www.ráithín.ie
        
    Focal ón bPríomhoide
          Fáilte chuig Coláiste Ráithín. Tá an scoil faoi stiúr an Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin. Múintear na hábhair anseo trí mhéan na Gaeilge. Creidimid go hiomlán inár mana Ad Totam Personam. Ciallaíonn sé sin go gcuirimid oideachas leathan ar fáil. Creidimid go n-imríonn gníomhachtaí seach-chuaclaim ról lárnach i bhforbairt an dalta. Maraon le seo, cuirtear réimse fairsing d’ábhair acadúla ar fáil. Bíonn ról lárnach ag guth an tuismitheora/caomhnóra agus an dalta anseo.
          Oibríonn ár múinteoirí go dian dícheallach chun cabhrú lenár ndaltaí a mbarr feabhais a bhaint amach.
          Tá áiseanna den scoth againn lenár bhfoirgneamh úrnua áit ina leagtar béim ar dea-iompar chun aeráid foghlama dearfach a chothú.
          Déaglán Ó Laoire
          Príomhoide
          Cén fáth tumoideachas a roghnú-buntáistí acadúla
          Faigheann páistí tuiscint níos fearr ar bhunchlocha teanga – gramadach, bunú focal, ord abairtí – tríd an dátheangachas, agus faigheann siad scileanna inaistrithe a gcabhraíonn leo teangacha eile a fhoghlaim.
          Bíonn gnóthachtáil níos airde sa Bhéarla agus sa Mhata araon ag daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid lena bpiarghrúpa i scoileanna lánBhéarla. Is mó seans go gcuirtear curaclam níos leithne ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge ná mar a chuirtear ar fáil i scoileanna de chineálacha eile.
          
    Page 2
        
              
              
            
            Amanna ag tosú agus ag críochnú agus sosanna
          Sraith Shóisearach
          Sonraíocht Nua Folláin
          Croí Ábhair Gaeilge Béarla
          Mata
          Stair
          Stair
          Tír eolas
          Eolaíocht
          Teanga Iasachta (Spáinnis, Gearmáinis, Fraincis)
          Ábhair Roghnacha Ceol Gnó
          Ealaín
          Eacnamaíocht
          Bhaile
          Corpoideachas
          OSSP
          OSPS
          Creideamh
          Am Tionóil
          Sraith Shinsearach
          Folláin
          Croí ábhair Gaeilge Béarla
          Mata
          Teanga Iasachta (Spáinnis , Gearmáinis, Fraincis)
          Ábhair Roghnacha Bitheolaíocht
          Ceimic
          Ceol
          Eacnamaíocht
          Bhaile
          Ealaín
          Fisic Gnó
          Stair
          Tír Eolas
          Corpoideachas
          Ríomheolaíocht
          Corp oideachas Gairmthreoir
          Forbairt
          Phearsanta (OCG san áireamh)
          Scileanna Staidéir
          Eispéiris foghlama eile
          Gníomhaíochtaí seach curaclaim (Cultúr agus Spóirt)
          Ceardlanna Folláine
          Aoichainteoirí Gairmthreora.
          Page 3 | Coláiste Ráithín
        Dé Céadaoin Déardaoin
        Ag tosú 08:42 08:42 08:42 08:42 08:42 Sos na maidine 10:50 - 11:05 10:50 - 11:05 10:50 - 11:05 10:50 - 11:05 10:50 - 11:05 Briseadh Lóin 13:05 - 13:35 13.05 - 13:35 13:05 - 13:35 13:05 - 13:35 Deireadh an lae 15:35 15:35 13:05 15:35 14:55
        Curaclam Dé Luain Dé Máirt
        Dé hAoine
        
    
    
    Misean na hIdirbhliana
          Forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus ghairmiúil an dalta a chothú agus iad a ullmhú do rannpháirtíocht neamhspleách, freagrach sa sochaí.
          
    Cúlra
          Is deis í an idirbhliain do dhaltaí a bhfuil an tSraith Shóisearach críochnaithe acu, ceangal a dhéanamh idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach. Tugtar seans an t-athrú a dhéanamh ó thimpeallacht foghlama spleách na Sraithe Sóisearaí go dtí timpeallacht foghlama neamhspleách na hArdteiste. Tugann sé deis do dhaltaí forbairt phearsanta a dhéanamh trí imeachtaí acadúla, ábhair nua agus imeachtaí eischuraclaim. Spreagtar daltaí le taithí a fháil ar an saol taobh amuigh den scoil mar chuid dá bhforbairt. I mbeagán focal – tugtar “spás chun fás” do na daltaí.
          
    Page 4
        
              
              
            
            Guth an Scoláire
          Comhairle na nDaltaí
          Is é an príomhról atá ag Comhairle na nDaltaí mar atá leagtha amach san Acht Oideachais ná “leasanna na scoile agus rannpháirtíocht na scoláirí i ngnóthaí na scoile, i gcomhar leis an mbord, tuismitheoirí agus múinteoirí”.
          Is iad aidhmeanna chomhairle na ndaltaí anseo i gColáiste Ráithín ná:
          • Feabhas a chur ar chumarsáid idir scoláirí, an bhainistíocht, an fhoireann agus na tuismitheoirí
          • Timpeallacht a chuidíonn le forbairt oideachais agus phearsanta a chur chun cinn
          • Cairdeas agus meas a chothú i measc daltaí
          • Tacú leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann i bhforbairt na scoile
          • Dearcadh na mac léinn ar ábhair imní ghinearálta a léiriú
          Cinnirí Gaeilge
          Is grúpa daltaí a bhfuil spéis agus dúil acu sa Ghaeilge iad Cinnirí na Gaeilge. Tá meascán daltaí ó bhliain a haon go bliain a sé mar bhall den ghrúpa seo le seachtar Ardchinnirí atá go léir san Idirbhliain. Is ar bun an teanga agus an cultúr a chur chun cinn sa scoil a bunaíodh Cinnirí na Gaeilge. Tá na hArdchinnirí tiomanta paiseanta seo freagrach as imeachtaí scoile a eagrú a phléann le teanga, cultúr, agus oidhreacht na Gaeilge agus iad ag luí go mór le meon agus spriocanna an Ghaelcholáiste. Tacaíonn na Cinnrí eile leis na hArchinnirí i réimse béalaí éagsúla. Is mian leis na Cinnirí a gcomhdhaltaí a spreagadh chun an teanga a úsáid agus a láidriú agus chun cion a chothú ar an Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga.
          Seach Churaclam
          Imríonn imeachtaí seachchuraclam ról lárnach sa scoil. Cuireann sé seo go mór le spriod na scoile a chothú. Bíonn réimse leathan ar fail sa scoil agus tá dlúthcheangal idir an scoil agus Emmet Bré CLG.
          
    Page 5 |
        Coláiste Ráithín
        
    
    
    
    Bíonn imeachtaí eile ar fail fosta cuir i gcás:
          Badmantan Sacar Díospóireacht Ceol & Turais Uile Scoile
          Ficheall Lúthcleasaíocht Cispheil
          Táimid thar a bheith buíoch dár muinteoirí a thugann suas a gcuid ama chun na himeachtaí seo a chur ar fail dár ndaltaí.
          Foirgneamh/Áiseanna
          • Tá an t-ádh linn anseo go bhfuil áiseanna den chéád scoth ar fáil dár ndaltaí agus ár múinteoirí araon.
          • I measc na hásieanna atá againn ná:
          • Seomra Fuála & Cistin
          • Trí sheomra riomhaireachta
          • Trí shaotharlann eolaíochta
          • Halla spóirt & seomra gleacaíochta nua aimseartha
          • Seomra miotalóireachta
          • Seomra ceoil
          • Leabharlann
          • Seomra Ealaíne
          Page 6
        
    
              
              
            
            Cairde Ráithín
          Is é Cairde Ráithín an t-ainm atá ar Choiste na dTuismitheoirí againn agus is breá linn é mar thugann sé achoimre bhreá ar a ndéanaimid agus cén fáth a ndéanaimid é. I mbeagán focal, táimid anseo chun tacaíocht a thabhairt don bhainistíocht, don fhoireann agus do na mic léinn i spiorad cairdis.
          I dtéarmaí praiticiúla, tá roinnt imeachtaí bliantúla á reáchtáil againn. I mí Lúnasa, cuirimid sólaistí ar fáil dár ngrúpa bliain a sé sula dtéann siad amach le haghaidh a rince debs. I mí Dheireadh Fómhair bíonn maidin caifé againn do thuismitheoirí an 1ú agus an 2ú bliain. Tugann sé seo deis do theaghlaigh nua bualadh le chéile, mar nach bhfuil deiseanna ‘geata na scoile’ ar fáil ar an mbealach céanna ag an dara leibhéal.
          Tráth na Nollag, tugaimid tacaíocht do Cheolchoirm na Nollag trí shólaistí a sholáthar agus crannchur a reáchtáil. Oibrímid freisin le daltaí na hidirbhliana chun cabhrú le tiomsú airgid dá gcuid ceoldráma. Tá sé seo i bhfoirm féilire le blianta beaga anuas, ina bhfuil saothar ealaíne na mac léinn.
          I mí na Bealtaine cuirimid sólaistí éadroma ar fáil do thráthnóna bronnadh céime na hidirbhliana agus ansin freastalaítear ar imeacht níos mó do ghradam na 6ú bliana, imeacht iontach i gcónaí. Cuirimid tús freisin le tiomsaitheoirí airgid ó am go chéile a ligeann dúinn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscnaimh éagsúla mac léinn.
          Tá an Coiste comhdhéanta de thuismitheoirí ó gach bliain agus mar sin is féidir linn feidhmiú mar bhealach cumarsáide ó thuismitheoirí go bainistíocht má tá imní nó smaointe ar bith ar mhaith leo a chur ar aghaidh.
          Page 7 | Coláiste Ráithín
        
    Coláiste Ráithín
          Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
          P: 01 2865180
          E: colaisteraithin@kwetb.ie
          W: www.ráithín.ie