PREAS RÁITEAS- PRESS RELEASE (ENGLISH VERSION BELOW) ____________________________
Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge in Ardteampall Chríost, BÁC SEIRBHÍS IDIRCHREIDMHEACH GHAEILGE IN ARDTEAMPALL CHRÍOST INTERDENOMINATIONAL SERVICE IN IRISH IN CHRIST CHURCH CATHEDRAL Beidh Seirbhís Idirchreidmheach trí Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine 19 Eanáir 2018 ag 8pm ag Cumann Gaelach na hEaglaise i bpáirtíocht le Pobal an Aifrinn. Beidh óráid chuimhneacháin i ndiaidh na seirbhíse ag tabhairt chun cuimhne ár gcara dílis, an tEaspag Dónall Caird a fuair bás anuraidh. Tabharfaidh Aonghus Dwane, údár Donald Caird, Church of Irish Bishop, Gaelic Churchman, A Life an léacht. Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tSeirbhís seo.. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á gcanadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost. Beidh cléir ó eaglaisí éagsúla i láthair, agus an tAthair Leon Ó Giolláin a bheidh mar sheanmóirí i mbliana. Beidh Micheál Mac Donnacha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath i láthair.
Dúirt Trevor Sargent, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise,