Nuachtlitir 2022 Newsletter

Page 1

NUACHTLITIR NUACHTLITIR 2022 2022

An Gleann

Baile an Sceilg

An Dromaid Cathair Dónall An Coireán

Fáilte romhaibh go dtí Nuachtlitir an Chomhchoiste agus an Phlean Teanga do 2022!

Thar ceann stiúrthóirí agus fhoireann an Chomhchoiste ba mhaith liom buíochas a gabháil d’aon duine a chabhraigh linn i rith na bliana Tar éis dhá bhliain a bhí thar a bheith dúshlánach ó thaobh Covid de tá sé go deas go bhfuil na seirbhísí ar fad in sna hIonaid áitiúla ar fáil arís. Táimid thar a bheith bródúil as an sár-obair a bhí ar siúl, táimid an-bhuíoch do na daoine a bhí ag obair go dian chun formhór ár seirbhísí a choimeád ar súil le linn na géarchéime.

Táimid buíoch don bpobal áitiúil a thacaíonn linn i gcónaí, gan bhur n-ionchur, bhur n-éileamh ar ár seirbhísí agus gan sibh a bheith sásta i gcónaí a bheith páirteach go gníomhach, ní bheadh aon Chomhchoiste ann! Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as a bheith ag léamh ár gcuid nuachta don bhliain sa nuachtlitir seo. Gúim gach ráth oraibh don Nollaig agus san Áthbhliain Áine Uí Bheoláin

Daidí na Nollag

Tháinig Daidí na Nollag chuig ócáid do thuismitheoirí agus leanaí a d'eagraigh Brí Uíbh Ráthaigh i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta i gCillín Liath agus ansin tháinig sé go dtí an Comhchoiste agus thug sé bronntanais iontacha do na leanaí a tháinig chun é a fheiscint!

On behalf of the directors and the staff of the Comhchoiste I would like to thank everyone who helped us during the year After two years that were extremely challenging in terms of Covid it is nice that all the services in the local Centres are available once again We are extremely proud of the excellent work that was going on, we are very grateful to the people who worked hard to keep most of our services up and running during the crisis.

We are grateful to the local community who always support us, without your input, your demand for our services and without you always being willing to be actively involved, there would be no Comhchoiste! We hope you enjoy reading our news for the year in this newsletter

I wish you all the best for Christmas and New Year. Áine Uí Bheoláin

Santa's Visit

Santa visited an event for parents and children organized by Brí Uíbh Ráthaigh in cooperation with Tuismitheoirí na Gaeltachta in Cillin Liath and then he visited the Comhchoiste office and gave wonderful presents to the children who came to see him!

Welcome to the Comhchoiste and Language Plan Newsletter for 2022!
Focal ón mBainisteoir Awordfromthemanager Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com

Bord an Chomhchoiste

Tháinig roinnt athruithe ar Bhord an Chomhchoiste agus d’éirigh Clíona Ní Bhraonáin, Mícheál Ó Sé agus Seán Ó Gealbháin as a bhí ag obair ar feadh na mblianta linn agus táimid fíorbhuíoch díobh as an obair ar fad a dheineadar mar bhaill den Bhord ar son phobal Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ba mhaith linn gach rath a ghuí orthu amach anseo

Seo hiad baill an Bhoird reatha: Mícheál Ó Braonáin (Cathaoirleach), Máirín Ní Shúilleabháin, Gearóid Ó Conchúir, Séamas Ó Curráin, Seán Ó Clúmháin, Philomena Ní Scanláin. Tá duine eile le ceapadh sa Dromaid

The Board of the Comhchoiste

There were some changes in the Board of the Comhchoiste with Clíona Ní Bhraonáin, Mícheál Ó Sé and Seán Ó Gealbháin, who worked with us for many years, resigning, and we are very grateful to them for all the work they did as members of the Board for the community of the Uíbh Ráthach Gaeltacht We wish them all the best in the future

The current Board members are: Mícheál Ó Braonáin (Chairman), Máirín Ní Shúilleabháin, Gearóid Ó Conchúir, Séamas Ó Curráin, Seán Ó Clúmháin, Philomena Ní Scanláin Another person is to be appointed in an Dromaid.

Seán Garvey

I mbliana chailleamar ár gcara dílis agus laoch mór Uíbh Ráthaigh, Seán Garvey, ceoltóir ábalta cumasach a bhfuil aithne ag an saol Fódlach air agus thar lear agus a raibh sé d’ónóir againn a bheith ag obair ina theannta. Ba dhuine lách séimh é Seán le croí mór agus bua an cheoil go smior ann. Ba dheacair a shárú a fháil agus leathnaigh sé cáil oidhreacht cheoil Uíbh Ráthaigh ar fud an domhain.

Bhí Seán ina Cheoltóir Cónaitheach le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ar feadh na mblianta agus is iomaí togra a dheineamar i dteannta a chéile. Táimid anashásta go raibh sé d’ádh orainn go raibh duine mar Sheán ag obair inár dteannta. Beidh a ghlór agus a mheangadh gáire séimh inár gcuimhne i gcónaí.

Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh Éigse na Brídeoige, Earrach 2023, tiomnaithe do chuimhne Sheáin.

This year we lost our loyal friend and great champion of Uíbh Ráthach, Seán Garvey, a talented musician who is well known throughout Ireland and abroad and with whom we were honoured to work. Seán was a kind person with a big heart and a great music talent. There was no-one else like him and he spread the fame of the musical heritage of Uíbh Ráthach around the world.

Seán was a Musician in Residence with Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh for many years and we did many projects together. We are very happy that we were lucky to have someone like Seán working with us. His voice and gentle smile will always be in our memory

It is very appropriate that Éigse na Brídeoige, Spring 2023, will be dedicated to Seán's memory.

Táimid ana-shásta a fhógairt go bhfuil Oifigeach Turasóireachta earcaithe ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus tá áthas orainn fáilte a chur roimh Aoibheann Lambe a bhfuil an post seo fachta aici Tá sé i gceist le hobair an Oifigigh tograí tuarasóireachta a fhorbairt agus a bhainistiú i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ar nós siúlóidí, Féile na Spéartha Dorcha agus na bearta i bPlean Forbartha Eispéireas Cuairteoirí Chósta na Sceilge a bhaineann leis an nGaeltacht. Tá ana-chuid taithí ag Aoibheann a bheith ag plé le cúrsaí ealaíne, cultúir agus oidhreachta, tá sí ag obair le LIVE Éiceamhúsaeim, is léithi an togra Iveragh Rock Art agus tá sí ina cathaoirleach ar Oidhreacht Uíbh Ráthaigh agus táimid ar bís faoi bheith ag obair léi Beidh Aoibheann ag tosnú sa phost i dtús mhí Feabhra.

We are very pleased to announce that Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh has recruited a Tourism Officer and we are pleased to welcome Aoibheann Lambe who has taken up this position The Officer's work involves developing and managing tourism projects in the Uíbh Ráthach Gaeltacht such as walks, the Dark Skies Festival and actions in the Skellig Coast Visitor Experience Development Plan relating to the Gaeltacht Aoibheann has a lot of experience dealing with matters of art, culture and heritage, she is working with LIVE Ecomuseum, she is the owner of the Iveragh Rock Art project and she is the chairperson of Iveragh Heritage and we are excited to be working with her. Aoibeann will be starting the job at the beginning of February

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie

Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com

Oifigeach Turasóireachta Tourist Officer Grianghraf le Con Kelleher

Bliana 5-year Plan

Dá bharr sin, eagraíodh roinnt chruinnithe i mBaile an Sceilg, sa Ghleann, sa Dromaid agus i gCathair Dónall chun deis a thabhairt do bhaill an phobail a gcuid tuairimí a roinnt le baill an Chomhchoiste agus le Breandán Ó Caoimh, tíreolaí agus soch-eacnamaí, atá ag scríobh an plean thar ceann an Chomhchoiste D’éirigh go maith leis na cruinnithe sin agus is féidir do thuairimí a nochtadh ar líne chomh maith, ag líonadh an fhoirm atá ar fáil ag www uibhrathach ie/ga/plean Is féidir an cód QR seo a úsáid chomh maith chun teacht ar an bhfoirm. Táimid fíorbhuíoch le gach éinne a d’fhreastail ar na cruinnithe agus a líon an fhoirm Mura raibh deis agat go dtí seo do thuairimí a léiriú, beimid buíoch díot dá bhféadfá an fhoirm ar líne a líonadh.

Therefore, a number of meetings were organized in Baile an Sceilg, An Gleann, An Dromaid and Cathair Dónall to give members of the community the opportunity to share their views with the members of the Comhchoiste and with Breandán Ó Caoimh, geographer and socioeconomist, who is writing the plan on behalf of the Comhchoiste

Those meetings were a success and you can also express your views online, by filling in the form available at www uibhratach ie/ga/plan This QR code can also be used to access the form

We are very grateful to everyone who attended the meetings and filled in the form If you have not had the opportunity to express your views so far, we would be grateful if you could fill in the online form.

Gteic Gteic

Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i mbun bainistíochta ar gteic Bhaile an Sceilg, mol digiteach de chuid Údarás na Gaeltachta ina bhfuil deascanna shealaíochta, nó hot desks, agus nasc leathanbhanda ar ardluas ar fáil Is féidir deasc a chur in áirithe ar an suíomh idirlín www.connectedhubs.ie.

Do

Ealaíontóirí

The Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh is managing the Baile an Sceilg Gteic, an Údarás na Gaeltachta digital hub, where hot desks and a high-speed broadband connection are available. A desk can be booked on the website www connectedhubs ie

agus Grúpaí Pobail For Artists and Community Groups

An bhfuil togra beag ealaíon i gcúl bhur gcinn agaibh le tamall anuas? Tabhair fé i 2023!

Beidh ciste nua maoinithe á fhógairt tré Áiteanna Ildánacha Uíbh Ráthaigh le haghaidh tograí nua ealaíon ag tús mhí Eanáir Fáilteófar roimh iarratais ó ealaíontóirí aonair agus ó ghrúpaí pobail chun roinnt tograí nua ealaíon a shamhlú do mhuintir Uíbh Ráthaigh Beidh glaoch oscailte agus tuilleadh eolais ar fáil go luath i mí Eanáir

Bígí ag faire amach dó!

Have you had a small arts project in the back of your mind for a while? Give it a go in 2023!

A new fund will be announced through Áiteanna Ildánacha Uíbh Ráthaigh for new arts projects at the beginning of January Applications are welcome from individual artists and community groups to think of new arts projects for the people of Uíbh Ráthach. An open call and more information will be available in early January

Look out for it!

Plean
Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag obair faoi láthair ar phlean 5 bliana, mar atá na heagraíochtaí pobail ar fad atá ag comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta Tá sé ríthábhachtach go mbeadh dearcadh agus tuairimí mhuintir Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh san áireamh agus an plean á ullmhú mar is do phobal Uíbh Ráthaigh agus lena thacaíocht a bheidh an plean seo á chur i bhfeidhm.
5
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh is currently working on a 5-year plan, as are all the community organisations collaborating with Údarás na Gaeltachta. It is vital that the views and opinions of the people of the Uíbh Ráthach Gaeltacht are taken into account when preparing the plan as it's for the people of Uíbh Ráthach and with their support that this plan will be implemented
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com

Tá seirbhís faoisimh do chúramóirí ar fáil ó Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus táimid buíoch le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as an maoiniú a chur ar fáil chun go bhféadfaí an tseirbhís seo a sholáthar do chúramóirí in Uíbh Ráthach Is é atá i gceist leis an tseirbhís seo ná deis a thabhairt do chúramóirí sos a thógaint uair sa tseachtain agus bíonn saineolaí cáilithe i láthair chun tacaíocht a thabhairt dóibh ag na seisiúin seo Tá an tseirbhís seo á cur ar fáil do 18 dteaghlach faoi láthair agus beirt ar Scéim Fostaíochta Pobail faoi scáth Family Carers Ireland.

Béilí ar rothaí

Táimid ana-shásta go bhfuil ag éirí go maith leis an tseirbhís Beilí ar Rothaí agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as an maoiniú a chur ar fáil dúinn lena rabhamar in ann James Mickey Ó Súilleabháin a fhostú a bhí ag cócaráil beilí sa Dromaid, i mBaile an Sceilg agus sa Choireán

Respite for Carers

A relief service for carers is available from Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh and we are grateful to the HSE for the funding to enable this service to be provided to carers in Uíbh Ráthach. The purpose of this service is to give carers the opportunity to take a break once a week with a qualified expert being present to support them at these sessions This service is currently being provided to 8 families and two people on the Community Employment Scheme under the auspices of Family Carers Ireland.

Meals on wheels

We are very happy that the Meals on wheels service is doing well and we would like to thank the HSE for providing us with the funding that enabled us to employ James Mickey Ó Súilleabháin who cooked meals in An Dromaid, Baile an Sceilg and Waterville.

Laochra CSP

Tá áthas orainn go bhfuil COVID dulta i léig agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann Chlár Seirbhísí Pobail (CSP) as an éacht oibre a dheineadar le linn na

CSP heroes

Faoiseamh do Chúramóirí
géarchéime sláinte agus as ár seanóirí a choimeád slán
sábháilte
We are glad that COVID has declined and we want to thank the Community Services Program (CSP) team for the work they did during the health crisis and for keeping our seniors safe and sound Staitisticí úsáid sheirbhísí pobail an Chomhchoiste in 2022: Béilí ar Rothaí 8,006 Úsáid an bhus 1,826 Úsáid na níolann 710 Staitisticí Statistics Statistics on the use of the Comhchoiste's community services in 2022: Meals on Wheels 8,006 Use of the bus 1,826 Use of laundries 710 Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com

An Plean Teanga

Tuismitheoirí agus leanaí

Bhí go leor ar siúl do theaghlaigh – ócáidí spraíúla le cluichí, scannáin, léamh leabhar, ceol agus bronntanais, ranganna rince ar an sean-nós le Clíona Ní Bhraonáin agus imeachtaí eile

Táimid buíoch le Tuismitheoirí na Gaeltachta, Tús Maith agus Niamh Ní Lonargáin as a gcabhair ag eagrú imeachtaí do theaghlaigh.

Parents and children

There was a lot going on for families – fun events with games, films, book readings, music and gifts, sean-nós dancing classes with Clíona Ní Bhraonáin and other events

We are grateful to Tuismitheoirí na Gaeltachta, Tús Maith and Niamh Ní Lonargáin for their help in organizing events for families

Más suim leat Gaeilge a úsáid le do leanaí ag baile agus a bheith páirteach sna hócáidí seo – bí i dteagmháil linn nó líon foirm ar líne ag www tinyurl com/clannaur

Comhchoiste

If you are interested in using Irish with your children at home and being involved in these events – get in touch with us or fill out an online form at www.tinyurl.com/clannaur.

Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com
PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS SOUTH KERRY LANGUAGE PLAN SOUTH KERRY LANGUAGE PLAN

Táimid ana-shásta leis an gcomhoibriú a bhí againn i mbliana leis na scoileanna Gaeltachta. Bhain na daltaí taitneamh as an gcéilí a d’eagraigh Mícheál Ó Sé, ár nOifigeach Oideachais, ghlac siad páirt i Maratón na bPáistí nuair a chaith siad 8 seachtaine ag cur breis béime ar chúrsaí aclaíochta, dheineadar cairdeas lena comhaoisigh i gConamara tríd an scéim Cairde Pinn a d’eagraigh Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta, bhí seisiún rannta agus amhrán acu le Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, tháinig réalteolaí chun insint dóibh faoi na réalta agus bhí ceardlann drámaíochta acu leis an aisteoir aitheanta Diarmuid de Faoite.

I measc rudaí eile a bhí ar siúl don aos óg:

ranganna aisteoireachta le Sinéad Silva; ranganna ceoil le Róisín Ní Riain agus Aisling Wharton; bunchlub óige le Antaine Ó Múineacháin

Táimid buíoch le Tuismitheoirí na Gaeltachta, Marina Ní Dhubháin agus Aedín Ní Bhriain as an gcabhair ag eagrú na himeachtaí seo.

We are very happy with the collaboration we had this year with the Gaeltacht schools.

Students enjoyed the céilí organized by Mícheál Ó Sé, our Education Officer, they took part in Kid's Marathon where they spent 8 weeks putting more emphasis on exercise and being fit, they made friends with their peers in Conamara through the Pen Pal scheme organized by the Gaeltacht Language Planning Officers, there was a nursury rhyme and song session with Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, an astronomer came to tell about the stars and there was a drama workshop with the well-known actor Diarmuid de Faoite

Other things organised for young people:

acting classes with Sinéad Silva; music classes with Róisín Ní Riain and Aisling Wharton; youth club with Antaine Ó Múineacháin

Scoil Cheoil an Earraigh Spring Music School

Chuaigh deichniúr ó Uíbh Ráthach chuig Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne faoi stiúir Gerardette Uí Chéilleachair agus Sailí Ní Mhurchú agus chaith siad cúig lá ansin i mbun ceoil, imeachtaí spraíúla eile agus thug siad cuairt ar áiteanna éagsúla thall i gCorca Dhuibhne

Ten young people from Uíbh Ráthach went to the Spring Music School in Corca Dhuibhne under the supervision of Gerardette Uí Chéilleachair and Sailí Ní Mhurchú and spent five days there playing music, doing other fun stuff and visiting places in Corca Dhuibhne.

Comórtas duolingo Duolingo competition

Parents from the three Gaeltacht schools took part in the Duolingo competition earning points for practicing Irish online and won a €150 voucher from the Údar online store to buy books for the school.

den Ghaeltacht.

na scoileanna seo oscailte do chách!

An t-Aos Óg agus Scoileanna Youth and Schools Scoil an Ghleanna Athghort, An Gleann Co Chiarraí V23 KV63 087 2951323 priomhoide@scoilanghleannapsn ie ScoilMhíchílNaofa BaileanSceilg Co Chiarraí V23PN30 0669479271 scoilmhichil78@gmail com Scoil Chillín Liath Maistir Gaoithe, Cill Áirne Co Chiarraí V23Y540 066-9474474 cillinliathns@gmail com
scoil
fiú agus tú i do
Is féidir leat
Ghaeltachta a roghnú
chónaí lasmuigh
You can choose a Gaeltacht school even if you live outside the Gaeltacht. These schools are open to everyone! Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com
Ghlac tuismitheoirí ó na trí scoil Ghaeltachta páirt sa chomórtas Duolingo ag saothrú pointí ag déanamh cleachtaidh Ghaeilge ar líne agus bhuadar dearbhán luach €150 ón siopa ar líne Údar chun leabhair a cheannach don scoil

Bíonn Oíche Chomhrá ar líne ar siúl gach Luan ag 8 pm faoi stiúir Hanna Ní Lochnáin. Tá an ciorcal comhrá seo ar siúl le os cionn dhá bhliain anois agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Hanna as a bheith sásta plé leis!

Bíonn Ciorcal Comhrá sa tigh tábhairne i gCathair Dónall gach Luan ag 8 pm chomh maith.

An online Conversation Night is held every Monday at 8 pm led by Hanna Ní Lochnáin. This conversation group has been running for over two years now and we would like to sincerely thank Hanna for being willing to discuss it! There is a Conversation Group in the pub in Caherdaniel every Monday at 8 pm as well

Cúrsaí Gaeilge Language courses

Bhí ranganna ar líne ar siúl againn san Earrach agus atosnaíomar ranganna TEG a bhí ar siúl trí bhliana ó shin saor in aisce dóibh siúd a d’íoc astu an uair sin ach nár éirigh leo iad a chríochnú de bharr na srianta.

Siúlóidí

Bhí sraith shiúlóidí eolais againn i gcomhar le Skellig CRI sa Dromaid, sa Lóthair agus i mBaile an Sceilg agus bhaineamar ana-thaitneamh as a bheith ag siúl le chéile agus as an eolas faoi ghnéithe difriúla de stair agus cultúr Uíbh Ráthaigh agus as an gcomhrá a d’eascair as an eolas a roinn na daoine eolacha linn ar na siúlóidí sin.

We held online classes in the Spring and restarted TEG classes that were held three years ago for free for those who had already paid for them then but were unable to complete them due to the restrictions

We had a series of walks and talks in association with Skellig CRI in An Dromid, An Lóthar and Baile an Sceilg and we really enjoyed walking together and learning about different aspects of the history and culture of Uíbh Ráthach and the conversations that arose from the information that the knowledgeable people shared with us on those walks

Coffee mornings

Bhí maidineacha caife againn in áiteanna áille – i gcaife Ahamore Tearooms i nDoire Fhíonáin, sa Bhothán sa Ghleann agus i gCaife cois Trá i mBaile an Sceilg.

Maidineacha caife Cóisir shamhraidh

Cóisir iontach a bhí againn i gCaife Cois Trá i mí Lúnasa Bhí ceol álainn sa chúlra ag Aisling Wharton agus Eilís Moriarty. Bhí ana-chuideachta againn agus táimid fíorbhuíoch le Hanna Ní Lochnáin agus Fiona Ní Ghliasáin as an chóisir a eagrú agus le Barbara Uí Chasaide as an áit a chur ar fáil dúinn

Más maith leat a bheith ar an eolas faoi cad a bhíonn á phlé ag pobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach – bí i do bhall de ghrúpa whatsapp UR ag caint Chun a bheith páirteach ní gá ach teachtaireacht a sheoladh chuig 0872153671 le teachtaireacht ‘UR ag caint’ agus scaoilimid isteach sa ghrúpa tú.

We had coffee mornings in beautiful places – in the Ahamore Tearooms café in Doire Fhíonáin, in An Bothán in the Glen and in Caifé cois Trá in Baile an Sceilg

Summer party

We had a great party in Caifé cois Trá in August There was beautiful music in the background by Aisling Wharton and Eilís Moriarty We had great company and we are very grateful to Hanna Ní Lochnáin and Fiona Ní Ghliasáin for organizing the party and to Barbara Uí Chasaide for making the place available to us.

Whatsapp group

If you would like to know what is being discussed by the Irish-speaking community in Uíbh Ráthach – be a member of the UR ag caint whatsapp group To join just send a message to 0872153671 with the message 'UR ag caint' and we'll let you into the group Comhchoiste

Ciorcail Chomhrá ConversationGro
Grúpa Whatsapp Walks
Theas –
Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí
0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com

Bhí dhá ócáid iontach ar siúl ar Oíche Chultúir a thugamar tacaíocht dóibh: M’fhocal – m’ealaín sa Ghleann: bhí deis acu siúd a tháinig machnamh a dhéanamh ar na focail a ritheann leo agus iad ar an trá agus ansin píosa ealaíne a chruthu bunaithe air sin Is iad Sinéad Silva agus Niamh Ní Lonargáin a d’eagraigh an ócáid seo

Mic Oscailte i mBaile an Sceilg: oíche cheoil agus amhránaíochta a raibh deis ag gach aon duine a bheith páirteach inti agus ba é Séaghan Ó Súilleabháin – An Kerry Cowboy – a bhí ina fhear an tí ar an oíche Is iad Sailí Ní Mhurchú, Ann-Marie Uí Shúilleabháin agus Gerardette Uí Chéilleachair a d’eagraigh an ócáid seo

Cuireadh tús i mbliana le féile nua –Aon Scéal? – a bhfuil béim aici ar an ealaín bhéil Is í Edel Ní Bhraonáin atá laistiar den bhféile agus d’éirigh léi féin agus lena foireann ócáidí den scoth a eagrú don deireadh seachtaine

Taifeadadh podchraoladh a bhfuil antóir air agus a chraoltar ar Raidió RTÉ1 – Beo ar Éigean – os comhair lucht féachana i gcaifé an Driftwood sa Ghleann.

Ansin sa tráthnóna bhí oíche filíochta REIC le Ciara Ní É mar bhean an tí in ionad ealaíne Chill Rialaig i mBaile an Sceilg

There were two great events on Culture Night that we supported:

M’fhocal – m’ealaín, My word – my art, in the Glen – those who came had the opportunity to reflect on the words that come to their mind while on the beach and then create a piece of art based on that This event was organized by Sinéad Silva and Niamh Ní Lonargáin

Mic Oscailte, Open Mic, in Baile an Sceilg – a night of music and singing where everyone had the chance to join in and Séaghan Ó Súilleabháin – The Kerry Cowboy –was the MC on the night This event was organized by Sailí Ní Murchú, Ann-Marie Uí Súíleabháin and Gerardette Uí Chéilleachair.

This year saw the start of a new festival – Aon Scéal? – with an emphasis on verbal arts Edel Ní Bhraonáin is behind the festival and she and her team managed to organize excellent events for the weekend

A popular podcast broadcast on RTÉ Radio 1 – Beo ar Éigean – was recorded in front of an audience at the Driftwood café in the Glen

Then in the evening there was a REIC poetry night with Ciara Ní É as the MC in the Cill Rialaig art centre in Baile an Sceilg.

Coiste Tograí Pobail Community Project Fund

Tá Ciste Tograí Pobail fógartha againn chun tacaíocht a thabhairt do thograí ina bhfuil an Ghaeilge lárnach: is féidir linn suas le €500 de chostaisí togra pobail a íoc ar ais ón gciste seo Chun leas a bhaint as an gciste, líon an fhoirm atá ar fáil sa Chomhchoiste.

We have a Community Projects Fund to support projects where Irish is central: we can pay back up to €500 of community project costs back from this fund To benefit from this fund, please fill in the form available from the Comhchoiste.

Oíche Chultúir Culture Night Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh Ceann Eich Cathair Saidhbhín Co.
V23
066
eolas@comhchoiste.ie pleanteangaur@gmail.com Nollaig Shona! Agus Athbhliain faoi mhaise daoibh!
Chiarraí
R894
9474888
Aon Scéal? – Féile nua Aon Scéal? – A new festival

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.