Preas Ráiteas Press Release English version below
Neart seirbhísí i nGaeilge beartaithe do Lá Fhéile Pádraig in Eaglais na hÉireann Many Irish language services planned for St. Patrick’s Day in the Church of Ireland Tá an-éileamh ar an leabhar dátheangach nua, An Chomaoineach Naofa agus Seirbhísí Eile de chuid Eaglais na hÉireann. Agus ní h-aon ionadh é agus an méadú atá le sonrú i líon na seirbhísí Gaeilge, nó dátheangach, fud fad na tíre - go háirithe i gcomhair Lá Fhéile Pádraig. Beidh neart seirbhísí ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig, ina measc, an Eocairist in Ardeaglais Naomh Pádraig, Ard Mhacha ag 10am. Beidh seirbhísí i mBaile Átha Cliath, ina measc: An Chomaoineach Naofa, Ardeaglais Naomh Pádraig, ag 9.15am agus Eocairist Chórúil (dátheangach), Teampall na Naomh Uile, Gráinseach Ghormáin, ag 10.30am. I mBéal Feirste beidh Urnaí na Nóna, i dTeampall Naomh Seoirse, ag 5.00 pm agus beidh seirbhís i gCo. Chorcaí i dTeampall Naomh Muire, Carraigh Uí Leighin, ar an Satharn, 16ú Márta ag 7.30pm;