Tuathal - Eagrán a 1 (Seachtain na bhFreisear 2022)

Page 1

IrisleabharanChumainnGhaelaighSeachtainnabhFreisear2022

Bhuel heileo a chairde! Tá fáilte ó chroí romhaibh chuig Coláiste na Tríonóide agus saol na Gaeilge anseo. Níos tábhachtaí, fáilte chuig an t irisleabhar is fearr ar champas: is léir go bhfuil spéis agat sa Ghaeilge má tá tú ag léamh seo agus gan dabht tá blas maith agat!

Bíonn imeachtaí éagsúla eagraithe ag an gCumann gach seachtain de ghnáth gach Máirt thart ar 7i.n. Bíonn rud i gconaí le déanamh trí Ghaeilge cibé do shuimeanna - idir dramaí, díospóireachtaí, ceol, oícheanta amach, spórt, ceardlannacha, tae agus go leor leor eile (agus ná bí buartha, ní bheidh aon sraithphictiúr!) Chomh maith leis sin, bíonn anraith agus arán saor in aisce le fáil gach Céadaoin ag a h1i.n. i Seomra na Gaeilge. Is é Seomra na Gaeilge ár spás féin atá oscailte chuile lá agus is áit é gur féidir leat do scíth a ligean i rith an lae agus craic agus comhluadar Gaelach a fháil san oíche. Tá sé suite taobh thiar den Bhutrach (féach ar ár n Instagram @cumanngaelachtcd chun treoracha a fháil!)

Seans mhór gur fhoghlaim sibh an Ghaeilge ar scoil agus gur cheap sibh nach n úsáidfeadh sibh arís í agus an Ardteist críochnaithe agaibh. Faraor a chairde, caithfidh mé a rá go bhfuil sibh mícheart. Tá an Ghaeilge le fáil agus le cloisteáil i ngach gné den saol anseo sa choláiste. Cibé do chuid cúrsa, tá fáilte roimh chách sa Chumann, más beag nó mór an Ghaeilge atá agat.

Bígí linn, agus Bígí Gaelach. Le grá, Eimear

- 2 - | TUATHAL

Bhí dhá bhliain deacair ag gach duine leis an bpandéim, ach táim ar bís go mbeimid ar ais i bpearsan don bhliain ar fad. Má tá aon ghrá nó suim agat sa Ghaeilge - bígí linn. Is cuma faoin ngramadach nó inniúlacht labhair le díogras agus le bród í agus sin é. Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom má tá ceist ar bith agat trí ríomhphost ag reachtaire@cumann.ie.

Litir ó Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, EimearNíChiaráin

Chun mé féin a chur in aithne daoibh, Eimear Ní Chiaráin is ainm dom agus táim thar a bheith sásta a bheith mar Reachtaire an Chumainn i mbliana. Is sinne an phríomhchumann ar champas a labhraíonn Gaeilge agus is í an aidhm atá againn ná pobal a chruthú do dhaoine le Gaeilge, agus an Ghaeilge a scaipeadh ar fud an champais agus níos faide. Dom féin, ní dhéanaim stáidéar ar an nGaeilge, ach táim gafa leis an teanga agus le muintir na Gaeilge anseo. Is teaghlach mór é pobal na Gaeilge ar champas: tá saol láidir, fáilteach, beomhar, agus bríomhar againn (agus neart craic chomh maith!)

Bainigí sult as Seachtain na bhFreisear agus tá súil agam go bhfuil do bhliain lán le vadhbanna agus gan fadhbanna. Táim ag tnúth go mór bualadh libh go léir don bhliain thar barr atá amach romhainn. Tá sí ar ais, tá sí sláinte, agus tá sí beo.

- 3 - | TUATHAL Instagram @cumanngaelachtcd Twitter @CumannGaelach Facebook @CumannTCDGaelach Clúdach deartha ag Cian Deignan CLÁR 2 Litir ón Reachtaire 4 An Coiste 8 Cad gur féidir leis an nGearmáin a mhúineadh dúinn faoin nGaeilge? 13 Fothracha i dTírdhreach na hÉireann 16 Crosfhocal na Tríonóide 17 “MoChéadChuimhnesaCholáiste” 18 Craic an Chumainn 20 Machnamh le Jennifer Ní Chiara

Haigh a chairde! Is mise Emma, bhur Rúnaí i mbliana. Is as Baile Átha Cliath dom agus táim ag déanamh stáidéir ar Ríomheolaíocht, Teangeolaíocht agus an Ghaeilge. Is banríon na hAstralaíochta mé freisin. Rugadh faoi chomhartha an Réithe mé so aon comharthaí tine beimid inár mbeistithe. Táim ag tnúth go mór libh go léir a fheiceáil i rith na bliana!

Oisín O’Caoimh, Leas-Reachtaire

Haigh haigh haigh! Is mise Eimear, bhur Reachtaire i mbliana. Is as Contae Shligigh dom, ach is féidir leat mise a fháil i Seomra na Gaeilge, nó Club an Chonradh an t am ar fad. Déanaim stáidéar ar Eacnamaíocht ach is é mo phríomhaidhm an bhliain seo ná an Ghaeilge agus an chraic a scaipeadh ar fud an champais. Táim ag tnúth go mór libh a fhéiceáil bígí linn & bígí Gaelach!

- 4 - | TUATHAL

Coiste an Chumainn Ghaelaigh 2022/2023

Eimear Ní Chiaráin, Reachtaire

Cén chaoi ina bhfuil sibh? Is mise Oisín agus tá mé mar Leas Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh an bhliain seo. Tá mé sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Ghéineolaíocht Dhaonna. Is cinnte go mbeidh bliain den chéad scoth againn sa Chumann an bhliain seo agus tá mé ag súil go mór le bheith páirteach ann arís agus le bheith ag bualadh le muintir Ghaelach an choláiste, an sean agus an nua. Bígí linn agus feicfidh mé go luath sibh!

Emma Ní Dhálaigh, Rúnaí

Dia daoibh, a chairde Gael! Is mise Pádraig, bhur nOifigeach Urraíochta i mbliana. Táim sa tríú bhliain ag déanamh staidéir ar an Luath agus ar an Nua Ghaeilge. Is as Nua Eabhrac mé agus is breá liom teangacha a fhoghlaim. Tá spéis ar leith agam sna teangacha Ceilteacha agus tá mo chroí istigh sna gluaiseachtaí sochtheangeolaíochta a bhaineann leo. Ní bheidh mé libh i mBaile Átha Cliath sa chéad téarma, faraor, de bharr go mbeidh mé sa Bhreatain Bheag, ach tá súil agam go mbeidh an deis agam bualadh libh go léir nuair a bheidh mé ar ais!

Dia daoibh! Is mise Tara agus beidh mé mar Oifigeach Díospóireachta na bliana seo. Is as Tiobraid Árann mé (Tipp abú!) agus táim sa dara bhliain ag tabhairt faoi bhunchéim san Altranais Leanaí agus Ginearálta. Is aoibhinn liom a bheith ag léamh, ag damhsa, ag snámh agus ag taisteal! Tá suim mór agam i gcúrsaí faisin, scríobhneoireachta agus ar ndóigh, an Ghaeilge. Bhí mé mar bhall den Chumann Ghaelach sa chéad bhliain agus d’fhreastail mé ar neart imeachtaí. Bhain mé an thaitneamh astu agus mar sin táim ag tnúth go mór le bliain eile den scoth mar bhur n Oifigeach Díospóireachta!

Haigh gach duine! Is mise Chloe Ní Ghríofa, bhur gCisteoir i mbliana. Is as Tiobraid Árann dom agus is iníon léinn na Gaeilge agus an Fhraincis mé. Sin é go díreach céim na healaíona ar bun agam agus mé i gceannas ar phota óir an chumainn (guí ar mo shon!) Táim ag tnúth go mór leis an mbliain atá amach romhainn agus muid ar ais i gceart! Déan cinnte chun freastail ar na himeachtaí ar fad a mbeidh a n eagrú ag an gCumann agus bain taitneamh as an mbliain! Bígí slán agus bígí Gaelach!

Chloe Ní Ghríofa, Cisteoir

- 5 - | TUATHAL

Tara Ní Bhroinn, Oifigeach Díospóireachta

Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach Urraíochta

Dia dhaoibh a chairde Gael! Is mise Chloe Nic Bhriartaigh, is as Dún na nGall mé agus tá mé ag déanamh staidéir ar Síceolaíocht. Tá mé fíor phaiseanta faoin seacláid te so má tá moltaí ag teastáil uait le haghaidh na cinn is fearr i mBÁC, is mise do bhean! Beidh mé i m’Oifigeach Teicneolaíochta i mbliana so beidh mise ag scríobh na ríomhphoist sheachtainiúla agus ag glacadh grianghraif daoibh go léir ag na himeachtaí iontacha a bhéas ar siúl againn an bhliain seo. Tá mé ag súil go mór libh a fheiceáil i Seomra na Gaeilge!

- 6 - | TUATHAL

Adam Ó hArgadáin, Oifigeach Siamsaíochta

Dia dhaoibh a chairde! Is mise Niamh agus is mise bhur n Oifigeach Caidreamh Poiblí i mbliana! Táim sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar Léann Eorpacha le Gaeilge agus Fraincis. Is as contae Lú mé ach tá mé i mo chónaí i hallaí an choláiste mar chuid de scéim chónaithe Oifig na Gaeilge i mbliana! Táim an phaiseanta faoin nGaeilge agus táim ag tnúth go mór leis a bheith freagrach as na meáin shóisialta ar feadh na bliana. Tá sé ar intinn agam daoine a spreagadh chun freastail ar na himeachtaí ar fad a mbeidh á n eagrú ag an gCumann agus chun an Ghaeilge a labhairt sa saol laethúil

Niamh Leddy, Oifigeach CaidreamhPoiblí

Chloe Nic Bhriartaigh, Oifigeach Teicneolaíochta

Haigh. Is mise Adam Ó hArgadáin agus is mise Oifigeach Siamsaíochta an Chumainn i mbliana. Is as BÁC dom ach chaith mé neart ama i gConamara nuair a bhí mé níos óige. Táim sa cheathrú bhliain ag déanamh na Bithcheimice. ‘Sé mo chéad uair ar choiste an chumainn ach ba bhall mé de chúpla coiste eile chomh maith. Mar Oifigeach Siamsaíochta táim ag tnúth go mór le réimse leathan imeachtaí a eagrú don Chumann Gaelach; idir oíche sóisialta agus léachtaí oideachasúla. Ba mhaith liom an méid is mó ‘collabs’ a dhéanamh le gach saghas cumann chun cúpla focal a scaipeadh le cách i gColáiste na Tríonóide!

Ruairí Ó Séanáin Oifigeach Foilseacháin

- 7 - | TUATHAL

Éle Ní Chonbhuí, Oifigeach Drámaíochta

Haigh! Is mise Éle Ní Chonbhuí agus tá mé mar an t Oifigeach Drámaíochta i mbliana. Táim sa dara bhliain anois ag déanamh stáidéir ar Bhéarla agus Fealsúnacht. Bhain mé an thaitneamh as an gceoldráma anuraidh (bhuail mé le Robert Sheehan agus mé gléasta suas mar Countess Markievicz. Cheap sé go raibh mé craiceálta!) Má tá imní ort nach bhfuil do chaighdeán Gaeilge ard go leor chun páirt a glacadh sna himeachtaí CnaG, níl ach spraoi agus ruaile buaile ag teastáil don cheoldráma. Freisin, má thaitníonn dráma, ceol, rince, amhránaíocht, agus craic leat tar chuig na trialacha sa chéad téarma! Is é téama an cheoldráma i mbliana ná ‘Seanscéaltaí agus Miotaseolaíocht na hÉireann,’ agus beidh tú i do laoch féin i CnaG má ghlacann tú pairt ann.

Is mise Caoimhe Molloy, is iníon léinn Dlí agus Polaitíocht bliain na céime mé, agus tá mé mar Oifigeach na Gaeilge le TCDSU i mbliana. Is éard atá i gceist le mo phost ná nasc a chothú idir Oifig na Gaeilge, an Cumann Gaelach, Aontas na Mac Léinn agus pobal leathan gaeilgeoirí an choláiste. Tá sé mar dhualgas agam cinnte a dhéanamh de go bhfuil ríomhphost seachtainiúil agus foilseacháin eile TCDSU ar fáil trí ghaeilge. Anuas ar sin, beidh mé ag eagrú Seachtain na hÉigse i mí na Feabhra. Níos déanaí sa bhliain beidh mé ag lorg mic léinn eile atá sásta a bheith ar fo choiste na hÉigse. Má tá smaoineamh agat, eolas uait, nó ag iarraidh pionta a cheannach dom, téigh i dteagmháil liom ag gaeilge@tcdsu.org!

Caoimhe Ní Mhaolaí, Oifigeachna GaeilgeTCDSU

Dia dhaoibh, is mise Ruairí Ó Séanáin. An phríomh ról atá agamsa ná chun eagarthóireacht agus foilsitheoireacht a dhéanamh ar Iris an Chumainn, Tuathal. Beidh dhá mhór eagrán á fhoilsiú againn i mbliana, ceann in aghaidh na leathbhliana. Ba bhreá liom bhur smaointí, bhur ndánta, bhur ngearrscéalta, bhur n aistí nó aon phíosa scríbhneoireachta a fháil uaibh le linn na bliana. Seol ríomhphost chugam ag foilseachan@cumann.ie má tá smaoineamh nó ceist ar bith agaibh! Chomh maith leis sin, tá sé i gceist agam roinnt imeachtaí agus máistir ranganna a eagrú le linn na bliana. Coimeadaigí súil ar na meáin!

1 Cathal Ó hÁinle: Ó Chaint Na nDaoine Go Dtí an Caighdeán Oifiguíil. In Stair Na Gaeilge in Ómós Do Pádraig Ó Fiannachta. Hrsg: Kim Mc Cone, Damian Mc Manus u.a. 1994. p. 745 93. Maynooth: Coláiste Phádraig.

Gearmánacha, Johann Gottfried Herder (1744 1803) agus Johann Gottlieb Fichte (1762-1814) an-bhéim a leagadh ar theanga agus iad ag iarraidhsainmhíniúadhéanamharchoincheap nua an “náisiúin” agus iad ag iarraidh na stáit beaga ina labhraíodh Gearmáinis a aontú i gcoinne na Fraince. Inniu is féidir an bheirt sin a chomhaireamh i measc aithreacha an náisiúnachais Gearmánaigh, a mhaígh gur náisiúin amháin a bhí i lucht labhartha na LéimisGearmáine.araghaidh

Cad gur féidir leis an nGearmáin a mhúineadh dúinn faoin nGaeilge?

go dtí na 1890dí. San am atá chaite, bhí Thomas Davis, faoi thionchar an bheirt sin is dócha, tar éis a scríobh mar gheall aran nGaeilge, “apeople withoutalanguage is only half a nation”, agus bhí roinnt “náisiúin” amachGhearmáinsanEoraiptaréisaontú(m.sh.anIodáilagusanféin)nóneamhspleáchasabhaint(m.sh.anGhréigónaTurcaigh).

Aoibh NíChroimín

Arndóigh,níraibhsiadchomh“dispassionate” sin. Bhí an ceathrar seo, mar aon le scoláirí eile ón deutschsprachiges Raum (an domhain inar labhraítear Gearmáinis) ar nós Julius Pokorny, Rudolf Thurneysen agus Ludwig Christian Stern, imeasc “glúinórga”anléinncheiltighsa Ghearmáinle linnan Kaiserreich (impireachtna Gearmáine 1871 1918). Faoi stiúir Meyer agus na scoláirí eile seo, bunaíodh an Zeitschrift für celtischePhilologie (amhaireannfós),an Archivfür celtische Lexicographie rinneadh taighde teangeolaíochta, agus aistriúcháin ar nósPokornysheandántatábhachtachaGaeilge.RinneJuliusmórscríbhneoirínahAthbheochanaarPádraigMacPiaraisagusPádraicÓ

“Tír gan teanga tír gan anam.” Seans maith go bhfaca tú é suas ar bhileog mhaisithe, lannach ar bhalla sa seomra hEagnaíochta,mé).bríomhar(ábharsaSindomhaináitiúil,tábhachtachdosRudléirpobaltádené,gcuimhnímrangaagustúsabhunscoil.Iscinntenacharangcéaduairachualamébhíméchomhógsin.Bhísémarchuidchúl-fhuaimagusméagfásaníos.MámannaagsráidbhailenaGaeilge,anbeagsininabhfuilaithneagainngoarachéile,isdóchagursinatáann.fíor-Éireannach,araonnós,ceannnasonraíbeagacultúrthaatádúinnagusárgcomhthéacsachganmóránfiúntaisdonmhór.maracheapmésularchuirméspéisGhearmáin,agussaGhearmáinisabhrúdhagusamhúineadhgosaghaelcholáistearafhreastailLelinnagustaréisRénachinnfealsúnaithe

1 Ina óráid chinniúnach 1892, “On the Necessity for De-Anglicising Ireland”, rinne Dubhghlas de hÍde tagairt d’acadúlaithe iasachta a thuig tábhacht na Gaeilge, dar leis, sular thuig na hÉireannaigh féin é cé gur “dispassionate foreigners”abhíiontu,formhórdóibh -Johann Kasper Zeuss, Heinrich Zimmer, Ernst Oscar Windisch,agus KunoMeyer -ón nGearmáin.2

2 Douglas Hyde: The Necessity for De-Anglicising Ireland. In: Handbook of the Irish Revival. Hrsg. Declan Kiberd und P.J. Matthews. Dublin: Abbey Theatre Press. 2015. p. 42 45

7 Ó Cróinín, 24, 26

No single individual did more to 'make Irish respectable' in the decades before and after 1900 than the great German scholar Kuno Meyer…the credit for establishing the modern scientific study of the Irish language, in all its phases, and its literature, in Ireland is almost entirely due to Meyer's selfless and untiring efforts 4

3 Ó Lúing, S. 21; Mac Mathúna, 213; Ainm.ie: STERN, Ludwig Christian (1846-1911)

- 9 - | TUATHAL

4 Daibhí Ó Cróinín: Letters of Kuno Meyer to Douglas Hyde, 1896 1919: In: Studia Hibernica, (42). 2016. S. 1 64. Available 2022).db=edsjsr&AN=edsjsr.26451154https://search.ebscohost.com/login.aspx?direct=true&at:(Accessed:18August

Thug na scoláirí seo tacaíocht suntasach do ghluaiseacht na teanga agus don náisiúnachas cultúrtha: trí ailt sa Chlaidheamh Soluis ag moladh na Gaeilge mar ábhar ollscoile, nó trí óráidí ar son “ath-Ghaelú na hÉireann,” trí fhreastail ar Chomhdhálacha Pan-Cheilteacha, agus go háirithe tríd an tacaíocht a thug Windisch, Zimmer,Sternagus Meyerdo Dhubhghlas de hÍde agus don Chonradh agus iad os comhair Coimisiúin na Meánteistiméireachta 1899 ag iarraidh stádas níos airde a thabhairt don Ghaeilge sna scrúduithe in Éirinn.5 Bhí bá cinnte ag roinnte na labharthóirí Gearmáinise seo (Gearmáineoirí?) le náisiúnachas na hÉireann go ginearálta, rud a léiríodh ina insintí ar stair na hÉireann (Pokorny), ina mbaint le Sinn Féin agus Conradh na Talún (Zimmer), nó ina dtacaíocht do Phoblacht iomlán neamhspleách tamall sula raibh sé sin á lorg go hoscailte ag formhór muintir na hÉireann (Meyer, in1914).6

5 Ibid. 6-7

Conaire a aistriú go díreach go Gearmáinis.3 Dar le Daibhí Ó Cróinín ó Ollscoil naGaillimhe,

na Gaeilge fáilte mór roimh leabharLerchenmueller.8 Cúisamháinleseoná ligeachtaí an leabhair, go háirithe ó thaobh agseoníosléirmheastóiríbaintcomhthéacsnahÉireannde,achseansgobhfuilaigefreisinlecosantachas.GhlacGearmánachaleisimbealachcairdiúla,agusisdóchagurbéanfáthlenágurangnáthrudésaGhearmáinabheithplégohiontachcriticiúilleisan

6 Mac Mathúna, Liam. 2002: “Julius Pokorny, 1887-1970. Germans, Celts and Nationalism Pól Ó Dochartaigh.” Studia Hibernica, no. 32 (January), 213; Ó Cróinín p. 28; Joachim Lerchenmueller, 11, 14

8 Mac Mathúna; Ó Néill, Pádraig P.: “Julius Pokorny, 1887 1970: Germans, Celts and Nationalism.” In: Irish Economic & Social History 32 (Dezember): 2005. S. 197 98. doi:10.1177/033248930503200139.

Is dócha go raibh fíor chion acu ar Éirinn agus a cultúr, mar atá ag a lán Gearmánach sa lá atá inniu ann. Ach náisiúnaigh Gearmánacha a bhí i gcuid dóibh chomh maith (thacaigh Meyer le hiarrachtaí na Gearmáine sa Chéad Cogadh Domhanda go fonnmhar, an chúis a bhain ComhairlíCorcaighagus BleáCliathsaoirsena cathrach uaidh), agus náisiúnaigh i mbrí níos leithne den fhocal chomh maith: i litreacha chuig de hÍde (bhí siad i dteagmháil buan lena chéile), mhol Meyer an chaoi nach raibh focail gallda tagtha isteach san Ungáiris, agus an chaoi go raibh an Oireachtas “níos náisiúnta” ná Eisteadfodd na Breataine Bige.7 Bhí Meyer, Pokorny agus roinnt Gearmáinithe eile mar lucht leanúna ag an gCré sin na naoú aoise déag, an Náisiún, rud a bhí a moráltacht féin aige agus gur gá é a chaomhnú agus a chosaint ó chur isteach nó “truailliú” gallda. Is é an ceangail seo idir an Náisiúnachas Gearmánach (ciníochas agus míleatachas san áireamh) agus an léann Cheilteach ó am an Kaiserreich go deireadh an Naitsíochais ábhar an leabhar Keltischer Sprengstoff, a scríobhadh mar dochtúireacht san ollscoil seo ag Joachim NíorLerchenmueller.chuirscoláirí

- 10 - | TUATHAL

10 Stefan Zweig: The World of Yesterday. London agus Lincoln: University of Nebraska Press. 1964, xx; Amos Oz: Deutschland und Israel. Frankfurt am Main: Suhrkamp. 2018, 78

11 David Dickson: Dublin: The Making of a Capital City. London: Profile Books. 2014, 503; R.M. Douglas: Architects of the Resurection: Ailtirí na hAisérighe and the fascist ‘new order’ in Ireland. Manchester: Manchester University Press. 2009, 70 71

“oidhreacht is fearr na hEorpa, an ódaonnachasréasúnta”achosaintigcónaí“oidhreachtismeasanahEorpa,an náisiúnachasathdhúchasach”,bhíafhios acucadfaoina raibhsiad agcaint.10

theaghlachAmosnónuairadúirtanscríbhneoirIosraelachOz,adúnmharaíodhcuidmhórdásanUileloscadh,goraibhgá

siaddhéileáilanpreasleisnacíréibeannanachraibhganbháachanoiread.

12 Féach ar leabhar Douglas (2009) agus m’alt don University Times: What the 1945 VE Riots Tell Us About a Forgotten Ireland The University Times

Náisiúnachas mar ídé eolaíocht.9 Léirigh stair na hEorpa san 20ú Aois go raibh an dteanga:toiscnárféintíorthafhuilteachNapoleon)Ghearmáinimpireachtanáisiúntasécumasagannáisiúnachas-fiúmátháinigasiarrachtaíintuigtheféinmheasaléiriúaguscurinaghaidh(maratháinigsésaféin,marfhreagraarchogaíle-athrúisteachingealtachtaguschiníochinaghaidheilebéaldoraisnómionlaighsatíramheasnanáisiúnaighradacachachuidceartdennáisiúinabhíiontuagcúlraeitneach,areiligiúin,nóamásépáirtsnarudaísina chinneann d’áit sa náisiúin agus freagrachtaí an stáit i do leith, cá fágtar, mar shampla, Giúdach sa Pholainn a labhraíonn Giúdais agus atá éagsúil ón tromlach mórthimpeall uirthi go heitneach, go reiligiúnach, agus ó thaobh teanga de? Nuair a dúirt an scríbhneoir Ostarach-Giúdach Stefan Zweig, gurb é annáisiúnachasan“t-ard-aicíd(Erzpest) a rinnebláthárgcultúrEorpachanimhiú,”

9 Hüther, Andreas: “[Julius Pokorny, 18871970].” Modern Language Review 100 (4). S. 1168 69. 2005; Fischer, Joachim: Julius Pokorny, 1888 1970: Germans, Celts and Nationalism. In: European History Quarterly 36 (2): 325 27. 2006 doi:10.1177/026569140603600228.

In Éirinn is maith linn a chreidiúint go bhfuil muid eisceachtúil inár stair, eisceachtúil inár bhfulaingt, eisceachtúil inár náisiúnachas, eisceachtúil inár soineantacht imeasctíorthaeile na

hEorpa. Ar ndóigh, níl náisiúnachas na hÉireann freagrach le haghaidh beagnach an méid uafáis is atá náisiúnachas na Gearmáine. Ach, mar a roinneann sé a fhréamhacha le náisiúnachas i dtíortha eile, is féidir leis an Maradorchadasiontuaroinntleischomhmaith,rudléiríodhlelinnanDaraCogadhDomhanda.aonlecomhoibriúanIRAleisnaNaitsithe, tháinig an “t-aon ghluaiseacht dúchasach faisisteach in Éirinn” (i bhfocail iar-ollamh staire na Tríonóide David Dickson), Ailtirí na hAiséirghe, as chraobh de Chonradh na Gaeilge, áit a fuair a gceannaire Gearóid Ó Cuinneagáin áit ar an gCoiste Gnó. Bhí ceann de bhunaitheoirí an pháirtí, Seán Ó hÉigeartaigh, Reachtaire ár gCumann Gaelach féin ag an am.11 Mar aon le pleananna do dheachtóireacht Gaelach agus Caitliceach, scaipAiséirghe bolscaireachtfrithsheimíteach, agus bhí bá acu leis an nGearmáin sa chogadh. Iadsan a thosaigh an círéib taobh amuigh den Tríonóid ag deireadh an chogaidh, inar caitheadh clocha leis an gcoláiste, le café Jammet’s, a bhí cáil air dá mheoin i bhfábhar na Comhghuaillithe, agus ar ambasáidí na Breataine agus SAM. Níor éirigh leo mórán vótaí a fháil riamh, ach léirigh an chaoi a

12 Ag Ceiliúradh 50 Bliain Conradh na Gaeilge in 1943, agus meaisín dúnmharaithe na Naitsithe faoi lánsheoil ar fud na hEorpa, léadh os ard teachtaireacht comhghairdis ó Ludwig Mühlhausen, Ollamh sa Léann Ceilteach i mBeirlín agus ball den NSDAP ó 1932 a bhí páirteachi mbolscaireachtGearmánacha

Gaeilge.nGearmáinagainnNíadeargamuighdenEoraipfreisin)nágoraibhant-ádhorainnnárdhearnariailfaisisteachmuidthástáil.héseolerágurdrochscéalarfadatálefáilmáfhéachaimidaranngaolatáaganlehÉirinnaguslegluaiseachtnaRinnescoláiríGearmánachaan

Kaiserreich, ar nós Kuno Meyer agus Julius Pokorny, fearó chúlraGiúdachabhí air an dheireadh an cogadh agus foilsiú an eolais ar na campaí, féach ar leabhar Douglas.

14 Tá grianghraif agam don staitistic sin ón mhúsaem. Chun níos mó eolais ar freagra muintir na hÉireann ar

| Dictionary of Irish Biography (dib.ie). Oscailte 6 Meán Fómhair 2022.

Am neamhghnách a bhí sa Dara Cogadh Domhanda, cinnte. Ach bhí comharthaí den taobh dorcha den náisiúnachas in Éirinn roimhe sin fiú. In éanacht le Náisiúnaigh ar fud na hEorpa, léirigh náisiúnaigh Éireannacha cosúil le Art Ó Gríofa agus Maud Gonne dímheas nó fiú fuath do Ghiúdaigh. I Ulysses Séamus Seoighe, is é an carachtar ba frithsheimíteach an “Citizen”, Náisiúnach Éireannach a bhogann ó goachLgcaitheanngorámhailleigcoinnetíorthaeilenahEorpamaslúarnaGiúdaigh,sularséboscabrioscaíidtreocinneopoldBloom.Nífíordhuineabhíann,isléiróngcaibidilnárcheapSeoigheraibhÉireannaighslánóngcaoleagnaíocht agus an fuath a d’fhéadfadh a theacht leis an náisiúnachas: féach ar an bhfógra ó chomhlacht éadaí sa Chlaidheamh Soluis, 5 Deireadh Fómhair 1907 (lch.10) a athphriontáladh arís is arís eile sanuachtáin.15:

15 Irish Newspaper Archives (irishnewsarchive.com)

chraoladh go hÉireann ag moladh an neodrachais agus ag déanamh maslaithe ar na Comhghuaillithe agus ar Ghiúdaigh.13 Bhí Saorstát na hÉireann níos cairdiúla dos na Comhghuaillithe, ach le linn ré géarleanúna na Naitsithe, ÉireannacheaspaarpreasdeireadhéisMúsaemGiúdachníorligÉireachidir100agus200teifeachisteachsatír(darleisanGiúdachimBeirlín),agusfiútaranchogaidh,nuairachuireadhlecinsireachtagusbhíceadagnahÉireannanfhírinnemargheallnacampaíbáisafhoilsiú,isiontachantruaathaispeáinroinntdoGhiúdaighnahEorpa. 14

16Davitt, Michael | Dictionary of Irish Biography (dib.ie)

- 11 - | TUATHAL

Cork: Sommerville Press. 2014

Bheadh sé míchothrom a rá gur léiriú é fógra mar seo ar gach náisiúnach Éireannach: ba é Mícheál Dáibhéad a rinne iriseoireacht tábhachtach a inis don domhain mar gheall ar pogrom igcoinnenaGiúdaighiKishinevin1903, agus bhí Yitzak Herzog, Ard-Rabbi na hÉireann ó 1922-1936, athair an Uachtaráin Iosraelach Chaim Herzog agus seanathair an Uachtaráin Iosraelach faoi láthair Isaac Herzog, tacúil le náisiúnachas na hÉireann agus cairdiúil le hÉamonn de Valera.16 Ach dá mhéad a dhéanaim staidéar ar an ngaol idir Éirinn agus an nGearmáin, ar an bhfrithsheimíteachasin Éirinnagusarthéamaí gaolta, dá mhéad a cheapaim nach bhfuil náisiúnachas na hÉireann chomh eisceachtúil sinigcomparáidle tíorthaeile.Seans gurbé an fíordhifríocht eadarthainn agus formhór muintirna hEorpa(agus roinntáiteanna taobh

Oscailte 6 Meán Fómhair 2022 ; Herzog, Isaac (Yitzak) Halevi

13 The Irish Times: “Berlin Message for Gaelic League”, Sep 20, 1943; David O’Donoghue: Hitler’s Irish Voices: The Story of German Radio’s Wartime Irish Service.

muid tar éis oibriú tríothu, fiú, nó b’fhéidir go háirithe, dá mbeadh himpleachtaí acu ar fhéiníomháagus polaitíocht nahÉireann inniu (mar shampla an frithsheimíteachas, an neodrachas, taobhannaanárbpolasaitheteifeach,nógaolnahÉireannleismórroinn).Isfiúbreathnúarísarnasin,agustáimcinntegombeadhár

feste Freunde (cairde daingne) sa Ghearmáin ceapaimcheisteannagolánsástacabhrúlinn.Níhésinlerágogceapaimdtabharfaidhanstairfreagraísimplíaranlaeinniu(nícheapaim),achgombeadhiontasorainncada

d’fhéadfaimis a fhoghlaim fúinn féin tríd a bheith ag breathnú ar áiteanna eile, mar atá iontas orm an méad ábhair machnaimh atá faighte agam ar ghluaiseacht na Gaeilge atá freagrach do m’oideachas féin agus na cairde a rinnemélenalinn:maradúirtSeoighei Ulysses, uaireanta is é an slí is faide timpeall an slí is giorra abhaile.

Mar Ghaeilgeoir, táim tar éis an tairbhe a léiriúthuiscint.GhaeilgedomgcomhthéacshÉireannagusdtuiscintbhaintóstáidéarnaGearmáine.MaraonleisanathugannsédomarannGearmáinanEoraip,tásétaréiscabhrúliomstairnaagusstairnaGaeilgeachurinahEorpa,agustaréisaléiriú(arís)céchomhcabhrachisatáanmásmianleatstairnahÉireannaAchmaraonlesin,tásétaréisadomnataobhannadenstairnachbhfuil

- 12 - | TUATHAL

Ghearmáin a bhí an oiread sin grá aige di a theitheadh toisc na Naitsithe, obair fíor-shuntasach ar son na Gaeilge. Tá an gaol idir Éirinn agus an Ghearmáin lán le meas, fiosracht agus cairdeas, agus sa lá atá inniu ann, ina bhfuilimid mar thíortha daonlathacha san Aontas Eorpach,ismóranrudle céiliúradhésin. Tá léiriú maith ar an ngaol seo i Irisches Tagebuch (“Dialann as Éirinn”, atá aistrithe go Gaeilge) Heinrich Böll, iarshaighdiúir Gearmánach (agus níos déanaí buaiteoir Duais Nobel Litríochta) a rinne turas in Éirinn sna 1950dí, agus féin-bheathaisnéis álainn Hugo Hamilton, The Speckled People, mar gheall ar fás aníos trí Ghaeilge agus trí Ghearmáinis mar mhac máthar Gearmánach agus athar a bhí mar bhall d’Ailtirí na hAiséirghe, i mBaile Átha Cliath sna 1950dí agus 1960dí. Léiríonn na leabhair seo cairdeas buan idir dhá thír agus tuiscint ghéar, agus go minic ghreannmhar, ar na héagsúlachtaí eatarthu, ach freisin ní dhéanann siad neamhaird ar thaobhanna dorcha an náisiúnachais, is cuma cén áit as a dtagannsé.

1 Áfach, an ghné is suntasaí sa dioscúrsa seo ná nach léiríonn an teach seo struchtúr ar leith. Dá bhrí sin, is ar bhonn siombalach a bhfuil Seán Keating tar éis an fhoirgneamh loite seo a chur sa phictiúr. Mar a mhaíonn Síghle Bhreathnach Lynch, is siombail chaighdeánach é an teach sa chúlra den damáiste a d’fhulaingíodh ar an dá thaobh le linn na haimsire chogaidh in Éirinn.2

1 Síghle Bhreathnach Lynch, “Crossing the Rubicon: Seán Keating’s An Allegory,” New Hibernia Review 12, no.

3 “Online Collection: The Holy Well,” National Gallery of Ireland, oscailte 9 Márta, holyhttp://onlinecollection.nationalgallery.ie/objects/8155/the2021,well.

2 (Summer 2008): https://www.jstor.org/stable/25660781.123,

In íomhá cháiliúil de chuid Seán Keating, An Allegory, tá na fothracha de theach mór gContaeealaíontóragotuaithelefeiceáilsachúlraardheis.CeaptarléiríonnanstruchtúrseoseanteachanéféininRáthFearnáiniBhaileÁthaCliath,nómara

Fothracha dTírdhreachi na hÉireann

Ruairí Ó Séanáin

Aonraíonn an fothrach ón ochtú gcéad déag na figiúirí sa tulra ón mbagairt caolchúiseach agus achrannach á sileadh le himeall na híomhá atá céasta ag an spéir dorcha. Críochnaítear comhdhéanamh an phictiúir leis an gcomhimirt ghruama idir an spéir agus an teach atá ag titim as a chéile, agus leis sin, ní fhágtar spás ar bith san íomhá atá saor ón dtéama duairc de thír gonta agus gortaithe.

thugann Eimear O’Connor le tuiscint, is foirgneamh é a shealbhaíonn tréithe ailtireachta Nathaniel Clements, a raibh tionscadail cosúil le Teach Pháirc an ChillFhionnuisceagusHallaNewburyigContaeDarainastóraige.

2 Bhreathnach Lynch, “Crossing the Rubicon,” 123.

BadhaltadechuidWilliamOrpenéKeating,agus d’oibrigh sé mar chuspa do bheirt fhigiúir i bpictiúr de chuid Orpen dar teideal, The Holy Well. Is pictiúr réalaíoch ach fantaiseach é a chuireann íomhá ídéalaíoch den tuathánach in Iarthar na hÉireann i láthair.3 Éagsúil ó léirithe níos luaithe d’fhothracha i dtírdhreach na hÉireann ina raibh príomhchúram an ealaíontóra ar fhoirm na híomhá, sa chás seo tá an t ealaíontóir ag cuardach bhrí shiombalach óna léiriú féin d’fhothracha. Mar gheall ar an easpa scáth, tá béim níos saibhre curtha ar an gcomhcheangal idir an bhrí shiombalach agus stíl mháisiúil na

5 Yvonne Scott, “Ruins in Ireland, Ireland in Ruins Symbols and Semiotics in Irish Visual Art,” The Canadian

5

- 14 - | TUATHAL

Tá difríocht mhór idir fothracha Orpen agus na fothracha atá i lár shárshaothar Daniel Maclise, Bainnis Strongbow agus Aoife. Sa leagan seo den scéal, agus ina uisce dath, tá sé rí thábhachtach le tuiscint go ndearna Maclise an cinneadh suíomh an bhainnis a lonnú i bhfothracha séipéil, struchtúr a raibh fuinneoga Gotacha aige san uisce dath,achstílréamh RómhánúilÉireannach i leagan nahola.Áfach,gné atá níos tábhachtaíná

Tá na fothracha i bhfolach ón gcomhdhéanamh lárnach agus ní chaitear leo ach mar ghnéithe tánaisteacha in íomhá a bhfuil máisiúcháin mhillteanach agus drámaíocht mar na níthe is díol spéise. Chomh maith leis sin, mar gheall ar easpa dhoimhneacht na híomhá, tá cuma ar an gcomhdhéanamh go bhfuil na fothracha mar pháirt den tírdhreach garbh atá mórthimpeall.

chruthaíonnagcuaifeacCétitimsiadbhaintloitegoanchineálséipéalatááléiriúaigenáanbhunfhíricdtarraingíonnséanchuidairdaranstruchtúrinaíomhá.Cégurféidircialldébhríochaónafothracha,nílceistachgoseasannmarshiombaildedhaonragortaitheatáaggocruailámhaantíoránaigh.gobhfuilnafothrachatimpeallaitheaghdeataigharthaobhnaláimheclé,tásiadlonrúarthaobhnaláimhedeise,rudacodarsnachtón

Journal of Irish Studies 40, SPECIAL ISSUE: IRISH ENVIRONMENTAL HUMANITIES (2017): 153, https://www.jstor.org/stable/26333465.

híomhá.4 Sa phictiúr seo, siombalaíonn an teachín loite eisimirce agus ídiú an agusmóitífóncheantairtuaitheinÉirinn,tréithatáéagsúilsiombalachasabhíodhániomparaganchéannacéadbliainroimhe;gortadíbirtnadtionóntaí.

4 Viola Barrow, “William Orpen,” Dublin Historical Record 35, no. 4 (September 1982): https://www.jstor.org/stable/30104279.158,

- 15 - | TUATHAL

dorchadas atá leagtha anuas ar chuideachta teidealInatáatáanchomhdhéanamhcagnaNormánaigh,gnéabhfuilníoslúsuntaisbaintléináanfhoirgneamhloite.Anhaoiabhfuillárnachtagnafothrachasaseoagusmarthoradharléiriúmhionsonraithedenbhrícobairfósslánóngcogadh,sonraítearnáisiúncneáite,achnachbhfuiltite.íomhádechuidGerardDillondar

The Little Green Fields, léirítearíomhá thipiciúil d’Iarthar na hÉireann de thoradh ar chinneadh an ealaíontóra chun fothracha de mhainistir, tuamaí meigiliteacha, teachíní tuaithe agus ardchrosa a chur sa phictiúr. Tá na heilimintí seo ar fad scartha ó bhallaí cloiche, gné eile a chríochnaíonn an íomhá chlasaiceach de thírdhreach d’Iarthar na hÉireann.6 Áfach, níl ann i bhfothracha

Dillon ach léíriú macasamhlach agus níl tréithe réalaíoch d’fhothracha le feiceáil mar atá i saothair an triúr ealaíontóir eile. Seasann siad i gcúlra an tsaothair, mar chuid de phatrún díchumtha de spásanna pictiúrtha, agus cé go bhfuil siad níos lú ná na heilimintí agus figiúirí atá i dtulra an phictiúir, ní chailltear an tábhacht atá ag baint leo i gcomhthéacs na híomhá. Seasann snua clochach agus liath na bhfothracha go héasca i lár phailéid dathanna a bhfuil glas agus nagcomparáidhaimsirecurrach.donnlárnach,agcruthútírdhreachatágarbhagusCuirtearceistsuimiúilfaoithábhachtnacaiteagusárstairnuairachuirtearitomhasdícumthanabhfothrachaleisfigiúiríaguscréatúiridtulranahíomhá.

6 Marie Bourke and Síghle Bhreathnach Lynch, Discover Irish art at the National Gallery of Ireland (Dublin: National Gallery of Ireland, 1999), 198.

15. Seanadóir do Dháilcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath

1. An ní is díol spéise i sean leabharlann an Choláiste

9. Struchtúr suaitheanta i lár an champais

18. Scríobh an t iar ollamh seo an dán ‘Begin’

17. D’oscail an amharclann seo i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1992

14. Cumann díospóireachta agus athair le Luke, Alex agus Haley

5. Tá an scoil altranais agus cnáimhseachais lonnaithe ar an sráid seo

CROSFHOCAL NA TRÍONÓIDE

6. Is as Londain don amhránaí seo a thug taispeántas ag T Ball na bliana seo caite

Trasna

20. Bhunaigh an fear seo Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

Síos

8. Is mic léinn an Choláiste atá sa ghrúpa amhránaithe mearscaipthe seo

12. Cé a bhunaigh Coláiste na Trionóide sa bhliain 1592?

2. An siopa caifé sa bhloc ealaíon

16. Cá mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mbliana?

11. An t ealaíontóir Iodálach a chruthaigh ‘Sfera con Sfera’ taobh amuigh de Leabharlann Berkeley

10. Sionnach cáiliúil an Choláiste

7. Stíl ailtireachta an fhoirgnimh geolaíochta

3. Ofráiltear margadh do mhic léinn sa bhialann Iodálach seo ar Shráid Dhásain

19. An spórt a n imrítear taobh amuigh den Pav

4. Fanann na mic léinn a nglacann páirt i Scéim Chónaithe an Choláiste anseo

13. Cárb as do Marianne agus Connell?

“An chéad chuimhne atá agam de Choláiste na Tríonóide ná stíl ailtireachta na bhfoirgneamh agus áilleacht an champais Thaitin sé go mór liom ag buaileadh le sean chairde agus cairde nua sa Pav le cúpla canna Pratzky! Chabhraigh comrádaíocht an Chumainn liom go mór chomh maith agus níl aon oíche níos fearr ná oíche sa Chonradh!

“Is cuimhin liom go maith mo chéad lá agus mé ar champas na Tríonóide. Ba dheacair a chreidiúint go raibh mé ag tosú amach ar thuras nua, agus bhíos iontach neirbhíseach. Ach, chomh luath is a chuala mé daoine ag labhairt as Gaeilge agus gur bhuail mé le muintir an Chumainn agus muintir CLG Choláiste na Tríonóide, bhí mé ar an eolas go mbeinn togha. Mhothaigh mé sceitimíneach, imníoch, sásta agus scanraithe ag an am céanna!

“Mo chéad chuimhne de Choláiste na Trionóide ná ag dul isteach go dtí campas ó mo lóistín hallaí chun freastail ar Anraith agus Arán leis an gCumann Gaelach! Nuair a shiúil mé isteach go dtí seomra na Gaeilge, chas mé le go leor cairde éagsúla ó chúrsaí Gaeltachta nach bhfaca mé le tamaill fada! Chas mé le daoine nua a bhí iontach cairdiúil chomh maith agus ba léir dom faoin am sin go mbeinn ag caitheamh chuid mhór de mo laethanta ollscoile leis an gCumannGaelach!

Rebecca Ní Thréanlámhaigh, Bliaina4

“MoChéadChuimhneigColáistenaTríonóide”

Rebecca Coxon, IarReachtaireanChumainnGhaelaigh

“Mo chéad chuimhne i gColáiste na Tríonóide ná go raibh mé buartha faoi chairde a dhéanamh in áit nua ach dúirt mo mham liom iarraidh ar dhuine cupán tae a fháil liom. So rug mé greim ar an gcéad duine a chonaic mé i mo ghrúpa S2S agus d’iarr mé orthu cupán tae a fháil liom. Táimid fós cairdiúil anois agus is dócha an cheacht atá ann ná ól tae is beidh tú ok!”

Oisín Drury, Bliaina3

Muireann Nic Corcráin, Iar-bhallanChumainn

Craic an Chumainn

- 18 - | TUATHAL

Craic an Chumainn

- 19 - | TUATHAL

le Jennifer Ní Chiara

Machnamh

Mar aon le formhór mic léinn sa bhliain deireanach faoi láthair, seo í mo chéad bhliain iomlán i gceart sa Tríonóid. Nuair a bhíomar sa chéad bhliain, ní raibheamar ach tar éis aithne a chur ar a chéile, muintearas a dhéanamh agus an leabharlann a aimsiú sular dúnadh geataí an Choláiste. Seachas caife a fháil, chuir formhór dúinn aithne ar a chéile trí ranganna Zoom, imeachtaí cumainn ar líne agus nuair a d’éirigh cúrsaí níos fearr sna spásanna staidéir nua ar champas. Cinnte, tháinig feabhas mhór ar chúrsaí an téarma seo caite, ach seo é an chéad uair nach bhfuil srian linn. Ach cinnte is féidir a rá nach raibh gnáth taithí ollscoile againn agus le cúnamh Dé, ní bheidh an taithí chéanna ag lucht na céad bhliana i mbliana. Táim in éad ar na freisir. Cuireann sé cumha orm ag breathnú ar na duilleoga ag titim agus ag casadh sa bháisteach taobh leis an bPáirc Chruicéad agus na sluaite ag filleadh ar léachtaí. Go bhféadfainn dul ar ais agus a rá liom féin gan an iomarca airigid a chur amú ar bhallraíocht na gcumainn (seachas an Cumann Gaelach dár ndóigh), go dtiocfaidh na cairde ní mór duit a bheith foighneach. Freastal ar imeachtaí leat féin - ní fios cé a bhuailfidh tú le. Ní thaitneoidh gach éinne leat agus go deimhin, ní thaitneoidh tú le gach éinne. Dúirt m’athair liom i gcónaí gan mhéiseál leis an méiseálaí. Is deacair dom fós é a thuisicint ach aimseoidh tú do ghrúpa. Chomh fhada agus go leanann tú ort ag déanamh na rudaí a thaitníonn leat cuirfidh tú aithne ar dhaoine le linn do thréimhse anseo leis na suimeanna céanna leat. Ach, b’fhéidir níos tábhachtaí fós, buailfidh tú le daoine le suimeanna agus taithí saoil go hiomlán éagsúil leat. Seo é an t am do chuid tuisceana ar an gcine daonna a fhorbairt. Is cuma cé chomh cliste agus atá tú, cuimhneoidh daoine ar an gcineáltacht a léiríonn tú dóibh fiú nuair nach n aontaíonn sibh ar gach nith faoin spéir. Dúradh liom sular tháinig mé anseo go mbeadh na blianta seo mar na blianta is fearr de mo shaol. N’fheadar an bhfuil sin fíor - bheadh thíos seal agus thuas seal níos cruinne mar chur síos i ndáiríre. Ach táim chomh bhuíoch as chuile shoicind de. Mar a dúirt an t amhránaí úd Taylor Swift, conas go bhféadfadh gach rud a bheith ar eolas agat ag ocht mbliana déag, ach faic ag dhá bhlian is fiche? Bhuel, is cinnte go bhfeicfidh sibh go luath.

Agus mé ag filleadh ar an gColáiste don uair dheireanach, is deacair dom a shamhlú gur shiúil mé isteach anseo trí bhliain ó shin le hionchais áirithe. Cosúil le mórchuid de mhic léinn céad bhliana, ba dheis nua í an ollscoil dom le tús nua a chur le ré nua i mo shaol. Is cuimhin liom ag suí sa léachtlann Ed Burke ar mo chéad lá, ag éisteacht leis an bPropast agus léachtóirí éagsúla ag rá linn, nár chóir go mbeimid mar an duine céanna faoi dheireadh ár dtréimhse sa Tríonóid. Thosaigh mé ag gáire dom féin bhíos cinnte nach mbeinn chomh difriúil sin. Toisc gurb as an ardchathair mé, shíl mé go mbeadh na cairde ceannann céanna agam do mo thréimhse anseo. Shíl mé ar mo chéad lá go raibh an Tríonóid ollmhór, agus go raibh gach éinne socraithe isteach láithreach bonn. Tuigim anois go raibh mé mícheart.

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.