Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht

Page 1

Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht 2022-2026
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 2

ÁBHAR Íomhánna clúdaigh:

Barr: Móinéir féaraigh ag Baile an Chaisleáin, Chill Dara.

Fhíonáin.

Réamhrá 1

1 Aidhm na straitéise 4

2 An bhithéagsúlacht sa chomhthéacs domhanda 5

3 An bhithéagsúlacht in Éirinn

4 An bhithéagsúlacht agus an OPW 18

Conas a bhaineann an OPW leis an mbithéagsúlacht 21

1) Bainistíocht Riosca i gcás Tuilte 23

2) Bainistíocht Eastát 26

3) Seirbhísí Oidhreachta 27

An OPW agus speicis tosaíochta 30

An OPW agus suíomanna ainmnithe 30

An Bhithéagsúlacht agus Daoine de chuid an OPW 30

5 OPW cás-staidéir bithéagsúlachta 35

6 Cur chuige na staitéise gníomhaíochta um bithéagsúlacht de chuid an OPW 55

7 Todhchaí bhithéagsúil 58

8 Téamaí straitéiseacha 61

9 Gníomhaíochtaí staitéiseacha 65

Téama Straitéiseach 1. Ag pleanáil don Dúlra 66

Téama Straitéiseach 2. Ceannairí Nádúrtha 69

Téama Straitéiseach 3. Ag obair le huisce agus fiadhúlra 72

Téama Straitéiseach 4. Éagsúlacht trí Dhearadh 76

Téama Straitéiseach 5. Eolas ar an Dúlra 79

Faireachán agus meastóireacht 83

10 Ár gCur chuige maidir le cur i bhFeidhm 84

Fonótaí 88

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027
9
Bun: Impire ag Doire
Peirsil Bhó agus Fearbhán Féir. ↓ → Foraois Cheilpe amach ó Dhoire Fhíonáin, Co Chiarraí. ↓ Cnadán (Buaf) ag Doire Fhíonáin, Co.Chiarraí. ↑ Fia Buí i
bPáirc
an
Fhionnuisce, Baile
Átha
Cliath.
← Prióireacht Cheanannais i gChill Chainnigh atá á hathchóiriú ag Seirbhísí Ailtireachta.

Sa lá atá inniu ann, táimid i bhfad níos feasaí ar thábhacht na bithéagsúlachta agus ar an tionchar a bheadh ar ár saol agus ar shaol na nglún atá le teacht dá gcaillfí í. Tuigtear go maith an méid a chuireann an Bhithéagsúlacht lenár ngeilleagar agus lenár sláinte agus lenár bhfolláine, ach is léir ó na sonraí loma domhanda agus náisiúnta ar chaillteanas bithéagsúlachta go gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo.

Tá traidisiún fada bródúil ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), a théann siar go dtí 1831, ó thaobh bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhí romhainn mar thír, agus dúshlán cosúil leo is ea cailliúint bhithéagsúlachta. Tá an t-ádh ar OPW cuid de na gnáthóga is neamhghnáiche in Éirinn maidir le flóra agus fána a bhainistiú, agus cur ar chumas na saoránach agus na gcuairteoirí taitneamh a bhaint as na háiteanna iontacha sin. Tá an eolaíocht, an taighde agus an teicneolaíocht mar bhonn agus mar thaca ag go leor den obair seo agus a léiríonn eolas agus díograis na foirne, atá tiomanta don bhainistíocht is éifeachtaí is féidir a chinntiú do na suíomhanna éagsúla atá faoi chúram na heagraíochta.

Tá freagrachtaí ar OPW freisin as daoine a chosaint ar thuilte agus cothabháil a dhéanamh ar sceiteadh draenála ó thalamh feirmeoireachta.

Fágann chaoi a bhfuil ar OPW freastal ar na riachtanais ríthábhachtacha seo, a bhíonn ag iomaíocht in aghaidh a chéile uaireanta, go bhfuil an eagraíocht mar mhionsamhail den dúshlán domhanda stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta conas cothromaíocht a bhaint amach idir ár dtimpeallachtaí nádúrtha agus tógtha agus conas maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe. Tuigeann an eagraíocht an gá atá le dul i ngleic leis an dúshlán seo agus tá céimeanna suntasacha glactha ag ag OPW chun tosaíocht a thabhairt don bhithéagsúlacht ar fud na heagraíochta go léir.

Léiríonn Ráiteas Straitéise OPW, agus a fhís chorparáideach, ‘Ár dtimpeallachtaí tógtha agus nádúrtha le chéile’, a foilsíodh in 2020, na hábhair imní comhshaoil níos leithne a bhaineann le hathrú aeráide, inbhuanaitheacht agus caillteanas bithéagsúlachta. Mar sin, tá sé tráthúil straitéis chorparáideach bithéagsúlachta ar leith a fhorbairt a leagann amach fís OPW do na blianta atá le teacht.

Chabhraigh bunú sainghrúpa Stiúrtha Bithéagsúlachta OPW, faoi cheannas an lucht sinsearach bainistíochta, le struchtúir rialachais inmheánacha a neartú agus comhordú a dhéanamh ar bhearta ar son na bithéagsúlachta i bhfeidhmeanna uile OPW. Thug an Grúpa Stiúrtha tús áite d’fhorbairt Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta OPW mar bhealach le tacú le tionscadail reatha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus, rud atá tábhachtach, chun plean gníomhaíochta a leagan amach chun imní faoin mbithéagsúlacht a bheith ina dlúthchuid de gach réimse dár gcuid oibre. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Náisiúnta bithéagsúlacht a phríomhshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta agus is é aidhm OPW a bheith ag teacht le beartas an Rialtais.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 1 BROLLACH

Bhí rannpháirtíocht shuntasach foirne ag croílár fhorbairt na Straitéise seo agus léiríonn sé an méid dearfach a rinne go leor ball foirne ar fud OPW. Reáchtáladh go leor ceardlann foirne, tugadh amach ceistneoirí, agus reáchtáladh comhdháil mhór foirne ag a raibh líon maith daoine ag freastal air le linn 2021. Chabhraigh sé seo chun an bhunsraith a leagan síos lena chur i bhfeidhm agus le feabhas a chur ar thuiscint ar ról na bithéagsúlachta i go leor gnéithe de shainchúram OPW.

I ngach réimse de bhainistíocht réadmhaoine, de sheirbhísí oidhreachta, agus de bhainistiú riosca tuilte, cuireann OPW go leor tionscnamh i gcrích agus tugann sé faoi chleachtais oibre ar leith chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Agus OPW ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá amach romhainn, is mian linn leas a bhaint as eolas, tiomantas, cruthaitheacht agus scileanna nuálaíocha fhoireann OPW chun cur leis an tacaíocht a thugaimid don bhithéagsúlacht agus cabhrú lena cailliúint a stopadh. Tá sé d’uaillmhian againn tógáil ar a bhfuil bainte amach againn go dtí seo agus oibriú le daoine eile chun deiseanna nua a chruthú chun feabhas a chur ar chaomhnú na bithéagsúlachta mar chuid dár seirbhís phoiblí.

Agus é sin á dhéanamh, tá OPW ag tacú go díreach le beartas bithéagsúlachta an Rialtais agus, ar leibhéal níos leithne, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, atá mar threoirphlean idirnáisiúnta chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach dúinn go léir.

Tá deis uathúil ag OPW ról ceannaireachta a ghlacadh maidir le dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta in Éirinn. mmm Leagann an straitéis seo amach fís shoiléir na heagraíochta don todhchaí agus leagtar amach inti na céimeanna a ghlacfaidh OPW agus a foireann sna blianta amach romhainn chun cabhrú lena chinntiú go gcosnaítear bithéagsúlacht do na glúine atá le teacht.

Michael McGrath, T.D.

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Patrick O’Donovan, T.D.

Aire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí

Maurice Buckley

Cathaoirleach, Oifig na nOibreacha Poiblí

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 2

↑ Áiritheoir éisc Logie ar abhainn na Máighe, Co. Luimnigh. Tá sé ríthábhachtach líon na mBradán a chomhaireamh chun caomhnú a phleanáil.

1 AIDHM NA STRAITÉISE SEO

Leagtar amach leis an straitéis seo intinn na hOifige maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint, a chur chun cinn agus a fheabhsú ar fud a cuid feidhmeanna. Sainaithnítear gníomhaíochtaí straitéise maidir le beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm trína cion féin a dhéanamh i dtreo an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a chur i gcrích. Leagtar amach gníomhaíochtaí lena gcruthaítear an struchtúr, an comhthéacs agus na próisis le bearta sainiúla don bhithéagsúlacht a dhéanamh. Freastalaíonn sí mar threoir chinnteoireachta agus mar dhoiciméad tagartha d’ár bhfoireann agus d’ár gcuid conraitheoirí, agus tá sé mar aidhm aici go gcomhlíonfadh an Oifig an dualgas bithéagsúlachta atá uirthi tríd an mbithéagsúlacht a chur chun cinn go láidir ar fud a gcúraimí éagsúla.

Leagaimid amach ár gcuid gníomhaíochtaí straitéiseacha faoi théamaí ar leith. Cuimsítear leis na téamaí sin ár gcuid foirne agus timpeallachtaí uile. Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar bhealaí le gur féidir linn an cur chuige atá againn maidir le cosaint na bithéagsúlachta a fheabhsú. Cuirtear san áireamh leo pleananna agus gealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir leis an mbithéagsúlacht, agus cuirtear leo trí eolas, tuairimí agus uaillmhian ár bhfoirne, arna gcur in iúl le linn comhairliúcháin, agus trí riachtanais eagraíochtaí eile agus sealbhóirí talún a mbíonn teagmháil againn leo.

Tá ról lárnach ag bithéagsúlacht i gcumas leanúnach an dúlra seirbhísí éiceachórais atá riachtanach d’fholláine an duine a sholáthar, amhail uisce glan, aer glan, torthúlacht na hithreach, pailniú, táirgeadh bia agus rialú aeráide. Cé go n-admhaítear go bhfuil bithéagsúlacht na hÉireann ag dul i léig, oibríonn OPW ar go leor leibhéal cheana féin chun bithéagsúlacht na hÉireann a chaomhnú, ó straitéisí náisiúnta a cheapadh, caighdeáin dea-chleachtais a leagan síos, cláir for-rochtana poiblí agus oideachais a reáchtáil, teagmháil le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus trí go leor tionscnamh um fheabhsú bithéagsúlachta atá fite fuaite trí seirbhísí ar fud na tíre. Leanfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) de bheith ag comhoibriú le príomh-chomhpháirtithe chun Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Náisiúnta na hÉireann (NBAP) a chur ar fáil

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 4

SA CHOMHTHÉACS DOMHANDA

Tugtar le fios go gciallaíonn an téarma ‘bithéagsúlacht’ éagsúlacht na nithe uile atá beo Léiriú is ea é ar an éagsúlacht atá ann ag leibhéil na speiceas agus na n-éiceachóras1 agus ar an éagsúlacht ghéiniteach atá ann laistigh de speicis agus daonraí na n-ainmhithe agus na bplandaí. Go simplí, tagraíonn an bhithéagsúlacht do gach ainmhí fiáin agus do gach planda fiáin agus do na háiteanna uile a bhfuil cónaí orthu ann.

Tá an bhithéagsúlacht tábhachtach do dhaoine. Dlúth agus inneach na gcóras nádúrtha a bhfuilimid go léir ag brath orthu is ea í. Cuirtear taca leis an mbithéagsúlacht faoi fheidhmiú na n-éiceachóras atá bunriachtanach d’fholláine an duine. Foráileann sí don slándáil bhia, do shláinte an duine, d’uisce agus d’aer atá glan; cuirtear léi le slite beatha áitiúla agus don fhorbairt eacnamaíoch. Féadfaidh castacht na n-éiceachóras, na róil iomadúla a ghlacann go leor orgánach, agus conas a bhaineann siad sin lenár bhfolláine féin, le cáilíocht ár mbeatha nó lenár rath mar dhaoine, bheith deacair a thuiscint, ach aithnítear caillteanas na linne seo den bhithéagsúlacht mar cheann de na bagairtí is mó do shláinte agus marthanas an duine, taobh leis an athrú aeráide.2,3

Cé go bpléitear de ghnáth trí leibhéal den bhithéagsúlacht éagsúlacht ghéiniteach, speicis agus éiceachórais na gníomhaíochtaí don bhithéagsúlacht a dhéantar ag na leibhéil áitiúla nó náisiúnta, déantar iad den chuid is mó ar leibhéal na speiceas agus na ngnáthóg, a bhfuil sé níos éasca na torthaí a aithint ann. Go minic, déantar é sin trí athruithe ar dhaonraí speicis nó leithead agus riocht a gcuid gnáthóg a thomhas. Cuir chuige atá dírithe ar an éagsúlacht ghéiniteach a chosaint, baineann siad níos minice le próisis atá níos fadtéarmaí. Áirítear ina measc gníomhaíochtaí amhail bainc síolta a bhunú4 nó bearta a dhéanamh chun dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha5

Tá muid ag staid uathúil inár stair. Ní raibh an oiread sin feasachta againn riamh roimhe seo faoina bhfuil á dhéanamh againn don domhan, agus ní raibh an chumhacht againn riamh cheana rud éigin a dhéanamh faoi ... Braitheann todhchaí an chine dhaonna agus go deimhin, gach rud beo sa saol, orainne anois.

David Attenborough, Craoltóir agus caomhantóir

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 5 2 AN BHITHÉAGSÚLACHT

Bumbóg

Spreagtar caomhnú na bithéagsúlachta ag an leibhéal domhanda le Coinbhinsiún na NA maidir leis an mBithéagsúlacht6, a shínigh níos mó ná 193 tír agus a chuireann de cheangal orthu gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú mar chuid de thodhchaí inbhuanaithe.

In 2010, tháirg Coinbhinsiún na NA maidir leis an mBithéagsúlacht Plean Stráitéise don Bhithéagsúlacht 2011-20207, lena leagtar síos 20 sprioc, faoi chúig chuspóir straitéiseacha, chun aghaidh a thabhairt ar an mbithéagsúlacht. Chinn an tuarascáil Global Biodiversity Outlook 58 nár baineadh amach go páirteach ach 6 cinn de na 20 sprioc. Éachtaí measartha i roinnt réimsí, lena n-áirítear speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú agus limistéir ardtosaíochta áirithe talún agus mara, níor leor iad taobh leis na spriocanna sin nár baineadh amach. Áiríodh ina measc na spriocanna a bhaineann le caillteanas na bithéagsúlachta trí fheirmeoireacht, truailliú, agus easpa cosanta do rífeanna agus raon éagsúil éiceachóras eile atá faoi bhagairt.

Deirtear i Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 an AE9, a seoladh i mBealtaine 2020, gur thit daonra domhanda na speiceas fiáine 60% le 40 bliain anuas agus go bhfuil 1 mhilliún speiceas i mbaol a ndíothaithe. Foráiltear leis an straitéis uaillmhianach sin do bhunú limistéar faoi chosaint i 30% ar a laghad de thalamh na hEorpa agus i 30% d’fharraigí na hEorpa. Cuirtear romhainn leis an straitéis freisin éiceachórais dhíghrádaithe na mballstát a athchóiriú, ar tír is ar muir, trí bhearta éagsúla, lena n-áirítear ísliú na bpailneoirí, 25,000km d’aibhneacha a athchóiriú mar aibhneacha a bhfuil sruth reatha iontu, agus úsáid na lotnaidicídí a laghdú 50% faoi 2030.

Tá beart sochaíoch méadaithe agus níos gasta de dhíth anois chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas leanúnach mear seo na bithéagsúlachta.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 6
Earrbhán ar bhláthchinn bhliosáin. →

Tá éagsúlacht barraíi bpáirceanna feirmeoirí ag laghdú agus tá bagairtí ag méadú.

Den 6,000 speiceas plandaí a bhíodh á saothrú le haghaidh bia, 9 is ionann iad agus 66% den táirgeadh iomlán barraí.

AN DOMHAIN

Tuairiscítear go bhfuil 694 speiceas acu a n-úsáid in uisceshaothrú. Fómhar Domhanda gabháil iascaigh os cionn 1,800 speiceas d’ainmhithe agus plandaí.

Meastar go bhfuil róiascaireacht á dhéanamh ar 33% de na stoic éisc, go bhfuil iascach á dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe uasta ar 60% acu agus go bhfuil tearc-iascach á dhéanamh ar 7% acu.

Den 7,745 pór áitiúla beostoic a tuairiscíodh ar fud an domhain, tá 26% acu rangaithe mar chineálacha atá i mbaol a ndíothaithe

Tá thart ar 60,000 speiceas crann ar fud an domhain.

Tá trian de 98 speiceas beach fiáin na hÉireann i mbaol a ndíothaithe.

Tuairiscíonn go leor tíortha go bhfuil laghdú tagtha ar líonta éan, ialtóg agus feithidí a chabhraíonn chun lotnaidí agus galair a rialú.

I Liosta Dearg an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN) de Speicis faoi Bhagairt tá os cionn 9,600 speiceas bia fiáin a meastar go bhfuil a bhfuil 20% acu faoi bhagairt.

Tá bithéagsúlacht ithreach faoi bhagairt i ngach réigiún ar domhan.

Meastar gur cailleadh níos mó ná 70% de bhogaigh intíre agus os cionn 60% de bhogaigh chósta ó 1900 i leith.

Meastar gur tharla laghdú 20% ar limistéir mhangróbh an domhain idir 1980 agus 2005. Tá na héiceachórais ríthábhachtacha seo fós faoi bhagairt fhorleathan

Le blianta beaga anuas cailleadh an chuimse sceireacha coiréil ar fud an domhain.

Meastar gur tharla laghdú 29% ar an limistéar atá clúdaithe le féar mara le 100 bliain anuas.

Clúdaíonn féarthailte 34% ar a laghad de thalamh an domhain. Tá siad ar na héiceachórais is mó atá buailte ag díghrádú talún.

Tá meath ag teacht i gcónaí ar limistéir foraoise an domhain, cé gur tharla laghdú 50% ar an ráta caillteanais le scór bliain anuas.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 7 CAILLIÚINT BHITHÉAGSÚLACHT
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 8 ← Póstaer faoi Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí. ↓ Buirnéad sébhallach ar Mhínscoth. ↑ Broc ag baint úsáide as brocach shaorga ar chlaífort cosanta tuilte OPW, Co.na hIarmhí. → Giolcarnach ag Campas Bhacastúin, Co. Chill Dara.

IN ÉIRINN

Céard iad oibleagáidí bithéagsúlachta na hÉireann?

Tá oibleagáid ar Éirinn an bhithéagsúlacht a chosaint trí chonarthaí agus treoracha idirnáisiúnta, a dtrasuítear iad i mbeartas agus dlí náisiúnta. Cé go leagtar amach leis an gCoinbhinsiún an comhthéacs domhanda do ghníomh, cuireann sé de cheangal ar gach páirtí conarthach straitéisí náisiúnta agus pleananna gnímh a fhorbairt don bhithéagsúlacht a chaomhnú agus leas inbhuanaithe a bhaint aisti. Leagtar amach, le Straitéis Bhithéagsúlachta an AE do 2030,10 spriocanna arna dtreorú ag an gCoinbhinsiún do bhallstáit an AE. D’aistrigh Éire é sin ina bheartas baile tríd an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht11; ritheann an plean reatha go deireadh 2021 agus tá plean sa bhreis á chur le chéile. Tá Éire freisin ina sínitheoir le coinbhinsiúin agus conarthaí ábhartha. I measc na samplaí tá: coinbhinsiún Ramsar,12,13 a chosnaíonn bogaigh; coinbhinsiún Bonn14 a chosnaíonn éin imirceacha; CITES15 a choscann an trádáil mhídhleathach in ainmhithe fiáine; agus IUCN 16 a chuireann an creat idirnáisiúnta ar fáil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar speicis i mbaol.

Is iad na hAchtanna um Fhiadhúlra17 agus na rialacháin maidir le Gnáthóga na príomh-ionstraimí náisiúnta dlíthiúla lena gcosnaítear an bhithéagsúlacht go díreach, ach tá go leor dlíthe, comhaontuithe agus coinbhinsiúin eile a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Liostaítear an phríomhreachtaíocht ábhartha i dtábla 1, mar aon leis an mbaint atá aici leis an mbithéagsúlacht agus le hobair na hOifige.

“ Cé go bhfuil méadú tagtha ar fheasacht an phobail ar bhithéagsúlacht, agus go bhfuil feabhas tagtha ar rannpháirtíocht trasearnála i ngníomhartha ar son na bithéagsúlachta, tá stádas na bithéagsúlachta i limistéir chosanta, sna farraigí agus faoin tuath i gcoitinne i ndroch-chaoi agus tá sé ag dul i ndonacht i gcónaí. ”

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 9 3 AN BHITHÉAGSÚLACHT
An Fóram um Bhithéagsúlacht, 2021

Tábla 1 Reachtaíocht agus Pleananna na hÉireann maidir leis an mBithéagsúlacht

Reachtaíocht

Reachtaíocht náisiúnta

An tAcht um Fhiadhúlra 1976 agus an tAcht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000

Baint leis na mBithéagsúlacht Baint leis an OPW

Na príomhdhlíthe baile lena gcosnaítear an fiadhúlra

Eolas d’fhoirne an OPW a bhaineann le tionscadail a d’fhéadfadh éifeacht ar fhiadhúlra a bheith acu, lena n-áirítear an gá le ceadúnú agus uainiú oibreacha chun éin agus mamaigh síolraithe a chosaint

Rialacháin ó na Comhphobail

Eorpacha (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha 201118)

Treoracha ón AE a thrasuí i nDlí na hÉireann maidir leis an bhfiadhúlra a chosaint trí láithreáin Natura agus an gá le measúnú iomchuí a fheidhmiú i ndáil le gach plean agus tionscadal a d’fhéadfadh cur isteach ar láithreáin Natura.

Rialacháin ón Aontas Eorpach (Pleanáil agus Forbairt) (Measúnacht Tionchair Chomhshaoil) 201819

Treoir ón AE a thrasuí i nDlí na hÉireann maidir leis an measúnacht tionchair timpeallachta (MTC) a fheidhmiú ar thionscadail ábhartha, lena n-áirítear tionchair ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais.

Cloí docht le scagadh agus measúnacht a dhéanamh ar thionscadail chun leasanna Natura a thabhairt san áireamh. Aird a thabhairt ar spriocanna caomhnaithe na láithreán Natura ar thailte an OPW agus ar an ngá le bainistíocht iomchuí a dhéanamh.

Cloí docht le riachtanais MTC agus MCS más gá bainteach go háirithe le tionscadail mhóra agus oibreacha móra laistigh de dhobharcheantair a d’fhéadfadh rochtain leathan a bheith acu.

Rialacháin maidir le Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Chomhshaoil Straitéiseach)

200420

Treoir ón AE a thrasuí i dlí na hÉireann maidir le feidhmiú measúnachtaí comhshaoil straitéiseacha (MCS) ar phleananna agus cláir ábhartha, lean n-áirítear tionchair ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais a chur san áireamh.

Ordú (Cosanta) Flóra 2015 Speicis phlandaí neamhchoitianta a chosaint

Bainteach le aon laithreán a bhfuil speicis liostaithe i láthair. Ról comhairleach ag GNL maidir le speicis ar leith.

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú) 195921 (arna leasú)

Reachtaíocht iascaigh a fheidhmiú chun speicis éisc agus a gcuid éiceachóras a chur chun cinn.

An tAcht Oidhreachta, 1995 (arna leasú)22

Aithnítear tábhacht na mbeart chun gnáthóga nádúrtha a chaomhnú a thiteann lasmuigh de thailte atá ainmnithe ag an Stát

Oibríonn an OPW le IFI i gcórais fhionnuisce chun dochar ó oibreacha a sheachaint agus feabhsú gnáthóg a fhí isteach más féidir.

Tá ról ag a OPW gnáthóga nádúrtha lasmuigh de thailte atá ainmnithe ag an Stát a bhreithniú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 10

Reachtaíocht

Rialachán ón AE maidir le tabhairt isteach agus scaipeadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú [1143/2014)23

Baint leis na mBithéagsúlacht

Rialacha chun tionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais, agus tionchair dhiúltacha eile ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar, a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú de dheasca Speicis Choimhthíocha Ionracha (SCI) a thabhairt isteach agus a scaipeadh

Reachtaíocht Idirnáisiúnta

An Treoir maidir le Gnáthóga24 Treoir 92/43/EEC ón gComhairle maidir le gnáthóga fiáine agus fána fiáine agus flóra fiáine a chaomhnú

An Treoir maidir le hÉin25 Treoir 2009/147/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú

Treoir MTC Treoir 2011/92/ EU maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchair áirithe tionscadal poiblí agus príobháideach ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/EU

Treoir MST Treoir 2001/42/ EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnacht a dhéanamh ar thionchair pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol

Creat-Treoir Uisce an AE26 arna trasuí i nDlí na hÉireann i go leor ionstraimí reachtúla27

Cuirtear de cheangal díreach ar bhallstáit cosaintí a shocrú maidir le láithreáin agus speicis tosaíochta

Treoir lena gcuirtear ceangal ar bhallstáit cosaintí a shocrú d’éin imirceacha agus dá gcuid láithreán

Aird a thabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais laistigh de MTC (féach Rialacháin ón Aontas Eorpach (Pleanáil agus Forbairt) (Measúnacht Tionchair Chomhshaoil) 2018, thuas

Aird a thabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais laistigh de MST (féach Rialacháin maidir le Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Chomhshaoil Straitéiseach) 2004, thuas

Creat maidir le huiscí uile a chosaint, lena n-áirítear aibhneacha, locha, inbhir, uiscí cósta agus screamhuisce, agus an fiadhúlra/na gnáthóga a bhraitheann orthu faoi phíosa amháin reachtaíochta comhshaoil

Baint leis an OPW

Dualgas ar chomhlachtaí poiblí rioscaí SCI óna gcuid oibríochtaí a bhainistiú. Bainteach go háirithe le láithreáin talaimh agus uiscebhealaí bainistithe.

Féach ar: Rialacháin ó na Comhphobail Eorpacha (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011, thuas

Riachtanais MTC agus MST más gá, go háirithe bainteach le tionscadail mhóra agus oibreacha móra laistigh de dhobharcheantair a bhfuil rochtain mhór acu

Feidhmíonn an OPW go forleathan laistigh de thimpeallachtaí fionnuisce agus cósta

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 11
Tábla 1 Reachtaíocht agus Pleananna na hÉireann maidir leis an mBithéagsúlacht

Reachtaíocht

Treoir 2007/60/EC ón AE maidir le Tuilte28

Baint leis na mBithéagsúlacht

Éilítear leis an Treoir seo measúnacht ar shruthchúrsaí agus imeallbhoird atá i mbaol tuilte; an baol tuilte sna limistéir sin a mhapáil; agus bearta leordhóthanacha chun an baol a laghdú a chur i bhfeidhm. Baineann sí go háirithe le feidhmiú gnáthóga bogaigh agus sruthchúrsaí.

Céard í bail na bithéagsúlachta in Éirinn?

Baint leis an OPW

Feidhmíonn an OPW go forleathan laistigh de thimpeallachtaí fionnuisce agus cósta

Déantar bail agus stádas bhithéagsúlacht na hÉireann a mheasúnú ar bhonn tréimhsiúil. Ina measc sin, áirítear measúnuithe ar chur i bhfeidhm na Treorach ón AE maidir le Gnáthóga29 agus na Treorach maidir le hÉin30 chun an measúnú is mó chun dáta a chuir an Stát go dtí seo a sholáthar.

Léirítear leis na measúnuithe sin go bhfuil an chuid is mó de ghnáthóga Éireannacha ar an Treoir maidir le Gnáthóga sa stádas “Mífhábharach”, agus léiríonn beagnach leath díobh léig leanúnach. Cé go bhfuil níos mó ná leath de na speicis a liostaítear sa Treoir maidir le Gnáthóga sa stádas ‘Fábharach’ agus seasmhach, measúnaítear líon suntasach díobh mar ‘Droch-stádas’ agus beidh tréaniarrachtaí ag teastáil chun iad a chosaint agus a athchóiriú.

Leanann na daonraí éin gan a bheith ag déanamh go maith freisin, agus 63% de na speicis ar liosta dearg nó buí faoin BoCCI31 agus le measúnuithe ar stádas faoin Treoir maidir le Gnáthóga, léirítear meathanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha. Na speicis is mó atá buailte ná éin uisce ghoir agus speicis eile a neadaíonn ar talamh, speisialtóirí talamh feirme agus speicis choille imirceacha, agus sa gheimhreadh, tá meath ag teacht ar go leor daonraí éin uisce de dheasca an athrú aeráide is cúis le limistéir gheimhrithe a bhogadh.

Tá bearnaí sonraí suntasach i gcás go leor speiceas, go háirithe do na speicis inveirteabracha, go háirithe beacha agus pailneoirí eile. Cé go ndéantar go leor staidéar ar éin agus ar mhamaigh i gcomparáid, tá bearna eolais fós ann i gcás go leor tacsa eile, agus b’fhéidir go bhfuil sé sin ann féin ag cur bac ar scála an chaillteanais a thuiscint, agus tarraingítear aird dá bharr ar an ngá le sonraí ar raon níos leithne speiceas i bhfianaise na héigeandála bithéagsúlachta32, 33

Rinne an Fóram Bithéagsúlachta measúnú neamhspleách le gairid ar chur i bhfeidhm an Phlean Ghníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht34 Léiriú breise é sin go bhfuil an

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 12
Tábla 1 Reachtaíocht agus
Pleananna na hÉireann maidir leis an mBithéagsúlacht

bhithéagsúlacht i gcónaí ag fulaingt sa tír seo agus gur gá le freagairt níos éifeachtaí a thabhairt.

Agus roinnt speiceas níos mó i mbaol ná speicis eile, tá na ‘Liostaí Dearga’ bunaithe ar chóras an IUCN35. Léirítear leis na liostaí stádas agus leibhéal an bhaoil atá ar na speicis thosaíochta sin ag scálaí domhanda, réigiúnda agus náisiúnta.

Coimeádtar timpeall is 1,590 speiceas ar na Liostaí Dearga Éireannacha. Ina measc sin, tá easpa sonraí i dtaobh 68 ceann díobh; ciallaíonn sé sin go bhfuil leibhéal an bhaoil éiginnte agus go bhfuil gá le gníomh breise chun e a chinntiú. Sa 96% eile, tá 10% laistigh de na ceithre chatagóirí is mó imní.

An Bhumbóg Mhór Bhuí

Tá an Bhumbóg Mhór Bhuí ar cheann den 100 speiceas de bheacha fiáine in Éirinn. Beach ghann ab ea í i gcónaí i móinéir lán de bhláthanna, ach tá meath tagtha uirthi ón 20ú haois (poncanna bána) a bhfuil dlús faoi le 10 mbliana anuas (léiríonn poncanna oráiste an scéal i ndiaidh 2000), nuair a bhí sé teoranta do na pointí is faide siar i gContae Mhaigh Eo agus Chontae na Gaillimhe (léiríonn na poncanna dearga an scéal i ndiaidh 2017).

Pórú Crotach

Léiríonn an léarscáil seo an laghdú mór ar dháileadh pórúcháin na gcrotach le 40 bliain anuas. Tá an speiceas ar cheann de na tosaíochtaí is práinní maidir le caomhnú éan. Léiríonn na ciorcail bhána cearnóga 10 x 10km na háiteanna a mbíodh Crothaigh ag pórú go dtí na 1970idí; léiríonn poncanna oráiste láithreacha aitheanta neadaithe na gcrotach tar éis 2008; agus léiríonn na poncanna dearga an tsuirbhé is déanaí a rinneadh idir 2015 2017, nuair a fuarthas amach nach bhfuil ach 138 bpéire pórúcháin fágtha. Tharla an laghdú seo mar gheall ar chailliúint suíomhanna pórúcháin oiriúnacha mar gheall ar innilt, foraoiseacht agus tionchair eile.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 13

Gnáthóga in Éirinn

Bhí drochthionchar mór ag talmhaíocht, foraoiseacht, draenáil, truailliú agus athrú aeráide ar ghnáthóga in Éirinn. De réir mar a théann na gnáthóga sin i laghad, laghdaíonn líon nádúrtha na speiceas a bhfuil cónaí orthu iontu freisin, rud a fhágann go mbíonn níos mó speiceas i mbaol a ndíothaithe. Féarach feabhsaithe talmhaíochta an chuid is mó de thalamh na hÉireann anois nach bhfuil ag fás ann ach seagalacha a úsáidtear chun eallach agus tréada déiríochta a bheathú. Ó tá éileamh ag méadú i gcónaí, tá ar an gcuid eile den dúlra cur fúthu i limistéir níos lú agus níos lú dár n-oileán.

Athruithe agus Treochtaí i gCáilíocht Uisce

Léiríonn an measúnú is déanaí ar cháilíocht uisce in Éirinn (2013-2018) go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar dhobharlaigh ardstádais, arb é sin an catagóir uisce is glaine, agus méadú ar líon na ndobharlach a bhfuil drochbhail éiceolaíochta orthu. Níos suntasaí fós is ea an laghdú drámatúil ar líon na n-aibhneacha is nglaine atá againn, atá tite ó níos mó ná 500 go dtí 20 le 30 bliain anuas.

Beacha na hÉireann

Tá 100 speiceas beach in Éirinn: an bheach mheala, 21 speiceas de bhumbóga, agus 78 speiceas de bheacha aonair. Is millteach an rud é go bhfuil 30% díobh sin i mbaol díothaithe. Mar ghrúpa, déanann na beacha monatóireacht iontach ar ghnáthóga a mbraitheann siad orthu mar shuíomhanna foráiste agus neadaithe. Léiríonn siad castacht iomlán agus ‘sláinte’ ár ngnáthóga. mmm Cé go bhfuil dhá speiceas imithe in éag cheana féin, tá 16 speiceas eile i mbaol, cuid acu i mbaol mór, agus laghdú suntasach tagtha ar a líon. Tá an Bhumbóg Mhór Bhuí ar cheann de 14 speiceas a mheastar a bheith i mbaol díothaithe.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 14
Caomhnú Beach Éireann Stádas Gnáthóige

Céard iad na príomhbhagairtí agus na príomhbhrúnna ar an mbithéagsúlacht?

Sainaithníonn an NBAP na príomhbhagairtí agus na príomhbhrúnna ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint in Éirinn. Tagann siad ón talmhaíocht, ón fhoraoiseacht agus iascaigh, ó athruithe ar chórais nádúrtha (amhail draenáil), ó mhianadóireacht agus ó chairéalú (baint mhóna san áireamh), ón athrú aeráide, ón truailliú, agus ó speicis ionracha agus fhadhbacha.

Bhí tionchar mór ag an talmhaíocht, agus 70% de ghnáthóga a bhfuil suim ag an AE iontu agus é á thuairisciú go bhfuil droch-thionchar ag an talmhaíocht orthu. Ba iad réimsí innilte mhí-oiriúnacha agus tréigean na príomhphointí brú a tuairiscíodh. Aithnítear go forleathan an brú atá ar dhaonraí inveirteabracha, go háirithe do phailneoirí36

Ceann de na bagairtí is mó atá ann do ghnáthóga a bhfuil spéis ag an AE iontu, amhail inbhir agus murlaigh chósta is ea an truailliú, ón talmhaíocht, ó ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus ó chórais séarachais teaghlaigh. Leanann tiúchan ard cothaithigh de bheith ar an bhfadhb cháilíochta uisce is forleithne in Éirinn. Níor tharla aon fheabhas ar cháilíocht uisce na n-aibhneacha nó ar cháilíocht uisce chósta nó idirchriosaigh le gairid37.

Tá fianaise láidir ann go bhfuil gnáthóga agus speicis Éireannacha, go háirithe gnáthóga cósta agus sléibhe, thíos leis an athrú aeráide, agus go bhfuil dlús á chur le haigéadú na bhfarraigí dá dheasca. Léiríonn samhlacha den athrú aeráide go mbeidh níos lú teacht aniar ag gnáthóga sléibhe maidir le tionchair an athraithe aeráide sa ghearrthéarma38. Méaduithe ar theocht, athruithe ar bháisteach, tarluithe adhaimsire agus arduithe ar leibhéil na bhfarraigí, cuirfidh siad isteach ar fhlúirseacht agus ar leithdháileadh na speiceas Éireannach agus is féidir go spreagfar leo speicis choimhthíocha ionracha a scaipeadh.

Tá méadú ag teacht ar tharlú agus ar scaipeadh na speiceas neamhdhúchasach in Éirinn39 D’fhéadfadh na speicis, amhail an diúilicín riabhach nó an t-iora glas ionad speicis dhúchasacha a ghlacadh agus próisis éiceachórais a athrú. Go dtí seo, bhí formhór na speiceas ionrach in Éirinn ina bplandaí (glúineach bhiorach, gunnaire, agus balsam Himiléach) ach d’fhéadfadh sé go mbeidh treocht as seo amach i dtreo neamhveirteabracha agus veirteabracha a chuimsíonn céatadán níos mó den fhlóra agus fána nuathagtha40

Tá na brúnna agus na bagairtí sin ag teacht leis an staid dhomhanda ina bhfuil athruithe ar úsáid talún agus uisce, róshaothrú speiceas agus méadú ar speicis choimhthíocha ionracha á n-aithint mar na bagairtí is mó ar fud an phláinéid41

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 15

AGUS BRÚNNA AR BHITHÉAGSÚLACHT AR FUD AN DOMHAIN

Tomhailt

Cúiseanna Indíreacha

Geilleagar

Déimeagrafacha

Institiúidí

Rialachas

Iascach

Teicneolaíocht

Talmhaíocht

Coinbhleachtaí

Eipidéimí

Fuinneamh

Brúnna

Bonneagar

Foraoiseacht

Mianadóireacht

Truailliú

Cúiseanna Díreacha

Róshaothrú

Turasóireacht

Cailliúint agus díghrádú gnáthóg

Athrú Aeráide

Speicis ionracha

Is dócha freisin gurb ionann na príomhbhagairtí agus na brúnna a thuairiscítear ar ghnáthóga agus speicis chosanta AE in Éirinn agus na brúnna móra ar speicis agus ar ghnáthóga sna timpeallachtaí nádúrtha, uirbeacha agus mara níos leithne. ”

Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht na hÉireann 2017-2021

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 16 BAGAIRTÍ
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 17 ← Snag Coiteann i nDoire Fhíonáin, Co. Chiarraí. ↓ Crónghiúis ollmhór ag Crannlann John F. Kennedy, Co. Loch Garman. ↑ Cloch cholbha 56 ag Cnóbha, Co. na Mí, mar aon le Seamair Dhearg. → Sampla luslainne de Cheadharlach Bealtaine a bailíodh i gCo. an Chláir sa bhliain 1892 agus atá caomhnaithe sa Luslann Náisiúnta ag Garraithe Náisiúnta na Lus.

AGUS AN OPW

Na hoibleagáidí dlíthiúla a chuirtear ar Éirinn, tá siad cumhdaithe sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2017-2021. Cuirtear de cheangal ar chomhlachtaí poiblí, amhail an OPW, beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm agus áirítear ar na hoibleagáidí sin gníomhaíochtaí a chur i gcrích a chuireann leis an bPlean a bhaint amach. Sealbhaítear dualgas bithéagsúlachta laistigh de Rialacháin 2011 maidir le Gnáthóga, lena bhforáiltear le Rialachán 27 go bhfuil freagracht ag gach údarás poiblí meath ar ghnáthóga nádúrtha agus speicis atá faoi chosaint faoi na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga a sheachaint, agus a gcuid feidhmeanna agus cumhachtaí reachtúla a fheidhmiú i gcomhréir le riachtanais na dTreoracha.

Bíonn baint ag an OPW leis an mbithéagsúlacht ar go leor bealaí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh iarmhairtí díreacha a bheith ag príomh-fheidhmeanna na hOifige ar an mbithéagsúlacht; is féidir bearta dearfacha a dhéanamh áfach chun an bhithéagsúlacht a chosaint sna cásanna sin. Tá an Oifig tiomanta do thosaíocht a thabhairt do bhearta bithéagsúlachta, agus léirítear é sin leis an bpríomhról atá aici sa Ráiteas Straitéise.42 Tugann an Oifig aghaidh ar bhearta dearfacha bithéagsúlachta cheana féin, ach aithníonn sí gur féidir léi agus gur cheart di dul i bhfad níos faide; tá sé mar aidhm ag an straitéis seo cur leis an tuiscint sin.

Tá tiomantas OPW maidir le bithéagsúlacht a chomhtháthú le fáil ina Ráiteas Straitéise a forbraíodh in 2020. Tá sé seo faoi Théama 2, Cuspóir 2 A chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht ag croílár cinnteoireacht uile OPW:

“ Ós rud é gurb í Oifig na nOibreacha Poiblí a chuireann go leor seirbhísí Stáit ar fáil, tá sé tábhachtach go dtreoródh sé trí shampla a thabhairt maidir le hinbhuanaitheacht a leabú i gcroílár a cuid gníomhaíochtaí. Agus a misean maidir le comhchuibhiú á chur ar fáil aici, tá OPW ag cur le rathúnas eacnamaíoch na hÉireann agus le folláine a cuid saoránach, ní hamháin don lá atá inniu ann ach don todhchaí. ”

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 18 4 AN BHITHÉAGSÚLACHT

Áirítear sna gníomhaíochtaí atá á ndéanamh:

• Páirt a ghlacadh sa mheitheal saineolais agus teicniúil den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht

• Déanann na Garraithe Náisiúnta na Lus taighde ar an mbithéagsúlacht agus déantar í a chatalógú, agus déantar treoirlínte agus pleananna gnímh maidir le speicis choimhthíocha ionracha a fhorbairt

• An cleachtas is fearr don bhithéagsúlacht a chur i bhfeidhm maidir le punann leathan de shuíomhanna oidhreachta a bhainistiú trí shuirbhéanna suímh, gníomhaíochtaí agus beartais

• Bearta bainistíochta atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht ag suíomhanna oidhreachta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bainistíocht féir atá neamhdhíobhálach do phailneoirí; pobail phlandaí fiáine éagsúla a chothabháil; cleachtais maidir le crainn a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe; leibhéil soilsithe ísle atá neamhdhíobhálach d’ialtóga; rialú meicniúil fiailí a cheadaíonn úsáid íosta lotnaidicídí, ceimiceán agus leasachán; cineálacha dúchasacha a phlandáil, etc. ag áiteanna tábhachtacha

• I measc na n-oibreacha bainistíochta riosca i gcás tuilte tá doiciméid treorach intí don fhoireann agus do chonraitheoirí

• Tá bearta chun an bhithéagsúlacht a mhéadú á gcomhtháthú ar bhonn méadaithe in oibríochtaí bainistíochta riosca i gcás tuilte, ó bhoscaí d’ialtóga a shuiteáil i ndroichid go gairbhéil sceite a chur isteach in aibhneacha

• Trí fhoirgnimh Rialtais a dhearadh ar bhealach nuálaíoch inbhuanaithe, is í an aidhm an caillteanas bithéagsúlachta a theorannú agus feabhas bithéagsúlachta glan a bhaint amach más féidir

• Tá neart duaiseanna gnóthaithe ag Láithreáin Oidhreachta OPW dá cuid bainistíochta comhshaoil, lena n-áirítear Duais Idirnáisiúnta an Bhrait Ghlais43, Duais Phailneoirí an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta44 agus Buanchorn John Nicholson do Bhainistíocht Fianna

• Tá an OPW ina chomheagraíocht sa Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí45

• Tarlaíonn eachtraí lena gcuirtear chun cinn an bhithéagsúlacht ar fud na tíre mar chuid d’ár seirbhísí do chuairteoirí agus d’ár chláir fhor-rochtana scoileanna

• Déantar próifíl na bithéagsúlachta a mhéadú i measc an phobail le tionscadail shuntasacha agus shiombalacha; ceann tábhachtach ba ea an t-iniúchadh ar an mbithéagsúlacht a rinne Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag Áras an Uachtaráin46

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 19

• Teagmháil le heagraíochtaí neamhrialtais, institiúidí tríú leibhéil, comhairleoirí agus comhlachais maidir le taighde ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht.

Cé go ndearnadh go leor oibre ar fud na heagraíochta, ní raibh ann do mhórphlean nó mórbheartas de chuid na hOifige maidir leis an mbithéagsúlacht go dtí seo. Dá bhrí sin, bunaíodh Meitheal Stiúrtha um Bithéagsúlacht de chuid an OPW in 2019, rud a thionscain John McMahon, Coimisinéir na Seirbhísí Oidhreachta agus Foirgneamh, chun aghaidh straitéiseach a thabhairt ar shaincheisteanna bithéagsúlachta agus chun an Plean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht seo a chur le chéile.

Áirítear le Beartas Inbhuanaitheachta OPW:

“ Bithéagsúlacht a Chothú: Tá ról lárnach ag bithéagsúlacht maidir le cumas leanúnach an dúlra seirbhísí éiceachórais atá riachtanach d’fholláine an duine a sholáthar, amhail uisce glan, aer glan, torthúlacht na hithreach, pailniú, táirgeadh bia agus rialáil aeráide. Cé go n-admhaítear go bhfuil bithéagsúlacht na hÉireann ag dul i léig, oibríonn OPW ar go leor leibhéil cheana féin chun bithéagsúlacht na hÉireann a chaomhnú, ó straitéisí náisiúnta a cheapadh, caighdeáin dea-chleachtais a leagan síos, cláir forrochtana poiblí agus oideachais a reáchtáil, dul i dteagmháil le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), go raon feidhmeach iomlán na dtionscnaimh um fheabhsú bithéagsúlachta atá fite fuaite trí na seirbhísí uile ar fud na tíre. Leanfaidh OPW ar aghaidh ag comhoibriú le príomhpháirtithe chun Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht na hÉireann 2017-2021 a chur i bhfeidhm. Chun ár gcion a spriocdhíriú níos fearr, cuirfidh OPW bailchríoch ar a straitéis Bithéagsúlachta féin chun an Plean uaillmhianach seo a chur i bhfeidhm.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 20

→ Cainéal nua le haghaidh faoiseamh tuilte ag an Teampall Mór, Co.Thiobraid Árann.

↓ Suirbhéireacht á déanamh ar Ghabhláin Gaoithe ag Mainistir Sheireapúin.

↘ Suirbhé Bithéagsúlachta leis an Ollamh Jane Stout agus mic léinn ag an Áras.

Conas a bhaineann an OPW leis an mbithéagsúlacht

Bíonn baint ag an OPW leis an mbithéagsúlacht i mbealaí a chruthaíonn baol agus deiseanna maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a chur chun cinn. Cé go bhfuil sé de dhualgas ag an Oifig beartas poiblí sna réimsí sin a chur i gcrích, b’fhéidir go mbeidh ar an Rialtas trína sheachadadh seirbhíse na cineálacha cur chuige is inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh laistigh de na bacainní a eascraíonn as reachtaíocht nó as beartas poiblí, nó aird a thabhairt air dá gcuirfí deis ar fáil le hathruithe ar bheartas chun a gceart a thabhairt don dualgas bithéagsúlachta agus don seachadadh seirbhíse araon.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027

OPW LEIS AN mBITHÉAGSÚLACHT

Príomh-

Seirbhísí Oidhreachta

Oidhreacht/ foirgnimh ársa

Fearainn pháirce/ féaraigh & coillearnach

Caomhnú plandaí

Cóstaí & inbhir

Bainistiú Riosca Tuilte

Bainistiú Eastáit

Seirbhísí Corparáideacha

Uisce & bogaigh

Fiadhúlra uirbeach

Gnáthóga don fhiadhúlra, láithreáin neadacha agus faraí laistigh d’fhoirgnimh agus de struchtúir stairiúla

Tionscnaimh chun plandaí dúchasacha a chaomhnú

Tionchar draenála nó cosanta tuilte ar ghnáthóga agus éiceolaíocht speiceas, cailliúint nó athchóiriú bogach, tionchair ar chóstaí trí chosaint chrua

Bainistiú agus cosaint láithreán ainmnithe

Gairdíní & spás taitneamhachta

Tógáil agus cothabháil foirgneamh

Faisnéis & sonraí bithéagsúlachta

Cumarsáid, oideachas & léirmhíniú

Gnáthóga don fhiadhúlra i spásanna bainistithe, suíomhanna neadaithe agus faraí laistigh d’fhoirgnimh agus de struchtúir phoiblí, gairdíní a bhainistiú go hinbhuanaithe le haghaidh phailneoirí dúchasacha

Teachtaireachtaí a thabhairt do chuairteoirí ar láithreáin agus do lucht féachana eile chun bithéagsúlacht a chosaint & na rudaí a dhéanann siad a athrú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 22 COMHÉADAN AONAID GNÓ
chomhéadan bithéagsúlachta
Príomhcheisteanna bithéagsúlachta
Rannóg OPW

1 BAINISTÍOCHT RIOSCA I GCÁS TUILTE

Príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais is ea an OPW agus déanann sí beartas agus soláthar seirbhíse a chomhordú maidir le bainistíocht riosca i gcás tuilte, pleanáil riosca i gcás tuilte agus tionscadail chaipitil maidir le riosca i gcás tuilte a sholáthar.

Tá riachtanais ar leith do bhainistíocht riosca i gcás tuilte sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (2017-2021). Tá ionadaíocht ag an OPW ar an Meitheal Stiúrtha Ardleibhéil agus ar an Meitheal Oibre, ar dhá fhóram idir-ranna iad maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a chur i bhfeidhm. Déantar gach riachtanas agus gníomhaíocht a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chomhordú tríd an dá fhóram sin.

Leis an Straitéis Náisiúnta um Thailte Portaigh, tá riachtanais leathana i gceist do gach roinn Rialtais, an OPW san áireamh, agus tá riachtanais ar leith do bhainistíocht riosca i gcás tuilte. Tá ionadaíocht ag an OPW ar Ghrúpa Forfheidhmithe na Straitéise um Thailte Móna, ar fóram idir-ranna é maidir leis an Straitéis Náisiúnta um Thailte Móna 2015 a chur i bhfeidhm. Déantar gach riachtanas agus gníomhaíocht de chuid na Straitéise um Thailte Móna a chomhordú tríd an bhfóram sin.

Chuir an Rialtas Coiste Bhogaidh Ramsar na hÉireann ar bun in 2010 chun cuidiú le hÉirinn a gcuid riachtanas mar cheann de shínitheoirí Choinbhinsiún Ramsar a chomhlíonadh. Is grúpa é a bhfuil ionadaíocht leathan air é an Coiste, ar bunaíodh é chun cabhrú le bogaigh a chosaint agus chun tuiscint agus meas orthu a chothú, agus chun Coinbhinsiún Ramsar a chur i bhfeidhm. Is ball coiste gníomhach é an OPW den Choiste.

Déanann an OPW iarracht iarmhairtí tuilte a íoslaghdú trí phleanáil inbhuanaithe. Aithnítear go ndéantar na dualgais sin a thiomáint trí fhreagracht reachtúil ach go bhféadfadh an creat reachtach bunaidh teacht salach ar sholáthar optamúil maidir leis an mbithéagsúlacht. Tagann gearáin rialta ó bhaill phobail a thugann ar aird nó a bhraitheann tionchair ar an mbithéagsúlacht de bharr oibreacha cosanta tuilte, oibreacha draenála artaireacha nó gníomhaíochta lena mbaineann. In ainneoin treoirlínte éifeachtacha, cineálacha cur chuige atá níos mó is níos mó íogair agus inbhuanaithe, bíonn iarmhairtí ann (i bhfírinne nó atá braite) a tharraingíonn daoine anuas. A gceart a thabhairt do sholáthar an phríomhchuspóra agus cur chuige éifeachtach maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a mhéadú, tá sé dúshlánach.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 23 Tagann freagrachtaí an OPW faoi thrí phríomhréimse:
24
↓ Scéim Faoisimh Tuilte Bhaile Átha Luain. ↑ Suirbhéireacht éiceolaíoch ar chainéal draenála artaireach tabhair faoi deara foirm lúbach na habhann a cruthaíodh nuair a tógadh sraonairí malartacha mar oibreacha feabhsúcháin abhann chun bithéagsúlacht an chainéil a mhéadú.

Níl an dara rogha ann don OPW maidir le hoiriúnú don chreat beartais atá ann, ach é a chur in iúl nuair a chuireann sé sin isteach ar an scóip le haghaidh bearta inbhuanaithe don nádúr, beidh sé sin ag éirí níos tábhachtaí de réir mar a thugann sé a gceart dá gcuid dualgas. Leanfaidh teagmháil leis an mbithéagsúlacht trí dhobharcheantair hidreolaíocha, bogaigh bheaga agus mhóra, aibhneacha, limistéir chósta agus na speicis a bhraitheann orthu, de bheith ina riosca suntasach bithéagsúlachta, agus ina deis mhór freisin más féidir athchóiriú nó feabhsú chun leas na bithéagsúlachta a úsáid mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna tuilte nó draenála.

2 BAINISTÍOCHT EASTÁT

Tá roinnt de réadmhaoin is inaitheanta sa tír i seilbh an Rialtais. Tá ceann de na punainn réadmhaoine is mó agus is éagsúla ag an OPW, ó fhoirgnimh thábhachtacha amhail Caisleán Bhaile Átha Cliath go stáisiúin Gharda agus oifigí Rialtais.

Ceann de na nithe a bhfuil an OPW dírithe air riachtanais oibríochtúla an Rialtais a chomhlíonadh agus luach ar airgead a bhaint amach ag an am céanna. Tá soláthar agus bainistiú éifeachtúil lóistín do ranna rialtais agus do ghníomhaireachtaí rialtais bunriachtanach do rath na straitéise rialtais.

I measc phunann réadmhaoine mór an OPW, tá níos mó ná 2,000 foirgneamh, agus faigheann an Oifig lóistín agus cuireann sí ar fáil é do ranna agus gníomhaireachtaí an rialtais láir. Tá príomhról aici maidir le modhanna éifeachtacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe a sholáthar i ndáil leis an leas is fearr a bhaint as na foirgnimh a úsáideann an Rialtas.

Cuirtear le Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine an OPW seirbhís do chliaint agus d’úsáideoirí foirgneamh agus d’aonaid ghnó eile de chuid na hOifige. Tá sé freagrach as luach phunann réadmhaoine an Stáit agus an bhail atá air a choinneáil, institiúidí cultúrtha agus réadmhaoin oidhreachta san áireamh.

Cé gur minic a bhíonn níos lú bithéagsúlachta ag baint le foirgnimh ná mar a bhaineann le spáis nádúrtha, d’fhéadfadh dúshláin ar leith bheith i gceist. Baineann dúshláin le faraí ialtóga agus neaduithe éan ó thaobh cothabhála de, agus baineann deiseanna leo siúd dúinn freisin níos mó a dhéanamh. Is féidir le daoine a oibríonn i bhfoirgnimh leas a bhaint as spáis lasmuigh níos fearr atá taobh le foirgnimh, agus tugann sé sin deis freisin an bhithéagsúlacht a fheabhsú.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 26
↑ Gairdíní Theach Laighean deartha mar thimpeallacht uirbeach don fhiadhúlra.

SEIRBHÍSÍ OIDHREACHTA

Is í an OPW an phríomhghníomhaireacht i réimsí chaomhnú, bhuanchoimeád agus chur i láthair réadmhaoin chúltúrtha agus oidhreachta na hÉireann. Tá an Oifig freagrach as cothabháil, feidhmiú agus cur i láthair, ar bhonn laethúil, Séadchomharthaí Náisiúnta agus Réadmhaoin Stairiúil atá i gcúram an Stáit. Ina measc sin, tá dhá Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus feidhmiú Gharraithe Náisiúnta na Lus, a chuimsíonn bainistiú na ngairdíní agus na tionscnaimh chaomhnaithe luibheolaíocha agus coimeádaíochta taobh thiar de sin.

Tá 780 Séadchomhartha Náisiúnta agus foirgneamh i gcúram an OPW, chomh maith le páirceanna stairiúla, garraithe luibheolaíocha agus tírdhreacha deartha, a bhfuil raon leathan gnáthóg san áireamh iontu. Mar shampla, na dubhcha agus an limistéar cósta ag Doire Fhíonáin, i gCo. Chiarraí, tá luach mór éiceolaíoch ag baint leo agus tá siad ina gcuid de dhá ainmniúchán Natura a bhfuil suntas idirnáisiúnta ag baint leo an Ribhéir (Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta) agus Leithinis Uíbh Ráthaigh (Limistéar faoi Chosaint Speisialta). D’ainmnigh ICOMOS 11 de na réadmhaointe stairiúla sin go bhfuil suntas idirnáisiúnta ag baint leo agus 3 cinn acu go bhfuil suntas náisiúnta ag baint leo ó thaobh na ngairdíní stairiúla de. Áirítear ina measc láithreáin amhail Diméin Chaisleán an Bhaile, Crannlann Fhóite agus Páirc an Fhionnuisce.

Baineann roinnt mhaith, gach ceann beagnach, de na láithreáin sa phunann leis an mbithéagsúlacht ar bhealach éigin. Tá suntas ar leith ag baint le láithreáin áirithe nuair a thacaíonn siad daonraí tábhachtacha d’ainmhithe nó de phlandaí (amhail Láithreán Oidhreachta Domhanda, Sceilg Mhichíl, a bhfuil daonraí tábhachtacha d’éin mhara uirthi, roinnt acu ag baint leasa as na foirgnimh oidhreachta iad féin). I roinnt cásanna, áirítear ar an bpunann oidhreachta codanna de láithreáin atá ainmnithe de bharr a gcuid tábhachta bithéagsúlachta; is ceist mhór í a áirithiú go ndéanfar iad sin a bhainistiú go cúramach chun an tábhacht sin a thabhairt san áireamh

Baill foirne agus conraitheoirí a thugann faoi oibreacha ar fud an phunainn réadmhaoine, tá tuiscint láidir ag teastáil uathu ar na saincheisteanna mar gheall ar an mbithéagsúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ar an reachtaíocht bhainteach agus na tionscnaimh bhainteacha, chun a chinntiú go ndéanfar í a chosaint go hiomchuí sa chomhthéacs sin. Ní rud beag é na deiseanna atá ann trí phunann réadmhaoine an Stáit; go háirithe, leis na tailte féir, na coillte fóillíochta agus na foirgnimh, cuirtear deis ar fáil do chineálacha cur chuige nuálaíocha chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 27 3
Tearmann spéir dorcha Chiarraí mar a fheictear í ó Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin. ↓

Cuireann Rannán na Seirbhísí Corparáideacha tacaíocht ar fáil do phríomhréimsí feidhmiúla an OPW, lena n-áirítear Bainistíocht Acmhainní Daonna, Airgeadas, Cuntais, Seirbhísí TFC agus Foilseacháin Rialtais. Cuimsíonn sé freagracht don Aonad Beartais, an Oifig Chumarsáide agus Phreasa, an tAonad Comhionannais, Bainistíocht Saoráidí Inmheánacha agus na seirbhísí uile eile chun an Oifig a fheidhmiú ó lá go lá.

Cé go bhféadfaí smaoineamh nach mbeadh baint mhór ag an rannán sin leis an mbithéagsúlacht, cuireann sé córais tacaíochta agus bealaí cumarsáide ar fáil chun a chinntiú go n-áireofar an bhithéagsúlacht mar phríomhcheist. Ar na samplaí tá: ag cinntiú go n-áireofar beartas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht laistigh de shaincheisteanna beartais níos leithne; oiliúint a eagrú agus eolas a scaipeadh i measc na foirne; an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt uirthi go hinmheánach agus go seachtrach araon: príomhghné d’obair chumarsáide na Seirbhísí Corparáideacha is ea iad.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 29
↑ Rónta glasa ag glacadh scíthe ag Oileán Cuilinn, Cuan an Ghleanna Ghairbh, Co. Chorcaí.

An OPW agus Speicis Tosaíochta

Tá réimse leathan speiceas ardtosaíochta a bhaineann le réadmhaoin, tionscadail agus láithreáin de chuid an OPW. Mar shampla le cothabháil foirgneamh, d’fhéadfadh sé láithreáin neadaithe a laghdú don ghabhlán gaoithe (Éin a bhfuil Imní Caomhnaithe ag baint leo in Éirinn ar an liosta dearg47) agus láithréain fara don chrú-ialtóg bheag (ar an liosta dearg beagnach faoi bhagairt48); agus is féidir le hathruithe ar ghnáthóga aibhneacha agus ar bhogaigh trí bhainistíocht riosca i gcás tuilte tionchar a imirt ar speicis uisceacha amhail an phiardóg liathbhán (ar an liosta dearg faoi bhagairt49) agus an dobharchú (ar an liosta dearg faoi bhagairt) agus tá ról Gharraithe Náisiúnta na Lus maidir le hacmhainní géiniteacha na hÉireann a chaomhnú soiléir. Bíonn an-chuid teagmhálacha eile le speicis tosaíochta agus is féidir iad siúd a shainaithint agus a bhainistiú go hiomchuí trí ghníomhaíochtaí na straitéise seo.

An OPW agus Láithreáin Ainmnithe

Tá eastát an OPW an-mhór, mar a luadh thuas, le 5,700 acra de ghairdíní agus d’fhearainn pháirce, 11,500km d’uiscebhealaí draenáilte, 200 tionscadal maidir le scéimeanna faoisimh tuilte, agus go leor tionscadal eile a thugtar i gcrích ar raon an-leathan de thalamh príobháideach agus poiblí. Is minic a dhéantar tionscadail ar láithreáin ainmnithe.

I measc na láithreán ainmnithe tá príomhláithreáin dúlra na hÉireann, na láithreáin Natura 2000, ainmnithe faoi Threoracha an AE maidir le hÉin agus Gnáthóga, na hAnaclanna Náisiúnta Dúlra agus na Limistéir Oidhreachta Nádúrtha ainmnithe faoi na hAchtanna Fiadhúlra.

Tá líonra na láithreán, ina bhfuil forluí idir bainistíocht an OPW agus riachtanais láithreáin ainmnithe, forleathan. Beidh eolas ar na láithreáin agus teagmháil lena mbainistiú caomhnaithe ina phríomhghné a bheidh ag eascairt ón straitéis seo.

An Bhithéagsúlacht agus Daoine De Chuid An OPW

Chun cuspóirí na straitéise seo a bhaint amach, tionchar a imirt ar dhaoine a oibríonn ar fud oibríochtaí an OPW feasacht mhaith a bheith acu ar an mbithéagsúlacht agus an luach atá léi: beidh tábhacht mhór ag baint leis sin. Léiríonn daoine ceannaireacht, imríonn siad tionchar ar bheartais agus foirne, agus déanann siad cinntí ó lá go lá agus ó nóiméad go nóiméad, ar féidir leo tionchar

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 30

dearfach nó diúltach a imirt ar an mbithéagsúlacht. Cé go bhforbraítear beartais agus treoirlínte le dea-intinn, d’fhéadfadh an léirmhíniú agus an soláthar bheith éagsúil ó na cuspóirí i bhfírinne. Tá daoine i gceannas ar cibé an ndéanfar an bhithéagsúlacht a chosaint nó an ndéanfar dochar di.

Aithnítear gurb iad na daoine leis an bhfeasacht agus an eolas is mó ar an bhfiadhúlra na daoine a bhíonn níos toilteanaí agus níos ábalta cúram a thabhairt dó; tá an-chuid samplaí de sin ann50

Agus an straitéis seo á forbairt, rinneadh suirbhé ar bhaill foirne an OPW ar fud na tíre chun feasacht agus dearcadh ar an mbithéagsúlacht agus spéis sa bhithéagsúlacht ar fud gach sraith agus disciplín san eagraíocht a spreagadh, agus ar an gcaoi sin, cur chuige na hOifige maidir leis an eolas ar an mbithéagsúlacht a scaipeadh. Leagadh síos leis sin bunlíne chun monatóireacht a dhéanamh ar fheabhas as seo amach. Reáchtáladh ceardlanna ar leith le baill foirne a roghnaigh freastal ar chruinnithe leantacha, agus díríodh an plé ar na príomhthéamaí bithéagsúlachta ar mhothaigh an fhoireann gur dócha go mbeadh ardtosaíocht ag gabháil dóibh don OPW as seo amach.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 31
↓ Síológa na Sceiche Gile á n-athphlandú i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

MAIDIR LE FEASACHT NA FOIRNE AR AN

PRÍOMHTHORTHAÍ

Rannpháirtíocht

• 845 freagróirí (c. 50% den fhoireann)

• Tháinig an rannpháirtíocht is airde ón bhfoireann oibríochtúil agus ó bhaill foirne ó Sheirbhísí Oidhreachta agus Foirgneamh

Feasacht ar an mBithéagsúlacht

• Chuala 97% de na freagróirí an téarma cheana féin

• Ar an meán, thug freagróirí ráta 6 as 10 maidir lena leibhéal feasachta ar chaillteanas na bithéagsúlachta

• Cheap freagróirí i róil Bhainistíochta Sinsearacha agus iad siúd atá ag obair i Seirbhísí Oidhreachta agus Foirgneamh go raibh an méid is mó eolais acu, cé gur cheap siad siúd a oibríonn i Seirbhísí Corparáideacha agus i róil riaracháin go raibh an méid is lú eolais acu

Teagmháil leis an mbithéagsúlacht san ionad oibre

• Bíonn teagmháil leis an mbithéagsúlacht ag beagnach leath de na freagróirí ar a laghad uair sa mhí agus smaoiníonn ceathrú den fhoireann ar bhithéagsúlacht go seachtainiúil ar a laghad.

• Smaoiníonn níos lú ná ceathrú den fhoireann ar an mbithéagsúlacht níos lú ná in aghaidh na bliana agus tugann siad an ráta is lú ar a gcuid feasachta freisin

Tábhacht na bithéagsúlachta

• D’aontaigh beagnach 90% de na freagróirí go bhfuil ár bhfolláine agus ár gcáilíocht bheatha bunaithe ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht agus gur dualgas bunúsach é caillteanas na bithéagsúlachta a stopadh.

• Níor aontaigh ach 2.5% de na freagróirí

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 32
SUIRBHÉ
MBITHÉAGSÚLACHT – NA

Feidhmíocht an OPW i leith na bithéagsúlachta

• Thug freagróirí an tsuirbhé ráta ar cé chomh maith is a thugann an OPW aire don bhithéagsúlacht mar 6.3/10 ar an meán

• Thug freagróirí ó Bhainistíocht Riosca i gcás Tuilte ráta 7.1/10 air sin, ach thug siad siúd i mBainistíocht Eastát, Seirbhísí Oidhreachta agus Seirbhísí Corparáideacha scór de timpeall is 6/10.

• Shíl 86% de fhreagróirí go bhféadfadh an OPW níos mó a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht a chosaint

Na saincheisteanna móra a aithint

• Cheap 91% de na freagróirí go raibh go leor bealaí ann ar féidir leis an OPW níos mó a dhéanamh chun cabhrú leis an mbithéagsúlacht

• Nuair a fiafraíodh díobh na cinn dhúchasacha a aithint as 10 speiceas liostaithe, níor éirigh le formhór na foirne leibhéal inniúlachta a bhaint amach maidir le sainaithint a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis.

• Nuair a fiafraíodh cé hiad na saincheisteanna is tábhachtaí go domhanda, tháinig speicis choimhthíocha ionrach ag bun an liosta, agus tháinig an t-athrú aeráide agus talamhúsáid ag a bharr

• Bhí aithne mhaith i gcoitinne ar na príomheagrais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a ról tábhachtach á aithint.

Caithimh aimsire phearsanta v feasacht ar an mbithéagsúlacht

• Léirigh beagnach na freagróirí uile réimse a gcuid caitheamh aimsire; bhí feasacht níos airde ar shaincheisteanna bithéagsúlachta, ar an meán, ag daoine a bhí nasc acu leis an saol allamuigh, agus meas beagáinín níos lú acu ar fheidhmíocht an OPW maidir leis an mbithéagsúlacht, go háirithe i measc na ndaoine a bhíonn i mbun garraíodóireachta nó éanbhreathnaithe

• Roghnaigh níos mó ná 300 ball foirne cur níos mó leis an Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht trí phlé díreach ar shaincheisteanna bithéagsúlachta

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 33
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 34 Úlloird
Úll mar aon le móinéar mar chuid d’Oidhreacht na hÉireann.

Cás-staidéar 1

‘Siolta don Dúlra’ – Taisce Shíolta Náisiúnta

Mar chuid de Chairt na Comhdhála ‘Ár Síolta don Dúlra’ ón gComhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta 2019: New Horizons for Nature, gheall Oifig na nOibreacha Poiblí go bhforbródh siad Taisce Síl Náisiúnta chun flóra na hÉireann a chaomhnú i nGarraithe Náisiúnta na Lus (NBG). Is í aidhm an bhanc síl ná síolta a bhailiú ó gach speiceas dúchasach Éireannach agus iad a chaomhnú don todhchaí.

Príomhcheisteanna

• Tá meath ag teacht ar go leor speiceas agus géinitíop atá againn in Éirinn

• Is minic a bhíonn speicis Éireannacha uathúil agus curtha in oiriúint ó thaobh na héiceolaíochta de do dhálaí na hÉireann

• D’fhéadfadh sé tarlú go gcaillfí speicis agus éagsúlacht ghéiniteach go deo mar thoradh ar chailliúint plandaí fiáine

• Bíonn dálaí stórála agus cothabhála sonracha riachtanach do banc géinte

Príomhbhuntáistí

• Stóráil síolta inmharthana do fhlóra na hÉireann

• Éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil le haghaidh speicis fhorleathana

• Acmhainn ghéiniteach le haghaidh staidéir agus caomhnú

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Trí oibriú i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile, tá sé mar aidhm againn go mbeidh bailiúchán ionadaíoch síolta amháin ar a laghad bailithe agus stóráilte againn faoi 2025 de gach ceann den thart ar 1,200 planda dúchasach. Beidh trialacha rialta péactha riachtanach chun inmharthanacht a thástáil. Tacaíonn an tionscnamh seo le cuspóirí iomadúla Phlean

Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Náisiúnta na hÉireann, go háirithe maidir le heolas a sholáthar faoi chaomhnú agus soláthar acmhainní chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus a chur ar ais.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 35 5 OPW CÁS-STAIDÉIR BITHÉAGSÚLACHTA

→ Tá 940 speiceas dúchasach de phlandaí a bhíonn faoi bhláth in Éirinn agus dá mbaileofaí síol amháin ó gach speiceas acu líonfaidís bosca cipíní.

↓ Foireann sa Luslann Náisiúnta ag bailiú samplaí de phlandaí triomaithe.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 36
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 37 ← Lus an Fhógra. ↓ Plandaí imeallacha uisce atá á mbainistiú ag loch.

Iniúchadh Bithéagsúlachta ag Áras an Uachtaráin

In 2020, rinne Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath iniúchadh bliana ar bhithéagsúlacht ag Áras an Uachtaráin ar iarratas OPW. Sainaithníodh ceithre chineál gnáthóg déag, agus acmaíodh 80% den láithreán 130 acra mar ghnáthóga nádúrtha, lena n-áirítear coillearnacha 29%, tailte féaraigh 31%, fearann páirce 15%, agus taifeadadh 805 speiceas d’ainmhithe fiáine, plandaí agus fungais i rith na tréimhse 12 mhí. I measc na speiceas suntasach a fuarthas tá an planda atá faoi bhagairt, Lus an Fhógra Hypericum hirsutum agus dhá speiceas damhán alla uaimhe a bhfuil riachtanais ghnáthóige an-sonrach acu agus dáileadh teoranta. Tá go leor speiceas d’ialtóga na hÉireann lonnaithe san Áras freisin.

Príomhcheisteanna

• Tá an lucht bainistíochta íogair ó thaobh na beithéagsúlachta de ach tá deiseanna ann chun bithéagsúlacht a fheabhsú

• Is ionann limistéar na bhféarach fliuch agus 0.4%, ach tacaíonn sé le 18.5% de gach speiceas a thaifeadadh san Áras

• Fuarthas pócaí beaga de Speicis Eachtrannacha Ionracha

Príomhbhuntáistí

• Cur chun cinn ardphróifíle an tsuirbhé daoine a chur ar an eolas faoi

• Rannpháirtíocht le lucht tionchair agus leis an bpobal i gcoitinne

• Moltaí spriocdhírithe do lucht bainistíochta

• Comhpháirtíocht le comhlacht acadúil

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Chruthaigh an staidéar bonnlíne le haghaidh monatóireacht ar an láithreán seo amach anseo, agus sholáthraigh sé ceannaireacht maidir le taifeadadh cuimsitheach, gairmiúil na bithéagsúlachta laistigh d’ionad suntasach náisiúnta agus oidhreachta. Tá na moltaí bainistíochta chun bithéagsúlacht a fheabhsú ag teacht le Plean Bainistíochta Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce. Baineann na gníomhartha is suntasaí le feabhas a chur ar cháilíocht na bhféarach leathnádúrtha agus níos mó gnáthóga bogaigh a chruthú. Moltar freisin gníomhaíochtaí sonracha chun deiseanna neadaithe agus fara a sholáthar do speicis éagsúla, agus chun plandaí óstaigh áirithe a spreagadh d’aon ghnó d’inveirteabraigh. Is féidir tabhairt faoi dheiseanna oiliúna agus oideachais dhea-chleachtas a sholáthar freisin, agus tá próifíl ard an tsuímh oiriúnach do chlár feasachta poiblí a bhfuil tionchar suntasach aige cheana féin.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 38 Cás-staidéar 2

Scéim Faoisimh Tuilte Chloich na Coillte

Is sampla í scéim faoisimh tuilte Chloich na Coillte ina raibh sé indéanta réiteach tuilte níos nádúrtha a chur ar fáil a laghdódh caillteanas bithéagsúlachta agus a chuirfeadh cosaint éifeachtach ar fáil in aghaidh thuilte. Baineadh é seo amach trí thaiscumar stórála a sholáthar a choinníonn uisce tuile agus ar féidir é scaoileadh mall chun tionchar ar an mbaile a sheachaint.

Príomhcheisteanna

• Bhí réiteach innealtóireachta ó thuilte riachtanach don bhaile a d’fhéadfadh cur isteach ar an abhainn

• D’fhéadfadh oibreacha innealtóireachta luach bithéagsúlachta na habhann a laghdú

Príomhbhuntáistí

• Rialú éifeachtach tuilte

• Riachtanas laghdaithe maidir le crua-innealtóireacht a úsáid

• Gnéithe bthéagsúlachta chonair na habhann a chothabháil nó a fheabhsú

• An nasc atá ag daoine sa bhaile mór le conair na habhann a choinneáil nó a mhéadú • Bogach mar limistéar stórála tuilte

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Cé nach maolaíonn an beart seo riosca tuilte go hiomlán, tá na cosaintí crua atá ag teastáil ar scála i bhfad níos lú. Cruthaíonn an limistéar stórála tuilte roinnt buntáistí ó thaobh na bhithéagsúlachta, ach is é an príomhbhuntáiste ná cainéal nach bhfuil mórán innealtóireachta déanta air laistigh den bhaile, agus nasc níos fearr idir an dúlra, daoine agus conair na habhann. Cé nach féidir é seo a dhéanamh i ngach cás, ós rud é gur comhtháthaíodh an bhithéagsúlacht sa chinnteoireacht thángthas ar réiteach níos tuisceanaí.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 39 Cás-staidéar 3
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 40
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 41

Bithéagsúlacht i mBacastúin

Tá na saotharlanna Stáit, suite i Champas Bhacastúin lena n-áirítear eolaíocht fhóiréinseach, eolaíocht tréidliachta agus ceimic. Bhí an dearadh bunaidh bunaithe ar phrionsabail ailtireachta agus díríodh san áit mórthimpeall ar thaitneamhacht agus ar shlándáil. Tháinig saincheisteanna chun cinn le blianta beaga anuas, lena n-áirítear tuilte ón Life ar chuid den champas, agus an gá atá le spásanna taitneamhacha a bhféadfadh an fhoireann taitneamh a bhaint astú chomh maith leis an ngá atá le leas a bhaint as an seans chun buntáiste a bhaint amach ó thaobh carbóin agus bithéagsúlacht. Faoi 2020, rinneadh athdhearadh ar an láithreán chun bogaigh nua a chruthú mar chosaintí nádúrtha in aghaidh tuilte, coillearnach dhúchasach fhairsing a phlandáil, agus spásanna foirne a chur ar fáil i limistéir níos nádúrtha.

Príomhcheisteanna

• Bunlimistéar taitneamhachta ar dtús a raibh luach íseal bithéagsúlachta aige

• Saincheisteanna nó deiseanna maidir le tuilte a bhainistiú

• Ba ghá spás taitneamhachta a chur ar fáil

Príomhbhuntáistí

• Stóráil tuilte a chomhtháthú trí bhogaigh a chruthú

• Cruthaíonn bogaigh áiteanna ciúine chun machnamhach a dhéanamh

• Cruthaíonn coillearnacha foscadh, scáth agus stórálann siad carbón agus tacaíonn siad le bithéagsúlacht

• Cabhraíonn siad mar chonair éiceolaíoch na Life, freisin

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Feabhsaíodh an láithreán go suntasach don bhithéagsúlacht trí fhreagra dea-phleanáilte

a thabhairt ar cheist tuilte agus trí deiseanna a thapú chun bithéagsúlacht a mhéadú. Bhí forbairt an tsuímh in ann luach ard ar airgead a sholáthar trí chur chuige cúramach faoi stiúir na bithéagsúlachta a chomhtháthú seachas crua-innealtóireacht a úsáid. Aithnítear luach an dúlra mar spás taitneamhachta anois agus is dóichí go ndéanfar é a mheas i dtionscadail amach anseo dá bharr.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 42 Cás-staidéar 4

Tionscnamh na nGabhlán Gaoithe

Is cuairteoirí samhraidh ón Afraic iad na Gabhláin Gaoithe, Apus apus Sular thosaigh daoine ag tógáil struchtúr, dhéanadh na Gabhláin Gaoithe a neadacha i bpoill i gcrann agus i gcreaga aille (rud a dhéanann siad fós in áiteanna áirithe) ach anois is iondúil go ndéanann siad a neadacha i bhfoirgnimh, áit a bhfaigheann siad rochtain ar scoilteacha do neadacha trí bhearnaí agus poill. Tá laghdú thart ar 40% tagtha ar líon na gabhlán gaoithe in Éirinn le 10 mbliana anuas agus tá siad ag laghdú ar fud an domhain freisin. Tá OPW ag obair i gcomhpháirtíocht le Cairde Éanlaith Éireann (BWI) ó 2015 i leith maidir le Caomhnú na nGabhlán Gaoithe. Déanann BWI suirbhé ar áiteanna de chuid OPW le fáil amach faoi Ghabhláin Gaoithe agus déanann siad moltaí lena gcosaint nuair a aimsítear iad. Nuair nach ann dóibh, déantar na láithreáin a mheas le haghaidh deiseanna nua neadaithe a sholáthar trí bhoscaí neadaithe speisialaithe a shuiteáil. Ionchorpraíodh bearta praiticiúla caomhnaithe le haghaidh Gabhláin Gaoithe ag láithreáin éagsúla OPW, lena n-áirítear Caisleán Phort Omna (Gaillimh) agus Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úr (Contae Dhún na nGall), Caisleán Chill Chainnigh, agus Cluain Mhic Nóis (Uíbh Fhailí).

Príomhcheisteanna

• Cailliúint ionad neadaithe i seanfhoirgnimh de bharr obair cothabhála

• Ní bhíonn scoilteacha oiriúnacha chun neadacha a dhéanamh i bhfoirgnimh nua

• Tá meath ag teacht ar an speiceas

• Feasacht bainisteoirí na n-áiteanna sin

Príomhbhuntáistí

• Deiseanna neadaithe do speiceas ar an liosta dearg a choinneáil nó a athbhunú

• Oibriú i gcomhpháirtíocht chun saineolas oiriúnach a fháil

• Oiliúint foirne agus ardú feasachta

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Léiríonn an tionscadal seo an luach a bhaineann le comhpháirtíochtaí straitéiseacha chun tionscnaimh a fhorbairt thar limistéar leathan agus chun leas a bhaint as an saineolas ceart. Léiríodh go bhfuil gnéithe tábhachtach oiliúna agus feasachta sa tionscadal seo, chun a chinntiú go nglactar leis na cineálacha cur chuige cearta agus freisin chun tacaíocht a spreagadh i measc phearsanra OPW atá i gceist.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 43 Cás-staidéar 5
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 44
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 45
Clár chun Cluasach Mhara a chur ar ais arís in Oileán Mhuire, Co.Loch Garman. Fásadh na plandaí i nGarraithe Náisiúnta na Lus agus athchuireadh ar an suíomh iad.

Cluasach mhara, planda faoi bhagairt: téarnamh bithéagsúlachta (Gairdíní Náisiúnta na Lus)

Forbraíonn an fhoireann ghairneoireachta agus eolaíochta ag an Gairdíní Náisiúnta na Lus cláir shíolraithe agus bailiúcháin ex-situ nó ‘árachais’ do chuid de na speicis phlandaí is neamhchoitianta atá againn. Ar cheann acu sin tá an chluasach mhara (Achillea maritima) nó ‘Sea cottonweed’ mar a thugtar air as Béarla. Tháinig meath mór ar an blanda seo in Éirinn ó 1850 agus níl sé sé le fáil anois ach i suíomh amháin i gContae Loch Garman, agus ní raibh ach 11 phlanda fiáine fágtha in 2020. Tá sé cosanta in Éirinn faoin Ordú um Chosaint Flóra 2015 agus tá sé aicmithe mar speiceas atá ‘I mBaol Criticiúil’ ar Liosta Dearg Plandaí Soithíocha na hÉireann 2016. Tá teicnící forbartha ag NBG chun an planda seo a fhás sa phlandlann agus tá roinnt plandaí ag fás mar chúltaca do na plandaí luachmhara atá fágtha i gContae Loch Garman. I gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) le dhá bhliain anuas, tá 36 planda breise curtha ar ais sa bhfiántas i Loch Garman, ag méadú faoi thrí a líon in Éirinn, agus tá 24 síológa agus 26 planda breise á bhfás i bplandlann NBG chun leanúint leis an obair i ndiaidh 2021.

Príomhcheisteanna

• Meath tromchúiseach ar phlanda dúchasach atá i mbaol mór

• Dúshláin chaomhantais a bhaineann le suíomh amháin agus gan ach líon beag bídeach de phlandaí fiáine ann

• Níorbh fhios ar dtús conas iad a iomadú

Príomhbhuntáistí

• Líon na bplandaí dúchasacha a threisiú sa suíomh lárnach

• Deis chun plandaí den sórt a chur ar fás arís in áiteanna ina mbíodh siad

• Oibriú i gcomhpháirtíocht le daoine eile chun suíomh a chosaint agus a cheadúnú

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Tacaíonn na cláir athshlánaithe seo le Cuspóir 4 de PFNP, a bhfuil sé mar aidhm aige bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú, agus Cuspóir 6, chun feabhas a chur ar bhainistiú limistéar agus speiceas faoi chosaint. Tá gníomhaíochtaí spriocdhírithe riachtanach don speiceas seo mar aon le comhoibriú comhpháirtíochta agus tá na scileanna sainiúla ag NBG chun an croí-obair iomadaithe a dhéanamh trí theicnící nua a fhorbairt, agus a scileanna speisialta a thabhairt chun cinn.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 46 Cás-staidéar 6

Fiadhúlra Inis Cathaigh

Is ar Inis Cathaigh, i gContae an Chláir, atá iarsmaí mainistreach ón 6ú haois. Tá foirgnimh oidhreachta ann agus tagann cuairteoirí ar thurais báid ó Chill Rois i rith an tsamhraidh. Tá gnáthóga nádúrtha ann, lena n-áirítear riasc goirt, bainc ghairbhéil, talamh féarach agus scrobarnach, agus toisc nach bhfuil aon chreachadóirí ar an an oileán, tá líon maith creimirí ann, rud a fhágann go ndéanann pocairí gaoithe a ndeadacha ansin mar aon le Cromáin na gCearc atá faoi bhagairt agus ag meath ar fud na tíre ach taifeadtar go rialta go mbíonn idir péire amháin agus trí phéire ann gach bliain. Fágtar na gnáthóga seachas garthimpeallacht na bhfoirgneamh gan athrú d’fhonn ligean do phróisis nádúrtha tarlú. Tá an bhithéagsúlacht clúdaithe go maith i bhfaisnéis na dturas treoraithe.

Príomhcheisteanna

• Tá éin íogaire ó thaobh neadaithe de ar an oileán

• Méadú ar líon na gcuairteoirí

Príomhbhuntáistí

• Bíonn Cromáin na gCearc íogair ó thaobh suaithe de agus bainistítear é sin go héifeachtach trí fhaisnéis a thugtar ar thurais fhoirmiúla

• Bainistítear gnáthóga an oileáin ar bhealach atá ag teacht le leas na bithéagsúlachta

• Feasacht faoin bhithéagsúlacht a ardú trí léirmhíniú mar aon le heolas ar an oidhreacht thógtha

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Nuair a tharlaíonn saincheisteanna cosúil leis maidir le speicis nó gnáthóga íogaire ag láithreáin eile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, beidh tábhacht ag baint le luach treoracha feiceálacha nó pearsanra a bheith i láthair chun tionchair a laghdú. Ós rud é go mbeidh níos mó turasóirí ag iarraidh cuairt a thabhairt ar láithreáin ba cheart cur chuige oiriúnach a cheapadh maidir le bainistiú cuairteoirí ba cheart cosaint na bithéagsúlachta agus na hoidhreachta tógtha a chur san áireamh.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 47 Cás-staidéar 7
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 48 ↑↑
Inis Cathaigh.
← ↑
Tá Cromán na gCearc fireann liath agus bíonn codarsnacht iontach
idir
é agus an baineannach at breac donn (Grianghraif: Mike Brown).

Nósanna Imeachta Timpeallachta maidir le Cothabháil Draenacha

Is dea-shampla é Treoir Chomhshaoil um Cothabháil Draenála & Tógála OPW ina leagtar síos na chaighdeáin náisiúnta d’obair in aibhneacha agus cuirtear dea-chleachtas in iúl. D’fhorbair Rannóg Comhshaoil OPW sraith Nósanna Imeachta Comhshaoil a mhaolaíonn tionchair chomhshaoil agus a thairgeann deiseanna feabhsaithe maidir le raon speiceas agus gnáthóg. Tá sé d’aidhm ag an gcur chuige seo atá cothrom ó thaobh an chomhshaoil de dearcadh níos leithne a bheith ann maidir le hoibreacha innealtóireachta a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Déantar cur síos ar na samplaí go léir trí úsáid á baint as grianghraif a chabhraíonn chun na réitigh a mhíniú. Doiciméad atá tarraingteach ó thaobh amhairc de is ea an treoir ina gcuirtear síos ar réitigh nuálacha agus praiticiúla ar shaincheisteanna comhshaoil agus a chuidíonn chun feidhmeanna OPW maidir le faoiseamh tuilte a chur i gcrích. Leagtar amach sa Treoir conas faoiseamh tuilte agus réitigh um chothabháil draenála a chur ar fáil trí leas a bhaint as cur chuige cothrom praiticiúil, agus éiceachórais luachmhara a athchóiriú agus a chosaint nuair is féidir.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 49 Cás-staidéar 8

Príomhcheisteanna

• Bithshlándáil agus bainistiú speiceas ionrach

• tionchair ar speicis, gnáthóga agus láithreáin chosanta

• bainistiú siolta agus truailliú uisce

• Féadann modhanna oibre agus cur i bhfeidhm na treorach a bheith dúshlánach

• cothromaíocht a bhaint amach idir cur i gcrích an phríomhchuspóra agus idirghabhálacha bithéagsúlachta

Príomhbhuntáistí

• Sruthchúrsaí agus gnáthóga nádúrtha a chosaint agus a athchóiriú nuair a chuirtear treoir i bhfeidhm

• Tugtar tacaíocht suntasach don bhithéagsúlachta nuair a chuirtear gnáthóg luachmhar ar fáil do raon speiceas

• Comhtháthú chomhairle Iascach Intíre Éireann (IFI) chun tairbhí a bhaint amach ar fud sainchúram an dá eagraíocht

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Aithníonn OPW gur féidir cur i bhfeidhm na treorach a theorannú de bharr nádúr cruinn na hoibre, a shuíomh nó a práinne is atá sé, agus freisin ag eolas agus feasacht na gcleachtóirí. Nuair a leantar é, is minic a bhíonn an toradh fabhrach, ach nuair a chuirtear isteach ar chur i bhfeidhm na treorach, féadfaidh na torthaí gan a bheith chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith. Beidh sé tábhachtach gníomhú amach anseo chun oiliúint agus treoir fheabhsaithe a aithint d’oibritheoirí, maraon le scrúdú a dhéanamh ar na córais ina n-iomláine chun comhlíonadh reachtúil agus draenáil éifeachtach a chinntiú agus gan dochar a dhéanamh do na deiseanna is fearr don bhithéagsúlacht.

Tá comhoibriú le hIascach Intíre Éireann tríd an gClár um Fheabhsú Aibhneacha Comhshaoil (EREP) tar éis an cleachtas is fearr a sholáthar do mhodhanna oibre a fheabhsaíonn agus a athchóiríonn conairí abhann agus bealaí iasc. D’oibrigh OPW agus IFI i gcomhpháirtíocht le chéile agus sampla is ea é den chaoi inar féidir spriocanna iolracha a bhaint amach trí scileanna agus saineolas comhlántach a chomhtháthú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 50

Claífoirt Chósta na Sionainne

Is cosaintí farraige iad Claífoirt Chósta na Sionainne do thalamh talmhaíochta agus do cheantair uirbeacha (a bhfuil go leor díobh tógtha ar thalamh a míntíríodh san am atá thart) ar inbhear na Sionainne. Ar an drochuair, tá forbairtí shuntasacha mhíchuí tógtha taobh thiar de na cosaintí seo. Tá dualgas reachtúil ar OPW na cosaintí seo a chothabháil agus is gá cothromaíocht a bhaint amach idir na riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil agus na claífoirt seo á gcothabháil.

Tá nósanna imeachta forbartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun teorainn a chur le tionchar na n-oibreacha ar na cosaintí seo ar na réileáin láibe íogaire idirthaoideacha agus na riasca goirte atá fós ann agus a mbíonn go leor éin thábhachtacha iontu. Áirítear leis seo measúnuithe comhshaoil ina ndeantar cur síos ar bhearta maolaithe chun suaitheadh a íoslaghdú, agus an tsócmhainn chosanta á chothabháil. Áirítear le maolú uainiú cúramach na n-oibreacha, mapáil na gclaífort chun aon phlandaí, ainmhithe nó gnáthóga cosanta a aithint (mar shampla, madraí uisce agus broic) agus bearta a chur i bhfeidhm chun caomhnú speiceas a éascú. Áirítear leis seo déileáil le pandaí ionracha agus úsáid a bhaint as meascáin síolta móinéir ina bhfuil bláthanna fiáine dúchasacha chun na bruacha a chobhsú agus ag an am céanna feabhas a chur ar bhithéagsúlacht le haghaidh pailneoirí ar na cosaintí tuilte.

Príomhcheisteanna

• Bíonn tionchar ag ardú leibhéal na farraige ar ghnáthóga idirthaoideacha

• D’fheadfaí suaitheadh a dhéanamh ar éin, ar ainmhithe agus ar ghnáthóga atá faoi chosaint

• Speicis choimhthíocha ionracha

• Tionchair ar mhamaigh chosanta a úsáideann bruacha tuilte

• cothromaíocht a bhaint amach idir cur i gcrích an phríomhchuspóra agus idirghabhálacha ar mhaithe le bithéagsúlacht

Príomhbhuntáistí

• Bearta i leith speicis chosanta

• Tionchair ghníomhaíochtaí oibre a íoslaghdú ar mhaithe leis an bhfiadhúlra atá ann cheana féin

• Luach ard a thabhairt do phailneoirí agus cuidiú le hiarrachtaí an Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí (AIPP).

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Léiríonn an cás-staidéar seo cur chuige pragmatach chun déileáil leis an tsaincheist láithreach maidir le cosaintí farraige a chothabháil agus gan tionchar a bheith aige ar bhithéagsúlacht, ach le hardú ar leibhéal na farraige atá faoi thionchar na haeráide, tiocfaidh athrú ar thírghnéithe cósta agus beidh tuilte buana ann agus cuirfidh sé seo brú ar ghnáthóga tábhachtacha idirthaoideacha agus caillfear cuid den bhithéagsúlacht. Beidh pleanáil straitéiseach chúramach riachtanach chun cosaint a sholáthar in aghaidh tuilte agus chun bithéagsúlacht a chothabháil. Ba cheart go n-áireofaí mar chuid de sin deiseanna a aithint le haghaidh athailíniú cósta chun freagra fabhrach a thabhairt ar chailliúint na ngnáthóg idirthaoideach agus chun réitigh ‘níos boige’ a úsáid chun leibhéil farraige níos airde a bhainistiú.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 51 Cás-staidéar 9
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 52
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 53

Teach Bhaile an Chaisleáin agus a Fhearainn Páirce –Móinéir do Phailneoirí a bhuaigh duaiseanna

Ó 2008 i leith, tá OPW ag bainistiú 80 acra de thalamh féaraigh leathnádúrtha ag Baile an Chaisleáin, i gContae Chill Dara, mar mhóinéir atá neamhdhíobhálach do bhithéagsúlacht. Tá dhá chóras bainistithe um bhaint féir i bhfeidhm, .i. baintear láithreacha sonracha chun tacú le Scréachóga Reilige gach cúig bliana, agus fágtar an fásra ar an láithreán. Tá formhór an láithreáin á bhainistiú mar mhóinéar samhraidh a ghearrtar uair sa bhliain i mí Mheán Fómhair agus baintear an fásra ar fad. Spreagann sé seo móinéar a bhfuil a lán speiceas de bhláthanna fiáine agus d’fhéir dúchasacha ann agus tá méadú an-suntasach ar líon na mbodach gliogair, magairlíní na stuaice, magairlíní na mbeach, rú mhuire agus lus na cuaiche. Clúdaíonn na caisearbháin an talamh san earrach agus is foinse thábhachtach bia iad do bheacha nuair a dhúisíonn siad óna gcodladh geimhridh.

Déantar na bruacha in aice leis an Life a bhainistiú ar mhaithe le bláth fiáin dúchasach eile, An Scaibeas. Bailítear agus scaiptear na síolta chun a líon sa cheantar seo a mhéadú. Tá breis is 15 speiceas féileacán aitheanta san iomlán, lena n-áirítear an Aimiréal Dearg agus an Chamóg. Ní úsáidtear leasacháin ná lotnaidicídí.

Príomhcheisteanna

• Móinéar pailneora a dhéanamh d’fhéarach

• Teicnící a aithint chun móinéir a chruthú

• Ról an ghairdín a chomhtháthú

Príomhbhuntáistí

• Móinéir dhúchasacha éagsúlaithe, ardchaighdeáin

• Luach ard do phailneoirí agus tacú le hiarrachtaí AIPP

• Luach oideachasúil agus aeistéitiúil ag teacht le timpeallacht an ghairdín

• Rochtain éasca don phobal

Conclúidí & ceachtanna foghlamtha

Tá taithí luachmhar faighte maidir le tailte féaraigh dianshaothraithe eile a thiontú ina móinéir do phailneoirí. Aithníonn an pobal a áille is atá siad agus cuireann siad fáilte rompu. Fágann inrochtaineacht do dhaoine gur láithreán taispeána é a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun ceannaireacht a léiriú do dhaoine eile maidir le cur chuige atá dearfach ó thaobh na bithéagsúlachta a ghlacadh maidir le bainistiú féarach, gnáthóga nádúrtha a chur chun cinn agus modhanna bainistíochta ísealdéine a ghlacadh.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 54 Cás-staidéar 10

STRAITÉIS GHNÍOMHAÍOCHTA AN OPW UM BITHÉAGSÚLACHT

Cuireann an Straitéis Ghníomhaíocht an OPW um Bithéagsúlacht (SGB) bearta straitéiseacha ar fáil le go gcruthófar cur chuige maidir le hobair leis an mbithéagsúlacht a chuirfear lena teacht aniar.

Tugtar sa straitéis seo achoimre ar cá mbíonn teagmháil ag an OPW leis an mbithéagsúlacht; cuirtear tuairimí na foirne agus pleananna agus reachtaíocht náisiúnta san áireamh; leagtar amach fís fhadtéarmach do chur chuige méadaithe i leith na bithéagsúlachta, an bhail atá uirthi, céard atá i ndán di, na bacainní agus na deiseanna; déantar bearta straitéiseacha a mhionsonrú, arna sainaithint chun freagairt an OPW ar an ngá le athchóiriú a fheabhsú.

Cuimseofar i gcur chuige na straitéise seo:

• Tuiscint agus feasacht a mhúscailt ar an mbithéagsúlacht ar fud na heagraíochta

• Scileanna agus eolas ar leith laistigh den eagraíocht a fhorbairt

• Sochar Glan Bithéagsúlachta a chinntiú trí chaomhnú agus feabhsú ar fud phunann na láithreán, na dtionscnamh agus na dtionscadal

• Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chothú má tá gá le comhar don bhithéagsúlacht

• Cuir chuige rialachais agus bainistíochta a neartú chun saincheisteanna bithéagsúlachta a neartú

• Ailíniú le beartas agus gealltanais an Rialtais agus an AE maidir leis an mbithéagsúlacht a áirithiú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 55 6 CUR CHUIGE
Corr Ghlas i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. ↓

Beidh an bhithéagsúlacht ina phríomhcheist maidir lenár gcuid pleananna agus oibríochtaí chun ár gcuid príomhfheidhmeanna a sholáthar, ag cinntiú go bhfuilimid ag cur le caomhnú na bithéagsúlachta trí bheartais, cleachtais agus daoine.

Is dearcadh fadtéarmach é seo, ag breathnú ar aghaidh i bhfad tar éis shaolré ár gcéad Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht 2022-2027, agus sainaithnítear ann an méid a bhfuiltear ag súil leis maidir le conas a oibreoimid leis an mbithéagsúlacht agus bheith chun leas na bithéagsúlachta ar feadh na deich mbliana atá romhainn agus ina dhiaidh sin.

Ag tógáil ar bhunú ár nGrúpa Stiúrtha um Bithéagsúlachta, beidh ár Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht ar an gcéad chéim maidir le bealach a leagan síos don bhithéagsúlacht a chur chun cinn mar ghné shuntasach inár gcuid oibre uile. An dualgas caomhnú na bithéagsúlachta a chur chun cinn, beidh sé ag teacht chun tosach maidir lenár machnamh, agus a mhéid is féidir, déanfar an dualgas bunúsach atá againn caomhnú a mhéadú tríd an mbithéagsúlacht a mhéadú. Áireofar leis sin go mbeidh oidhreacht thógtha na hÉireann, punann réadmhaoine an Stáit agus an bonneagar bainistíochta riosca i gcás tuilte, arna mbainistiú ag an OPW, ag cur go glan le stádas méadaithe na bithéagsúlachta. Cuirfear leis sin le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a bhaint amach, agus ár gcuid oibleagáidí faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an AE agus an CB a bhaint amach freisin.

Feicfimid dul chun cinn suntasach ar feadh na ngníomhaíochtaí straitéiseacha uile laistigh denár gcuid téamaí bithéagsúlachta. Beidh an bhithéagsúlacht lánchomhtháite, taobh le bearta don athrú aeráide, mar bhunchuid d’ár gcuid oibre.

Beidh feasacht mhéadaithe againn agus aitheantas méadaithe againn ar luach na bithéagsúlachta agus an tábhacht a bhaineann léi inár gcuid oibre i measc na foirne, na comhpháirtithe agus na gconraitheoirí déanfar sin a thomhas agus a thuairisciú ar bhonn tréimhsiúil. Cuirfimid oiliúint agus tacaíocht ar fáil don fhoireann chun a chinntiú go mbeidh na scileanna agus an t-eolas ard maidir leis an mbithéagsúlacht.

Beidh bunlíne de na meadarachtaí barrthábhachta déanta againn ar ár réadmhaoin agus ar na limistéir oidhreachta agus ar na limistéir a bhfuil riosca tuilte ag baint leo. Tuairisceofar ár n-iarracht agus ár gcuid torthaí maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a chur chun cinn ar fud na heagraíochta. Déanfar é a chur ar fáil go hinmheánach agus go seachtrach.

Beidh pleananna bithéagsúlachta láithreáin bunaithe againn ar fud ár gcuid láithreán is tábhachtaí don fhiadhúlra ag sainaithint cá bhfuil freagairt ar leith ó

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 58 7 TODHCHAÍ BHITHÉAGSÚIL
↑ Feasacht ar Fhianna ag Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

thaobh na bithéagsúlachta againn agus ag pleanáil na bainistíochta chun cosaint agus feabhsú a chinntiú más féidir. I measc sin beidh láithreáin a dtacaímid agus a mbainistímid speicis agus gnáthóga tosaíochta Eorpacha agus náisiúnta iontu nó cibé áit gur féidir linn difríocht a dhéanamh. Déanfaimid taifead ar shonraí bunlíne ar láithreáin a ndéanaimid beart orthu, déanfaimid monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus déanfaimid cinnte go mbeidh rath i gcónaí ar ár gcuid beart.

Beimid tar éis cur leis na huirlisí bainistíochta comhshaoil atá againn cheana féin laistigh de chothabháil draenála, le próisis agus le hoiliúint atá ag feabhsú an t-am ar fad chun iarmhairtí a d’fhéadfadh teacht ar an mbithéagsúlacht a theorannú agus an sochar bithéagsúlachta a uasmhéadú do réimse speiceas agus gnáthóg. Beidh gníomhaíochtaí cothabhála draenála ag feidhmiú chun uisce a bhainistiú, agus a gceart á dtabhairt do riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, agus deiseanna á gcomhtháthú chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú tuilleadh trí chláir athchóirithe agus trí scileanna na foirne a bheidh i gcónaí ag feabhsú. Beidh curtha againn leis na hiarrachtaí atá déanta againn maidir le faoiseamh i gcás tuilte chun cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i ndáil le réitigh a shainaithint agus a cur i bhfeidhm lena gcuirfear i gcrích na príomhchuspóirí tionscadail de chosaint tuilte agus réimse gnáthóg don fhiadhúlra a chaomhnú agus a fheabhsú, lena n-áirítear gnáthóga srutha agus bruachánach. Bainfimid leas gníomhach as caomhnú na bithéagsúlacht mar phríomhghné de réimis éifeachtacha do bhainistíocht hidreolaíoch agus beidh níos mó eolais agus níos mó feidhmithe forbartha againn maidir le Réitigh Bainistíochta Dobharcheantar Fiadhúlra-bhunaithe, amhail bogaigh a úsáid chun moill a chur ar an sreabhadh, agus ar an gcaoi sin ag cur go mór le seirbhísí éiceachórais a athchóiriú

Timpeall ár gcuid cóstaí, beidh limistéir sainaitheanta againn a mbeidh cineálacha cur chuige fiadhúlra-bhunaithe don chreimeadh cósta indéanta, amhail murlaigh agus riasca goirt, á n-úsáid mar chuid den réiteach, ag cur go suntasach le hoiriúnú don athrú aeráide, agus gnáthóga luachmhara á gcur ar fáil do speicis chósta agus bhogaigh.

Agus muid ag bainistiú ár gcuid láithreán oidhreachta cultúrtha, réadmhaoine agus uiscebhealaí, déanfaimid an bhithéagsúlacht ina cuid lárnach d’ár bpleananna; teacht le bheith ina cuid de na gnéithe léirmhínithe, b’fhéidir na timpeallachtaí nádúrtha ársa ina bhfuil na séadchomharthaí a shamhlú agus a athchóiriú.

Tógfaimid ar ár ról ceannaireachta sa bhithéagsúlacht agus sa chaomhnú plandaí tuilleadh tríd an éagsúlacht phlandaí a shaintréithiú ón leibhéal géiniteach chuig leibhéal an tírdhreacha. Leanfaimid lenár gcomhpháirtíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le plandaí a chaomhnú, go háirithe trínár mbailiúchán lusanna beo agus ár mbailiúcháin bhanc géinte a fhorbairt, le barrfheabhas maidir le caighdeáin choimeádaíochta agus maidir lenár mbanc náisiúnta síolta a lánfhorbairt.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 59

Forbróimid ról Gharraithe Náisiúnta na Lus tuilleadh maidir le feasacht a mhúscailt ar fhlóra agus gnáthóga dúchasacha, agus déanfaimid iarracht réimsí i gcomhair léirmhínithe laistigh d’ár gcuid gairdíní a shainaithint agus a fhorbairt, i mbailiúcháin triomaithe na luslainne agus ar líne, lena n-áirítear for-rochtain san oideachas, agus ceannaireacht a léiriú maidir leis an bhfeasacht náisiúnta ar fhlóra na hÉireann a chur chun cinn. Treiseoimid ár gcuid iarrachtaí leas a bhaint as Garraithe Náisiúnta na Lus mar ionad taighde agus oideachais, a bheidh chun leas na feasachta náisiúnta ar na mbithéagsúlacht.

Maidir lenár bpunann leathan de láithreáin oidhreachta a bhainistiú, leanfar de theicnící den chleachtas is fearr agus atá bunaithe ar fhianaise do shochar bithéagsúlachta a fhorbairt mar eiseamláirí i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Glacfaimid ról ceannaireachta maidir le tailte, foirgnimh agus struchtúir uiscebhealaigh a dhearadh agus a oiriúnú chun gnáthóga don fhiadhúlra a sholáthar a mhéid is féidir. Úsáidfimid teicnící traidisúnta agus chun dáta san ailtireacht agus san innealtóireacht, mar aon le fianaise éiceolaíoch fhónta chun réitigh a fhorbairt do speicis ardtosaíochta, amhail an gabhlán gaoithe, an cruidín agus éin eile a bhfuil meath ag teacht orthu, raon leathan speiceas ialtóg, feithidí a dhéanann pailniú amhail beacha aonair, agus dobharchúnna agus éisc sna huiscebhealaí. Cinnteoimid go dtiocfaidh na hábhair nádúrtha uile a úsáidimid d’ár gcuid foirgneamh agus struchtúr ó fhoinsí inbhuanaithe a bhfuil cleachtais lena dtacaítear leis an mbithéagsúlacht sa bhaile is i gcéin ag baint leo.

Inseoimid do dhaoine an méid a dhéanaimid don fhiadhúlra agus do ghnáthóga Cuimseofar inár gcuid láithreán oidhreachta faisnéis a bhaineann go díreach leis an mbithéagsúlacht; beidh treoracha ar fhiadhúlra inár gcuid tírdhreacha deartha á n-áireamh ar na meáin ghréasáin agus chlóite a bheidh againn; agus cuirfimid comhairle ar fáil maidir leis an dea-chleachtas i leith obair a dhéanamh ar uiscebhealaí agus i leith foirgnimh a athchóiriú. Músclófar leis sin feasacht i measc an phobail ar an obair a dhéanann an OPW, ar luach na láithreán oidhreachta agus na n-uiscebhealaí don bhithéagsúlacht, ag cothú meon an chúraim don oidhreacht nádúrtha agus don oidhreacht chultúrtha araon.

Beidh iniúchadh déanta againn ar an méid a chuirimid leis an mbithéagsúlacht agus le seirbhísí éiceolaíocha i gcás gníomhaíochtaí réadmhaoine, riosca i gcás tuilte agus oidhreachta, lena n-áirítear á aithint nuair a bhíonn an oidhreacht nádúrtha chomh tábhachtach leis an oidhreacht chultúrtha. Beidh tuiscint níos fearr againn ar fheasacht ár gcuairteoirí agus an meon atá acu maidir leis an mbithéagsúlacht, agus freagróimid trínár gcuid cineálacha cur chuige bainistíochta a fhorbairt dá réir mar rudaí a tharraingeodh daoine chuig na láithreáin chuairteoirí is mó atá againn.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 60

STRAITÉISEACHA

Tá an bhithéagsúlacht fite fuaite i mbeartas inbhuanaitheachta an OPW trína Ráiteas Straitéise51 Cuirtear leis an Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht seo le, go háirithe, Téama 2, Cuspóir 2 a chur i gcrích, laistigh den Ráiteas Straitéise: A chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht mar bhonn eolais faoi chinnteoireacht uile an OPW. Tá ról tábhachtach aige freisin maidir leis an bhfreagairt ar an athrú aeráide, a bhaineann leis an mbithéagsúlacht ar fud na dtéamaí straitéiseacha a leanas. Feidhmíonn an OPW ar feadh réimse rannán: Tógtha, Cultúrtha agus Oidhreacht Nádúrtha, Seirbhísí Corparáideacha, Bainistíocht Eastát agus Bainistíocht Riosca i gcás Tuilte. Feidhmíonn na rannáin sin chun réimse feidhmeanna a thabhairt i gcrích, mar a luadh cheana féin, ach ina measc tá bainistíocht réadmhaoine oidhreachta a bhfuil tírdhreacha deartha agus páirceanna deartha leo, séadchomharthaí náisiúnta, foirgnimh rialtais, oibreacha draenála bunriachtanacha agus oibreacha móra maidir le tuilte a chosc, Garraithe Náisiúnta na Lus, agus na seirbhísí bainteacha a thacaíonn leis na feidhmeanna sin faoi Sheirbhísí Corparáideacha.

Ag dréim leis an bhfís fhadtéarmach a gcuirtear síos uirthi in “Todhchaí bhithéagsúil”, tá sé mar aidhm ag ár dtéamaí straitéiseacha do na cúig bliana atá romhainn na príomhbhealaí lena mbíonn baint againn leis an mbithéagsúlacht, ár bpríomhfheidhmeanna, agus na réimsí le gur féidir linn an difríocht is mó a dhéanamh a chuimsiú sa phlean straitéise gníomhaíochta seo, ár gcéad cheann, don bhithéagsúlacht. Is é Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (PGNB) na hÉireann an chaoi go n-aistrítear gealltanais Eorpacha agus dhomhanda an náisiúin maidir leis an mbithéagsúlacht.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 61 8 TÉAMAÍ

TÉAMAÍ OPW AGUS NAISC LEIS AN bPLEAN NÁISIÚNTA UM BITHÉAGSÚLACHT

Cuspóir Straitéis Gníomhaíochta OPW um Bithéagsúlacht

Pleanáil don dúlra

Eolas faoin dúlra Oibriú le huisce agus le fiadhúlra

Ceannairí nádúrtha Éagsúlacht de thoradh dearaidh

Cuspóir an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht

Cuspóir 1

Bithéagsúlacht a phríomhshruthú sa chinnteoireacht thar gach earnáil

Cuspóir 2

An bonn eolais maidir le caomhnú, bainistiú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta a neartú

Cuspóir 3

Feasacht agus tuiscint maidir le bithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais a mhéadú

Cuspóir 4

Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais faoin tuath níos leithne a chaomhnú agus a athchóiriú

Cuspóir 5

Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais sa chomhshaol muirí a chaomhnú agus a athchóiriú

Cuspóir 6

Bainistiú limistéar agus speiceas faoi chosaint a leathnú agus a fheabhsú

Cuspóir 7 Rialachas idirnáisiúnta maidir le bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a neartú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 62

1 Ag pleanáil don dúlra

Ag cinntiú go n-áireofar an bhithéagsúlacht i gcroílár ár gcuid feidhmeanna, trínár obair a phleanáil ón leibhéal eagraíochtúil go dtí leibhéal an láithreáin. Pleanáil chun a chinntiú go ndéanfaimid ár gcion maidir leis an PGNB agus maidir le gealltanais bhithéagsúlachta idirnáisiúnta na hÉireann dá bharr. Aghaidh a thabhairt ar an ngá le bearta dírithe ag leibhéal an láithreáin agus ag an leibhéal feidhmiúil araon, lena n-áirítear a chinntiú go ndéanfar láithreáin ainmnithe agus speicis tosaíochta a chuimsiú inár bpleananna.

2 Ceannairí nádúrtha

Ceannaireacht maidir le caomhnú na bithéagsúlachta ar fud ár gcuid oibre sna réimsí gur féidir linn bheith is éifeachtaí. Ina measc sin, tá caomhnú na bithéagsúlachta plandaí trí obair Gharraithe Náisiúnta na Lus agus trí thionscadail chaomhnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis. Tá ceannaireacht chun aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna bithéagsúlachta a bhfuil freagairt ar leith againn ina leith, amhail an timpeallacht fhionnuisce, láithreáin oidhreachta agus i leith foirgnimh phoiblí a bhainistiú, bunriachtanach. Ina measc sin, tá réimse saineolaithe inmheánacha agus ag obair i gcomhar le comhpháirtithe chun caomhnú na bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais ar fud ár gcuid seirbhísí uile a thabhairt i gcrích.

3 Ag obair le huisce agus le fiadhúlra

Feabhas a chur ar na bealaí a oibrímid le faoiseamh tuilte agus oibreacha draenála artaireacha chun réitigh chruthaitheacha a áireamh, agus a gceart á thabhairt don bhithéagsúlacht agus do thionchair shóisialta araon, ag íoslaghdú na dtionchar comhshaoil más dosheachanta atá siad agus deiseanna a chruthú chun Sochar Glan a bhaint amach don bhithéagsúlacht agus don chosaint tuilte trí bheartais, nósanna imeachta agus taighde atá fónta.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 63
Tagraíonn ár dtéamaí straitéiseacha do na cuspóirí laistigh den PGNB agus léiríonn siad
ar
an
gcaoi sin conas a
chuireann ár stráitéis leis an bPlean a chur i gcrích.

4 Éagsúlacht trí dhearadh

Foirgnimh agus oidhreacht thógtha, tírdhreacha deartha, fearainn agus bonneagar cosanta tuilte, chun iad a fheabhsú don bhithéagsúlacht, a bhainistiú. Bearta bithéagsúlachta a chuimsiú maidir le foirgnimh nua a phleanáil nó laistigh d’fhoirgnimh athchóirithe agus a réimse poiblí, agus réadmhaoin stairiúil a oiriúnú agus uiscebhealaí draenáilte a athrú chun bearta suntasacha a áireamh do Shochar Glan Bithéagsúlachta agus soláthar na príomhfheidhme agus príomhainmniúchán a choinneáil.

5 Eolas ar an dúlra

Deiseanna a chur ar fáil don fheasacht ar an mbithéagsúlacht a chur chun cinn go héifeachtach ar fud na heagraíochta, go háirithe trí obair ár Seirbhísí do Chuairteoirí ag láithreáin oidhreachta. Ag insint do dhaoine an méid a dhéanaimid don bhithéagsúlacht chun a bhfeasacht a mhúscailt. Athrú eagraíochtúil chun feasacht a mhúscailt i measc na foirne agus soláthar oiliúna a fheabhsú maidir leis an mbithéagsúlacht. Bearta eagraíochtúla chun go leor acmhainní a chur ar fáil do bhearta bithéagsúlachta. Sonraí agus faisnéis mar gheall ar an mbithéagsúlacht a thaifeadadh ag láithreáin agus tionscadail de chuid an OPW, agus monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar athruithe.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 64

STRAITÉISEACHA

Eascraíonn as na saincheisteanna agus na deiseanna a shainaithnítear tríd an straitéis seo 48 beart straitéiseach trasna cúig théama straitéiseacha, a sainaithníodh ag an nGrúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht, ag cur san áireamh pleananna agus straitéisí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ag baill foirne tríd an bpróiseas comhairliúcháin foirne.

Díreofar leis na bearta a shainaithnítear ar na deiseanna agus gealltanais straitéiseacha is fearr chun torthaí maithe don bhithéagsúlacht a thabhairt i gcrích. Ina measc, téann siad ó bhearta ar leith a dhéantar laistigh d’aonaid oibre chun torthaí suntasacha beaga a chinntiú, go dtí aghaidh a thabhairt ar na hacmhainní is gá chun cumas a thógáil chun dul i ngleic le saincheisteanna bithéagsúlachta, amhail baill foirne ríthábhachtacha nó tionscnaimh mhóra.

Faoi gach téama straitéiseach, déanfar cur síos ar na bearta, mar aon leis na torthaí a mbeifeá ag súil leo tar éis a gcur chun feidhme. Déanfar Príomhtháscairí Feidhmíochta (PTF) a dhearadh chun rianú ar dhul chun cinn a éascú agus sceideal seachadta a léiriú chun críche leithdháileadh acmhainní réasúnta a éascú i rith shaolré na straitéise cúig bliana seo.

Giorruithe:

BFT Bainistíocht Faoiseamh Tuilte

BFT-BS Bainistíocht Faoiseamh Tuilte Bainistíocht Sonraí

CB an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht

CCECNA Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil de na NA

CITES an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mBaol

DA Draenáil Artaireach

ENC Eagraíocht Neamhrialtais Chomhshaoil

GCC an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

GNL Garraithe Náisiúnta na Lus

GSB an Grúpa Stiúrtha um Bithéagsúlachta

SDCP an Straitéis Dhomhanda um Chaomhnú Plandaí

IIÉ Iascach Intíre Éireann

INSB Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

RSN Rannán na Séadchomharthaí Náisiúnta

OB Oifigeach Bithéagsúlachta (le hearcú)

OPAS Oifig an Phríomh-Ailtire/an Ailtire Stáit

RBR an Rannán Bainistíochta Réadmhaoine

RC an Rannán Comhshaoil

RCR an Rannán Cothabhála Réadmhaoine

RINRS Rannán na nIonad Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla

SGB Straitéis Ghníomhaíocht um Bithéagsúlachta an OPW

SO Seirbhísí Oidhreachta

SFI na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

SPNF an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 65 9 BEARTA

Téama Straitéiseach 1 Ag pleanáil don dúlra

Ciallaíonn sé, leis na róil éagsúla a ghlacann an OPW, go mbíonn baint ag an Oifig leis an mbithéagsúlacht ar go leor bealaí agus le torthaí féideartha ó go handearfach go dtí dochrach b’fhéidir. Is soiléir go bhfuil cur chuige comhordaithe ag teastáil maidir leis an straitéis seo a chur i gcrích, ach chun é sin a dhéanamh ar fud eagrais ar scála an OPW, beidh acmhainní tiomnaithe ag teastáil, róil thrasghearrtha chun gach aonad oibre a shroichint trí chláreagrú oibre, agus cur chuige comhsheasmhach agus righin maidir le pleanáil agus monatóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna agus deiseanna, chomh maith le sainaithint cá bhfuil dul cinn á dhéanamh agus freagairt dá réir.

Ceann de na rudaí is tábhachtaí an gá le saineolas intí a fhorbairt agus acmhainní tiomnaithe chun a áirithiú go dtabharfaí seasamh ceart don bhithéagsúlacht ó thaobh pleanála agus cinnteoireachta oibríochtúla de, ar nós caighdeáin Sláinte agus Sábháilteachta.

Baineann na bearta sin le cuspóirí an PGNB maidir le méid na feasachta, an rialachais agus na cinnteoireachta a mhéadú don bhithéagsúlacht laistigh den chomhthéacs feidhmiúil.

1 An bhithéagsúlacht a lárshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta

Cuspóirí PGNB ábhartha

6 Feasacht agus léirthuiscint a mhéadú ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais

7 Rialachas idirnáisiúnta don bhithéagsúlacht agus do sheirbhísí éiceachórais a neartú

# Beart Rannán OPW i gceannas

1.1 Oifigeach Bithéagsúlacht a earcú chun gach gné den chláreagrú bithéagsúlachta a chomhordú ar fud an OPW

Seirbhísí Corparáideacha (earcú agus dualgas a leagan)

Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Oifigeach Bithéagsúlachta ceaptha ag leibhéal a chumasaíonn tionchar suntasach ar fud na heagraíochta, agus a oibríonn le GSB agus le Curaidh Bhithéagsúlachta chun na bearta a shainaithnítear sa straitéis seo agus na bearta a thagann as, tuairisciú a éascú san áireamh, a fhorbairt agus a sholáthar.

1.2 Bearnaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht atá ag baill foirne OPW chun saineolas intí a mhéadú

Uile & Acmhainní Daonna

Ba cheart poist fholmha a líonadh chun líon foirne iomlán de bhaill oilte i róil éiceolaíocha, luibheolaíochta, gairneoireachta nó a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a áirithiú.

Ceaptha i mbliain 1

Déan poist fholmha a shainaithint agus tabhair tosaíocht do bhliain 1

An líon a bhaineann leis an mBithéagsúlacht méadaithe faoi bhliain 3

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 66

Beart

1.3 Déan freagracht bhithéagsúlachta a leabú laistigh den bhainistíocht eagraíochtúil trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an nGrúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht

1.4 Plean airgeadais a fhorbairt, le clár oibre agus buiséad, chun an Plean Straitéise Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht a chur i bhfeidhm

1.5 Iniúchadh ar fud an OPW a dhéanamh ar bhithéagsúlacht tosaíochta ar mhaoin nó suíomhanna atá i seilbh ghníomhaíochtaí an OPW nó a mbíonn tionchar acu orthu amhail Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta/ SPAanna, NHAanna agus Anaclanna Dúlra

1.6 Táscairí agus meadarachtaí a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht maidir le cosaint bhithéagsúlacht ar fud phunann agus scéimeanna an OPW a fhorbairt

gceannas

Rúnaí Cúnta, Seirbhísí Oidhreachta & Seachadadh Caipitil

Forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGrúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht chun an Straitéis Ghníomhaíochta a chur i gcrích agus monatóireacht a dhéanamh uirthi lena n-áirítear róil foirne agus acmhainní ar leith don phleanáil agus seachadadh bithéagsúlachta, feasacht a mhúscailte agus bearta straitéiseacha eile.

Leanann an GSB ar aghaidh, dírithe ag an Oifigeach Bithéagsúlachta ag tuairisciú don Bhord Bainistíochta

GSB

Cásanna gnó a chur le chéile don ghníomhaíocht bhithéagsúlachta i ngach rannán den OPW.

Líon na gcásanna gnó agus maoiniú leithdháilte do bhearta bithéagsúlachta

Oifigeach Bithéagsúlachta, OPAS & BFTBS & RBR

Athbhreithniú ar fhorluí le réadmhaoin de chuid an OPW agus bail chaomhnaithe na leasanna cáilithe agus na ngnéithe tacaíochta. Pleananna gnímh a chruthú (trí Phleanáil Bhithéagsúlachta Láithreáin) chun aghaidh a thabhairt ar bhail an láithreáin.

Plean iniúchta réidh agus tosaíocht tugtha do láithreáin ainmnithe faoi bhliain 2

OB & GSB Táscairí agus meadarachtaí a thabhairt i gcomhréir leis na cinn atá forbartha ag an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht, ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, agus ag eagrais ábhartha eile

Spriocanna sainaitheanta agus monatóireacht déanta orthu trí bhíthin na bPleananna Bithéagsúlachta

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 67 #
Rannán OPW i
Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

1.7 Pleananna Bithéagsúlachta a fhorbairt agus a leathadh amach maidir le réadmhaoin agus bonneagar atá i seilbh nó atá a mbainistiú

BFT, DA, RBR Déanfar cur chuige agus struchtúr/formáid na bPleananna Bithéagsúlachta a fhorbairt agus a leathadh amach ar bhonn céimnithe ar fud na bpríomhláithreán don bhithéagsúlacht. Más infheidhme, áireofar cásanna lena bhfuil seilbh ag an OPW ar na tailte, ina bhfuil an réadmhaoin á forbairt ar son gníomhaireachta eile, nó ina bhfuil bonneagar faoisimh tuilte á fhorbairt. Tosaíocht tugtha do na laithreáin ar bhonn luach na bithéagsúlachta, an sochar féideartha ar féidir a bhaint amach go réidh, láithreáin ainmnithe go dlíthiúil nó láithreáin caomhnaithe dúlra d’ardluach.

1.8 Riachtanais na Straitéise Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht a thrasuí agus a chur i bhfeidhm go dtí cláreagrú oibríochtúil do gach Aonad Gnó

Uile Oifigeach Bithéagsúlachta le hobair i gcomhar le haonaid ghnó chun bearta a bhaineann le gach seirbhís a aistriú; tosaíochtaí a leagan síos agus cláreagrú sna Pleananna Oibríochtúla don mhéid céanna; tabharfaidh an Grúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht maoirseacht chun forbairt cur chuige comhsheasmhach a chinntiú maidir le soláthar na straitéise i bpleananna gnó earnála chun a chinntiú go ndéanfar na tosaíochtaí a shainaithint agus a sheachadadh.

Cur chuige comhaontaithe faoi dheireadh bhliain 1

Tosaíonn an leathadh amach i mbliain 2

1.9 Athbhreithniú cáilíochtúil ar bheartais agus nósanna imeachta oibríochtúla a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a dhéanamh

1.10 Beartais agus nósanna imeachta oibríochtúla a fhorbairt maidir leis an mbithshlándáil, lena n-áirítear rialú agus bainistiú Speiceas Coimhthíoch Ionrach

GSB, Oifigeach Bithéagsúlachta

Na tionchair/deiseanna a bhaineann le beartais agus nósanna imeachta oibríochtúla nó treoir a shainaithint agus a athbhreithniú, a mhéid a bhaineann siad leis an mbithéagsúlacht, agus déan réimsí tosaíochta a shainaithint i gcomhair athraithe.

Cláreagrú Bithéagsúlachta curtha i bhfeidhm faoi bhliain 2

Oifigeach Bithéagsúlachta, GSB

Ag tógáil ar na cuir chuige agus na modhanna oibre a úsáideadh cheana féin ar láithreáin ar leith agus i rannáin bharrthábhachtacha, déanfar raon feidhme agus infheidhmeacht bearta freagartha IAS a leathnú agus a dhéanamh comhleanúnach ar fud na heagraíochta, le tosaíochtaí soiléire má bhíonn siad ina mbagairt don bhithéagsúlacht.

An t-athbhreithniú déanta faoi lár bhliain 3 agus tuairisciú

Raon feidhme na mbeartas atá ann faoi láthair a athbhreithniú faoi dheireadh bhliain 1

Beartais mhéadaithe a fhorbairt agus cineálacha cur chuige a thionscnamh faoi bhliain 3

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 68 # Beart Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Téama Straitéiseach 2 Ceannairí dúlra

De bharr go bhfuil an OPW freagrach as seilbh mhór talún, agus de bharr go bhfuil tionchar ag an Oifig ar bhainistíocht talún, uiscebhealaí agus seirbhísí, lena n-áirítear réadmhaoin oidhreachta a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo a chosaint agus Garraithe Náisiúnta na Lus a fheidhmiú, tá cumas ag an OPW ceannaireacht shuntasach a léiriú maidir le bearta a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a thabhairt i gcrích.

I measc na réimsí saineolais ar leith tá caomhnú na bithéagsúlachta plandaí, trí obair Gharraithe na Lus, agus ba cheart i sin a fhorbairt go hiomlán chun ceannaireacht shaineolais a thabhairt chun cinn go náisiúnta i gcomhar le comhpháirtithe agus páirtnéirí más gá. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an timpeallacht fhionnuisce agus chósta a bhainistiú i bhfianaise na n-iarmhairtí ón athrú aeráide. Féadfaidh an ról ar féidir leis na córais sin imirt maidir le freagairt don athrú aeráide, i gcomhar leis na sochair bhithéagsúlachta, a scrúdú agus ceannaireacht a léiriú ina leith. Cuid mhór de ról an OPW is ea bainistíocht foirgneamh poiblí agus oidhreachta, agus ní dhéanann eagraíochtaí eile foirgnimh a bhainistiú agus an bhithéagsúlacht á cur san áireamh. Mar sin, le ceannaireacht trí bheartais agus cleachtais a ghlacadh don bhithéagsúlacht san earnáil sin, tá deis shoiléir ann i gcomhair sochar glan suntasach a bhaint amach don bhithéagsúlacht. Agus an punann mór de pháirceanna agus gairdíní stairiúla agus tírdhreacha deartha á mbainistiú againn, déanfar teicnící den chleachtas is fearr agus atá bunaithe ar fhianaise a úsáid tuilleadh agus méadú orthu mar eiseamláirí i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Baineann na bearta seo le cuspóirí an PGNB maidir le méid na feasachta agus eolais ar an mbithéagsúlacht a mhéadú agus maidir leis an deis a chur ar fáil ceannaireacht a léiriú i leith feasacht agus léirthuiscint a mhéadú.

1 An bhithéagsúlacht a lárshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta

Cuspóirí PGNB ábhartha

2 An bunús eolais do chaomhnú, bhainistíocht agus úsáid inbhuanaithe den bhithéagsúlacht a neartú

6 Feasacht agus léirthuiscint a mhéadú ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais

7 Rialachas idirnáisiúnta don bhithéagsúlacht agus do sheirbhísí éiceachórais a neartú

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 69

2.1 Ról an OPW a choinneáil agus a fhorbairt maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus le pleananna agus cláir eile atá ábhartha de réir mar a thagann siad chun cinn

2.2 Comhpháirtíochtaí don dúlra straitéiseacha ag leibhéal an láithreáin, an tionscadail, náisiúnta agus idirnáisiúnta a shainaithint agus a fhorbairt

2.3 Cumarsáid a mhéadú le heagraíochtaí neamhrialtais agus ionadaithe earnála chun feasacht ar an mbithéagsúlacht agus uaillmhian ina teannta a neartú

2.4 Straitéis Náisiúnta na hÉireann maidir le Caomhnú Plandaí a athbhreithniú i gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda um Chaomhnú Plandaí

2.5

Acmhainní a fhorbairt don Bhanc Síolta Náisiúnta ag luslann Gharraithe Náisiúnta na Lus

GNL, SO Rannpháirtíocht sa ghrúpa stiúrtha náisiúnta maidir leis an chéad Phlean eile Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a chur le chéile

PGNB a chur le chéile le hionadaíocht ón OPW

GNL, SO, RC Tógáil ar na comhpháirtíochtaí atá ann cheana agus comhpháirtíochtaí nua le heagrais, institiúidí, údaráis áitiúla agus pobail eile a dhéanamh, dá mbainfeadh bithéagsúlacht tionscadal agus láithreán leas as taithí níos leithne nó as rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile.

Na comhpháirtíochtaí atá ann cheana a shainaithint agus a thaifeadadh faoi dheireadh bhliain 1

RC, SO, GNL Caidrimh agus cumarsáid a chothú le heagraíochtaí comhshaoil neamhrialtais agus réimse níos leithne de pháirtithe leasmhara comhshaoil, amhail an Piléar Comhshaoil, an Fóram Uisce chun cuir chuige bithéagsúlachta a neartú san OPW.

3 chomhpháirtíocht nua ar a laghad a shainaithint agus a chomhaontú faoi bhliain 5

GNL Straitéis náisiúnta nua a chruthú do chaomhnú plandaí i gcomhar le SPNF agus aird á tabhairt ar athruithe úrnua agus leis an GNL mar pháirtí barrthábhachtach maidir lena seachadadh.

Straitéis náisiúnta athbhreithnithe faoi bhliain 2

Dul chun cinn dearfach i dtreo spriocanna na straitéise faoi bhliain 5

GNL Bunú an Bhainc Shíolta a thabhairt chun críche ag GNL, le Bainisteoir an Bhainc Shíolta tiomnaithe chun an bailiúchán, an choimeádaíocht agus na trialacha péactha a bhainistiú, chun a chinntiú go mbeidh foinse inmharthana síolta do gach speiceas Éireannach don todhchaí. Meabhrán tuisceana a bhunú leis an Millennium Seed Bank chun an dea-chleachtas idirnáisiúnta a chinntiú.

Gealltanas Síolta don Dúlra 2019 a chomhlíonadh faoi dheireadh bhliain 1

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 70
# Beart Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

2.6 Garraithe

Náisiúnta na Lus tacaíocht a thabhairt do chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an mbithéagsúlacht (lena n-áirítear CB, CITES, SDCP, Ramsar, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe)

GNL

Déanfar monatóireacht ar chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil mar aidhm acu an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus todhchaí inbhuanaithe a thógáil a bhaineann le hobair an OPW agus rachfar i gcomhairle le saineolaithe intí chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an OPW i gcomhréir le spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le treochtaí domhanda agus náisiúnta. Téigh ar thóir sainchomhairle foirne maidir leis na coinbhinsiúin ábhartha chun a chinntiú go n-imríonn Éire agus an OPW ról maidir le todhchaí an bheartais bhithéagsúlachta idirnáisiúnta, go háirithe sa réimse den bhithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a lárshruthú ar fud na n-earnálacha uile.

2.7 Tionscadail

léirithe a chruthú ar láithreáin agus tionscadail de chuid an OPW a léiríonn feabhsú bithéagsúlachta

GSB Sraith tionscadal a fhorbairt a chuimseoidh uiscebhealaí draenáilte, oibreacha cosanta tuilte, seirbhísí foirgnimh, tírdhreacha deartha agus réadmhaoin oidhreachta, a d’fhéadfadh an Oifig agus a cuid páirtnéirí iad a úsáid chun teicnící a léiriú go hintí nó chuig páirtithe seachtracha. Bheadh siad nasctha le lámhleabhair treorach, ag baint leas as teicnící dea-chleachtais.

Torthaí CB a athbhreithniú faoi dheireadh bhliain 1

2.8 Treoir agus lámhleabhair do réadmhaoin thógtha agus stairiúil agus do thírdhreacha deartha a ghlacadh, agus más gá, a mhionathrú.

SO Rochtain ar shraith de dhoiciméid treorach, a úsáidtear chun cuir chuige intí a thagarmharcáil. Bheadh lámhleabhair ar fáil go príomha ar líne agus bheadh san áireamh iontu cúrsaí oiliúna saor-in-aisce más iomchuí.

Trí thionscadal faoi dheireadh bhliain 2

Ocht dtionscadal faoi dheireadh bhliain 5

2.9 Treoir agus lámhleabhair bhithéagsúlachta d’uiscebhealaí a chothabháil agus do scéimeanna faoisimh tuilte

BFT, DA Ag tógáil ar an Treoir Chomhshaoil atá ann cheana do chothabháil uiscebhealaí, iad a fhorbairt tuilleadh, agus doiciméid treorach a fhorbairt do scéimeanna faoiseamh tuilte, a úsáidtear chun cuir chuige a chaighdeánú go hintí, agus a d’fhéadfaí a úsáid chun an bhithéagsúlacht a sheachadadh in áiteanna eile. Bheadh na doiciméid treorach sin ar fáil ar líne go príomha agus ina measc bheadh cúrsaí oiliúna saor-in-aisce ar fáil más iomchuí sin.

Topaicí na lámhleabhar sainaitheanta faoi dheireadh bhliain 1

Táirgeadh shraith na lámhleabhar tosaithe faoi dheireadh bhliain 2

Anailís bhearna ar threoir faoi dheireadh bhliain 1

25% den treoir nua a sainaithníodh déanta faoi dheireadh bhliain 3

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 71
# Beart Rannán OPW
i
gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Téama Straitéiseach 3 Ag obair le huisce agus fiadhúlra

Cuid mhór den obair atá ar bun againn is iad oibreacha cosanta tuilte agus draenála artairí agus aithnítear gurb é an réimse sin ceann de na réimsí oibre is dúshlánaí maidir leis an mbithéagsúlacht. Tá an timpeallacht uisce an-tábhachtach don bhithéagsúlacht, agus cé go n-úsáideann an OPW cineálacha cur chuige cúramach i go leor cásanna, tá dúshláin leanúnacha fós ann a bhfuil réitigh chruthaitheacha ag teastáil ina leith chun drochiarmhairtí a íoslaghdú agus deiseanna a thapú chun leas na bithéagsúlachta taobh le cineálacha cur chuige a ghlacadh chun Sochar Glan a bhaint amach don bhithéagsúlacht agus don chosaint tuilte araon.

Baineann na bearta seo le réimse leathan cuspóirí sa PGNB, ach tá baint ar leith acu leis an mbithéagsúlacht agus le seirbhísí éiceachórais, ar láithreáin chosanta agus faoin tuath níos forleithne, agus tá baint acu leis an gcomhshaol mara i gcásanna áirithe freisin.

1 An bhithéagsúlacht a lárshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta

2 An bunús eolais do chaomhnú, bhainistíocht agus úsáid inbhuanaithe den bhithéagsúlacht a neartú

3 Feasacht agus léirthuiscint a mhéadú ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais

Cuspóirí PGNB ábhartha

4 Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a chaomhnú agus a athchóiriú sa tuath níos leithne

5 Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a chaomhnú agus a athchóiriú sa timpeallacht mhuirí

6 Bainistiú limistéar faoi chosaint agus speiceas atá cosanta faoin dlí a leathnú agus a fheabhsú

i

3.1 Oiliúint bithéagsúlachta a fhorbairt don fhoireann dhíreach atá ag obair sa timpeallacht uisceach

BFT, DA, SO Cláir soláthar oiliúna atá dírithe ar chur chun cinn agus oiliúint maidir leis na teicnící agus na cuir chuige a úsáidtear chun an bhithéagsúlacht laistigh d’uiscebhealaí a chosaint agus a chur chun cinn.

Pleanáil na gclár oiliúna tionscanta i mbliain 2

Seachadadh na gclár oiliúna ó bhliain 3

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 72
# Beart Rannán
OPW
gceannas
Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

3.2

Riachtanas a fhorbairt do chonraitheoirí go mbeidh oiliúint maidir le feasacht chomhshaoil déanta acu mar riachtanas d’obair maoinithe ag an OPW ar scéimeanna faoisimh i gcás tuilte nó cothabhála aibhneacha

3.3 Clár comhdhála agus ceardlainne a fhorbairt do chleachtóirí teicniúla maidir le hobair leis an mbithéagsúlacht i dtimpeallachtaí uisceacha

3.4 Athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta bithéagsúlachta laistigh de scéimeanna faoisimh i gcás tuilte

3.5 Obair le comhlachtaí chun cur chuige bainistíochta dobharcheantair chomhtháite a fhorbairt chun tionscadail ‘Réiteach Bainistíochta Dobharcheantair Dúlra-bhunaithe’ a chuidiú, taighde a dhéanamh ina leith, agus a fhorbairt mar léiriú de thionscadail uile-shochar, lena n-áirítear maolú tuilte, agus tosaíocht á tabhairt do thionscadail cruthaithe bogaigh.

BFT & DA Riachtanais agus meicníochtaí forfheidhmithe do chonraitheoirí atá ag obair sa timpeallacht uisceach, ar thionscadail a mhaoiníonn an OPW, go mbeidh oiliúint déanta acu maidir le treoir an OPW ar chothabháil aibhneacha comhshaoil agus tógáil.

Scéim beartaithe faoi bhliain 4

BFT, DA, SO Comhdháil theicniúil, reáchtáilte le comhpháirtithe eile (amhail IFI nó EPA), chun an cleachtas is fearr a chur chun cinn agus a thaispeáint agus plé a fhorbairt laistigh de chomhlachtaí gairmiúla, eagraíochtaí comhpháirtíochta, cuideachtaí agus foirne intí.

BFT & DA Athbhreithniú ar bhearta bithéagsúlachta laistigh de scéimeanna faoisimh i gcás tuilte, ag sainaithint deiseanna i gcomhair bearta feabhsaithe bithéagsúlachta a iarfheistiú, agus dea-chleachtas bithéagsúlachta a fhorbairt ó na ceachtanna foghlama ina dtreoir do scéimeanna nua.

BFT & DA Dhá thionscadal ar a laghad a shainaithint agus a chur i bhfeidhm ina dhiaidh, ar thionscadail iad a úsáideann bogaigh laistigh de réitigh iomlána do mhaolú tuilte agus a chuireann go suntasach leis an mbithéagsúlacht. D’fhéadfadh siad a bheith ina dtreoirthionscadail le taighde agus monatóireacht ag gabháil leo ar shochair bhithéagsúlachta agus maolaithe tuilte.

Comhdháil nó clár ceardlainne reáchtáilte faoi bhliain 4

Athbhreithniú tosaithe faoi bhliain 2

Athbhreithniú déanta faoi lár bhliain 4

Láithreáin tionscadail sainaitheanta faoi dheireadh bhliain 2

Tionscadal tosaithe faoi dheireadh bhliain 4

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 73 #
Beart Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

3.6 Athbhreithniú a dhéanamh ar dheiseanna athailínithe bainistithe ar limistéir chósta a bhfuil baol sainaitheanta i gcás tuilte agus ar limistéir a bhfuil cosaintí tuilte claífoirt ann cheana

3.7 Obair le húdaráis eile mar chuid de chur chuige dobharcheantair chomhtháite chun cuidiú le treoirthionscadal athailínithe bainistithe in Éirinn a fhorbairt

3.8 Pleanáil deiseanna bithéagsúlachta a fhorbairt maidir le treoirthionscadail do scéimeanna faoisimh i gcás tuilte agus oibríochtaí cothabhála draenála

3.9 Cur chuige oiriúnach a fhorbairt maidir le Sochar Glan Bithéagsúlachta mar phrionsabal beartais laistigh de chinntí maidir le scéimeanna tuilte

OPW i gceannas

BFT & seachtrach

Limistéir chósta atá i mbaol tuilte a athbhreithniú ar limistéir iad a éilíonn réitigh agus cosaintí tuilte claífoirt atá ann cheana féin, a d’fhéadfaí a bhainistiú maidir le riosca nó deis don bhithéagsúlacht. Ina measc, dhéanfaí cá mbeadh ról ag cuir chuige a shainaithint, amhail athailíniú bainistithe, maidir le cosaintí cósta taobh le gnáthóga bogaigh athchóirithe a sholáthar.

Athbhreithniú náisiúnta déanta faoi dheireadh bhliain 3

BFT & seachtrach

Tionscadal athailínithe bainistithe cósta a phleanáil, a fhorbairt agus a thionscnamh mar fhreagairt iomchuí ar riosca i gcás tuilte cósta agus Sochar Bithéagsúlachta

An tionscadal barrthábhachtach sainaitheanta agus an phleanáil tosaithe faoi bhliain 4

BFT, DA Cuimseofar sna tionscadail pleananna feabhsaithe bithéagsúlachta. Cuirfear san áireamh leo deiseanna agus tionchair ar an suíomh agus níos leithne, agus déanfar leo measúnuithe comhshaoil reachtúla a chomhlánú, agus díriú ar an mbithéagsúlacht agus ar an deis maidir le Sochar Bithéagsúlacht is féidir a bhaint amach go réidh.

BFT, AD Meastóireacht a dhéanamh ar an gcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta agus machnamh a dhéanamh maidir le prionsabail níos leithne a thabhairt isteach sa bheartas náisiúnta maidir le cinntí i leith scéimeanna tuilte a mheas, amhail Caipiteal Nádúrtha nó Seirbhísí Éiceachórais nó Sochar Glan Bithéagsúlachta mar phrionsabail.

Formáid an phlean comhaontaithe faoi dheireadh bhliain 1

Cur chuige athbhreithnithe comhaontaithe faoi bhliain 3

Tograí beartais forbartha faoi lár bhliain 4

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 74 # Beart Rannán
Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

3.10 Próiseas

tuairiscithe bithéagsúlachta d’oibreacha a fhaigheann maoiniú ón OPW in uiscebhealaí, lena n-áirítear tionscadail faoisimh i gcás tuilte, cothabhála draenála, ag cothú phrionsabal Shochar Glan na Bithéagsúlachta

3.11 An Plean UileÉireann um Pailneoirí a chomhtháthú le nósanna imeachta do shochar bithéagsúlachta i leith tionscadail a bhaineann le tuilte

3.12 Clár feabhsaithe aibhneacha a bhunú don bhithéagsúlacht laistigh den sruth agus i gconair na n-aibhneacha

BFT & AD Próiseas tuairiscithe bithéagsúlachta a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail i dtéarmaí na bithéagsúlachta, agus glacadh le deiseanna do shochar bithéagsúlachta ar féidir a bhaint amach go réidh a chur chun cinn, ag cothú phrionsabal Shochar Glan na Bithéagsúlachta a mhéid is féidir.

Próiseas tosaithe faoi bhliain 3

BFT & AD Obair leis an bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí chun treoir phailneora a fhorbairt go sainiúil i gcomhair feidhmeanna bainistíochta tuilte, m.sh. móinéir do bhláthanna fiáine ar chlaíphoirt tuilte

Próiseas tosaithe faoi bhliain 2

BFT & seachtrach

Ag tógáil ar na caidrimh atá ann cheana, obair i gcomhar le hIascaigh agus údaráis eile chun feabhsú aibhneacha ar uiscebhealaí draenáilte agus obair éasúna do bhacainní aibhneacha a chur i bhfeidhm. Ina measc sin, beidh bainistíocht sonraí a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh tionscadail á ndoiciméadú agus á dtaifeadadh go hiomchuí agus gur féidir monatóireacht ar dhul chun cinn a dhéanamh.

Forbairt an choincheap tosaithe faoi bhliain 1

Bunú an chláir faoi bhliain 4

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 75 # Beart
Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Téama Straitéiseach 4 Éagsúlacht trí dhearadh

D’fhéadfaí a rá gurb é an ghné is poiblí d’obair an OPW an bhainistíocht a dhéanann an Oifig ar fhoirgnimh agus ar oidhreacht thógtha, lena n-áirítear páirceanna agus gairdíní stairiúla agus tírdhreacha deartha. Ina measc tá punann de 800 réadmhaoin oidhreachta chomh maith le foirgnimh phoiblí, ó oifigí móra go stáisiúin bheaga Gharda.

Tá bainistíocht tírdhreach deartha ar cheann de na príomhréimsí i gcomhair sochair bhithéagsúlachta fhéideartha agus cuirtear le caomhnú bithéagsúlachta trí fhorbairt phleananna agus chleachtais sna timpeallachtaí sin. Is féidir bearta bithéagsúlachta a áireamh i ndearadh foirgneamh nua agus iarfheistiú seanfhoirgneamh, chomh maith le dearadh cruthaitheach ar bhonneagar cosanta tuilte. I gcásanna áirithe, beidh forluí idir réadmhaoin bhainistithe de chuid an OPW le láithreáin ainmnithe agus, sna cásanna sin, tá gá reachtúil le bainistíocht dhearfach agus chomhoiriúnach.

Is é atáthar ag díriú air sa réimse seo le linn na chéad tréimhse straitéise seo measúnacht a dhéanamh ar cá bhfuil na deiseanna agus cineálacha cur chuige agus trialacha iomchuí a fhorbairt.

Baineann na príomhchuspóirí ábhartha den PGNB leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a athchóiriú, faoin tuath níos forleithne agus ar na láithreáin ainmnithe araon

1 An bhithéagsúlacht a lárshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta ar fud gach earnála

Cuspóirí PGNB ábhartha

4 An bhithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a athchóiriú faoin tuath níos forleithne

6 Bainistíocht limistéar cosanta agus speiceas cosanta a mhéadú agus a fheabhsú

# Beart

OPW i

Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

4.1 Pleananna Caomhnaithe Bithéagsúlachta do láithreáin oidhreachta shuntasacha a fhorbairt

SO Sraith measúnaithe láithreáin éiceolaíocha a choimisiúnú le moltaí do Shochar Glan Bithéagsúlachta.

10 bPlean Caomhnaithe Bithéagsúlachta do láithreáin bharrthábhachtacha coimisiúnaithe faoi bhliain 1

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 76
Rannán
gceannas

4.2 Clár ‘Gnáthóga don Fhiadhúlra’ a fhorbairt

SO, OPAS, RC, BFT

Clár a fhorbairt maidir le foirgnimh agus spáis bhainteacha a iarfheistiú, ag tógáil ar ‘Thionscnamh na nGabhlán Gaoithe’ chun a leathnú amach go níos mó réadmhaoine agus níos mó éagsúlachta speiceas agus cineálacha cur chuige.

Tacar uirlisí cinnteoireachta a fhorbairt maidir le gnáthóga don fhiadhúlra a roghnú agus a lonnú (cuais don ghabha dubh, boscaí ialtóige, poill don mhadra uisce etc.)

Leanúint le Tionscnamh na nGabhlán

Gaoithe agus leathadh amach clár atá níos mó a fhorbairt (faoi bhliain 1)

4.3 Treoracha den chleachtas is fearr a fhorbairt do ghníomhaíochtaí oibríochtúla ar fud na tíre a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol, amhail bainistíocht tailte féaraigh, caomhnú gnáthóg dúchasach

RINRS/RC Rogha de chuir chuige comhaontaithe a bhunú maidir le bainistíocht tailte féaraigh chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn i spásanna fóillíochta, oidhreachta agus i spásanna poiblí eile.

Tacar uirlisí a fhorbairt do bhainisteoirí láithreáin. Ina measc sin, bheadh roghanna chun tailte féaraigh fóillíochta a athrú chuig gnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, oiriúnacht na meascán síolta dúchasacha a fhaightear go háitiúil don athshíoladh agus na réimis ghearrtha nó innilte is gá a shainaithint.

Treoir a fhorbairt do ghníomhaíocht bainistíochta riosca i gcás tuilte chun bainistíocht tailte féaraigh don bhithéagsúlacht a chur chun cinn.

Tacar uirlisí a chur le chéile faoi dheireadh bhliain 2

Táirgeadh a phleanáil faoi dheireadh bhliain 3

4.4 Deiseanna a shainaithint & clár a dhearadh maidir le plandáil dhúchasach atá neamhdhíobhálach do phailneoirí i spásanna fóillíochta ar fud phunann eastáit an OPW

RBR, OPAS, SO

Láithreáin agus roghanna bainistíochta a shainaithint do phlandáil dhúchasach atá neamhdhíobhálach do phailneoirí i spásanna fóillíochta chun clár a chruthú a thagann le síolta a fhaightear go háitiúil agus atá lonnaithe cheana féin.

Plean táirgthe faoi bhliain 3

Spriocanna a phleanáil ar sceideal faoi bhliain 5

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 77 # Beart Rannán OPW i gceannas
Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Beart Rannán OPW i gceannas

4.5 Ag tógáil ar an dea-chleachtas go dtí seo, tacaíocht a thabhairt don phrionsabal de dhéileáil go hilbhliantúil le Speicis Choimhthíocha Ionracha chun díothú fadtéarmach i ndiaidh na dtionscadal OPW

4.6 Ról na bhfearann agus na gcoillte a bhainistíonn an OPW a scrúdú maidir le gabháil carbóin i ndáil le lorg carbóin sheirbhísí an OPW

SO/RC/ BFT

Cuir chuige bunaithe den deachleachtas maidir le déileáil le speicis ionracha i ngach tionscadal. Díothú leanúnach de speicis phlandaí ionracha.

Bunlíne saincheisteanna speiceas ionrach a bhunú faoi dheireadh bhliain 2

Treocht an laghdaithe ar speicis ionracha intomhaiste faoi bhliain 5

4.7 Beartais maidir le crainn ársa a bhainistiú a fhorbairt tuilleadh chun an bhithéagsúlacht a chuimsiú

GSB I bhfianaise an cleachtais idirnáisiúnta is fearr, déan scrúdú ar conas atá scála na gabhála carbóin ar fhearainn, coillte, bogaigh agus gnáthóga leathnádúrtha eile a bhainistíonn an OPW i gcomparáid leis an lorg carbóin a bhaineann le seirbhísí oidhreachta, réadmhaoine agus tuilte an OPW a sheachadadh.

Tiocfaidh torthaí an bheirt seo chun cinn de réir an tionscadail i gceist agus d’fhéadfaí leis beartas náisiúnta a stiúradh maidir leis na sochair a d’fhéadfaí a bhaint as ról na dtailte leath-nádúrtha a mhéadú i leith na gabhála carbóin.

RINRS Clár Crann na hÉireann a thacú agus a úsáid. Lean leis an mBeartas Bainistíochta maidir le Sábháilteacht Chrann de chuid an OPW a chur i bhfeidhm, a bhfuil bearta bithéagsúlachta ina measc.

Cur chuige meastóireachta saincheaptha faoi dheireadh bhliain 3

Bunachar suirbhé crann agus clár mapála i.e. Mpro5 ar fud gach láithreán

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 78 #
Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Téama Straitéiseach 5 Eolas ar an dúlra

Dírítear leis an téama seo ar sholáthar an eolais bhithéagsúlachta agus léirmhínithe agus ar fhorbairt eolais agus saineolais i measc na foirne agus na gcomhpháirtithe. Nuair gur féidir linn lucht féachana mór a shroichint, ag láithreáin mhóra do chuairteoirí mar shampla, agus nuair a thagann sé sin lenár gcuid beart bithéagsúlachta, féadfaimid bearta a dhéanamh chun caomhnú na bithéagsúlachta a chur chun cinn agus a thaispeáint an méid ar féidir leis an OPW a dhéanamh chun tionscnaimh dhearfacha a chur i gcrích. Dá mbainfeadh ár gcuid feidhmeanna leas as taighde dírithe ar leith, déanfaimid iarracht é sin a thabhairt chun críche. Mar shampla, ag féachaint ar éifeachtacht ár gcuid beart maidir le teicnící nua a fhorbairt, e.g. chun acmhainní géiniteacha a stóráil ag GNL. I go leor cásanna, is féidir sochair dhíreacha bhithéagsúlachta a bhaint as oiliúint feasachta agus scileanna i measc ár mball foirne, agus is cuid den téama seo é sin, mar aon le faisnéis a scaipeadh ar ár gcuid foirne trí imeachtaí, trí chomhdhálacha agus trí na meáin chumarsáide.

Cuimsítear leis an téama seo aon ghnéithe a bhaineann le sonraí agus faisnéis ar an mbithéagsúlacht ar láithreáin agus tionscadail de chuid an OPW, agus monatóireacht agus tuairisciú ar athruithe.

An príomhrud a bheifear dírithe air sna bearta sa réimse seo le linn na chéad thréimhse straitéise seo scileanna foirne agus róil foirne ar leith; an bhithéagsúlacht a léirmhíniú ag láithreáin chuairteoirí; aird a tharraingt ar láithreáin de chuid an OPW agus ar iarrachtaí don bhithéagsúlacht trí imeachtaí agus dámhachtanaí; cláir oideachais a fhorbairt; agus bailiú faisnéise bithéagsúlachta. Beidh tábhacht ag baint freisin le tionscnaimh chun teagmhálacha le pobail a mhéadú agus a fheabhsú chun tacaíocht a chothú don obair bhithéagsúlachta agus chun obair éifeachtach a dhéanamh timpeall ár gcuid láithreán agus tionscadal.

Baineann na príomhchuspóirí ábhartha den PGNB leis an mbonn eolais don bhithéagsúlacht a neartú agus le feasacht agus léirthuiscint a mhéadú.

Cuspóirí PGNB ábhartha

1 An bhithéagsúlacht a lárshruthú laistigh den phróiseas cinnteoireachta

2 An bunús eolais do chaomhnú, bhainistíocht agus úsáid inbhuanaithe den bhithéagsúlacht a neartú

3 Feasacht agus léirthuiscint a mhéadú ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 79

5.1 ‘Curaidh Bhithéagsúlachta’ a shainaithint chun príomhról a ghlacadh maidir le feasacht a mhúscailt i measc fhoireann an OPW ar speicis agus gnáthóga tosaíochta

5.2 An bhithéagsúlacht a léirmhíniú ag gach láithreán oidhreachta (más ábhartha)

Gach ceann Curaidh Bhithéagsúlachta earcaithe ón bhfoireann atá ann cheana, le leithdháileadh ama laistigh de na róil atá ann cheana; cuirfear leo ról ceannaireachta agus cumarsáide ar fáil chun a speiceas nó gnáthóg tosaíochta a chur chun cinn laistigh de chumarsáid inmheánach an OPW agus d’fhéadfadh siad teagmháil a dhéanamh le fóraim níos leithne más ann dóibh.

SO Clár forfheidhmithe de léirmhíniú bithéagsúlachta ag gach láithreán cuí do chuairteoirí. Le seachadadh mar thionscadal léirmhínithe ar leith nó mar chuid de phlean uasghrádaithe léirmhíniúcháin iomlánaíoch.

Curaidh Bhithéagsúlachta sainaitheanta agus an cur chuige maidir leis an ról comhaontaithe faoi bhliain 1

5.3 Clár oiliúna don fheasacht ar bhithéagsúlacht a mhúscailt a fhorbairt agus a sheachadadh

Aonad Foghlama agus Forbartha

Clár céimnithe d’oiliúint maidir le múscailt na feasachta bithéagsúlachta don fhoireann a fhorbairt, bunaithe ar riachtanais earnála agus na ról. D’fhéadfaí a áireamh inti seimineáir ghréasáin ghearra agus gnáthsheimineáir ghearra, uirlisí agus dúshláin ar líne, agus seisiúin ar an láithreán lasmuigh.

Roghnú láithreáin & cur chuige pleanáilte faoi dheireadh bhliain 2

Cur i bhfeidhm tosaithe faoi dheireadh bhliain 3

Suirbhé ar fheasacht bithéagsúlachta na foirne déanta

Clár forbartha i mbliain 1

Oiliúint déanta i mblianta 2-5

Athdhéanamh na tástála feasachta ag léiriú méadú ar mheadarachtaí i mblianta 3 agus 5

5.4 Tionscnamh

dámhachtainí bithéagsúlachta d’fhoireann an OPW a fhorbairt

Seirbhísí Corparáideacha

Scéim dámhachtainí a fhorbairt don fhoireann agus d’ár comhpháirtithe chun aitheantas a thabhairt nuair a dhéanann daoine nó tionscadail difear don bhithéagsúlacht. Áireofar inti breithiúnas ó phainéal saineolaithe agus cur chun cinn na mbuaiteoirí mar eiseamláirí den chleachtas is fearr.

Scéim dámhachtana saincheaptha agus curtha i bhfeidhm faoi bhliain 4

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 80 # Beart
Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

5.5 Cláir oideachais atá dírithe ar an mbithéagsúlacht a fhorbairt ag Garraithe Náisiúnta na Lus agus ag láithreáin eile más iomchuí

5.6 Córais bainistíochta sonraí agus nósanna imeachta a fhorbairt do thaifid bithéagsúlachta uile an OPW

Forbróidh agus reáchtálfaidh foirne oideachais cúrsaí bithéagsúlachta do dhaltaí scoile agus mar dheiseanna oideachais ar feadh an tsaoil do dhaoine fásta. Tosóidh siad mar theoirthionscadail chun leibhéil na spéise agus cuir chuige teagaisc a mheas agus déanfar é a lánfhorbairt faoi dheireadh na tréimhse straitéise.

GSB & RC Córais bailithe taifead bithéagsúlachta do láithreáin a bhainistíonn an OPW don fhoireann agus don phobal araon a fhorbairt, bailiú taifead ad hoc ag gach láithreán a chur chun cinn, comhpháirtíochtaí forbartha le heagrais chinn, amhail INSB, SPNF, IFI agus eagrais neamhrialtais más iomchuí.

Treoirchlár bunaithe faoi bhliain 2

An clár iomlán curtha i bhfeidhm agus spriocanna leagtha síos faoi bhliain 5

Córais bailithe taifead bithéagsúlachta ad hoc comhaontaithe faoi dheireadh bhliain 2 Taifeadadh ag láithreáin a chur chun cinn trí 10 dtionscadal nó imeacht ar a laghad faoi bhliain 5

5.7 Riachtanais a fhorbairt don OPW maidir le sonraí bithéagsúlachta a thaifeadadh agus a bhainistiú ar bhealach caighdeánaithe

RC Córais chomhleanúnacha a fhorbairt don ghabháil sonraí agus don bhainistíocht faisnéise do shonraí spásúla agus neamhspásúla ar fud na láithreán agus ar fud na dtionscadal uile.

Ag tógáil ar an gcóras mapála comhshaoil don bhainistíocht riosca i gcás tuilte, an rud céanna a leathadh amach go dtí aonaid ghnó eile chun go mbeidh faisnéis aontaithe agus lárnaithe ar ghnáthóga agus speicis ar fáil don OPW go foriomlán.

Ba cheart a áireamh air sin infhaighteacht sonraí bithéagsúlachta barrthábhachtacha don INSB, lena n-áirítear amharcóirí mapála a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh bainistíocht sonraí i gcroílár an tseachadta bhithéagsúlachta i réimsí oibre barrthábhachtacha.

Athbhreithniú ar dhul chun cinn an chórais agus plean faoi dheireadh bhliain 1

Treoirchóras do rannáin roghnaithe faoi dheireadh bhliain 2

Athbhreithniú ar dhul chun cinn agus anailís bhearna faoi bhliain 4

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 81 # Beart
Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF GNL/ RINRS / BFT

5.8 Cuntasaíocht an Chaipitil Nádúrtha a thionscnamh trí theoirstaidéir mhionscála ar fud phunann an OPW, lena n-áirítear staitisticí comhshaoil agus eacnamaíocha a chomhtháthú agus bunaithe ar chóras Chuntasaíocht ChomhshaoilEacnamaíoch na NA

5.9 Meicníocht maoinithe do thionscadail bhithéagsúlachta phobail agus eagraíochtaí neamhrialtais a fhorbairt mar chuid de chláir an OPW sna hearnálacha bainistíochta riosca i gcás tuilte, oidhreachta agus réadmhaoine

5.10 Clár imeachtaí bithéagsúlachta OPW a fhorbairt agus a chur i láthair

GSB Cuntasaíocht an Chaipitil Nádúrtha a fhorbairt do réimse treoirstaidéar a chuimseoidh raon réadmhaoine, réimsí oibre agus rannán den OPW. Áireofar staitisticí comhshaoil agus eacnamaíocha a chomhtháthú agus bunaithe ar chóras Chuntasaíocht Chomhshaoil-Eacnamaíoch na NA

Dhá threoirthionscadal tosaithe faoi bhliain 3

Trí threoirstaidéar ar mionscála déanta faoi bhliain 5

GSB & BFT Meastóireacht ar dheiseanna agus tionscnaimh a fhorbairt do thionscadail a bhfuil luach ard bithéagsúlachta ag baint leo a mhaoiniú, go háirithe san éarnáil uisceach ar féidir leo tacú le sochar bainistíochta riosca i gcás tuilte. Tús áite do chómhaoiniú le húdaráis phobaldhírithe eile ar féidir leo an rialachas airgeadais is gá maidir le cómhaoiniú OPW a sholáthar

Meastóireacht ar na roghanna faoi dheireadh bhliain 3

Treoirthionscadal faoi dheireadh bhliain 5

SO, BFT, GSB & Preasoifig

Clár imeachtaí a fhorbairt, chun príomhtheachtaireachtaí a chur in iúl a eascraíonn as láithreáin agus tionscadail de chuid an OPW, dírithe ar fheasacht a mhúscailt agus tacaíocht a neartú d’obair an OPW maidir le caomhnú na bithéagsúlachta.

Creat imeachtaí faoi dheireadh bhliain 1

Seachadadh cláir bliantúil

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 82 # Beart
Rannán OPW i gceannas Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

Monatóireacht agus meastóireacht

Mar aon leis na bearta a gcuirtear síos orthu thuas, tá tábhacht ag baint leis an ngá le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar thuairisciú a dhéanamh, chun a chinntiú go bhfuil dul chun cinn leordhóthaineach á dhéanamh againn maidir le forfheidhmiú chun a chinntiú cá bhfuilimid éifeachtach agus gur féidir linn oiriúnú do shaincheisteanna de réir mar a thagann siad chun cinn. Mar thoradh air sin, cabhrófar, le tiomantas do dhá bheart fhoriomlána, monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfaimid.

# Beart Rannán OPW i gceannas

M1 Athbhreithniú ráithiúil ar fhorfheidhmiú na mbeart

Toradh a bhfuiltear ag súil leis PTF

M2 Athbhreithniú foirmeálta lárthéarma agus deiridh ar fhorfheidhmiú na straitéise gníomhaíochta a dhéanamh

GSB Athbhreithnithe ráithiúla ar dhul chun cinn maidir le forfheidhmiú bhearta na Straitéise a chur ar fáil don GSB chun rianú na mbeart a éascú agus freagairt iomchuí más gá.

GSB Athbhreithnithe foilsithe go meántéarmach agus ag an deireadh ar fhorfheidhmiú na Straitéise.

Athbhreithniú inmheánach ráithiúil ar dhul chun cinn i gcoinne PTFanna na Straitéise

Na hathbhreithnithe cláreagraithe

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 83

gCUR CHUIGE MAIDIR LE FORFHEIDHMIÚ

Conas a thosóidh sé?

Tosóidh an straitéis seo i mí Eanáir 2022 agus rithfidh sí go ceann cúig bliana go dtí Nollaig 2026.

Cé a bheidh i gceannas uirthi?

Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht maoirseacht ar chomhordú na dtorthaí a eascraíonn as an straitéis seo, ag tuairisciú do bhord an OPW. Tá ann d’acmhainní ríthábhachtacha a sainaithníodh go raibh gá leo go luath sa straitéis, lena n-éascófar soláthar éifeachtach go leor de na bearta, go háirithe an tOifigeach Bithéagsúlachta, nó a choibhéis, a cheapadh, chun ceannaireacht agus comhordú ar fud na straitéise a dhéanamh.

Céard iad na hathruithe a fheicfidh daoine?

Is iad na hathruithe is soiléir a fheicfidh na baill foirne go mbeimid dírithe níos mó ar an mbithéagsúlacht ar fud ghnéithe uile a gcuid oibre. Déanfar mionathruithe ar thuairisciú agus ar thaifeadadh a chomhtháthú sna córais; beidh réimse níos fearr oiliúna agus cumarsáide maidir leis an mbithéagsúlacht ann; agus beidh gá le hidirghníomhú breise leis an mbithéagsúlacht ach le tacaíocht ó shaineolas tiomnaithe.

Feicfidh an pobal, go háirithe cuairteoirí ar ár gcuid réadmhaoine, athruithe fisiciúla ar an timpeallacht, le béim níos láidre ar bhainistíocht ghnáthóg ag tarlú diaidh ar ndiaidh ar fud raon na láithreán. Beidh cumarsáid níos mó á déanamh againn maidir leis an méid atá á dhéanamh againn agus maidir le conas a théimid i ngleic le fadhbanna, agus spreagfaimid an pobal chun an fiadhúlra a thaifeadadh agus chun sult a bhaint as ar ár gcuid réadmhaoine, agus chun a insint dúinn na fadhbanna a fheiceann siad ionas go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt orthu.

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 84 10 ÁR

Feicfidh ár gcuid comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eagraíocht níos réamhghníomhaí ó thaobh na bithéagsúlachta de, a bhíonn ag faire amach do dheiseanna chun aghaidh straitéiseach a thabhairt ar fhadhbanna i gcomhar le daoine agus eagraíochtaí eile.

Conas gur féidir le daoine páirt a ghlacadh?

Rachfar i gcomhairle leis an bhfoireann tuilleadh agus beidh siad in ann saincheisteanna, deiseanna agus réitigh bhithéagsúlachta a phlé le saineolaithe eile ar an bhfoireann. Beidh uirlisí atá éasca lena n-úsáid ar fáil don fhoireann agus don phobal araon.

Conas a dhéanfar rath a thomhas?

Déanfar athbhreithnithe ar dhul chun cinn a oiriúnú chun teacht le minicíocht agus clársceidealú na mbeart ar leith. Déanfar athbhreithnithe ráithiúla, arna dtiomáint ag an nGrúpa Stiúrtha um Bithéagsúlacht, le hathbhreithnithe iomlána i lár agus ag deireadh na tréimhse lena dtuairisceofar go poiblí ar dhul chun cinn i gcoinne na mbeart ag baint úsáide as na TPFanna. Is dóchúil go dtiocfaidh spriocanna breise nó táscairí feidhmíochta breise chun cinn trí fhorbairt na mbeart a sainaithnítear sa straitéis seo agus d’fhéadfaí baint a bheith acu le leithead nó stádas gnáthóga nó speicis a bhaineann lenár gcuid oibre, agus más gá dúinn monatóireacht a dhéanamh orthu mar chuid d’ár gcaipiteal nádúrtha a iniúchadh, le beart sainaitheanta.

Sruthán

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 85
i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochurrach, Co. Chill Mhantáin, áit a mbíonn deis ag speicis dhúchasacha bláthú. ↓

Fonótaí

1 “What is biodiversity?”. 2010. United Nations Environment Pro gramme, World Conservation Monitoring Centre. Available from: https://www.unesco.pl/fileadmin/user_upload/pdf/BIODIVERSITY_ FACTSHEET.pdf

2 Cardinale, B., Duffy, J., Gonzalez, A. et al. Biodiversity loss and its impact on humanity. Nature 486, 59–67 (2012). https://doi. org/10.1038/nature11148

3 CBD_WHO. 2015. Connecting Global Priorities: Biodiversity and Human Health A State of Knowledge Review. Available from: https:// www.who.int/publications/i/item/connecting-global-priorities-biodi versity-and-human-health

4 Pellegrini, Pablo A.; Balatti, Galo E. (2016-12-01). “Noah’s arks in the XXI century. A typology of seed banks”. Biodiversity and Conservation. 25 (13): 2753–2769. doi:10.1007/s10531-016-1201-z. ISSN 15729710. S2CID 2545366

5 Mooney, H.A. & Cleland, E.E. 2001. The evolutionary impact of invasive species. Proceedings of the National Academy of Sciences, 98 (10) 5446-5451; doi: 10.1073/pnas.091093398

6 United Nations Convention on Biological Diversity. 1992. Available from: https://www.cbd.int/doc/legal/cbd-en.pdf

7 https://www.cbd.int/doc/strategic-plan/2011-2020/Aichi-Targets-EN. pdf

8 Secretariat of the Convention on Biological Diversity. 2020. Global Biodiversity Outlook 5. Montreal. Available from: https://www.cbd.int/ gbo/gbo5/publication/gbo-5-en.pdf

9 https://ec.europa.eu/environment/strategy/biodiversity-strate gy-2030_en

10 https://ec.europa.eu/environment/strategy/biodiversity-strate gy-2030_en

11 Department of Culture Heritage & the Gaeltacht. 2017. National Bi odiversity Action Plan 2017-2021. Available from: https://www.npws. ie/sites/default/files/publications/pdf/National%20Biodiversity%20 Action%20Plan%20English.pdf

12 https://www.ramsar.org/

13 http://irishwetlands.ie/

14 https://www.cms.int/

15 https://cites.org/eng

16 https://www.iucn.org/

17 https://www.npws.ie/legislation

18 http://www.irishstatutebook.ie/eli/2011/si/477/made/en/print 19 http://www.irishstatutebook.ie/eli/2018/si/296/made/en/print

21 https://www.irishstatutebook.ie/eli/1959/act/14/enacted/en/html

92/43/EEC

79/409/EEC

en.html

29 NPWS (2019). The Status of EU Protected Habitats and Species in Ireland. Volume 1: Summary Overview. Unpublished NPWS report.

30 Article 12 data via country “dashboards” available from: https://www. eea.europa.eu/themes/biodiversity/state-of-nature-in-the-eu/arti cle-12-national-summary-dashboards/

31 Gilbert G, Stanbury A and Lewis L (2021), “Birds of Conservation Concern in Ireland 2020 –2026”. Irish Birds 9: 523—544 https://bird watchireland.ie/birds-of-conservation-concern-in-ireland/

32 https://www.oireachtas.ie/en/debates/debate/dail/2019-05-29/35/

33 https://www.rte.ie/news/environment/2019/0509/1048525-cli mate-emergency/

34 https://www.biodiversityimpactplan.ie/

35 https://www.iucnredlist.org/

36 All-Ireland Pollinator Plan 2021-2025. National Biodiversity Data Centre Series No. 25, Waterford. March 2021. https://pollinators.ie/ wp-content/uploads/2021/03/All-Ireland-Pollinator-Plan-2021-2025WEB.pdf

37 EPA. 2016. Ireland’s Environment An Assessment 2016. Available from: https://www.epa.ie/pubs/reports/indicators/SoE_Report_2016. pdf

38 Committee on Climate Change. UK Climate Change Risk Assessment 2017 Synthesis Report: Priorities for the next Five Years.; 2016

39 O’Flynn C, Kelly J, Lysaght L. Ireland’s Invasive and Non-Native Spe cies: Trends in Introductions. Waterford; 2014

40 Caffrey J, Baars J-R, Barbour J, et al. Tackling Invasive Alien Species in Europe: the Top 20 Issues. Managing Biological Invasions. 2014;5:120.

41 WWF Living Planet Report 2020 available from: https://livingplanet. panda.org/en-us/

42 Office of Public Works Statement of Strategy 2021—2024 https://as sets.gov.ie/134839/b52e1b97-bfe4-4948-9434-de0118f111bd.pdf 43 https://www.greenflagaward.org/

44 https://pollinators.ie/2020-green-flag-pollinator-awards-for-parks-an nounced/

45 https://pollinators.ie/wp-content/uploads/2021/03/All-Ireland-Pollina tor-Plan-2021-2025-WEB.pdf

46 http://phoenixpark.ie/wp-content/uploads/2020/11/ aras-an-uachtarain-biodiveristy-audit-final-report.pdf

47 Gilbert G, Stanbury A and Lewis L (2021), “Birds of Conservation Concern in Ireland 2020 –2026”. Irish Birds 9: 523—544 https://bird watchireland.ie/app/uploads/2021/04/BOCCI4-leaflet-2-1.pdf

48 Marnell, F., Looney, D. & Lawton, C. (2019) Ireland Red List No. 12: Terrestrial Mammals. National Parks and Wildlife Service, Department of the Culture, Heritage and the Gaeltacht, Dublin, Ireland. https:// www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/Red%20List%20 No.%2012%20Mammals.pdf

49 Füreder, L., Gherardi, F., Holdich, D., Reynolds, J., Sibley, P. & Souty-Grosset, C. 2010. Austropotamobius pallipes. The IUCN Red List of Threatened Species 2010: e.T2430A9438817. https://dx.doi. org/10.2305/IUCN.UK.2010-3.RLTS.T2430A9438817.en

50 e.g. Fischer, LK, Neuenkamp, L, Lampinen, J et al. Public attitudes toward biodiversity friendly greenspace management in Europe. Conservation Letters. 2020; 13:e12718. https://doi.org/10.1111/ conl.12718

51 Office of Public Works Statement of Strategy 2021 2024 https:// assets.gov.ie/134839/b52e1b97-bfe4-4948-9434-de0118f111bd. pdf

OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 88
20 http://www.irishstatutebook.ie/eli/2004/si/436/made/en/print
22 https://www.irishstatutebook.ie/eli/1995/act/4/enacted/en/html 23 https://www.npws.ie/sites/default/files/files/FAQ%20(Ireland).pdf 24 Directive
25 Directive
26 https://ec.europa.eu/environment/water/water-framework/index_
27 https://www.epa.ie/water/watmg/wfd/ 28 https://ec.europa.eu/environment/water/flood_risk/
↑ Iora Rua ag Crannlann Fóite, Co. Corcaí.
OPW I Straitéis Ghníomhaíochta um Bithéagsúlacht I 2022-2027 89 Oifig na nOibreacha Poiblí Office of Public Works Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Co na Mí, C15 NX36 Jonathan Swift Street, Trim, Co Meath, C15 NX36 Ríomhphost: Info@opw.ie Fón: 046-9422000 gov.ie/opw
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.