Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2017-2018

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh NUI Galway Students’ Union Annual Report

TUARASCÁIL

BHLIANTÚIL

2017-2018



1 3

Clár na nÁbhar

5 7 9 11 13

Focal ón Uachtarán • President’s Foreword

2

Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights

Coiste Feidhmiúcháin 2017/18 • Executive Committee 2017/18

4

Comhairle an Chomhaltais • SU Council

Nuachtán SIN • SIN Newspaper

6

Toghcháin • Elections

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies

8

CÉIM

Scileanna Saoil • Life Skills

10

Tiomsú Airgid • Fundraising

Siamsaíocht agus Imeachtaí • Entertainment & Events

12

Feachtais • Campaigns

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services

14

An Coiste Feidhmiúcháin Nua do 2018/19 Incoming Executive 2018/19


Lorcรกn Lorcรกn


1

Focal ón Uachtarán President’s Foreword

I mbliana ba mhór an onóir dom bheith i m'Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh! Bíonn sé mar phribhléid agat chun long a stiúradh lena mbaineann an oiread comhlachtaí agus ionstraimí oibre agus uaireanta bíonn sé deacair coinneáil suas leis. Bíonn tú ag brath ar thacaíocht ón bhfoireann de do chuid, ó do chairde agus ó do theaghlach, iarrann tú comhairle ó iar-Uachtaráin maidir le cúrsaí agus ábhair a bhaineann le gluaiseacht na mac léinn a théann siar na blianta agus ní mór duit rath an Chomhaltais a bhainistiú. Ach níos tábhachtaí ná sin, ní mór duit glacadh le freagracht agus a bheith cuntasach as teipeanna agus a chinntiú go bhfoghlaimíonn ár gComhaltas astu mar a théimid ar aghaidh. Bíonn an dualgas ort an bhunreacht a chomhlíonadh mar deirtear inti gurb é ár bpríomhfhócas "ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí". Ba é príomhchuspóir agus fís Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh i mbliana rannpháirtíocht fhoriomlán chuallacht na mac léinn a fheabhsú, mic léinn a chumasú, chun a chinntiú go ndéanann siad a bpoitéinseal iomlán a réadú agus gur féidir torthaí a bhaint as rannpháirtíocht ghníomhach agus éifeachtach na mac léinn. Ba é ár sprioc, agus beidh sé mar sprioc againn go deo, dúshlán a chur roimh an status quo, chun saoránacht ghníomhach a chur chun cinn agus go ndéanaimid ár ndícheall ar son sochaí níos fearr ní amháin laistigh de bhallaí na hOllscoile ach ar fud na tíre. Leanadh i mbliana le comhraic arna gcur chun tosaigh ag feidhmiúcháin roimhe seo a chur chun cinn agus bhí rannchuidiú Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh maidir leis an gcomhrac le haghaidh maoiniú poiblí don oideachas tar éis fhoilsiú Thuarascáil Peter Cassel i mí Iúil 2016 criticiúil agus éifeachtach, agus glao náisiúnta á dhéanamh ar Choiste an Oireachtais chun an rogha maoinithe phoiblí a roghnú, mar an t-aon rogha chun soghluaisteacht shóisialta a chumasú, sáinneacha na bochtaineachta a bhriseadh agus óige an oileáin seo a chumhachtú. Ní amháin gur dhíríomar ar cheist na rochtana ar oideachas i rith na bliana, ach dhíríomar freisin ar na nithe seo a leanas: tacaíochtaí acadúla; neamhionannais inscne; toiliú gnéis; cearta cóiríochta do thionóntaí; stiogma a bhaineann le meabhairshláinte agus feasacht i leith féinmharú; an 8ú leasú; an reachtaíocht reatha ar alcól agus drugaí; d'oibríomar le comhlachtaí seachtracha amhail Comhairle Chathair na Gaillimhe agus Comhaltais eile; sárú ar chearta an oibrí; an Córas Soláthair Dhírigh agus seasamh ar son bhunchearta iarrthóirí tearmainn; bacainní maidir le saincheisteanna LADT+ agus a chinntiú go ndéanfaimid dul chun cinn i leith chearta an duine thrasinscnigh; dúshláin a chaithfidh mic léinn atá faoi mhíchumas a shárú; drogall freagracht a ghlacadh as ár bpláinéad; aistí bia agus cineálacha saoil sláintiúla a chur chun cinn; ionadaíocht do mhic léinn a chinntiú do

chéimithe agus d'iarchéimithe araon, agus an Ghaeilge a chosaint, a chur chun cinn agus meas a léiriú di. Ar ndóigh, ní bheimis in ann an méid sin a bhaint amach gan tacaíocht agus eitic oibre an iliomad daoine tábhachtacha. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann OÉ Gaillimh, a thacaigh linn ó thús deireadh na bliana - an Fhoireann Acadúil, Seirbhísí na Mac Léinn, Foirgnimh agus Eastáit agus Lucht Bainistíochta na hOllscoile. Gabhaim buíochas freisin le Bord na nIontaobhaithe as ucht a maoirseachta agus le foireann SUCS Teo. as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil dár mic léinn, dár gcumainn agus dár gclubanna. Braitheann feidhmiú laethúil an Chomhaltais go mór mór ar ár bhfoireann, a bhíonn idir thiomanta agus thacúil i gcónaí – Amber, Orla, Lorna, Joanna agus Chris Newell. Is mór againn an chomhairle, an chomrádaíocht agus an tacaíocht fhíorluachmhar a thug siad dúinn i rith na bliana. Tugaim aitheantas chomh maith do Chomhairle an Chomhaltais agus do na hIonadaithe Ranga. Is iadsan laochra na bliana agus is crann taca iad leis an dul chun cinn agus an rath i mbliana. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas ó chroí a thabhairt don Choiste Feidhmiúcháin agus don bheirt Leas-Uachtarán, Megan agus Andrew, a rinne a seacht ndícheall ar son na mílte dár mball i ngach a ndearna siad agus trí fheachtais. Ní bheadh gach ar bhaineamar amach indéanta gan an tiomantas agus an saineolas atá acu. Tá coincheap ar croílár an Chomhaltais le linn a stair 54 bliain nach bhfuil aon rud ann mar 'imleor' mar tugtar le tuiscint le 'himleor' go bhfuil leorgacht ann agus tugtar an méid a leanas le tuiscint le leorgacht faoi dheireadh. Má dhéanann tú staidéar imleor, ní gá a thuilleadh staidéir; má fhoghlaimíonn tú méid imleor, ní gá a thuilleadh foghlama agus má dhéanann tú méid imleor, ní ga a thuilleadh a dhéanamh. Nuair a bhreathnaím ar fheidhmiúcháin an lae inniu, iad ag imeacht agus iad ag teacht in oifig, déanaimid ár ndícheall ár gcuallacht mac léinn a léiriú a mhéid agus is féidir linn, agus náisiúntachtaí réimsí staidéir, inscní, agus ar ndóigh gairmeacha beatha éagsúla á n-ionadú, agus aithním gurb é an snáithe lena ndéantar sinn a choinneáil le chéile agus a nascadh go deo in oidhreacht an Chomhaltais seo ná an creideamh íorónta nach leor 'imleor' ar chor ar bith. Thar mo cheann féin agus thar ceann Andrew Forde, Megan Reilly, ár gCoiste Feidhmiúcháin, ár bhfoirne agus Chomhairle an Chomhaltais, cuirim i láthair, le bród, Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, 2017/18.

“Ní neart go cur le chéile”

Lorcán Ó Maoileannaigh UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2017/2018


2

Ráiteas Misin/Buaicphointí Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh ar bun den chéad uair i 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair i 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920í agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960í. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin. Bunaíodh an Comhaltas i 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”. “Ní neart go cur le chéile”

Cuireadh Seirbhís Pleanála Béilí ar líne i bhfeidhm tar éis deontas €20,000 a aimsiú. Cuireadh Oidis, Liostaí Siopadóireachta agus físeáin teagaisc ar líne ar fáil do mhic léinn le haghaidh 6 seachtaine.

Trí chomhpháirtíocht le Comhairle Chathair na Gaillimhe d'aimsíomar maoiniú €5,000 chun "Feachtas um Strus Scrúduithe a Laghdú" a reáchtáil lenar áiríodh pacaí scrúduithe, feirmeacha peataí, preabchluichí cispheile, agus laethanta uachtair reoite.

Rinneamar an t-ullmhúchán maidir le féile cheoil ar an gcampas ar a dtugadh "Éalú".

Rinneamar cathaoirleacht ar sheisiún C&F maidir le Tionscadal Éireann 2040 agus labhraíomar faoi thábhacht Rannpháirtíocht Mac Léinn i dtaca le pleananna sa todhchaí. Bhí na hAirí Mary Mitchell O’Connor, Seán Kyne, Eoghan Murphy, Denis Naughten agus an Taoiseach Leo Varadkar i láthair.

Rinneadh an feidhmeannas a athchóiriú ionas go léireodh sé ár mic léinn ar bhealach níos fearr agus is é a bhí i gceist leis sin Oifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Oifigeach um Mic Léinn Idirnáisiúnta, Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ agus Oifigeach um Mionlaigh Eitneacha a thabhairt isteach.

Trí Aip na Gaillimhe Sábháilte a chur chun cinn spreagadh ar mbaill le bheith faireach timpeall ar Uiscebhealaí na Gaillimhe agus chun a meabhairshláinte a thuiscint freisin trínár gcomhpháirtíocht le Tascfhórsa um Dhrugaí agus Alcól Réigiún an Iarthair.

Thug an Comhaltas tástálacha le haghaidh toirchis isteach san Oifig Leasa, a chuirtear ar fáil do mhic léinn ar iarratas.

Tar éis do chúram sláinte do mhic léinn leighis ar socrúchán a bheith tarraingthe siar, rinneamar obair le USI chun comhpháirtíocht a sheoladh le VideoDoc, seirbhís chomhairliúcháin leighis ar líne atá saor in aisce.

Buaicphointí 2017/18 •

Fuaireamar ionadaíocht nua do mhic léinn ar choistí taobh istigh agus taobh amuigh den Ollscoil. Rinneamar ár n-ionadaíocht a mhéadú ag an gComhairle Acadúil d'fhonn ionadaíocht chothrom a chinntiú ar fud na gcoláistí agus anois is Leas-Chathaoirleach an tUachtarán den Choiste Comhionannais, Éagsúlachta agus Uilechuimsitheachta, tá suíochán ag an Leas-Uachtarán le haghaidh Leasa ar Choiste Achomharc an Gharda Síochána agus go seachtrach táimid inár mball de Ghluaiseacht ONE na Gaillimhe, de Straitéis na Gaillimhe um Alcól agus den "Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga". Tar éis do Choláiste Oideachais Naomh Angela, Sligeach, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chumasc, fuarthas socrú chun a chinntiú gurbh fhéidir le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, agus Chomhaltas na Mac Léinn de chuid Choláiste Oideachais Naomh Angela, Sligeach, leanúint lena gcuid oibre ar son na gcomhlachtaí ionadaíocha faoi seach.

Oiliúint PINK - Ba mhór an onóir dúinn comhdháil LADT+ Mac Léinn is mó na hEorpa a óstáil (350 daoine) lenar áiríodh 3 lá de cheardlanna, spásanna sábháilte agus cainteanna idirghníomhacha chun tacú le pobal LADT+ is mic léinn iad agus chun é a cheiliúradh.

Rinneamar comhobair leis chun uaireanta oscailte do mhic léinn timpeall

an a ar

leabharlann mhéadú scrúduithe.


Thugamar ár gcuid ball go Gaillimh agus go Baile Átha Cliath le go bhféadaidís a dtuairimí ar cheisteanna amhail rochtain ar oideachas, an 8ú leasú, saincheisteanna LADT+, Tithíocht, Easpa Dídine agus an Córas Soláthair Dhírigh a chur ina luí ar an náisiún.

Tar éis an-rath a bheith ar ár bhfeachtais cláraithe vótálaithe ar an gcampas le dhá bhliain anuas, d’éirigh linn 3,000 ball breise a chlárú arís i mbliana chun vótáil.

Ag Gradaim um Éachtaí Mac léinn na hÉireann 2018 ainmníodh sinn le haghaidh 7 ngradam a raibh 4 bhuaiteoir againn ina leith!

Nuacht Neamhspleách na Mac Léinn (SIN) - Tá pleananna i bhfeidhm anois chun cóiríocht a sholáthar do SIN i bhfoirm spás comhchoiteann agus oifige os comhair Shiopa Chomhaltas na Mac Léinn.

Bhí ár Lá Dearg againn. Mháirseáil 100 mac léinn trí shráideanna na Gaillimhe chun agóid a dhéanamh ar son ceart dóibh siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus a labhraíonn Gaeilge gach lá.

Rinneamar maoiniú €20,000 a aimsiú chun líon na bhfearas ríthábhachtach a mhéadú do mhic léinn ar an gcampas amhail micreathonnáin agus fuaraitheoirí uisce.

Rinneamar maoiniú €7,000 a aimsiú le haghaidh a thuilleadh achar áineasa timpeall ar an gcampas.

Trí 2 imeacht carthanachta nua a chur lenár n-imeachtaí (spraoi-rith 5k Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh agus Oíche Dornála Bónaí Bána v GMIT) dheonaigh ár gComhaltas €20,500 do Amach LADT+ agus Domestic Violence Response.

Ag leanúint ar aghaidh ar obair anuraidh, rinneamar a chinntiú go dtugadh marcáil anaithnid ar scrúduithe isteach faoi dheireadh agus cuireadh i bhfeidhm í ar fud na hOllscoile.

D’éirigh linn cóiríocht bhreise do mhic léinn (300+ leaba) a bhaint amach trí fhor-rochtain phobail i gcomhar leis an ollscoil tráth a raibh géarchéim náisiúnta ann, rud atá fós linn. Rinneamar cainéil chumarsáide a oscailt freisin leis an bhfeachtas "Save the Westwood" agus ghlacamar páirt i máirseálacha i gcoinne easpa dídine agus géarchéim na tithíochta. D'oibríomar le "HomeShare" freisin chun mic léinn a spreagadh cónaí le cónaitheoirí aosta.

D'oibríomar le coiste CUSP chun plean a fhorbairt go gcuirfí deireadh le caitheamh tobac ar an gcampas de réir a chéile faoi 2021.

Chuireamar tús leis na mic léinn a mhealladh le bheith rannpháirteach trí ardáin nua amhail Instagram agus Snapchat agus bailíodh luchtanna leanúna de 2,000 agus 4,000 faoi seach leo. Is modhanna cumarsáide thar a bheith tábhachtach iad siúd chun na mic léinn a chur ar an eolas faoin méid a dhéanaimid ar bhonn lá go lá.

Bhíomar inár meán cumarsáide agus tacaíochta do mhic léinn agus Stoirmeacha Ophelia agus Emma ar siúl.

Maidir leis an gcomhshaol, ghlacamar páirt i dTionscnamh um Limistéar Saor ó Phlaisteach de chuid Mhéara Chathair na Gaillimhe, i bhFeachtas 'Lasc as' USI agus beifear in ann anois cupaí caife uile SUCS Teo. a mhuiríniú.

Bhíomar i mbun feachtais chun Ollscoil atá ina Tearmann a chruthú, tionscnamh de chuid na mac léinn agus na foirne araon, agus is é a príomhfhócas le bheith níos ionchuimsithí agus fáilte níos fearr a chur roimh iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe.

Trí chomhobair le 'Foirgnimh' agus leis an Oifig Spóirt cuireadh Seirbhís Bus Spóirt Dangan ar siúl arís agus táimid ag súil go gcuirfear tús leis arís i Meán Fómhair 2018.

Mná i gCeannasaíocht - bhí an ionadaíocht is mó ó aon Chomhaltas Mac Léinn ag an imeacht seo.

Aimsíodh €30,000 chun an seomra cótaí a athfheistiú d'fhonn seirbhís uathoibrithe 5 lá a chinntiú.

Táimid inár mball anois de ghluaiseacht Ceardchumainn "One Galway".


3

Coiste Feidhmiúcháin 2017/18 Executive Committee 2017/18

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer

Andrew Forde

su.education@nuigalway.ie 086 385 3658

An tUachtarán / President

Leas Uachtarán / An tOifigeach Leasa Vice President / Welfare Officer

su.president@nuigalway.ie 086 385 5502

su.welfare@nuigalway.ie 086 385 3659

Lorcán Ó Maoileannaigh

Megan Reilly

Oifigeach na Gaeilge

An tOifigeach Comhionannais Equality Officer

An tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta Mature Students’ Officer

Oifigeach na nIarchéimithe Postgraduate Officer

su.gaeilge@nuigalway.ie 0044 749 305 8229

su.equality@nuigalway.ie 087 917 8232

su.maturestudents@nuigalway.ie 086 314 4619

su.postgrad@nuigalway.ie 086 275 8527

Cathaoirleach na gCumann Societies Chairperson

Captaen na gClubanna Clubs Captain

Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais SU Council Chairperson

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

su.socs@nuigalway.ie 087 670 8339

su.clubs@nuigalway.ie 091 524 810

su.council@nuigalway.ie 085 765 1824

su.arts@nuigalway.ie 085 176 2031

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta Convenor of the College of Science

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law

Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta / Convenor of the College of Engineering & Informatics

su.science@nuigalway.ie 085 756 8143

su.medicine@nuigalway.ie 087 246 3624

su.business@nuigalway.ie 085 703 6220

su.engineering@nuigalway.ie 085 763 8918

Cónall Ó Corra

Ruth Sweeney

Seán Guinan

Clare Austick

Conor Ó Beoláin

Sarah Murphy

Eugene O’Flaherty

Emily McNamara

Fiachra Mac Suibhne

Colm Duffy

Sabrina Vaughan

Christopher D’Arcy


4

Comhairle an Chomhaltais SU Council

Le haghaidh 2017/2018 bhí tiomsú d'Ionadaithe Ranga ag Comhaltas na Mac Léinn os cionn 750 ceannaire. Ba thoradh an méadú ar líonta na n-ionadaithe ar ár dteagmháil le mic léinn iarchéime múinte, mic léinn iarchéime taighde agus ar fheachtas trína ndearna an Comhaltas comhoibriú le foireann na hOllscoile chun ionadaithe ranga is fochéimithe a thoghadh agus a chlárú. Trí iarracht chomhbheartaithe an próiseas toghcháin a chaighdeánú ar fud OÉ, Gaillimh agus trí obair Fheidhmeannas an Chomhaltais freagracht chomhchoiteann a ghlacadh as ionadaithe a thoghadh, bhí an t-ádh orainn go raibh tiomsú éagsúil agus cainteach d'Ionadaithe Ranga againn chun cur le hobair an Chomhaltais. Rinne Cathaoirleach an Chomhaltais dár gcuid, Emily McNamara, maoirseacht ar Chomhairlí an Chomhaltais, agus sholáthair sí ceannasaíocht chóir agus chothrom le linn na gcruinnithe.

Ag Comhairlí an Chomhaltais dár gcuid, choimeád na hIonadaithe Ranga feidhmeannas an Chomhaltais cuntasach, sholáthair siad treoir maidir le beartas an Chomhaltais agus phléigh siad rúin arna gcur ar aghaidh ag a gcomhionadaithe. D'fhreastail na hIonadaithe Ranga ar Rún Éigeandála chun tacaíocht a spreagadh don Mháirseáil le haghaidh Oideachas arna Mhaoiniú go Poiblí, d'fhreastail siad ar na Comhairlí Comhaltais dá gcuid agus ghlac siad páirt i dToghcháin an Chomhaltais agus sa Tráthnóna Ceannasaíochta. Trí Chlár Rannpháirtíochta Náisiúnta na Mac Léinn chuireamar Oiliúint d'Ionadaithe Ranga ar fáil agus ag an am céanna obair na nIonadaithe Ranga á haithint trí húdaithe a thabhairt dóibh. Chruthaigh Ionadaithe Ranga 2017/2018 go raibh siad ina gceannairí mac léinn gafa agus d'imir siad tionchar bríoch ar eispéireas mic léinn a gcuid piaraí.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2017/2018 Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo. • • • • • • •

Cathaoirleach na Comhairle - Emily McNamara Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh - Sabrina Vaughan Tionólaí na hEolaíochta - Seán Guinan Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Sarah Murphy Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta – Christopher D’Arcy Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí - Fiachra Mac Suibhne Oifigeach na nIarchéimithe - Colm Duffy


5

Nuachtán SIN SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn i nGaillimh. Foilsítear 12 eagrán – ceann sa choicís – i rith na bliana acadúla, agus ciorclaíocht de 6,000 cóip. Tá SIN dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ, Gaillimh.

Buaicphointí 2017/2018:

Foireann 2017/2018:

• • • • • • •

Nuacht agus Gné-ailt - Connell McHugh Tuairim - Teodora Bandut Stíl Mhaireachtála agus Faisean - Amy McMahon Siamsaíocht - Michael Glynn Spórt - Graham Gillespie Ar Líne - Aine Kenny agus Marie Coady

Foilsíodh eagráin speisialta le linn na bliana freisin, lena n-áirítear eagrán Oíche Shamhna, eagrán na Nollag, eagrán Lá Fhéile Vailintín, agus eagrán amháin ina raibh forlíonadh um Thoghcháin roimh Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn. Bhí a dhearadh uathúil féin ar gach ceann de na heagráin sin mar aon le grafaicí agus íomhánna a bhí ag teacht le chéile, a bhuí leis an dearthóir, Shannon Reeves.

• • •

Ainmníodh Rebecca Fisher le haghaidh gradam Smedia i gcatagóir na Gaeilge. Fuair Martha Brennan intéirneacht leis an Irish Times. Cuireadh Aine Kenny ar ghearrliosta d'intéirneacht samhraidh INM. I mbliana rinne scríbhneoirí SIN agallaimh le hUachtarán nua OÉ, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh agus le baill de scuad iomána na Gaillimhe a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann, le bunaitheoirí Izzy Wheels Ailbhe agus Isabelle Keane, agus thuairiscigh siad ar go leor ábhar agus scéalta tráthúla eile na mac léinn. Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá sé neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.


6

Toghcháin Elections

Bhí an campas i ngreim ag toghcháin Chomhaltas na Mac Léinn ar feadh coicíse i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin. Bhí ainmneacha seacht mac léinn is daichead ar an bpáipéar ballóide agus iad ag iarraidh go dtoghfaí chun Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2018-2019 iad. Le reifreann níba luaithe i mi Feabhra leasaíodh Bunreacht an Chomhaltais d'fhonn roinnt post na nOifigeach a chumasc/a athrú agus 5 phost nua á gcruthú ag an am céanna. Bhí ar chumas na mac léinn a vótaí a chaitheamh i dtrí cinn de stáisiúin vótála mar aon le rogha vótála ar líne. Is é Colm Jordan a rinne maoirseacht ar na toghcháin, agus chinntigh sé gur cloíodh go docht daingean leis na nósanna imeachta agus leis na rialacháin. In ainneoin líon mór na n-iarrthóirí agus an reifrinn, b’ábhar díomá líon foriomlán na vótálaithe a chaith vóta ar fud na dtoghchán maidir le hoifigigh lánaimseartha agus páirtaimseartha. Tá athbhreithniú eile ar an bpróiseas toghcháin beartaithe don bhliain seo chugainn d’fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Cruthaíodh post breise mar Oifigeach um Mionlaigh Eitneacha i reifreann mhí Aibreáin a dhéanfar a líonadh ag tús bhliain acadúil 2018/19. Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post

Ainm

Uachtarán Megan Reilly Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Louis Courtney Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais Clare Austick Oifigeach na Gaeilge Adhna Nic Dhonnchadha An tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta Chuka Paul Oguekwe Oifigeach na nIarchéimithe Múinte Cameron Keighron Oifigeach na nIarchéimithe Taighde Jibran Abbasi Cathaoirleach na gCumann Brandon Walsh Captaen na gClubanna Ryan Guilfoyle Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais Sabrina Vaughan Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh Rían McKeagney Tionólaí Choláiste na hEolaíochta Scott Green Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte Liezel Ravenscroft Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí Clodagh McGivern Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta Roshan George Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta Daniel McFadden An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Alex Coughlan An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Míchumas Muireann O’Sullivan


7

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le beartais maidir le saincheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú. Is iad seo a leanas na beartais a aontaíodh trí reifreann le blianta anuas: Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Athaontú Oileán na hÉireann - D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017 Tacaíonn Comhaltas an Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh - D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir beartas lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach le díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Saothrú, Díol agus Sealbhú Cannabais a Dhlisteanú agus a Rialáil - D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta shibhialta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Fheachtais Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael - D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS). Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte - D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013 Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine. Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe D'éirigh leis i mí an Mhárta 2012 Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.


8

CÉIM

Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana Clár piarfhoghlama acadúla ar chuir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh tús leis in 2013 is ea CÉIM, a thacaíonn le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun an ardoideachais, le sláinte agus folláine agus le rath agus dul chun cinn acadúil. Soláthraítear CÉIM trí chomhpháirtíocht idir mic léinn, foireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn agus cuireadh ar fáil é do thimpeall ar 750 mac léinn in 2017/18. Le linn na bliana acadúla 2018/19, déanfar CÉIM a chur i bhfeidhm i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh do mhic léinn na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta, rud lena méadófar líon na mac léinn a bhfuil CÉIM ar fáil dóibh go 1,200. Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí na mac léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga de mhic léinn de chuid na chéad bhliana, agus pobail foghlama arna dtreorú ag piaraí á gcruthú ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur. Taispeántar le taighde go mbaineann lucht freastail rialta ar CÉIM gráid measartha níos airde ar an meán (10-19% níos airde) ná lucht freastail neamh-rialta agus iad nach bhfreastalaíonn Na huimhreacha a bhaineann le CÉIM Ó 2013 i leith: • Cuireadh piarfhoghlaim CÉIM ar fáil do 2,450 mac léinn de chuid na chéad bhliana chuige seo

• • • • •

Soláthraíodh 1,210 uair an chloig de sheisiúin piarfhoghlama Dian-oiliúint ar cheannasaíocht curtha ar 180 ceannaire sa 2ú agus sa 3ú bliain 9,350 uair an chloig curtha ar fáil ar bhonn deonach ag ceannairí CÉIM Clár curtha i gcrích ag 99% de na ceannairí Innealtóireachta Clár curtha i gcrích ag 91% de cheannairí na nDán

'Creidim i ndáiríre go bhfuil sé riachtanach go gcuidíonn daoine le mic léinn na chéad bhliana mar ba eispéireas díspreagtha é domsa agus ba chompord mór é dom go raibh na ceannairí CÉIM sin ann. Mar thoradh air mhothaigh mé go raibh mé á threorú sa treo ceart' Mac léinn na chéad bhliana 2017/18 'Tá spás againn chun an paisean atá againn dár gcúrsaí a léiriú mar aon leis an taitneamh as cuidiú le daoine eile, agus ag an am céanna scileanna nua á bhfoghlaim agus ár scileanna féin á bhfeabhsú. Tugtar braistint phobail laistigh den choláiste ní amháin do na mic léinn ach do na ceannairí freisin' Ceannaire CÉIM 2017/18 'Foghlaim ghníomhach, rannpháirtíocht acadúil, forbairt foghlaimeoirí, tógáil muiníne, ceannasaíocht agus infhostaitheacht, pobal agus athléimneacht - gach ceann acu i gCÉIM!' An Dr Iain Mac Labhrainn, Stiúrthóir CELT

Rath Acadúil Aistriú réidh chun an Ardoideachais • An córas a leanúint ag OÉ, Gaillimh • Scileanna foghlama neamhspleáiche a fhorbairt

• Pobail foghlama a thógáil • Féiniúlacht disciplín a fhorbairt • Scileanna acadúla a chleachtadh • Teanga an disciplín a úsáid agus coincheapa tairsí a phlé

Tacú le dul ar aghaidh go dtí an Dara Bliain

an Dara Bliain

Tús na Chéad Bhliana

Líonraí sóisialta a fhorbairt • Braistint chomhuintearais a fhorbairt • Leas agus folláine na mac léinn a thacú

Scileanna inaistrithe a fhorbairt • Tacú le tréithe na gcéimithe



9

An Clár Scileanna Saoil Life Skills Programme

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí i rith na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí, agus chríochnaigh níos mó ná 500 mac léinn 12 chúrsa éagsúla. Rinne Sult agus na soláthraithe dá gcuid dhá chúrsa um Oiliúint ar Scileanna Beáir ar a raibh móréilimh sa dara seimeastar agus deonaíodh na táillí clárúcháin uile do Chumainn Charthanachta an Chomhaltas - Domestic Violence Response & AMACH! I gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, cuireadh cúrsa maidir le Oiliúint Nochta ar fáil arís do mhic léinn i mbliana, rud a chur ar a gcumas plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh. Cuireadh Oiliúint sa Chosaint Leanaí ar fáil i gcomhar le hoifig oibre deonaí ALIVE. Tionóladh cúrsa saor in aisce Mind Hacks i nDeireadh Fómhair chun cuidiú le mic léinn déileáil le strus agus athléimneacht a fhorbairt. Rinne Seirbhísí Tacaíochta Helplink an oiliúint a éascú. D’oibrigh an Comhaltas i gcomhar le hInstitiúid Oiliúna na Seirbhísí Éigeandála chun breis cúrsaí ar Gharchabhair ag an Obair, Láimhsiú Sábháilte, agus an Chéad Fhreagróir Cairdiach a thabhairt chun an Champais. Sna ranganna sin, fuair na mic léinn scileanna ríthábhachtacha tarrthála a chuirfidh ar a gcumas déileáil le cásanna éigeandála. I seimeastar a haon agus seimeastar a dó, reáchtáladh cúrsaí Oiliúna ar Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú (ASIST) arís ar an gcampas i gcomhar le FSS ionas go mbeadh mic léinn in ann na comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin. Chuaigh an Comhaltas i gcomhar leis an dornálaí gairmiúil MMA Benjamin Davis ó Shaolin MMA Galway le cúrsa a chur ar fáil sna hEalaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint, rud a raibh an-tóir ar fad air. Reáchtáladh sraith cúrsaí teanga comharthaíochta i rith na bliana ina bhfuair mic léinn na bunscileanna a bhíonn ag teastáil chun comhrá a dhéanamh sa teanga chomharthaíochta le daoine bodhra. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le Galway One World Centre freisin chun an cúrsa oiliúna frithchiníochais dá chuid, a bhfuil an-tóir air, a chur ar fáil ar an gcampas arís. Bhí deis ag mic léinn fáil réidh leis an strus agus a solúbthacht a fheabhsú ag na ranganna Ióga de chuid an Chomhaltais a bhíonn ar siúl ó thús deireadh na bliana anois.


10

Tiomsú Airgid Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar mhaithe le carthanais i mbliana, agus bailíodh €20,500 dár gcumainn charthanachta roghnaithe: Domestic Violence Response agus AMACH! Is ionann Domestic Violence Response agus eagraíocht faoi stiúir an phobail a fhreagraíonn ar shaincheist foréigin teaghlaigh i gContae na Gaillimhe. Is ionann AMACH! agus eagraíocht arna reáchtáil ag oibrithe deonacha a dhéanann ionadaíocht agus abhcóideacht ar son an phobail Leispiaigh, Aeraigh, Déghnéasaigh agus Trasinscnigh i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. I mí na Samhna thionólamar Lá Reathaíochta an Chomhaltais, spraoi-rith 5k ar an gcampas ar Dhomhnach grianmhar agus ghlac níos mó ná 120 ball foirne agus mac léinn páirt san imeacht carthanachta. Bhí sé ina Nollaig luath arís in OÉ Gaillimh lenár n-ócáid mhór tiomsaithe airgid Lá Nollag ag Sult, a reáchtáladh i gcomhpháirtíocht le Electric Garden & Theatre, agus éacht a bhí sa €10,000 a bailíodh ar son Domestic Violence Response/AMACH! Bhí dinnéar traidisiúnta na Nollag ann, mar aon le carúil Nollag, pléascóga, féilirí Aidbhinte, pop-amhráin mhaoithneacha na Nollaig, agus go leor duaiseanna do na geansaithe Nollag is fearr/is measa, mar aon le neart spraoi eile chun an Nollaig a cheiliúradh go luath! I mí na Samhna, tar éis na seachtainí de thraenáil, rinne mic léinn OÉ, Gaillimh, troid i gcoinne a gcéilí comhraic in GMIT in Oíche Dornála Carthanachta chun airgead a thiomsú do roinnt cumann carthanachta agus Domestic Violence Response agus AMACH! san áireamh. I mí na Nollag, bhí deis ag mic léinn a bheith rannpháirteach arís sa Sos Mór ón Staidéar nuair a eagraíodh an Díolachán Ollmhór Cácaí ar son na Carthanachta AGUS an Chuairt ar Fheirm Peataí Wooly Ward le linn na seachtaine staidéir. Ghlac coiníní, seirbilí, gráinneoga, muca guine, hamstair, sicíní, cearca, turcaithe, géanna, lacha, caoirigh, gabhair agus Kuzco an láma seilbh ar an gcampas. Bhí go leor cácaí, tae agus duaiseanna crannchuir ann freisin, chomh maith le neart ceoil ó Flirt FM. Bailíodh breis is €600 ar son Domestic Violence Response/AMACH! leis an imeacht. Chuir an Gourmet Tart Company, Murrays, Mocha Beans, Café Temple, BakingSoc, agus ár n-oibrithe deonacha iontacha nithe blasta le hithe ar fáil go fial flaithiúil don ócáid. Thug oifigigh, foireann agus oibrithe deonacha de chuid an Chomhaltais aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe ar Shatharn fuar, fliuch agus gaofar i mí Feabhra don Lá Bailithe Airgid bliantúil ar son na Carthanachta dá chuid. D’éirigh leo breis is €1,000 a bhailiú i sóinseáil bheag ó mhuintir fhlaithiúil na Gaillimhe! Satharn fuar agus grianmhar i mí Feabhra, dhreap mic léinn chróga ó OÉ Gaillimh agus baill de chuid Chumann Sléibhteoireachta OÉ Gaillimh Cruach Phádraig ar son na carthanachta, agus bailíodh €1,763.

Bhí David O'Doherty, fuirseoir, le feiceáil i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh mar chuid de Ghig Grinn an Chomhaltais ar son na carthanachta i mí Eanáir, agus cuireadh an brabús ar fad ón oíche ghrinn i dtreo charthanais an Chomhaltais.




11

Siamsaíocht agus Imeachtaí Entertainment & Events

Mic léinn na chéad bhliana, Meán Fómhair 2017 I measc na n-imeachtaí do mhic léinn na chéad bhliana, áiríodh seachtain mhór tionscnaimh eile inar cuimsíodh ár bPictiúrlann Faoin Spéir in OÉ Gaillimh, Caradú Gasta, Biongó, DJanna, botháin ghrianghraf, cáirióice, lá na gclubanna, lá na gcumann, agus Féile Oibre Deonaí ALIVE. Bhí Aonach Lucht na Chéad Bhliana dubh le cuideachtaí báúla do mhic léinn, earraí in aisce, agus bia blasta ó stainníní margaidh, gach duine acu a bhí ann chun fáilte a chur roimh na mic léinn chuig an ollscoil. Sciob na mic léinn 12,000 cóip shaor in aisce de Dhialann Chomhaltas na Mac Léinn sula raibh coicís caite! I measc na ngigeanna bhí hiopnóis le Micheal McCoy, ceol le Red-Tape, DJanna, cáirióice, agus Biongó Loco i Sult. Bhí an deis ag mic léinn agus baill foirne clárú do scéim rothar Coke Zero saor in aisce i Meán Fómhair. Aonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear Reáchtáladh an séú hAonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ag deireadh mhí Eanáir in Áras na Mac Léinn. Imeacht go hiomlán saor sin aisce a bhí ann, agus tugadh le chéile cuideachtaí víosa J1, cuideachtaí taistil, cuideachtaí oibre deonaí/eachtraíochta, cuideachtaí intéirneachta agus oiliúna chun cabhrú le mic léinn de chuid OÉ, Gaillimh an samhradh a phleanáil. Bhí stainníní margaidh ann freisin agus bia álainn acu chun an bholg a choinneáil lán fad is a bhí pleananna don samhradh á n-ullmhú! Cláir Ghrinn Bhí deis arís i mbliana ag mic léinn OÉ Gaillimh dul chuig seónna le fuirseoirí mór le rá ar an gcampas agus gach ticéad ar €5, táille i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn ann de ghnáth! Cuireadh tús le cláir ghrinn na bliana le gig díolta amach leis an hiopnóisí grinn iontach, Michael McCoy, mar chuid d’imeachtaí do lucht na chéad bhliana i mí Mheán Fómhair agus ár seachtain SHAG i mí Feabhra. I mí Dheireadh Fómhair, chuir Neil Delamere, fuirseoir, a sheó i láthair an tslua i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, arna thacú ag Gearóid Farrelly. Le linn Sheachtain an Chomhionannais chuir aíonna is ansa leis an gcampasSteven Sharpe agus Steve Bennett A Stevening i láthair ag Sult. Tháinig The Dirty Circus ar ais chuig Sult le linn sheachtain SHAG freisin agus Greann, Buirlisc, Ceabairé agus brusaireacht dá gcuid féin á gcur i láthair acu! I mí Eanáir, tháinig David O’Doherty, duine de laochra an champais, ar ais ar an bhfód le gig ghrinn a chur i láthair ar son na carthanachta do Chomhaltas na Mac Léinn OÉ, Gaillimh, agus é díolta amach.

Oiliúint Pink I mí na Samhna bhí lúcháir orainn 300+ toscaire a óstáil a bhí ag freastal ar Oiliúint Pink 2017 Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) in éineacht le GIG Soc. Is ionann Oiliúint Pink agus an imeacht oiliúna LADT+ is mó san Eoraip lena dtugtar na céadta mac léinn LADT+ agus a gcomhghuaillí le chéile chun eolas a fháil faoina gcearta, an rochtain atá acu ar chumhacht agus an méid agus is féidir leo a dhéanamh chun athrú dearfach a dhéanamh ar shochaí na hÉireann. Imeachtaí Laghdaithe Struis na Seachtaine Staidéir I mí Aibreáin thionólamar roinnt imeachtaí chun sos tuillte go maith a thabhairt do mhic léinn ó na leabhair agus veain uachtair reoite ag tabhairt uachtair reoite amach saor in aisce, Feirm Peataí Wooly Ward ar ais arís, ceardlann tógála muiníne agus cluiche cispheile inséidte san áireamh leo. Le linn na scrúduithe dháileamar pacaí laghdaithe struis um scrúduithe amach freisin lenar áiríodh milseáin, liathróidí struis agus leabhair dathúcháin. Lean Sult agus Smokey's Café lena chinntiú go bhfuair gach duine a sháith leite saor in aisce le linn shéasúr na scrúduithe. Tionscadail For-rochtana I mí Feabhra agus i mí an Mhárta d’eagraigh an Comhaltas 46 foireann ó OÉ Gaillimh, a chuaigh in iomaíocht sa Dúshlán Marchathon. Ghlac 178 ball foirne & mac léinn páirt ann, agus thóg na 46 foireann níos mó ná 33,083,800 céim san iomlán thar na 4 seachtaine den dúshlán d'ainneoin theacht na stoirme móire, an Torathar ón Oirthear! Is ionann sin agus 26,467 ciliméadar nó rud beag níos lú ná dhá thrian den bhealach thart ar imlíne an domhain! D'óstálamar Díolachán na nÉadaí Seanré le linn na bliana ar roinnt ócáidí agus ba mhaith linn an t-imeacht a eagrú arís an bhliain seo chugainn. I mí Feabhra d'óstálamar tointeálaí agus ionsamhlóirí tuairte an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an gcampas maidir le Lá Feasachta um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhí an-fhaisnéiseach. Rugbaí Leanadh den chomhpháirtíocht idir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, agus Rugbaí Chonnacht in 2017/18 agus bhí lascainí móra ar thicéid do chluichí baile Chonnacht ar fad ar fáil do mhic léinn i rith an tséasúir.


12

Feachtais Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, i rith na bliana acadúla, 2017-18. Áirítear ina measc feachtais maidir le leas na mac léinn, seachtainí tiomnaithe don mheabhairshláinte agus don tsláinte ghnéis, srl mar aon le feachtais laghdaithe struis um scrúduithe, feachtais um aisghairm an 8ú leasú agus feachtais eile. Tá feachtais sláinte ag croílár fheachtais an Chomhaltais, agus i mbliana áiríodh leo dhá sheachtaine um Meabhairshláinte; ceann amháin do gach seimeastar, lenar áiríodh púróga dearfacha ar fud an champais, cainteanna agus comharthaíocht maidir le seirbhísí laistigh agus lasmuigh den champas. Rinneamar Feachtas Meabhairshláinte agus Folláine #littlethings de chuid OÉ, Gaillimh a chorprú, ina gcuireadh béim ann ar na nithe is féidir leatsa a dhéanamh duit féin agus do dhaoine eile a mbeidh tionchar dearfach acu maidir le conas a mothaíonn tú agus conas a éiríonn leat déileáil le rudaí. Thuairiscigh nuacht RTÉ faoinár bhFoireann Leasa ag am na scrúduithe; le taispeáint go mbíonn tacaí ar fáil i gcónaí laistigh agus lasmuigh den champas dóibh siúd óna dteastaíonn siad. Cuireadh Seachtainí SHAG (Sláinte Gnéis agus Comhairle Ghnéis) ar siúl sa chéad seimeastar agus sa dara seimeastar araon. Síneadh uaireanta oscailte an chlinic sheachtainiúil STI in Aonad Sláinte na Mac Léinn i rith an dá sheachtain sin. I mbliana d'iompaíomar seachtain SHAG ar a ceann agus in ionad an fhócais thraidisiúnta ar fhrithghiniúint agus STInna, rinneamar í a shíneadh chun níos mó maidir le deimhneacht ghnéis a chuimsiú. Chun na críche sin, thugamar Biongó Gnéasbhréagáin isteach go OÉ, Gaillimh, oíche ghrinn agus chuimsitheach agus fócas ar chomhráite níos oscailte maidir le gnéas. Rinneamar seisiún C&F a reáchtáil le húinéir siopa gnéis, mar aon le ceardlann faoi shláinte mhíosta agus ceabairé brusanta le The Dirty Circus ar siúl le linn na seachtaine freisin. Is imeacht ar a bhfuil an-tóir é anois biongó gnéasbhréagáin i gComhaltais Mac Léinn ar fud na hÉireann agus bhuamar Gradam um Éachtaí Mac Léinn USI ina leith! Ba bhliain ríthábhachtach í seo maidir leis an bhfeachtas Aisghair an 8ú Leasú agus bhí an-bhaint le Comhaltas na Mac Léinn leis. Thugamar 150 mac léinn chuig Baile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair chun páirt a ghlacadh sa Mhórshiúl Náisiúnta ar son na Rogha. I rith na bliana rinneamar an líon is mó mac léinn a chlárú chun vótála as aon institiúid sa tír (timpeall ar 3,000). Sa bhreis air sin, thionól Tascfhórsa na Mac Léinn ar son na Rogha dár gcuid imeachtaí tiomsaithe airgid agus seisiúin oiliúna maidir le canbhasáil, thug siad na mílte suaitheantas amach agus chuir siad póstaeir suas ar fud an champais maidir le Fáthanna chun aisghairm a dhéanamh. Bhunaigh an tOifigeach Comhionannais, Clare Austick, grúpa oibrithe deonacha ar a dtugtar an ‘EqualiTeam’, a reáchtáil sraith imeachtaí iontacha le linn na bliana. Bhí dhá Sheachtain Comhionannais ann, ceann amháin do gach seimeastar agus áiríodh leo: díospóireachtaí painéil, tráthnónta faisnéise, seimineáir agus cleasa

bolscaireachta maidir le Soláthar Díreach, Míchumas, Neamh-chomhionannas Inscne, an 8ú Leasú a Aisghairm agus Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim. San áireamh le himeachtaí níos meidhrí a reáchtáladh bhí comhrac beolbheachtaithe agus imeacht draig, aonach bia chultúrtha, tráthnóna scannán áisiúil do mhíchumas, oícheanta ceoil & grinn agus Seoladh Oifigiúil Feachtas um Ollscoil Tearmainn. Dáileadh suaitheantais tuar ceatha ar fud an champais ag an EqualiTeam chun tacaíocht a thaispeáint do Phobal LADT+. Díríodh na himeachtaí sin ar shaincheisteanna tábhachtacha a thabhairt chun suntais agus ar thabhairt fúthu, agus ar bhraistint phobail, uilechuimsitheacht agus ceiliúradh daoine a chothú idir baill foirne agus mic léinn ar fud OÉ, Gaillimh agus Chathair na Gaillimhe. Bhí baint againn freisin le SolidariTea; maidin caife arna heagrú ag léachtóirí agus mic léinn chun tacaíocht a thaispeáint do na 4 bhean a raibh cásanna um neamhchomhionannais inscne idir lámha acu. Bhí na céadta mac léinn, léachtóirí agus ball foirne i láthair ar an lá agus seoladh tvuíteanna ó áiteanna i bhfad ón láthair chun tacaíocht a thaispeáint. D'eagraigh Oifigeach na Gaeilge Conall O'Corra Lá Dearg na Mac Léinn i mí Aibreáin; lá gníomhaíochta chun ár bhfearg a léiriú maidir le heaspa deiseanna atá ar fáil do chéimithe na Gaeilge agus do dhaoine óige na Gaeltachta. Bhí an Comhaltas i gceannas dhá fheachtas an-rathúla maidir le Laghdú Struis um Scrúduithe i ngach seimeastar. Díríodh an chéad cheann 'An bhfuil tú maith?' ar fholláine agus ar chúram a thabhairt dá chéile, agus san áireamh leis an dara ceann bhí go leor gníomhaíochtaí laghdaithe struis, amhail veaineanna uachtair reoite, húlahúpanna ar an gcampas, agus an treoir laghdaithe struis agus leabhar dathúcháin dár gcuid féin!



13

SU

Lockers ...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

Secondhand

Bookstore

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

Students’ Union Services

Gaeilge

SU LOCKERS

grinds REGISTER SU

CaiféSU CLOAKROOM

SU LOCKERS SU LOCKERS SUSU CLOAKROOM

SU CLOAKROOM

Life Skills

grinds REGISTER SU

SU LOCKERS

SU

Life Skills

grinds ENTS

SU SU Sult SU CLOAKROOM Students’ Union Life Skills Bhí Sult an-chruógach ar fad ó thús deireadh na bliana REGISTER le cóisirí ranga, tiomsú airgid ar son na carthanachta, Students’ Union SU imeachtaí éagsúla, píotsaí aitheantais, Students’ Union ár mBoscaí Bia Life Skills feabhsaithe sa ar a bhfuil an-tóir mar is gnáth, biachlár ENTS BOOKSTORE bheár ceapairí… níl deireadh leis an liosta.

ENTS

Second Hand

Students’ Union

Eagraíodh na himeachtaí seo a leanas le himeacht 18 Second Hand seachtaine na dtéarmaí: BOOKSTORE

ENTS

Imeachtaí tiomsaithe airgid ar son na carthanachta: 23 Cóisirí Ranganna: 127 Cóisirí Clubanna: 91 Cóisirí Foirne Roinne agus Iarchéime: 128 Ócáidí Cumainn: 136 Ócáidí Chomhaltas na Mac Léinn: 43 Spórt beo ar an Scáileán Mór: 48

Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Bhí nuachtáin ar lascaine, uisce agus torthaí ar chostas íseal, agus gach riachtanas stáiseanóireachta ar fáil i gcónaí i Siopa Chomhaltas na Mac Léinn. Is iomaí gradam náisiúnta atá bainte amach ag an siopa leis na blianta, lena n-áirítear “An Rannóg Milseogra is Fearr” i nGradaim ShelfLife Magazine don rogha milseán is fearr ar fad! Caiféanna Is iad Smokey’s Café, Caifé na Gaeilge agus caifé The Wall na háiteanna is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean agus cupán caifé a fháil idir léachtaí. Chuir Smokey's Café micreathonnáin bhreise isteach do mhic léinn. Bhí Caifé The Wall ar oscailt i rith na bliana ar fad chun freastal ar mhic léinn agus ar bhaill foirne a chaitheann níos mó ama san ollscoil ná in áit ar bith eile. Cárta an Chomhaltais Tá Cárta an Chomhaltais ocht mbliana ar an bhfód ag tús na bliana. Bealach den scoth atá ann luach níos fearr ar airgead a fháil, agus is bealach dúinne é buíochas a ghabháil le mic léinn agus le baill foirne as tacú linn. Forbraíodh an córas TF inár n-asraonta i rith na bliana le go mbeadh mic léinn in ann a gcárta a úsáid i ngach asraon de Chomhaltas na Mac Léinn. Cuid de bhuaicphointí Chárta Chomhaltas na Mac Léinn in 2017/18 1,940,000 pointe bronnta 1,700 dinnéar saor in aisce 10,800 cupán tae/caife saor in aisce 9,000 cuntas gníomhach in 2017/18

grinds REGISTER SU

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

Ski

Reg

SU LOCKERS

Caif na SU LOCKERS

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SU LOCKERS

SU LOCKERS

• • • •

SU Life

Skills

SU LOCKERS

SU LOCKERS

• • • • • •

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

SU LOCKERS

SU

Cloakroom ...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SU CLOAKROOM

SU LOCKERS

grinds REGISTER

SEOMRA CÓTAÍ Wall Life Skills THE

SU

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

SU

AN CHOMHALTAIS

ENTS clár SU LOCKERS

AN CHOMHALTAIS AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

Chomhaltas na Mac Léinn

clár

Chomhaltas na Mac Léinn

BOOKSTORE

DIANCHEACHTANNA

Cárta Chomhaltas na Mac Léinn

Wall

Caife

THE

CAFE

Students’ Union

ENTS

an Chomhaltais

AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

...Do Chomha

SU CARD AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

Clár Scileanna Saoil Siamsaíocht DIANCHEACHTANNA Second Hand

clár DIANCHEACHTANNA

Clár Scileanna Saoil

AN CHOMHALTAIS TAISCEADÁIN

SEOMRA CÓTAÍ TAISCEADÁIN

clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN

Life Skills

CAFE

Students’ Union

AN CHOMHALTAIS

Register

SU

SU CLOAKROOM

Grinds grinds REGISTER

SU TAISCEADÁIN

NUACHTÁN SAOR IN AISCE

Student Independent News

Second Hand SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

BOOKSTORE an Chomhaltais

Clár Scileanna Saoil

clár

Chomhaltas na Mac Léinn Athinfheistiú Ionatsa SU LOCKERS SEOMRA Scileanna CÓTAÍ Clár Saoil AN CHOMHALTAIS Chomhaltas na Mac Léinn Faoi mar a dhéantar i Siamsaíocht gcónaí, déantar gach brabús ó DIANCHEACHTANNA Second Hand SIOPA LEABHAR an Chomhaltais SU sheirbhísí na Mac Léinn a athinfheistiú chun AN CHOMHALTAIS SEOMRA CÓTAÍ BOOKSTORE Chomhaltas SU CLOAKROOM ATHLÁIMH ANECHOMHALTAIS na seirbhísí a chuireann muid ar fáil duitse a fhorbairt DIANC Second Hand Clár Scileanna Saoil Siamsaíocht REGISTER SIOPA LEABHAR an Chomhaltais Siamsaíocht AN C Chomhaltas na Mac Léinn BOOKSTORE agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí SIOPA LEABHAR an Chomhaltais ATHLÁIMHEChomhaltas ATHLÁIMHE na Mac Léinn SUis ea go gcoinnítear ar an gcampas an Clár Scileanna Saoil Life Skills Chomhaltas na Mac Léinn t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Tugann Sult €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud Siamsaíocht SIOPA LEABHAR an Chomhaltais a fhágann gurbStudents’ é an ranníocóir is mó leis an gciste é. ATHLÁIMHE Union Tugann Sult €30,000 go díreach do ChomhaltasSiamsaíocht na Mac Second Hand SIOP an Chomhaltais BOOKSTORE Léinn freisin, beag beann ar an méid brabúis a dhéanann. AT

grinds

an Chomhaltais

clá

an Chomhaltais

an Chomhaltais

ENTS

an Chomhaltais

a

Fostaíocht Mic Léinn Is mic léinn iad breis is 50% dár bhfoireann, agus is mic léinn iad breis is 85% dár bhfoireann i Sult. Leite Saor in Aisce Lean Sult agus Smokey’s Café ag tabhairt amach leite saor in aisce d’fhonn a chinntiú nach mbeadh mic léinn OÉ Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe. Thugamar 1,200 bricfeasta SAOR IN AISCE amach in Smokey’s Café, gan trácht ar aon áit eile! Urraíocht ar Imeachtaí Mic Léinn I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ag cumainn charthanachta, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile. Taisceadáin Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ligeadh 1,749 taisceadán ar cíos do mhic léinn i mbliana. Cártaí Leap do Mhic Léinn Cheannaigh líon ollmhór de 2,396 mac léinn Cártaí Leap do Mhic Léinn trí Chomhaltas na Mac Léinn in 2017/18. Leabhair Athláimhe Tá seirbhís an tsiopa leabhar athláimhe ag dul ó neart go neart. Dhíolamar 1,568 leabhar de bhur gcuid i mbliana. Seomra Cótaí Chomhaltas na Mac Léinn Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn ar an Déardaoin agus an Aoine i rith an téarma. Dialann Chomhaltas na Mac Léinn Scaipeadh 12,000 cóip de dhialanna Chomhaltas na Mac Léinn saor in aisce do mhic léinn sa chéad seimeastar. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá sa dialann agus tá eolas ann ar dhátaí na scrúduithe, ar áiseanna ar an gcampas, agus ar Chlubanna agus ar Chumainn.


14

An Coiste Feidhmiúcháin Nua do 2018/19 Incoming Executive 2018/19

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer

Louis Courtney

su.education@nuigalway.ie 086 385 3658

An tUachtarán / President

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais Vice-President / Welfare and Equality Office

su.president@nuigalway.ie 086 385 5502

su.welfare@nuigalway.ie 086 385 3659

Megan Reilly

Clare Austick

Oifigeach na Gaeilge

An tOifigeach um Mic Léinn Idirnáisiúnta International Students Officer

Oifigeach na nIarchéimithe Múinte Postgraduate Taught Officer

Oifigeach na nIarchéimithe Taighde Postgraduate Research Officer

su.gaeilge@nuigalway.ie 087 174 9570

su.maturestudents@nuigalway.ie 089 966 4053

su.pgtaught@nuigalway.ie 086 238 6138

su.pgresearch@nuigalway.ie 085 134 2748

Cathaoirleach na gCumann Societies Chairperson

Captaen na gClubanna Clubs Captain

Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais SU Council Chairperson

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

su.socs@nuigalway.ie 087 677 8449

su.clubs@nuigalway.ie 091 524 810

su.council@nuigalway.ie 085 176 2031

su.arts@nuigalway.ie 087 133 1473

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta Convenor of the College of Science

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law

Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta / Convenor of the College of Engineering & Informatics

su.science@nuigalway.ie 085 204 8786

su.medicine@nuigalway.ie 087 621 0216

su.business@nuigalway.ie 091 524 810

su.engineering@nuigalway.ie 089 223 7676

An tOifigeach um Mic Léinn Idirnáisiúnta International Students Officer

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer

An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas Disability Rights Officer

Oifigeach um Mionlaigh Eitneacha Ethnic Minorities Officer

su.international@nuigalway.ie 083 884 4332

su.lgbt@nuigalway.ie 085 816 3837

su.disability@nuigalway.ie 089 456 7106

Adhna Nic Dhonnchadha

Brandon Walsh

Scott Green

Daniel McFadden

Chuka Paul Oguekwe

Ryan Guilfoyle

Liezel Ravenscroft

Alex Coughlan

Cameron Keighron

Sabrina Vaughan

Clodagh McGivern

Muireann O’Sullivan

Jibran Abassi

Rían McKeagney

Roshan George

Toghchán i Meán Fómhair

su.ethnicminorities@nuigalway.ie 091 524 810


www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU

www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.