2013 13 sept pr cumann gaelach na heaglaise 2

Page 1

PREAS RÁITEAS- PRESS RELEASE (English version in Blue text below)

Seirbhísí agus Imeachtaí ag Cumann Gaelach na hEaglaise --------------------------------------------------------------------------------------25 Meán Fómhair: An Sráidbhaile, Ag guí inár mbuataisí! 13 Deireadh Fómhair : Dún Garbhán, Altú Buíochais an Fhómhair. 2 Samhain: Cill Airne, An tOireachtas. 15 Nollaig: Béal Feirste, Seirbhís Bhliantúil Chathartha Carúl.

25 Meán Fómhair 2013: Beidh seastán ag Cumann Gaelach na hEaglaise ag an Ploughing Championships i Sráidbhaile agus beidh paidreacha againn i nGaeilge ag 3.00pm ar an gCéadaoin. Fáilte roimh chách. 13 Deireadh Fómhair 2013: Beidh seirbhís éacúiméineach, Altú Buíochais an Fhómhair, (dátheangach) i dTeampall Naomh Muire, i nDún Garbhán ag 7.30pm. Beidh an tEaspag Burrows i mbun seirbhíse. Tá fáilte ar leith chuig muintir na Rinne agus beidh baill ó Chór Fear na nDéise ann. Tá fáilte roimh chách agus beidh leabhar seirbhíse dátheangach ar fáil chun adhradh dátheangach a éascú. 2 Samhain 2013. Beidh Seirbhís Machnaimh ag Cumann Gaelach na hEaglaise arís i mbliana ag an Oireachtas i gCill Áirne. Beidh sé ar siúl in Óstán Gleneagle ag 5.15pm. 15 Nollaig 2013. Beidh Seirbhís Charthartha Carúl i dTeampall Naomh Seoirse ag 5.00pm. Beidh an tEaspag Alan Abernethy, an tUrr William Crawley, agus an tArdmhéara, Máirtín Ó Muilleoir, ann. Tá Cumann Gaelach na hEaglaise ag tacú leis an tseirbhís seo agus beidh seoladh leabhair, An Chomaoineach Naofa agus Seirbhíse Eile, ann chomh maith. Bíonn seirbhísí rialta in Ardteampall Chríost agus Béal Feirste, agus, idir Mheán Fómhair agus Nollaig, beidh na seirbhísí thíos ann: Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath: Beidh Úrnaí na Nóna, dátheangach, ag 3.30pm ar, 29 Meán Fómhair, 27 Deireadh Fómhair agus 24 Samhain agus beidh An Chomaoineach Naofa, as Gaeilge ar 29 Nollaig ag 3.30pm. Naomh Seoirse, Béal Feirste. Beidh Urnaí na Nóna, as Gaeilge ag 3.00pm ar 5 Deireadh Fómhair agus ar 2 Samhain agus beidh ranganna Gaeilge ar súil ag feadh 10 seachtaine ó 27 Meán Fómhair, 6-7.00pm.

Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, gaeleaglais@gmail.com Teil : 00+353 26 45741 nó Fón póca : 00+353 85 1632772

Maoinithe ag


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.