Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2024 - 2025

Page 1


TUARASCÁIL BHLIANTÚIL

Tuarascáil Bhliantúil

Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe 2024-2025

Focal ón Uachtarán

Ráiteas Misin/Buaicphointí

Coiste Feidhmiúcháin 2024/25

Comhairle an Chomhaltais

Nuachtán SIN

Toghcháin

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn

Piarfhoghlaim CÉIM

Scileanna Saoil

Tiomsú Airgid

Siamsaíocht agus Imeachtaí

Feachtais •

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

FAYE NÍ DHOMHNAILL

Focal ón Uachtarán

Onóir agus pribhléid mo shaoil a bhí ann feidhmiú mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe don bhliain acadúil 2024/2025. Cuireann a chumhachtaí atá gluaiseacht na mac léinn iontas orm gach lá, agus b'amhlaidh an cás i mbliana. Beidh mé buíoch go deo de mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe as a muinín a chur ionam agus níl aon amhras orm go rachaidh muid ó neart go neart leis an bhfoireann nua oifigeach tofa.

D'ainneoin ár láidreachtaí, áfach, ní mór dúinn dul i ngleic lenár ndeacrachtaí freisin. Bhí pobal iomlán na mac léinn trína chéile nuair a fuair muid amach go ndeachaigh an Ollscoil i gcomhpháirtíocht taighde le Technion, rud a sháraigh a gealltanais féin um chearta an duine. Tháinig na mic léinn le chéile ar fud an champais agus thug muid ar an Ollscoil measúnú tionchair um chearta an duine a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht go haisghníomhach. An 17 Deireadh Fómhair, shiúil na mic léinn amach mar agóid in aghaidh an chaoi a gcaitear leo sa chóras Ardoideachais. Léirigh an líon mac léinn a ghlac páirt san agóid go bhfuil siad sásta agus ullamh troid ar son an chirt.

Bhailigh muid €29,443 do carthanais an Chomhaltais, Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe. B’iontach an rud é iad a bheith mar chomhpháirtithe carthanachta againn i mbliana agus b’ardú meanma é an obair a dhéanann siad a fheiceáil agus an chaoi a bhfuilimid in ann tacú leo trí airgead a thiomsú. Rinne muid gach iarracht a chinntiú go mbeadh na hócáidí tiomsaithe airgid uile inrochtana ag gach mac léinn. I measc na n-imeachtaí bhí An Bearradh, an Rith Spraoi 5k, an Phríomhshraith Fantaisíochta, Crannchuir agus a thuilleadh. Gabhaimid buíochas le gach mac léinn a chaith am agus iarracht ar ár n-ócáidí tiomsaithe airgid. Is léiriú é an méid airgid a tiomsaíodh ar spiorad na mac léinn, agus bainfear úsáid as chun tairbhe an phobail.

Gabhaim buíochas le Ciara Meehan as a toilteanas comhoibriú linn i gcónaí. Go raibh maith agat as guth a thabhairt dúinn ar Fhoireann Bhainistíochta na hOllscoile agus as meas a léiriú ar an méid a bhí le rá againn. Buaicphointe dom féin i rith na bliana a bhí ann nuair a tugadh an Ciste-T ar ais faoi shamhail chistithe inbhuanaithe, rud a thugann uathriail iomlán do na mic léinn faoin méid a cheannaíonn siad agus faoin gcaoi a gcabhraíonn sé lena n-aistriú sóisialta. An seasamh a ghlacamar i mbliana ná nár ghá dúinn a bheith ar an eolas faoin gcúis nó faoin gcaoi a n-aistríonn duine, ach má rinneamar an próiseas níos éasca d’aon mhac léinn amháin fiú, d’éirigh linn. A bhuí le John Hannon, James McCormack agus Ciara Meehan, bhíomar in ann €3,679.12 a leithdháileadh chun cabhrú le mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe a n-aistriú sóisialta a dhéanamh. Léiríonn an mhuinín a cuireadh ionainn chun an próiseas seo a bhainistiú an caidreamh den scoth atá forbartha againn le Seirbhísí do Mhic Léinn.

Gabhaimid buíochas lenár n-oifigigh pháirtaimseartha as a bheith linn. Go raibh maith agaibh as oibriú go díograiseach ar an méid atá tábhachtach duit. Cé acu a tháinig tú chugainn ó Montpellier nó Maigh Cuilinn, is mór againn gach nóiméad a thug tú do d’obair an Chomhaltais seo agus tá fíor-mheas againn ar do chuid oibre. Cé acu a chabhraigh tú linn chun pacaí a dháileadh ar lucht na chéad bhliana, a rinne tú agóid sa bháisteach nó a thug tú mé féin agus na hoifigigh lánaimseartha eile chun cuntais ag cruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin, rinne tú freastal maith ar do phobal. Ní mór buíochas faoi leith a ghabháil lenár n-ionadaithe ranga díograiseacha. Go raibh maith agaibh as ceisteanna a chur agus bhur ndícheall a dhéanamh chun cabhrú le do phobal.

Tá ríméad orm a chur in iúl gur oibrigh muid go dian mbliana le bheith rannpháirteach le AMLÉ. Thug muid 7 rún chuig Comhdháil 2025, d’iarr muid ar an Oifigeach do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair go rialta ár gcuid mac léinn a thabhairt cothrom le dáta faoi obair AMLÉ, shuigh muid ar a gCoiste um Straitéisí Feachtas, d’oibrigh muid ar athchóiriú a dhéanamh ar studentsurvey.ie agus níos mó. Bhí muid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a fhios ag ár gcuid mac léinn go díreach mar a oibríonn

AMLÉ dóibh agus chun a leasa.

D’fhoireann an Chomhaltais - Lorna, Chris agus Joanna - is iad bhur spreagadh agus bhur n-eolas a choinníonn an Comhaltas ag imeacht. Feidhmíonn sibh mar ghuth na céille i gcónaí agus spreagann sibh muid chun aghaidh a thabhairt ar na spéartha. Táimid thar a bheith buíoch as bhur gcúnamh leanúnach. Ní mór buíochas mór a ghabháil lenár bhfoireann CÉIM freisin, arb í an fhoireann is eagraithe dá bhfaca mé riamh. Bhí Amber, Órla, Kerry, Aoife agus Joe ina bhfoinsí eolais agus comhairle dom le linn mo thréimhse mar oifigeach. Feicim gach lá an chaoi a bhfuil tionchar dearfach ag a gcuid oibre crua ar shaolta an iliomad mac léinn le linn a gcuid ama anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Don fhoireann ar fad in Sult, Smokey’s, An Siopa, Spéir agus an Seomra Cótaí a chuireann seirbhís den scoth ar fáil do na mic léinn ar fud an champais, go raibh míle maith agaibh. Go raibh maith agaibh as a bheith mar chrann taca dár bpobal agus as na spásanna pobail a chuireann sibh ar fáil dár mic léinn, cé acu a bhíonn siad ag caitheamh siar piontaí nó ag ceannach nótaí greamaitheacha faoi dheifir, tá scéal ag gach mac léinn ar an gcampas faoi ceann de na seirbhísí sin, rud a léiríonn a thábhachtaí atá siad. Creidim gur ghá buíochas faoi leith a ghabháil le Terrence in Sult, a choinníonn an oifig ag imeacht lena chuid caife!

Don Bhord Iontaobhaithe, go raibh maith agaibh as tacú linn i gcónaí. Tá muid buíoch díobh as bhur gcuid eolais agus ionracais, agus as muid a choinneáil ar an mbealach ceart. Do Bhord SUCS, go raibh maith agaibh as bhur gcuid léargais agus as bhur dtiomantas i leith ár n-ionracas a choinneáil láidir. Do na mic léinn a d’eagraigh athbheochan SIN, go raibh maith agaibh as bhur dtiomantas i leith guth na mac léinn a chumhachtú agus iriseoireacht na mac léinn a neartú.

Ar ndóigh, ní féidir liom dearmad a dhéanamh de bhuíochas mór a ghabháil lenár Leas-Uachtaráin den scoth, Tom Forde, Chloe Anderson agus Julieanne Ní Mhullaoidh. Bhraith mé a gcuid tacaíochta go seasta i mbliana. Is ábhair iontais iad bhur gcuid díograise agus dúthrachta do bhur róil. Ní bheadh an oiread éachtaí le ceiliúradh ag an gComhaltas do bhur n-uireasa. D’oibrigh muid le chéile mar fhoireann agus mar ghréasán láidir eolais, léargais, cumhachtaithe agus díograise gcónaí, bíodh sin i mbun agóide in aghaidh an Údaráis nó ag spraephéinteáil cónra lámhdhéanta tar éis na ngnáthuaireanta oibre. Is cuimhin liom lá an toghcháin anuraidh nuair a toghadh Tom agus Chloe, agus mé ag smaoineamh, ‘fiú mura dtoghfar mise, beidh Leas-Uachtaráin láidre ag an gComhaltas’. Tugadh ardú croí dom an tseachtain dár gcionn nuair a toghadh Julieanne. Ba é fónamh in aice leo buaicphointe mo shaoil. Gach lá, idir mhaith agus olc, mhúin siad dom an chiall atá le comhoibriú agus cairdeas. Pé áit a dtéann siad as seo amach, tá a fhios agam go n-úsáidfidh siad a nguthanna ar son leas an phobail.

Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí. Táim sásta go bhfuil an misean seo bainte amach againn. Do Maisie, Paddy, Seán, RachelÁine agus an chuid eile den chéad fhoireann feidhmiúcháin eile, guím gach rath oraibh. Táim ar bís chun an méid a dhéanfaidh sibh sa bhliain amach romhainn a fheiceáil, agus tá a fhios agam go dtabharfaidh sibh aghaidh ar gach ceist le hionracas agus neart.

Thar ceann Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe 2024/2025, tá bróid orm ár dTuarascáil Bhliantúil a chur faoi do bhráid.

Ráiteas Misin/Buaicphointí

Mac

Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.

Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.

“Ní neart go cur le chéile”

Buaicphointí 2024/2025

• Rinne muid suirbhé ar os cionn 1,700 mac léinn faoi chóiríocht agus chuir muid tuarascáil i dtoll a chéile dar teideal “Glúin na hEisimirce, Éileamh ar ár Rialtas deireadh a chur leis an nGéarchéim Náisiúnta Chóiríochta”. Seoladh an tuarascáil dTeach Laighin le cúnamh ón Teachta Dála, Mairéad Farrell.

• Bhailigh muid €29,443 don dá charthanas áitiúil atá roghnaithe againn, Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.

Sheol muid Spéir, foirgneamh atá ina láthair bhuan do Phantrach na Mac Léinn, a bhíonn ar oscailt faoi dhó sa tseachtain chun bia a dháileadh ar mhic léinn.

• Fuair muid 15 ainmniúchán do Ghradaim na hÉireann d’Éachtaí Mac Léinn (SAAI agus bhuaigh muid 6 ghradam, ina measc Aontas Mór na Bliana.

• D’éirigh lenár stocaireacht chun trasnán coisithe a chur ar Dhroichead Chora na mBradán.

• Rinne muid formhaoirseacht ar athbhunú an Chumainn Drámaíochta.

• D’éirigh linn an Ciste-T a athbhunú faoi shamhail chistithe inbhuanaithe. Gealladh cistiú le haghaidh 3 bliana, rud a thugann uathriail do mhic léinn chun a gcinntí eolasacha féin a dhéanamh faoin méid a cheapann siad atá de dhíth dá n-aistriú sóisialta.

• Toghadh breis agus 400 ionadaí ranga ar fud na gcoláistí go léir.

• Chabhraigh muid lenár misean Inbhuanaitheachta trí Araid Inaischurtha Buidéal a shuiteáil ar an gcampas. Tá Athchúrsáil Ceallraí ar fáil in An Siopa anois, reáchtáil muid an chéad toghchán Saor ó Pháipéar do Chomhaltas na Mac Léinn agus Siopa Babhtála ar an gcampas.

• Rinne muid stocaireacht ar Fhoirgnimh agus Eastáit agus d’éirigh linn níos mó suíochán sóisialta a fháil i Síbín an Chomhaltais.

• D’eagraigh muid an dá imeacht shóisialta do mhic léinn is mó riamh i nGaillimh, is iad sin Hallows na Samhna agus SOS mí Feabhra.

• Fuair muid clúdach suntasach sna meáin i gcaitheamh na bliana ar mhodhanna áitiúla agus náisiúnta ar réimse ceisteanna - tithíocht, táillí, feachtais agus ceisteanna tráthúla eile.

D’eagraigh muid roinnt agóidí agus ghlac muid páirt iontu, ina measc agóid in aghaidh Údarás na hOllscoile, Dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín, Tóg Raic, Siúl Amach Náisiúnta na Mac Léinn agus a thuilleadh.

• D’óstaigh muid 3 seachtaine bunaithe ar an nGaeilge, Gaelseachtain agus Seachtain na Gaeilge.

• Rith muid dhá rún le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur bhfeidhm Seimeastar Gaeilge i ngach Ollscoil agus Institiúid Teicneolaíochta in Éirinn, agus chun tacú le Seomra Caidrimh Gaeilge in ngach Institiúid tríú leibhéal in Éirinn. Toghadh an tUachtarán Faye Ní Dhomhnaill agus an Leas Uachtarán don Ghaeilge Julieanne Ní Mhullaoidh do Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge.

• Bhuaigh muid Ór i scéim gradam Chonradh na Gaeilge, an Gníomhaí Gaeilge.

• Rinne muid tuilleadh forbartha ar an nGradam Gaelach, agus chuir muid i bhfeidhm é, chun Clubanna a chuimsiú leis, chomh maith le Cumainn.

• Chuir muid 7 rún faoi bhráid Chomhdháil AMLÉ 2025 agus ritheadh iad. Ainmníodh muid don Aitheasc is Fearr, don Chainteoir is Fearr, agus don Ghaeilgeoir is Fearr. Bhuaigh muid an tAontas Mór is Fearr agus an Sliocht Athfhriotail is Fearr.

• Thug muid roinnt cuairteanna ar Choláiste na Sionainne, áit ar eagraigh muid preabsheastáin, aiscíní ag na scrúduithe agus brústocaireacht leanúnach le maoiniú breise a fháil.

• D’eagraigh muid oíche don phobal aiteach in Sult dar teideal “Gays and Dolls” le Annie Naggins, Blondielicious, agus Inspect her Gadget.

D’óstáil muid an chéad Ócáid RAG i stíl Rós Thrá Lí, agus ba Aisling Magner an chéad Rós RAG in Ollscoil na Gaillimhe.

D’óstáil muid Oiliúint Bhándearg AMLÉ, an Chomhdháil LADTIA+ is mó san Eoraip, chomh maith leis an 49ú eagrán de Choinbhinsiún Eorpach na gComhaltas Mac Léinn.

Chaith an líon ab airde daoine riamh vóta, 4,895 ar an iomlán.

Rinne muid ár Lámhleabhar Olltoghcháin a chur dtoll a chéile agus a sheoladh, le cúnamh ó na hionadaithe ranga.

• D’óstáil muid Lá Chearta na gCiosaithe Síbín an Chomhaltais in éineacht le Threshold agus labhair muid ag Cruinniú Poiblí CATU dá bhfeachtas “Homes not Holiday Lets”.

• Reáchtáil muid Éicea-Chaifé ar bhonn píolótach mar áit ina bhféadfadh mic léinn a n-ábhair imní faoin éiceolaíocht a phlé.

• Sheol muid Beartas nua maidir le Foréigean Gnéasach agus Ciapadh Treoraithe ag Eolas ó Mharthanóirí.

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ar bun in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na
Léinn.

Comhairle an Chomhaltais

Bhí os cionn 432 Ionadaí Ranga tofa againn i mbliana as Fochéimithe, Iarchéimithe, Foghlaimeoirí Fásta agus Foghlaimeoirí Páirtaimseartha. Bhí toghchán ag mic léinn i ngach bliain i Meán Fómhair seachas sa chéad bhliain. Bhí moill ar na toghcháin chun Ionadaithe Ranga a thoghadh i gcás lucht na chéad bhliana a bhí ag teacht isteach toisc gur eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta go mall. Reáchtáladh iad i mí Dheireadh Fómhair. Reáchtáladh toghcháin do mhic léinn iarchéime i mí Dheireadh Fómhair toisc go bhfuil dátaí tosaigh éagsúla acusan chomh maith le hathrú córais sna toghcháin sin. Úsáideadh YourSpace leis na toghcháin a reáchtáil go hiomlán ar líne i mbliana.

Cuireadh an modúl ríomhfhoghlama le haghaidh ionadaithe ranga ar fáil arís i mbliana. Mar chuid den mhodúl, cuireadh na hionadaithe ar an eolas faoi Chomhaltas na Mac Léinn agus faoin ról atá ag Ionadaithe Ranga.

Bhí gníomhaíochtaí ann bunaithe ar scileanna éascaithe, ceannaireachta agus cumarsáide. Tá súil againn go gcuirfear leis an modúl seo agus go ndéanfar é a fheabhsú ó bhliain go bliain.

Bhí cur chuige hibrideach ann i gcás Comhairle i mbliana a d’fhág go raibh mic léinn in ann rogha a dhéanamh arbh fhearr leo dul chuig cruinnithe ar líne nó ar an láthair. D’fhág sé sin go raibh mic léinn ar champais satailíte nó ar shocrúchán oibre in ann páirt a ghlacadh ann ar líne. Rinneadh iarracht le go mbeadh Comhairle ní b’idirghníomhaí mbliana. Bhain muid triail as teicneolaíochtaí ar nós Mentimeter, roinn muid ionadaithe ina ngrúpaí beaga le hábhair áirithe a phlé agus rannpháirtíocht a spreagadh, agus cuireadh gilitín dhá uair an chloig i bhfeidhm le nach n-éireodh duine ar bith róthuirseach.

Ghlac Comhairle le treoirlínte nua maidir le toghcháin ina dtugtar míniú sonrach ar an gcaoi a ndéantar Ionadaithe ar Iarchéimithe Taighde iad a thoghadh. Cuireadh é sin i bhfeidhm i mbliana agus fuarthas ionadaí i mbeagnach gach cás mar sin. Ba chóir go dtiocfadh feabhas dá bharr ar an ionadaíocht thar ceann mic léinn ar iarchéimithe taighde iad, dream ar minic iad faoi ghannionadaíocht.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2024/2025

Ár mbuíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe Coláiste agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo.

• Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Cathal Sherlock

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh – Jean O’Boyle

• Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta –Ella Wiley-Hogan

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Paschal Walsh

• Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Vytaute Bujaviciute

• Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Daniel McGonigle

• Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Sachin Yadav

Mar fhocal scoir, mo mhíle buíochas leis na hIonadaithe Ranga go léir a rinne a seacht ndícheall i mbliana le go mbeadh ionadaíocht thar cionn againn thar ceann mic léinn.

Nuachtán SIN

Is é SIN (Nuacht Neamhspleách do Mhic Léinn) an t-aon áisíneacht nuachta ag Comhaltas na Mac Léinn. Foilsítear ailt ar líne ag www. SIN.ie. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann Ollscoil na Gaillimhe. Postáiltear tuairimí an phobail agus agallaimh sráide ar chuntais SIN ar na meáin shóisialta. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta.

Foireann 2025:

• Eagarthóir – Emma van Oosterhout

• Leas-Eagarthóir – Holly Leech Eagarthóirí Nuachta – Jacob Conneely agus Fiona Zokou

• Eagarthóirí Gné-Alt – Leona Gilmore agus Seán de Búrca Eagarthóirí na gColún Tuairimíochta – Peter O’Neill agus RaisuL Sourav

Eagarthóir na nEalaíon – Falguni Garg

• Eagarthóir Nós Maireachtála – Zaid Rahwanah

• Eagarthóir Spórt – Jake Davis

• Eagarthóir Cainte – Eimear Eastwood

• Ceann Grianghrafadóireachta – Inga Roman

• Dearadh & Leagan Amach an láithreáin gréasáin – Shannon Reeves

Níor fhoilsigh SIN ailt ach ar líne agus sin amháin i mbliana.

Foilsíodh sraith alt agus físeán speisialta toghcháin ar líne roimh na Toghcháin le haghaidh Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn.

postáladh iad ar Instagram agus Facebook freisin.

• Rinneadh athdhearadh iomlán ar straitéis SIN do na meáin shóisialta i mbliana, agus roinneadh blúirí d’ailt a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an tsúil ar na hardáin go léir chun infheictheacht agus rannpháirtíocht léitheoirí a mhéadú.

Chlúdaigh SIN toghcháin an Chomhaltais go cuimsitheach agus go tráthúil, le físeáin inar chuir na hiarrthóirí iad féin in iúl, agallaimh dhoimhne agus nuashonraithe beo ón toghchánaíocht, chun a chinntiú go mbeadh na mic léinn ar an eolas ag gach céim den phróiseas.

• Tugadh aitheantas náisiúnta don fhoilseachán agus bronnadh Gradam Náisiúnta na Meán do Mhic Léinn as Iriseoireacht Chomhoibríoch ar an Eagarthóir Emma van Oosterhout agus ar an Eagarthóir Nuachta, Editor Fiona Zokou, chun an obair foirne agus na hiarrachtaí tuairiscithe den scoth a rinne foireann SIN a cheiliúradh. Bhuaigh SIN Soláthraí Meán Mac Léinn na Bliana ag Gradaim na hÉireann d’Éachtaí Mac Léinn de chuid AMLÉ, agus ainmníodh Emma van Oosterhout don ghradam Saothar Aonair do Mheáin na Mac Léinn.

• Seoladh an rannóg Scríbhneoireacht Chruthaitheach chun ardán a sholáthar d’fhicsean, filíocht agus aistí pearsanta. Ainmníodh Lee O’Cathaiseach do Ghearrscéal na Bliana ag Gradaim Náisiúnta na Meán do Mhic Léinn as gearrscéal dá chuid a foilsíodh i SIN.

Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha sa tsraith seo le gach iarrthóir sna toghcháin d’oifigigh lánaimseartha chuig Comhaltas na Mac Léinn, chomh maith le fís-agallaimh a postáladh ar chuntais an Chomhaltais ar na meáin shóisialta, píosa tuairimíochta faoin tábhacht a bhaineann le vótáil agus nuashonruithe beo ón toghchánaíocht agus ó chomhaireamh na dtoghchán.

Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach do nuachtán nua-aimseartha. Áiríodh leis sin rannóg “An Nuacht is Déanaí” a chur le láithreán gréasáin SIN, áit a bhfuil na 15 alt is déanaí ar taispeáint. Athainmníodh an chatagóir “Na hEalaíona agus Faisean” mar “Na hEalaíona” agus bogadh an fho-rannóg “Faisean” go dtí “Sláinte agus Nós Maireachtála” chun rannóg nua “Nós Maireachtála” a chruthú.

Buaicphointí 2025:

• Faoi stiúir Shannon Reeves, leanadh ar aghaidh leis an obair in SIN ar smaointe deartha nua a fhorbairt tar éis athdhearadh iomlán a dhéanamh ar an leagan amach agus dearadh in 2021.

• Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san Ollscoil.

• Chuir SIN go mór lena láithreacht ar na meáin shóisialta; tháinig méadú 59% ar an lucht leanúna ar Instagram agus seoladh leathanach nua ar TikTok. Foilsíodh tuairimí na mac léinn agus agallaimh sráide ar an leathanach TikTok, agus

Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.

Toghcháin

I mí an Mhárta, chuir seacht mac léinn is fiche a n-ainmneacha ar an bpáipéar ballóide agus iad ag iarraidh go dtoghfaí chun Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2025-2026 iad. Caitheadh na vótaí do na poist go léir ar an lá céanna agus go hiomlán ar líne, athrú mór ar an bpróiseas toghcháin. Taifeadadh an ráta vótála is mó riamh de 4,895 vótálaí (23.62%)

Reáchtáladh seisiún faisnéise agus toghchánaíocht i Sult roimh lá na dtoghchán. Socraíodh stáisiún faisnéise faoi na toghcháin sa Síbín lá na vótála le haiscíní, cluichí agus bothán féiníní.

Rinne an Ceann Comhairimh, Cathal Sherlock, maoirseacht ar na toghcháin agus d’fhógair torthaí an chomhairimh an lá céanna ag cóisir thoghcháin i Sult ag a raibh ceol beo á chasadh ag trí bhanna ceoil.

Rinneadh an dara toghchán coicís ina dhiaidh sin chun ceithre phost d’oifigigh pháirtaimseartha nach raibh iarrthóirí ann ina leith i dtosach a líonadh. Reáchtáladh an toghchán sin go hiomlán ar líne freisin. Beimid ag breathnú go leanúnach ar bhealaí chun cur leis an líon iarrthóirí, an líon vótálaithe agus rannpháirtíocht sna toghcháin don bhliain seo chugainn. Tá spásanna fós le líonadh mar Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus na nIarchéimithe Teagasctha. Reáchtálfar toghcháin go luath i seimeastar a haon leis na poist sin a líonadh.

Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

An tUachtarán

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Oideachais

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais

Vice President / Oifigeach na Gaeilge

Oifigeach um Chearta Míchumais

Oifigeach na Mionlach Eitneach

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cathaoirleach na gCumann

Captaen na gClubanna

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Maisie Hall

Seán De Búrca

Paddy Marnane

Rachel Áine Ní Mharascáil

Izzy Tiernan

RaisuL Sourav

Aifric Nevin

Dona Allavena

Sonya Naumova

Eimear McGarry

Jonathan Ryan

Cameron Owen

Niamh O’Connell

Caoimhe Gilligan

Buddila Wijeyesekera

Molly Hickey

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú.

Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha:

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh i Márta 2024

Rinneadh ainm an Chomhaltais a athrú ó Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Rinneadh aon tagairt do OÉ Gaillimh a leasú go hOllscoil na Gaillimhe. Rinneadh forainmneacha a bhaineann le hinscne ar leith a bhaint.

Reifreann ar Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Ritheadh i Márta 2022

Leas-Uachtarán don Ghaeilge a chruthú agus deireadh a chur leis an ról páirtaimseartha Oifigeach na Gaeilge.

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017

Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS)

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013

Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine.

Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012

Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.

Bliain ghnóthach eile a bhí ann don chlár piarfhoghlama CÉIM, agus é ag leathnú i gcónaí agus ag tabhairt tacaíochta do mhic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun na hollscoile, tacaíocht le nithe ar nós rath acadúil, sláinte agus folláine, forbairt scileanna agus dul chun cinn.

Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana

Ba é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe a thionscain an clár CÉIM agus a chomhordaíonn é. Is samhail chruthaithe é le piarfhoghlaim acadúil i ngrúpaí beaga a chur ar fáil gach seachtain den bhliain acadúil iomlán. Rinneadh é thairiscint do thart ar 2,000 mac léinn céad bhliana in 2024/25.

Buaicphointí 2024/25

• Rinne CÉIM teagmháil le breis agus 1,300 mac léinn céad bhliana le linn Ionduchtaithe na bliana acadúla seo. Chuir CÉIM méadú ar an soláthar chun dhá uair an chloig d’Ionduchtú, neartú foirne agus turais ar an gcampas a thabhairt do 550 mac léinn i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta.

• Leanadh ar aghaidh an bhliain seo le freagra a thabhairt ar fhás na hIntleachta Saorga. Díríodh níos mó i seisiúin CÉIM ar scileanna ceistiúcháin agus ionracas acadúil na mac léinn céad bhliana a fhorbairt, agus ar mhuinín as smaointeoireacht chriticiúil a chothú trí scafláil agus gníomhaíochtaí nuálacha.

An pobal a cruthaíodh leis agus áit a bheith ann i gcónaí le tacaíocht a fháil [thaitin siad liom].

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2024/25

Reáchtáladh CÉIM ar bhonn píolótach sna cúrsaí Ríomheolaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise, Eolaíocht Bhithleighis agus na hEolaíochtaí Sóisialta i mbliana, agus d’éirigh leis. Seolfar an clár sna cúrsaí Eolaíocht Talmhaíochta agus Fisic in 2025/26.

• Rinneadh agallaimh le ceannairí CÉIM a fhógraíonn iad féin mar néara-éagsúil agus mar thoradh air sin, forbraíodh cárta discréideach Gan Bhrú do mhic léinn lena chur in iúl gur mian leo seasamh siar i seisiúin CÉIM agus is féidir leis na ceannairí mac léinn cabhrú leo dá réir sin. Glacadh go han-dearfach leis an tionscnamh seo.

• Rinne an fhoireann CÉIM agus ceannairí mac léinn cur i láthair ag an gComhdháil AHEAD agus ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda do Cheannairí an Teagaisc Bhreise i mí an Mhárta 2025.

• Arna chomhbhunú ag CÉIM in 2024, tá INPAL (Gréasán na hÉireann don Fhoghlaim Phiarchuidithe) ag dul ó neart go neart agus tá fóram luachmhar á chur ar fáil aige don chomhoibriú san fhoghlaim phiarchuidithe acadúil ar fud na hearnála ardoideachais ar oileán na hÉireann.

An chaoi a n-oibríonn CÉIM

Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

Tá na scileanna ceannaireachta agus neartaithe foirne a fuair mé ag cabhrú liom ar i bhfad níos mó bealaí ná mar a bhí mé ag súil leis.

Ceannaire CÉIM, 2024/25

Físeán CÉIM

An Clár Scileanna Saoil 9

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne agus ar an láthair le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin.

Leanadh leis na cúrsaí bríomhara 6 seachtaine don bhodhrán agus don fheadóg stáin do ghlantosaitheoirí i dteannta Ryan ó Sheisiúin Thraidisiúnta na Gaillimhe. Reáchtáladh na cúrsaí seo i Síbín an Chomhaltais. Bhí an-tóir orthu, go háirithe i measc mic léinn ar cuairt.

Reáchtáladh Oiliúint san Acmhainneacht Airgeadais ar líne i seimeastar 1 agus seimeastar 2, leis na scileanna a thabhairt do na rannpháirtithe ann plé leis na rudaí diúltacha a chuireann as dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de. Chuir TASC (an Mheitheal Mhachnaimh don Ghníomhú ar son Athrú Sóisialta) an cúrsa ar fáil do mhic léinn agus baill foirne saor in aisce.

Bhí cúpla cúrsa ar an uath-dhífhibrileoir seachtrach Heartsaver againn ar an láthair. Cuireadh an oiliúint i láthair in Ionad Croí agus Strócanna na heagraíochta Croí.

Rinneamar cúrsaí bunaithe ar Oiliúint maidir le Nochtadh a reáchtáil i gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú mar chuid den tSeachtain Toilithe agus de Sheachtain SHAG. Thug na cúrsaí sin na scileanna do mhic léinn ionas go mbeidís in ann plé mar ba chuí dá ndéarfadh duine leo gur tharla cás d’fhoréigean gnéasach.

D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc ó FSS chun oiliúint safeTALK a sholáthar ar an gcampas le go mbeadh na scileanna ag mic léinn agus baill foirne chun comharthaí contúirte a aithint ar dhuine a bheadh mbaol lámh a chur ina bhás féin.

Chuireamar an cúrsa oiliúna ar líne Ohana Zero Suicide chun cinn i rith na bliana freisin, rud nach dtógann ach 20 nóiméad ar an mac léinn.

Chuir Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne ar fáil do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus an dá cheann acu lán.

Reáchtáladh sraith cúrsaí deich seachtaine iomlán díolta sa teanga chomharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn agus baill foirne na bunscileanna a theastaíonn uathu chun comhrá a dhéanamh sa teanga sin.

Reáchtáladh Ranganna Gaeilge ar an láthair agus ar líne i gcomhar le Gaelchultúr. Bhí an-tóir go deo orthu sin agus cúig rang ar leibhéil éagsúla curtha ar fáil gach seimeastar.

Reáchtáladh Cúrsaí Pilates 6 seachtaine ar líne le linn na bliana i gcomhar le Marie Hegarty Pilates d’fhonn solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú.

Reáchtáil muid ceithre cinn de chúrsaí gearra Féinchosanta leis an bhfoireann ó Chlub Cearáité Chathair na Gaillimhe Itosu Kai sa Chladach, a mhúin scileanna tábhachtacha féinchosanta do na mic léinn.

Tiomsú Airgid

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, sraith imeachtaí faoi leith ar mhaithe le carthanais i mbliana agus bailíodh €29,443 dár gcarthanais roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.

Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta ó thaobh seirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach.

Is aidhm le Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe cáilíocht na beatha a fheabhsú dóibh siúd a bhfuil uathachas orthu agus dá muintir ach piarthacaíocht, faisnéis, gníomhaíochtaí sóisialta, oiliúint agus oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus a éascú.

Reáchtáladh an tSeachtain Phléarácaim arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an Siúl Dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, comórtas Rós RAG, Bróinse Galentine agus Comórtas Cúigear an Taobh. D’óstáil Flirt FM Radiothon - craoladh 24 uair an chloig chun tús a chur leis an tseachtain agus d’eagraigh an tAonad Spórt ócáid ollmhór, Lá Spórt Bhí an-tóir go deo ar na Geansaithe RAG agus reáchtáil Cumann na Scríbhneoirí ócáid iontach tiomsaithe airgid Coinne Chéad Aithne le Leabhar don lucht léitheoireachta i rith na seachtaine.

Bhailíomar breis agus €2,100 i Raifil Ollmhór na Nollag a bhuíochas do bhaill foirne agus mic léinn a cheannaigh ticéid ar líne chun deis a bheith acu ceann de 22 duais iontach a bhuachan a thug gnólachtaí i nGaillimh don raifil go flaithiúil. Bhíomar amuigh leis na buicéid ar mhaithe le cúiseanna carthanachta freisin mar chuid den searmanas na hOllscoile le Soilse an Chrainn Nollag a Lasadh

Bhí an-ráchairt ar an oíche bhliantúil Take Me Out ag Sult, leis an bhfear grinn Steve Bennett mar fhear an tí. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le páirt a ghlacadh, craic a bheith acu agus iarracht a dhéanamh teacht ar a ngrá geal!

Bhí an comórtas Peil Fantaisíochta ar feadh na bliana agus roinneadh an t-airgead uaidh idir carthanais an Chomhaltais agus an buaiteoir foriomlán.

Reáchtáil mic léinn sa chéad bhliain den chúrsa Cosmhíochaine Díolachán Cístíag an Aonach Ardaithe Meanman i mí Dheireadh Fómhair, agus tugadh an t-airgead go léir a tiomsaíodh do charthanais an Chomhaltais. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le chéile sa Tráth na gCeist Ollmhór, Seimeastar 1 i mí na Samhna, ina cuireadh neart ceisteanna casta orthu chun a gcuid eolais a thástáil.

Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla de Bhiongó na nGnéasbhréagán ag Sult le linn na bliana chun tuilleadh airgid a thiomsú do charthanais an Chomhaltais. Steve Bennett agus Stephen Sharpe a bhí ina bhfir tí agus díoladh na ticéid go léir.

Tháinig lucht leanúna Taylor Swift le chéile don oíche Sult Taylor’s Version: Eras Edition Night le Cumann Swiftie chun tuilleadh airgid a thiomsú do na carthanais.

Leanamar orainn ag díol Stocaí Big Yellow Thing ar líne agus ar an gcampas. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead ar fad ó na díolacháin stocaí chuig carthanais an Chomhaltais.

D’óstáil muid Tobshiopaí ar mhaithe le Clann Shíomóin na Gaillimhe le linn na bliana, rud a chabhraigh leo €4,673 a bhailiú agus, san am céanna, a spreag mic léinn dtreo earraí athláimhe a cheannach.

Leanamar ar aghaidh lenár bhfeachtas bronntanas leis an Mol Sláinteachais i rith na bliana, feachtas trína raibh deis ag mic léinn agus baill foirne táirgí sláinteachais phearsanta agus táirgí glantacháin a bhronnadh. Cuireadh na táirgí sin ar aghaidh ansin chuig comhpháirtithe eile ón Mol Sláinteachais i nGaillimh - COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe agus Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe ina measc.

Siamsaíocht agus Imeachtaí

Ents Mochóirí

Ag tús mhí Mheán Fómhair bhíomar ag obair leis an Oifig Idirnáisiúnta chun sraith Ents Mochóirí a reáchtáil le fáilte a chur roimh mhic léinn a bhí le teacht go luath chun an champais. I measc na n-imeachtaí bhí oíche scannáin Éireannacha, tráth na gceist, Céilí, mearmhuintearas, cáirióice agus Oíche Arriba. Bhí siúlóid ar Bhinn Ghuaire leis an gCumann Sléibhteoireachta agus labhair Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn ag seisiúin ionduchtaithe.

Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana Ó thosaigh mí Mheán Fómhair, bhí bannaí ceoil beo, DJanna agus oícheanta faoi théamaí éagsúla ag Sult chun fáilte a chur roimh gach duine ag tús an tseimeastair nua. Bhí seastáin an Chomhaltais ar taispeáint againn ar Laethanta na gCumann agus na gClubanna chomh maith. Bhí málaí gualainne Rudaí Áille an Chomhaltais ar ais againn arís agus iris an Chomhaltais chomh maith rudaí eile saor in aisce chun fáilte a chur roimh mhic léinn ar an gcampas le linn Mheán Fómhair. Bhí an Phictiúrlann Lasmuigh ar ais arís agus an-tóir arís uirthi. Tugadh amach grán rósta saor in aisce agus an scannán Bee Movie á thaispeáint againn. Bhí Aonach na bhFreisear chomh gnóthach is a bhí riamh agus trucailí bia ann, cluichí inséidte, tobshiopa éadaí seanré, ceol, comórtais agus margaí iontacha do mhic léinn chomh maith le haiscíní, dar ndóigh.

Hallows (Samhain)

I mí Dheireadh Fómhair, bhí Hallows ar ais arís gcomhar le Bümblê, Reboot Events agus Oifig na gCumann. Is é Hallows an t-imeacht is mó in aimsir na Samhna i nGaillimh nuair a thugtar ardán do DJanna Éireannacha agus idirnáisiúnta, ina measc Fionn Curran, Franck, Camrinwatsin agus Datsko. Chuir muid fáilte roimh The Dirty Circus arís le haghaidh seó speisialta Hallows, reáchtáil an Cumann Scéine Scare-Aoke (cáirióice scanrúil) agus chuaigh iar-Uachtarán an Chomhaltais, Dean Kenny, ar an stáitse ag Sult.

Oícheanta Téamaí

I seimeastar a haon, ghlac an Comhaltas seilbh ar Sult agus chuir oícheanta téamaí ar siúl gach Déardaoin, ina measc Oíche na mBréag Beag, Oiche na Soilse Tráchta, Oíche Mean Girls, Oíche Chéadfach, Oíche Piontaí & Pitseamí, Oíche Gays & Dolls agus Tráth na gCeist Ollmhór, Seimeastar 1. Bhí an-oíche Taylor Swift Eras Edition againn i Sult arís i mí na Samhna i gcomhar le Cumann Swiftie ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais.

Oiliúint Bhándearg

D’óstáil muid an chomhdháil Oiliúint Bhándearg arís i mí na Samhna. Is í an Traenáil Bhándearg an Chomhdháil LADT+ is mó san Eoraip, ina bhfreastalaíonn níos mó ná 300 toscaire mac léinn ar dheireadh seachtaine de thraenáil chónaithe. Mar chuid den deireadh seachtaine bhí cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar aon le himeachtaí sóisialta eile, léiriú thar cionn eile ó Dirty Circus ina measc. D’óstáil muid Coinbhinsiún Eorpach na gComhaltas Mac Léinn ar an gcampas freisin.

Margadh Athláimhe um Nollaig

D’eagraigh muid Margadh Athláimhe um Nollaig le linn na Seachtaine Staidéir i mí na Nollag in Áras na Mac Léinn. Bhí earraí ealaíon agus ceardaíochta á ndíol ag mic léinn ann, tobshiopa éadaí athláimhe ó Chlann Shíomóin na Gaillimhe, chomh maith le ceol ó Flirt FM in Áras na Mac Léinn.

An tAonach Athnuachana

Reáchtáil muid Aonach Athnuachana na bhFreisear mí Eanáir agus aiscíní, féiríní, taispeántóirí, cluichí inséidte, stallaí bia, díolachán éadaí athláimhe, ceol ó Flirt FM agus neart eile ann!

Take Me Out I mí Eanáir, ghabhamar ceannas ar Sult arís eile agus dhíolamar gach ticéad dár leagan féin de Take Me Out. Bhí sé mar aidhm acu siúd a bhí san iomaíocht dul i bhfeidhm ar na hiomaitheoirí eile le teacht ar a ngrá geal. Is é an fear grinn Steve Bennett a bhí mar fhear an tí ar an oíche ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais.

Seachtain RAG

Reáchtáladh an tSeachtain Phléarácaim arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an Siúl Dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, an comórtas Rós RAG, Bróinse Galentine, Lá Spórt an Radiothon agus Comórtas Cúigear an Taobh. Ar Mháirt Dhún na nGall, chuamar i bpáirt le Bümblê agus Reboot Events, leis an imeacht is mó ceoil damhsa riamh i nGaillimh a chur ar siúl - SOS. Reáchtáladh an ócáid in Áras na Mac Léinn agus i Sult agus bhí scoth an cheoil ann a bhuíochas do Parfait, Black Traffic, Camrinwatsin, Fish56Octagon, GJ504B agus Nicole Reaney.

Oíche Torthaí an Toghcháin

Reáchtáil muid cóisir ollmhór Oíche Torthaí an Toghcháin ag Sult do vótálaithe agus iarrthóirí mí an Mhárta. Fógraíodh torthaí an toghcháin, rinneadh ceiliúradh mór agus bhí ceol beo iontach ann ó The Love Buzz, Telebox agus Echo Chamber.

Clárú Vótálaithe

Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghcháin Sheanad Éireann le linn ócáidí Bronnta Céimeanna. Rinne muid ár Lámhleabhar Olltoghcháin a chur i dtoll a chéile agus a sheoladh freisin, le cúnamh ó na hionadaithe ranga, chun cabhrú le mic léinn iad féin a chur ar an eolas roimh a vóta a chaitheamh.

Aiscíní Bhí blaisíní promóisin againn i gcaitheamh na bliana in Oifig an Chomhaltais agus neart aiscíní iontacha á dtabhairt amach againn ó chuideachtaí ar nós Mooju, Supermacs, Kind Bars, Red Bull, CeraVe Skincare agus Lucozade. Thaistil muid go dtí Coláiste Ósta na Sionainne chun bualadh le mic léinn atá i mbun staidéir ann agus chun aiscíní a thabhairt dóibh.

Feachtais

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, i rith na bliana acadúla 2024/25. Áirítear leo feachtais leasa a bhí dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte agus sláinte gnéis, mar aon le feachtais inbhuanaitheachta, feachtais ar son na Gaeilge agus feachtais eile nach iad.

Seachtain na Meabhairshláinte

Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí Dheireadh Fómhair le mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, le feasacht a mhúscailt agus le comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine bhí Aonach Folláine, ceardlann le TASC ar an acmhainneacht airgeadais, ceardlann mheabhairshláinte le Jigsaw Galway agus Oiliúint Feasachta faoin bhFéinmharú ó safeTALK. Bhí “Caife agus Comhrá” in Plámás, an scannán Kneecap i bPictiúrlann Phálás, tobshiopa carthanachta le Clann Shíomóin na Gaillimhe, oíche chéadfach ag Sult agus EcoCaifé ina raibh mic léinn in ann a n-ábhair imní faoin éiceolaíochta a phlé.

Siúl Amach Náisiúnta na Mac Léinn mí Dheireadh Fómhair, ghlac muid páirt san agóid Siúl Amach Náisiúnta na Mac Léinn de chuid AMLÉ, nuair a shiúil mic léinn amach as léachtaí ag 11.30am chun teacht le chéile taobh amuigh den Leabharlann le haghaidh aitheasc agus mórshiúl faoin ábhar “Bás Eispéireas an Mhic Léinn”. Le linn an fheachtais bhí na mílte mac léinn ar fud na tíre ag achainí ar an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim gcóiríocht do mhic léinn chomh maith leis an ardú ar an gcostas ar oideachas.

GaelSeachtain

Mar chuid den fheachtas GaelSeachtain i mí na Samhna bhí Snámh i gcomhar le Coldvember, ceol i gCaife na Gaeilge agus ceolchoirm le Pólca 4 ag Sult. Chomh maith leis sin, glacadh seilbh ar Flirt FM cúpla uair, bhí cuairt ó Dhaidí na Nollag, agus ceardlanna filíochta agus sean-nós.

Seachtain SHAG

measc na n-imeachtaí sa tSeachtain SHAG i mí na Samhna bhí taispeántas saor in aisce den chlár faisnéise “The Irish for Sex”, ceardlann péintéireachta dearbhaithe colainne, agus oíche Gays and Dolls don lucht LADTA+ ag Sult. D’óstáil an tOideoir Gnéis, Aoife Murry, dhá cheardlann saor in aisce: Sex 101 agus Disability & Desire. Lena chois sin, bhí mearthástáil VEID agus sifilise le Sexual Health West, tástáil STI saor in aisce agus Biongó na nGnéasbhréagán dar díoladh gach ticéad.

Feachtais Oideachais

Rinneamar feachtas feasachta maidir leis an Ionracas Acadúil chun breathnú ar cheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir leis an Intleacht Shaorga agus Bradaíl. Reáchtáladh caint dar teideal “Cheat Code: Unlocking Academic Integrity” chomh maith le Comórtas maidir le hIonracas Acadúil ar TikTok.

Feachtais faoi Chóiríocht

Rinne muid suirbhé ar os cionn 1,700 mac léinn faoin gcuid cóiríochta agus chuir muid tuarascáil dar teideal “Glúin na hEisimirce: Éileamh ar ár Rialtas deireadh a chur leis an nGéarchéim Náisiúnta Chóiríochta, i dtoll a chéile. Seoladh an tuarascáil dTeach Laighin le cúnamh ón Teachta Dála, Mairéad Farrell. D’óstáil muid Lá Chearta na gCiosaithe i Síbín an Chomhaltais in éineacht le Threshold agus labhair muid ag Cruinniú Poiblí CATU dá bhfeachtas “Homes not Holiday Lets”.

An tSeachtain Toilithe

Reáchtáladh an tSeachtain Toilithe i mí Feabhra agus bhí neart ócáidí spéisiúla ann, ina measc tuilleadh ceardlann ó Aoife Murray dar teidil Period Power agus Cherry Popping/Shame Stopping. Bhí an cheardlann phéintéireachta dearbhaithe colainne 'Péint do Phit', ar ais arís. Bhí mearthástáil VEID agus Sifilise, Oiliúint maidir le Nochtadh, Tástáil STI ag an Aonad Sláinte agus Biongó na nGnéasbhréagán a mbíonn an-tóir air i gcónaí agus dar díoladh gach ticéad.

Seachtain na Gaeilge

Reáchtáladh Seachtain na Gaeilge thar thrí seachtaine mí an Mhárta agus i measc na n-imeachtaí breátha a bhí againn bhí

céilithe, biongó, Gaeilge 101, seisiúin sealbhaithe Flirt FM, seisiúin ceoil thraidisiúnta, cainteanna, ceardlanna agus gig thar na bearta ó The Rising i Sult.

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce Lean an Comhaltas agus an Ollscoil de tháirgí míostraithe a thabhairt amach saor in aisce ar fud an champais chun dul i ngleic le fadhb an anáis mhíosta i measc mic léinn agus baill foirne. Tháinig an clár as tionscnamh a sheol an Comhaltas in 2017.

An Phalaistín

Bhíomar ag obair le grúpaí éagsúla ar an gcampas agus ar shiúl ón gcampas le daoine a chur ar an eolas faoin gcogadh sa Phalaistín agus faoin ngluaiseacht BDS (Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí) dírithe ar chainteanna, plé painéil, bigilí agus agóidí.

Tionscnaimh Chomhshaoil

Bhí cruinnithe ag Criú Aeráide Chomhaltas na Mac Léinn i gcaitheamh na bliana chun teacht ar bhealaí go mbeidh nósanna inbhuanaithe i réim san ollscoil oiread agus is féidir. D’eagraigh muid feachtais chun cótaí agus gloiní saotharlainne a athchúrsáil mí Mheán Fómhair agus i mí na Bealtaine le go mbeifí in ann na giuirléidí sin a thabhairt ar aghaidh do mhic léinn eile seachas iad a chaitheamh amach. D’eagraigh muid feachtas bronntanais éide altranais agus cnáimhseachais freisin.

Bhí glantachán tar éis Lá Nollag an Choláiste againn le go mbeidh áit ní ba ghlaine ní ba ghlaise againn i nGaillimh. D’óstáil muid tobshiopaí athláimhe i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe.

Bhí Díospóireacht Phainéil do Mhic Léinn faoin Inbhuanaitheacht mí Mheán Fómhair chomh maith le Tráth na gCeist ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag Sult le linn Sheachtain SDG.

Bhí roinnt imeachtaí breátha ar siúl i Seimeastar 2 le linn na Seachtaine um Chur Amú, ina measc tráth na gceist saor ó pháipéar, siopa malartaithe, caifé aeráide, ceardlanna agus cainteanna saor in aisce. Sa chomórtas Ardán Athchúrsáilte i mí an Mhárta, spreagadh mic léinn le hearraí cruthaithe faisin a athchúrsáil agus a uaschúrsáil le duaiseanna a bhuachan.

Reáchtálamar feachtas feasachta Deonú seachas Dumpáil faoin athchúrsáil i ndeireadh na bliana i gcomhar leis an tionscadal inbhuanaitheachta Gluais Ghlas. Bhí pointí athchúrsála ceallraí agus galtoitíní againn in Oifig an Chomhaltais agus i Siopa an Chomhaltais agus thug muid Araid In-aischurtha Buidéal isteach ar an gcampas.

D’oscail muid áit bhuan do Spéir, Pantrach Chomhaltas na Mac Léinn, in íoslach na Leabharlainne mbliana. Bíonn Spéir ar oscailt faoi dhó sa tseachtain chun bia a dháileadh ar mhic léinn saor in aisce seachas é a chur chuig líonadh talún.

Feachtais eile

Bhíomar ag obair le Sexual Health West le mearthástáil rialta VEID agus clinicí tástála sifilise a reáchtáil ar an gcampas i rith na bliana. Tástáladh os cionn 70 mac léinn. Chomh maith leis sin, rinneamar coiscíní, bealadh, táirgí míosta, tástálacha toirchis agus trealamh tástála drugaí a scaipeadh.

mí Dheireadh Fómhair, don Mhí Staire na nDaoine Gorma, d’óstáil muid aitheasc agus tráth na gceist le duaiseanna.

Bhí feachtais againn gach mí chun táirgí sláinteachais, féinchúraim agus glantacháin tí a fháil do Mhol Sláinteachais na Gaillimhe. Dáileadh na hearraí a fuarthas ar chomhpháirtithe pobail an Bhainc Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól, i measc comhpháirtithe eile.

Chuireamar le huaireanta oibre ár seirbhísí in aimsir na scrúduithe agus, dar ndóigh, bhronnamar neart aiscíní ar mhic léinn le hiad a spreagadh sa tréimhse sin. Thugamar an fiontar an gheilleagair shóisialta, MyMind isteach chun eolas a thabhairt faoina seirbhísí comhairleoireachta ar ráta laghdaithe do mhic léinn.

Ghlac muid páirt in agóidí, feachtais agus imeachtaí ar ábhair mar shampla Cearta Iarchéimithe, Neamhoird Itheacháin, ceisteanna Meabhairshláinte na bhFear, an feachtas chun Pictiúrlann Phálás a shábháil agus cearta teanga na Gaeilge.

Thaispeáin muid an scannán faisnéise Below the Belt saor in aisce chun feasacht a ardú ar an inmheatróis agus ar na saincheisteanna a bhaineann lena diagnóisiú agus lena cóireáil.

Rinne muid an Ciste-T a athbhunú, rud a thugann uathriail do mhic léinn chun a gcinntí eolasacha féin a dhéanamh faoin méid a cheapann siad atá de dhíth dá n-aistriú sóisialta.

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

SULT

Bliain thar cionn eile a bhí againn in 2024/2025 san ionad bia/ dí/ceoil bheo/ spóirt bheo/ cruinnithe/sóisialta agus imeachtaí is fearr ar an gcampas, an t-aon cheann dá leithéid! Is i Sult a bhíonn líon dochreidte seónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha agus oícheanta greamanna móra.

Is iomaí margadh maith bia agus dí a bhí ar fáil do shealbhóirí Cárta an Chomhaltais, chomh maith le promóisin eile, gan trácht ar an réimse leathan deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla atá againn ar phraghsanna an-réasúnta! Bhí an-tóir i gcónaí ar na Boscaí Deilí agus Boscaí Bia a dhéantar ar ordú ar phraghas an-réasúnta, taobh leis an réimse iontach de bhia blasta te. D’éirigh linn níos mó ná riamh de na deochanna is ansa libh, margaí maithe, laghduithe agus lascainí a sholáthar daoibh!

Stop muid de chupáin inmhúirínithe a úsáid do na custaiméirí go léir a itheann i Sult le bliain anuas agus chuir muid mugaí ceirmeacha ina n-ionad. Is féidir leat do chupán in-athúsáidte féin a thabhairt leat, más mian leat, agus líonfaidh muid é sin duit. Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, na cinn seo ina measc:

• 125 Cóisir Ranga.

• 120 Ócáid ag na Cumainn.

• 100+ Cóisir Clubanna agus imeacht i ndiaidh cluichí / comórtas.

• 45 Ócáid ag Comhaltas na Mac Léinn.

• 160 Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra.

• 140 Cóisir foirne Roinne agus Iarchéime.

• 20 Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son Eagraíochtaí Daonnúla agus Carthanas.

• Craoltaí Beo don Náisiún!

• Agus a thuilleadh nach iad!

Chomh maith leis sin, is i Sult a gheobhaidh sibh na DJanna is fearr libh, bannaí ceoil, fonnadóirí beo, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána ceabairé, craic ar an ionad suí amuigh cois abhann is deise i nGaillimh, a chlúdaítear lá na gaoithe!

Bíonn oícheanta rialta i Sult a dteastaíonn ticéad lena n-aghaidh le roinnt de na grúpaí is mó le rá, lena n-áirítear Bumble, Arriba Nights, Biongó na mBréagán Gnéis, Take Me Out, Quiz Scioptha, Biongó Ceoil agus a thuilleadh nach iad!

Agus ná déanaigí dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil saor in aisce do chóisirí agus imeachtaí oifigiúla a eagraíonn cumainn agus clubanna i Sult. Is muidne a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin!

Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/caifé ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe agus i míonna fuara an gheimhridh!

Táimid an-mhórtasach anseo in Sult as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu.

CAIFÉ SMOKEY

An áit is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean/bualadh le cairde/obair ar thionscadail agus oícheanta amuigh a phleanáilagus an caife nó tae is fearr ar an gcampas a chaitheamh siar ag an am céanna!

Is caife arabica, orgánach, Cóirthrádála, a fhástar 100% faoi scáth é an caife go léir a dhíoltar Smokey’s, agus é ullmhaithe i meaisíní caife barista nua. Tá raon bainní malartacha agus saor ó dhéiríocht ar fáil le húsáid i ngach deoch the freisin.

Cuireann Smokey’s deochanna teo agus fuara agus caife oighrithe den chéad scoth ar an mbord, chomh maith le caoineoga, súnna, sailéid, rollaí, panini, ceapairí ó Gourmet Tart, taosráin, dinnéir, sneaiceanna; roghanna milse agus roghanna sláintiúla ar fáil freisin. Tá raon roghanna veigeánacha agus veigeatóracha ag Smokey’s freisin. Tá sé suite ar phríomhshlí dála Fhoirgneamh na Dána/na hEolaíochta i gcroílár champas na hOllscoile.

Tá Smokey’s in ann lónadóireacht a dhéanamh d’imeachtaí agus ócáidí le haghaidh suas le 150 duine agus bhain sé babhtaí ceannais Ghradaim Náisiúnta na mBialann amach in 2024.

SIOPA CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Is é Siopa an Chomhaltais an t-aon siopa áise atá ar an gcampas agus is é an fhírinne lom gurb é siopa áitiúil phobal champas Ollscoil na Gaillimhe é! Is i gcroílár na hollscoile i Leabharlann

Uí Argadáin atáimid lonnaithe agus ní fhéadfadh sé a bheith ní b’áisiúla.

Ag Siopa an Chomhaltais, bímid ár bhforbairt i gcónaí le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirimid neart bianna úra iontacha ar fáil; ceapairí; fillteacha; rollaí; sneaiceanna; deochanna teo agus fuara; na hearraí is tábhachtaí grósaeireachta agus tí; stáiseanóireacht; nuachtáin ar lascaine agus neart roghanna sláintiúla!

Is é Siopa an Chomhaltais an áit is fearr le fada an lá chun raon leathan d’earraí brandáilte Ollscoil na Gaillimhe a fháil, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte agus stáiseanóireacht bhrandáilte, málaí agus níos mó – rudaí a bheadh foirfe duit féin nó mar bhronntanas.

Tabhair cuairt ar ár siopa ar líne https://ShopCampus.ie/ áit a ndéanann muid seachadadh saor in aisce do gach ordú os cionn €20! Tá gradaim buaite ag Siopa an Chomhaltais agus leanann sé de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus de bheith níos fearr ná iad freisin! Is iomaí onóir náisiúnta atá faighte ag an Siopa agus bhuaigh sé an Gradam 5 Réalta ag ‘Gradaim Shiopa na Bliana’. Baineann sé na caighdeáin is airde sa tionscal amach i gcónaí agus coinníonn sé ar bun iad, agus gach rud ar phraghas inacmhainne.

Mar is amhlaidh sna hionaid eile, stop muid de chupáin inmhúirínithe a úsáid le bliain anuas. Is féidir leat do chupán in-athúsáidte féin a thabhairt leat, más mian leat, agus líonfaidh muid é sin duit. Tá stoc maith díobh le díol againn freisin, ar phraghsanna éagsúla, má bhíonn ceann uait.

CÁRTA AN CHOMHALTAIS

Tá mic léinn ag fáil luach níos fearr ar a gcuid airgid, lascainí agus rudaí saor in aisce le Cárta an Chomhaltais le 15 bhliain anuas. Is féidir é seo a úsáid i ngach ionad miondíola atá ag Comhaltas na Mac Léinn. Seo ár mbealach chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ó cheann ceann na bliana gach bliain. Tá sé simplí – gan sibhse, ní bheimis ann!

Bígí ag faire amach le haghaidh tairiscintí rialta, lascainí agus margaí le Cárta an Chomhaltais i ngach ceann dár n-aonad. Tá cuid díobh ar fáil an t-am ar fad agus déantar cuid eile a nuashonrú go rialta. Is le Cárta an Chomhaltais a gheobhaidh tú an margadh is fearr i gcónaí agus cuirimid fáilte is fiche roimh mholtaí!

AN INBHUANAITHEACHT

Téimid i ndlúthchomhar le Ethical Coffee Co., cuideachta anseo nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland lena chinntiú gur táirge

Cóirthrádála, orgánach, inmhúirínithe é gach tae, caife, siúcra, blastán agus meascthóir a úsáidtear i ngach aonad de chuid

Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn!

Caife Arabica ó Puro a fhástar 100% faoi scáth atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó!

Chomh maith leis sin, táimid ag tabhairt lascaine do gach custaiméir a úsáideann a chupán in-athúsáidte féin le breis agus 15 bliana anuas.

Faoi mar a dhéantar gcónaí, déantar an brabús ar fad ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú i gComhaltas na Mac Léinn agus seirbhísí ar an gcampas, ar meascán de sheirbhísí tráchtála agus neamhthráchtála iad, chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil daoibh a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud ar leith faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn ná go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Ní féidir le haon soláthraí seirbhíse eile ar an gcampas an méid sin a mhaíomh!

Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Caifé Smokey, Siopa an Chomhaltais, ShopCampus.ie) €30,000 do Chiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gur sin an ranníocóir is mó leis an gciste. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don Ollscoil gach bliain d’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár gcion féin leis na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil a mhaoiniú. Tugann sí €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn freisin, chun tacú lena fheachtas, le seirbhísí agus le gníomhaíochtaí eile thar do cheann.

Déantar na ranníocaíochtaí thuasluaite is cuma cé acu a éiríonn leis an gcuideachta brabús a dhéanamh nó nach n-éiríonn, agus déantar iad chun tacú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach chun leas na mac léinn, na mball foirne agus cuairteoirí ar Ollscoil na Gaillimhe.

FOSTAÍOCHT MIC LÉINN

Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey’s, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí!

URRAÍOCHT

gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ar siúl ag carthanais éagsúla, na carthanais a roghnaigh Comhaltas na Mac Léinn ina measc, chomh maith le clubanna agus cumainn éagsúla ar an gcampas.

Táimid an-mhórtasach as an gcomhpháirtíocht a bhí againn ar feadh bliana eile le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu!

SPÉIR

Is córas é Spéir, Pantrach an Chomhaltais, trína mbailítear bia trí FoodCloud, córas a thógann naisc le hollmhargaí áitiúla chun bia a athdháileadh agus chun cur amú bia a laghdú. Sna bailiúcháin bíonn barrachas bia, bia le pacáistíocht dhamáistithe, bia deireadh líne agus bia a bhfuil an spriocdháta díola nó an dáta ar fearr roimhe é ag teannadh leis. Déantar an bia a dháileadh faoi dhó sa tseachtain ar mhic léinn atá ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe seachas é a chur chuig líonadh talún. Is é is aidhm don Phantrach an méid mór dramhaíola in ollmhargaí a laghdú. Tá Spéir lonnaithe in íoslach na Leabharlainne os comhair Shíbín an Chomhaltais.

TAISCEADÁIN

Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ghlacamar seilbh i mbliana ar an gcuid eile de na taisceadáin i bhFoirgneamh na hEolaíochta Cliniciúla agus d’éirigh linn fáil réidh le cuid de na seanchinn agus taisceadáin bhreátha úra a fháil ina n-ionad. Tá taisceadáin samhraidh againn freisin le haghaidh mic léinn ar an gcampas le linn na saoire nó mic léinn a bhfuil scrúduithe le déanamh arís acu.

CÁRTAÍ LEAP DO MHIC LÉINN

Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire don Chárta Leap do Mhic Léinn, rud is féidir le mic léinn a úsáid le lascainí iontacha a fháil ar thaisteal.

SÍBÍN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Spás sóisialta is ea Síbín an Chomhaltais atá suite in íoslach Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá dóthain spáis ann le haghaidh 40 mac léinn agus tá neart pointí luchtaithe ann. Bíonn sé ar oscailt ó 9 r.n. go 6 i.n., Luan go hAoine, rith an téarma agus bíonn uaireanta breise oscailte ann in aimsir na scrúduithe. Spás neamhthráchtála atá ann, mar sin tá an-tóir air measc mic léinn atá ag iarraidh seal a chaitheamh measc cairde nó idir léachtaí. Dá ndéanfaí infheistíocht bhreise sa spás chun aeráil agus uisce a chur isteach bheadh sé oiriúnach mar áit le haghaidh micreathonnán, forbairt a mheallfadh níos mó daoine fós chuige.

SEOMRA CÓTAÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Tá an Seomra Cótaí á reáchtáil agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Bíonn sé ar oscailt ó 9 r.n. go 6 i.n., Luan go hAoine, i rith an téarma. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn rith an téarma. Bíonn uaireanta breise oscailte ann in aimsir na scrúduithe.

MÁLAÍ AN CHOMHALTAIS DO LUCHT NA CHÉAD BHLIANA

Scaip an Comhaltas málaí gualainne in-athúsáidte saor in aisce ar mhic léinn

ó cheann ceann na bliana chomh maith le neart aiscíní eile agus Iris Fáilte an Chomhaltais. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá san iris agus tá eolas inti ar Fhoireann an Chomhaltais, Seirbhísí an Chomhaltais, áiseanna ar an gcampas, agus Clubanna agus Cumainn. Muidne a rinne dáileoirí na dtáirgí míostraithe a athlíonadh ar fud an champais chomh maith le tástálacha le haghaidh toirchis, coiscíní agus bealadh a thabhairt amach.

CLÁR DIANCHEACHTANNA AN CHOMHALTAIS

Óstálann an Comhaltas clár fógraí ar líne áit ar féidir le daoine atá ar fáil chun diancheachtanna a thabhairt a seirbhísí a fhógairt saor in aisce do mhic léinn san Ollscoil.

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais

Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2024. Tá na figiúirí ón mbliain roimhe ann chomh maith le gur féidir iad a chur i gcomparáid.

Tá staid an airgeadais sa Chomhaltas seasmhach, a bhuíochas as sin den chuid is mó don bhainistíocht chúramach acmhainní atá déanta ag foireann iomlán Chomhaltas na Mac Léinn. Is ó Thobhach na Mac Léinn a fhaigheann an Comhaltas an chuid is mó dá theacht isteach. Is maith is eol dúinn nach mór airgead na mac léinn a chaitheamh go cúramach agus luach ar airgead a fháil i gcónaí. Caitheadh os cionn 50% de bhuiséad an Chomhaltais go díreach ar Ionadaíocht agus Seirbhísí.

Tá an caiteachas, den chuid is mó, i gcomhréir leis an mbliain roimhe sin. Tháinig ardú ar tháillí dlí i mbliana mar gheall ar an athbhreithniú ar Chomhaontú Pháirtithe Leasmhara an Chomhaltais leis an Ollscoil, a phléann le hoibriú chuideachta seirbhísí tráchtála an Chomhaltais.

Tá CÉIM ag méadú i gcónaí agus d’ainneoin bheith ag feidhmiú ar bhuiséad docht, tá an costas a bhaineann le CÉIM a sholáthar ag éirí níos gaire don mhéid a thugann mic léinn leis tríd an Tobhach Mic Léinn.

Taifeadadh barrachas €87,458 ag deireadh na bliana seo caite. Tá cuid den bharrachas sin curtha leataobh do Phantrach na Mac Léinn agus do Shíbín an Chomhaltais (€58,640), agus do CÉIM (€8,468). Fágann sé sin barrachas oibriúcháin €20,350.

Tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach.

Tá na cuntais amhail ag an 30 Meitheamh 2024 le fáil go poiblí ar ár láithreán gréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí airgeadas Chomhaltas na Mac Léinn, téigh chuig ár láithreán gréasáin www.su.universityofgalway.ie.

Dímheas

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.