ghnáth ní deir an sórt san ach gur mhaith leo féin dath éigin a chuir ina ngruaig. Ardaím malla. ‘D’oirfeadh sé dhuit,’ arsa mise, ‘Tá an craiceann agat chuige.’ Deineann sí miongháire. ‘Deirtear liom i gcónaí go bhuilim ró-bhán chun dath a chuir inti.’ ‘Deirtear liomsa go bhfuilim ródhorcha’ arsa mise. Táimid ag trasnú na Laoi fán am so, mic léinn báite go craiceann ar gach taobh. Féachann an spéirbhean isteach sa tsruth. ‘Bíonn daoine lán de chaint.’ ‘Cad as dhuit?’ Bainim stangadh asam féin. Ní maith liom comhrá le stóinséirí. Ní thugann sí freagra, ina cailleach ag a fón. Féachaim amach ar an saol agus ligim

osna. Is cuma léi sa tsioc. Tiomáinim thar an dtigh san ag an gcúinne ná fuil duine ar bith ann le blianta. Á dhéanamh suas anois, ag clúdach na sean-chreatlaí le plástar agus péint agus snas. Agus beidh fallaí arda ann leis. Ní thuigim muintir na cathrach. Iad ar fad ag gliúcaíocht ar a chéile. Ach gach rud fé rún. ‘Anso atáim,’ ar sí, ag briseadh isteach ar mo shmaointe go giorraisc. Spéirbhean anois í, an ghliogáil i gcrích. ‘Cúig euró déag más é do thoil é.’ ‘Seo dhuit. Ar mhaith leat teacht isteach? Bheadh fáilte romhat blaiseadh a bhaint as an méid atá réitithe.’ ‘Níor mhaith.’ Na focail as mo bhéal sarar féidir liom iad a chosc. Féachann an chailleach spéiriúil orm agus imíonn léi. Plabann an doras. Leanann mo shúile í, isteach an geata, suas na céimeanna go dtí an doras, a com leathan ag luascadh go mealltach másach. Osclaíonn bean le gruaig chorcra an doras is tugann póigín ar a leacain di. Gruaig chasta chorcra uirthi agus pógann a beola. Craiceann dorcha agus dungarees dubha agus fáisceann siad a chéile, lámh ar láimh, a gcuid gruaige á cheangailt le chéile. Mise atá ann. Ach táimse sa taxi ag stánadh. Briseann siad óna chéile agus isteach an doras leo. Léimim as an taxi agus rithim fé dhéin an dorais. Tá cloigín an dorais te fé mo mhéaranta. Osclaíonn cailleach spéiriúil na gruaige doinne an doras. ‘Do tháinís,’ ar sí le meangadh gáire. ‘Do chara,’ arsa mise, ‘Do chara, cé hí?’ ‘’ Lasairfhíona, tar anso!’ ligeann sí béic. Nochtann bean le gruaig rua chúinn sa doras. ‘Heileó, deas bual...’ ‘Ní shin í í! Cara na gruaige corcra!’ táim ag screadaíl anois nach mór. ‘Níl éinne anso ach mé féin agus Lasairfhíona go fóill. Ní thosnaíonn an chóisir go dtí a 9. Agus is tusa an t-aon duine ar m’aithne le gruaig chorcra.’ Stánaim uirthi gan focal asam. ‘Tá an chuma ort gur baineadh croitheadh asat, a ..., níl t’ainm ar eolas agam.’ Ní féidir liom mo shúile a bhaint den bpóirse, áit ina rabhadar níl neomant ó shin. ‘Is cuma, an bhfuil cupán tae uait?’ Tugtar thar n-ais go dtí’n bhfíorshaol me de gheit.


‘Níl,’ arsa mise, ag cúlú go mall síos na céimeanna. Sleamhnaíonn mo chos ar chéim as alt agus baintear barrathuisle díom. ‘Bhfuil tú cinnte? Tá an chuma ort ná fuil tú istigh leat féin.’ Tá a glór cneasta. Casaim ar mo sháil agus rithim. Síos, síos na céimeanna go léir, gíoscarnaigh an gheata fágtha agam im’dheoidh, isteach sa taxi de phlab. Tá cailleach na gruaige doinne fós ag stánadh orm. Lasairfhíona lena taobh agus a gruaig chomh rua is a bhí riamh. Tá mo lámha ag crith agus an taxi á chuir i ngear agam. Tosnaíonn clagar báistí ag bualadh i gcoinnibh na fuinneoige go mí-thrócaireach. Beidh na mic léinn fliuch báite. *** Tá an bháisteach ag bualadh go fann i gcoinne fuinneoige an taxi. Tá an t-inneall ag crónán go bíogthach agus an raidió ag monabhar leis féinig.‘Bhfuil tú saor?’ glór mná ag briseadh isteach. Sméideadh cinn is isteach léi, ag éaló ón aimsir. Í sna triochaidí déanacha agus a mothall donn ag luascadh go básta. ‘Coimeád an doras domsa!’ Glór eile. Bean sna triochaidí luaithe, gruaig chorcra chasta agus dungarees dubha. Casaim mo cheann. Cailleach na gruaige doinne. Agus an mise nach mise í léi arís. ‘Tobar Rí an Domhnaigh le do thoil.’ Tógann cailleach na gruaige doinne amach a fón, í ag gliogáil arís. Níl cor asam. Ní féidir liom bogadh. Tá an mise nach mise í gafa le rud éigint ina mála. ‘Bhfuil fadhb ann?’ Bean na gruaige doinne ag labhairt liom arís. Ar deireadh aimsíonn a súile m’aghaidh. ‘Ó is maith liom do chuid gruaige.’ Féachann an mise nach mise í go domhain isteach ina mála, a ceann istigh ann nach mór. ‘Nár bhuaileas leatsa cheana? Do thugais síob dom agus mé ag dul go tigh Lasairfhíona lá. An cuimhin leat an lá san, a Lasairfhíona? Do bhís chomh bán le sneachta, agus do theith tú uainn i bhfad ró-luath.’ Baineann an mise nach mise í a ceann as a mála, ach ní hí mise ná an mise nach mise í. Lasairfhíona atá ann. Stánaim uirthi. ‘Táimid ag dul go dtí a tigh siúd arís, an cuimhin leat ca’il sé?’ Casaim mo cheann go mall le féachaint ar an mbóthar. ‘Is cuimhin.’

Ar aghaidh linn, an trácht go bog. An méadar ag bogadh ar gcúl má tá sé ag bogadh in aon chor. An tseana-chreatlach de thigh arís. Plástar agus péint agus snas. Muintir na cathrach ag gliúcaíocht isteach gan náire. ‘Táimid ann.’ ‘Deich euró más é do thoil é.’ ‘Ar mhaith leat teacht isteach do chupán tae? Níl aon chóisir inniu, agus tá an tigh ina phraiseach ach bheadh fáilte romhat.’ Casaim mo cheann chun an t-airgead a thógaint, agus grinníonn sí me, a gruaig dhonn á bhrú siar aici. Súann a súile isteach me. Súile gorma chomh héadtrom leis an spéir lá seaca. ‘Ba mhaith.’ Tá na focail as mo bhéal sarar féidir liom iad a stopadh. Amach as an taxi linn, agus tríd an ngeata gíoscánach, suas na céimeanna, thar an gcéim bhriste. Chomh fada leis an bpóirse. Bogaim mo lámh chun an cloigín a bhualadh, é te fém’ mhéaranta arís. ‘Níl aon ghá leis sin,’ arsa bean na gruaige doinne, ag gáire. Baineann sí an glas den doras is isteach linn. Agus mé ar mo shlí isteach go dtí’n gcistin tugaim scáthán mór fada fé ndeara. Tá an mise nach mise í istigh ann ag stánadh thar n-ais orm, a súile donna dom shú isteach. Tiontaím uaithi. Is ansan a fhanfaidh sí.


3ú Áit

Bóithrín Lúbach an Ghrá le Lisa Nic an Bhreithimh

Shiúil muid lámh le lámh taobh leis an bhfarraige, go dtí gur tháinig clann i ngaire dúinn, agus scar muid óna chéile. Cairde anois, os comhair na clainne, ach lánúin arís nuair a casadh a ndroimeanna. Phógamar a chéile sa bheár aerach, ach sna beáranna eile ba chosúil nach raibh ionainn ach cairde. Ní raibh mé in ann labhairt fuithi, faoi mo pháirtí, le mo chlann. Ní ghnáthrud a bhí ann caint fuithi, mar a bhí do mo dheirfiúr lena buachaill. Díospóireacht sóisialta, ábhar conspóide a bhí ann a rá "ó, taitníonn sé sin le mo chailínse freisin". A éagsúil a bhí sé. Cé a cheapfadh é? Mo dheirfiúr i ngrá go hoscailte, mo ghrá féin féin faoi cheilt. Nárbh é an grá céanna é?

Hi! Deas bualadh leat. Deas bualadh leatsa. Fuair sí manglam dom, d'ólamar beirt manglaim oíche Domhnaigh, dearmad déanta againn ar obair an lae dár gcionn, dearmad déanta ag go leor eile, agus níos mó á ligean i ndearmad le himeacht chuile nóiméad. Níor stopamar ag caint ar feadh nóiméid, níor theastaigh uainn nóiméad a chur amú, ag fiosrú chuile rud óna chéile. Tar éis na cainte agus na ndeochanna chuamar amach san oíche, shiúlamar taobh leis an gcanáil. Phóg mé í den chéad uair, taobh leis an gcanáil. Bhí sé sin go maith - a dúirt mé. Bhí. Phógamar arís - agus leanamar linn ag pógadh, ag caint agus ag éisteacht lena chéile, ag gáire, i mbun collaíochta agus ag titim i ngrá lena chéile. Ní rud réchúiseach a bhí ann - ach bhí sé go maith.

...

Breathnaímid amach romhainn anois. Cad atá i ndán dúinn?

Shiúil mé síos an bóithrín lúbach i dtreo an bheáir. Coinne oíche Domhnaigh le cailín ar bhuail mé léi ar Her cúpla seachtain ó shin. Bhí mé ar bís - ag súil le collaíocht. Bhí neart gaolanna dáiríre agam féin agus aicise le gairid. Rud deas réchúiseach a theastaigh uainn beirt. Bhí sceitimíní orm ar shiúl isteach sa bheár di, na soilse daite os mo chionn. Duine spéisiúil a bhí inti, bhí spraoi againn go dtí seo, bhí mé fiosrach, ag súil le bualadh léi anois.

An mbeidh bainis againn? Cead faighte 2015.. An mbeidh clann againn? In ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis dúinn.. An nglacfar linn mar lánúin? Go hiomlán, ár gclanna, ár sochaí..

Táim i mo shuí ar chúl an bheáir, a dúirt sí sa teachtaireacht. Ok, nach mór ann. Ar mhaith leat deoch? Ba bhreá grma! D'oscail mé an doras agus shín mé mo mhuinéal amach. Chonaic mé í ansin. Sheas sí suas le mé a bheannú, agus le miongháire ar aghaidheanna na beirte againn thugamar barróg dá chéile.

... Breathnaím amach romhainn cois farraige agus muid ag siúl, agus nuair a thagann an chéad chlann eile inár dtreo agus coinním greim daingean ar lámh mo ghrá. Breathnaíonn cailín óg na clainne orainn miongháire beag dóchasach ar a haghaidh.


Ranganna

le Antaine Mac Aoidh

“Anois Sinead, cad é a d’ith tú do do dhinnéar aréir?” tá mé leath ag eisteacht leí agus a dord dialainne, lena súile sochroíocha. Is múinteoir cinéalta í. Tuigim an difear idir “is” agus “tá” sílim. Tá rud amháin cinnte. Is ráfla bréige é – níor bhain mé gréim as a teanga eadaí fraighfhliuch agus ár n-aighdeanna níos fliuche. Aye, I seen that girl. Ag an dioscó thug mé pog class di agus bhí Dancing In The Dark ag seinnt le Micky Modelle. Is breá… no, is aoibhinn liom an trac sin. Cheannaigh mé an singil ag HMV, mo trip deirneach le mo Mhamaí roimh an chúrsa, ciseán lán le stocaí agus díbholaíoch. Tá an bhean sa fhíseán chomh sexy. “So, cén fáth go raibh greim láimhe agaibh ar a chéile inniú?” arsa seisean, fear maol ag caitheamh speaclaí ina shuí taobh thiar den deasc san oifig póstaeir An Gum ag ceilt na ballaí bán. Nach bhfuil sé romantic? Nach cuireann na buachaillí agus cailíní a gcuid ama amú lena rúnsearca ar phicnicí, nó siúlta in aice leis an linn snámha nó ag ceol le chéile ag ceolchoirm ag an deireadh? Sin an plot ó High School Musical 2. T as in Troy? Ba mhaith liom a bheith chomh cool mar Troy Bolton ag teacht ar barr uisce as linn lasmuigh i New Mexico braoin allais ag titim ar an terracotta. Thit a lámh as mo cheannsa nuair a thiontaigh sí thart “Bisexual? What does that even mean?” Míním ach ní thuigim é fosta. Is phase é, I guess. Cuirtear muid chuig ar ranganna. Ní miste liom sin; Peigín Leitir Móir ag preabadh ar na fuinneoga scamallacha chomh maith leis an liathróid láimhe á imríonn na buachaillí ó mo theachsa ag am spóirt. Amharcaim orthu. “An bhfuil tú cinnte gur mhaith leat an seomra seo?” Ba mhaith, le do thoil. Glacaim an bunc thuas; is íobairt í do na déithe d’ealu óna leaids béal dorais ag cur a bhfóin póca i bhfolach ‘s ag gáire searbh ag cluadach a gcoirp le Lynx Africa ‘s ag cuimilt

Ní mór dom a rá go raibh i bhfad níos mó iontrálacha iontacha ann ná a bhfuair áit sa chomórtas seo. Ar an drochuair, ní raibh mé in ann achan ceann a fhoilsiú,, ach seo iad roinnt de na iontrálacha ab fhear liomsa agus lenár moltóirí!

liathróid fionnliath ag caint fúmsa, an fag sa tseomra cinnire. Tá mé cleachtaithe anois le deasghnáthna ag mo scoil i rith tréimhse dhubailte Corpoideachais – tiontaigh, aghaidh leis an bhalla, t-leine thar mo cheann. Dhá shúil ag stánadh díreach roimhe. Sa dorchadas samhlaím an gasúr á bheith ag caitheamh trackies i mo rang gach maidin ag sugradh lena chamán an t-am ar fad. Níl suim s’aige san ainm briathartha nó ionam. Líontar an seomra le glésholas ag greadadh an fráma iarainn. Siúilann sé go tuisleach chuig a nead, ag cur brú ar an dréimire, ag caitheamh a bhristí síos, urlár a easrú seachas fobhrístí ’s stocaí. Ligeann an leaba osna chléibh as an mhogalra sreinge. Bíonn sé á thochas a bhruth féasóige. A scornach. Níos ísle. Aghaidh leis an bhalla.“Ah, so…bhí muid déanach mar níor chur bean an tí scairt orainn…” liathroid ina láimhe. Tá mé i mo sheasamh ar chúl na prefab ag coinneáil súil ar na daoine a thagann mall. An sagart ceanna ag léim ó churfá go curfá, ó choláiste go coláiste, ag saoradh sinn ó olc. A Thiarna, déan Trocaire. Bainim súimíní as mo bhuidéal agus mé i mo luí ar bhalla san áit suí ag breathnú suas go spéir néaltach thar Mhachair Gathlán. Lonraíonn soilse ó Pepper’s ar ais, gan freagraí do mo phaidreacha. A Chríost, déan Trocaire. Bím ag stánadh ag an bhunc tharam go huaireanta is cuimhin liom nuair a chuir buachaill ceist ar an mhúinteoir maidir leis an acrainm “SEIF” inár leabhráin agus ina háit féin


mhínigh mé é dó agus thuig gach duine sa tseomra cén fáth gur eolais agamsa. Coinníonn an ciúnas sin ó choladh mé. A Thiarna, déan Trocaire. Ba bhreá liom a bheith ionraic libh cén fáth nach bhfuil mé ag dul chun deochanna a fháil cén fáth go dtugaim bréige daoibh go bhfuil pian i mo cheann cén fáth gur fearr liom dul go hAnagaire chun leathán seacláide a smearadh ar phíosaí tiubha aráin. Is fearr liom a bheith ag glacadh páirt i mo shuaimhneas féin ná an marbhchiúnas le daoine eile. Idir rince agus ceol agus cleachtadh le maidhc don tráth na gceist tagann fógra ar m’fhón. Mo scáileán scoilte, líonta le scáthchruthanna liatha agus guaillí ag caitheamh léinte oscailte síos go dtí a gcnámh uchta leamha what has u here cutie? x Tugaim freagra an-mhíníthe do. “Irish classes."

“Agus cén t-am é? As Gaeilge?” Is léir go gcuireann an ceist seo strainc air. Tá sé fiche go…no, i ndiadh a déag. Deich. Nochtar m’fhiacla, na fuaimeanna ag damhsa thar tonnta i mo bhéal. “Jab maith. Am bricfeasta, sílim?” Éistim leis a phort binn lena mhéanfachaí Sasanach ag casadh ar fhocail agus ar fhógraíocht ó TG4 – “Ceathair for the number four ach ceathrar for four people. An dtuigeann tú?” ‘Sé an ceacht is fearr liom nuair atá muid chomh seascair le gutaí caol nasctha ina chéile. Rianaím na gutaí leathana ar a dhroim agus é ina chóladh, ionas go gcuimhneoidh sé iad amárach. Freastalóidh sé ar a chuid ranganna go luath.

Péint

le Caoimhe Ní Mhaolaí

le Eibhlín Ní Cheara Mothaíonn tú don chéad uair é Nuair a thugann tú barróg agus póg Ar phluic do charad, roimh rith I dtreo an bhus scoile, abhaile. Mothaíonn tú arís é I halla allasach an dioscó Déagóirí ag tabhairt dúshláin Dá chéile – Dualgaisí amscaí na hóige. Maolaíonn sé Ach tá tú fós in aimhréidh Mar sin scairteann tú amach é Lá breá gréine, i mbliain a sé. Maireann sé go brách Ach anois mar jóc rúnda Le roinnt le comhpháirtithe Snáth eile i mbrat casta na féiniúlachta.

Ach lasmuigh den teach seo: Tá domhan mór ann, Le buachaillí cruálacha, 'S cailíní grána, 'S dlíthe nach ndéanann ciall. Táimid á athrú. Duit. Geallaim sin. Athrú níos moille é Ná mar a phlean mé Ach lá amháin Cuirfidh an domhan iomlán Fáilte mhór romhat. Idir an dá linn: Bhuel ardóimid Brat aerach Ar an gcosán ós comhair an tí ‘S Cuirfimid péint ildaite ar na mballaí

Grianghraf: Cúán de Búrca

Anbhá Aiteach

Ba mhaith liom thú a chosaint Ón mbuairt, ón imní, ón tsaoil. Domhan a chruthú duit Inar chuma le daoine.. Déirim leat gur chuma liom Nach ndéanann sé difríocht dom Ní dhéanann!


Glacadh le Jack Dunne

Is ceann de na leaids mé, captaen den fhoireann rugbaí. Ach, tá rún salach agam. Nílim in ann éinne a insint. Ná bí difriúil, lean an slua.

Fiú na daoine díreach, níl rud é go bhfuilim aiteach. Níl éinne ag magadh. Ní chloisim piteog de thaisme. Is duine normálta mé.

Níl Séamas ag dul go dtí an pub anocht. “Don’t be gay,” cloisim. Má tá seisean aerach dá bhrí sin, céard fúmsa – is maith liom fir! Ná bí difriúil, lean an slua.

Ar ais le na leaids, táím sásta. Anois, ceapann siad go bhfuil sé níos aisteach Go bhfear Gaelach mé ná fear aiteach. Is duine difriúil mé anseo, ach táim normálta.

Athraím, - táim bróduil! Féach orm, táím déghnéasach! Glactar mé. Is mór an faoiseamh é dom.

Nuair a smaoinigh mé faoin Gaeilge, Shamhail mé fear traidisiúnta I gConamara. Nuair a smaoiním faoi Ghaeilge, Feicim mé féin bródúil, dom fhéin agus don theanga.

Ach fan soicind, ní haon dóithín é. “You’re just scared to come out as gay.” “We’ll still think you’re one of the lads.” Bristear mé. Tagann siad timpeall, creidtear mé. Ach táím difriúil, agus nílim sásta. Mar a dúirt Donald Glover “You’d only understand if you were me for just a minute.”

Frídíní

Is maith liom nuair a bhíonn siad ag spochadh asam. Tá siad compordach liom. Ach gan fhios dom fhéin, Ní braithim go bhfuilim normálta.

Is cuimhin liom lá is sinn ár gclutharú féin i lár na leapan, gan oiread na frí’ de shlí eadrainn, an chuilt dár n-imdhíon ar an ár.

Táim i gColáiste na Tríonóide. Níl neart cairde agam anseo. Faighim téacs. “An ghlacfá pairt I gceoldráma dátheangeach?” Téim sa Chumann Ghaelach. “Yeah táim déghnéasach” admhaím. Is muintir na tuaithe iad, táim cinnte ní bheidís sásta. “Mise freisin” “Mise freisin” “Mise chomh maith” Is gnáthrud é anseo?

le Darragh Ó Caoimh

Ach ó shin chuir frídíní aineoil leithead Éireann de shlí eadrainn dom’ ainneoin, is d’fhág mé go tinn dubhach dearóil.


Fréamhacha le Aoife Ní Chiaráin Téann a lámh I mo lámh, Fite fuaite. Ar nós fréamhacha doimhne Ag aimsiú cré torthúil ‘S ag ól cothaithigh Don chéad uair. Nó sceal ro-fhada Ag druidim leis an gcríoch Faoi dheireadh. Téann a teanga Le mo theanga, Fite fuaite. Ar nós deora agus fíon Nuair a mheascann siad i mo bhéal Agus ní féidir ceann amháin a shamhlú Gan an ceann eile. Nó gealra i mo ghruaig Nach níonn amach Fiú sé mhí níos déanaí.

Luíonn a gruaig Le mo ghruaig, Fite fuaite. Ar nós an tatú ar a cromán A thug mé dí Ach nár chríochnaigh mé go fóill. Nó na coilm atá orm Nár tréigeadh ríamh Agus anois a bheidh orm go deo. Luíonn a corp Le mo chorp, Fite fuaite. Ar nós rún curtha i mo chluas I gcogar. Nó gealltanas, i bhfolach i measc na rúin, ‘S iadsan fite fuaite.


Idir Dhá Mhílaoiseanna Le Stiofán Mac Lochlainn

Comhrá cúramach,

Agus anois, Bród achan bhliain agus féinín ag achan duine

Ar eagla go raibh tuiscint mícheart agam.

ann.

Spléachadh cúramach,

Nach bhfuil an t-ádh ag an ghlúin s’againne

Ar eagla go raibh duine ag amharc orainn.

A bheith beo chun an réabhlóid seo a fheiceáil,

Teagmháil faoi dheifir,

A leithéid de saoirse nach raibh ach mar

Ar eagla go mbeadh amhras ag daoine orainn.

Aisling agam mar dhéagóir.

Ar eagla.

Ach nuair a thógadh mé le rialacha mar seo,

Ar eagla.

Rialacha gan rá gan scríobh,

Ar eagla.

Cad é mar a chuirim deireadh leis an chéad smaoineamh A ritheann sé liom i gcónaí

Sin mar a bhí sé nuair a bhí mé óg,

Fiú leis an saoirse atá againn anois;

Tamall gairid de bhlianta ó shin

Bí cúramach a chara, tá daoine ag amharc orainn!

De réir na réaltaí Ach mílaois ó shin

Comhrá cúramach,

De réir cultúr na tíre.

Spléachadh cúramach, Teagmháil faoi dheifir,

Níl mé dhá scór bliain d'aois go dtí seo,

Mar sin an rud ata mé cleachtadh leis.

Agus is cuimhin liom an chéad uair A bhí mé i gclub aerach,

B’fhéidir go mbeidh an chéad smaoineamh ann i gcónaí.

Bhí riail neamhscríofa

Ach a Dhia, nach galánta an dara smaoineamh.

Neamhráite ann Nach raibh cead againn grianghraif a ghlacadh. Ar eagla.



Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.