Irish Heartbeat in the Diocese

Page 1

Cumann Gaelach na hEaglaise Preas Ráiteas Press Release English version below

An tEasbag Michael Burrows le cléir ó Dheoise Chaisil agus Osraí. ó chlé ar chúl, an tUrr Arthur Minion, an tUrr Ian Coulter an tUrr Arthur Carter, an tUrr James Mulhall, Canónach Nancy Gillespie, Canónach Tom Haskins, an tUrr Charles McCollum agus Déan Philip Knowles. Chun tosaigh: an tUrr Ivan Dungan, Déan Paul Draper, an tEasbag Michael Burrows agus Canónach Mervyn McCullagh.

An gcloiseann tú buille chroí na Gaeilge i nDeoise Chaisil agus Osraí? Tá buille chroí Gaelach nua le sonrú i ndeoise Chaisil agus Osraí de chuid Eaglais na hÉireann i mbliana. Beidh seirbhísí i nGaeilge i ngach Ardeaglais sa deoise i rith na bliana – ag tosú ar 1 Feabhra, Lá Fhéile Bríde. Beidh seirbhís ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde i dTeampall Cill Rois (Loch Gormán) agus i dTeampall Baile na Toirbhirte (Cill Dara) ag 7.30 i.n.. Beidh seirbhísí eile i rith na bliana in: Ardeaglais Phort Láirge agus Ardeaglais Chaisil (Lá Fhéile Pádraig), Ardeaglais Lios Móir (Féile Naomh Cholmcille), Ard-Eaglais Naomh Chainnigh (Féile an Fhómhair) , agus Ardeaglais Leithghlinne ,Co. Cheatharlach (Aidbhint). Dúirt an tUrr Charles McCollum, “Bhí seisiún feasachta againn le Cumann Gaelach na hEaglaise agus bhí suas go fiche cléir ann le spéis acu sa togra seo. Chuir mé róta le chéile agus d’fhás an togra, Buille Chroí Gaeilge na Deoise, as sin”.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.