Seachtain na Gaeilge

Page 1

SEACHTAIN

NA

GAEILGE 2013

Faoi mar is eol do chách, is bliain speisialta í seo ó thaobh na Gaeilge de. Is Bliain na Gaeilge í. De dheasca sin, anseo i gColáiste Wesley rinneamar ár seacht ndicheall an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun chinn is daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid i rith na seachtaine, trí imeachtaí gaelacha éagsúla a eagrú. Gach uile bhliain, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bíonn deis ag daltaí na scoile páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós tráth na gceist, toraíocht taisce, comórtas póstaeir agus céilí ach i mbliana cuireadh leis na himeachtaí a bhí ar fáil dóibh. Sa chuntas seo a leanas, is dócha go mbeidh sé soiléir an beocht, an spiorad is an sult a bhí le brath sa choláiste le linn na seachtaine. Ba sheachtain an–rathúil í agus táimid ag tnúth go mór le Seachtain na Gaeilge 2014! TIONÓIL

NA

MAIDINE

Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i mbliana i gColáiste Wesley idir an 11ú go dtí 15ú Márta. Chuir príomhchinnirí na scoile Kate Reidy agus Spencer Christie tús oifigiúil le himeachtaí na seachtaine le tionól as Gaeilge ar an Luan is chan scata daltaí ón séú bliain a leagan féin den amhrán cáiliúil ‘An Spailpín Fánach’, atá ar chúrsa na hArdteiste. Rinne siad taifeadadh ar an amhrán is beidh sé ar fáil anois ar YouTube amach anseo. Beidh sé ina chabhair mhór dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin mbéaltriail i gceann tamaillín. Ag tionól Dé Máirt fad is a an príomhoide ag siúl isteach, sheinn Eleanor McGinley ceol aoibhinn tráidisiúnta ar a cláirseach .Léigh daltaí na céad bhliana Sarah Marie Christoffeson agus Aoife Robertson an dán ‘Cill Aodáin’, a léiríonn go bhfuil an t-Earrach tágtha is chan Aimee Wynn an t-amhrán fíoraláinn ‘ Mo Chuiricín’. Ag tionól Dé Céadaoin bhí grúpa daltaí eile ón séú bliain le cloisteáil ag canadh ‘ Fear Bhig na leon’ de chuid ‘Mumford and Sons’. Mhol beirt daltaí ón séú bliain ,Sophie Fitzpatrick agus Colin Kiernan dúinn an deis a thapú an Ghaeilge a labhairt chomh minic is féidir linn. Chuir siad an seanfhocal ‘Is fearr Gaeilge briste ná Béarla Cliste’ i gcuimhne dúinn. Ba é buaicphointe na seachtaine ná tionól Déardaoin nuair a chan ‘Cór na bhFear’- múinteoirí is daltaí, an t-amhrán ‘Óró ‘ s é do bheatha bhaile’ is sheinn Martina O’Connell agus Iníon Balfe ‘Brian Boru’s March’ ar an bhfliúit. Labhair Iníon Sweeney faoin bhfinscéal ‘Gráinne Mhaol’. Cuireadh deireadh le himeachtaí na seachtaine le tionól fíorspeisialta Dé hAoine. B’aoibhinn an ceol a bhí á sheinnt ag Ruairí Kirwan ar na píopaí uillinn .Chan scoláirí ón gCeathrú agus ón gCéad bhliain ‘ Níl mé ag bogadh’ de chuid ‘An Script’ is labhair Eleanor McGinley, dalta na hidirbhliana faoi thábhacht na Gaeilge di féin agus conas go bhfuil an Ghaeilge ann agus conas go mbeidh sí ann go deo na ndeor. Bhíomar sna trithi ag gáire nuair a thosaigh Isabelle Bootman ag déanamh greanntaíochta as Gaeilge.

102


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.