NUACHTLITIR h g i a h t á R h 2025 Uíb Cathair Saidhbhín An Dromaid An Gleann An Coireán Baile an Sceilg Cathair Dónall Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh Brí Uíbh Ráthaigh, Plean Teanga Ghaeltacht Chiarraí Theas Cathair Saidhbhín le Gaeilge, Plean Teanga Chathair Saidhbhín Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh Gteic Uíbh Ráthaigh Cumas Ceantar Binneas Scéimeanna fostaíochta Údarás na Gaeltachta
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh Brí Uíbh Ráthaigh, the South Kerry Gaeltacht Language Plan Cathair Saidhbhín le Gaeilge, the Cahersiveen Language Plan Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh Gteic Uíbh Ráthaigh Cumas Ceantar Binneas Údarás na Gaeltachta employment schemes
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh Thar ceann stiúrthóirí agus fhoireann an Chomhchoiste ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le haon duine a chabhraigh linn i rith na bliana.
On behalf of the directors and the team I want to sincerely thank everyone who helped and supported us during the year.
Tá fás agus forbairt ar chúrsaí Ealaíne sa cheantar tríd an togra Cumas Ceantar agus go leor imeachtaí iontacha ar siúl go rialta. Tugann an Ciste Beag tacaíocht dos na himeachtaí seo agus spreagadh dos na healaíontóirí agus don phobal chun a bheith páirteach. Bígí ag faire amach ar na meáin shóisialta agus ar an suíomh www.cumasceantarur.ie. Beidh fáilte roimh aon smaointí ón bpobal a sheoladh ar ríomhphoist chuig ealain@comhchoiste.ie.
There is a huge growth and development in the Arts in the community through the Creative Places Project with fantastic events on a regular basis. The Ciste Beag small grants has supported many of these events and has inspired the artists and the community to take part in the creativity. Follow the social media and the website for news about more exciting happenings www.cumasceantarur.ie . We welcome any suggestions through ealain@comhchoiste.ie.
Ar ábhar eile, agus fós ceangailte le cúrsaí ealaíne, tá deascéal agam tar éis blianta ag iarraidh teacht ar fhoinsí maoinithe chun obair cothabhála a dhéanamh ar Thigh Bhríde nó an seanscoil sa Ghleann Móir. Tá dhá dheontas faighte agam ó CLÁR agus an Chiste Aitheantais Pobail. Tá an obair tosaithe agus beidh áis iontach againn le haghaidh go leor imeachtaí, ócáidí sóisialta, cúrsaí, spás d’ealaíontóirí agus músaem don ábhar iontach a bhailigh Bríd Ní Chonaill thar na blianta agus an t-ábhar ón scoil. Nuair a bheidh an obair ar fad déanta beidh ceiliúradh againn agus beidh an foirgneamh tiomnaithe do chuimhne Mháire Bean Uí Shé, a deirféar Bríd agus Eibhlín Bean Uí Churráin triúr le spiorad, ómós áite agus fís. Ní bheidh a leithéidí arís ann.
On another subject but still tied to the arts I have received great news after many years of trying to source funding for repairs to the old school in Glenmore Tigh Bhríde. I have two grants secured through the Community Recognition Scheme and CLÁR. Work has started and on completion we will have a fantastic centre for all sorts of activities and social events, space for artists, courses, classes of all sorts, a museum space for all the wonderful artefacts collected by Bríd Ní Chonaill down the years as well as the work of the scholars who attended the school. When all the refurbishment is complete we will celebrate and dedicate the building to the memory of Máire Bean Uí Shé, her sister Bríd and Eileen Curran three great women with spirit, pride of place and vision. Their likes will not be seen again.
I mbliana fuaireamar deontas ón Comhairle Oidhreachta don togra Binneas chun obair a dhéanamh ar dhigitiú an ábhair atá sa bhailiúchán. Téir go www.binneas.com chun teacht ar an taisce saibhir a bheidh ann dos na glúinte atá le teacht. Bhí Peter Mullarkey agus an togra Binneas lárnach i gceiliúradh 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill i nDoire Fhíonáin i mbliana agus i gceiliúradh 240 bliain ó rugadh Tomás Rua Ó Súilleabháin. Má tá bronntanais speisialta ag teastáil do dhuine éigin i do shaol nó duit féin smaoinigh ar an mbailiúchán Binneas in iomlán €45 nó na leabhar singil ar fad ar an suíomh.
This year we were fortunate to be granted funding through the Heritage Council for the Binneas project which allowed Peter Mullarkey to digitise some of the material. Go to www.binneas.com to see the rich treasure of music and song from the area which will be available for future generations. Peter and the Binneas project were central to the Daniel O Connell 250 celebrations in Doire Fhíonáin this summer and also at the recent celebration of the life and work of Tomás Rua Ó Súilleabháin. If you are tearing your hair out trying to get that gift which will keep on giving for generations, why not purchase the Binneas Collection for yourself or someone special. The complete set is available for €45 or each book can be purchased separately from the site.
Táimid buíoch don bpobal áitiúil a thacaíonn linn i gcónaí, gan bhur n-ionchur, bhur n-éileamh ar ár seirbhísí agus gan sibh a bheith sásta i gcónaí a bheith páirteach go gníomhach, ní bheadh aon Chomhchoiste ann! Táimid fíorbhuíoch as an dtacaíocht a thagann ó Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon, An Chomhairle Oidhreachta, POBAL, Solas, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Comhairle Contae Chiarraí, Nasc Áitiúil Chiarraí/ Iompar Éireann. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as a bheith ag léamh an nuacht don bhliain sa nuachtlitir seo. Guím sláinte agus gach rath oraibh agus ar bhur gclann don Nollaig agus don Athbhliain. Go mbeirimid beo ag an am seo arís.
We are hugely grateful to community who use our services and support our efforts, without you there would be no Comhchoiste. We are very grateful to our funders, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, POBAL, Solas, HSE, Arts Council, Kerry County Council, Transport for Ireland / Local Link Kerry I hope you enjoy reading our news and I wish you and all your families all the very best of Health and Happiness for Christmas and the New Year. Go mbeirimid beo ag an am seo arís.
Áine Uí Bheoláin Blain i bhfigiúirí Béiltí ar Rothaí / Meals on Wheels 5982 Béiltí san ionad / Meals in the centre 2096 Úsáid na mbusanna / Use of busses 846 Úsáid an naíolainne / Use of laundry 1004 Glaochanna teileafóin nó cuairteanna baile / Phone calls or home visits 620
Bord an Chomhchoiste Micheál Ó Braonáin Cathaoirleach Máirín Ní Shúilleabháin Baile 'n Sceilg Gearóid Ó Conchubhair, An Gleann, Rúnaí Séamus Ó Curráin, an Gleann Mór/an Lóthar Philomena Uí Scanláin, Cathair Dónall Aodán MacAmhlaoibh, An Coireán Micheál Ó hAilíosa, An Dromaid
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Brí Uíbh Ráthaigh Tuismitheoirí agus leanaí
PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS SOUTH KERRY LANGUAGE PLAN
Parents and children
Táimid buíoch le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Tús Maith as a gcabhair ag eagrú imeachtaí do theaghlaigh. Cuairteanna baile agus Tóraíocht na Cásca le Tús Maith. Ár mbuíochas le Niamh Ní Lonargáim, Dee O’Shea agus Orlaith Ruiséal. Imeachtaí ‘Cuideachta’ agus ‘Comhrá Teaghlaigh’ le Tuismitheoirí na Gaeltachta do thuismitheoirí agus leanaí.
We are grateful to Tuismeisteroií na Gaeltachta and Tús Maith for their help in organising events for families. Home visits and Easter Egg Hunt with Tús Maith. Our thanks to Niamh Ní Lonargáim, Dee O’Shea and Orlaith Ruiséal. ‘Cuideachta’ and ‘Comhrá Teaghlaigh’ events with Gaeltacht Parents for parents and children.
The Youth
An t-Aos Óg Táimid ana-shásta leis an méid a dheineamar i mbliana don aos óg: ranganna ceoil le Róisín Ní Riain agus le Gemma Musgrave i rith na scoilbliana chuaigh grúpa ar turas go Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne Thacaíomar le club iománaíochta / camógaíochta ‘Uíbh Ráthach’ a dheineann a ghnó agus an traenáil trí Ghaeilge Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le Antaine Ó Múineacháin agus leo siúd a chabhraíonn leis as club óige An Ghleanna/Bhaile an Sceilg a choimeád ar siúl.
We are very pleased with what we have done this year for the youth: music classes with Róisín Ní Riain and Gemma Musgrave during the school year a group went on a trip to Scoil Cheoil an Earraigh in Corca Dhuibhne We supported the hurling/camogie club 'Uíbh Ráthach' which conducts its business and training through Irish We would like to express our gratitude to Antaine Ó Múineacháin and those who help him for keeping the An Ghleanna/Bhaile an Sceilg youth club running.
Thóg sé roinnt blianta orainn post an Oifigigh Óige, atá fógartha ar phríomhleathanach na nuachtlitreach seo, a bhaint amach don cheantar. Agus táimid dóchasach go ndéanfaidh an duine a cheapfar ana-dhifríocht don aos óg in Uíbh Ráthach agus dá nasc leis an nGaeilge. Scaipigí an scéal faoin bpost seo le bhur dtoil!
It has taken us several years to secure the position of Youth Officer for the area, which is advertised on the front page of this newsletter. And we are confident that the person appointed will make a real difference to the youth of Uíbh Ráthach and its connection to the Irish language. Spread the news about this position please!
Oifigeach Oideachais
Education Officer
Tá an tAonad Gaeilge i gColáiste na Sceilge ag dul ó neart go neart. Ó am dianghlasála Covid, tá na huimhreacha ag fás bliain i ndiaidh bliana. I mbliana is san Aonad Gaeilge atá an rang is mó sa chéad agus sa tríú bliain agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh sé mar an gcéanna an bhliain seo chugainn.
The Aonad Gaeilge in Coláiste na Sceilge is going from strength to strength. Since the time of the Covid lockdown, the numbers have been growing year on year. This year the largest classes in the first and third years are the Aonad and it looks like it will be the same next year.
Táim ag déanamh ranganna saor in aisce le haghaidh daltaí bunscoile i gColáiste na Sceilge. Tá na ranganna seo ag freastail ar dhaltaí ó rang a ceathair go dtí rang a sé agus bhí níos mó ná seachtó dalta ag freastal ar na ranganna seo.
I am doing free classes for primary school students in Coláiste na Sceilge. These classes cater for students from class four to class six and more than seventy students attended these classes.
Tá gach scoil sa cheantar ag glacadh páirt i spórt as Gaeilge go seachtainiúil. Tá gach scoil ag tabhairt tacaíocht don obair atá ar siúl agam agus do dhul chun cinn an Aonaid agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil as an tacaíocht sin. Tá áthas orm a rá go bhfuil todhchaí an Aonaid ag féachaint dearfach.
All schools in the area are taking part in weekly sports in Irish. All schools are supporting the work I am doing and the progress of the Aonad and I would like to thank them for that support. I am pleased to say that the future of the Aonad is looking promising.
Tacaíochtaí
Mícheál Ó Sé
Tá tacaíochtaí ar fáil ó Bhrí Uíbh Ráthaigh do mhic léinn tríú leibhéal atá i mbun cúrsa trí Ghaeilge (ní gá gur faoin nGaeilge a bheadh sé) Ciste Tograí Pobail comharthaí agus suaitheantais do ghnóthanna gur mhaith leo a thaispeáint gur féidir le custaiméirí a ngnó a dhéanamh i nGaeilge Tá tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí seo ar ár suíomh idirlín www.briur.ie.
Supports There are supports available from Brí Uíbh Ráthaigh for third level students who are taking a course through Irish (it does not have to be about Irish) Community Projects Fund signs and badges for businesses that want to show that customers can do their business in Irish There is more information about these supports on our website www.briur.ie.
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Opportunities to use Irish
Deiseanna Gaeilge a úsáid
Here are some of the events organised: 'Éigse na hAoine', in collaboration with Cumas Ceantar, Éigse na Brídeoige and Cathair Saidhbhín le Gaeilge: music, singing and storytelling events throughout the year. There were Irish-language events at the Dark Sky Festival and at the Archeology Festival, our thanks to the organizing team of these festivals. Siúl and Gaeilge: walks throughout Uíbh Ráthach. We are very grateful to Aoibheann Lambe who guided these walks for us. Conversation groups: online with Hanna Ní Lochnáin, in Cillín Liath with Mícheál Ó Ailíosa and in Cathair Dónall. We helped community members organise Conversation Groups and Coffee Mornings in Cillin Liath, Waterville, Caherdaniel and the Glen. Our thanks to Mícheál Ó hAilíosa, Michael O’Shea, Michael Keating, Victoria Gregory and Ruth Brophy for organising them locally. We supported Éigse na Brídeoige and the Aon Scéal festival in September. Our thanks to the organisers. Quiz night in Cathair Dónall. Our thanks to Seán Ó Caoimh for preparing the questions and for being the MC. Commemoration of the 240 anniversary of Tomás Rua Ó Súilleabháin.
Seo cuid de na himeachtaí a eagraíodh: ‘Éigse na hAoine’, i gcomhar le Cumas Ceantar, Éigse na Brídeoige agus Cathair Saidhbhín le Gaeilge: imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scéalaíochta i rith na bliana. Bhí ócáidí Gaeilge ag Féile na Spéartha Dorcha agus ag an bhFéile Seandálaíochta, ár mbuíochas le foireann eagraithe na bhféilte seo. Siúl agus Gaeilge: siúlóidí coicísiúla ar fud Uíbh Ráthaigh. Buíochas ollmhór le hAoibheann Lambe, a threoraigh na siúlóidí sin dúinn. Ciorcail chomhrá: ar líne le Hanna Ní Lochnáin, sa Dromaid le Mícheál Ó hAilíosa agus i gCathair Dónall. Chabhraíomar le baill an phobail Ciorcail Chomhrá agus Maidineacha Caife a eagrú i gCillín Liath, sa Choireán, i gCathair Dónall agus sa Ghleann. Ár mbuíochas le Mícheál Ó hAilíosa, Michael O’Shea, Michael Keating, Victoria Gregory agus Ruth Brophy as iad a eagrú go háitiúil. Thacaíomar le hÉigse na Brídeoige agus leis an bhféile Aon Scéal i Meán Fómhair. Ár mbuíochas le lucht a n-eagraithe. Tráth na gCeist i gCillín Liath sa Dromaid. Ár mbuíochas le Seán Ó Caoimh as na ceisteanna a ullmhú agus as a bheith ina fhear an tí. Comóradh 240 bliain ó rugadh Tomás Rua Ó Súilleabháin.
Ranganna Gaeilge
Irish classes
Bhí ranganna Gaeilge ar siúl i rith na bliana ar fad agus 254 uair an chloig de ranganna múinte a bhuí lenár dteagascóirí pobail: Dee O’Shea Kieran Sugrue Síle Uí Shiochrú Helen Richmond Ruth Brophy Bríd Uí Bhraonáin Táimid thar a bheith buíoch dár dteagascóirí pobail iontacha! Más maith leatsa a bheith i do theagascóir pobail, bí i dteagmháil linn!
We had Irish classes running throughout the year with 254 hours of classes taught thanks to our community tutors: Dee O’Shea Kieran Sugrue Síle Uí Shiochrú Helen Richmond Ruth Brophy Bríd Uí Bhraonáin We are extremely grateful to our wonderful community tutors! If you’d like to be a community tutor, get in touch with us!
D’éirigh linn chomh maith ranganna Gaeilge atá ag eagrú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí a thabhairt go hUíbh Ráthach agus tá 2 chúrsa TEG ar siúl in Ionad Uí Chonaill i gCathair Saidhbhín. Tá cúrsa ‘Éalaín agus Gaeilge’ á múineadh i dTech Amergin ag Helen Richmond, duine dár dteagascóirí pobail.
We also succeeded in bringing Irish classes organised by Kerry ETB to South Kerry with two courses being run in the O’Connell Centre in Cahersiveen. Another course ‘Art and Irish’ is taught in Tech Amergin by Helen Richmond, one of our community tutors.
Deiseanna rialta Gaeilge a chleachtadh Regular opportunities to practice Irish
Cathair Saidhbhín
Sána Gaelainne, Aoine 6:00 pm, Maidin chaife, Déardaoin 10 am, caiféanna éagsúla Cuas Cromtha Coffee morning for beginners, Thursdays 11 am, various cafés Ciorcal comhrá, Déardaoin 6:30, an leabharlann
An Gleann
An Dromaid An Coireán Baile an Sceilg Cathair Dónall
Course/Conversation group for beginners Every second Tuesday 11 am, Daycare Centre
Maidin chaife, Aoine 10 am, Caife cois Trá
Ciorcal comhrá, Máirt 8 pm, Ionad na Dromoda
Ciorcal comhrá, Máirt 7 pm, The Villa
Maidin chaife, Aoine 11 am, Tide & Thyma Ciorcal comhrá, Céadaoin 8 pm, an tigh tábhairne
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Cathair Saidhbhín le Gaeilge Bhí an-bhliain go deo againn i gCathair Saidhbhín. Táim an-bhuíoch de gach éinne a d’fhreastail agus a chabhraigh leis na himeachtaí uile. Táim ag baint triail as rudaí nua agus ag foghlaim i gcónaí. Níl ach ina thús.
Séaghan Ó Súilleabháin
Cupán ‘s Comhrá Bailímid gach maidin Dhéardaoin i gcafé éagsúil i gCathair Saidhbhín. Bíonn comhrá againn ar gach aon saghas ábhair faoin spéir, buaicphointe na seachtaine is ea é!
Ón dTalamh Amach Oíche cheoil agus amhránaíochta a tharlaíonn i Mike Murt’s uair sa mhí. Tá an t-imeacht seo i ndiaidh na sluaite a mhealladh agus roinnt laochra i saol an cheoil, ina measc Breandán Ó Beaglaoich agus Sláine Ní Chathalláin. Gan dabht, bíonn réalta áitiúla i láthair go tréan leis, leithéidí Tim Dennehy, Róisín Ní Riain… D’fhéadfainn an lá a chaitheamh á n-ainmniú! Déantar an oíche seo i gcuimhne ar an sárcheoltóir Seán Garvey agus ár míle buíochas le Laoise Nic Aogáin as a eagrú.
We had a great year in Cathair Saidhbhín. I’m really grateful to everyone who attended and helped with all the events. I’m trying out new things and always learning. We’re only getting started.
Coffee Morning Every Thursday morning we gather in a different café around Cathair Saidhbhín. We discuss every topic under the sun, it’s the highlight of the week!
Ón dTalamh Amach A singing and music night that happens once a month in Mike Murt’s. This event has drawn many’s the crowd and some champions of the music world, among them Breandán Ó Beaglaoich and Sláine Ní Chathalláin. There’s a great showing of local talent too of course, the likes of Tim Dennehy, Róisín Ní Riain… I could give the day naming them! This night is held in memory of the great musician Seán Garvey, thanks so much to Laoise Nic Aogáin for organising.
Walks
Siúlóidí Is cinnte gur shroich an Ghaelainn airde nua i gCathair Saidhbhín i mbliana. Dheineamar roinnt mhaith dreaptha, ó Chlochán Mhac Choinn go sleasaibh Bhinn a’ Tí. Níl seomra ranga níos fearr ann.
Imeachtaí Óige Bhí roinnt againn i mbliana don aos óg. Ceardaíocht le Victoria, ceiliúradh na Cásca agus na Nollag chomh maith le cuairt ar shaoire Ghaeltachta Ghlór na nGael.
Pop Up Gaeltacht Ní fédir a shéanadh go rabhamar sóisialta! Bíonn Pop Up Gaeltacht uair sa ráithe againn. An mó oíche amuigh a bhaineann amach an Irish Independent?!
Ciorcail Chomhrá Bíonn Ciorcal Comhrá sa leabharlann gach Déardaoin ag 6:30i.n. a bhuíochas le Nóirín Uí Néill agus gach maidin Dé hAoine in Ionad Lae Naomh Áine a bhuíochas le Deirdre Ní Shéaghdha.
The Irish language certainly reached new heights in Cathair Saidhbhín this year. We did a nice bit of climbing, from Castlequin to the slopes of Binn a’ Tí. There’s no better classroom!
Young people We had a nice bit for the kids this year. Craftwork with Victoria, celebrating Easter and Christmas as well as a visit to the Glór na nGael Gaeltacht trip.
Pop Up Gaeltacht It can’t be denied that we were very social! We have a Pop Up Gaeltacht every three months. How many nights out make it into the Irish Independent?!
Conversation Circles There’s a Ciorcal Comhrá in the library every Thursday at 6:30pm thanks to Nóirín Uí Néill and every Friday morning in St. Anne’s Day Centre thanks to Dee O’Shea.
Céilí
Céilí Dheineamar comhoibriú le Brí Uíbh Ráthaigh agus Forbairt na Dromoda le roinnt ceardlanna ar an gcéilí a rith agus Céilí Mór san Inny ina dhaidh. Buíochas ar leith le Christy Mac Gearailt agus Tadhg Ó Rinn.
Sána Gaelainne Agus ina dhiaidh san ar fad, cuirimid dínn an tseachtain sa Sána Gaelainne. 6pm gach Aoine i gCuas Crom. Nach againn atá an saol?
We colabaorated with Brí Uíbh Ráthaighand Forbairt na Dromoda to run a few céilí workshops and eventually the Céilí Mór san Inny. Special thanks to Christy Mac Gearailt and Tadhg Ó Rinn.
Sána Gaelainne And after all that, we sweat out the week in the Irish language sauna. 6pm every Friday in Cuas Crom. Haven’t we the life?
Cathair Saidhbhín le Gaeilge – 087 711 7870, cathairsaidhbhin@glornangael.ie, www.beacons.ai/cslegaeilge
Cumas Ceantar Bhí bliain an-ghníomhach agus chruthaitheach ag Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh, agus tacaíocht á cur ar fáil do ealaíontóirí, grúpaí pobail agus daoine aonair ar fud an cheantair trí thionscnaimh chuimsitheacha atá fréamhaithe san áit. Thug clár Tochail deis do phobail oibriú i ndlúthpháirtíocht le healaíontóirí chun freagraí cruthaitheacha a fhorbairt bunaithe ar an áit, ar an oidhreacht agus ar thaithí bheo na ndaoine, rud a neartaigh ceangail laistigh agus idir pobail. I rith 2025, cuireadh dhá bhabhta den scéim Ciste Beag i bhfeidhm, agus fuair beagnach 40 duine agus grúpa tacaíocht. Chabhraigh na deontais seo le réimse leathan gníomhaíochtaí a chur ar siúl, ag cinntiú go bhfuair daoine an tacaíocht ag céimeanna éagsúla dá dturas cruthaitheach. Bhí rath leanúnach freisin ar an Tionól, ócáid mhíosúil líonraithe chruthaithigh de chuid Chumas Ceantar. Tugann na cruinnithe oscailte fáiltiúla seo deis d’ealaíontóirí, do ghrúpaí pobail agus do dhaoine cruthaitheacha teacht le chéile, smaointe a roinnt agus comhoibrithe nua a fhorbairt — tá fáilte roimh chách. Ba chuid de ghrúpa eagraithe Éigse na hAoine é Cumas Ceantar chomh maith, ag tacú le healaíona agus le gníomhaíochtaí cultúrtha trí Ghaeilge agus ag ceiliúradh na cruthaitheachta ar fud Uíbh Ráthaigh. Buíochas ó chroí leis na healaíontóirí, leis na rannpháirtithe agus leis na comhpháirtithe ar fad, agus go háirithe leis an gComhchoiste, as a gcuid oibre agus tiomantais i rith na bliana. Ag féachaint chun cinn, beidh deiseanna spreagúla sa bhliain nua, ar nós Country OK, tionscadal léiriúcháin rince a bheidh ag teacht go hUíbh Ráthach i mí Feabhra. Osclófar an Ciste Beag arís i mí Feabhra. Tá Cumas Ceantar ag tnúth go mór le tionscadail, comhoibrithe agus féidearthachtaí cruthaitheacha nua i 2026.
Binneas
Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh has had a very active and creative year, supporting artists, community groups and individuals across the region through a range of inclusive, place-based initiatives. The Tochail programme enabled communities to work closely with artists in developing creative responses rooted in local place, heritage and lived experience, strengthening connections within and between communities. During 2025, two rounds of the Ciste Beag micro-grant scheme were delivered, with nearly 40 individuals and groups supported. These grants helped make possible a wide range of activity, ensuring that support reached people at different stages of their creative journey. The year also saw the continued success of Tionól, Cumas Ceantar’s monthly creative network gathering. These open and welcoming events bring together artists, community groups and creatives from across the area to connect, share ideas and build collaborations, with everyone welcome to attend. Cumas Ceantar was also part to Éigse na hAoine, supporting Irish-language arts and cultural activity and helping to celebrate creativity through Gaeilge across Uíbh Ráthaigh. Sincere thanks are extended to all the artists, participants and partner organisations involved, and in particular to the Comhchoiste and steering group, whose dedication and voluntary work continue to make this programme possible. Looking ahead, the new year brings exciting opportunities, including Country OK, a dance performance project arriving in Iveragh in February. The Ciste Beag micro-fund will also reopen in February. Cumas Ceantar looks ahead with excitement and optimism to the creative projects, partnerships and possibilities that 2026 will bring.
I 2025, chruthaigh Peter Mullarkey, cartlannaí agus coimeádaí an bhailiúcháin Binneas, Cosán Oidhreachta Dhónaill Uí Chonaill i dtailte Thigh Dhoire Fhíonáin. Is féidir an cosán seo a leanúint ar shuíomh idirlín Binneas agus an ceol agus na amhráin a chloisint trí chliceáil ar na naisc.
In 2025, Peter Mullarkey, the archivist and curator of the Binneas Collection, created the Daniel O’Connell Heritage trail in the grounds of Derrynane House. This trail can be followed remotely on the Binneas website and the music and song can be heard by clicking on the links.
Sheinn Peter ag an ócáid Stáit i dTeach Dhoire Fhíonáin ag comóradh 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill, agus shocraigh sé an ceol agus na hamhráin don ócáid. Is ón mbailiúchán Binneas a roghnaigh sé iad agus bhí baint acu le Dónall Ó Conaill.
Peter performed at, and arranged the music and song for the State event to commemorate the 250th Anniversary of the birth of Daniel O’Connell at Derrynane House. The music and song was drawn from the Binneas Collection and had a connection to Daniel O’Connell.
Cuireadh bailiúchán amhrán agus taifeadtaí Molly Coffey ar fáil ar an suíomh idirlín www.binneas.ie/mollycoffey, trí chomhoibriú le Cumas Ceantar agus Brí Uíbh Ráthaigh. Is bailiúchán é de 62 amhrán agus 34 taifead chomh maith le scananna den lámhscríbhinn bhunaidh agus trascríbhinní. Is foinse luachmhar é de cheoil áitiúil sna 1930dí.
The Molly Coffey collection of songs and recordings became available to enjoy on the website www.binneas.ie/mollycoffey, through a collaboration with Cumas Ceantar and Brí Uíbh Ráthaigh. It is a collection of 62 songs and 34 recordings along with scans of the original manuscript and transcriptions. It is an invaluable source of the local repertoire in the 1930’s.
Fuair Binneas maoiniú ón gComhairle Oidhreachta chun ábhar ón mbailiúchán a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal tríd an suíomh idirlín. Cruthaíodh léarscáileanna idirghníomhacha chun cabhrú ábhar a fháil ar an suíomh idirlín. Tá go leor thaifeadtaí de cheol, amhráin, scéalta agus agallaimh ón gceantar ar fáil ar an suíomh idirlín anois. Agus tá na céadta amhrán agus fonn ón gceantar, buncháipéisí san áireamh, ar fáil anois le léamh agus le taitneamh a bhaint astu. D'eagraigh Binneas roinnt ceolchoirmeacha áitiúla ina raibh ceol agus amhráin ón mbailiúchán Binneas á seinnt. Is féidir cuid de na hamhráin agus den cheol ó na ceolchoirmeacha seo a fheiscint ag www.binneas.ie/videos.
Binneas secured funding from the Heritage Council to digitise and make publicly available content from the collection via the website. Interactive maps were created to help navigate the content on the website. Hours of sound recordings of music, song, story and interview from the area are now available on the website. Hundreds of songs and tunes from the area including original documents are now available to read and enjoy. Binneas organised a number of local concerts performing music and song from the Binneas Collection. Some of the songs & music from these concerts can be viewed at www.binneas.ie/videos.
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh Bunaíodh Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh in 2017 agus é mar aidhm aige struchtúr laghdú dhaonra Ghaeltacht Chiarraí Theas a stopadh, agus bhí sé ag leanúint dá Phlean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm le linn 2025. Tá ionadaithe ó ghníomhaireachtaí stáit, ó chomhlachtaí oideachais, ó lucht gnó agus ón earnáil phobail ar an Tascfhórsa. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoina bhfuil sa phlean agus an iliomad gníomhartha atá ann tá cóip dhátheangach ar fáil ar an suíomh idirlín www.liveworkiveragh.ie. Seo blaiseadh de na tionscadail a raibh baint againn leo in 2025. Tithíocht: Tá ganntanas tithíochta fós ina fhadhb shuntasach. I mí Feabhra 2024, sheol Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh Tógra Tithíochta Uíbh Ráthaigh – treoirphlean do thithíocht faoi stiúir an phobail. Níos luaithe i mbliana, d’oibrigh triúr ealaíontóirí le pobail áitiúla ar cheisteanna tithíochta. Táimid tar éis iarratas a dhéanamh chuig an rialtas ar mhaoiniú tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe chun an treoirphlean seo a chur i bhfeidhm, agus táimid ag leanúint ar aghaidh ag obair air. Sláinte: Leanann an Tascfhórsa ar aghaidh ag tacú le coimeád agus feabhsú na seirbhísí sláinte sa réigiún. Bhí baint againn le tacaíocht a thabhairt do thionscadail atá maoinithe tríd an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh sa Dromaid: tá dhá thionscadal iontacha ag teacht chun críche trí obair chrua atá ar bun go háirithe ag Mike Cahillane Comhpháirtíocht Chiarraí Theas, Forbairt na Dromoda agus Coillte, le hionchur ón Tascfhórsa agus ó Chomhairle Contae Chiarraí chomh maith. Tá tús curtha le hobair ar mheaisín Marcála Réadmhaoine agus oiliúint ghaolmhar maidir lena úsáid, a fháil don cheantar. Tá fiosrúcháin faoi bogadh go hUíbh Ráthach fachta ó 165 duine/teaghlach san iomlán go dtí seo; Tá 21 teaghlach bogtha go ceantar Uíbh Ráthaigh dá bharr. Más mian leatsa nó le haon duine a bhfuil aithne agat orthu bogadh go nó filleadh ar Uíbh Ráthach iarr orthu ríomhphost a sheoladh chuig tascfhorsa@dromid.ie agus déanfaimid ár ndícheall cabhrú leo.
Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh which was established in 2017, aiming to stabilise the population structure of the South Kerry Gaeltacht area, has continued to implement its Action Plan throughout 2025. The taskforce is comprised of representatives from state agencies, educational bodies, business and the community sector. If you’d like to know more about what’s in the plan and the many actions that it contains a bi-lingual copy is available on the website www.liveworkiveragh.ie. Here’s a flavour of the projects that we have been involved in 2025. Housing: Housing shortages continue to be a significant problem. In February 2024, the Uíbh Ráthach Taskforce launched Tógra Tithíochta Uíbh Ráthaigh – a blueprint for community-led housing. Earlier this year, three artists worked with local communities on housing issues. We have applied to the government for RRDF funding to implement this blueprint, and we are continuing to work on it. Health: The Taskforce continues to advocate for the retention and improvement of Health services in the region. We have been involved in supporting ORIS-funded Projects in Dromid: two great projects are coming to completion through the hard work particularly of Mike Cahillane SKDP, Forbairt na Dromoda and Coillte, with input from the Taskforce and Kerry County Council too. Work has begun on acquiring a Property Marking machine, and associated training in its use, for the area. Resettlement enquiries received from 165 people/families in total to date; 21 families have relocated to Iveragh area as a result. If you or anyone you know would like to move or return to Iveragh please ask them to email tascfhorsa@dromid.ie and we’ll endeavour to help them.
Meáin shóisialta / Social media: Instagram @liveiniveragh Facebook: Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh - Iveragh TF X: @IveraghTaskForc Bluesky: @tascfhorsaur.bsky.social
Éigse na Brídeoige
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh – 0669474888, eolas@comhchoiste.ie, www.uibhrathach.ie Brí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas – 0669474888, 0872153671, pleanteangaur@gmail.com, www.briur.ie
Tá gteic @ Uíbh Ráthach oscailte os cionn bliana anois, agus fás ag teacht de shíor ar líon na ndaoine ag úsáid na háise. Bhí an samhradh an-ghnóthach, le go leor cuairteoirí ag cur lena dtréimhse saoire sa cheantar toisc go raibh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh i rith an lae sa gteic agus na tráthnóintí agus an deireadh seachtaine a chaitheamh lena ndaoine muinteartha. Tá na seomraí cruinnithe ar fáil do ghrúpaí pobail le haghaidh agallaimh, do chúrsaí oiliúna nó do obair ghrúpa, mar shampla. Tá fáilte roimh mhic léinn atá ag ullmhú le haghaidh scrúduithe, agus tá deascanna ar fáil ar bhonn lae, seachtaine nó míosa – pé rud a oireann don úsáideoir! Bheadh spéis ar leith againn cloisint ó éinne gur mhaith leo ceann des na seomraí corparáideacha a thógaint ar léas – spásanna c. 50m2 atá iontu agus iad feistithe amach do 8/9 oibrí. Déan teagmháil le c.breathnach@udaras.ie agus beidh fáilte romhat cuairt a thabhairt ar an gteic ag am a oireann duit!
gteic @ Uíbh Ráthach is open just over a year, and is continually seeing growth in the number of people using the facility. The summer was particularly busy with visitors to the area combining work and family time over extended periods. Meeting rooms at the gteic are available to the public to use for e.g. interviews, training courses, group work etc. Students preparing for exams are welcome too, and desks in the gteic are available on a daily, weekly or monthly basis – what suits you suits us! We’d particularly like to hear from anyone who might be interested in leasing one of our serviced office spaces – these are c. 50m2 each and furnished for 8/9 occupants. Feel free to contact c.breathnach@udaras.ie and you will be very welcome to call in to see the facility at a time convenient to you!
Údarás na Gaeltachta: Scéimeanna fostaíochta Bhí scéimeanna sóisialta Uíbh Ráthaigh an-ghnóthach i mbliana. Tá dhá scéim ag Údarás na Gaeltachta sa cheantar agus táimid ag plé le coistí pobail i gCathair Dónall, sa Choireán, sa Dromod, i mBaile an Sceilg, sa Ghleann agus le comhlachtaí éagsúla mar shampla Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ionad Ealaíne Chill Rialaig, CLG Naomh Micheál, CLG Piarsaigh na Dromoda agus Cúramóirí Uíbh Ráthaigh. Bímid ag obair le béiltí ar rothaí, bailte slachtmhara, seirbhís faoiseamh, seirbhís do sheanóirí sna hionaid pobail, riaracháin, ullmhú tithe do ealaíontóirí, garraíodóireacht, obair ar bhus pobail go dtí na hionaid lae, féar a gearradh sa pháirc peile agus ana-chuid obair sa bhreis.
The social employment schemes in the Uíbh Ráthach Gaeltacht were very busy during 2025. There are two schemes managed by Údarás na Gaeltachta in the area and we are working with voluntary public committee’s in Caherdaniel, Waterville, an Dromaid, Baile an Sceilg and an Gleann as well as various organisations including Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Cill Rialaig Arts Retreat, St. Michaels and Dromid GAA clubs and The South Kerry Carers Group. We are involved in meals on wheels, tidy towns, respite service, services for the elderly in the Day Centres, administration, cleaning houses, gardening, working on buses to the various day centres, cutting grass on football pitches and a host of other work in the community.
Tá folúntais ar an dá scéim, Scéim Fostaíochta Pobail agus Scéim Sóisialta Tuaithe. Tá obair 19.5 uair sa tseachtain íigceist le deiseanna oiliúna agus leasanna eile. Má tá suim agat bí i dteagmháil le Éanna de Buis, 066 9474888, e.debuis@udaras.ie nó Anne Marie Nic Gearailt 066 9153973, am@udaras.ie.
Both schemes have vacancies at present, Community Employment or Rural Social Scheme. You would work for 19.5 hours a week with excellent training opportunities and various other benefits. If you are interested please get in touch with Éanna de Buis on 066 9474888 or e.debuis@udaras.ie or Anne Marie Nic Gearailt on 066 9153973 or am@udaras.ie.
Nollaig Shona! Agus Athbhliain faoi mhaise daoibh!