Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Súil Eile h p://issuu.com/colaisteanphairsaigh#

www.colaisteanphiarsaigh.ie

Foireann Cispheile Faoi 16 Choláiste an Phiarsaigh, (Cailíní) Buaiteoirí Chraobhchomórtas an Chontae 2014

Ar chúl, ó chlé: Sinéad Nic Gearailt, Gael Breathnach, Annaliese Ní Mhurchú, Saoirse Trought, Alanna Ruiséal, Becky Ní Drisceoil, Anna Ní Loinsigh, Eva de Róiste, Muireann Nic Uibh Aillile, Sinéad Nic Ailín. Chun tosaigh: Ruth Nic Chárthaigh, Robyn Ní Chaoimh, Sophie Ní Riagáin, Saoirse Millard, Grace Ní Fhaoláin, Eabha Nic Pháidín, Aoife Ní Raghallaigh.

Comhghairdeas leis na deartháireacha fuinniúla beoga bríomhara, Adam agus Cian Ó hÉifigh a bhi ar na scórálaithe ab airde i mbabhataí cáilithe agus ceannais chispheile Fé-16 A na mbuachaillí do Choláiste an Phiarsaigh i rith an tséasúir.

NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

Comhghairdeas le Sorcha Ní Chionnaith agus Lesley Ann Ní Uilcín a d’imir go seoigh ar fad i mbabhtaí ceannais chispeile Uile Éireann Fé-19 chailíní do Choláiste an Phiarsaigh a imríodh sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht ag tús na bliana.

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Eagarfhocal

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

“SÚIL EILE”

Tá ana bhliain curtha dínn againn i gColáiste an Phiarsaigh i mbliana, go mór mhór ó thaobh an spóirt de. Ba mhaith linn comhghairdeas a ghábháíl le gach aon duine a bhí páirteach sna comórtais éagsúla. Táimid cinnte go mbainfaidh sibh sásamh as an nuacht go léir anseo istigh a léamh. Guímíd gach rath ar na daltaí a bheidh ag déanamh scrúduithe i rith an tsamhraidh. Tá súil againn go mbeidh samhradh taitneamhach ag gach duine. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháíl leis an Máistir Ó Súilleabháin (Eolaíocht) agus leis an Máistir Ó Céilleachair a thug cúnamh dúinn leis an saothar seo. Beir bua.

EAGRÁN NA SAMHRADH 2014

FOIREANN NA

Foireann na nuachtlitreach.

NUACHTLITREACH

Lauren de Barra

Trialacha Infheidhmeachta Difreálach Le roinnt de bhlianta anuas anois cuirtear daltaí na hidirbhliana faoi scrudú ar a dtugtar an DATS. Forbraíodh na Trialacha Infheidhmeachta Difreálach ( DATS ) sna Stáit Aontaithe, ach táid anois caighdeánaithe le húsáid i scoileanna na hÉireann. Ceapadh iad le húsáid i dtreoir oideachais agus gairmoideachais agus úsáideann comhairleoirí scoile, oifigigh phearsanra agus síceolaithe iad leis na saintréithe intleachtúla agus inniúlachtaí oideachais nó gairme na ndéagóirí a mheasúnú.

Oisín Mac Aonais Aindriú Mac Cana Marc Mac Daibhí Conchúir Mac Uaid Eibhlín Ní Cheallacháin Ciara Ní hÁinle

Is tástálacha grúpa iad, roinnte ina scileanna cognaíocha, roinnte in ocht bhfoscrúdú mar a bhfuil: Réasúnú Briathartha, Cumas Uimhriúil, Luas Cléireachais agus Cruinnis, Réasúnaíocht Theibí, Réasúnaíocht Mheicniúil, Caidreamh Spáis, Litriú Teibí agus Úsáid Teanga. Riartar na tástálacha go tipiciúil do mhic léinn in ocht sheisiún. Rinneadh caighdeánú ar an DAT ar os cionn 10,000 mac léinn a bhí ag freastal ar scoileanna iar-bhunoideachais in Éirinn. Tá noirm ar leith ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní do gach ceann de na leibhéil seo a leanas: Réamh Teastas Sóisearach, Teastas Sóisearach, Réamh Ardteistiméireacht agus Ardteistiméireacht. Is féidir Scóir a úsáid chun próifíl a aimsiú a léiríonn láidreachtaí agus laigí dalta. Is féidir le Réasúnú Briathartha agus scór Cumas Uimhriúil a úsáid mar innéacs de chumas scolaíoch an dalta.

Aubrey Ní hAonghusa

Is faoi na múinteoirí rogha a dhéanamh an tástáil a riaradh ag baint úsáide as bileoga foirm inscórála atá cóirithe ag meaisín atá á riaradh ag an Ionad Taighde Oideachais. Déantar a dtorthaí a phlé leis na daltaí agus cabhraíonn an próiseas seo leo ábhair a oireann dóibh a roghnú do scrúdú na hArdteistiméireachta.

Sinéad Ní Argáín

Chloe Ní Ghuidhir Liam Ó Briain Ross Ó Caomhánach Seán Ó Dein Cian Ó Dochartaigh Alex Ó Drisceoil Aindí Ó Dúlaoich Colin Ó Gráda

Malo Le Lu COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH.

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR “SÚIL EILE 2014”

Daltaí na hIdirbhliana i mbun scrúdú an DATS 2014

2


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Iontaobhas Oideachais Uileloiscthe na hÉireann

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

biogóideacht agus claontacht. Cé go ndíríonn an tIontaobhas ar dhaoine óga go háirithe, tá go leor de na cláir oiriúnach do gach aoisghrúpa – ag foghlaim ón am a chuaigh thart ceachtanna a bhaineann fós lenár saol sa lá atá inniu ann. Tá an tIontaobhas ag iarraidh go nglacfar le hilghnéitheacht ar fud oileán na hÉireann, agus chuige sin táthar ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí rialtais, le comhlachtaí oideachasúla agus cultúrtha, le grúpaí deonacha agus le heagraíochtaí pobail. Nuair a tháinig uafáis an Uileloiscthe go hiomlán chun solais, deimhníodh an méid a bhí cloiste, an méid faoina raibh amhras, agus fiú an méid a bhí séanta ag mórán daoine. Ní mór a bheith san airdeall ar thorthaí éadulaingthe, ionas gur féidir ciníochas agus leithcheal a chomhrac. Chun ainghníomhartha ar nós an Uileloiscthe a sheachaint sa todhchaí, is gá díriú ar an oideachas.

Tomi Reichental i mbun cainte sa scoil

Carthanas neamhspleách, neamhbhrabúsach, náisiúnta atá in Iontaobhas Oideachais Uileloiscthe na hÉireann. Trí thacú le hobair an Iontaobhais, is féidir oidhreacht bhuan a bhunú in onóir na milliúin a d’éag san Uileloscadh. Trí oideachas, cothaíonn Iontaobhas Oideachais Uileloiscthe na hÉireann cur chuige dearfach i leith caoinfhulaingthe agus ilghnéitheachta.

Arú anuraidh bhí sé ar na bioráin ag an Roinn Staire i gColáiste an Phiarsaigh aoi chainteoir a thabhairt chun na scoile. Bhí sé ag dul dian orainn aoichainteoir le dealramh a aimsiú ach níor chuaigh sé dínn áfach mar chualamar faoi Iontaobhas Oideachais Uileloiscithe na hÉireann. Tá sé mar sprioc ag Iontaobhas Oideachais Uileloiscthe na hÉireann oideachas agus eolas a chur ar fáil faoin Uileloscadh chun frith-Sheimíteachas agus gach cineál ciníochais agus leithcheala in Éirinn a chomhrac. Cothaíonn an tIontaobhas feasacht ar an Uileloscadh mar chuid de chláir oideachasúla agus chultúrtha a théann i ngleic le ciníochas,

Ba dheas linne dá mbeadh aga againn idir mhúinteoirí agus daltaí cuntas marthanóra an uileloiscthe a chloisint mar thuigeamar ón méid a bhí cloiste againn gurbh fhiú é. De réir mar a théann líon na bhfinnéithe i laghad, tá sé riachtanach go gcloisfí a gcuid scéalta, go gclárófaí a bhfianaisí, agus go roinnfí a n-eispéireas. Nuair a

Múinteoirí agus daltaí ag éisteacht go géar le léacht Tomi.

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Belsen ar an dtraen agus ar an bhfulaingt dhíamhair uafásach thruamhéileach dhamanta sa champa féin. Ba dóbhair dó féin bás a fháil san áit. Bhuel raghadh sé díot a thuiscint conas a tháinig fear inste scéil slán ón ifreann úd. Ní bréag a rá go raibh an tréimhse a chaith sé i gcampa géibhinn Bhergen Belsen ar an tréimhse ba mheasa ar fad dá shaol. A leithéid d’fhulaingt níor chualasa faoi, riamh roimhe seo i mo shaol, ar m’anam. Cuimhnigh air, buachaill a bhí ag tarrac ar naoi mbliana d’aois a bhí ann an tráth úd. Ní fheadar aon duine na huafáis a chonaic sé sa champa geibhinn. Bhí creathlaigh dhaonna sínte ar fúd an chlóis lá i ndiaidh lae, Chun tosaigh: Tomi Reichental, Dara Ní Mhuirí, le cóip den leabhar I Was A seachtain i ndiaidh seachtaine, iad caite ann go minic ar mhullach a chéile go ceann seachtaine. Chonaic sé Boy In Belsen agus Fiach Ó Néill tar éis na leachta. na corpáin thanaí sínte fuar marbh ag dreo faoi theas chastar ar mharthanóirí an Uileloiscthe, méadaítear ár na gréine san áit ar thiteadar gan d’éadaí orthu ach dtuiscint faoi dhainséir leithcheala, déantar machnamh ar giobail. Cailleadh iad go minic ceal bhia nó de dheasca an an Uileloscadh agus ar a iarmhairtí. tiofóidigh. Is deacair a shamhlú conas a bhraithfeadh aon Chuamar i dteagmháil leo ar aon nós ach ar an droch uair, duine sa chás sin ach d’inis Tomi a scéal go ciúin faraor, seoladh scéal chugainn le casadh an phoist, nach macánta le dínit, gan oiread na fríde den fhearg ná den mbeadh teacht againn ar a leithéid de chainteoir go ceann ghangaid á léiriú aige. bliana toisc nach raibh sé ar a gcumas go leor cainteoirí a Thugas faoi deara go raibh cuid mhaith den lucht aimsiú. Bíonn dua ag baint lena leithéid d’iarratas de éisteachta ag breith chucu féin faoin am go raibh an méid bharr an méid sin éilimh is cosúil. Bhíomair meáite seo den léacht curtha de aige ag Tomi, tá a fhios agat. áfach ar an ngníomh a chur i gcríoch agus ní raibh de Caithfidh mé a rá gurb é an rud a chuir iontas an domhain rogha againn mar sin ach foighne a bheith againn. ormsa féin ná an easpa seirbhe a léirigh sé i leith Mheasamar gurb é feitheamh na fuaire a bheadh againn. mhuintir na Gearmáine. Ba dhóigh leat ón méid a B’fhada linn go bhfaighimís scéal ach faoi dheireadh d’fhulaing sé féin agus a theaghlach agus daoine eile nach agus faoi dheoidh tháinig an scéal aniar aduaidh orainn iad, faoi réimeas na Naitsithe, go mbeadh an ghoimh go mbeadh an t-Uasal Tomi Reichental chugainn um dhearg air leis an nGearmáin agus le muintir na Nollaig, bliain go leith go díreach ón lá a sheolamar Gearmáíne agus go mb’fhearr leis ar leaca dearga ifrinn isteach ár n-iarratas. iad. Ní thógfá air é i ndáiríre. Ach ní mar a shíltear a Tháinig sé chugainn pé scéal é ar an 17 Nollaig 2013 bítear áfach. Tar éis an chogaidh i 1945 d’fhreastal sé ar agus thug sé leis taoscán leabhair a bhí scríofa aige féin scoileanna agus ollscoileanna sa Ghearmáin. De réir mar gheall ar scéal a bheatha agus bhíodar siúd ar díol cosúlachta bhí na tréimhsí a chaith sé ar scoil agus ar aige tar éis dó a chuid cainte a chur de. Deirimse leat go ollscoil sa Ghearmáin ar na tréimhsí ba thaithneamhaí raibh suim mhór sna leabhair chéanna. Thug sé léacht agus ab fhiúntaí dá shaol, de réir cosúlachta. bhreá uaidh ar a shuaimhneas agus ar m’anam ní Téann cuntais phearsanta marthanóirí an Uileloiscthe i chloisfeá biorán ag titim mar neosfaidh mé an fhírinne bhfeidhm go buan ar gach duine a chloiseann iad. ghlan duit, bhí an seomra chomh ciúin leis an uaigh. B’amhlaidh a bhí an lá san go deimhin féin. Bhí sé seo D’inis sé scéal a shaoil dúinn ón uair a ghabh na Naitsithe soiléir tar éis na cainte agus nuair a bhí seans ag an lucht é féin agus a theaghlach agus gan é ach naoi mbliana éisteachta a thuilleadh eolais a fhaíl, mar d’fhreagair d’aois agus cónaí orthu i Merasice na Slóvaice i 1944 Tomi roinnt mhaith ceisteanna tar éis dó a léacht a agus lean sé ansin le cuntas faoina shaol suas go dtí an lá chríochnú agus ba léir go raibh gach duine an-tógtha go atá inniu ann. D’eachtraigh sé go mion agus go cruinn deo leis an ócáid. dúinn faoin dturas go dtí an campa géibhinn úd Bergen 4


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

áfach bhain roinnt de na cailíní céanna díoltas amach agus iad ag imirt d’fhoireann Ghleann Maghair Fé -18 i gcoinne Brunell. Bhuadar an cluiche ceannais úd agus bhí roinnt

Sár Chispheileadóirí Choláiste an Phiarsaigh 2013-2014

Foireann Cispheile Choláiste an Phiarsaigh Fé-19. Ar chúl ó chlé: Sorcha Ní Chionnaith, Aoife Ní Mhuinneacháin, Sydney Ní Shé, Julie Ní Chuirtín Nic Alastair, Rósa Breathnach, Aimee Ní Fhaoláin, Lisa Ní Mhaoláin. Chun tosaigh ó chlé: Sorcha Ní Bhrúadar, Shauna Ní Chróinín, Lesley Ann Nic Uillcín, Anna Ní Charthaigh, Katie Níc Craith.

Thuas: Anna Níc Chárthaigh i gceannas na himeartha sa chraobh

mhaith d’fhoireann Naomh Uinsean ag imirt do chlub Brunell sa chluiche sin. Maidir leis na buachaillí, cé nár bhuadar aon chraobh, fós féin bhaineadar amach babhtaí ceannais uile Éireann agus níor bheag an gaisce é sin gan amhras. Imreoir den scoth is ea Sorcha Ní Chionnaith a

Ba mhór an t-éacht a rinne cispheileadóirí na scoile le déanaí idir bhuachaillí agus chailíní. Thug foireann Fé -19 A na gcailíní agus foireann Fé-16 A na mbuachaillí

Sorcha Ní Chionnaith ag buachaint an tús imeartha do Cholaiste an Phiarsaigh i gcoinne Naomh Uinseann Corcaigh sa Craobh

scóráil naoi bpointe déag agus trí scór sna comórtais úd. Fágann san go raibh sí sa dara háit ar an gclár pointí dá réir.

Thuas: Lesley Ann Nic Uillcín ar ruathar aonair le Sorcha Ní Chionnaith réidh chun tacú leí sa Chraobh i gcoinne foireann Naomh Uinseann sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht.

Ba í féin, Lesley Ann Nic Uillcín agus Aimee Ní Fhaoláin a fuair an chuid ba mhó de na ciseáin do Choláiste an Phiarsaigh sa chomórtas. D’éirigh le Anna Nic Charthaigh, Lisa Ní Mhaoláin agus Aoife Ní Mhuineachán scóranna tábhachtacha a bhaint amach chomh maith, go mór mhór sa chéad dá chluiche. Chuir Shauna Ní Chróinín

mámanna boinn leo nuair a ghlacadar páirt i mbabhtaí ceannais uile Éireann i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhain na cailíní amach boinn airgid sa chomórtas nuair a bhuaigh foireann Naomh Uinsean (Corcaigh) orthu i gcluiche ceannais na craoibhe. Go gairid ina dhiaidh sin

5


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

go mór le héifeacht na himeartha agus leis an gcosaint nuair a tháinig sí ar an gcúirt i rith na craoibhe. Le Lisa Ní Mhaoláin ar leath luas de bharr a gortaithe, thapaigh

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Cé go raibh diomá ar na cailíní fé 19 nár bhuadar cluiche ceannais na craoibhe, ní nach ionadh, d’éirigh leo an triú háit a bhaint amach i Roinn A sa tSraith Náisiúnta. Ní beag san. Bhuadar dhá chluiche as trí ach níor leor é mar nár cháiligh sé seo iad don bhabhta ceannais faraor. Is léir mar sin gurb iontach go deo an bhliain a bhí ag na cailiní fé 19 sa chispheil. Chaitheadar mórán Éireann ama tar éis scoile ag traenáil go dian. Lean sé seo ar feadh na bliana agus bhí an-iomaíocht chun ionad a ghnóthú ar an bhfoireann . Tar éis dóibh an bhliain seo a chur díobh táid traochta go maith ach dheineadar gaisce ar son Choláiste an Phiarsaigh i mbliana. Déanaimíd comhghairdeas leo agus le gach uile dhuine a bhi gafa leo i mbliana. Agus sinn ag labhairt leo bhí sé lán soiléir gur bhaineadar ana shásamh as an dtaithí agus is cinnte go bhfuilid ag prapáil don bhliain atá chugainn cheana féin. Maith sibh a chailíní.

Lucht Tacaíochta Iontach Choláiste an Phiarsaigh

Sydney Ní Shé a seansanna le crógacht, le spreacúlacht, le fuinneamh agus le neart. Níor leor an sár-iarracht úd faraor.

Cispheil na mBuachaillí I mbliana, den chéad uair le tamall fada, ghlac foirne cispheile na mbuachaillí páirt i gcomortaisí Roinn A. Éacht iontach dúinn uile mar sin a bhí ann nuair a bhuaigh an fhoireann Fé-16 A boinn chré-umha sna babhtaí ceannais Uile-Éireann. Ní bréag a rá go raibh an lámh in uachtar acu ar Choláiste Shliabh Luachra na Rátha Móire (58-60), foireann Phobal Scoil an An Chúil Mhín, Baile Átha Cliath (50- 57) agus foireann Naomh Muire, Droichead Átha (45- 32). Ach ar an droch uair ní raibh an t-ádh leo sa chluiche leath cheannais agus chaill siad i gcoinne foireann Naomh Iosaif na Gaillimhe.

Ar chúl ó chlé: Cian Ó hÉifigh, Conchúr Mac an Rí, Ruadhán Mac Gearailt, Adam Ó hEifigh, Cian Ó Mathúna, Seán Ó Duinneacha. Chun tosaigh: Shane Ó Finn, Conchúr Ó Caomhánach, Tadhg Ó Mathúna, Ruairí Ó Cionnaith, Adam Mac Gearóid, Antóin Míoch.

6

Bhí na deartháireacha fuinniúla Adam agus Cian Ó hÉifigh ar na scórálaithe ab airde i rith an t-seasúir do Choláiste an Phiarsaigh agus chuir Tadhg Ó Mathúna agus Ruairí Ó Cionnaith go mór le neart na foirne agus le héifeacht na himeartha.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Insamhlóirí Tiomána na, troitheáin, roth stiúrtha agus trí scáileáin 32" ag déanamh aithrise ar an ngaothscáth tosaigh agus dhá thaobh fhuinneog na cairte. Bíonn na tiománaithe foghlaimeora á múineadh ag teagascóir fíorúil ar an ríomhaire a imoibríonn go sonrach le hiompar gach mac léinn aonair agus léiríonn an córas an cur chuige ceart ó thaobh na tiomána de. Tugann an teagascóir fíorúil, teagasc díreach don fhoghlaimeoir atá bunaithe ar an gcaoi a bhfuil siad ag tiomáint le linn an chúrsa . Nuair a chríochnaíonn an mac léinn gach tasc agus de réir mar a mhéadaíonn ar an muinín acu, imoibríonn an teagascóir fíorúil trí Ó chlé; Shauna Ní Chróinín, Chloe Ní hIfearnáin, Róisín Ní Chinnéide, Aubrey Ní laghdú ar an oiliúint agus ar an hAonghusa, Áine Ní Chearúil agus Niamh Ní Laoi ag feitheamh chun tabhairt faoin gcúrsa ar ngríosú, rud a léiríonn go bhfuil an na hinsamhlóirí tiomána a eagraíodh sa scoil le déanaí. mac léinn ag dul chun cinn. Ar chríochnú gach cúrsa dóibh, Tháinig an chuideachta SIM Drive Ireland Ltd chun na faigheann an dalta tuarascáil i gcló a léiríonn conas a scoile le déanaí. Laistigh de thrucail soghluaiste tá d’éirigh leo i ngach tasc tiomána. insamhlóirí tiomána do pháistí scoile suiteáilte acu. Is é Ba iad comhordaitheoirí na hidirbhliana anseo sa scoil a an sprioc atá leis ná daoine óga a oiliúint do thiomáint thug an deis do dhaltaí na hidirbhliana an taithí tiomána shábháilte ar bhóithre na tíre. Déantar an tiomáint i an-chuimsitheach seo a bhlaiseadh agus ba léir go raibh dtimpeallacht shábháilte teagaisc. Maíonn an chuideachta an-tairbhe ag baint leis an gcúrsa úd. go bhfuil sé éasca agus sábháilte le húsáid . Cuirtear ar a súile do na daltaí i slí phraiticiúil cad iad na contúirtí a bhíonn ar na bóithre. Maítear chomh maith go bhféadfaí an BCS Drive a chur in oiriúint do thaithí gach mac máthar agus iníon athar. File Ar Cuairt Déanann na hinsamhlóirí sofaisticiúla macasamhlú i mbeagnach gach slí, ar ghnáth chairt mar a bhfuil giaran-

Ó chlé, chun tosaigh: An file aitheanta, an t-Ollamh Eiléan Ní Chuilleanáin, Úna Ní Shúilleabháin agus Saoirse Ní hÁinle ag deireadh na léachta a thug an file faoin a cuid filíochta do dhaltaí an cúigiú bliain sa scoil ar na mallaibh a bhí eagraithe ag Roinn an Bhéarla.

Insamhlóir tiomána á úsáíd ag dalta laistigh den trucail

7


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SIANSA GAEL LINN

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

éirigh leo na babhtaí ceannais a bhaint amach tugadh ard mholadh dóibh. Is daltaí ón gcúigiú agus ón séú bliain atá páirteach sa ghrúpa traidisiúnta sa scoil faoi láthair.

Siansa Gael Linn is teideal do chomórtas do ghrúpaí traidisiúnta ceoil. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Bíodh is gur comórtas atá i gceist tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla.

Scothscoláire na hArdteistiméireachta Cé gur bunaíodh an scoil breis is daichead bliain ó shin ní raibh a leithéid de ghradam, Scothscoláire na hArdteistiméireachta á bhronnadh ag an am. Anseo i gColáiste an Phiarsaigh deineadh cinneadh i rith na scoilbhliana 1987/1988 go dtabharfaí aitheantas do scothscoláire nó scothscoláirí na hArdteistiméireachta. D’aithneofaí saintréithe an dalta nó na ndaltaí a roghnófaí, go poiblí. Roghnódh foireann teagaisc na scoile an dalta bunaithe ar chritéir áirithe a leagadh síos agus a ndeintear athbhreithniú orthu ó am go ham.

Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Bítear ag súil le grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta a thabhairt leo, mar atá déanta ag grúpaí ar nós Téada, Altan, Danú, Dervish, Solas,&rl. Is é an chéad chéim ná go n-iarrtar ar ghrúpaí teaglaim leanúnach ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta (amhrán amháin atá i gceist) a chur ar mhiondiosca (MD) nó ar ghnáth-dhlúthdhiosca fuaime (Audio CD). Glacfar, freisin, le hiarrachtaí go leictreonach via Dropbox / Sendspace nó a leithéid.

Roghnófaí an dalta trí bhallóid faoi rún. Bheadh cead ag gach múinteoir vóta a chaitheamh. Bhronnfaí Corn na dTuismitheoirí ar an mbuaiteoir nó ar na buaiteoirí mar aon le bonn. Anseo thíos tá liosta de na daltaí agus an bhliain a bhuaigh an duais go dtí seo mar a bhfuil:

Is éard atá i gceist le teaglaim ná míreanna/píosaí/téamaí leanúnacha de cheol traidisiúnta chomh maith le hamhrán amháin Gaeilge sa stíl thraidisiúnta, cóirithe ar bhealach úr, samhailteach. Ghlac Coláiste an Phiarsaigh páirt sna babhtaí reigiúnach le déanaí agus eagraíodh iad san i gcathair Luimní. Cé nár

Ceoltóirí Choláiste an Phiarsaigh 2013-2014

1988 Máiréad Ní Dheasúnaigh

2001 Seán Mac Cárthaigh

1989 Cristín Ní Fhaoláin

2002 Stiofán Ó Dúgáin

1990 Brian Ó Dufaigh

2003 Cynthia Ní Loinsigh

1991 Michelle de Brún

2004 Laura Ní Dhálaigh

1992 Ní raibh aon rang

2005 Léan Nic Chárthaigh/

Ardteistiméireachta.

Máire Nic Chárthaigh

1993 Nuala Nic Gearailt

2006 Niall Ó Srianáin

1994 Máire de Cogáin

2007 Diarmuid Ó Mathúna

1995 Pádraig Ó Sé

2008 Ellen Ní Riordáin

1996 Roseanne Ní Cheallacháin/ 2009 Ciara Ní Laoire

Ó chlé. Liam Ó Hairt, Eoin Mac Craith, Niall Mac Con Coille, Sadhbh Ní Mhathúna, Maebh Ní Laoire Nic Giolla Phádraig, Niamh Ní Dhálaigh, Lara Al Waber agus Áine Ní Loingsigh.

8

Bairbre Ní Ualaí

Nic Giolla Phádraig

1997 Máire Treasa Ní Lathaigh

2010 Áine Máire Nic Craith

1998 Edel Ní Mhurchú

2011 Orlaith Ni Shúilleabháin

1999 Keith Ó Brolacháin

2012 Laura Ní Dhálaigh

2000 Yvonne Ní Dhálaigh

2013 Gillian Nic Gearailt


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Turas Go Dtí Baile Átha Cliath Teach Laighean. Thánamar i ndála a chéile sa chlós ag deireadh na camchuairte agus ghabhamar buíochas le gach duine de na treoraithe. Um an dtaca san bhí sé in am aghaidh a thabhairt ar ArdMhúsaem na hÉireann. Ar shroichint na háite dúinn isteach sa tseodlann linn. Áit is ea é ina gcoiméadtar rudaí luachmhara go sábháilte. Bhuel dá bhfeicfeá na seoda a bhí le feiceáil ann ní chreidfeá go raibh a leithéid ar thalamh an domhain seo. Dá siúlófá Éire ní bhfaighfeá aon ní a bheadh inchurtha leis na seoda úd. Bhíodar go gleoite. Éarraí déanta as ór agus earraí a bhí déanta as airgead ba mhó a raibh suim ag daltaí iontu a déarfainn féin. Ba iad na manaigh luath-Chríostaíochta a rinne a bhformhór, de réir dealraimh, cé go raibh mórán Éireann eile déantáin a deineadh i rith an tréimhse Mhéisiliteach agus i rith an tréimhse Neoilitheach. Tuathal agus deiseal áfach bhí taispeántais de dhéantáin a deineadh sa Chréumhaois agus san Iarannaois. Tar éis dúinn breis agus uair an chloig a chaitheamh ann agus sinn ag baint lán ár súl as gach aon ní, chuireamar dínn i dtreo Sráid Grafton.

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Timpeall le mí go leith ó shin thug an ceathrú bliain faoi thuras go dtí an ardchathair. Ní bréag a rá gur bhaineamar ana thaitneamh as. Ba é a bhí ar na bioráin againn ná cuairt a thabhairt ar Theach Laighean agus ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Bhuel gan amhras bhíomar ag súil go bhfaighimís aga roinnt siopadóireachta a dhéanamh freisin agus b’shin mar a tharla. Deirimse leat go rabhamar ar bís an lá úd.

Níor dheineamar mórán moille ann mar bhí orainn filleadh ar an staisiún traenach. Dheineamar ár slí go breá gasta go dtí stad an Luas. Bhí na daltaí eile ag feitheamh linn ann agus chuamar go léir in éineacht ar an Luas. Nuair a bhaineamar amach staisiún traenach Hueston chuamar caol díreach ar an dtraen agus d’fhilleamar ar chathair Chorcaí. Shroicheamar ár sprioc ar a leath uair tar éis a h-ocht agus bhí gach aon duine breá sásta ag deireadh an lae. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí a chuaigh in ár dteannta mar ní fhéadfaimis an turas seo a chur dínn dá n-éagmais. Ba léir dúinn go raibh dea-phleanáil déanta faoi bhráid an turais agus ba thogha turais é dá réir.

Bhogamar linn ar ár suaimhneas an mhaidin áirithe sin thart ar a naoi a chlog ar maidin. Isteach is amach le seisear déag agus trí scór dalta a bhí ann agus muna bhfuil dearmad ormsa bhí cúigear múinteoir farainn. Thaistealaíomar ar an dtraen ó Chorcaigh agus bhaineamar amach Baile Átha Cliath go gairid i ndiaidh uair an mhéan lae. Amach linn go beo as an traein agus bhaineamar go léir amach stad an Luas agus isteach sna caráistí linn. Gan aon ró-mhoill bhí lár na cathrach sroichte againn nuair a stop an Luas i Sráid na Mainistreach. Thuirlingíomar go léir láithreach baill. D’imigh isteach is amach le cúigear déag dalta agus múinteoir faru go dtí pictiúrlann an Savoy mar a raibh taispeántas ar siúl dóibh ar feadh an lae. Chuaigh an chuid eile againn de shiúl na gcos go dtí Sráid Grafton. Níorbh fhada ann dúinn nuair a thugamar ár n-aghaidh ar Theach Laighean agus na múinteoirí in ár dteannta. I dtosach báire thug na treoraithe go dtí Dáil Éireann sinn. Deineadh trí ghrúpa san áit sin asainn. Chaitheamar suas le huair an chloig ansan ar chamchuairt sa bhfoirgneamh. Chuamar go dtí an Seanad agus bhí ceisteanna á bhfreagairt ag na treoraithe dúinn ar a gcaothiúlacht ar feadh na camchuairte. Míníodh dúinn faoi Sheanad Éireann agus an stair a bhain le

Dáil Éireann

9


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

CEOLCHOIRM NA NOLLAG 2013

An fheadóg stáin á sheinnt ag Áine Ní Chuimín

Duine de láithreoirí na ceolchoirme 2013, Méadhbh Ní Laoire Níc Giolla Phádraig i mbun cainte. .

An bainseó á sheinnt ag Niall Mac Con Coille

Chloe Ní hIfearnáin agus Eimear Nic Eoghain ag baint taitnimh as an gceolchoirm.

Caitríona Ní Chorra agus Jasmine Ní Leogáin Ní Mhurchú i mbun amhránaíochta sa cheolchoirm.

An consairtín á sheinnt ag Niamh Ní Dhálaigh

An bosca ceoil á sheinnt ag Daithí de Róiste agus an consairtín á sheinnt ag Róisín Ní Chinnéide agus iad i mbun ceoil ag ceolchoirm na Nollag 2013

10

Méadhbh Ní Laoire Nic Giolla Phadraigh ag seinnt an consairtín.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

Seachtain na Gaeilge 2014

An Ceamara Fánach

Ó chlé: Daltaí an cúigiú bliain Aimee Ní Fhaoláin, Zoe Ní Thailliúr, Róisín Ní Dhonnchú agus Alaidh Ní Spealáin agus Dave McCardle Red FM faru nuair a thug sé leacht uaidh sa scoil i dtaobh na meáin chumarsáide ar na mallaibh.

Saighdiúiri de chuid Óglaigh na hÉireann a thug léacht sa scoil le ó chlé Calum Ó Freaghaile, Breandán Mac Cárthaigh agus Saoirse Ní hÁinle.

Beirt de láithreoirí na ceolchoirme, um Nollaig 2013, ó chlé Bronwen de Crúis Ní Shé agus Bríd Ní Dhonnabháin.

Thuas: Daltaí ag baint taitnimh as “Tráth na gCeist Scoile” agus as “Ceolchoirm na Chéad Bhliana” i rith Seachtain na Gaeilge 2014

Siúlóid Feirme

Daltaí, múinteoirí agus teagascóirí ar Shiúlóid Feirme agus ag Lá Eolais a d’eagraigh Agri Aware do mhic léinn dara leibhéal ar fheirm Teagasc sa Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. 11


12

Ar chúl, ó chlé: Iníon Ní Ibhín, Iníon Ní Bhreathnach [P.C.]. Iníon Ní Sheáin, Iníon Ní hAodha, Iníon Ní Scannaill, Iníon Ní Mhuircheartaigh, Iníon Níc Gearailt, Iníon Ní Cholla, Iníon Ní Laocha, Iníon de Bláca, Iníon Ni Chonchúbhair, Iníon Ní Argáin, Iníon Ní Bhroin, Iníon Ní Cheallacháín, Iníon Ni Bhroin, An Máistir Ó Laighin, Con Ó Laoire [Feighlí]. I lár: Iníon Ní Chionnaith, Iníon Ní Mhathúna, An Máistir Ó Céilleachair [P.C.], Máire Breathnach [Rúnaí], An Máistir Ó hIarnáin, An Máistir E. Ó Súilleabháín, An Máistir D. Ó Súilleabháín, Iníon Ní Fhearghail, Iníon Ní Chonchubhair, Iníon Ni Riordáin, Iníon de Búrca, Iníon Ní Scollaí, Iníon Ní Chonaill, Iníon Ni Cheabhrúil, Iníon Ní Leader, An Máistir Ó Coigligh, An Máistir Ó Colmáin, An Máistir Ó Briscoe, Seán Mac Gearailt [Feighlí]. Chun tosaigh: Gillian Ní Shíocháin [Rúnaí], Iníon Ní Dhonnchú, Iníon Ní Sheaghdha, Iníon Ní Dhonnchú [P.C.], Iníon Ní Chionaola, Iníon Ní Ruáin, Iníon de Buitléir, Iníon Ní Loinsigh, An Máistir Ó Tuama [L.P.O.], An Máistir Ó Tuama [P.O.], Iníon Ní Ghreacháin [P.C.], Iníon Ni Chrualaoi, Iníon Ní Chiarba [P.C.], Iníon Ní Mhurchú, An Máistir Ó Suilleabháin [P.C.], Iníon Ní Fhearghusa, Iníon Ní Chionnálaigh.

Ted O’Brien Photography

FOIREANN CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH 2013-2014

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2014

NUACHT SCOILE AN tSAMHRAIDH 2014  

Iris scoile le nuacht ó Choláiste an Phiarsaigh

Advertisement