An Foclóir Aiteach/ The Queer Dictionary tionscadal le hAontas na Mac Léinn in Éirinn • Foclóir Béarla-Gaeilge • acmhainn foghlama oscailte • tionscadal comhoibritheach • méadaíonn feasacht ar phobail LGBTQI+ agus pobail Ghaeilge in Éirinn Cad a spreag tú chun tús a chur leis an tionscadal? Chuir Aontas na Mac Léinn tús leis an tionscadal chun cabhrú le baill den phobal LGBTQI+ iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge. Is rud é seo a bhí an-tábhachtach dar linn. Tá an teanga mórthimpeall an phobail aitigh ag athrú i gcónaí, mar sin ba chóir go mbeadh a coibhéis Ghaeilge ag teacht leis na hathruithe seo.
Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ar mhaith leis/léi do thionscadal a athdhéanamh? Bhí ról lárnach ag an obair le heagraíochtaí eile ar saineolaithe iad sa réimse seo, ar nós TENI (Líonra Comhionannais Trasinscneach na hÉireann) agus BeLonG To. Molaimid go láidir dul i mbun comhpháirtíochta le heagraíochtaí saineolaithe eile chun tairbhe chomh mór agus is féidir a bhaint as an tionscadal. Sonraí Teagmhála: An Foclóir Aiteach Aontas na Mac Léinn in Éirinn info@usi.ie teil: +353 (01) 709 9300 www.usi.ie/focloir-aiteach
Cad é tionchar an tionscadail? Tá an stór focal tugtha do go leor mac léinn anois chun labhairt faoi shaincheisteanna LGBTQI+ i nGaeilge agus iad féin a aithint trí Ghaeilge. Thug sé seo níos mó gníomhaireachta sa phobal LGBTQI+ go háirithe do chainteoirí dúchais agus iad ag caint fúthu féin i nGaeilge.
8