


Achairde,
Ba mhĂłir an onĂłir a bhĂ ann domsa a bheith mar Oifigeach
FoilseachĂĄin an Chumainn Ghaelaigh agus eagarthĂłir na hirise
Tuathalimbliana. Bamhaithliommo bhuĂochasaghabhĂĄillegach Ă©inne a sheol aighneachtaĂ chugam le naoi mĂ anuas. Idir aistĂ, tuairimĂocht, gearrscĂ©alta agus dĂĄnta, bhĂ caighdeĂĄn na scrĂbhneoireachta doshĂĄraithe.
FeidhmĂonn an iris seo mar bhealach chun pobal Gaelach an CholĂĄiste a thabhairt le chĂ©ile trĂ smaointĂ spreagĂșla agus tuairimĂ
tĂĄbhachtacha aroinnt le chĂ©ile.Le cuidiĂș bhur n-ionchur Ăł thĂșsna bliana, tĂĄ pobal na Gaeilge nĂos nasctha agus nĂos lĂĄidre dĂĄ bharr.
Ba mhaith liom an deis seo a thapĂș chun focal buĂochais a rĂĄ thar cheann choiste an Chumainn Ghaelaigh chomh maith. Idir imeachtaĂ iontacha, turais tarraingteacha agus cainteanna cumhachtacha, bhĂ bliain iontach rathĂșil againn Ăł MhĂ MheĂĄn
FĂłmhair ar aghaidh. TĂĄ sĂ© tĂĄbhachtach a lua chomh maith nach bhfĂ©adfaimĂs na himeachtaĂ seo a chur ar bun gan an tsuim leanĂșnach a dtaispeĂĄnann baill an Chumainn, agus mar sin de, ba mhaith liom mo bhuĂochas a ghabhĂĄil libh ar fad.
Mar fhocal scoir, agus mar atĂĄ leagtha amach nĂos dĂ©anaĂ san eagrĂĄn deireanachseo de Tuathal,beidhbaillchoisteanChumainn Ghaelaigh ar fĂĄil i gcĂłnaĂ chun comhairle a thabhairt don chĂ©ad ghlĂșin eile a mbeidh ag dĂ©anamh a trĂ©an iarrachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa CholĂĄiste amachanseo.
Adhaoine uaisle, is sibhse cosantĂłirĂĂĄr dteanga.DĂ©an Ăa spalpadh, ascaipeadh,agusaspreagadh!
BeirBua, RuairĂ
2 Focal Ăłn Oifigeach FoilseachĂĄin
4 PlĂ© ar FallaĂ.
6 an t-earrach ag teacht
7 Nuacht Ăł Oifig na Gaeilge
8 Na Cloigne
9 Do Thinteån Féin, cnoic glasa, agus Heimat
12 Craic an Chumainn
13 An Baol le Bogadh
15 SlĂĄn le Coiste an Chumainn Ghaelaigh
20 Preabadh na SĂșl
21 DĂł
22 Ag SĂĄbhĂĄil SrĂĄid an MhĂșraigh
23 Corp an Phortaigh
ClĂșdach deartha ag
TĂĄ mĂ© gafa anseo le tamall, mĂĄ ghlaoĂfeĂĄ tamall ar mo shaol. MĂłrĂĄn de shaol, a dhiabhal â Caite ag rith i dtreo fallaĂ. Ritheann siad uaim ag an am cĂ©anna. Nâfheadair an fĂ©idir leis iad a fheiscint, a lĂ©amh, a chlois. Canann na fallaĂ chugamsa nuair atĂĄ tuirse ar mo shiĂșl.
Nâfheadair bhfuil ainm ar na dathanna seo, Bheadh sĂ© deacair anois cur sĂos mbeadh sĂĄsĂșil, Gan a bheith a fĂ©achaint trĂ scĂĄth mo shĂșil, Is dĂłcha nĂĄr chuma, chĂomse fĂłs Ă©, Nuair a dhĂșnaim mo shĂșile.
Is iadsan a gcuireann dubh orm, Chuirfeadh siad scamall thar oileån, Hy Brasil, Cuimhne ar cad nach féidir a dhéanamh.
Goile, mo fhreagair ar an gceistPhioc mĂ© amach mo chuid shĂșile, âS anois is fĂ©idir eitilt.
DĂ©arfaidh mĂ© leat faoin ĂĄit seo, mĂĄs cluasa atĂĄ agat. Ait Ă. Dorcha Ă. Agus, cĂ© go bhfuil sĂ© chomh leathan âs go rithfinn, nĂ hĂ©a go dtiocfaidh saoirse chugam. FĂłs seal, nĂ ghlaoĂfinn prĂosĂșn air. Na prĂosĂșn um shamhlĂș, nĂ bheadh comhluadar agat. MĂłrĂĄn comhluadar atĂĄ agamsa, a dhiabhal!
Anois, is fada an lĂĄ Ăł ar stopthas aâ siĂșl â dhiĂșltaigh na cosa teacht liom, samhlaigh! FĂĄgadh mĂ© sĂos leis.
Dâfhoghlaim mĂ© gan snĂĄmh, âS mise ânois a cĂłnaĂ faoi thonn,
NĂ fios dom cathain ar thiteas sĂos aâ thobair, Ach is deise an radharc Ă Ăłn mbun,
âS gan amhras bhĂ seal agam i measc spĂ©ire, Ach do mhol dĂnit na cleitĂ a ghearradh uaim,
Pluid anois a bailiĂș, de ghaineamh, mise i mo luĂ, TĂĄ chuile rud romham, faic atĂĄ fĂșm,
Is fusa an saol Ă Ăłn mbun, NĂl ann ach gan snĂĄmh.
Ciot aâ cheist Ă samhlaĂocht. Agus mise sa ndorchadas, conas a bhfĂ©adfainn a rĂĄ cad âtĂĄ fĂor? NĂ hĂ©a sin le rĂĄ go mbeinn mĂ-mhacĂĄnta ânois. Ag teacht Ăł sin, na rudaĂ nach gcĂom â dĂ©arfainn nach bhfuil siad ann. Ach, cĂ© hĂ© an fear a dhiĂșltaĂonn go bhfuilimse. Nâfheadair. Is dĂłcha go bhfuil na sĂșile dĂșnta aige.
Suigh, nà ag bord, Suaimhneas, gan a bheith ar chathaoir, Ar mo thóin ar an bhféar atå tais,
Bheadh deifir de shĂłrt ar an ngaoth, âS nĂl fonn air stopadh chun Hello a thabhairt, NĂ mhaith liom a bheith ag ceapadh go mbeinn sa bhealach ar treo na gaoithe, âS mar sin is Fear Folaigh mĂ©.
Is cosĂșil go bhfuilim ar imeall cĂ©, âS dearĂșd dĂ©anta ar atĂĄ ar mo chĂșl Fanfaidh sĂ© ar mo chĂșl,
Ă thuaidh uaim, dĂ©anfaidh mĂ© comhaireamh Ar na tonnta ag rĂĄsaĂocht, PĂ© scĂ©al Ă©, NĂ gĂĄ go mbeadh mĂłrĂĄn machnamh ar siĂșl agam, Tagann saoirse faoi mhaise, Don Fhear Fholaigh.
BhĂos ag rith, go dtĂ nach raibh mĂ© ag rith. NĂ fhaca mĂ© cad a bhĂ um leanĂșint, âs anois, is fear aosta mĂ©. Saol i mbosca, ceithre fallaĂ um thimpeallĂș. Mar a ndĂșrthas cheana, bĂonn siad ag ceol, ach bâfhearr liomsa an lĂ©amh. LĂ©ifidh mĂ© an fallaĂ deiridh, sular mbuailim faoiseamh.
Is minic gur chaitheas lĂĄ, Ag cĂĄineadh deireadh lae, NĂĄ deireadh saola, âS mĂ© ag rith ina threo Agus, BhĂ seal agam leis, An mbuairt a dtagann, Le breathnĂș i dtreo cloige, Ach, Is fiĂș a rĂĄ go mbĂonn crĂoch le leabhar breĂĄ, âS a chosĂșil ag lom-scĂ©al.
NĂor bhuaileas leis, Go fĂłill, Ach, CrĂochnĂłidh mĂ© an leabhar, LĂĄ eigĂnnt, Agus nĂ uaimse a mbeidh bac air.
TĂĄ sĂ© siĂșd fĂłs Ăłg, an fear ar mo chlĂ©. Bhuail an suaimhneas leis, nĂor bhuail na fallaĂ. MĂĄs dall atĂĄ sĂ©, mbeadh sĂ© bodhar? Muise, sin a mbeadh ann! An fear seo atĂĄ liom, nĂ chloiseann sĂ© ceoil, nĂ chĂonn sĂ© fallaĂ, âs an fear dĂreach cĂ©anna atĂĄ saor
agus muid ag siĂșl sĂos an bĂłthar lĂĄmh i lĂĄmh
agus an ghrian ag lasadh år mbealach ag canadh amhrån éigin le chéile blåthanna i mo låmha
agus muid inĂĄr suĂ ar dâurlĂĄr i do sheomra codladh ildaite agus na scuab pĂ©inte os ĂĄr comhair i ngloine uisce corcra an pĂĄipĂ©ar ina luĂ rĂ©idh le bheith beo
agus an giotĂĄr ĂĄ sheinm agat le ceol bog ag teacht uait agus an solas Ăłrna Ăłn lampa beag ag lasadh dâaghaidh ag lasadh ĂĄr gcroĂthe
anois mo lĂĄmha i do ghruaig ag cruthĂș dhĂĄ trilseĂĄn cupĂĄn tae ar an gcĂłfra an barrĂłg deireanach den lĂĄ agus muid rĂ©idh chun chodladh.
An Scéim Cónaithe 2023-24
OsclĂłfar an prĂłiseas iarratais do ScĂ©im CĂłnaithe na bliana acadĂșla 2023-24 go luath. Cuirfear lĂłistĂn Gaeilge ar fĂĄil ar an gcampas agus i Halla na TrĂonĂłide chomh maith le deontas âŹ1,000. MĂĄs rud Ă© go mbeidh tĂș i mbliain 2, 3 nĂł 4 i mĂ MheĂĄn FĂłmhair 2023, is fĂ©idir iarratas a dhĂ©anamh ar an ScĂ©im. NĂ gĂĄ a bheith ag dĂ©anamh staidĂ©ir ar an nGaeilge chun iarratas a dhĂ©anamh.
Seolfar rĂomhphost Ăł Oifig an RĂșnaĂ go mic lĂ©inn fochĂ©ime na hollscoile nuair a bheidh an prĂłiseas iarratais oscailte, agus beidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fĂĄil ar shuĂomh grĂ©asĂĄin Oifig na Gaeilge (www.tcd.ie/gaeloifig). Is deis iontach atĂĄ sa ScĂ©im CĂłnaithe a bheith i gcroĂlĂĄr phobal Gaeilge na hollscoile.
Seomra na Gaeilge
BĂonn Seomra na Gaeilge ar oscailt Ăł 9.00am-5.00pm Luan-DĂ©ardaoin agus Ăł 9am-3pm DĂ© hAoine. TĂĄ fĂĄilte roimh chĂĄch Ă© a ĂșsĂĄid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear solĂĄistĂ tae agus caife ar fĂĄil sa Seomra agus tĂĄ micreathonn ann freisin. Iarrtar ort âŹ0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. TĂĄ sĂ© tĂĄbhachtach glanadh suas i do dhiaidh!
Ciorcal comhrĂĄ
BĂonn ciorcal comhrĂĄ ar siĂșl gach CĂ©adaoin sa Bhutrach (The Buttery) Ăł 10.30am 12.00pm. BĂonn mic lĂ©inn, baill foirne agus muintir an phobail i lĂĄthair. FĂĄilte roimh chĂĄch.
Teastas Eorpach na Gaeilge
Cuireann Oifig na Gaeilge tacaĂocht ar fĂĄil do bhaill foirne agus do mhic lĂ©inn a bhfuil spĂ©is acu cĂĄilĂocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. TĂĄ na scrĂșduithe seo dĂrithe ar dhaoine fĂĄsta atĂĄ ag foghlaim na Gaeilge. Is fĂ©idir scrĂșdĂș a dhĂ©anamh ag aon leibhĂ©al, Ăł bhonnleibhĂ©al (A1) go hardleibhĂ©al (C1). Is fĂ©idir scrĂșdĂș cainte (pĂĄirtchreidiĂșint) nĂł scrĂșdĂș iomlĂĄn (cluastuiscint, lĂ©amhthuiscint, scrĂbhneoireacht, scrĂșdĂș cainte â lĂĄnchreidiĂșint) a dhĂ©anamh. DĂ©an teagmhĂĄil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais
SonraĂ TeagmhĂĄla
Oifig na Gaeilge
An Séipéal Thiar
R: gaeloifig@tcd.ie
T: 01 896 3652
www.tcd.ie/gaeloifig
Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD
Le dĂ©anaĂ bhĂ pĂosa ĂĄ aistriĂș agam Ăł GhearmĂĄinis go Gaeilge don iris JOLT: sliocht as an ĂșrscĂ©al Radetykzmarsch (MĂĄirseĂĄil Radetzky) le Joseph Roth a bhĂ ann. Sa sliocht thĂĄinig an focal Heimat chun cinn, agus shocraigh mĂ© Ă© a athrĂș, i dtagairt don sheanfhocal clĂșiteach sin, go âtinteĂĄn fĂ©inâ.
Mar a lĂ©irĂonn an aistriĂșchĂĄn sin, nĂ fĂ©idir an focal Heimat a aistriĂș go dĂreach go Gaeilge (nĂĄ go BĂ©arla). Cinnte nĂ tinteĂĄn sa bhrĂ liteartha den pholl sin sa bhalla ĂĄit a lasann tĂș tine atĂĄ i gceist leis. Go minic ĂșsĂĄidtear Ă© nuair atĂĄ âbaile fĂ©inâ nĂł âĂĄit dhĂșchaisâ i gceist, ach cosĂșil le roinnt focail ĂĄille GearmĂĄinise (Wehmut, Schwermut, Schadenfreude, Sehnsucht...), cuireann sĂ© sĂos ar mhothĂșchĂĄn, nĂł ar ĂĄit atĂĄ mothĂșchĂĄn faoi leith agat fĂșithi. MothĂșchĂĄn a bheith compordach agus slĂĄn in ĂĄit atĂĄ aithne fĂormhaith agat uirthi. MothĂșchĂĄn gurb Ă sin an ĂĄit a oireann is fearr duit, an ĂĄit bâfhĂ©idir, as a dtarraingĂonn tĂș dâfhĂ©iniĂșlacht, nĂł ina mothaĂonn tĂș gur fĂ©idir leat dâfhĂ©iniĂșlacht a lĂ©iriĂș. An ĂĄit a bhraitheann tĂș uait Ă agus tĂș uaithi, an ĂĄit a thagann tĂș âar aisâ chuici. NĂ gĂĄ gur do theach fĂ©in nĂł do bhaile dĂșchas a bheadh i gceist - seans gur coill nĂł trĂĄ gur breĂĄ leat a bheith ar shiĂșlĂłid inti atĂĄ ann, nĂł caifĂ© a imĂonn tĂș ann le do chairde tar Ă©is na hoibre go rialta. Ar aon nĂłs nĂ ionann an focal Heimat agus na focail âtinteĂĄn fĂ©inâ, ach shĂl mĂ© go raibh spiorad an fhocail le fĂĄil sa seanfhocal sin. NĂl aon ĂĄit mar do Heimat
NĂl aon dabht ach go bhfuil an mothĂșchĂĄn sin a bheith slĂĄn agus Ă© ceangailte lenĂĄr dtithe nĂł ĂĄrasĂĄin fĂ©in, ĂĄr mbailte fĂ©in, rĂthĂĄbhachtach. Smaoinigh ar an trua a mhothaĂmid do dhaoine gan dĂdean nĂł do theifigh Ăłn ĂcrĂĄin agus Ăł thĂortha eile. NĂ hamhĂĄin go bhfuil a n-ĂĄit chĂłnaithe fĂ©in, nĂł an ceantar as a thĂĄinig siad caillte, scriosta, nĂł na mĂlte cilimĂ©adar uathu, ach, mar aon leis na hĂĄiteanna nĂł na foirgnimh sin, tĂĄ an mothĂșchĂĄn sin - a bheith slĂĄn, agus compordach, aithne a bheith agat ar do thimpeallacht agus gan mothĂș gur gĂĄ duit treoir a lorg agus rialacha a leanĂșint Ăł strĂĄinsĂ©araĂ mar chuairteoir - in easnamh orthu. TĂĄ grĂĄ againn dĂĄr Heimat: bĂonn muid brĂłdĂșil aisti, bĂonn muid ag caoineadh di, throidfimis di, dhĂ©anfaimis aon rud chun Ă a chosaint nĂł Ă a fhĂĄil ar ais.
Ach ar ndĂłigh, nĂl ceist an bhaile, an tinteĂĄin fĂ©in, an Heimat, chomh simplĂ sin i gcĂłnaĂ. Uaireannta nĂ lĂ©ir do dhuine cĂĄ bhfuil an Heimat dĂłibh. TĂĄ daoine ann, mar shampla, nach mothaĂonn sĂĄbhĂĄilte sa teach ina chĂłnaĂonn siad nĂł sa tĂr as a dtagann siad ar fhĂĄth amhĂĄin nĂł fĂĄth eile. Is tragĂłid Ă seo chomh maith. TĂĄ daoine eile ann agus nach bhfuil sĂ© chomh dona sin dĂłibh - nĂl siad i ndainsĂ©ar
nĂł aon rud mar sin - ach mothaĂonn siad nĂĄrbh Ă© a n-ĂĄit dhĂșchas an ĂĄit ceart dĂłibh: nĂ roinneann siad luachanna a gcomharsan, mothaĂonn siad nach bhfuil deiseanna nĂł meas dĂłibh ann, nĂ dĂłigh leo gur fĂ©idir leo forbairt nĂł a bheith saor agus ionraic mar dhuine ansin. NĂł tĂĄ daoine ann agus, cĂ© nach bhfuil rud mĂcheart lena n-ĂĄit chĂłnaithe, tĂĄ siad idir Ă agus ĂĄit eile, gan a fhios acu cĂ©n cheann acu a theastaĂonn uathu a bheith ann go buan. TĂĄ focal ann don mhothĂșchĂĄn seo a bheith gan Heimat chomh maith, a bheith ag dul Ăł ĂĄit go hĂĄit gan a bheith ĂĄbalta a rĂĄ gurb Ă© aon ceann acu do thinteĂĄn fĂ©in: Heimatlosigkeit.
TĂĄ aithne maith faighte agam ar an mothĂșchĂĄn seo sa dhĂĄ bhliain deireanach. Rinne mĂ© Erasmus i Hamburg agus ansin chaith mĂ© an ceathrĂș bliain ar ais sa TriĂłnĂłid. Seo comhairle daoibhse sa chĂ©ad agus sa dara bliain atĂĄ ag pleanĂĄil dul ar Erasmus: Is deis iontach Ă, nĂ hamhĂĄin go hacadĂșil, ach go pearsanta freisin. DĂ©antar cairde iontacha, feictear rudaĂ dochreidte, beidh Ă©ispĂ©iris den scoth agat agus foghlaimeoidh tĂș an oiread sin rudaĂ nua a athrĂłidh do dhearcadh ar an domhan. Ach nĂ bheidh tĂș mar an gcĂ©anna nuair a thagann tĂș ar ais, agus athrĂłidh sĂ© sin do ghaol le dâĂĄit dhĂșchas. BhĂ sĂ© deacair tosnĂș amach in Hamburg, tithĂocht a fhĂĄil, ranganna a dhĂ©anamh trĂ GhearmĂĄinis, an pĂĄipĂ©arachas GearmĂĄnach a dhĂ©anamh, agus a bheith i bhfad Ăł mo chairde agus mo theaghlach in Ăirinn. Ach an rud is deacra faoi Erasmus nĂĄ teacht ar ais. ThĂłg sĂ© tuairim is mĂ nĂł dhĂł dom socrĂș isteach i Hamburg. Anois tĂĄim seacht mĂ go leith ar ais i mBaile Ătha Cliath agus nĂlim socruithe ar ais go fĂłill.
NĂlim liom fĂ©in sa taithĂ seo. Deir gach duine a labhair mĂ© leo a rinne Erasmus go raibh sĂ© deacair teacht ar ais. TĂĄimid athruithe agus nĂ mhothaĂmid go bhfuil an ĂĄit cĂ©anna againn in Ăirinn is a bhĂ roimhe. Ar an DĂ©ardaoin bhĂ mĂ© ag BĂĄl na dTeangacha agus i mbun comhrĂĄ le mac lĂ©inn a bhĂ mĂ© cairdiĂșil leis Ăł champaĂ samhraidh meĂĄnscoile, agus a bhĂ sa SpĂĄinn an bhliain seo chaite.
âBhĂ tĂș i Hamburg?â a dâfhiafraigh sĂ© dom.
âBhĂ.â
âAgus conas mar a bhĂ sĂ©?â
âGo hiontachâŠNĂor thĂĄinig mĂ© ar ais i ndairĂre.â (Agus mĂ© sa GhearmĂĄin thĂĄinig mĂ© i dtaithĂ ar a bheith nĂos ionraic i mo fhreagraĂ agus mĂ© ag caint mar gheall ar mhothĂșchĂĄin.)
âMise ach an oiread.â
BhĂ mĂ© ag mo chĂ©ad imeacht mĂłr oĂche san ollscoil Ăłn BĂĄl CSC san ĂĄit chĂ©anna sa chĂ©ad bliain. BhĂ mo thrĂĄchtas dĂreach seolta isteach agam agus bhĂ mĂ© in ionas a bheith ag ceiliĂșradh. Ach nĂ fhĂ©adfainn smaoineamh ar aon rud ach an GhearmĂĄin, na cairde a dâfhĂĄg mĂ© ann, agus cĂ© chomh as ĂĄit is ar mhothaigh mĂ© ag bĂĄl bainteach leis an dTrionĂłid tar Ă©is bliain den phaindĂ©im agus bliain thar lear. BhĂ a fhios agam freisin, ĂĄfach, nach raibh Hamburg mar an gcĂ©anna ach an oiread dom nuair a dâfhill mĂ© ar ais air choicĂs Ăł shin. BhĂ sĂ© fĂłs go hĂĄlainn, agus ar chaoi Ă©igin mhothaigh sĂ© ar nĂłs teacht abhaile, ach nĂ raibh mo sheomra fĂ©in agam ann a thuilleadh agus bhĂ roinnt de na daoine a bhĂ mĂ© cairdiĂșil ann leo an bhliain seo chaite imithe freisin. NĂor mhothaigh mĂ© 100% go raibh mĂ© ag teacht abhaile agus mĂ© ag filleadh Ăł BĂC go Hamburg, agus nĂor mhothaigh mĂ© 100% go raibh mĂ© ag teacht abhaile agus mĂ© ag filleadh go BĂC Ăł Hamburg ach an oiread. BĂonn fonn orm i gcĂłnaĂ a bheith ĂĄit Ă©igin eile. MĂĄs Ă©, âNĂl aon tinteĂĄn mar do thinteĂĄn fĂ©inâ an seanfhocal Gaeilge don fhocal Heimat, is dĂłcha gurb Ă© an seanfhocal, âIs glas iad na cnoic i bhfad uainnâ an seanfhocal don fhocal Heimatlosigkeit
Cuirim ceist orm fĂ©in go minic cad Ă© an rud a chruthaĂonn Heimat. SmaoinĂm ar rĂĄiteasaĂ ar nĂłs, âIs Ă© an baile an ĂĄit atĂĄ a fhios agat conas an cith a oibriĂșâ, agus mar sin de. Seans gurb iad daoine an rud a dhĂ©anann Heimat dĂșinn. Sin an meon atĂĄ le fĂĄil in amhrĂĄn ar nĂłs âHomeâ le Edward Sharpe & The Magnetic Zeroes, nĂł san amhrĂĄn âDeine Heimatâ le Clara Luise. BâfhĂ©idir gurb Ă© sin an fĂĄth nach raibh Hamburg chomh Heimat sin gan na cairde ar fad a bhĂ ann an bhliain seo chaite. BâfhĂ©idir gurb Ă© sin an fĂĄth go mothaĂm sa bhaile i MĂŒnchen go minic, cĂ© nach raibh mĂ© i mo chĂłnaĂ ann riamh: toisc go dtugaim cuairt ar chara atĂĄim an-chompordach lĂ©i ann. BâfhĂ©idir nach fĂ©idir mothĂșchĂĄn an Heimatlosigkeit a sheachaint nuair atĂĄ do chairde scaipthe ar fud an domhain.
BâfhĂ©idir nach rud iomlĂĄn dona Ă an Heimatlosigkeit. Ina dĂĄn âStufenâ (âCĂ©imeannaâ), nach bhfuil róéagsĂșil Ăł âBeginâ le Brendan Kennelly, deir Hermann Hesse linn,
Wir sollen heiter Raum um Raum durchschreiten, An keinem wie an einer Heimat hÀngen
Ba chĂłir dĂșinn dul Ăł sheomra go seomra go meanmach, Gan crochadh ar aon cheann acu mar Heimat
Deir Hesse gur gĂĄ dĂșinn a bheith rĂ©idh le briseadh amach agus taisteal mura mian linn a fhĂĄil greamaithe i gcodladh na nĂłsanna atĂĄ aithne againn orthu cheana fĂ©in. Is gĂĄ dĂșinn a bheith rĂ©idh slĂĄn a rĂĄ agus tosnĂș arĂs go crĂłga mĂĄs mian linn na cĂ©imeanna a dhreapadh, ĂĄr saolta a leathnĂș. TĂĄ an spiorad seo gaolta le spiorad focal eile, an Fernweh (âpian/ tinneas taistilâ, a mhalairt ar Heimweh, tinneas baile): a bheith ag tnĂșthĂĄnach le ĂĄiteanna i bhfad i gcĂ©in nĂĄr fhaca tĂș cheana, eachtraĂ sceitimĂneacha a bheith agat, agus athrĂș isteach i nduine nua, saor Ăł na srianta atĂĄ ort i do ghnĂĄthshaol sa bhaile.
Seans go bhfuilimid go lĂ©ir, ag amanna Ă©agsĂșla, idir Heimat agus Heimatlosigkeit, sonas lenĂĄr dtinteĂĄn fĂ©in, nĂł fonn ĂĄr dtinteĂĄn fĂ©in a fhĂĄil agus socrĂș sĂos ann ach Ă©iginnteacht cĂĄ bhfuil sĂ©, agus Fernweh, fonn briseadh amach agus Ă©alĂș go hĂĄit nua. Is dĂłcha gurb Ă© cuid den choimhlint aosta sin idir fonn an duine a bheith slĂĄn, compordach agus aitheanta, agus fonn an duine a bheith saor Ăł srianta, agus sceitimĂnĂ agus dainseĂĄr ĂĄ lorg ag triail rudaĂ nua agus ag tabhairt dĂșshlĂĄn nua duit fĂ©in.
Må thagann aon duine agaibh ar réiteach don choimhlint seo, is féidir libh a rå liom.
An fĂłmhar seo chugainn, bogfaidh mĂ© go Nua Eabhrac ar feadh dhĂĄ bhliain chun mo chĂ©im ollscoile a chrĂochnĂș - ollchathair an domhain saor, an dufair conchrĂ©ide as a deirtear go bhfuil brionglĂłidĂ cruthaithe. InsĂm liom fĂ©in nach bhfanfaidhmĂ©annacharfeadhdhĂĄ bhliain iomlĂĄn, ach fiĂș sula bhfĂĄgaim, tĂĄ a fhios ag cuid dĂom nach mar sin a n-oibrĂonn an domhan. Ag an stad seo fiĂș, tuigim go bhfuil seans rĂ©asĂșnta ann go bhfanfaidh mĂ© sna StĂĄit Aontaithe ar feadh trĂ©imhse nĂos faide nĂĄ sin, den chuid is mĂł de bharr na tairscintĂ fostaĂochta agus airgeadais atĂĄ ann nach bhfuil ar fĂĄil sa bhaile in iarthar na hĂireann.
TĂĄim ar bĂs, nĂlim fiĂș chun iarracht a dhĂ©anamh Ă© sin a shĂ©anadh. TĂĄ mĂ© ag tnĂșth le bheith i mo chĂłnaĂ i gcathair nach codlaĂonn riamh, le freastal ar ranganna in ollscoil nua, lelĂ©imisteachidtrĂ©imhseĂșrnuade mo shaol.
Ach, ag an am céanna, tå eagla orm go gcaillfidh mé mo chuid Gaeilge.
NĂor thĂłgadh i dteaghlach Gaeilge mĂ©, agus is dĂłigh gur bhall mĂ© den dreamdenuachainteoirĂĂłganatĂre.
Dâfhreastail mĂ© ar scoileanna Gaelacha suas chomh fada le mâArdteistaguschaithmĂ©mochuid samhraidh mar dhĂ©agĂłir tumtha i
nGaeltachtaĂ na Mumhan. Thit mĂ© i ngrĂĄleteanganahĂireanniseomraĂ ranga cathair LuimnĂ agus faoi slĂ©ibhte Chorca Dhuibhne. Chothaigh GaeilgeoirĂ indibhidiĂșla lenar bhuail mĂ© leo ar mo shlĂmĂșinteoirĂ, cairde, col ceathaireacha ar leith - mo chion agussuimdonteanga.IsgrĂĄarleith Ă an ghrĂĄ a mbĂonn ag GaeilgeoirĂ don Ghaeilge; mothĂșchĂĄn lĂĄidir de bhrĂłd agus cosantacht Ă, atĂĄ measctha le heagla a n-itheann an duine uile go bhfaighfidh an teanga bĂĄs inĂĄr saolrĂ©.
Is trĂ mheĂĄn na Gaeilge a labhraĂm le roinnt de mo chairde is dlĂșth. TĂĄ cumas de shaghas ag an teanga mothĂșchĂĄin ar leith a chur in iĂșl nach fĂ©idir leis an mBĂ©arla a dhĂ©anamh - mar theanga, tĂĄ an Ghaeilge compĂłrdach le castaĂ an tsaoil.BatheangaĂanGhaeilgeabhĂ cruthaithe chun finscĂ©alta de laochras agus grĂĄ a chur in iĂșl, teanga le cur sĂos a dhĂ©anamh ar timpeallacht ĂĄille na hĂireann agus na castachtaĂ a thagann lenĂĄr slĂ©ibhte, ĂĄr n-abhainneacha, ĂĄr bplandaĂ. NĂ fheidhmĂonn sĂ sa chaoi cruinn, matamaiticiĂșl cĂ©anna leisanmBĂ©arla.BâfhĂ©idirgurbhĂ©an maoithneachas sin, an ealaĂn agus draĂocht atĂĄ ag baint leis an teanga, ba chĂșis leis an iarracht trĂ©an a ndearna na Sasanaigh chun fĂĄil rĂ©idh lĂ©i. NĂ thuillfidh teanga dâfhinscĂ©alta agus draĂocht a dhĂłthain airgead riamh chun impearacht na Breataine, tĂłgtha ar bhuncloch de sclĂĄbhaĂocht agus caipitealachas, a mhaoiniĂș.
TĂĄ eagla orm go mbeidh âtrade-offâ de shaghas le dĂ©anamh agam nuair a shroicfidh mĂ© na StĂĄit Aontaithe, go mbeidh dualgas de shaghas orm mo theanga a fhĂĄgĂĄil ar leataobh le tumadh ceart a thabhairt dom fĂ©in sa chathair. Beidh gach cuid de mo shaol - pearsanta agus acadĂșil araon - trĂ mheĂĄn an BhĂ©arla don chĂ©ad uair i mo shaol.
TĂĄ a fhios agam nach bhfuil crĂoch chun teacht ar mo chaidreamh leis an nGaeilge nuair a bhogfaidh mĂ©. Beidh sĂ fĂłs ionaim, beidh a cuid nathanna cainte agus seanfhocail fĂłs ina gcĂłnaĂ i mâinchinn. DĂ©anfaidh mĂ© iarracht an teanga a choimeĂĄd suas nuair a bheidh mĂ© ann - ach tĂĄ a fhios agam nach mbeidh sĂ© mar an gcĂ©anna. NĂ bheidh mĂ© in ann an raidiĂł a chasadharsiĂșllecanĂșintlĂĄidirDĂșn na nGall a chloisteĂĄil, nĂ bheidh mĂ© inannsiĂșlisteachisiopaleabharar thĂłir cnuasach filĂochta Gaelach.
BâfhĂ©idir go n-ĂșsĂĄidfidh mĂ© an teanga,achbeidhafhiosagamagus
Ă ĂĄ labhairt go mbaineann sĂ leis an ĂĄilleacht gharbh de thĂrdreach na hĂireann agus nĂ le torann na cathrach i Nua Eabhrac.
Agus mĂ© ag scrĂobh Ă© seo agus ag machnamh ar an gcrĂoch fĂ©idirtheach den chuid Gaelach de mo shaol, ritheann mo chuid smaointĂ chuig na mĂllte Ăireannaigheilea bhogĂłntĂrseoar thĂłir saol nua agus a dâfhĂĄg an GhaeilgetaobhthiardiabhdĂĄbharr.
Ar mhothaigh siad an chiontacht céanna liomsa nuair a thåinig siad ar an dtuiscint go mbeadh orthu an
BhĂ©arla a roghnĂș ar bhonn lĂĄnaimsearthach? An iad na hiarrachtaĂandearnasiadadteanga is a gcultĂșr a choimeĂĄd beo is cĂșis le haos Ăłg na StĂĄit Aontaithe inniu ag maoĂmh as a gcuid sean-seansean-seantuistĂ Ăireannacha?
Le cailliĂșnt teanga, cailltear cuid lĂĄrnachdedhuine.Cailltearmodhle cur in iĂșl a dhĂ©anamh ar ĂĄilleacht agus pian an tsaoil. Cuireann uilĂochas an taithĂ sin eagla orm, achtugannsĂ compord domfreisin. BâfhĂ©idir go gcaillfidh mĂ© mo thuiscint ar an modh coinnĂollach nĂł ar an dtuiseal ginideach, ach fanfaidh mo ghrĂĄ don teanga. Is teanga foighneach Ă an Ghaeilge, teanga a bhlĂĄthaĂonn go mall nuair a thugtar am agus grĂĄ di. TĂĄimse fĂ©in ag iarraidh an bhlĂĄthĂș cultĂșr agus teanga sin a spreagadh ionaim sna blianta amach anseo, pĂ©cathair nĂł tĂr a bhfuilim i mo chĂłnaĂ ann. CloĂfidh mĂ© le mo chĂșpla focail, leanfaidh mĂ© orm ag lĂ©amh is ag scrĂobh dom fĂ©in as Gaeilge, agus roinnfidh mĂ© scĂ©al an teanga agus an grĂĄ atĂĄ agam di leis na daoine thart timpeall orm. Cinnte gur bheatha teanga Ă a labhairt, ach beatha teanga grĂĄ a thabhairt di freisin.
An chomhairle atĂĄ agam nĂĄ chun sult a bhaint as gach rud! Is mĂłr an ĂłnĂłir Ă© chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas agus daoine a spreagadh chun Ă a labhairt - nĂĄ dĂ©an dearmad agus tĂș faoi bhrĂș gurb Ă sin an chĂșis ar chuir tĂș isteach sa rĂłl ar an gcĂ©ad dul sĂos!
An chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn mbliain seo nĂĄ Seachtain na bhFreisear gan amhras - Ăłn gCĂ©ilĂ MĂłr go na huaireanta ag an seastĂĄn. Chuir an tseachtain sin tĂșs le bliain sĂĄr-rathĂșil agus ag breathnĂș siar anois, nĂ raibh a fhios againn cad a bhĂ le teacht agus anois, ag deireadh na bliana, is teaghlach mhĂłr muid sa Chumann agus tĂĄim fĂor brĂłdĂșil as an gcoiste ar fad!
Is mise OisĂn agus tĂĄ mĂ© i mo Leas-Reachtaire an Chumainn. OibrĂm leis an Reachtaire, Cisteoir agus RĂșnaĂ chun gach rud a ullmhĂș i rith na bliana agus bĂm mar ionadaĂ don Reachtaire mura bhfuil sĂ ar fĂĄil. EagraĂm amchlĂĄr an Chumainn agus dĂ©anaim cinnte go bhfuil gach rud ag dul go breĂĄ. Mar LeasReachtaire, bĂonn seans agat pĂosa de gach rud a dhĂ©anamh, mar sin tĂĄ sĂ© tĂĄbhachtach go bhfuil eolas maith agat faoi chĂșrsaĂ an Chumainn.
An chuimhne is fearr agam nĂĄ nuair a bhĂ mo fhleasc pĂłca briste ag an Oireachtas agus nĂ raibh mĂ© in ann Ă© a oscailt. Chuaigh mĂ© ag lorg cabhrach agus nuair a dâĂ©irigh le duine Ă© a oscailt, dâĂłl mĂ© beagnach an rud ar fad chun ceiliĂșradh. Chaith mĂ© an cheĂĄd uair eile i gcathaoir ag fanacht le stopadh ar thorthaĂ an chinnidh sin, agusbhĂ goleor cuairteoirĂ agam. BâĂ© ansin gur thuig mĂ©neart anphobailGhaelaigh.Neart anduine a dâoscail mo fhleasc agus neart na gcroĂthe a bhĂ ann dom ina dhiaidh!
Is mise Chloe NĂ GhrĂofa, Cisteoir an Chumainn Ghaelaigh. An rĂłl a bhĂ agam i mbliana nĂĄ a bheith mar cheannaire ar chĂșrsaĂ airgeadais an Chumainn. NĂĄ bĂ buartha - nĂ gĂĄ go mbeifeĂĄ i do shaineolaĂ ar an mata! NĂl gĂĄach sĂșilachoinneĂĄil ar gachaonphĂosa dâioncam agus caiteachais an tsochaĂ. An chomhairle is mĂł a bheadh agam nĂĄ gan aon admhĂĄil a chailliĂșint!
NĂl aon dabht faoi ach gurbâ Ă an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn mbliain seo nĂĄ Oireachtas na Samhna. Ă thĂșs deireadh na deireadh seachtaine, bhĂ an-spraoi againn. Ba dheis a bhĂ ann chomh maith chun fĂĄilte ceart a thabhairt go baill nua ĂĄr gCumann fĂ©in, agus chun bualadhleis na CumainnGaelacha eile Ăł fudfad na tĂre.
Is mise an rĂșnaĂ i mbliana. An post a bhĂ agam nĂĄ chun na cruinnithe a eagrĂș, na miontuairiscĂ a scrĂobhagus asheoladh amach, agusnaseomraĂ a chur in ĂĄirithe do na himeachtaĂ.
Tagann an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăł chruinniĂș de chuid na hArdchoiste i dteach a 12. Shocraigh OisĂn meaisĂn deataigh a chur ar siĂșl. Chruthaigh sĂ© seo tonnta de dheatach sa seomra agus cuireadh eagla orainn go scaoilfear leis an alĂĄram dĂłiteĂĄin. Chaitheamar timpeall 20 nĂłimĂ©ad ag rolladh timpeall na hĂĄite ag gĂĄire agus ag luascadh tuĂĄillĂ tae thart. Anghreannmhar go deo!
An chomhairlea dtabharfainn don chĂ©ad Oifigeach DĂospĂłireachta eile nĂĄ chun tĂșs a chur leis an eagrĂșchĂĄn go luath! Do Chraobh Maidens, bhĂ fadhbanna agam Ăł thaobh na heagrĂșchĂĄin de agus mĂ© ag iarraidh ionad agus moltĂłirĂ a shocrĂș don bhabhta ceannais. NĂ bheadh na fadhbanna sin agam dĂĄ mbeinn tar Ă©is tĂșs a chur leis an eagrĂșchĂĄn nĂ ba luaithe. Chomh maith leis sin, mholfainn dĂobh dĂospĂłireachtaĂ a eagrĂș le colĂĄistĂ eile! TĂĄ an-spraoi i gceist leo!
Is Ă an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn mbliain seo nĂĄ TraenĂĄil na gCumann le Conradh na Gaeilge. BhĂ deireadh seachtaine de cheardlanna fada againn leis na Cumainn Gaelacha eile timpeall na tĂre. Ar an oĂche dheireanach, bhĂ oĂche chraiceĂĄilte BiongĂł LocĂł againn agus bhĂ an craic nĂłcha! BhĂ sĂ©thar a bheith spraĂĂșil agbualadh leis na coistĂ eile agus muid ar fad ag baint taitneamh as ceol, damhsa, agus an Ghailge ar ndĂłigh!
BhĂ mĂ© mar an Oifigeach DrĂĄmaĂochta i mbliana. NĂ dhearna mĂ© ach rud amhĂĄin i ndĂĄirĂre - âMiotas: an CeoldrĂĄmaâ. An chomhairle a thabharfainn dĂobh nĂĄ chun iarracht a dhĂ©anamh cĂșpla rudaĂ nĂos simplĂ a dhĂ©anamh seachas go leor oibre a chur isteach in taispeĂĄntas mĂłr millteach amhĂĄĂn. DĂĄ mbeadh an seans agam Ă© a dhĂ©anamh aris, bâfhearr liom mo sheacht ndĂcheall a dhĂ©anamh chun pobal drĂĄmaĂochta Gaelach a chruthĂș ar champas - ionas go mbeadh duine ar bith in ann rud a chur ar siĂșl trĂd an Chumainn.
Chun an fhĂrinne a rĂĄ tĂĄ sĂ© fior-dheacair cuimhne amhĂĄin a roghnĂș
TĂĄim chomh sĂĄsta go raibh baint agam leis an gCumann toisc gur thug sĂ© deis dom bualadh le daoine atĂĄ mĂ© an-chĂłngarach leo anois. Is Cumann Ă© atĂĄ dĂ©anta suas leis na daoine is cneasta agus is greannmhaire riamh! Ă sin rĂĄite, mar an Oifigeach DrĂĄmaĂochta caithfidh mĂ© a rĂĄ gurbh Ă© an CeoldrĂĄma an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn mbliain. BhĂ gach duine ar an gcriĂș agus na haisteoirĂ uilig dochreidte agus rinne cĂĄch sĂĄr-iarracht domsa ar, agus as an stĂĄitse.
CĂ© gur fĂ©idir an-chuid imeachtaĂ a eagrĂș mar Oifigeach FoilseachĂĄin an Chumainn ar nĂłs ceardlanna scrĂbhneoireachta nĂł aoichainteoirĂ mar shampla, is Ă an phrĂomh rĂłl atĂĄ ag an Oifigeach FoilseachĂĄin nĂĄ chun ceithre eagrĂĄn den iris Tuathal a fhoilsiĂș in aghaidh na bliana. An chomhairle is mĂł a bheadh agam nĂĄ chun dul i dteagmhĂĄil leis an gcomhlacht foilseachĂĄin go luath, agus chun do chuid scrĂbhneoirĂ a aimsiĂș in am. Eagraigh comĂłrtas scribhneoireachta chun daoine a mhealladh chomh maith!
An chuimhne is fearr atĂĄ agam mar bhall den Chumann Gaelach i mbliana nĂĄ an ceoldrĂĄma, Miotas BhĂ na haisteoirĂ agus na daoine a chur le chĂ©ile Ă© (Ăle ar ndĂłigh!) thar barr, agus bhĂ mĂ© ag gĂĄire don seĂł ar fad!
Is mise Niamh NĂ Lideadha agus tĂĄim mar Oifigeach Caidreamh PoiblĂ an Chumainn i mbliana TĂĄim i gceannas ar na meĂĄin don chuid is mĂł. DĂ©anaim na grafaicĂ don Instagram a chruthĂș agus a roinnt in Ă©ineacht leis an leas-OCP. TĂĄ sĂ© an-thĂĄbhachtach gach Ă©inne a chur ar an eolas faoi na himeachtaĂ ar fad. DĂ©anaim aistriĂșchĂĄm Ăł Ghaeilge go BĂ©arla sna âcaptionsâ chomh maith ionas gur fĂ©idir le gach Ă©inne iad a thuiscint, cibĂ© caighdeĂĄn Gaeilge atĂĄ acu.
An chuimhne is fearr atĂĄ agam nĂĄ an t-am a chaitheamar le chĂ©ile i gCill Ăirne ag an Oireachtas le linn tĂ©arma a haon. BhĂomar ar mhuin na muice agus muid glĂ©asta mar na carachtair Ăł âToy Story â. BhĂ imeachtaĂ iontacha eile againn i rith na bliana - PĂ©int agus Prosecco, cĂłisir na Nollag agus an CĂ©ilĂ MĂłr mar shampla BhĂ sĂ© dochreidte ag labhairt as Gaeilge le mo chairde a roinneann an paisean cĂ©anna don teanga liom. Dâaimisgh mĂ© mâĂĄit i gColĂĄiste na TrionĂłideagus gabhaim buĂochas leis an gCumann as sin.
Haigh a chairde, is mise Chloe agus bhĂ mĂ© i mâoifigeach teicneolaĂochta i mbliana. ScrĂobh mĂ© an rĂomhphost seachtainiĂșil agus bhĂ me i gceannas ar an gceamara ag ĂĄr n-imeachtaĂ iontacha.Anchomhairleis mĂł a bheadh agam nĂĄ chun an ceamara a thĂłgĂĄil leat go gach aon imeacht ionas gur fĂ©idir pictiĂșirĂ a ghlacadh den chraic a bhĂonn ann i gcĂłnaĂ!
Is Ă© an t-Oireachtas an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn bhliain seo. BhĂ sĂ© dĂłchreidte go raibh an mhĂ©id sin daoine a bhfuil paiseanta faoin teanga in aon ĂĄit amhĂĄin agus muid ag canadh agus ag damhsa agus ag ceiliĂșradh an teanga le chĂ©ile.
Is mise PĂĄdraig, Oifigeach UrraĂochta an Chumainn i mbliana. An rĂłl atĂĄ agam nĂĄ chun dul i dteagmhĂĄil le comhlachtaĂ Ă©agsĂșla chun iarracht a dhĂ©anamh urraĂocht a fhĂĄil don Chumann. CĂ© gur chaith mĂ© an chĂ©ad tĂ©arma ar Erasmus, is post Ă© seo ar fĂ©idir tĂ©arma amhĂĄin a chaitheamh thar lear. (TĂĄ an-chuid rĂomhphoist i gceist!)
Ba Ă OĂche na Mac LĂ©inn le linn Sheachtain na hĂigse an t-imeacht ab fhearr liom le linn na bliana. BhĂ sĂ© ar fheabhas le bheith i gclub an Chonartha agus popcheol ar siĂșl. BhĂ giĂșmar maith ar chĂĄch agus oĂche den scoth a bhĂ inti.
Is Ă© an rĂłl atĂĄ ag an Oifigeach SiamsaĂochta nĂĄ chun na himeachtaĂ i rith na bliana a eagrĂș agus a ullmhĂș. Caithfidh tĂș dul i dteagmhĂĄil le cumainn eile chun âcollabsâ a dhĂ©anamh chomh maith, agus caithfidh tĂș cinnte a dhĂ©anamh de go mbailĂonn tĂș na nĂthe atĂĄ ag teastĂĄil do na himeachtaĂ in am!
I ndiaidh an imeachta a bhĂ againn ar OĂche Shamhna, dâaimsĂomar puimcĂn ar SrĂĄid Grafton agus thosaĂomar ag babhlĂĄĂl leis. NĂ rabhamar in ann stad a chur lenĂĄr gcuid gĂĄire agus muid ar an mbealach go dtĂ Club an Chonartha!
Niall Ă hAnnĂĄin is ainm dom agus i mbliana bhĂ mĂ© mar stiĂșrthĂłir Jailbreak ar son an Chumainn Ghaelaigh. Is ĂłcĂĄid tiomsaithe fĂor speisialta Ă Jailbreak a bhaillĂonn airgid ar son Naomh Uinseann De PĂłl agus Amnesty International. Mar chomhairle don chĂ©ad stiĂșrthĂłir Jailbreak an Chumainn eile, molaim duit foireann maith a chruthĂș, chun pĂosa craic a bheith agat leis i gcĂłnaĂ agus chun cabhrĂș le do chomhghleacaithe ar choiste an Chumainn. MĂĄ tĂĄ foireann maith agat, laghdaĂonn sĂ© an obair agus mĂ©adaĂonn sĂ© an craic! Agus mĂĄ tĂĄ tĂș cabhrach agus cairdiĂșil le muintir an Chumainn, beidh siadsan nĂos sĂĄsta chun cabhrĂș leat nuair atĂĄ an cabhair ag teastĂĄil â agus beidh sĂ©!
Is Ă an chuimhne is fearr atĂĄ agam Ăłn gCumann i mbliana nĂĄ an ceoldrĂĄma, Miotas . NĂ fhaca mĂ© bradĂĄn chomh galĂĄnta leis an gceann a chruthaigh mamaĂ Ăle don seĂł! Chomh maith leis sin, trĂ sheachtaine âthĂ©is Miotas, fĂłs is fĂ©idir le mo mhuintir an t-amhrĂĄn âCĂș Chulainn is ainm domâ a chloisteĂĄil agus mĂ© sa chith nĂł ag dĂ©anamh mo âpower posesâ os comhair an scĂĄthĂĄin ar maidin! BhĂ sĂ© thar barr!
Is mise Mac agus tĂĄ mĂ© i mo Leas-Oifigeach SiamsaĂochta i mbliana. BĂm ag cabhrĂș le heagrĂșchĂĄn na n-imeachtaĂ ar fad. BĂonn imeacht ar siĂșl againn gach seachtain agus mar sin bĂonn rud Ă©igin le heagrĂș an tam ar fad. OibrĂm le taobh an Oifigigh SiamsaĂochta, agus bĂonn sĂ© i bhfad nĂos simplĂ eagrĂșchĂĄn a dhĂ©anamh nuair atĂĄ foireann maith timpeall ort. BuntĂĄiste eile a bhaineann leis an bpost seo nĂĄ go mbĂonn imeachtaĂ againn le Cumainn eile, agus mar sin is cuid de mo phost Ă© chun dul i dteagmhĂĄil leis na Cumainn seo chun an eagrĂșchĂĄn a dhĂ©anamh. Is slĂ deas Ă© chun bualadh le daoine taobh amuigh den Chumann chomh maith.
Ba Ă© an ceoldrĂĄma buacphointe na bliana domsa CĂ© go ndeachaigh anchuid obair isteach sa cheoldrĂĄma, bhĂ craic mĂłr ag baint le gach cuid de. Bhain mĂ© taitneamh ach go hĂĄirithe as a bheith ag obair le mo chairde, bhĂ na cleachtaĂ i gcĂłnaĂ an-spraĂĂșil agus bhĂ sĂ© deacair gan a bheith ag gĂĄire an t-am ar fad.
Mar Leas-Oifigeach Caidrimh PhoiblĂ, bhĂ mĂ© mar chuid de fhochoiste an Chumainn. AnphrĂomhdualgas a bhĂ agam nĂĄ chun cĂșnamh a thabhairt don OCP Ăł thaobh na grafaicĂ a chur le chĂ©ile agus imeachtaĂ an Chumainn a roinnt ar na meĂĄin! Ba phost iontach a bhĂ ann!
SĂ an chuimhne is fearr atĂĄ agamsa leis an gCumann i mbliana nĂĄ OĂche na Mac LĂ©inn ag Oireachtas na Samhna thĂos i gCill Ăirne. B'iontach an oĂche Ă le Ă©irĂ mĂłr le dream an choiste is le muintir an chumainn uilig. BhĂ an-chraic is spraoi againn ag Ă©isteacht le bannaĂ ceoil is amhrĂĄnaithe Gaelacha. OĂche den chĂ©ad scoth a bhĂ inti.
BhĂ mise mar Oifigeach na CĂ©ad Bliana i mbliana. Chaith mĂ© mo bhliain ag labhairt cac, agus ag iarraidh mo chairde sa chĂ©ad bhliain a tharraingt go n-ĂĄr n-imeachtaĂ, (NĂ fios dom cad atĂĄ nĂos tĂĄbhachtaĂ). NĂ raibh riamh am ann nach raibh fĂor-chraic agam sa Chumann. BhĂos le bheith ar fĂĄil chun cĂșnamh a thabhairt dâeagrĂșchĂĄn roinnt imeachtaĂ mĂĄs gĂĄ, ach nĂ mĂłrĂĄn obair a bhĂ i gceist.
SĂĄr-cuimhne agamsa ar an mbliain sa Chumann nĂĄ an turas go BeirlĂn! Is an cĂșplalĂĄ sin a nasc an cĂșigear-is-fichead dĂșinn a bhĂ ann agus muid ag troid leis an bhfuacht, na Bouncers, agus an deoch (yum). Clann (mĂłr) a bhĂ ionainn agus muid ansin agus i ndĂĄirĂre nĂ raibh leithscĂ©al ar bith gan a bheith a labhairt le chuile duine. Chomh maith, dâfhoghlaim mĂ© go bhfuil Teiripe sa Techno.
Is mise Aoife, Oifigeach na TrĂĂș Bliana. BhĂ orm muintir na triĂș bliana a mhealladh chuig imeachtaĂ an Chumainn, na himeachtaĂ a roinnt ar Instagram, tacaĂocht a thabhairt dâullmhĂșchĂĄn imeachtaĂ an Chumainn agus an turas mĂłr go BeirlĂn a eagrĂș le baill an fhochoiste! MĂĄ tĂĄ suim agat a bheith mar Oifigeach na TriĂș Bliana an bhliain seo chugainn, dĂ©an Ă©! Bhain mĂ© an-sult as an rĂłl i mbliana.
Mo chuimhne is fearr Ăłn mbliain nĂĄ an CruinniĂș GinearĂĄlta UrghnĂĄch. BhĂ mĂ© an-neirbhĂseach roimhe agus mĂ© ag rith chun a bheith mar Oifigeach na TriĂș Bliana ach nuair a shiĂșl mĂ© isteach, bhĂ gach Ă©inne chomh fĂĄilteach! A bheith pĂĄirteach sa Chumann, âsĂ© an rud is fearr a ndearna mĂ© riamh!
Is mise Caoimhe Molloy, Oifigeach na Gaeilge dâAontas na Mac LĂ©inn. An chomhairle is mĂł a bheadh agam nĂĄ chun cinnte a dhĂ©anamh go dtosaĂonn tĂș leis an bpleanĂĄil go luath. Achis Ă© an rudis tĂĄbhachtaĂ nĂĄ nach n-imĂonn do chuid suime, agus go leanann tĂș ar aghaidh ag baint taitneamh as an rĂłl! Bain leas as gach uile deis, bĂodh tĂș sa rĂłl nĂł dĂreach mar bhall an Chumainn/an Aontais.
Tagann na cuimhnĂ is fearr atĂĄ agam Ăłna bheith ag siĂșl isteach i Seomra na Gaeilge i ngan fhios dom cĂ© a bheadh ansin ach go mbeinn i measc cairde - ach le cuimhne amhĂĄin a phiocadh - an tseachtain go bhfuaireamar anraith trĂĄta i ndiaidh trĂ sheachtain d'anraith muisiriĂșin amhĂĄin!
Caoimhe Molloy
NĂl fĂĄgtha i bpionta Pav ach braon beora, -nĂł in iarchroĂbhriseadh ach braon deora
ToitĂnĂ folaitheacha ar an talamh mar nutaĂ ComhrĂĄite iomlĂĄna laghdaithe go gutaĂ
Is nĂ chuimhnĂonn tĂș buafhocail an ârud is greannmhaire riamh i do shaolâ.
Gach oĂche amach measctha mar chuid scĂ©il.
TrĂĄthnĂłnta le cairde a chrĂochnaigh rĂł-luath Sonraithe geamhaithe i mbraith cumha Do nĂłsanna laethĂșla mar
âRudaĂ go ndearna mĂ© trĂĄth â
Ceithre bliain anseo cĂșlaithe go cĂșpla lĂĄ
Dusk Ă Boid
Is maith liom thĂș
NĂl a fhios agam
Cén fåth
Ach
TĂĄ a fhios agam gur
Mhaith liom thĂș.
Chonaic mĂ© thĂș
Agus chonaic tĂș
MĂ©.
CĂ©n fĂĄth ar fhĂ©ach tĂș ormsa?
Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agam cad a cheapann
tĂș fĂșm.
Ba mhaith liom
Fuath leat.
Ach nà féidir liom
NĂl a fhios agam
CĂ©n fĂĄth go dtaitnĂonn tĂș
Liom.
Ach is féidir liom.
Agus anois
Tå mé ar an mbus.
Ag dul abhaile.
Agus tĂĄ tĂș leo.
TĂĄ tĂș sĂĄsta.
Agus nĂl a fhios agam cad is mĂ©.
Go raibh maith agat agus tabhair aire!
Cad Ă© a shĂleann tĂș nuair a chloiseann tĂș na focail âSrĂĄid an MhĂșraighâ? MĂĄs as Baile Ătha Cliath Ăł dhĂșchais thĂș, bâfhĂ©idir gurbâ Ă© seo an ĂĄit a fhaigheann tĂș do chuid torthaĂ agus glasraĂ don tseachtain. NĂł mĂĄs cuairteoir tĂș fiĂș, seans go mbĂonn tĂș ag breathnĂș thart ar na srĂĄideannadoirneogaimBaileĂthaCliath nuair a thugann tĂș faoi deara margaĂ spleodracha SrĂĄid an MhĂșraigh. Gan a fhios duit, tĂĄ tĂș ag siĂșl ar cheann de na srĂĄideanna is stairiĂșla i mBaile Ătha Cliath.
TĂĄĂĄitlĂĄrnach ag SrĂĄid an MhĂșraigh iscĂ©al 1916. Ăfach, tĂĄ an siombail nĂĄisiĂșnta seo i mbaol Ăł chĂłras an chaipitleachais atĂĄ forleathan sa lĂĄ atĂĄ inniu ann. I mĂ an Mheitheamh 2022, thug Comhairle Cathrach Bhaile Ătha Cliath cead pleanĂĄla do chomhlacht trĂĄchtĂĄla Briotanach, âHammersonâ, chun na foirgnimh ar SrĂĄid an MhĂșraigh a scriosadh agus plĂĄs poiblĂ, darbh ainm âDublin Central Projectâ, a chur ina ĂĄit.
Trasna na tĂre, thĂĄinig gnĂomhaithe le chĂ©ile chun SrĂĄid an MhĂșraigh a chosaint Ăł chrĂșcaĂ Hammerson. BunaĂodh an feachtas âSĂĄbhĂĄil SrĂĄid an MhĂșraighâ in 2014. Ă oĂche eolais i mBĂ©al Feirste, go stainnĂn i SrĂĄid an MhĂșraigh gach Satharn, oibrĂonn an ghrĂșpa inspiorĂĄideach seo gan sos gan scĂth le daoine a chur ar an eolas agus airgead a bhailiĂș chun an suaitheantas de stair na hĂireann seo a chaomhnĂș. BunaĂodh âTrusta CaomhnĂș SrĂĄid an MhĂșraighâ chomh maith, a bhĂ ar thosach Ăł ghaolta de chuid sĂnitheoirĂ an FhorĂłgra 1916. Dâoibrigh siad le hailtirĂ chun plean a scrĂobh chun SrĂĄid an MhĂșraidh a athrĂș go ceantar stairiĂșil agus cultĂșrtha.
Ach cad is cĂșis le tĂĄbhacht stairiĂșil SrĂĄid an MhĂșraigh agus cad Ă© go dĂreach a tharla anseo? Is eol do chĂĄch go raibh ceanncheathrĂș reibiliĂșnaigh na CĂĄsca san Oifig an Phoist GhinearĂĄlta (GPO), i lĂĄr chathrach Bhaile Ătha
Cliath. Ach nuair a iaraĂodh an tine tiarnĂșil, bhĂ ar na hĂglaigh bogadh amach as an GPO. Is Ă© SrĂĄid an MhĂșraigh ceann de na hĂĄiteanna a ndeachaigh siad. MaraĂodh duine de chuid Ăglaigh na hĂireann, MĂcheĂĄl Ă Rathaille, ina dhiaidh sin ar SrĂĄid an MhĂșraigh, agus Ă© ag lanadh ruathar suas an srĂĄid. TĂĄ leacht ar SrĂĄid an MhĂșraigh anois ar an ĂĄit a bhfuair sĂ© bĂĄs darbh ainm ParĂĄid UĂ Rathaille, agus tĂĄ taifead de focail deireanacha sâaige scrĂofa anois i bpeannaireacht sâaige fĂ©in san ĂĄit seo.
Chuaigh cĂșigear as an seachtar a shĂnigh an FhorĂłgra go dtĂ SrĂĄid an MhĂșraigh: PĂĄdraig Mac Piarais, TomĂĄs Ă ClĂ©irigh, SeĂĄn Mac Diarmada agus Seosamh PluincĂ©id ina measc. Ag uimhir a 16 SrĂĄid an MhĂșraigh, shocraigh an ceannaireacht stop a chur le hĂirĂ Amach na CĂĄsca agus iad fĂ©in a thabhairt suas. Chuir arm na Breataine chun bĂĄis sĂnitheoirĂ an FhorĂłgra ar fad ina dhiaidh sin, na cĂșigear a chaith bomaite saora deireanacha sâacu le chĂ©ile ar SrĂĄid an MhĂșraigh san ĂĄireamh.
Cuireann âSabhĂĄil SrĂĄid an MhĂșraighâ bĂ©im ar an bhfĂric go bhfuil SrĂĄid an MhĂșraigh mar phointe stairiĂșil tĂĄbhachtach go hidirnaisiĂșnta. Mar shampla, bhĂ na grĂșpaĂ ag glacadh pĂĄirt i nĂirĂ Amach na CĂĄsca uilig ar SrĂĄid an MhĂșraigh ag pointe amhĂĄin.
Is gĂĄ bĂ©im a chur ar thĂĄbhacht an tsainchomhartha seo. BhĂ iarrachtaĂ an fheachtais rathĂșil ar dtĂșs bĂĄire, agus chuir siad stop le hiarrachtaĂ SrĂĄid an Mhuraigh a scriosadh san am atĂĄ caite. Ach, tĂĄ imnĂ nĂos lĂĄidre anois maidir leis an fhadhb agus na pleananna is dĂ©anaĂ, fiĂș âŹ500 milliĂșn, sĂnithe cheanna fĂ©in. I mĂ an Mheithimh 2022, chuir bĂșistĂ©irar ShrĂĄid an MhĂșraigh achainĂ isteach in Ă©adan na pleananna nua. Chuir sĂ© seo moill ar an bprĂłiseas. Ach, tĂĄ an troid chun SrĂĄid an MhĂșraigh a shĂĄbhĂĄil ag leanĂșint ar aghaidh, agus dĂ©anann gach post atĂĄ roinnte, gach guth a bhfuil cluas Ă©isteachta tugtha dĂł agus gach achainĂ atĂĄ sĂnithe, difir ollmhĂłr. Mar a dĂșirt
Seamus Heaney, âNĂ hionann dĂłchas agus soirbhĂochasinambĂtearag sĂșillemaitheas,ach is rud Ă© atĂĄ frĂ©amhaithe san ĂĄitiĂșs go bhfuil maitheas ann gur cheart troid ar a sonâ. Is
cinnte gur mhaitheas Ă© SrĂĄid an MhĂșraigh, agus mĂĄ leanaimid leis an mĂłiminteam, is fĂ©idir linn toradh maith a bhaint amach. Le nĂos mĂł eolais a fhĂĄil ar an bhfeachtas, fĂ©ach ar na nascanna thĂos:
https://smsfd.ie/
https://www.irishtimes.com/culture/moorestreet-buildings-linked-to-1916-rising-savedfrom-demolition-1.1465759
https://www.independent.ie/regionals/dublin/d ublin-news/james-connollys-great-grandsoncalls-for-the-preservation-and-protection-ofmoore-street-42356525.html
https://www.irelandbeforeyoudie.com/whysaving-moore-street-is-important-and-whatyou-can-do-to-help/
Tuigim na mothĂșchĂĄin a bhĂ ag OisĂn, Agus Ă© ag filleadh ar ais abhaile
Chun tĂr fholamh a aimsiĂș
Gan aon ĂĄit don sean laoch.
Nuair a tharraing siad ón gcré mé, Bhà mé féin caillte freisin
Sa tĂr nua-aoiseach seo âAg lorg na tĂre a raibh aithne agam uirthi.
BhĂ mĂ© lĂĄidir, trĂĄth âThroid mĂ© i gcathanna, agus dâimigh mĂ© ar shlĂ na fĂrinne. Agus choimĂ©ad an talamh a raibh an-ghrĂĄ agam di Mo chorp faoi rĂșn faoin gcrĂ©.
Mo bhĂĄs forĂ©igneach sna trĂ©imhsĂ caite. Ag maireachtĂĄĂl trĂd ghlĂșin i ndiaidh glĂșine, Craiceann agus gruaig agus cnĂĄmha amhĂĄin âNĂos mĂł portach nĂĄ corp anois.