Bilingual Services Book - Trilingual Evensong

Page 1

16 Feabhra 16 February 2013 Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath Christ Church Cathedral, Dublin

________________________________

Oibreacha iontacha Dé á bhfógairt i ngach teanga dár gcuid Proclaiming in all our tongues the wonderful works of God Pob un yn ei iaith ei hun ___________________________________ Seimineár Seminar ag 2.00-4.30 i.n. Seoladh Leabhair Book Launch ag 5.00 i.n. An Chomaoineach Naofa agus Seirbhísí eile Holy Communion and other frequently-used Services Urnaí na Nóna Trí theangach ag 6.00 i.n. Tri lingual Evensong, Hwyrol Weddi Tairieithog ENGLISH VERSION BELOW

Ábhar áthais do Chumann Gaelach na hEaglaise cuireadh a thabhairt duit bheith i bpáirt linn ar an lá ar leith seo nuair a sheolfaimid ár leabhar nua dátheangach seirbhísí. Tá mar aidhm ag an leabhar nua adhradh dátheangach a éascú agus an tslí a réiteach do léargas diaga úrnua agus sinn i mbun adhartha. Cúis áthais ar leith dúinn ár gcairde ón Eaglais sa Bhreatain Bheag a bheith linn ón uair gurbh iad a dtéacsanna siúd a spreag sinn chun an leabhar seo a chur ar fáil. Cloisfimid uathu le linn an tseimineáir a thionólfar sa Seomra Ceoil, thuas staighre in Ardteampall Chríost. Cloisfimid faoin a bhfuil faoi chaibidil acu san Eaglais sa Bhreatain Bheag chun áit níos suntasaí a thabhairt don Bhreatnais i saol na hEaglaise ansin. Easpag Bangor, an Fíor-Urr. Andrew John, a bheidh mar cheann ar an toscaireacht agus áireofar uirthi Cynog Davis Uas., iar-TP agus CT don Ceredigion, an Canónach Urr. Idris Thomas, Deoise Bangor, agus an tUrr. Gwynn ap Gwilym, Comhairleoir na nEaspag ar Ghnóthaí Eaglasta. Labhróidh Easpag Chaisil agus Osraí, an Fíor-Urr. Michael Burrows (éarlamh Chumann Gaelach na hEaglaise), an tArd-Deagánach Gary Hastings, agus Dáithí Ó Maolchoille ar na hábhair seo chomh maith i gcomhthéacs Éireannach. Beidh seoladh foirmiúil an leabhar nua seirbhísí ar siúl sa Lusca (crypt) ar 5 pm agus leanfar le hUrnaí na Nóna trítheangach. Bíonn a blas is a séis féin ag gach teanga agus tá rún againn oibreacha iontacha Dé a fhógairt i ngach teanga dár gcuid. Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, gaeleaglais@gmail.com Teil : 00+353 26 45741 nó Fón póca : 00+353 85 1632772

Maoinithe ag


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.