Fonaic le Fis Leabhar Amhran

Page 1

Just Rewards Publications

Business Park Rd, Lisnenan, Letterkenny, Co. Donegal

www.justrewards.ie

© Just Rewards 2024

ISBN 978-1-913137-85-4

Údar: Ríoghán Seager

Eagarthóir: Sarah Ní Ghadhra

Dearthóir: Audrey Ní Chaomhánaigh

Amhránaí, Giotár, Consairtín, Bodhrán agus Cnaguirlisí: John Spillane

Cláirseach: Aisling Urwin

Bainseó, Maindilín agus Giotár: Conor O’Sullivan

Images:

All rights reserved. No part of this publication may be copied, reproduced or transmitted in any form or by any means, without the written permission of the publishers or else under the terms of any licence permitting limited copying issued by the Irish Copyright Licensing Association.

3
Teidí Tuirseach 4 Áine Ápa 5 Saighdiúir Salach 6 Ruairí Rua 7 Órán Óg 8 Nóirín Nathair 9 Ciara Cat 10 Úna Úll 11 Liam Lacha 12 Arthur Amadán 13 Béirín Beag 14 Éanna Éan 15 Garda Gasta 16 Íta Íseal 17 Dineasár Dána 18 Oisín Ochtapas 19 Idris Iora 20 Seán Seaca 21 Harraí Hamstar 22 Múdaí Madra 23 Aislinn Ailigéadar 24 Peadar Péintéir 25 Feargus Frog 26 Uncail Ultan 27 Eilí Eilifint 28
Clár na nÁbhar

Teidí Tuirseach

(Peigín Leitir Móir)

Ó Teidí Tuirseach.

Tá tú chomh tuirseach.

Téigh a chodladh Teidí, nó beidh tú tuirseach fós.

4
© www.justrewards.ie 4

Áine Ápa

(An bhfaca tú mo Shéamuisín?)

An bhfaca tú Áine?

Is ápa í, á, á, á. An bhfaca tú Áine áit ar bith san áiléir?

© www.justrewards.ie 5

Saighdiúir Salach

(Óró, Sé Do Bheatha ‘Bhaile)

Tá Saighdiúir Salach ag teacht thar sáile, Saighdiúir Salach ag teacht thar sáile.

Tá Saighdiúir Salach ag teacht thar sáile ag snámh anseo gan stopadh.

6
© www.justrewards.ie 6

Ruairí Rua

(An Maidrín Rua)

Tá Ruairí Rua rua, rua, rua, rua,

Tá Ruairí Rua ag rith.

Tá Ruairí Rua ag rith sa rás.

Tá Ruairí Rua ag rith.

7
© www.justrewards.ie 7

Órán Óg

(Óró, Sé Do Bheatha ‘Bhaile)

Ó, ó, Órán Óg, ó, ó, Órán Óg, ó, ó Órán Óg, ag ól san óstán.

8
© www.justrewards.ie 8

Nóirín Nathair

(Beidh Aonach Amárach)

Ní fhaca mé nathair sa nádúr fós.

Ní fhaca mé nathair sa nádúr fós.

Ní fhaca mé nathair sa nádúr fós.

Féach arís, beidh Nóirín ann!

© www.justrewards.ie 9

Ciara Cat

(Trasna na dTonnta)

Tá Ciara Cat ag canadh sa chór.

C,c,c, c,c,c.

Tá Ciara Cat ag canadh sa chór.

Tá Ciara Cat ag canadh.

10
© www.justrewards.ie 10

Úna Úll

(Óró mo Bháidín)

Ú,ú, Úna Úll, Úna Úll ag titim ón gcrann. Ag titim ar an talamh. Úna Úll ag titim.

11
© www.justrewards.ie 11

Liam Lacha

(Báidín Fheilimí)

Tá Liam Lacha ag léamh ar an Luan.

Liam Lacha ag léamh ar an Luan.

Tá Liam Lacha ag léamh ar an Luan.

Liam Lacha ag léamh l,l,l.

© www.justrewards.ie 12

Arthur Amadán

(Trup, Trup a Chapaillín)

Sin Arthur Amadán ar an asal ag bogadh go mall agus ag gáire os ard.

Ach ní fhaca sé an poll agus thit sé den asal.

Sin Arthur Amadán a, a, a.

13
© www.justrewards.ie 13

Béirín Beag

(Óró, Sé Do Bheatha ‘Bhaile)

Béirín Beag, tá tú beag agus brónach. Tá báisteach ag teacht, beidh an béar fliuch báite.

Bróga bána, buí agus gorma, Beidh Béirín Beag fliuch báite.

14
© www.justrewards.ie 14

Éanna Éan

(Beidh Aonach Amárach)

Tá Éanna Éan ag éisteacht le ceol.

Tá Éanna Éan ag éisteacht le ceol.

Tá sé chomh éadrom ag suí ar an gcrann.

Sin Éanna Éan ag éisteacht le ceol.

15
© www.justrewards.ie 15

Garda Gasta

(An Maidrín Rua)

Tá gadaí sa ghairdín g,g,g,g.

Tá gadaí sa ghairdín ag goid.

Tháinig an garda ‘s thosaigh sé ag rith

Rug sé ar an ngadaí go gasta.

GARDA
© www.justrewards.ie 16

Íta Íseal

(Báidín Fheilimí)

Bhí Íta Íseal ag seasamh ar stól. Íta Íseal ag seasamh ar stól.

Níl sí ard ach tá sí ag fás. Íta Íseal ag seasamh ar stól.

17
© www.justrewards.ie 17

Dineasár Dána

Chuala mé dineasár ag an doras.

D’oscail mé an doras agus d’fhéach mé amach.

Dúirt an dineasár go raibh sé dána.

“Dún an doras” a dúirt daidí liom.

Dún an doras!
© www.justrewards.ie 18
(Trup, Trup a Chapaillín)

Oisín Ochtapas

(Peigín Leitir Móir)

Tá ocht lámh ag Oisín, Oisín Ochtapas.

Comhairigí iad le chéile, Sin Oisín Ochtapas.

© www.justrewards.ie 19

Idris Iora

(Transna na dTonnta)

Idris Iora ag imirt gach lá, ag imirt iománaíochta amuigh ar an trá.

Ag imirt iománaíochta ‘s ag ithe gach lá.

Sin Idris Iora ag imirt.

20
© www.justrewards.ie 20

Seán Seaca

(Óró, Sé Do Bheatha ‘Bhaile)

/s’/ , /s’/ , Seán Seaca, /s’/ , /s’/ ,Seán Seaca, /s’/ , /s’/ , Seán Seaca, ag siúl sa sneachta.

21
© www.justrewards.ie 21

Harraí Hamstar

(An bhfaca tú mo Shéamuisín?)

An bhfaca tú an hamstar ag rith sa halla, h, h, h?

An bhfaca tú an hamstar?

Sin Harraí Hamstar.

22 © www.justrewards.ie

Múdaí Madra

(Trup, Trup a Chapaillín)

Múdaí, Múdaí Madra ar an mbóthar ag siúl go mall gach maidín, gach mí. Chonaic sé muc, ‘s chonaic sé moncaí.

Tiocfaidh sé abhaile nuair a bheidh sé reidh.

23
© www.justrewards.ie 23

Aislinn Ailigéadar

(Trup, Trup a Chapaillín)

Bhí Aislinn Ailigéadar san abhainn aréir.

A, a, Aislinn san abhainn. San abhainn aréir ag ithe aráin.

Shnámh sí abhaile go tapa.

© www.justrewards.ie 24

Peadar Péintéir

(Beidh Aonach Amárach)

Bhí Peadar Péintéir ag péinteáil pictiúir.

Peadar Péintéir ag péinteáil pictiúir.

Bhí Peadar Péintéir ag péinteáil pictiúir.

Nach álainn é, Peadar Péintéir?

25
© www.justrewards.ie 25

Feargus Frog

(An Maidrín Rua)

Bhí Feargus Frog ag fanacht leis féin.

Bhí Feargus Frog ag fanacht.

Féach ar Fheargus ag fanacht leis féin.

Bhí sé ag fanacht ar feadh tamaill.

26
© www.justrewards.ie 26

Uncail Ultan

(Báidín Fheilimí)

Tá Uncail Ultan ag ól as an umar. Uncail Ultan ag ól, u, u, u. Tháinig ulcabhán, ‘s ní raibh sé sásta go raibh Uncail Ultan ag ól, u, u, u.

© www.justrewards.ie 27

Eilí Eilifint

(An bhfaca tú mo Shéamuisín?)

An bhfaca tú an eilifint, ag eitilt thart san eitleán?

An bhfaca tú an eilifint, sin Eilí san eitleán?

28
© www.justrewards.ie 28
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.