Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh

Page 1

BHLIANTÚIL Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2023-2024

Ráiteas Misin/Buaicphointí

Coiste Feidhmiúcháin 2023/24

Comhairle an Chomhaltais

Nuachtán SIN

Toghcháin

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn

Piarfhoghlaim CÉIM

Scileanna Saoil

Tiomsú Airgid

Siamsaíocht & Imeachtaí

Feachtais

Coiste Feidhmiúcháin 2024/25 Airgeadas an Chomhaltais 1 2 3 4 5 7 6 8 9 10 11 12 13 14 15

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

ón
Focal
Uachtarán

Focal ón Uachtarán

Onóir agus pribhléid mo shaoil a bhí ann bliain a chaitheamh mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana. Taithí ar leith a bhí ann ba dheacair a shárú. Beidh mé buíoch go deo as an muinín a cuireadh ionamsa go pearsanta agus i bhfoireann na n-oifigeach tofa ar fad chun an Comhaltas a threorú ar aghaidh bliain eile.

Bhí idir dhúshláin agus deiseanna romhainn i mbliana, cuid acu a raibh dúil leo agus cuid eile a tháinig aniar aduaidh orainn, bliain a raibh ceiliúradh á dhéanamh againn ar 60 bliain den Chomhaltas. Ba mhór an onóir dúinn deis a fháil Seachtain RAG a reáchtáil den chéad uair le dhá bhliain déag. D’éirigh linn €53,275, méid níos mó ná riamh, a thiomsú ar mhaithe le cúiseanna carthanachta agus tacaíocht againn ó bhainistíocht na hOllscoile chomh maith le hiarrachtaí dosháraithe ár mball foirne agus ár n-oifigeach féin. Cuirfidh an t-airgead leis na hiarrachtaí iontacha atá ar bun i gcónaí ag dhá charthanas áitiúla iontacha, is iad sin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair, le go mbeidh an dá cheann acu in ann leanúint ar aghaidh agus tacaíocht ardchaighdeáin a thabhairt dár bpobal.

Agus muid ag obair i gcomhar le Déan na Mac Léinn, d’éirigh linn laghdú céad euro a bhaint amach ar an táille as scrúdú a dhéanamh arís, forbairt a rachaidh chun sochair dóibhsean ar gá dóibh é sin a dhéanamh. Ní iarracht aonair a bhí anseo ach torthaí na hoibre ó iarrachtaí móra atá déanta ag feidhmeannais agus oifigigh de chuid an Chomhaltais ó bhlianta roimhe seo agus ag neart daoine eile le himeacht na mblianta. Tá ár mbuíochas tuillte ag an iomarca daoine le hiad ar fad a lua. Tá a fhios acusan cé hiad féin agus tá próiseas curtha ar bun againn anois atá le forbairt ag oifigigh amach anseo chun deireadh a chur leis na táillí seo.

Tá éiginnteacht le brath ar na saolta seo agus pribhléid atá ann go bhfuil cónaí orainn i dtír ina bhfuil saoirse againn dul i mbun agóidíochta agus dúshlán na héagóra a thabhairt gan aon bhagairt ó ionchúiseamh ann. Cúis bhróid dúinn go raibh an Ollscoil seo againne ar cheann de na chéad ollscoileanna a d’iarr go poiblí go mbeadh sos cogaidh buan láithreach ann sa Mheánoirthear agus a thug gealltanas go ndéanfaí athbhreithniú ar chaidreamh na hOllscoile le hinstitiúidí Iosrael sa chomhthéacs sin. Tugaimid aitheantas do lucht bainistíochta na hOllscoile as an seasamh seo a ghlacadh agus as éisteacht leis an mbuíon deisbhéalach dochreidte de mhic léinn de chuid na Palaistíne atá tar éis an cheist seo a bhrú i rith an ama.

Agus ár bhfoireann dhílis oifigeach lánaimseartha: Faye, Raimey agus Izzy. Níl bhur sárú ann! Tá bhur n-eitic oibre, fuinneamh gan teorainn agus inspreagadh síoraí go mór le moladh. Ba mhór an pléisiúr é aithne a chur oraibh i mbliana. Ní fhéadfaimis leathchuid de na rudaí a rinneamar a dhéanamh murach dlúthchaidreamh ár bhfoirne. Táim cinnte go bhfuil éachtaí dochreidte i ndán daoibh. Guím gach rath go háirithe ortsa, a Faye, agus tú ag tabhairt faoi do ról nua mar Uachtarán. Cosantóir ceart don Ghaeilge atá ionat agus táim cinnte go mbainfidh tú leas as an bhfuinneamh agus as an dúthracht céanna sin sa bhliain atá le teacht.

Gabhaimid buíochas lenár n-oifigigh pháirtaimseartha ar fad a bhí fial flaithiúil lena gcuid ama agus fuinnimh - go raibh maith agaibh! Rinne sibh go léir an-iarracht ar fad agus ba chóir daoibh a bheith millteanach bródúil as bhur gcuid oibre i mbliana. Rud amháin é bliain amach a thógáil le bheith ag obair go lánaimseartha mar oifigeach sabóideach, ach éacht ar leith atá ann cothromaíocht a bhaint amach idir do chuid staidéar agus do chuid freagrachtaí mar oifigeach taobh le gach rud eile a bhfuil tú páirteach ann. Tá sibhse tar éis ionadaíocht thar barr a dhéanamh thar ceann na mac léinn. Ár mbuíochas ó chroí leis na hionadaithe tofa ranga – breis agus 500 agaibh. Seans nach minic a bhíonn aird ar an obair a dhéanann sibh, ach gné ríthábhachtach de chuspóir ár gComhaltais atá sa díograis agus sa dúthracht atá léirithe agaibh le hionadaíocht a dhéanamh ar bhur gcomhghleacaithe ranga.

A chomrádaithe ar fhoireann an Chomhaltais, chuir sibh i dtreo ár leasa nuair ba mhó ba ghá leis sin a bhuí leis an eolas agus an díograis atá agaibh. Bhí sibh ar fáil i rith an ama le cabhair agus comhairle a thabhairt maidir le himeachtaí agus feachtais. Táimid go mór faoi chomaoin agaibh as sin. Ár mbuíochas freisin le baill foirne CÉIM a dhéanann an Clár Piarfhoghlama is fearr sa tír a bhainistiú. Déanann sibh obair éachtach lá i ndiaidh lae le go mbeidh an t-am is fearr agus is féidir ag mic léinn na chéad bhliana san Ollscoil seo againne. Na baill foirne inár seirbhísí tráchtála - Sult, Smokey’s agus An Siopa - sibhse a chuireann fáilte chroíúil roimh na mílte mac léinn lá i ndiaidh lae. Tá an t-ádh dearg orainn mar phobal an champais gur faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht na mac léinn ar son na mac léinn féin atá seirbhísí an champais. Rud é seo atá le cosaint go deo.

A chomhaltaí ar an mBord Iontaobhaithe, táimid an-bhuíoch díbh as an saineolas atá agaibh chomh maith leis an tacaíocht leanúnach a thugann sibh don Chomhaltas seo againne. Ár mbuíochas freisin leo siúd ar fad a bhí páirteach ar mheáin na mac léinn, ar Flirt FM, SIN nó ar bhealach ar bith eile. Beidh meas ar bhur ndúthracht tuairiscithe sna blianta atá le teacht.

Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí. Táim muiníneach go bhfuil ár seacht ndícheall déanta againn an misean seo a chur i gcrích i mbliana agus gur fearr atá an Comhaltas anois ná mar a bhí nuair a chuireamar tús leis an obair. Beidh i gcónaí dúshláin agus constaicí nua ann le réiteach, ach beifear in ann iad sin go léir a shárú má bhíonn comhar, buanseasmhacht agus dúthracht ann. Thar mo cheann féin, agus thar ceann Faye Ní Dhomhnaill, Raimey O’Boyle, Izzy Tiernan, ár gcoiste feidhmiúcháin, Chomhairle an Chomhaltais, na mball foirne go léir agus na mac léinn, tá an-bhród orm tuarascáil bhliantúil 2023/24 Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, a chur os bhur gcomhair.

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2023/24 1

Ráiteas Misin/Buaicphointí

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ar bun in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.

Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.

“Ní neart go cur le chéile”

Buaicphointí 2023/2024

• Brústocaireacht déanta ar lucht bainistíochta na hOllscoile le €100 de laghdú a thabhairt isteach ar an táille as scrúdú a dhéanamh arís, sin laghdú ó €295 go €195.

• Mar thoradh ar fheachtas inar baineadh leas as an-bhrú sna meáin, físeáin, preaseisiúintí agus achainí ina bhfuarthas breis agus 1,000 síniú, d’éirigh linn áitiú ar Hubble Student Living, soláthraí príobháideach cóiríochta do mhic léinn, stop a chur leis na méaduithe ar chíos a bhí beartaithe acu don bhliain atá le teacht, méaduithe a d’fhágfadh go mbeadh 30% de mhéadú le híoc ag na mic léinn sin ar fad, suas le €11,045 sa bhliain.

• D’éirigh linn idirbheartaíocht agus brústocaireacht a dhéanamh le Seirbhísí Tráchtála ár gComhaltais a chosaint. Rinneamar conradh a shíniú chun síneadh 4 bliana 9 mí a shocrú, an conradh is faide atá sínithe le tamall de bhlianta anuas, le go mbeidh deis ag mic léinn leas a bhaint as seirbhísí faoi úinéireacht an Chomhaltais.

• €53,275, an méid is mó riamh, bailithe againn don dá charthanas atá roghnaithe againn: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair.

• Maoirseacht déanta againn ar theacht ar ais Sheachtain RAG den chéad uair le 12 bhliain, seachtain iomlán imeachtaí le hairgead a thiomsú ar mhaithe le cúiseanna carthanachta - siúl dóiteáin, lombhearradh gruaige, comórtas cúigear an taobh, imeacht sóisialta, ceant carthanachta agus neart eile.

• Ar an ngearrliosta le haghaidh 21 ainmniúchán san iomlán i nGradaim na hÉireann d’Éachtaí Mac Léinn agus an gradam bainte amach againn i gcúig cinn díobh, is iad sin Seaimpín Carthanachta na Bliana, an Seaimpín Rochtana bronnta ar Latisha McCrudden, an Seaimpín Iarchéime ar Chris Stewart, Saothar Aonair do Mheáin na Mac Léinn ar Chaoimhe Looney (Eagarthóir SIN) agus Soláthraí Meán Mac Léinn na Bliana ar Galway Pulse.

• Ionadaíocht níos fearr thar ceann mic léinn ar gach coiste, an Chomhairle Acadúil ar cheann acu, bainte amach mar thoradh ar bhrústocaireacht éifeachtach. Coiste mac léinn curtha ar bun chun fadhbanna mac léinn a thuairisciú, chomh maith le mír sheasta ar an Údarás Ceannais.

• Breis agus 500 ionadaí ranga tofa ar fud na gcoláistí go léir.

• An-dul chun cinn déanta ar ár misean chun na inbhuanaitheachta agus seachtainí téamacha againn, Seachtain Bhruscair ina measc, chomh maith le neart imeachtaí agus cainteanna eolais; dul chun cinn déanta go háirithe le fáil réidh le cupáin aon uaire ar an gcampas, inár seirbhísí tráchtála féin agus i seirbhísí eile, bunaithe ar phlé leis na Seirbhísí Tráchtála agus leis an oifig Inbhuanaitheachta nuabhunaithe.

• Brústocaireacht déanta ar Sheirbhísí Foirgneamh agus Eastát agus ar Sheirbhísí Tráchtála le níos mó suíocháin shóisialta a fháil ar fud na hOllscoile, san Fhoirgneamh Innealtóireachta, don Ríomheolaíocht, sa tSlí Dhála, in Áras Moyola, chomh maith le micreathonn breise a fháil in Áras Moyola.

• An dá imeacht shóisialta is mó riamh i nGaillimh eagraithe againn, is iad sin Hallows na Samhna agus SOS i mí Feabhra.

2

• Seachtain ar mhaithe le Meabhairshláinte na bhFear reáchtáilte againn agus an téama “An Dúshlán a Thapú” ann, a bhí ar an ngearrliosta le haghaidh “Feachtas Leasa na Bliana” i nGradaim na hÉireann d’Éachtaí Mac Léinn.

• Rinneamar feachtas don ionracas acadúil a reáchtáil le mic léinn a chur ar an eolas faoin gcaoi le tascanna ollscoile a chur i gcrích sa saol seo atá faoi thionchar na hintleachta saorga.

• Clúdach suntasach sna meáin faighte againn i gcaitheamh na bliana ar mhodhanna áitiúla agus náisiúnta ar réimse ceisteanna - tithíocht, táillí, feachtais agus ceisteanna tráthúla eile.

• Imeachtaí eagraithe agus páirteach iontu, ina measc bhí campáil amuigh ar an bhFaiche Mhór, léirsiú roimh an mbuiséad i mBaile Átha Cliath, Comhbhá leis an bPalaistín, seoladh shráidbhaile mac léinn Dhún Lúiche, tráthnóna oscailte Iarchéime agus Ard-Fheis Fhine Gael.

• An fóram um rochtain fhisiceach curtha ar bun againn i gcomhar le baill foirne ó Fhoirgnimh agus Eastáit.

• Brústocaireacht déanta chun seirbhísí iompair bus níos fearr a fháil agus é sin bainte amach againn ar gach bealach ar léirigh mic léinn imní ina thaobh, go háirithe bealaí i gConamara.

• An ciste T tugtha ar ais arís againn.

• Obair déanta i gcomhar le baill d’fhoireann na hOllscoile leis an seomra ilchéadfaí a sheoladh agus a chur i bhfeidhm.

• Searmanas ardaithe brataí ar an lá cuimhneacháin don lucht trasinscneach

• Faire Sábháilteachta na Mac Léinn curtha ar bun

• Scéim na dTáirgí Míostraithe saor in aisce curtha i bhfeidhm

• DrugCon

• An chéad oíche bailithe airgid bunaithe ar an saobhnós gnéis agus ar an saoradh féinléirithe riamh.

• 3 seachtaine á reáchtáil againn bunaithe ar an nGaeilge, gach imeacht saor in aisce: Gaelseachtain agus Seachtain na Gaeilge. Mholamar rún a ritheadh le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge chun tacaíocht a thabhairt le go ndéanfaí Scéimeanna Cónaitheacha na Gaeilge a fhorbairt i ngach Ollscoil agus Institiúid Teicneolaíochta in Éirinn agus ritheadh rún le linn Chomhdháil 2024 chun tacaíocht a thabhairt le go ndéanfaí ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge a fhorbairt i ngach Aontas Mac Léinn.

• Cuairteanna ar Choláiste na Sionainne, preabsheastáin, aiscíní ag na scrúduithe agus brústocaireacht leanúnach le maoiniú breise a fháil.

• Feachtais le vótálaithe a chlárú chomh maith le feachtais eolais faoi thoghcháin a bhí le teacht.

Comhairle an Chomhaltais

Bhí os cionn 530 ionadaí ranga tofa againn i mbliana as fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha. Bhí toghchán ag mic léinn i ngach bliain i Meán Fómhair seachas sa chéad bhliain. Bhí moill ar na toghcháin chun Ionadaithe Ranga a thoghadh i gcás lucht na chéad bhliana a bhí ag teacht isteach toisc gur eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta go mall. Reáchtáladh iad i mí Dheireadh Fómhair. Reáchtáladh toghcháin do mhic léinn iarchéime i mí Dheireadh Fómhair toisc go bhfuil dátaí tosaigh éagsúla acusan chomh maith le hathrú córais sna toghcháin sin. Úsáideadh YourSpace leis na toghcháin a reáchtáil go hiomlán ar líne i mbliana.

Cuireadh an modúl ríomhfhoghlama le haghaidh ionadaithe ranga ar fáil arís i mbliana. Mar chuid den mhodúl, cuireadh na hionadaithe ar an eolas faoi Chomhaltas na Mac Léinn agus faoin ról atá ag Ionadaithe Ranga. Bhí gníomhaíochtaí ann bunaithe ar scileanna éascaithe, ceannaireachta agus cumarsáide. Tá súil againn go gcuirfear leis an modúl seo agus go ndéanfar é a fheabhsú ó bhliain go bliain.

Bhí cur chuige hibrideach ann i gcás Comhairle i mbliana a d’fhág go raibh mic léinn in ann rogha a dhéanamh arbh fhearr leo dul chuig cruinnithe ar líne nó ar an láthair. D’fhág sé sin go raibh mic léinn ar champais satailíte nó ar shocrúchán oibre in ann páirt a ghlacadh ann ar líne. Rinneadh iarracht le go mbeadh Comhairle ní b’idirghníomhaí i mbliana. Bhaineamar triail as teicneolaíochtaí ar nós Mentimeter, bhaineamar leas as grúpaí beaga le hábhair áirithe a phlé agus rannpháirtíocht a spreagadh, agus cuireadh gilitín dhá uair an chloig i bhfeidhm le nach n-éireodh duine ar bith róthuirseach.

Ghlac Comhairle an Chomhaltais le treoirlínte nua anuraidh maidir le toghcháin. Tugtar míniú sonrach iontu ar an gcaoi a ndéantar Ionadaithe Iarchéimithe Taighde a thoghadh. Cuireadh é sin i bhfeidhm i mbliana agus fuarthas ionadaí i mbeagnach gach cás mar sin. Ba chóir go dtiocfadh feabhas dá bharr ar an ionadaíocht thar ceann mic léinn ar iarchéimithe taighde iad, dream ar minic iad faoi ghannionadaíocht.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2023/2024

Ár mbuíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe Coláiste agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo.

• Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Cathal Sherlock

• Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh – Ruairí O’Boyle

• Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta – Joey Andrews

• Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Katie Scrivener

• Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Cameron Rose/Vytaute Bujaviciute

• Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Fionn Sexton Connolly

• Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Chris Stewart

Mar fhocal scoir, mo mhíle buíochas leis na hIonadaithe Ranga go léir a rinne bhur seacht ndícheall i mbliana le go mbeadh ionadaíocht thar cionn againn thar ceann mic léinn.

4

Nuachtán SIN

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus foilsítear sé eagrán de sa bhliain acadúil, ceann sa mhí. Foilsíodh SIN ar líne tríd an ardán ISSUU i mbliana. Bhí eagrán clóite speisialta ann den séú heagrán chomh maith, i mí an Mhárta. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann Ollscoil na Gaillimhe. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta. Foireann 2023/2024:

• Eagarthóir – Caoimhe Looney

• Leas-Eagarthóir – Chloe Richardson

• Eagarthóirí Nuachta – Emma van Oosterhout, Matthew Coggins agus Eimear Eastwood

• Gné-Ailt – Rachel Garvey

• Tuairimíocht – Holly Leech agus Eliash Eze

• Na hEalaíona agus Faisean – Scott Stephens agus Rebekah O'Reilly

• Sláinte agus Stíl Mhaireachtála – Megan Connolly

• Spórt – Dylan McLoughlin

• Cainte – Sadhbh Clancy

• Príomh-Ghrianghrafadóir – Hannah Martin

Foilsíodh sé eagrán de SIN i mbliana, 40 leathanach i ngach ceann acu ar an meán, trí eagrán an tseimeastair, chomh maith le sraith d’ailt bhreise speisialta toghchánaíochta ar líne sa tréimhse roimh na Toghcháin le hOifigigh Lánaimseartha ar Chomhaltas na Mac Léinn a thoghadh. Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha sa tsraith seo le gach iarrthóir sna toghcháin d’oifigigh lánaimseartha chuig Comhaltas na Mac Léinn, chomh maith le hagallaimh le hoifigigh a bhí ag dul as oifig agus alt tuairimíochta ar thábhacht na vótála. Cuireadh an séú heagrán de SIN - an t-eagrán deireanach den bhliain - i gcló. 50 leathanach a bhí san eagrán agus cúpla alt ann ó gach rannóg sa nuachtán.

ar Michelle Geraghty. Bronnadh Saothar Aonair do Mheáin na Mac Léinn ar Chaoimhe Looney, Eagarthóir SIN, i nGradaim na hÉireann d’Éachtaí Mac Léinn.

• Rinneadh forbairt ar rannán grianghrafadóireachta SIN i mbliana a bhí dírithe ar imeachtaí áitiúla agus imeachtaí ar an gcampas. Cuireadh an rannán nua ‘Ardán na Mac Léinn’ isteach ann inar spreagadh mic léinn ó dhisciplíní éagsúla a gcuid grianghraf a chur isteach le go mbeadh seans acu iad a fhoilsiú.

• Rinneadh an-fhorbairt ar fad ar láithreán gréasáin agus ábhar ar líne SIN i mbliana. Ar na nithe nua atá curtha leis an láithreán gréasáin tá fochatagóirí faoi gach catagóir a bhí ann cheana féin, chomh maith le próifílí na scríbhneoirí le seans a thabhairt do scríbhneoirí ar mic léinn iad a bpunann scríbhneoireachta ar líne a fhorbairt agus giota dá bpearsantacht féin a chur leis na hailt leo.

Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach do nuachtán nua-aimseartha.

Buaicphointí 2023/2024:

• Faoi stiúir Shannon Reeves, leanadh ar aghaidh leis an obair in SIN ar smaointe deartha nua a fhorbairt tar éis athdhearadh iomlán a dhéanamh ar an leagan amach agus dearadh in 2021.

• Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san ollscoil.

• Bhí scríbhneoirí éagsúla ó SIN ar an ngearrliosta i gcatagóirí éagsúla i nGradaim na Meán do Mhic Léinn. Ina measc siúd bhí Caoimhe Looney agus Chloe Richardson (Iriseoireacht Chomhoibríoch na Bliana) agus Michelle Geraghty (Iriseoireacht a bhaineann le Sláinte). Thug an scríbhneoir Tom O’Connor trí ghradam leis agus bronnadh ceann amháin

• Bhí SIN ag obair i gcomhar le cumainn eile ar an gcampas le himeachtaí a reáchtáil, ócáid dírithe ar an Litearthacht sna Meáin leis an gCumann gan Teorainneacha ar cheann acu sin agus slua breá i láthair ann.

• Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.

5

Toghcháin

Chuir tríocha mac léinn a n-ainm ar an bpáipéar ballóide i mí an Mhárta agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad ar Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2024-2025. Bhí rogha ag mic léinn vóta a chaitheamh ar líne nó ar an láthair i gceann de na trí stáisiún vótála ar an gcampas. Shocraigh bunús na mac léinn ar vóta a chaitheamh ar líne. Rinne an Ceann Comhairimh Eoin Ó Nialláin maoirseacht ar na toghcháin agus d’fhógair sé torthaí an chomhairimh ar na vótaí ar an láthair. Tháinig feabhas ar an ráta vótála mar gheall ar an líon ard iarrthóirí a bhí istigh ar an toghchán agus toisc go raibh duaiseanna á dtairiscint dóibh siúd a chaithfeadh vóta. Beimid ag breathnú go leanúnach ar bhealaí chun cur le líon agus rannpháirtíocht na vótálaithe don bhliain seo chugainn.

Tá spásanna fós le líonadh mar Chaptaen na gClubanna agus mar Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha. Reáchtálfar toghcháin go luath i seimeastar a haon leis na róil sin a líonadh.

Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post Ainm

An tUachtarán

Leas-Uachtarán / Oideachas

Leas-Uachtarán / Leas agus Comhionannas

Leas-Uachtarán / An Ghaeilge

Oifigeach um Chearta Míchumais

Oifigeach na Mionlach Eitneach

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Mic Léinn Lánfhásta

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cathaoirleach na gCumann

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Faye Ní Dhomhnaill

Tom Forde

Chloe Anderson

Julieanne Ní Mhullaoidh

Michelle Clifford

RaisuL Sourav

Kayla Hayes

Namus Cader

Declan O’Reilly

Jean O’Boyle

Vytaute Bujaviciute

Paschal Walsh

Ella Hogan

Seanie Ó Gáimhín

Sachin Yadav

Peter O’Neill

6

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú.

Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha:

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh i Márta 2024

Rinneadh ainm an Chomhaltais a athrú ó Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Rinneadh aon tagairt do OÉ Gaillimh a leasú go hOllscoil na Gaillimhe. Rinneadh forainmneacha a bhaineann le hinscne ar leith a bhaint.

Reifreann ar Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Ritheadh i Márta 2022

Leas-Uachtarán don Ghaeilge a chruthú agus deireadh a chur leis an ról páirtaimseartha Oifigeach na Gaeilge.

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017

Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS)

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013

Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine.

Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012

Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.

7

Piarfhoghlaim CÉIM

Tá rath agus bláth ar an gclár piarfhoghlama CÉIM, clár ina dtugtar tacaíocht do mhic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun na hollscoile, tacaíocht le nithe ar nós rath acadúil, sláinte agus folláine, agus dul chun cinn.

Tacaíocht ó phiaraí gach seachtain do mhic léinn sa chéad bhliain

Is é Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe a chuir tús le CÉIM agus a dhéanann é a chomhordú. Tá an clár á chur ar fáil bunaithe ar chomhar ar leith idir Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe agus na mic léinn. Breathnaítear air anois mar mhúnla cruthaithe le piarfhoghlaim acadúil i ngrúpaí beaga a chur ar fáil gach seachtain den bhliain acadúil iomlán. Rinneadh an clár a thairiscint do thart ar 2,000 mac léinn céadbhliana in 2023/24.

Buaicphointí 2023/24

• Méadú ar rannpháirtíocht na mac léinn agus ar an tinreamh gach seachtain ar an gclár CÉIM i mbliana.

• Dúirt 95% de mhic léinn sa chéad bhliain a ndearnadh suirbhé orthu i mbliana go raibh timpeallacht foghlama ionchuimsitheach ann mar gheall ar CÉIM. Creideann 92% díobh go raibh CÉIM ina chabhair dóibh le tuiscint níos fearr a fháil ar obair chúrsa agus dúirt 91% díobh gur chuir siad aithne níos fearr ar dhaoine eile ar a gcúrsa féin dá bharr.

• Agus an Intleacht Shaorga i mbéal an phobail, táimid tar éis díriú sna seisiúin mar chuid de CÉIM i mbliana ar an obair i ngrúpaí beaga, rudaí a cheistiú, smaointeoireacht chriticiúil,

Cultúr cairdiúil fáilteach gan aon bhreithiúnas a bhí ann an t-am ar fad.

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2023/24

2,000

mac léinn sa chéad

ionracas acadúil agus úsáid éifeachtach na hIntleachta Saorga sna comhthéacsanna cuí.

• Tá fás tagtha ar fhoireann CÉIM i mbliana, rud a fhágann go bhfuil an fhoireann in ann oiliúint níos spriocdhírithe a chur ar ghrúpaí aonair de cheannairí CÉIM, forbairt atá an-tairbheach.

• Cuireadh CÉIM ar fáil ar bhonn píolótach i gColáiste na Sionainne agus ar na cúrsaí Biteicneolaíocht, Géineolaíocht agus Géanómaíocht i mbliana. Cuirfear an clár ar fáil ar bhonn píolótach i measc mic léinn sa Ríomheolaíocht, Teicneolaíocht Faisnéise, Eolaíocht Bhithleighis agus sna hEolaíochtaí Sóisialta sa bhliain acadúil 2024/25. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar CÉIM a thairiscint do thimpeall 56% de mhic léinn sa chéad bhliain ó Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.

• Chuaigh CÉIM i mbun oibre i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i Márta 2024 le INPAL a sheoladh, is é sin Gréasán na hÉireann don Fhoghlaim Phiarchuidithe.

An chaoi a n-oibríonn CÉIM

Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

Bhí sé mar chabhair dom bualadh le daoine nua sa bhliain chéanna liom, eolas a chur ar an áit agus scileanna tábhachtacha a fhorbairt le nótaí a ghlacadh agus staidéar a dhéanamh.

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2023/24

3

Físeán CÉIM

2,453

www.su.universityofgalway.ie/ceim
bhliain a bhfuil rogha acu CÉIM a dhéanamh gach bliain
mac léinn sa chéad bhliain a bhfuil rogha nó cúpla rogha acu CÉIM a dhéanamh gach bliain*
ráta coinneála na gceannairí
97%
4 85%+ de mhic léinn ó Choláiste na nEalaíon a fhaigheann deis CÉIM
dhéanamh
a
AS Choláiste in Ollscoil na Gaillimhe atá ag obair i bpáirt le CÉIM
an céatadán
amach go leanúnach sna gráid acu siúd a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta **
ceannaire CÉIM ar mic léinn iad a fuair dianoiliúint cheannaireachta ó bhí 2013 ann *Tairgtear CÉIM in ábhair éagsúla do go leor mic léinn sna Dána ** Ar an meán i gcomparáid le daoine nach rannpháirtithe iad bunaithe ar thaighde a raibh 7 dtacar sonraí ann
de mhic léinn i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta a bhfuil teacht acu ar CÉIM anois
chlár inar reáchtáladh CÉIM ar bhonn píolótach in 2023/24  
Timpeall
10-30%
níos airde atá á bhaint
700
61%
3
8

An Clár Scileanna Saoil

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne agus ar an láthair le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin.

I measc na gcúrsaí nua a tugadh isteach i mbliana bhí ceachtanna bríomhara 6 seachtaine againn don bhodhrán agus don fheadóg stáin do ghlantosaitheoirí i dteannta Ryan ó Sheisiúin Thraidisiúnta na Gaillimhe a bhí mar theagascóir. Reáchtáladh na cúrsaí seo i Síbín an Chomhaltais. Bhí an-tóir orthu, go háirithe i measc mic léinn ar cuairt.

Bhí cúrsa nua ar líne againn, Oiliúint san Acmhainneacht Airgeadais, leis na scileanna a thabhairt do na rannpháirtithe ann plé leis na rudaí diúltacha a chuireann as dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de. Chuir TASC (an mheitheal mhachnaimh don ghníomhú ar son athrú sóisialta) an cúrsa ar fáil do mhic léinn agus baill foirne saor in aisce.

Ceardlann nua eile i mbliana do bhaill foirne agus mic léinn ná Oiliúint Nalocsóin curtha i láthair ag Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Leigheas ar oideas is ea Naloxone a dhéanann na héifeachtaí ó dhrugaí ópóideacha a aisiompú ar feadh tamaill.

Bhí cúpla cúrsa ar uath-dhífhibrileoir seachtrach againn ar an láthair. Cuireadh an oiliúint i láthair in Ionad Croí agus Strócanna na heagraíochta Croí.

Rinneamar cúrsaí bunaithe ar Oiliúint maidir le Nochtadh a reáchtáil i gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú mar chuid den tSeachtain Toilithe agus de Sheachtain SHAG. Thug na cúrsaí sin na scileanna do mhic léinn ionas go mbeidís in ann plé mar ba chuí dá ndéarfadh duine leo gur tharla cás d’fhoréigean gnéasach.

D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc ó FSS chun oiliúint safeTALK a sholáthar ar an gcampas le go mbeadh na scileanna ag mic léinn agus baill foirne chun comharthaí contúirte a aithint ar dhuine a bheadh i mbaol lámh a chur ina bhás féin.

Chuireamar an cúrsa oiliúna ar líne Ohana Zero Suicide chun cinn i rith na bliana freisin, cúrsa nach dtógann ach 20 nóiméad ar an mac léinn, chomh maith le LivingWorks Start Programme ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Chuir Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne ar fáil do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus an dá cheann acu lán.

Reáchtáladh sraith cúrsaí deich seachtaine iomlán díolta sa teanga chomharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn agus baill foirne na bunscileanna a theastaíonn uathu chun comhrá a dhéanamh sa teanga sin.

Reáchtáladh Ranganna Gaeilge ar an láthair agus ar líne i gcomhar le Gaelchultúr. Bhí an-tóir go deo orthu sin agus bhí na 6 rang ar leibhéil éagsúla a cuireadh ar fáil gach seimeastar lán.

Reáchtáladh Cúrsaí Pilates 6 seachtaine ar líne le linn na bliana i gcomhar le Marie Hegarty Pilates d’fhonn solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú.

Bhí ceithre cinn de chúrsaí gearra Féinchosanta againn agus an fhoireann ó Itosu Kai Karate Galway linn le scileanna tábhachtacha féinchosanta a mhúineadh do na mic léinn. Reáchtáladh cúrsa Féinchosanta agus Cumhachtaithe breise ceithre seachtaine i seimeastar a dó, an ceann seo ann go heisiach do mhná, do dhaoine a sannadh mar bhainneanach tráth na breithe agus do dhaoine neamh-dhénártha.

9

Tiomsú Airgid

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, sraith imeachtaí speisialta ar mhaithe le carthanais i mbliana agus bailíodh €53,275 - méid éachtach - dár gcarthanais roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair

Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach.

Cuireann Cúram Ailse an Iarthair seirbhísí pobalbhunaithe tacaíochta praiticiúla agus mothúchánaí ar fáil saor in aisce do dhaoine a bhfuil ailse orthu.

Reáchtáladh an tSeachtain Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an siúl dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, Oíche Taylor Swift, Bróinse Galentine agus Comórtas Cúigear an Taobh

Bhailíomar breis agus €2,900 i Raifil Ollmhór na Nollag a bhuíochas do bhaill foirne agus mic léinn a cheannaigh ticéid ar líne chun deis a bheith acu ceann de 30 duais iontach a bhuachan a thug gnólachtaí i nGaillimh don raifil go flaithiúil. Bhíomar amuigh leis na buicéid ar mhaithe le cúiseanna carthanachta freisin mar chuid den searmanas le Soilse an Chrainn Nollag a Lasadh

Bhí an-ráchairt ar an oíche Take Me Out ag Sult, leis an bhfear grinn Steve Bennett mar fhear an tí. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le páirt a ghlacadh, craic a bheith acu agus iarracht a dhéanamh teacht ar a ngrá geal!

Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla de Bhiongó na nGnéasbhréagán ag Sult le linn na bliana, agus Steve Bennett ina fhear tí arís. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais.

I mí Dheireadh Fómhair, rinneamar HarryWeen a óstáil, b’in Cóisir na Samhna i Sult agus Harry Styles mar théama. Bhí Mearmhuintearas ar mhaithe le cúiseanna carthanachta againn mar chuid de Sheachtain SHAG agus oíche chlub i gcomhar le Rathaus i mí Feabhra i gclub oíche DNA.

Tháinig Swifties Ollscoil na Gaillimhe le chéile ar Oíche Taylor’s Version in Sult le Cumann Swiftie chun tuilleadh airgid a thiomsú ar son na gcarthanas.

San áireamh sa mhéid iomlán a bailíodh i mbliana bhí síntiús €20,000 ó Sult, Smokey's Café agus Siopa Chomhaltas na Mac Léinn. Is le Comhaltas na Mac Léinn na seirbhísí sin agus bhailigh siad an t-airgead trí thobhach ar chupáin indiúscartha, feachtas atá ina chuid de thiomantas Chomhaltas na Mac Léinn le fáil réidh le cupáin aonúsáide ar an gcampas.

Leanamar orainn ag díol Stocaí Big Yellow Thing ar líne agus ar an gcampas. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead ar fad ó na díolacháin stocaí chuig carthanais an Chomhaltais.

D’eagraíomar Tobshiopaí ar mhaithe le Clann Shíomóin na Gaillimhe agus COPE na Gaillimhe le linn na bliana le go mbeidís in ann airgead a bhfuil géarghá leis a bhailiú agus, san am céanna, le mic léinn a spreagadh i dtreo earraí athláimhe a cheannach.

Leanamar ar aghaidh lenár bhfeachtas bronntanas leis anMol Sláinteachais i rith na bliana, feachtas trína raibh deis ag mic léinn agus baill foirne táirgí sláinteachais phearsanta agus táirgí glantacháin a bhronnadh. Cuireadh na táirgí sin ar aghaidh ansin chuig comhpháirtithe eile ón Mol Sláinteachais i nGaillimh - COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe agus Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe ina measc.

10

Siamsaíocht agus Imeachtaí

Ents Mochóirí

I ndeireadh mhí Lúnasa agus i dtús mhí Mheán Fómhair bhíomar ag obair leis an Oifig Idirnáisiúnta chun sraith Ents Mochóirí a reáchtáil le fáilte a chur roimh mhic léinn a bhí le teacht go luath chun an champais. I measc na n-imeachtaí bhí turais ar an gcampas, turais ar Ghaillimh, dreapadóireacht ar Bhinn Ghuaire, tráth na gceist, cáirióice, tóraíocht taisce, oíche Arriba, ceol Gaelach, oíche cluichí, scannán Éireannach agus mearmhuintearas.

Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana Ghlacamar páirt san fhéile Fáilte Fest i dtús mhí Mheán Fómhair - tobshiopa carthanachta, cluichí agus ceol beo ó Money4Cans agus Siúcra i Sult. Bhí seastáin an Chomhaltais ar taispeáint againn ar Laethanta na gCumann agus na gClubanna chomh maith le tobGhaeltacht i Sult. Bhí málaí gualainne Rudaí Áille an Chomhaltais ar ais againn arís agus iris an Chomhaltais chomh maith rudaí eile saor in aisce chun fáilte a chur roimh mhic léinn ar an gcampas le linn Mheán Fómhair. Bhí an Phictiúrlann Lasmuigh ar ais arís agus an-tóir arís uirthi. Tugadh amach grán rósta saor in aisce agus an scannán Shrek á thaispeáint againn. Bhí Aonach na bhFreisear chomh gnóthach is a bhí riamh agus trucailí bia ann, cluichí inséidte, tobshiopa éadaí seanré, ceol, comórtais agus margaí iontacha do mhic léinn chomh maith le haiscíní, dar ndóigh.

Hallows (Samhain)

I mí Dheireadh Fómhair, bhí Hallows ar ais arís i gcomhar le Bümblê, Reboot Events agus Oifig na gCumann. Is é Hallows an t-imeacht is mó in aimsir na Samhna i nGaillimh nuair a thugtar ardán do DJanna Éireannacha agus idirnáisiúnta. Chuireamar fáilte roimh an Dirty Circus arís a thug seó speisialta in aimsir na Samhna, agus Áras na Mac Léinn agus Sult cóirithe ag breis agus tríocha cumann le go mbeadh ionad do 2,500 duine againn.

Oícheanta Téamaí

Bhí an-oíche eile Taylor Swift againn i Sult i mí na Samhna i gcomhar le Cumann Swiftie ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais. Rinneamar an oíche a reáchtáil arís ar Lá Vailintín mar chuid dár n-imeachtaí bailithe airgid le linn Sheachtain RAG. Bhí oíche théamach Harry Styles/One Direction dar teideal Harryween againn i mí na Samhna le hairgead a thiomsú ar mhaithe le carthanais Chomhaltas na Mac Léinn.

Oiliúint Bhándearg

Bhíomar mar óstach ag an gcomhdháil Oiliúint Bhándearg i mí na Samhna arís. Is í an Traenáil Bhándearg an Chomhdháil LGBT+is mó san Eoraip, lena bhfreastalaíonn níos mó ná 300 toscaire mac léinn ar dheireadh seachtaine de thraenáil chónaithe. Mar chuid den deireadh seachtaine bhí cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar aon le himeachtaí sóisialta eile, léiriú thar cionn eile ó Dirty Circus ina measc.

Margadh Athláimhe um Nollaig Mar chuid den tSeachtain Staidéir i mí na Nollag rinneamar Margadh Athláimhe a eagrú in Áras na Mac Léinn. Bhí earraí ealaíon agus ceardaíochta á ndíol ag mic léinn ann, tobshiopa éadaí athláimhe ó Chlann Shíomóin na Gaillimhe, chomh maith le ceol ó Flirt FM in Áras na Mac Léinn.

Aonach Athnuachana

Bhí Aonach Athnuachana na bhFreisear againn i mí Eanáir agus aiscíní, féiríní, taispeántóirí, eolas ar J1, stallaí bia, reic éadaí athláimhe agus neart eile ann!

Seachtain RAG

Reáchtáladh an tSeachtain Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an siúl dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, Oíche Taylor Swift, Bróinse Galentine agus Comórtas Cúigear an Taobh. Ar Mháirt Dhún na nGall, chuamar i bpáirt le Bümblê, Reboot Events, Oifig na gCumann agus Sult leis an imeacht is mó ceoil damhsa riamh i nGaillimh a chur ar siúl - SOS. Ghlacamar seilbh ar Áras na Mac Léinn, Halla Bailey Allen agus Sult agus bhí clár dochreidte againnFionn Curran, imnotyourmate, Basswell agus Mark Blair ina measc.

11

Cluiche Cleamhnais

I mí Eanáir, ghabhamar ceannas ar Sult arís eile agus dhíolamar gach ticéad dár leagan féin de Take Me Out. Bhí sé mar aidhm acu siúd a bhí san iomaíocht dul i bhfeidhm ar na hiomaitheoirí eile le teacht ar a ngrá geal. Is é an fear grinn Steve Bennett a bhí mar fhear an tí ar an oíche ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais.

Rathaus Ghlacamar oíche den saoradh collaí, féinléiriú agus foghlaim go DNA Galway agus bhí DJanna, damhsóirí agus draig-ríonacha páirteach ann ar mhaithe le carthanais Chomhaltas na Mac Léinn.

Clárú Vótálaithe

Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghcháin

Sheanad Éireann le linn ócáidí bronnta céimeanna. Ina theannta sin, rinneamar ócáid toghchánaíochta a eagrú leis na hiarrthóirí ar Thoghcháin na hEorpa do Thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.

Aiscíní

Bhí blaisíní promóisin againn i gcaitheamh na bliana in Oifig an Chomhaltais agus neart rudaí saor in aisce á dtabhairt amach againn ó chuideachtaí ar nós Mooju, Supermacs agus O’Haras of Foxford. Chuireamar seisiúin eolais ar siúl freisin faoin J1 agus na SMEDIAS.

Imeachtaí Iarchéime

Bhíomar ag obair le Cumann na Mac Léinn Iarchéime le hoícheanta scannán, tráth na gceist, mearmhuintearas agus maidineacha caifé a reáchtáil chun cuidiú le pobal na mac léinn iarchéime teacht le chéile.

Feachtais

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, i rith na bliana acadúla 2023/24. Áirítear leo feachtais leasa a bhí dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte agus sláinte gnéis, mar aon le feachtais inbhuanaitheachta, feachtais ar son na Gaeilge agus feachtais eile nach iad.

Agóid maidir le Cóiríocht I mí Mheán Fómhair mháirseáil Oifigigh an Chomhaltais agus mic léinn chun na Faiche Móire le páirt a ghlacadh in Imeacht Codlata Lasmuigh thar oíche mar Agóid maidir le Cóiríocht chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim costais maireachtála agus an easpa cóiríocht inacmhainne i nGaillimh a bheadh feiliúnach le haghaidh mic léinn.

Seachtain na hÉagsúlachta

I mí Dheireadh Fómhair mar chuid de Sheachtain na hÉagsúlachta bhí tráth na gceist againn i Seomra na Coiribe le hairgead a bhailiú ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais. Bhí Féasta Fuílligh ann freisin i gcomhar le Cumann Bród.

Seachtain na Meabhairshláinte

Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí Dheireadh Fómhair le mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, le feasacht a mhúscailt agus le comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine bhí Aonach Folláine, mearmhuintearas, ceardlann le TASC ar an acmhainneacht airgeadais, ceardlann mheabhairshláinte le Jigsaw Galway agus Oiliúint Feasachta faoin bhFéinmharú ó safeTALK. Rinneamar an taispeántas Carry the Load a óstáil le haird a dhíriú ar an bhféinmharú i measc daoine óga in Éirinn.

Agóid Náisiúnta na Mac Léinn Bhíomar páirteach i bhFeachtas Náisiúnta Aontas na Mac Léinn in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath. Le linn an fheachtais bhí na mílte mac léinn ar fud na tíre ag achainí ar an Rialtas an “Ciste Éigeandála” €65 billiún a úsáid chun dul i ngleic leis an ngéarchéim i gcóiríocht do mhic léinn chomh maith leis an ardú ar an gcostas ar oideachas.

GaelSeachtain

Mar chuid den fheachtas GaelSeachtain i mí na Samhna bhí Snámh i gcomhar le Coldvember, ionduchtú i nGaeilge faoin téarma Taylor Swift, oíche scannáin agus ceardlann cuardaithe poist. Chomh maith leis sin, glacadh seilbh ar Flirt FM cúpla uair, bhí Cluiche Cleamhnais, Gaeilge 24, ceol i gCaifé Smokey chomh maith le cuairt ó Dhaidí na Nollag!

Seachtain SHAG

I mí na Samhna, ar na himeachtaí a bhí againn le linn Sheachtain SHAG bhí ceardlann saor in aisce ó Active* Consent bunaithe ar an gCollaíocht Dhigiteach, tóraíocht taisce bréagán gnéis agus searmanas ardaithe brataí ar an Lá Cuimhneacháin don Lucht Trasinscneach. Lena chois sin, bhí oiliúint maidir le faisnéis a nochtadh le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, mearthástáil VEID agus sifilise le Sexual Health West agus Biongó na nGnéasbhréagán dar díoladh gach ticéad.

Feachtais Oideachais

Seachtain na Gaeilge

Rinneamar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh thar thrí seachtaine i mí an Mhárta agus i measc na n-imeachtaí breátha a bhí againn bhí céilithe, biongó, bácáil, seisiúin sealbhaithe Flirt FM, seisiúin ceoil thraidisiúnta, cainteanna, ceardlanna agus gig thar na bearta ó The Rising i Sult.

DrugCon

Le linn ár n-imeachtaí Ar an mBóthar Ceart i mí Mheán Fómhair agus i mí Eanáir, cuireadh béim ar na tacaíochtaí acadúla ar fad atá ar fáil do mhic léinn. Thugamar ceannaireacht ar fheachtas feasachta maidir leis an Ionracas Acadúil chun breathnú ar cheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir leis an Intleacht Shaorga agus bradaíl.

An tSeachtain Toilithe

Bhí an tSeachtain Toilithe againn i mí Feabhra agus neart imeachtaí iontacha againn, ar nós: taispeántas ealaíne na Seachtaine Toilithe, Ceardlann ó Active* Consent bunaithe ar an gCollaíocht Dhigiteach, mearthástáil VEID agus sifilise, Oiliúint maidir le Nochtadh, Tástáil um Ionfhabhtú Gnéas-Tarchurtha san Aonad Sláinte agus Biongó na mBréagán Gnéis ar díoladh gach ticéad dó.

I mí Feabhra d’eagraíomar DrugCon, Comhdháil Faisnéise agus

Laghdaithe Dochair maidir le Drugaí, an chéad cheann dá leithéid, i Seomra na Coiribe i Sult. Cuireadh tacaíochtaí agus seirbhísí i láthair a bhaineann le réimsí éagsúla - andúil, imeaglú drugaí, téarnamh agus comhairleoireacht ina measc.

Faire Sábháilteachta na Mac Léinn

Seoladh Faire Sábháilteachta na Mac Léinn i mbliana mar sheirbhís arb é is aidhm di sábháilteacht agus cúram a sholáthar agus a chur chun cinn i measc na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí patrólú ar cois i bhfeidhm ag Faire Sábháilteachta na Mac Léinn chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn a bheadh leochaileach nó i gcomhthéacsanna contúirteacha ar oícheanta amuigh, Samhain agus Seachtain RAG mar shampla.

Piontaí leis an Uachtarán

Chuir Uachtarán an Chomhaltais fáilte roimh mhic léinn go Piontaí leis an Uachtarán i Sult, imeachtaí le go mbeadh deis ag mic léinn bualadh leis agus comhrá neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar gach uile ní faoin spéir.

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce

Sheol an Comhaltas agus an Ollscoil clár píolótach le táirgí míostraithe a thabhairt amach saor in aisce ar fud an champais chun dul i ngleic le fadhb an anáis mhíosta i measc mic léinn agus baill foirne. Tháinig an clár as tionscnamh a sheol an Comhaltas in 2017.

An Phalaistín

Bhíomar ag obair le grúpaí éagsúla ar an gcampas agus ar shiúl ón gcampas le daoine a chur ar an eolas faoin gcogadh sa Phalaistín agus faoin ngluaiseacht BDS (Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí) dírithe ar chainteanna, plé painéil, bigilí agus agóidí. Rinneamar grúpa tacaíochta a eagrú freisin le go mbeadh mic léinn ón bPalaistín, ó Iosrael agus ó áit ar bith eile in ann teacht le chéile in áit saor ón bpolaitíocht lena gcuid mothúchán agus folláine a phlé.

An Dúshlán a Thapú Reáchtáladh Feachtas nua ar mhaithe le Meabhairshláinte na bhFear le fir óga a spreagadh labhairt amach agus na deacrachtaí a shárú agus, chuige sin, an comhrá dúshlánach sin faoin meabhairshláinte a bheith acu le cara. Chuir an Comhaltas sraith físeán amach ar na meáin shóisialta le leideanna praiticiúla a thabhairt agus tugadh eolas ar scáileáin agus ar chláir póstaer ar fud an champais.

12

Criú na hAeráide

Bhí cruinnithe ag Criú Aeráide Chomhaltas na Mac Léinn i gcaitheamh na bliana chun teacht ar bhealaí go mbeidh nósanna inbhuanaithe i réim san ollscoil oiread agus is féidir. D’eagraíomar feachtais chun cótaí agus gloiní saotharlainne a athchúrsáil i mí Mheán an Fhómhair agus na Bealtaine le go mbeifí in ann na giuirléidí sin a thabhairt ar aghaidh do mhic léinn eile seachas iad a chaitheamh amach. Ghlacamar páirt i stailceanna aeráide de chuid Fridays For Future ar an bhFaiche Mhór. Bhí Ócáidí Glantacháin againn le go mbeidh áit ní ba ghlaine ní ba ghlaise againn i nGaillimh. Rinneamar tobshiopaí athláimhe a eagrú i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe agus COPE na Gaillimhe. Bhí Cruinniú Mullaigh faoin gComhshaol againn i mí Mheán Fómhair chomh maith le Tráth na gCeist ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i Sult. Bhí Féasta Fuílligh Veigeánach againn i mí Dheireadh Fómhair i gcomhar le Cumann na Veigeán agus i mí na Samhna reáchtáladh ceardlann chun Óstán Feithidí a Thógáil. Bhí imeachtaí iontacha againn i Seachtain Bhruscair i Seimeastar 2 – ceardlann uaschúrsála, féasta fuílligh gan aon bhia a chur amú, ceardlann faoin ngeilleagar ciorclach agus cainteanna ar an tionchar ar an aeráid ón gcur amú acmhainní. Sa chomórtas Ardán Athchúrsáilte i mí an Mhárta, spreagadh mic léinn le hearraí cruthaithe faisin a athchúrsáil agus a uaschúrsáil le duaiseanna a bhuachan sa seó faisin deiridh. Bhí siúlóid conaire dúlra ann chomh maith le glantachán trá. Reáchtálamar feachtas feasachta Deonú seachas Dumpáil faoin athchúrsáil i ndeireadh na bliana i gcomhar leis an tionscadal inbhuanaitheachta Gluais Ghlas Tá pointí athchúrsála ceallraí agus galtoitíní againn anois in Oifig an Chomhaltais.

Feachtais eile

Bhíomar ag obair le Sexual Health West le mearthástáil rialta VEID agus clinicí tástála sifilise a reáchtáil ar an gcampas i rith na bliana. Chomh maith leis sin, rinneamar coiscíní, bealadh, táirgí míosta, tástálacha toirchis, tástálacha antaigine agus trealamh tástála drugaí a scaipeadh.

Bhí feachtais againn gach mí chun táirgí sláinteachais, féinchúraim agus glantacháin tí a fháil do Mhol Sláinteachais na Gaillimhe. Dáileadh na hearraí a fuarthas ar chomhpháirtithe pobail an Bhainc Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól, i measc comhpháirtithe eile.

Rinneamar Fóraim na gCumann agus na gClubanna a reáchtáil, tráth a raibh deis ag na baill a gcúiseanna imní a léiriú agus fadhbanna nó ceisteanna a phlé.

D’oibríomar leis an gCumann ACS ar a Seó Faisin agus Aonach Tuisceana Cultúrtha

Chuireamar le huaireanta oibre sheomra na gcótaí agus an tSíbín in aimsir na scrúduithe agus, dar ndóigh, bhronnamar neart earraí saor in aisce ar mhic léinn le hiad a spreagadh sa tréimhse sin.

Ghlacamar páirt in agóidí, i bhfeachtais agus in imeachtaí a bhain le ceisteanna mar an mórtas míchumais, cearta na mac léinn iarchéime, géarchéim an chostais maireachtála, cearta oibrithe agus na himeachtaí Raise the Roof agus Reclaim the Night.

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

SULT

Bliain thar cionn eile a bhí againn in 2023/2024 san ionad bia/dí/ceoil bheo/ spóirt bheo/ cruinnithe/sóisialta agus imeachtaí is fearr ar an gcampas, an t-aon cheann dá leithéid! Is i Sult a bhíonn líon dochreidte seónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha agus oícheanta greamanna móra.

Bígí istigh agus bainigí triail as ceann dár mbiachláir - Píotsaí nó Greamanna Móra! Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an réimse leathan deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla atá againn ar phraghsanna an-réasúnta!

Bhí an-tóir i gcónaí ar na boscaí deilí agus boscaí bia, ar phraghas an-réasúnta, taobh leis an réimse iontach de bhia blasta te. D’éirigh linn níos mó ná riamh de na deochanna is ansa libh, margaí maithe, laghduithe agus lascainí a sholáthar daoibh! Tá an pacáistiú bia agus tae/caife ar fad a úsáidimid iomlán inmhúirínithe nó in-athúsáidte. Táimid ag obair anois chun fáil réidh go hiomlán leis an úsáid a bhaintear as cupáin aonúsáide neamhinmhúirínithe!

Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, na cinn seo ina measc:

• 110 Cóisir Ranga.

• 110 Ócáid ag na Cumainn.

• 100 + Cóisir Clubanna agus imeacht i ndiaidh cluichí / comórtas.

• 45 Ócáid ag Comhaltas na Mac Léinn.

• 120 Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra.

• 120 Cóisir foirne roinne agus iarchéime.

• 20 Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí daonnúla agus carthanas.

• Craoltaí Beo don Náisiún!

• Agus go leor eile!!

Chomh maith, is i Sult a gheobhaidh sibh na DJanna is fearr libh, fonnadóirí beo, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána ceabairé, craic ar an ionad suí amuigh cois abhann is deise i nGaillimh, é clúdaithe anois le haghaidh lá na gaoithe!

Bíonn oícheanta rialta i Sult anois a dteastaíonn ticéad lena n-aghaidh le roinnt de na grúpaí is mó le rá, lena n-áirítear Verve, OnaBumble, Groovy Tuesdays, Arriba Nights agus a thuilleadh nach iad!

Agus ná déanaigí dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil saor in aisce do chóisirí agus imeachtaí oifigiúla a eagraíonn cumainn agus clubanna i Sult. Is muidne a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin!

Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/ caifé ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe agus i míonna fuara an gheimhridh!

Táimid an-mhórtasach anseo in Sult as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu. SMOKEY’S CAFÉ

An áit is fearr fós, gan eisceacht, chun do scíth a ligean/bualadh le cairde/obair ar thionscadail agus oícheanta amuigh a phleanáil - agus an caife is fearr ar an gcampas a chaitheamh siar ag an am céanna!

Cuireann Smokey’s deochanna teo agus fuara den chéad scoth ar an mbord, lena n-áirítear caifí cóirthrádála Arabacha a fhástar 100% faoi scáth crann ónár n-innill úrnua barista. Cuirtear taenna, caoineoga, súnna, sailéid, ceapairí, rollaí, taosráin, sneaiceanna; roghanna milse agus roghanna sláintiúla ar fáil freisin – agus é suite go díreach ar naschalla i gcroílár na hOllscoile!

Mar bharr ar gach éacht eile, chuaigh Smokey’s chomh fada le babhtaí ceannais Ghradaim Náisiúnta na mBialann, 2024!

SIOPA CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Is é Siopa an Chomhaltais an t-aon siopa áise atá ar an gcampas agus is é an fhírinne lom gurb é siopa áitiúil phobal champas Ollscoil na Gaillimhe é! Is i gcroílár na hollscoile i Leabharlann Hardiman atáimid lonnaithe agus ní fhéadfadh sé a bheith ní b’áisiúla.

Ag Siopa an Chomhaltais, bímid ár bhforbairt i gcónaí le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirimid neart bianna úra iontacha ar fáil; ceapairí; fillteacha; rollaí; sneaiceanna; deochanna teo agus fuara; na hearraí is tábhachtaí grósaeireachta agus tí; stáiseanóireacht; nuachtáin ar lascaine agus neart roghanna sláintiúla!

Más ar stáiseanóireacht atá tú sa tóir don tasc tábhachtach sin ach ní féidir leat dul chuig an siopa féin, bain triail as ár nOllsiopa Stáiseanóireachta ar http://nuig.stationerysuperstore.ie/ agus, níos fearr fós, tá an seachadadh saor in aisce ar gach ordú os cionn €20! Tá raon leathan d’earraí oifigiúla Ollscoil na Gaillimhe le fáil sa siopa, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte agus stáiseanóireacht na hollscoile.

Lean an Siopa de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanamar de bheith níos fearr ná iad freisin! Tá duaiseanna buaite ag Ár Siopa ina chatagóir féin, lena n-áirítear Gradam 5 Réalta ag ‘Gradaim Shiopa XL na Bliana’ as na caighdeáin is airde ar phraghsanna inacmhainne sa tionscal a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

Bhí Seirbhísí Tráchtála bhur gComhaltais Mac Léinn sa chraobh náisiúnta in 2024 sa rannán Miondíola i nGradaim Guaranteed Irish, léiriú ar a dhíograisí atáimid chun tacú lenár bpobal ar gach aon slí!

CÁRTA AN CHOMHALTAIS

Tá mic léinn ag fáil luach níos fearr ar a gcuid airgid, lascainí agus rudaí saor in aisce le Cárta an Chomhaltais le 14 bliana anuas. Níos fearr fós, tá an cárta saor in aisce. Is féidir é seo a úsáid i ngach ionad miondíola atá ag Comhaltas na Mac Léinn. Seo ár mbealach chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ó cheann ceann na bliana gach bliain. Tá sé simplí –gan sibhse, ní bheimis ann!

Bígí ag faire amach le haghaidh tairiscintí rialta, lascainí agus margaí le Cárta an Chomhaltais i ngach ceann dár n-aonad. Tá cuid díobh ar fáil an t-am ar fad agus déantar cuid eile a nuashonrú go rialta. Is le Cárta an Chomhaltais a gheobhaidh tú an margadh is fearr i gcónaí agus cuirimid fáilte is fiche roimh mholtaí!

NUA!

Táimid i ndiaidh dul isteach sa réimse ríomhthráchtála Cliceáil agus Bailigh le bliain anuas den chéad uair. Tá ShopCampus.ie ag bailiú nirt! Bain triail as go bhfeicfidh tú cad chuige sin!

Chomh maith leis sin, fanaigí go bhfeice sibh ár n-aip nua EatCampus atá le teacht gan mhoill!

Níl deireadh leis na margaí maithe a gheobhaidh tú a bhuí linne!

AN INBHUANAITHEACHT

Téimid i ndlúthchomhar le Ethical Coffee Co., cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland lena chinntiú gur táirge cóirthrádála, órgánach, inmhúirínithe é gach tae, caife, siúcra, blastán, cupán, clúdach agus meascthóir a úsáidtear i ngach aonad de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn!

Caife Arabica ó Puro a fhástar 100% faoi scáth atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó!

Táimid ag tabhairt lascaine do gach custaiméir a úsáideann a chupán (in-athúsáidte) féin le breis agus 14 bliana anuas. Lena chois sin, táimid an-sona glacadh le cupáin in-athúsáidte de gach branda.

Tá iarrachtaí ar bun againn anois deireadh a chur le cupáin aonúsáide neamh-inmhúirínithe ar ár gcampas go deo!

13

ATHINFHEISTIÚ IONATSA

Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar an brabús ar fad ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú i gComhaltas na Mac Léinn agus i seirbhísí ar an gcampas, ar meascán de sheirbhísí tráchtála agus neamhthráchtála iad, chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil daoibh a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud ar leith faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn ná go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Ní féidir le haon soláthraí seirbhíse eile ar an gcampas an méid sin a mhaíomh!

Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais, ShopCampus.ie) €30,000 do Chiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gur sin an ranníocóir is mó leis an gciste. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil gach bliain d’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár gcion féin leis na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil a mhaoiniú. Tugann sí €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn, leis.

Déantar na ranníocaíochtaí thuasluaite is cuma cé acu a éiríonn leis an gcuideachta brabús a dhéanamh nó nach n-éiríonn, agus déantar iad chun tacú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach chun leas na mac léinn, na mball foirne agus cuairteoirí ar Ollscoil na Gaillimhe.

In 2024, bhronn na seirbhísí seo €20,000 ar Charthanais Chomhaltas na Mac Léinn freisin – a bhuí sin libhse!

FOSTAÍOCHT MIC LÉINN

Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey’s, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí!

URRAÍOCHT

I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ar siúl ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile.

Táimid an-mhórtasach as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu!

Bí ag faire amach mar go bhfuilimid ag súil le comhpháirtíochtaí spreagúla nua a fhógairt as seo go ceann bliana!

TAISCEADÁIN

Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ghlacamar seilbh i mbliana ar na taisceadáin i bhFoirgneamh na hEolaíochta Cliniciúla agus d’éirigh linn fáil réidh le cuid de na seanchinn agus taisceadáin bhreátha úra a fháil ina n-ionad. Tá taisceadáin samhraidh againn freisin le haghaidh mic léinn ar an gcampas le linn na saoire nó mic léinn a bhfuil scrúduithe le déanamh arís acu.

CÁRTAÍ LEAP DO MHIC LÉINN

Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire don Chárta Leap do Mhic Léinn, rud is féidir le mic léinn a úsáid le lascainí iontacha a fháil ar thaisteal.

SÍBÍN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

CLOAKROOM Life Skills grinds

Spás sóisialta is ea Síbín an Chomhaltais atá suite in íoslach Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá dóthain spáis ann le haghaidh 40 mac léinn agus tá neart pointí luchtaithe ann. Bíonn sé ar oscailt ó 9am go 5pm Luan go hAoine le linn an téarma agus bíonn uaireanta breise oscailte ann in aimsir na scrúduithe. Spás neamhthráchtála atá ann, mar sin tá an-tóir air i measc mic léinn atá ag iarraidh seal a chaitheamh i measc cairde nó idir léachtaí. Dá ndéanfaí infheistíocht bhreise sa spás chun aeráil agus uisce a chur isteach bheadh sé oiriúnach mar áit le haghaidh micreathonnán, forbairt a mheallfadh níos mó daoine fós chuige.

SEOMRA CÓTAÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

SEOMRA

SEOMRA CÓTAÍ

Tá an seomra cótaí á reáchtáil agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí agus tá an tseirbhís á cur ar fáil saor in aisce do mhic léinn i rith an téarma. Bíonn uaireanta breise oscailte ann aimsir na scrúduithe.

Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais

MÁLAÍ AN CHOMHALTAIS DO LUCHT NA CHÉAD BHLIANA

Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais

Scaip an Comhaltas málaí gualainne in-athúsáidte saor in aisce ar mhic léinn ó cheann ceann na bliana chomh maith le neart aiscíní eile agus Iris Fáilte an Chomhaltais. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá san iris agus tá eolas inti ar Fhoireann an Chomhaltais, Seirbhísí an Chomhaltais, áiseanna ar an gcampas, agus Clubanna agus Cumainn. Ina theannta sin, leagadh de chúram ar an gComhaltas tástálacha antaigine saor in aisce agus maisc aghaidhe inathúsáidte a thabhairt amach. Muidne a rinne dáileoirí na dtáirgí míostraithe a athlíonadh ar fud an champais chomh maith le tástálacha le haghaidh toirchis, coiscíní agus bealadh a thabhairt amach. Síbín

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS

Chomhaltais AN CHOMHALTAIS

Cárta Chomhaltas na Mac Léinn SU CARD Check your account at www.su.universityofgalway.ie SU Swipe Card 2022.indd 1 23/08/2022 08:07 Student Independent News N UAC H TÁ N S AO R N A SC E SU CLOAKROOM Life Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais SU LOCKERS SU CLOAKROOM Life Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS
Union Siamsaíocht an Chomhaltais Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn
AN CHOMHALTAIS ENTS Union
CLOAKROOM
REGISTER SU LOCKERS
SU SU Second Hand
Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an
ENTS
Students’
an Chomhaltais
Siamsaíocht an Chomhaltais SU
Life Skills grinds
BOOKSTORE
SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS
SU
SU CLOAKROOM
Skills
REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand
AN CHOMHALTAIS Clár
clár DIANCHEACHTANNA
LOCKERS
Life
grinds
Scileanna Saoil
TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS
ENTS
REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand
SU
CHOMHALTAIS
ENTS
Union
CÓTAÍ AN
Clár Scileanna Saoil Chomhaltas na Mac Léinn
Students’
Siamsaíocht an Chomhaltais
EatCampus ShopCampus

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais

Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2023. Tá na figiúirí ón mbliain roimhe ann chomh maith le gur féidir iad a chur i gcomparáid.

Tá staid an airgeadais sa Chomhaltas seasmhach, a bhuíochas as sin den chuid is mó don bhainistíocht chúramach acmhainní atá déanta ag foireann iomlán Chomhaltas na Mac Léinn. Is ó Thobhach na Mac Léinn a fhaigheann an Comhaltas an chuid is mó dá theacht isteach. Is maith is eol dúinn nach mór airgead na mac léinn a chaitheamh go cúramach agus luach ar airgead a fháil i gcónaí. Caitheadh os cionn 50% de bhuiséad an Chomhaltais go díreach ar Ionadaíocht agus Seirbhísí.

Tá an caiteachas, den chuid is mó, i gcomhréir leis an mbliain roimhe sin. Rinne an Comhaltas bainistíocht ar dhá imeacht mhóra siamsaíochta, a bhí costasach, ach tháinig méadú ar an ioncam faoin teideal Siamsaíocht i gcomhréir leis an gcostas.

I ndiaidh blianta fada den éiginnteacht, tá maoiniú le haghaidh CÉIM slán sábháilte anois a bhuíochas ar leithdháileadh sonrach don chlár ó Thobhach na Mac Léinn. Déanann an leithdháileadh sin CÉIM a mhaoiniú go sásúil agus déantar aon bharrachas thairis sin a imfhálú lena chaitheamh ar CÉIM. Agus CÉIM á chur ar fáil i níos mó scoileanna de réir a chéile, is dócha go n-éireoidh an caiteachas go leibhéal níos airde ná an méid a fhaightear ón tobhach, ach ní theastaíonn maoiniú breise le CÉIM a reáchtáil faoi láthair.

Ó fuarthas réidh le Ciste Tionscadal na Mac Léinn, déantar an tobhach leithdháilte sin (€5 an mac léinn) a leithdháileadh ar Chomhaltas na Mac Léinn anois. Mar a socraíodh le linn chruinniú cinn bliana Chomhaltas na Mac Léinn in 2023, tá an t-airgead sin imfhálaithe chun Pantrach na Mac Léinn agus Síbín an Chomhaltais a fhorbairt.

Taifeadadh barrachas €181,019 ag deireadh na bliana seo caite. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil €142,543 imfhálaithe do Phantrach na Mac Léinn agus Síbín an Chomhaltais agus tá €34,303 imfhálaithe le haghaidh CÉIM. Fágann sé sin barrachas oibriúcháin €4,173.

Tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach.

Cuireadh na cuntais don bhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2023 faoi bhráid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle an Chomhaltais) agus tá siad ar fáil don phobal ar ár láithreán gréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn, téigh chuig ár láithreán gréasáin www. su.universityofgalway.ie.

14 Ioncam An Tobhach Mic Léinn €625,529 €579,386 Síntiús ó Tobhach Mic Léinn do Foilseacháin €32,775 €33,335 Leithdháileadh Ollscoile ó Mhuirear na Mac Léinn €0 €0 CÉIM €230,407 €175,011 Síntiús i gComhair Tháille Cheadúnais Sult €30,000 Oifig Taistil €10,000 €10,000 Ioncam don Síbín agus Pantry €144,441 Feachtais tiomsaithe airgid €21,131 €11,000 Coimisiún ar Chártaí Leap Mic Léinn €0 €688 Taisceadáin €17,241 €12,527 Siopa Leabhair Athláimhe €349 €1,490 Chártaí Leap Mic Léinn €7,040 €11,143 Síntiús ó Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn €24,000 Siamsaíocht €60,831 €3,225 Scileanna Saoil €4,821 €2,286 Maoiniú do Chomhthionscadail €5,535 Total Income €1,214,100 €840,091 Caiteachas Costais Oifigeach agus Foirne Tuarastail Foirne €179,291 €173,022.43 Tuarastail Oifigigh €95,126 €97,425.88 Leas Uachtarán Don Ghaeilge & Employer PRSI €31,138 Foireann Pháirtaimseartha €37,910 €0.00 Speansais Oifigeach agus Foirne €10,647 €9,481 Oiliúint, Forbairt agus Leas €17,505 €17,446 Iomlán na gCostas Foirne agus Oifigeach €371,617 €297,376 Oifig agus Riarachán Síntiúis agus Táillí Ballraíochta €500 €450 Teileafón €8,455 €4,944 Táillí Cuntasaíochta agus Iniúchóireachta €9,115 €6,315 Táillí Bainc €1,547 €2,294 Fuaraitheoir Uisce €312 €98 Láithreán Gréasáin agus TF €10,542 €9,330 Árachas €6,415 €5,786 Táillí Dlí €2,460 €3,450 Clódóireacht, Postas agus Stáiseanóireacht €5,485 €4,990 Promóisin €8,924 €12,644 Síntiús ó Tobhach Mic Léinn do Foilseacháin €32,775 €33,335 Speansais Feachtas Tiomsaithe Airgid (Tabhartais) €23,212 €11,000 Taisceadáin €3,273 €2,632 Iomlán na gCostas Oifige agus Riaracháin €113,015 €97,268 Ionadaíocht agus Seirbhísí Chaiteachais ar CÉIM Tuarastail Foirne €135,937 €131,197 Costasaí Ginearálta CÉIM €60,167 €37,218 Iomlán an Chaiteachais ar CÉIM €196,104 €168,415 Feachtais Feachtais Ginearálta €58,864 €69,776 Feachtais - An Gaeilge €21,234 €19,964 Feachtais Iomlán €80,098 €89,741 Comhairle an Chomhaltais €27,602 €20,007 AMLÉ €107,082 €104,379 Costais Toghchán agus Reifrinn €13,091 €8,612 Siamsaíocht €95,758 €8,009 Costais Scileanna Saoil €8,326 €5,880 Costais an Síbín & Pantry €1,898 Iomlán na gCostas Ionadaíochta agus Seirbhísí €529,959 €405,043 Dímheas ar Shócmhainní Inláimhsithe €4,340 €2,183 Dímheas ar Shócmhainní Doláimhsithe €9,616 €4,871 Brabúis / caillteanais ar dhiúscairt earraí inláimhsithe €1,305 Costais Covid 19 €2,803 €5,737 Costasaí Ginearálta VAT Díchlarú €426 Caiteachas Iomlán €1,033,081 €812,477 Barrachas €181,019 €27,614 Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students' Union Income Statement 30 Meitheamh 2023 30-Jun-22 30-Jun-23 Staff & Officer Costs / Costais Oifigeach & Foirne Office & Administration / Oifig & Riarachán Representation & Services / Ionadaíocht & Seirbhísí Expenditure / Caiteachas

Coiste Feidhmiúcháin 2024/2025

Faye Ní Dhomhnaill

15
Uachtarán Tom Forde Leas Uachtarán / Oifigeach Oideachais Chloe Anderson
Leas-Uachtarán
Oifigeach Leasa agus Comhionannais Peter O’Neill
Vytaute Bujaviciute
Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí Paschal Walsh Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte Ella Hogan
Sachin Yadav
Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Julieanne Ní Mhullaoidh Leas Uachtarán don Ghaeilge Michelle Clifford Oifigeach um Chearta Míchumais RaisuL Sourav Oifigeach na Mionlach Eitneach Kayla Hayes Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT Namus Cader Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta Declan O’Reilly Oifigeach Mic Léinn Lánfhásta Jean
O’Boyle
Ó Gáimhín
Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh Seanie Cathaoirleach na gCumann
ComhaltasNaMacLéinnOllscoilNaGaillimhe @UniOfGalwaySU www.su.universityofgalway.ie

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.