Manor Mills, Maigh Nuad Co. Chill Dara
1
Teachtaireacht ón bPríomhoide Ba lá stairiúil é an 27 Lúnasa 2020 nuair a d’oscail Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a dhoirse. Den chéad uair riamh, bhí rogha ag scoláirí i gCill Dara thuaidh agus deisceart na Mí tabhairt faoi iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ina gceantar féin. Is mór dom, mar sin, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a chur os bhur gcomhair, agus éiteas agus sainmheon an choláiste a roinnt libh. Foghlaim trí Ghaeilge is ea bunchloch Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad. Táimid tiomanta i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad ionad léinn le timpeallacht labhartha lán-Ghaeilge den scoth a thógáil ina dtugtar tacaíocht agus deis den scoth don uile scoláire faoinár gcúram barr a gcumas acadúil, pearsanta agus sóisialta a bhaint amach, faoi threoir ár mbunluachanna; an Ghaeilge, Cultúr, Meas agus Neart. Táimid an-bhródúil as ár scoláirí, ár scoil agus as ár luachanna scoile. Creidimid san oideachas don duine ina iomláine agus cuirimid romhainn timpeallacht aireach, mheasúil a chruthú do phobal an choláiste. Freastalaímid ar réimse leathan cumais. Creidimid go bhfuil gach scoláire difriúil agus go gcabhraíonn atmaisféar folláin foghlama atá spreagúil agus taitneamhach lenár scoláirí bláthú. Is mór an onóir domsa é oibriú go laethúil le foireann an choláiste atá tiomanta chun oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár scoláirí. Tá siad díograiseach agus fuinniúil ag cruthú pobail thacúil agus ionchuimsitheach ina bhfuil an scoláire mar chroílár ár n-uile chúraim. Tá tréimhse iontach os ár gcomhair amach. Táim ag súil go mór le cloch a chur ar charn oibre i dteannta ár scoláirí, ár dtuismitheoirí, foireann an choláiste, agus na páirtithe leasmhara eile agus barr feabhais teagaisc agus foghlama a chur ar fáil in ionad léinn den scoth i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad. Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Gaelcholáiste Mhaigh Nuad le cúpla bliain ar an bhfód. Is údar mór áthais dúinn, freisin, cé chomh maith agus a éiríonn le scoláirí go hacadúil agus in imeachtaí eischuraclaim taobh istigh agus taobh amuigh don choláiste. Creidimid go láidir gur ar leas gach scoláire é, go mbeadh comhoibriú agus cumarsáid éifeachtach idir fhoireann an choláiste agus tuismitheoirí/ caomhnóirí an choláiste. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair libhse agus le bhur bpáistí agus iad ar a n-aistear meánscolaíochta. Tá buíochas ar leith ag dul do mhúinteoirí agus don fhoireann tacaíochta, as a gcuid oibre agus díograis lá i ndiaidh lae chun barr feabhais a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáthchaighdeán in imeachtaí uile an choláiste. Tá míle fáilte romhaibh bualadh isteach ar cuairt nó dul i dteagmháil linn má bhíonn aon cheist agaibh. Idir seo agus sin, bainigí sásamh as a bheith ag léamh faoinár scoil. Táim ag súil go mór fáilte a chur romhat agus do pháiste go Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Mícheál Ó Ceoinín Príomhoide 2
Principal’s message History was made on the 27th August 2020 when Gaelcholáiste Mhaigh Nuad opened. For the first time students in north Co. Kildare and south Co. Meath had the option to embark upon an all-Irish education in their own community. I am delighted, therefore, to introduce you to Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, and to share our ethos and aspirations with you. Learning through Irish is the cornerstone of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. We, in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, are committed to building a centre of learning excellence in an all-Irish speaking environment, where each student is supported and challenged to reach their full potential academically, personally and socially guided by our values; Gaeilge, Cultúr, Meas agus Neart. We are immensely proud of our students, our school and its values. We believe in a holistic education and aim to create a caring, respectful environment for the school community. We cater for a wide range of abilities. We believe that every student is different and that a stimulating, enjoyable, healthy learning environment helps our students to flourish. I am privileged to work alongside staff that are driven to provide the highest standard of education for our students. Their diligence and energy help create a supportive and inclusive community, which places the student at the heart of everything we do. It is a hugely exciting time for us ahead. I look forward immensely to continuing to work with our students, parents, staff and education partners of our school community in building a centre of excellence in teaching and learning at Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. We are very proud of the progression Gaelcholáiste Mhaigh Nuad has made in a short few years. We are delighted with how well our students are performing academically and in extracurricular activities inside and outside of the school. We strongly believe that effective co-operation and communication between the school staff and parents/guardians is in the best interest of all students. We look forward to working with you and your children as they embark on their secondary school journey. A special thanks to the teachers and support staff for their daily work and commitment to achieving excellence and maintaining the high standards in all of our school affairs. You are welcome to visit us or contact us should you have any queries. In the meantime, enjoy reading about our school. I look forward to welcoming you and your child to Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Mícheál Ó Ceoinín Principal
Clárúchán
Enrolment
Táimid ag clárú faoi láthair don scoilbhliain seo chugainn. Tá sonraí ar shuíomh na scoile, ag www.gcmn.ie
We are currently enrolling for the next academic year. Details on our school website at www.gcmn.ie
Is féidir iarratas a dhéanamh trí Déan iarratas ar Scoil – http://www.applytoschool.ie
Applications can be made via Apply to School - http://www.applytoschool.ie
3
Scoil Bord Oideachais agus Oiliúna – Is scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil na croíluachanna seo a leanas mar bhonn agus mar thaca acu: •
Barr Feabhais san Oideachas;
•
Cúram;
•
Comhionannas:
•
Pobal agus
•
Meas.
Cuirtear timpeallacht shlán fhisiciúil agus shóisialta ar fáil inár gcuid scoileanna a chothaíonn ceangal láidir i measc phobal na scoile agus an pobal i gcoitinne. Déantar iarracht a chinntiú go mbaineann gach scoláire barr a gcumais, beag beann ar fhéiniúlacht nó cúlra. Cuirtear oideachas lán-ionchuimsithe chun cinn inár gcuid scoileanna ina n-aithnítear an iliomad féiniúlachtaí, creideamh agus luachanna scoláirí, tuismitheoirí agus bhaill den fhoireann. Ullmhaímid saoránaigh atá leathanaigeanta, a bhfuil tuiscint acu ar chultúir, atá freagrach agus a bhfuil meas acu ar chomhluachanna. Caitear mar a chéile le scoláirí de gach reiligiún agus creideamh i scoileanna BOO. Ní thugtar buntáiste d’aon ghrúpa ar leith seachas grúpa eile i dtimpeallacht ná i ngníomhaíochtaí scoile agus tugtar aitheantas ag an am céanna do scoláirí ó gach reiligiún agus creideamh agus éascaítear iad.
Education and Training Board School – KWETB ETB schools are state, co-educational, multidenominational schools underpinned by the core values of: •
Excellence in Education;
•
Care;
•
Equality;
•
Community and
•
Respect.
Our schools provide a safe physical and social environment that reinforces a sense of belonging to the school community and wider society. They strive to enable every student to realise their full potential, regardless of any aspect of their identity or background. Our schools promote a fully inclusive education that recognises the plurality of identities, beliefs and values held by students, parents and staff. We encourage openminded, culturally sensitive and responsible citizens with a strong sense of shared values. In ETB schools, students of all religions and beliefs are treated equally. The school environment and activities do not privilege any particular group over another whilst at the same time acknowledging and facilitating students of all religions and beliefs. 4
Éiteas Is iar-bhunscoil chomhoideachasúil, ilchreidmheach é Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, atá ag feidhmiú faoi phátrúnacht Bhoird Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin.
Ráiteas Misin Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad Is iad na bunluachanna i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad ná Gaeilge, Cultúr, Meas agus Neart agus oibreoidh pobal an choláiste ar son na luachanna seo go laethúil. Mar Ghaelcholáiste, tá an Ghaeilge ag croílár ár misin. Tá béim ar fhorbairt iomlánaíoch an scoláire in atmaisféar Gaelach, dearfach agus spreagúil. Cuirfear béim ar chothrom na féinne agus freastal ar riachtanais an duine óig, idir riachtanais fhoghlama, fhorbartha agus fheabhais.
Fís Oideachasúil Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad Cuireann Gaelcholáiste Mhaigh Nuad roimhe mar chuspóir, chomh fada agus is féidir, an timpeallacht oideachasúil is fearr ar féidir a chur ar fáil do na scoláirí ar fad, leis na hacmhainní atá ar fáil don scoil. Déanaimid freastal ar na scoláirí trí bhéim a chur ar luachanna agus ar thraidisiúin chomh fada agus a bhaineann le cúrsaí cultúrtha, teanga, sóisialta, fisiciúla, morálta agus spioradálta.
Ethos Gaelcholáiste Mhaigh Nuad is a coeducational, multi-denominational school post primary school, operating under the patronage of Kildare Wicklow Education and Training Board Mission Statement of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad Our school-based values in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad are Gaeilge, Cultúr, Meas and Neart and we work together daily to achieve these. As a Gaelcholáiste, Irish is at the centre of our mission. We focus on the students’ holistic development in a positive and motivated all Irish immersed atmosphere. We will be fair and equal in our approach in meeting the needs of our students – learning, development and improvement. Educational Vision of Gaelcholáiste Mhaigh Nuad Gaelcholáiste Mhaigh Nuad sets out as its objective to provide, as far as possible, the best educational environment for all the students using the resources available to the school. We serve the students by emphasising the traditions and values of the school with regard to cultural, language, social, physical, moral and spiritual matters.
5
Tumoideachas Is modh foghlama é an tumoideachas, córas a chuidíonn le scoláirí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo gur trí Ghaeilge a mhúintear gach ábhar i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, seachas an Béarla agus teangacha iasachta. Ciallaíonn sé, freisin, gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide sa choláiste, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Ar an gcaoi seo, cothaítear líofacht Ghaeilge an scoláire.
Immersion Education Immersion education is a system which helps students to become fluent in Irish naturally, by giving them daily experience in an Irish-speaking environment. This means that all subjects, apart from English and foreign languages, are taught through the medium of Irish in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. It also means that Irish is the language of communication in the school, both inside and outside the classroom. In this way, students’ fluency in Irish is supported. Here are some of the benefits of immersion education. •
Cognitive Benefits:
•
Benefits with Communication:
•
Increased Self-Confidence & Tolerance:
•
Academic Benefits:
You’ll find references and research sources for the above on www.gaeloideachas.ie.
Seo roinnt de na buntáistí a aithnítear leis an tumoideachas. •
Buntáistí Cognaíocha
•
Buntáistí Cumarsáide
•
Féinmhuinín Mhéadaithe & Caoinfhulaingt
•
Buntáistí Acadúla
Tá foinsí taighde maidir leis an méid thuas ar fáil ar www.gaeloideachas.ie.
Cén fáth go roghnófá Gaelcholáiste Mhaigh Nuad? •
Béim ar chúrsaí acadúla
•
•
Fuinneamh agus suim mar scoil nua
Tá foireann dhíograiseach le hard-scileanna againn
•
•
Timpeallacht lán-Ghaeilge
Tá córas tréadchúraim agus tacaíochta pearsanta éifeachtach againn
•
Ranganna beaga
•
•
Réimse leathan ábhar
Cothaíonn muid pobal foghlama scoile le hardchaighdeán a éileamh
•
Freastalaíonn muid ar gach páiste mar dhuine aonair
Why choose Gaelcholáiste Mhaigh Nuad?
6
•
Strong academic focus
•
•
Energy and enthusiasm of a new school
We meet the needs of each child as an individual
•
•
All-Irish speaking environment
We have a highly-skilled supportive staff
•
Small student numbers
•
We have a proactive pastoral and support system
•
Wide range of extra-curricular activities
•
•
A caring and supportive environment
We create a sense of community embedding a culture of togetherness and inclusivity
Foirgneamh & áiseanna Tá foirgneamh scoile nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais do Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad. Beidh an foirgneamh nua ar shuíomh iar-bhunscoile Mhaigh Nuad ar Bhóthar an Mhaigh gCláir. Tá foireann deartha ceaptha faoi mhaoirseacht na n-ailtirí McCarthy O’Hora. Tá siad ag forbairt pleananna dár bhfoirgneamh scoile nua. Tá pobal an choláiste ag súil go mór leis an bhforbairt seo agus leis an infreastruchtúr agus áiseanna nua-aimseartha a bheith againn chun ár gcuraclam leathan agus imeachtaí eischuraclaim den scoth a chur ar fáil. Idir an dá linn, tá cóiríocht shealadach chompordach againn i Manor Mills agus rochtain ar sheomraí praiticiúla athchóirithe ar shuíomh eile in aice láimhe. Tá halla spóirt agus ionad aclaíochta lán-fheistithe againn sa scoil freisin. I measc áiseanna tá: Seomraí ginearálta, saotharlann eolaíochta, seomra eacnamaíocht bhaile, seomra ealaíne, seomra ceoil, seomra adhmadóireachta, seomra teicneolaíochta, seomra ríomheolaíochta, seomra céadfach, leabharlann, halla spóirt, ionad aclaíochta.
Building & facilities The Department of Education has sanctioned a new school building for GCMN. The new building will be on the site of the former Maynooth Post Primary school on the Moyglare Road. A design team has been appointed under the supervision of McCarthy O’Hora Architects. They are developing plans for our new school building. The school community looks forward to this development, and to having the infrastructure in which to deliver our broad academic curriculum, as well as wide-ranging co-curricular and extracurricular activities. In the interim, we have temporary accommodation in Manor Mills, and access to newly renovated practical rooms on an additional nearby site. We also have a sports hall and a fully equipped school gym. Our facilities include: General classrooms, science laboratory, home economics room, art room, music room, woodwork room, technology room, computer laboratory, sensory room, library, sports hall and gym.
Foirgneamh Nua New Building
7
Ár gCéad Rang Ardteistiméireachta Rang Darach Tá áit ar leith ag scoláirí Rang Darach i stair na scoile. Ón tús, bhí ról lárnach acu i múnlú na scoile agus i dtógáil an pobal scoile atá againn inniu. Bhunaigh siad coistí, chruthaigh
siad traidisiúin nua, ghlac siad le róil cheannaireachta agus chuir siad tús le go leor de na deiseanna atá anois mar chuid lárnach de shaol na scoile. Leag siad an bhunchloch do na glúnta a thiocfadh ina ndiaidh.
Rang Ardteistiméireachta 2026
Our first Leaving Cert Class - Rang Darach The students of Rang Darach hold a special place in the school’s history. From the very beginning, they played a pivotal role in shaping the school and building the school community we have today. They established committees, created new traditions, took on leadership roles, and initiated many of the opportunities that are now central to school life. They laid the foundation for the generations that would follow.
Rang Darach 2020-2026 Leaving Cert students 2026
Scoláirí na hArdteistiméireachta 2026
Cá bhfuil siad anois?
•
21 students 2 scored 625 points
•
•
21 scoláire
Ag staidéar:
4 scored over 600
•
•
2 ar 625 pointí
Class average 525
•
•
4 os cionn 600 pointí
•
Meán mharc an ranga 525
Eolaíocht, Innealtóireacht, Leigheas, Múinteoireacht, Ailtireacht, na hEalaíona, Dlí, Teangacha
Where are they now? Studying: Science, Engineering, Medicine, Teaching, Architecture, Film, Art, Law, Languages
An chéad ghrúpa sa scoil & Ardteist 2026 First group of students in GCMN – Leaving cert 2026
8
Teagasc agus Foghlaim Aithníonn Gaelcholáiste Mhaigh Nuad nach n-ionann gach foghlaimeoir, agus go bhfuil muid ag freastal ar stíleanna agus leibhéil chumais éagsúla. Úsáidtear na straitéisí is nua-aimseartha teagaisc agus scoth na teicneolaíochta i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, chun tacú leis an bhfoghlaim neamhspleách. Is scoil dhigiteach sinn, agus tuigtear dúinn na buntáistí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta maidir leis an bhfoghlaim. Táimid, i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, ag feidhmiú i gcomhthéacs torthaí soiléire foghlama, agus eochair-scileanna na Sraithe Shóisearaigh, atá leagtha amach thíos: •
Mé féin a bhainistiú
•
Fanacht folláin
•
Cumarsáid
•
A bheith cruthaitheach
•
Obair le daoine eile
•
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú
•
A bheith uimheartha
•
A bheith liteartha
Teaching and Learning Gaelcholáiste Mhaigh Nuad recognises that all students are unique and we use various teaching styles to cater for all abilities. We use modern teaching methodologies and strategies through the use of the most innovative technologies in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad to support independent learning. We are a digital school and we recognise the advantages of technology for enhancing learning. We, in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, work with a clear focus on learning outcomes aligned with the key skills set out as part of the new Junior Cycle programme, and outlined below: •
Managing myself
•
Staying well
•
Communicating
•
Being creative
•
Working with others
•
Managing information and thinking
•
Being numerate
•
Being literate
9
Curaclam
Curriculum
Cuirtear curaclam leathan ar fáil i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, a léiríonn sainmheon an choláiste maidir le forbairt a dheánamh ar gach scoláire barr a gcumais a bhaint amach.
A comprehensive curriculum is delivered in Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, which underpins our school’s vision for the development of the full potential of each student.
Tugtar deis do scoláirí gach ábhar a bhlaiseadh sa Chéad Bhliain, rud a thugann deis dóibh rogha níos fearr a dhéanamh maidir le hábhair na Sraithe Sóisearaí.
10
Students are given the opportunity to sample all subjects in First Year allowing them to make more informed decisions regarding their Junior Cycle subject choices.
Curaclam na Sraithe Sóisearaí:
Junior Cycle core curriculum:
Ábhair lárnacha:
Core subjects:
Gaeilge
Stair
Gaeilge
History
Béarla
Tíreolaíocht
English
Geography
Matamaitic
Spáinnis nó Gearmáinis
Mathematics
Spanish or German
Eolaíocht
Science
Ábhair Folláine:
Wellbeing subjects:
Corp Oideachais
Oideachas Sóisialta Pearsanta Sláinte (OSPS)
Oideachas Sibhialta Sóisialta agus Polaitíochta (OSSP)
Ábhair roghnacha:
Physical Education
Social Personal Health Education (SPHE)
Civic Social Political Education (CSPE)
Optional subjects:
Staidéar Gnó
Adhmadóireacht
Business Studies
Materials Technology Wood
Ceol
Teicneolaíocht
Music
Technology
Ealaín
Grafaic
Art, Craft and Design
Graphics
Eacnamaíocht Bhaile
Home Economics
11
An Idirbhliain Is bliain thábhachtach í an Idirbhliain a thugann deis do scoláirí fás agus forbairt. Le linn na bliana, blaiseann siad ábhair na hArdteistiméireachta, tugann siad faoi thaithí oibre agus glacann siad páirt in imeachtaí agus turais oideachasúla. Foghlaimíonn siad scileanna breise saoil, cuireann siad lena gcumas acadúil trí oibriú go neamhspleách ar thograí agus ar thionscnaimh agus feabhsaíonn a scileanna sóisialta agus cumarsáide. Tá cur chuige srathaithe againn san idirbhliain. Bíonn croí-ábhair, blais ábhair, modúil agus gearrchúrsaí ar fáil dár scoláirí mar aon le réimse leathan imeachtaí breise oideachais. Seo leagan amach churaclam na hidirbhliana.
Transition Year Transition Year is an important year that gives students the opportunity to grow and develop. Throughout the year, they sample Leaving Certificate subjects, undertake work experience and take part in educational events and trips. They learn additional life skills, enhance their academic ability by working independently on projects and initiatives and improving their social and communication skills. We have a layered approach in Transition Year. Core subjects, taster subjects, modules and short courses are available to our students, as well as a wide range of additional educational activities. Here is the layout of the Transition Year curriculum.
Ábhair lárnacha: Gaeilge
Gairmthreoir
Gaeilge
Career Guidance
Béarla
OCG - Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta
English
Relationships and Sexuality Education
Matamaitic
Ríomheolaíocht
Maths
Computers
Physics/Chemistry/ Biology
History/Culture
German or Spanish
Geography
PE
Music/Performance arts
Fisic/Ceimic/ Bitheolaíocht Gearmáinis nó Spáinnis Corpoideachas
12
Core subjects:
Stair/Cultúr Tíreolaíocht/OSD Ceol/Na Taibhealaíona
Modúil:
Modules:
Mandairínis
Neart agus aclaíocht
Mandarin
Dearadh agus Próiseas (Adhmadóireacht/ Teicneolaíocht/Grafaic)
Strength and conditioning
Garchabhair
Design and Process (Woodwork/ Technology/Graphics)
First Aid
Eacnamaíocht Bhaile
Cúrsa Tiomána
Home Economics
Driving Course
Ealaín/ Grianghrafadóireacht
Microsoft Office Specialist TEG – Teastas Eorpach sa Ghaeilge
Fiontraíocht Codú
Gaisce
Art/Photography Enterprise Coding
Microsoft Office Specialist TEG – Teastas Eorpach sa Ghaeilge Gaisce
Scileanna saoil
Life skills
Turais imeachtaí eile:
Trips and other activities:
Ceoldráma na hIdirbhliana
Turas thar lear
TY Musical
Trip abroad
Turais lae
Taithí oibre
Day trips
Work experience
Turas Gaeltachta
Gaeltacht trip
13
Leaving Certificate
An Ardteistiméireacht Faoi mar atá ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, tá rogha leathan ábhar againn ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Tabharfaidh scoláirí faoi sheacht n-ábhar dá gcúrsa Ardteistiméireachta.
Gaeilge Béarla Matamaitic
Teicneolaíocht Fheidhmeach Grafaic Dheartha agus Chumarsáide
Gearmáinis nó Spáinnis
Ceol
Stair
Ealaín
Tíreolaíocht
Eacnamaíocht Bhaile
Gairmthreoir
Corpoideachas na hArdteiste
Bitheolaíocht
Gnó
Fisic
Ábhair eile agus an scoil af fás: Cuntasaíocht/ Eacnamaíocht
Ceimic
14
Staidéar Foirgníochta
As with our subject choice at Junior Cycle, we offer a wide range of options at Senior Cycle. Students study seven subjects during their Leaving Certificate course.
Gaeilge
Construction Studies
English
Applied Technology
Mathematics
Design and Communication Graphics
German or Spanish
Music
History
Art
Geography
Home Economics
Career Guidance
Leaving Cert PE
Biology
Business
Physics
Additional subjects as the school grows: Accounting/Economics
Chemistry
Technology Digital devices are in use at Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Research in education shows that technology is a very useful learning support resource. The Microsoft Teams program is widely used in the school so that we can meet the educational needs of our students. The school provides Microsoft Office 365 school accounts to all students. As part of the new Junior Cycle, there is an emphasis on research and presentations conducted using information technology for the purposes of Classroom Based Assessments.
Cúrsaí Teicneolaíochta Tá gléasanna digiteacha in úsáid sa choláiste. Léiríonn an taighde san oideachas gur áis tacaíochta foghlama an-úsáideach í an teicneolaíocht. Tá an clár Microsoft Teams in úsáid go forleathan sa scoil ionas gur féidir linn freastal ar riachtanais oideachais ár scoláirí. Cuireann an coláiste cuntais Microsoft 365 ar fáil do gach scoláire. Mar chuid de Mheasúnuithe Rangbhunaithe na Sraithe Sóisearaí nua, déantar taighde agus cur i láthair ag baint úsáid as an teicneolaíocht fhaisnéise.
15
Ionchur ár dTuismitheoirí Creidimid go láidir go bhfuil ról fíorthábhachtach ag tuismitheoirí in oideachas a bpáiste. Is mór dúinn tacaíocht ár dtuismitheoirí, agus cuirimid fáilte roimh ionchur tuismitheoirí in imeachtaí curaclaim agus seach-churaclaim an choláiste. Tuigimid a thábhachtaí is atá rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus luachanna an choláiste á gcur chun cinn ar scoil, sa bhaile agus sa saol.
Coiste na dTuismitheoirí Fáiltíonn Coiste na dTuismitheoirí roimh bhaill nua. Má bhraitheann tú go bhféadfá roinnt ama a thabhairt chun cabhrú leis an ngrúpa fíorthábhachtach seo, téigh i dteagmháil le CnaT@gcmn.ie
Parental Involvement We believe parents are at the centre of their child’s education, and that the support of parents is vital in the achievement of excellence. We seek and welcome parental involvement in cocurricular and extracurricular activities, in the pursuit of excellence in our school and in the promotion of our school values.
The Parents’ Association The Parents’ Association welcomes new members. If you feel you could give some time to help this very important and valued group, please contact CnaT@gcmn.ie 16
An Tréadchúram Tá an tréadchúram mar bhunchloch an chórais thacaíochta agus, tuigimid gur tábhachtaí ar fad tacaíocht, dea-chomhairle agus timpeallacht chairdiúil a chur ar fáil do scoláirí. I dteannta na struchtúr foirmeálta, is cur chuige uile-scoile atá againn, agus tá ról lárnach ag gach ball foirne cur le timpeallacht thacúil an choláiste.
Clár Ionduchtaithe na Chéad Bhliana Cuirfimid clár iomlán ionduchtaithe ar fáil do lucht na chéad bhliana a thugann deis dóibh socrú isteach sa scoil. Caitheann an múinteoir ranga am leis na scoláirí ag tús na bliana chun tacú leo agus iad ag socrú isteach. Tuigeann foireann an choláiste an áit lárnach atá ag an gcúram i saol an choláiste. Tugtar tús áite do chúrsaí folláine i ngach gné de chleachtas an choláiste agus tá struchtúir éifeachtacha i bhfeidhm chun tacaíocht mhothúchánach agus shóisialta a chur ar fáil dár scoláirí.
An Múinteoir Ranga Tá ról an-tábhachtach ag na múinteoirí ranga sa choláiste. Is cuid lárnach den chlár ama é an clárú maidine agus is cuid an-tábhachtach d’eispéireas scoile na scoláirí é chomh maith. Is deis luachmhar í don mhúinteoir ranga aithne mhaith a chur ar ghrúpa scoláirí. Cabhraíonn an caidreamh seo idir an rang agus an múinteoir ranga leis na scoláirí ina saol laethúil. Cabhraíonn sé linne súil a choimeád ar thinreamh agus ar dhul chun cinn ár scoláirí.
Foireann Tacaíochta Tá foireann tacaíochta sa choláiste a bhuaileann le chéile go rialta le cúram na scoláirí a phlé agus leis an tacaíocht is oiriúnaí a d’oirfeadh a phlé.
Pastoral Care We endeavour to ensure the wellbeing and support of each student through sound advice and a friendly and supportive community. Our approach to pastoral care is a holistic one, and while formal structures are in place, all members of the school community play an integral part in the care of our students.
First Year Induction Program We provide a full induction programme for first year students. This programme supports them in their transition from primary to secondary school. The class tutor spends time with the students at the beginning of the year to get to know them and to support them both socially and academically. Staff understand the central role of pastoral care in the life of the school. Wellbeing is a priority in all aspects of our practice and effective structures are in place to provide emotional and social support for our students.
The Class Tutor The class teachers play a very important role in the school. They conduct a daily registration which forms an integral part of the curriculum and is also a very important part of the students’ school experience. It is a valuable opportunity for the class teacher to get to know a group of students well. This relationship between the class and the class teacher is key to their sense of belonging and wellbeing. It helps us to keep track of our students’ attendance and progress.
Student Support Team The school has a Support team which meets on a weekly basis to discuss the pastoral care needs of the students and to discuss, identify and implement the most appropriate support.
17
Folláine Baineann folláine sa tSraith Shóisearach le daoine óga a bheith ag mothú muiníneach, sona, sláintiúil agus i dteagmháil le daoine agus leis an saol. Tá cúrsaí folláine bunaithe ar shé tháscaire folláine: •
Gníomhach,
•
Freagrach,
•
Ceangailte,
•
Athléimneach,
•
Meas
•
agus Feasach.
Beidh an scoláire páirteach i bhfoghlaim faoin bhfolláine i rith na Sraithe Sóisearaí. Is féidir leis sin deiseanna a chur ar fáil don scoláire chun scileanna a fhorbairt, a fholláine féin a fheabhsú agus scileanna sóisialta agus saoil riachtanacha a fhorbairt. Cuirimid OSSP, OSPS agus Corpoideachas ar fáil mar chuid de chlár folláine an choláiste.
18
Wellbeing Wellbeing in Junior Cycle is about young people feeling confident, happy, healthy and connected. Wellbeing is based on six indicators: •
Active,
•
Responsible,
•
Connected,
•
Resilient,
•
Respected
•
and being Aware
The student will be involved in learning about wellbeing in the Junior Cycle. Opportunities are available for students to develop their skills, improve their wellbeing and develop social and life skills We provide CSPE, SPHE and Physical Education as part of our school wellbeing programme.
Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim Buaiteoirí uile-Éireann – MyEU50 All-Ireland winners of the MyEU50 competition
Extra-curricular activities In Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, we believe that physical, mental, social and emotional development is central to the growth of the person, and enriches learning.
Tuigimid, i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, an tábhacht le forbairt fhisiciúil, shóisialta agus mothúnach an duine óig, agus chomh mór is a shaibhríonn sí an fhoghlaim. Molaimid rannpháirtíocht na scoláirí i réimse leathan gníomhaíochtaí spóirt, ceoil, ealaíne, cultúrtha agus eile. Cuirimid béim ar rannpháirtíocht, comhoibriú agus féin fhoghlaim sna himeachtaí uile a chuirtear ar fáil. Tugtar tús aite d’imeachtaí cultúrtha na hÉireann ar aon dul le héiteas an choláiste.
We support and encourage participation in a broad range of sporting, musical, artistic and cultural activities. We emphasise participation, co-operation and independent learning in all activities offered. Priority is given to Irish cultural activities in keeping with our school ethos.
19
An Ceol sa Choláiste Tá an-suim ag ár scoláirí sa cheol. Glacann an rang ceoil páirt i gcomórtais i rith na bliana mar shampla, Scléip agus éiríonn thar barr leo. •
Grúpa traidisiúnta
•
Cór an choláiste
•
Club damhsa
An Spórt sa Choláiste I measc na spórt a chuirtear ar fáil sa choláiste tá: •
Cispheil,
•
Peil Ghaelach,
•
Iománaíocht agus an chamógaíocht,
•
Sacar
•
Lúthchleasaíocht,
•
Leadóg bhoird agus badmantan.
Is iomaí spórt agus gníomhaíocht eile a bhíonn sa Roinn Corpoideachais i rith na bliana.
Clubanna agus imeachtaí eile •
Club códú
•
Díospóireachtaí
•
Turais lae agus thar lear
•
Comórtas áitiúla agus náisiúnta
•
Traenáil spóirt
Gníomhaíochtaí eile i rith na bliana
20
•
BT Eolaí Óg
•
SciFest
•
Lá Eorpach na dTeangacha
•
Gaeilge 24
•
Seachtain na Gaeilge
•
Seachtain Mhatamaitic
•
Seachtaine sláinte & folláine
•
Lá Spóirt
•
Lá Domhanda na Leabhar
Music in School Our students are very interested in music. The music class participates in competitions throughout the year, for example Scléip and perform very well. •
Traditional Irish group
•
School choir
•
Dance club
Sports in the school The following sports are available: •
Basketball
•
Gaelic football
•
Hurling and camogie
•
Soccer
•
Athletics
•
Table tennis, and badminton
The PE department provides a number of other sports and activities during the year.
School Clubs and other activities •
Coding club
•
Debating
•
Day trips and foreign trips
•
Local and national competitions
•
Sports training
Activities during the year •
BT Young Scientist
•
SciFest
•
European Languages Day
•
Gaeilge 24
•
Seachtain na Gaeilge
•
Maths week
•
Health & wellbeing week
•
Sports Day
•
World Book Day
21
Cumarsáid Córas Tyro
Seisiúin Eolais Cuirtear seisiúin eolais ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí an choláiste ag tús na scoilbhliana agus i rith na bliana.
Úsáidtear an córas Tyro atá le fáil ar shuíomh idirlín an choláiste le dul chun cinn agus tinreamh na scoláirí a thaifead. Is féidir eolas maidir le tinreamh, poncúlacht, iompar agus tuairiscí scoile a fháil ar Tyro. Gintear ainm úsáideora agus pasfhocal do thuismitheoirí/ chaomhnóirí ag tús na bliana agus moltar dóibh súil a chaitheamh go rialta ar an gcóras seo.
Tuairiscí Scoile
Cruinnithe idir Mhúinteoirí agus Tuismitheoirí Bíonn deis ag tuismitheoirí/ caomhnóirí an choláiste freastail ar chruinniú uair sa bhliain leis na múinteoirí. Dár ndóigh, is féidir cruinniú a eagrú le bainistíocht an choláiste réir mar is gá.
Foilsítear tuairiscí scoile trí Tyro tar éis seisiúin fhoirmeálta mheasúnaithe.
Dialann Scoile Tá dialann scoile ag gach scoláire sa choláiste agus ní mór dó/ di an dialann seo a chur ar a mbord ag tús gach ranga. Is uirlis chumarsáide í an dialann seo idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí/ chaomhnóirí an choláiste. Ní mór do thuismitheoirí súil a choimeád ar an dialann seo agus é a shíniú ar bhonn seachtainiúil.
Oíche Oscailte Eagraítear oíche oscailte do dhaltaí Rang a 5 agus Rang a 6 i mí Mheán Fómhair gach bliain.
Every student in the school has a school diary and he/she must place this journal on his/her desk at the beginning of each class. This journal is a communication tool between teachers and parents/guardians of the school. Parents/guardians are asked to check this journal regularly and to sign it on a weekly basis.
Open Night
Communication Tyro system The Tyro system available on the school website is used to record students’ progress and attendance. Information on attendance, punctuality, behaviour and school reports can be accessed via Tyro. A username and password are generated for parents/guardians at the beginning of the year and they are advised to check this system regularly.
School Reports School reports are published via Tyro following formal assessment sessions.
22
School Journal
An open evening is organised for 5th and 6th class students in September each year.
Information sessions Information sessions are provided for parents/guardians at the beginning and during the school year.
Teacher-Parent Meetings Parents/guardians have the opportunity to attend a meeting once a year with the teachers. Meetings can also be arranged with school management as required.
What are the advantages of attending a Gaelcholáiste? According to research on bilingual education, the following are the results for students who attend a Gaelcholáiste such as GCMN:
Cognitive Benefits: Immersion
Cad iad na buntáistí a bhaineann le freastal ar Ghaelcholáiste? De réir an taighde ar oideachas dátheangach seo cuid de na buntáistí do scoláirí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste cosúil le GCMN:
Buntáistí Cognaíocha: Eascraíonn solúbthacht
chognaíoch agus smaointeoireacht iltreoch as an tumoideachas; éiríonn le scoláirí smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí, agus é ar a gcumas acu réimse réiteach nó freagraí bailí a thabhairt ar fhadhb. Aithnítear smacht méadaithe ar aird agus smacht feidhmiúcháin feabhsaithe. Bíonn scileanna cuimhne níos fearr acu freisin agus ina theannta seo bíonn siad níos cumasaí ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí agus ag déanamh cinntí stuama. Léiríonn an taighde gur féidir leis an dátheangachas moill cheithre bliana a chur ar ghalair mheabhracha áirithe.
Buntáistí Cumarsáide: Tacaíonn múnla an
tumoideachais le sealbhú teanga an pháiste trí rannpháirtíocht agus ionsú iomlán. Bainfidh scoláirí nach bhfuil an Ghaeilge ná an Béarla mar ghnáth-theanga bhaile acu tairbhe as an tumoideachas agus rachaidh sé chun a leasa i dtaobh shealbhú an Bhéarla. Méadaíonn cumas na scoláirí i dteangacha eile (an Béarla san áireamh) seachas a mhalairt.
Féinmhuinín Mhéadaithe agus Caoinfhulaingt:
Cothaíonn an tumoideachas leibhéil níos airde caoinfhulaingthe i measc scoláirí. Bíonn níos mó teagmhála ag na scoláirí le cultúir éagsúla agus bíonn meas níos mó acu orthu, rud a spreagann ilchultúrachas níos doimhne. Tugann an dátheangachas tuiscint níos fearr do na scoláirí ar a gcuid féiniúlachta féin agus mar thoradh air sin, bíonn féinmheas níos mó acu.
Buntáistí Acadúla: Sealbhaíonn scoláirí tuiscint níos fearr
ar bhunchlocha teanga – gramadach, bunú focal, ord abairtí – tríd an dátheangachas, agus faigheann siad scileanna inaistrithe a chabhraíonn leo teangacha eile a fhoghlaim. Tá foinsí taighde maidir leis an méid thuas ar fáil ar www.gaeloideachas.ie
leads to cognitive flexibility and multidirectional thinking; students think in more creative ways, are able to come up with a range of valid solutions or answers to a problem. An increased attention span is also recognised as a benefit. Students have better memory skills and in addition are more competent at facing matters and making prudent decisions. Research shows that bilingualism can delay certain mental illnesses e.g. Alzheimer’s by four years.
Benefits with Communication:
The immersion model supports the child’s language acquisition through full participation and absorption. Students who do not have Irish or English as their home language will benefit from immersion education and it will benefit their acquisition of English. Students’ ability in other languages (including English) increases with immersion education.
Increased Self-Confidence and Tolerance: Immersion education
fosters higher levels of tolerance among students. Students have more contact with and respect for different cultures, which encourages a deeper multiculturalism. Bilingualism gives students a better sense of their own identity and as a result they have greater self-esteem.
Academic Benefits: Students gain a better understanding of the basics of language - grammar, word formation, sentence order - through bilingualism, they acquire transferable skills that help them learn other languages. Research sources in relation to the above are available on www. gaeloideachas.ie
23
Deartha agus Curtha i gCló ag
Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as a desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.” Séamus Heaney
Manor Mills, Maigh Nuad Co. Chill Dara
01 – 5054386
@GCMN_MhaighNuad
eolas@gcmn.ie
gaelcholaiste_mhaighnuad
www.gcmn.ie
24