Junior Cycle Success - Gaeilge - Website Sample

Page 1

GAEILGE GAEILGE GAEILGE GAEILGE The Ultimate Revision Book With QR codes to access sample audio JUNIOR CYCLE SUCCESS ARDLEIBHÉALSAMPLE
Megan O’Connor & Pearse Ahern

Published by 4schools

89F Lagan Road, Dublin Industrial Estate, Glasnevin, Dublin 11, D11 F98N, Republic of Ireland. T: ++ 353 1 8081494 - F: ++ 353 1 836 2739 - E: info@4schools.ie © 2022

ISBN 978-1-907330-48-3

All rights reserved. No part of this publication may be reproduced or transmitted in any form or by any means, including photocopying and recording, without the publisher’s written permission. Such written permission must also be obtained before any part of this publication is stored in a retrieval system of any nature. Permission requests should be directed to 4schools, 89F Lagan Road, Dublin Industrial Estate, Glasnevin, Dublin 11, D11 F98N, Republic of Ireland. or info@4schools.ie 4schools has attempted to contact all proprietors of images, texts and graphics included in this book. Proprietors we could not reach are requested to contact us.

E-BOOK How to claim and access your e-Book

To claim your e-Book

1. Log in to 4schools.examcraftgroup.ie/user/login

2 . Activate your e-Book using the code above at 4schools.examcraftgroup.ie/activatecode

3. Download the app at 4schools.examcraftgroup.ie/apps

4. Log in to the app (please use the same login and password you used on the 4Schools website)

5. Download the e-Book

Code: SAMPLE

Notes

• Please ensure the email address used to complete the steps above is the email address of the student or teacher who will be using this e-Book.

• If the e-Book code was purchased using another email address, e.g., a parent’s, please register the email address of the e-Book user before completing the steps above. You can register the alternative email address here: 4schools.examcraftgroup.ie/user/register

Online Resources

Get access to exclusive content by scanning the QR code. https://4schools.examcraftgroup.ie/premium-content/junior-cycle-success-gaeilge

Steps to Success:

Aonad 1 | Léargas Ginearálta ar an tSraith don Ghaeilge 05

Aonad 2 | An Léamhthuiscint 21

Aonad 3 | Gearr scéalta 27

Aonad 4 | An Fhilíocht 43

Aonad 5 | G ramadach 61

Aonad 6 | An Chluastuiscint 99

Aonad 7 | Ceapadóireacht 113

Aonad 8 | An t Úrscéal (1. “Cúpla” & 2. “Daideo”) 141

Aonad 9 | An Dráma 157

Aonad 10 | Dialann Mhachnaimh 1 67

SAMPLE

QR codes are used throughout the book. Once scanned, these will allow you access to audio versions of the texts to further help you in your exam preparation.

Throughout this book , you will encounter Key to Success information boxes. These boxes contain expert analysis, explanations, and hints and tips from the authors that will help you maximise your grade in the exam.

Meet the authors

Pearse Ahern

Pearse has worked as a teacher for nearly 20 years and is currently working as an Irish-language tutor at St Pat’s Campus in DCU. Pearse has worked with the State Examinations Commission and worked as an academic supervisor for PME students in UCD. Pearse completed his primary degree in NUI Galway, where he was awarded a degree in Engineering with Irish. He completed his teaching diploma along with further Irish studies in UCD. He was also awarded a 1.1 Masters Degree (MTeach).

Megan O’ Connor

Secondary school teacher and textbook author Megan O’ Connor is an Irishlanguage enthusiast who promotes Irish as a living language on the social media platforms Instagram and TikTok. Megan graduated with a two-subject moderatorship, specialising in Irish, from TCD and with a masters in Education and in Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge from UCD. Megan has been teaching for 6 years and specialises in Junior Cycle Irish.

4
SAMPLE

AN FHILÍOCHTSAMPLE

AN FHILÍOCHT 43 Aonad 4

Stadeolaíocht le Marcus Mac Conghail

Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh go gcuirfí ar an eolas mé ach in áit am theacht an bhus a thabhairt dom ar mo ghuthán faighim radharc fíor-ama den tiománaí ag féachaint orm (is é ag tiomáint an bhus thar bráid) Ar ardú mo chinn

Stopology

I press a button on the app thinking that it will give me info but instead of giving me the arrival time on my phone

I get a real-time view of the driver looking at me. (and he driving past) as I lift my head up.

Citéir Ratha don Fhilíocht

Bí cinnte go bhfuil sleachta (quotes) ag dul leis na tuairimí atá agat faoin dán.

Make sure you have quotes in your answers. Is féidir “scéal an dáin” nó “achoimre ar an dán” a scríobh gan sleachta.

Déan cur síos sna freagraí ar na mothúcháin a mhusclaíonn an dán ionat.

Usáid an chaint indíreach (see grammar section) sna freagraí seo nuair atá sin feiliúnach.

If asked to write a summary of the poem, you do not need to use quotes.

Describe the emotions that the poem awakens in you.

Use indirect speech in these answers when it is suitable, e.g., Ceapaim go bhfuil ...

Aonad 4 44
Marcus Mac Conghail Photograph: RTE Scan for Audio
SAMPLE

Achoime ar an dán i d’fhocail féin / Inis scéal an dáin

Níl ort sleachta (quotes) ón dán a úsáid anseo.

Tá an file, Marcus Mac Conghail ag feitheamh ag stad an bhus agus is dócha go bhfuil leadrán air. Ansin thosaigh sé ag scimeáil ar an idirlíon chun fáil amach faoin am a mbeidh an bus ag teacht. Agus é ar an bhfón ní fheiceann sé an bus ag teacht. Nuair a thógann sé a cheann bhí an tiománaí ag féachaint air. Chaill an file an bus.

Nóta: Tá trí mhíniú ag an mbriathar “tóg” = take / raise / build

tiománaí ag féachaint ar an bhfile. Is léir anseo don léitheoir go bhfuil an bus caillte ag Marcus Mac Conghail. Cuireann seo frustrachas air ach cloistear an greann (humour) sa dán freisin agus déarfainn go bhfuil feith an ghrinn ( “an tiománaí ag féachaint orm” ) sa bhfile.

Ceol an Dáin

Téama an Dáin

Déanann An conghaileach cur síos anseo ar an gcaidreamh atá againn leis an teicneolaíocht. Deir sé linn go cionmhar gur cóir dúinn seasamh siar ón bhfón póca níos minice. Bhí muinín iomlán aige as an bhfón agus dá bharr sin chaill sé an bus. Labhair sé faoi “radharc fíor-ama” den bhus ag dul thairis (past him). Bhí an fón cliste in ainm “am theacht an bhus” a thabhairt dó ach ní raibh sé ag faire amach don bhus cé gur rud an-simplí é sin le déanamh. Bhí sé gafa i saol fíorúil (virtual world) ar an bhfón ón tús. “Brúim cnapie na haipe ag ceapadh” sin a deir an file sa chéad abairt den dán. Ach an íoróin anseo ná nach raibh sé ag ceapadh nó ag smaoineamh faoi rud ar bith. Lig sé don bhfón é sin a dhéanamh dó.

Is dán nua-aoiseach é seo agus mar sin tá an struchtúr scaoilte go leor. Ach leis sin ráite cloistear go leor ceol sa dán seo. Tosnaíonn an saothar le sampla iontach láidir den chomhfhuaim. “Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh”. Tá an rithim idir na gutaí trasna na habairte seo fíorcheolmhar. Mar aon leis seo tá an rím idir an dá réamhfhocal “dom” agus “orm” an láidir freisin. Sa tríú líne den dán cloistear sampla den uaim (alliteration) sna focail bunaithe ar an nguta a “ach in áit am” Cuireannn na samplaí seo den pheann ceolmhar go mór leis an bhfilíocht sa saothar seo.

Teideal an Dáin

Leis an teideal a chruthú don dán seo chuir an file Marcus Mac Conghail dhá fhocal le chéile chun focal nua a chruthú. Mar sin is comhfhocal (compound word) é an teideal “Stadeolaíocht”. Déantar é seo le cur in iúl dúinn ón tús nach dán dáiríre í seo. Feictear feith an ghrinn sa teideal. Tugtar le fíos dúinn ón teideal gur dán nuaaoiseach í seo. Tá an file ag déanamh iarrachta chun spás nua a chruthú don Ghaeilge leis an dán beag, simplí, éifeachtach seo.

Na híomhánna sa dán

An Móthúchán is mó sa dán

Is e an mothúchán is láidre sa dán “Stadeolaíocht” ná an frustrachas. Is cosúil go bhfuil an file faoi dheifir (in a hurry) agus ceapaim gurb é sin an fáth go ndeachaigh sé ar an bhfón ag cuardach eolais “brúim cnaipe na haipe ag ceapadh”.

Ansin a bhuí leis (thanks to) an bhfón ní fhaca sé an bus ag teacht. Agus ag an deireadh bhí an

Feictear an chead íomhá sa dán seo sa chéad line de. Tá an file ina sheasamh ag stad an bhus agus é ag stánadh ar an scáileán ar a ghuthán.“Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh” Is gnáthrud é seo a fheiceann daoine gach maidin agus iad ag dul ar scoil. Bíonn daoine ar an bhfón agus iad ag feitheamh. Is íomhá dheas simplí é seo nach bhfuil aon Mhistéir ag baint léi. Seachas an file é féín tá mioncharactar eile sa dán

AN FHILÍOCHT 45
SAMPLE

agus sin an tiománaí. Sa dara híomhá labhraíonn an file faoin duine seo. Ar an drochuair níl an file ar an mbus ach tá “tiománaí ag féachaint orm” mar sin is léir go bhfuil an bus caillte aige. Níl aon neart ag an bhfile nó ag an bhfón fiú ar seo. Go dtí sin bhí an file ceann thíos agus mar sin ní raibh sé ar an eolas faoi na rudaí ina gharthimpeallacht agus bhí sé ródhéanach sular ardaigh “mo chinn dom” Cuireann an íomhá síos ar rud anseo a tharlaíonn go minic leis an bhfón póca.

An ndeachaigh an dán seo i bhfeidhm

ort

?

(Tusa

i lár an Fhreagra)

Taitníonn an dán simplí seo go mór liom* agus réitíonn stíl an údair go mór liom*. Bhí mé in ann an dán a léamh as mo stuaim féin. Is minic a bhím ag scimeáíl ar an idirlíon ar feadh an lae agus tuigim nach bhfuil sin sláintiúil. Mar sin tuigim go maith an chéad abairt “brúim cnaipe na haipe ag ceapadh” Cloisim anseo na

cnaipí ar an méarchlár agus is maith liom an friotal (the vocab used by a poet) anseo*. Bíonn rudaí ag athrú ar an mbóthar i gcónaí mar sin níor chóir dúinn a bheith ag dul ar an bhfón chun eolas “fíor-ama” a aimsiú nuair atá an trácht ag bogadh. Ceapaim go bhfuil ceacht anseo dúinn. Ba chóir dúinn a bheith níos airdeallaí agus muid in aice leis an mbóthar. Is maith liom freisin an ghné den dán ina bhfuil an file in ann spocadh as féin. Déanann sé scigaithris anseo ar rud a tharla dó féin agus mar sin bheadh ardmheas agam air* as sin. Is cineál buille inste (punch line) atá i gceist sa líne deireanach “ ar ardú mo chinn dom. Glacaim anseo go bhfuil an file ag rá linn gur cóir dúinne breathnú ar na rudaí atá ag tarlúint in aice linn agus amach romhainn agus chuir an chuid seo den dán mé ag smaoineamh.

Teachtaireacht an Dáin

Molann an dán seo dúinn níos lú ama a chaitheamh ar an bhfón póca agus ar an idirlíon go ginearálta. Chuaigh an fíle anseo amú nuair a bhí se ag lorg eolais ar an nguthán. Níor éirigh leis an bus a fháil ach “in áit am theacht an bhus” ní bhfuair sé aon eolas ón bhfón agus chaill sé an radharc nuair a bhí an bus ag teacht síos an bóthar. Cuireann an dán ina luí orainn a bheith ag smaoineamh faoi rudaí agus a bheith ag faire timpeall. Ní cóir dúinne dul ar an idirlíon le gach cor a réiteach. Is léir ón gcéad abairt go gcaitheann an file an iomarca ama ar an scáileán beag “Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh” Tá íoróin ag baint leis na focail “ag ceapadh” agus sin cuid den teachtaireacht sa dán.

Aonad 4 46
SAMPLE

Nótaí – An Ghealach

le Catríona Ní Chléircín

Sí Banríon na spéartha í

áilleacht na hoíche réalt rúnda a ritheann romham mo chara ar an bhóthar ar turas sa dorchadas a haghaidh anois Faoi cheilt i gceo thar pháirc is chrainn a eitlíonn sí ag scaipeadh scáileanna

Tá an tír ina baclainn Mo spéirbhean Mo chroí rúnda

Catríona Ní Chléircín

Photograph: RTE

The Moon

She is the Queen of the skies Beauty of the night A Secret star Who runs ahead of me My friend on the road On a journey In the darkness Her face now Hidden

In the fog.

Over field and trees She flies Spreading shadows The country in her arms My angel (sky woman) My secret heart.

Scan for Audio

Stór focal: banríon (queen); áilleacht (beauty); réalt (star); dorchadas (darkness); scáileanna (shadows); baclainn (cusped arm)

Na Mothúcháin

Tá cion / gean (affection) i réim sa dán seo. Tá Caitríona Ní Chléircín faoi gheasa ag an dúlra agus léiríonn sí é sin sa dán álainn simplí seo. Cuireann an file “An Ghealach” i gcomparáid le ridire (noble person). Deirtear gur “banríon na spéartha í” Réitíonn dathúlacht an dúlra go mór leis an bhfile. Cuireann sí síos ar an ngealach mar “áilleacht na hoíche”. Mar aon leis seo tá an file ar a suaimhneas agus í ag siúl “sa dorchadas” Baineann Ní Chléircín usáid as an bpearsantú (personification) chun cur síos a dhéanamh ar an ngealach ar nós gur cara léi í an rinn neimhe (celestial body) “mo chara ar an bhóthar” Ag an deireadh tugann an file ardteideal don Ghealach agus labhraíonn sí fúithi mar ghrágheal (true love) “mo chroí rúnda” Níl aon amhras faoi ach go bhfuil cion an domhain le feiceáil sa dán ón tús go dtí an deireadh.

AN FHILÍOCHT 47
SAMPLE

Téama an Dáin

Is í an tsuim atá ag an bhfile sa dúlra an téama is láidre sa saothar seo. Léiríonn Ní Chléircín ón tús go bhfuil caidreamh fíorláidir aici lena timpeallacht. Tá an tsuim a chuireann an file sna rudaí ina mórthimpeall chomh láidir sin go bhfuil grá aici don Ghealach. Is cosúil gur airneánach(night owl) í amach is amach. Tá áit an phuint (on a pedastal) tuillte ag “An Ghealach.” Labhraíonn sí fúithi mar “banríon” agus mar “réalt rúnda” agus mar “chara” “spéirbhean” Is rud fíor é an caidreamh atá idir an file agus an ghealach agus teastáíonn ón bhfile a rá ar ard a gutha go gcothaíonn an caidreamh sin í. Cuireadh sin abhaile orainn ag an abairt dheiridh nuair a thugann an file stádas mór don Ghealach leis na focail “mo chroí rúnda” Níl aon dul as an bhfíric gur rud lárnach ina saol í “An Ghealach.”

Scéal an Dáin

Tá an file ag dul abhaile faoi choim na hoíche (darkness of the night) léi féin. Níl aon chomluadar aici ach amháin “An Ghealach” thuas sa spéir. Cuireann “An Ghealach” solas ar fáíl di agus gan sin bheadh sí iomlán caillte sa cheo. Is léir ón dán go bhfuil an file faoi dhraíocht ag an dúlra (nature). Is cosúil go bhfuil an file iomlán compordach ina comhluadar féin. Níl sí uaigneach agus í ag siúl abhaile léi féin mar is breá léi ciúnas na hoíche agus solas na gealaí.

Na Meafair

Is iomaí meafar sa dán seo agus baineann Ní Chléircín úsaid as na meafair seo chun stádas faoi leith a thabhairt don Ghealach. Deir an file go bhfuil an Ghealach ar nós ceannaire le linn na hoíche. Tá an tuairim sin le feiceáil san abairt “banríon na spéartha” Mar aon leis seo léiríonn an file gur cara sa chúirt í an Ghealach nuair atá tú ag siúl an bhóthair tar éis titim an dorchadais. Is meafar iontach láidir é seo “mo chara ar an bhóthar” Sa tríú meafar léiríonn an file nach bhfuil tábhacht na gealaí teoranta don chaidreamh atá aici léi ach go bhfuil ról níos coitinne (more general) mar creideann an file go bhfuil an pobal i gcoiteann faoi chúram na gealaí san oíche “an tír ina baclainn” Is rud suimiúil é freisin go bhfuil na meafair seo ar fad bunaithe ar an bpearsantú (personification). Cuirtear béim láidir ar ar ghné dhaonna na gealaí sa saothar seo. Tá sin déanta d’aon ghnó (on purpose) dar ndóigh agus feictear ansin cé chomh tábhachtach is atá an Ghealach don fhile.

Na híomhánna

Tá dhá áit sa dán a chruthaíonn pictiúr i mo chloigeann. Is é an chéad cheann ná nuair a deir an file go bhfuil an Ghealach ag eitilt nó ag gluaiseacht tríd an spéir “thar pháirc is chrainn Eitlíonn sí” Is minic a chonaic mé féin an Ghealach ag bogadh tríd an spéir agus cuireann an íomhá seo sin i gcuimhne dom.

48
SAMPLE

Tá íomhá eile sa dán a théann go mór leis seo “réalt rúnda a ritheann romham” Is aoibhinn liom an cur síos anseo ar an ngealach mar tá sé thar a bheith ceolmhar. Is sampla láidir den uaim (alliteration) é seo agus cuireann sé go mór le ceol an dáin. Sa chéad líne eile tá an dara sampla den uaim ar fáil sa íomhá seo “ag scaipeadh scáileanna” Is dócha gur féidir leat a rá go bhfuil dráma na hoíche bunaithe ar na scáileanna agus faightear cur síos beag air sin san íomhá lom ghonta snasta seo.

Pearsantú sa Dán

Is minic sa dán seo a labhraíonn Ní Chléirchín faoin ngealach ar nós gur duine atá i gceist. Sa chéad abairt cuireann an file “An Ghealach” i gcomparáid le Banríon. Agus leanann an t-ardmheas seo tríd an dán. Faightear an dara sampla den pearsantú sa chúigiú líne den dán. Anseo tugtar an teideal “mo chara” don Ghealach. Ansin sa seachtú líne labhraítear faoina “haghaidh” agus cuireann seo leis an bpearsantú arís. Déarfainn gurb é an sampla is doimhne den phearsantú ná an t-am nuair a chuireann an file “An Ghealach” i gcomparáid le máthair ollmhór thábhachtach “tá an tír ina baclainn” Is sampla den áibhéil é seo ach cuireann sé leis an dán gan amhras. Ins an leathrann (cuplet) gearr ag an deireadh tá dhá thagairt eile ann don ghealach ar nós gur duine í. Tugtar an teideal “spéirbhean di” agus deir an file gurb í an Ghealach “mo chroí rúnda” Tá teicnic an phearantaithe sa dán fíorláidir amach agus amach.

An féidir leat ionnanú (identify/ relate) leis an bhfile anseo ?

Is cuimhin liom oícheanta ag siúl faoi sholas agus mar sin is féidir liom ionnanú leis an bhfile agus í “ar thuras sa dorchadas”. Mar aon leis seo is cuimhin liom go maith nuair a bhí mé níos óige agus mé ag taisteal i gcarr ba chosúil

domsa go raibh an gealach dér leanúint ar an mbóthar. Feictear an tuairim céanna san abairt “réalt rúnda a ritheann romham” ach os a gcoinne seo ní fhéadfainn ionnanú leis an bhfile nuair a chuireann sí in iúl go bhfuil meas as cuimse aici ar an ngealach ar nós go bhfuil cumhacht mistéireach aici. Feictear sin nuair a deir an file faoin nGealach “Tá an tír ina baclainn” Ní aontaím leis an tuairim sin cé go dtaitníonn an dóchas atá le cloisteáíl san abairt seo liom.

Ar thaitin an dán seo leat ?: Freagairt Phearsanta

Thaitin an dán seo go mór liom ar chúpla cúis. Ar an gcéad dul síos a.) Ceapaim go bhfuil na híomhanna go hiontach (cuir na nótaí isteach anseo). b.) Taitníonn na meafair go mór liom (cuir na nótaí isteach anseo).

c.) Téann an pearsantú i bhfeidhm orm go mór. (cuir na nótaí isteach anseo).

Déan cur síos ar cúpla teicníocht fhileata (poetic techniques) sa dán seo.

a.) Tá an pearsantú láidir sa dán seo [Féach ar na nótaí cuí].

b.) Cloistear an uaim sa dán faoi dhó i dtosach sa cheathrú abairt. Bunaítear an uaim anseo ar an litir R “réalt rúnda a ritheann romham” agus ansin sa cheathrú abairt deireanach bunaítear an uaim ar an litir “S” “ag scaipeadh scáileanna”. c.) San íomhá “ag scaipeadh scáileanna” faightear sampla den siosa. Cuireann seo le ceol an dáin. d.) Tá codarsnacht ann freisin idir solas na gealaí agus dorchadas na hoíche.

AN FHILÍOCHT 49
SAMPLE

Bí Ann / Leanfaidh mé - le Kila

Bí ann

Bí liom

Bí gasta Bí cróga

Bí cliste Bí glic

Bí grámhar, gealgáireach

Bí socair laistigh

Bí doimhin ach bí éadrom Gan teannas ar bith

I do chorp I do chroí

I do cheann Ins an tslí

Ina chuireann tú tú fhéin i láthair

I pé comhluadar ina bhfuil tú

Bí ann liom

Bí láidir ildána nuair a chasann an domhan

Bí ann dom Agus buailfidh muid le chéile nuair

A thagann an t-am

Fiú má chothaítear fadhb

Leanfaidh mé ar aghaidh

Fiú má chothaítear fadhb

Leigheasfar é

Fiú má chothaítear fadhb

Leanfaidh mé ar aghaidh

Fiú má chothaítear fadhb

Ní deireadh an domhain é

Fiú má chothaítear fadhb

Leanfaidh mé ar aghaidh

Nó ní dhéanfaidh siad riamh cosc a

chur ar mo bhróga Nó ní dhéanfaidh siad riamh cosc a chur ar mo chosa Nó ní dhéanfaidh siad riamh cosc a chur ar mo threo Mar leanfaidh mé, leanfaidh mé Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo

Leanfaidh mé mar go bhfuil mo shaol le caitheamh agam

Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo

Leanfaidh mé mar go bhfuil sé ar mo chumas agam Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo

Leanfaidh mé mar gur b’shin an modh ab’fhearr a oireann dom Leanfaidh mé le pé rud atá le déanamh agam Leanfaidh mé mar gur b’shin an treo a bhraithim ionam Leanfaidh mé mar a leanann mo chroí ag bualadh liom Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo

Leanfaidh mé ar an luas a ritheann liom ag an am Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo

Leanfaidh mé fiú más rud é nach mbíonn fios mo shlí agam

Aonad 4 50
SAMPLE
Scan for Audio

Tá saol agam

Tá súil agam

Tá rogha agam Tá rún agam Tá bád agam Tá cuan agam Tá tonn ar mo thrá

Be There

Be there

Join me Be fast Be brave Be smart Be smart Be loving, cheerful Be Benefitted Within Be deep but be light No tension at all In your body In your heart In your head In the way Presenting Yourself In whatever company you are in Be there with me Be strong in multitasking when the earth turns Be there for me And we will meet when The time comes

Even if a problem is maintained I will continue Even if a problem is maintained He will be healed Even if a problem is maintained I will continue Even if a problem is maintained It is not the end of the world Even if a problem is maintained I will continue Or they’ll never stop wearing my shoes

Tá scéal agam

Tá siúl agam Tá deis agam Tá duais agam Tá cás agam Tá cúis agam Tá fonn ar mo ghrá

Or they will never bother my feet

Or they will never defy my direction As I continue, I will continue

I will continue as I am still alive

I will continue because I’m spending my life I will continue as I am still alive I will continue because I can I will continue as I am still alive I will follow because this is the method that suits me best I will continue with whatever I have to do I will continue because that is the direction, I feel in I will continue as my heart continues to beat me

I will continue as I am still alive I will continue at my current pace I will continue as I am still alive I will continue even if I don’t know my way

I have a life I have hope I have a choice I have a secret I have a boat I have a harbour There’s a wave on my beach I have a story I have a walk I have a chance I have a prize I have a case I have a reason My love is eager

AN FHILÍOCHT 51
SAMPLE

Scéal an Amhráin (Cur síos ar an saothar i d’fhocail féin)

*níl aon ghá le sleachta ón amhrán anseo / quotes are not needed here.

Tosnaíonn an dán seo le liosta fada abairtí atá scríofa sa mhodh ordaitheach agus sa liosta seo nochtann an scríbhneoir roinnt tuairimí atá aige faoin saol seo. Sa dara véarsa léiríonn an t-amhránaí go mbeidh sé dílis don tuiscint atá aige ar chúrsaí éagsula. Níl sé ar intinn aige é féin a athrú in aon chaoi chun daoine eile a shásamh. Fanfaidh sé ar an mbóthar ar a bhfuil sé mín agus garbh (through thick and thin).

Téama an Amhráin

Tá tús áite ag an machnamh san amhrán seo. Is léir go bhfuil an scríbhneoir ag féachaint siar ar a shaol agus é ag smaoineamh faoi na rudaí a rinne sé go dtí seo. Tá dhá ghuth le cloisteáil sa saothar. Ar an gcéad dul síos tá an t-amhránaí ag cur comhairle (advice) ar an éisteoir. Cloistear sin go minic leis an dul cainte “Bí cróga”, “Bí glic agus bí grámhar” agus mar sin de. Ach ceapaim freisin go bhfuil an scríbhneoir ag labhairt leis féin tríd na liricí. Bímid i gcónaí ag foghlaim agus muid ag éirí níos sine agus ceapaim go bhfuil an machnamh le cloisteáil tríd an amhrán iontach seo.

Na Mothúcháin

*Bí cúramach anseo leis an difear idir mothúchán (uatha) agus mothúcháin (iolra) Níl puinn na pioc amhrais faoi ach gurb é an grá an mothúchán is mó atá ann san amhrán seo. Tugann daoine comhairle do dhaoine eile atá

tábhachtach dóibh agus sin atá ag tarlúint sa saothar seo. Tá liodán (littany) tuairimí sa chéad véarsa “Bí socair laistigh...Bí ann..Bí láidir” agus tugann na tuairimí seo treoracha agus comhairle don duine atá ag éisteacht. Sa dara véársa (nó ceathrú) leanann an grá ar aghaidh. Deir an t-amhránaí go mbeidh sé dílis don tuiscint atá aige ar an bhfírinne “fiú má chothaítear fadhb” Níl sé chun aon rud a athrú. Tá sin iomlán soléir ón abairt “leanfaidh mé ar aghaidh” Is léir go bhfuil sé compordach leis féin agus lena meon nó dearcadh saoil. Tá an saol seo thar a bheith deacair muna bhfuil grá ag duine dói féin agus léiríonn an t-amhrán sin go paiteanta sa dara véara.

Luaitear an grá san abairt dheiridh “Tá fonn ar mo ghrá” agus is cinnte go bhfuil seo oiriúnach mar chríóch sa chás seo mar is é an grá an mothúchán is mó atá ann sa saothar seo.

Ar thaitin an t-amhrán seo leat

Is breá liom an t-amhrán seo. I dtosach ceapaim go bhfuil na lirící go hiontach. Tá an rím san amhrán an-láidir. In áiteanna san amhrán críochnaíonn gach réidh líne leis an bhfocal “fadhb” agus in áiteanna eile críochnaíonn go leor abairtí leis an bhfocal “beo” Ach mar aon leis na liricí chuaigh ceol an amhráin seo i bhfeidhm orm go mór. Ní gnathamhrán gaelach é . Tá tionchar ag an gceol ón Afraic ar an saothar seo. Tá an chéad chuid den amhrán seo an-mhall agus tá spás ann idir gach focal. Ansin téann an luas in airde go mór ag tús an dara véarsa agus is breá liom an codarsnacht idir an dá rithim. Rud eile a thaitníonn liom faoin amhrán seo ná an lón machnaimh a chuireann a scríbhneoir ar fáil dúinn. Is cinnte go bhfuil go leor le smaoineamh faoi anseo agus taitníonn sin liom.

52
SAMPLE

Na Pictiúir san Amhrán seo

Tá na pictiúir san amhrán seo bunaithe ar mheafair agus níl aon íomhá díreach ann. Leis na meafair éagsúla seasann na rudaí in ionad rudaí difriúla. Baineann an t-amhránaí úsáid as an teicníocht fileata (poetic technique) seo chun cur síos a dhéanamh ar a thuras tríd an saol seo. I meafar amháin léirítear go mbíonn fonn taistil ar an amhránaí agus beidh ar dhaoine cead a choise a thabhairt dó “ní dhéanfaidh siad riamh cosc a chur ar mo bhróga” Deirtear san amhrán seo “Ní dhéanfaidh siad cosc riamh a chur ar mo threo” Is léir ón meafar seo go mbeidh an t-amhránaí sásta a bhealach féin a aimsiú agus níl sé chun rudaí a dhéanamh le daoine eile a shásamh. Ach tuigeann sé anois nach fiú é sin a dhéanamh.

Teachtaireacht an Amhráin

Is dán teagascach (didactic) é seo. Cuireann an saothar seo ina luí orainn a bheith níos réchúisí sa saol agus a bheith dílis donár nádúr féin. Baineann an t-ámhránaí úsáid as meafair chun an teachtaireacht seo a sheachadadh (to deliver). Tá an t-amhrán soléir nár chóir dúinn athrú chun neadú isteach (to fit in) le daoine eile. Ní bheidh an saol mór in ann. “cosc a chur ar mo bhróga” “cosc a chur ar mo chosa” “cosc a chur ar mo threo”

Is léir ón abairt deireanach seo go bhfuil spiorad na tsaoirse láidir i gcroí an scríbhneora. ní dhéanfaidh siad riamh cosc a chur ar m’anam’ Molann an t-amhrán seo dúinn gan a bheith ag déanamh iarracht ionchais (expectations) daoine eile a shásamh. Ba chóir do chomhairle féin a ghlacadh agus

a bheith réchúiseach faoi sin “bí domhain agus bí eadrom laistigh”. Sin teachtaireacht an dáin seo.

Didactic: this is something that teaches us a lesson.

An Ceol agus An Struchtúr

Tá an saothar déanta as dhá chuid agus cloistear sin sa cheol agus feictear é sa teideal freisin “Bí Ann / Leanfaidh mé”. Sa chéad chuid baintear úsáid as an modh ordaitheach go minic “Bí ann, bí liom, bí gasta” agus araile. Cuireann an modh seo le láidreacht an amhráin. Tá an rithim anseo suaimhneach (gentle/calm) go leor. Agus cloistear guth an amhránaí anseo gan aon tionlacan (accompaniment). Is é sin le rá nach bhfuil aon cheol ann ag an tús. Tugann seo tús áite focail. Ach athraíonn an ceol leis na focail “fiú má chothaítear fadhb” agus ansin faigheann rithim cheol na hAfraice an lámh in uachtar go

Tá an dara leath den amhrán seo cosuíl le sruth smaointeachais (a stream of consciousness).

Agus nuair atá daoine ag nochtadh a gcuid smaointe inmheánacha (internal thoughts) i script nó le liricí mar a tharlaíonn sa chás seo, tugtar féinuiríoll (soliloquy) air sin. Mar chuid den fhéinuiríoll labhraíonn an t-ámhránaí leis féin agus tá móid shollúnta (solemn oath) i gceist anseo. Is léir go bhfuil rogha mhór nó cinneadh mór déanta aige mar deir sé faoi thrí (three times) sa dara cuid den saothar “Leanfaidh mé mar go bhfuil mé fós beo”.

AN FHILÍOCHT 53
SAMPLE

Tuairimí atá agat faoin amhrán (freagairt phearsanta)

Ceapaim go bhfuil an t-amhrán seo scríofa le peann paiteanta agus tá an ceol a théann leis na liricí go hiontach. Tá dhá mhír san amhrán. Sa chéad chuid tá an t-amhránaí ag labhairt go díreach leis an éisteoir agus baintear úsáid as go leor aidiachtaí anseo le “cliste” “grámhar” agus “glic” ina measc. Tugann an ghné seo doimhneacht don chuid seo den amhrán agus taitníonn sin go mór liom. Téann an chuid seo den saothar i bhfeidhm go mór orm agus ceapaim go bhfuil lón machnaimh ann sa chéad chuid. Deirim go bhfuil an t-amhránaí ag labhairt dó féin sa dara leath den amhrán agus is rud suimiúil é i mo thuairim. Cloistear an t-athrá go minic sa dara leath den amhrán seo idir an dá nath “Leanfaidh mé” agus “ní dhéanfaidh siad”. Cuireann an mantra seo le téagar (substance /strength) an cheoil agus réitíonn sin go mór. Ar an iomlán measaim gur saothar den chéad scoth é seo agus is breá liom go bhfuil dhá stíl ceangailte le chéile. Is leathbhádóir foirfe (perfect complement) é ceol na hAfraice do na liricí gaelacha. Meascann na ceoltóirí anseo an dá thaobh le chéile i mbealach atá fíormhaith.

Aonad 4 54
SAMPLE

Dán : Ceist na Teangan Nuala Ní Dhomhnaill

Cuirim mo dhóchas ar snámh i mbáidín teangan faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán a bheadh fite fuaite de dhuilleoga feileastraim is bitiúmin agus pic bheith cuimilte lena thóin ansan é a leagadh síos i measc na ngiolcach is coigeal na mban sí le taobh na habhann, féachaint n’fheadaraís cá dtabharfaidh an sruth é, féachaint, dála Mhaoise, an bhfóirfidh iníon Fharoinn?

The Language Issue

I place my hope on the water in this little boat of the language, the way a body might put an infant in a basket of intertwined iris leaves, its underside proofed with bitumen and pitch, then set the whole thing down amidst the sedge and bulrushes by the edge of a river only to have it borne hither and thither, not knowing where it might end up; in the lap, perhaps, of some Pharaoh’s daughter.

Na Mothúcháin is láidre sa dán (buairt agus dóchas)

Tá buairt (worry) ar an bhfile go bhfuil an Ghaeilge i mbaol. Déanann sí comparáid idir an teanga agus Maois nuair a bhí sé ina leanbh leochaileach (vunerable). Ach faigheann an dóchas an lámh in uachtar ar an mbuairt ón tús. Cloistear sin sa chéad line “Cuirim mo dhóchas ar snámh”

Baineann an file úsáid as an “mbáidín” chun cur síos a dhéanamh ar na daoine a labhraíonn Gaeilge. Tá an Ghaeilge faoina gcúram agus tá sin cosúil le lasta muirneach (precious cargo) i mbáidín. Nuair a dhéanann an file cur síos ar an mbád cloistear an dóchas freisin. Tá an bád déanta as ábhair mhaithe “bitiúmin agus pic” Ceapaim féin go bhfuil dóchas ag baint leis an meafar “de dhuilleoga feileastraim” tá siad

AN FHILÍOCHT 55
Nuala Ní Dhomhnaill Photograph: Irish Times Scan for Audio
SAMPLE

“fite fuaite” díreach mar a bhíonn na daoine a labhraíonn Gaeilge. Is pobal iad na Gaeilgeoirí agus bíonn a saolta fite fuaite lena chéile tríd an teanga.

Téama an Dáin

Tá an téama sa chás seo le feiceáil go ríshoiléir sa teideal “Ceist na Teangan” Tá an file Nuala Ní Dhómhnaill ag déanamh mhacnaimh ar an nGaeilge agus ar thodchaí na teanga. Is léir ón tús go bhfuil an teanga an-tábhachtach don fhile dar ndóigh agus cuireann sí an Ghaeilge I gcomparáid le leanbh “naíonán i gcliabhán”. Tá an íomhá seo soineanta agus álainn go deo. Ach tuigimid go léir go mbíonn páistí óga mbaol muna bhfuil daoine ann chun aire a thabhairt dóibh. Sin mar atá an scéal leis an nGaeilge dar leis an bhfile agus pléann an file an tsobhristeacht (fragility) sin sa saothar seo.

An leathrann ag an deireadh

Críochnaíonn an dán seo ar leathrann fíorláidir. Is ceann é atá lán le dóchas agus tá tagairt anseo do scéal ón Sean-Tiomna (Old Testament). Dar le scéal ó Leabar an Ecsodus (Book of Exodus). Tharrtháil “Iníon Fharoinn” Maois (Moses) óg nuair a bhí an leanbh in ainm a bheith maraithe. Tá súil ag Ní Dhomhnaill go mbeidh an ghliúin nua in ann an teanga a tharrtháil cé nár thug a dtuismitheoirí aire cheart di. Is é seo an chloch is mo ar phaidrín an fhile “Féachaint, dála Mhaoise, an bhfóirfidh iníon Fharoinn?

Tá nasc idir an tagairt seo don Bhíobla agus an ársacht (ancient quality) a bhaineann leis an nGaeilge. Tá comhartha ceiste ann ag deireadh an dáin agus is tagairt í seo do theideal an tsaothair. Is í seo “Ceist na Teagan”,

An mbeidh daoine in ann í a tharrtháil.

An Íomhá sa Dán: Leanbh Mhaoise

Tá croí an dáin seo bunaithe ar íomhá de leanbh Mhaoise (Moses). Ag an tús tá íomhá de “naíonán i gcliabhán” Dar leis an mBíobla chuir a mháthair é i gciseán mar bhí eagla an domhain uirthí go raibh a mac i mbaol. Is íomhá fháthchiallach í seo. Is é sin le rá go bhfuil an dara míniú ag baint leis an íomhá míniú atá níos doimhne. Sa chás seo tá Ní Dhomhnaill ag baint úsáid as an íomhá seo ón Sean-Tiomna (Old Testament) chun cur síos a dhéanamh ar staid na Gaeilge nó sláinte na Gaeilge fiú sa lá atá inniu ann.

Labhraítear faoi bhun an bháid freisin agus tá sin clúdaithe le “dhuilleoga feilastraim” atá “fite fuaite lena chéile” agus mar aon leis sin tá “bitiúmin agus pic” agus leis an tacaíocht is féidir leis an mbád dul “ar snámh” (float) agus murach iad bheadh an ciseán ag dul go tóin poill. Arís leis na híomhanna anseo tá dara míniú nó fáthchiallachas ag baint leis na pictiúir. Tá na duilleoga atá “fite fuaite” lena céile cosúil leis na daoine atá ag obair as láimh a chéile ar son na teanga. Agus tá an meitheal seo ag déanamh an obair chéanna leis an “bitiúmin agus pic” chun an Ghaeilge a choimeád beo beatha.

Filltear ar an íomhá seo ag an deireadh nuair a déantar tagairt don tarrtháil chailiúil a rinne iníon an Rí (Faró). féachaint, dála Mhaoise, an bhfóirfidh iníon Fharoinn?

Bhí an seanfhear ag déanamh iarrachta chun Maois a mharú agus d’éirigh leis an nglúin nua é a shábháil. Agus tá súil ag an bhfile anseo (Nuala Ní Dhomhnaill) go mbeidh an ghlúin nua in Éirinn in ann an rud céanna a dhéanamh maidir leis an teanga.

Aonad 4 56
SAMPLE

Scríobh freagairt phearsanta ar an dán seo

Thaitin an dán seo go mór liom. Is maith liom an nasc atá ann idir dhá thraidisiún. Tógann an file droichead idir an Sean-Tiomna (Old Testament) agus an Ghaeilge. Cuireann sí an mionteanga (minority language) i gcomparáid le leanbh soineanta atá i mbearna bhaoil. Labhraíonn an file faoi “naíonán i gcliabhán” agus ar deireadh ainmnítear an leanbh sin “dála Mhaoise” Cuirim suim sa stair agus mar sin is maith liom an tagairt do “iníon Fharoinn.” Baineann an tagairt seo leis na ríthe a bhí i réim san Éigipt.

Mar aon leis seo cuirim suim sa dúlra (nature) agus an timpeallacht agus mar sin réitíonn an pictiúr den abhann agus na duilleoga ar an mbád liom. “dhóchas ar snámh i mbaidín teangan”...... fite fuaite de dhuilleoga feileastraim is bitiúmin agus pic Labhraítear freisin faoi bhláthanna éagsula agus is maith liom an ghné sin den dán. i measc na ngiolcach is coigeal na mban sí

Tá an dán seo scríofa le peann paiteanta agus le láimh atá i ngrá leis an nGaeilge agus ceapaim go bhfuil an chneastacht (sincerity) ar fheabhas ar fad. Ar na cúiseanna seo thaitin an dán go mór liom.

Ceol sa dán

Tá go leor teicníochtaí sa dán seo a bhaineann leis an gceol agus mar sin a réitionn le cluas an léitheora. Mar shampla tá rím láidir bunaithe ar an “á” san íomhá den leanbh óg sa chiseán “naíonán… i gcliabhán”

Mar aon leis seo baineann an file (Nuala Ní Dhomhnaill) úsáid as an uaim (alliteratoin) cúpla uair sa saothar seo. Cloistear an ceol seo sna focail “fite fuaite agus arís leis an dá fhocal “de dhuilleoga”

Críochnaíonn an dán le tagairt do charachtar mór ón Sean-Tiomna (Old Testament) agus

sa tagairt seo tá chomhfhuaim le cloisteál bunaithe ar an litir "o".

“An bhfóirfidh iníon Fharoinn? ” Cuireann an trí theicníochtaí seo an rím, an uaim agus an comhfhuaim go mór le ceol an dáin agus is gné eile é seo den saothar atá déanta go foirfe ag an mbean ó Lanchashire*.

Nóta: Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill in Lanchashire i Sasana agus ba é an Béarla a céad teanga.

AN FHILÍOCHT 57
SAMPLE

Maith Dhom - Teideal an dáin le Máirtín Ó Direáin

I mo aonar dom aréir

I mo shuí cois mara

An spéir ar ghannchuid néal ‘S an muir is tír faoi chalm

Do chumhraíocht ríonda

A scáiligh ar scáileán m’aigne Cé loinnir deiridh mo ghrá duit A shíleas bheith in éag le fada

Ghlaos d’ainm go ceanúil

Mar ba ghnách liom tamall ‘S chuala scread scáfar Ó éan uaigneach cladaigh

Maith dhom murab fhál leat fiú

Do scáth dhil im’aice

Ach bhí an spéir ar ghannchuid néal ‘S an muir is an tír faoi chalm

Maith dhom, maith dhom

Faoi an spéir ar ghannchuid néal ‘S an muir is an tír faoi chalm (3 x)

On my own last night Sitting by the shore

The sky was short of stars And the sea all quiet and calm Your shimmering queenly presence Was cast onto my mind’s screen Although any spark of love for you I thought had long since gone

I called your name softly As I used to before And I heard a sad scream From a lonely sea-bird Forgive me if you didn’t even want Your lovely shadow beside me But the sky was short of clouds And the sea all quiet and calm

Forgive me, forgive me

Under the sky was short of clouds And the sea all quiet and calm (3 x)

Aonad 4 58
Máirtín Ó Direáin Photograph: Irish Times
SAMPLE
Scan for Audio

Téamaí an dáin

1.

2.

Grá

Cion

3. Nádúr/Dúlra

An grá is téama den dán seo. Bhí an file ina shuí cois farraige oíche amháin. Ní raibh duine ar bith in éineacht leis. Bhí an áit agus an fharraige thar a bheith ciúin. Ní raibh scamall ar bith sa spéir. Tháinig cuimhne ar ais chuige de chailín a raibh sé mór léi tamall ó shin. Cailín fíorálainn ríonda ab ea í. Luaigh sé “chumraíocht ríonda” an chailín. Bhain sé úsáid as meafar chun a háilleacht a chur in iúl dúinn. Thaispeáin an cur síos seo an grá a bhí aige di.

Bhí ionadh ar an bhfile go raibh an chuimhne sin fós beo. Cheap sé nach raibh grá aige don chailín a thuilleadh. Ghlaoigh sé ainm an chailín go ceanúil, ach níor tháinig ar ais chuige ach scread éin farraige. Bhí brón ar an bhfile gur tháinig scáil an chailín ar ais chuige mar cheap sé nach mbeadh an cailín sásta leis seo ach bhí an fharraige agus an tír ciúin agus ní raibh scamall ar bith sa spéir. Ní raibh an file in ann éalú ó chuimhne an chailín agus an grá a bhí aige di. Bhí an cailín agus an grá a bhí aige di greanta ina intinn. Tar éis an dán seo a léamh thuig mé gur rud álainn

é an grá agus spreag sé mé chun machnamh a dhéanamh ar an ngrá.

Mothúcháin an dáin

1. Grá 2. Cion

3. Uaigneas

4. Dóchas

5. Brón/Aiféala/Cumha

Tá uaigneas an fhile le mothú sa dán brónach seo. Ar an gcéad dul síos bhí an file ina shuí cois farraige, b’áit iargúlta í a chuir uaigneas an fhile in iúl dúinn. Chomh maith leis sin ní raibh duine ar bith in éineacht leis, bhí sé leis féin ar fad. Nuair atá tú i do shuí leat féin is éasca machnamh a dhéanamh ar gach uile rud ach tháinig cuimhne an chailín ríonda chuige. Bhí grá mór aige di tráth. Ghlaoigh sé ainm an chailín go ceanúil an oíche sin, ach níor tháinig ar ais chuige ach scread éin farraige. D’úsáid an file fallás truamhéalach nuair a dúirt sé gur tháinig ‘scread scáfar ó éan uaigneach cladaigh’. Mhínigh an file go raibh uaigneas fiú ar éin na háite. Chuir scread éin farraige lena uaigneas. Thaitin an meafar seo go mór liom mar thug sé le fios go raibh eagla agus uaigneas ar an bhfile féin.

AN FHILÍOCHT 59
SAMPLE

Teicníochtaí filíochta

1. Íomhánna –

Oíche álainn chiúin Farraige shocair Timpeallacht shuaimhneach Spéir na hoíche gan scamall ar bith Trá shéimh Scáil an chailín Éin fharraige

2. Meafair –‘cumraíocht ríonda’ an chailín ‘...a scáiligh ar scáileán m’aigne’ ‘loinnir deiridh mo ghrá’ ‘scread scáfar ó éan uaigneach cladaigh’

Ceisteanna Samplacha

1. Inis i d’fhocail féin cén fáth a bhfuil teideal an dáin oiriúnach.

2. Déan cur síos ar dhá íomhá sa dán a cheap tú a bhí suimiúil agus déan cur síos orthu.

3. Déan cur síos ar théama an dáin agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.

4. Maidir le dán amháin a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa déan cur síos ar an dá mheafar is fearr sa dán. Cuir fáthanna le do fhreagra (Is leor dhá fháth).

5. Scríobh léirmheas pearsanta ar an dán. I d’fhreagra déan tagairt don téama/mothúcháin/ íomhánna/meafair agus an tionchar a bhí acu ort mar léitheoir.

Aonad 4 60
SAMPLE
Nótaí

Morning of & night before

• Before you finish your study, check that you have everything you need ready for the following morning, exam number, pens, etc.

• Don’t sit up cramming, make sure you get a good night’s sleep.

• Eat well before the exam to keep up your stamina.

• Give yourself plenty of time to make sure you arrive on time.

• When you get to school, avoid conversations with others about what they have revised, it might only increase your stress.

Once in the exam

• Read the paper very carefully.

• Always start with your strongest question.

Keepandcalm succeed

• Make sure to give yourself time at the end of the exam to re-read over your answers and check them.

SAMPLE
89F Lagan Road, Dublin Industrial Estate, Glasnevin, Dublin 11, D11 F98N, Republic of Ireland. T: ++ 353 1 8081494 - F: ++ 353 1 836 2739 - E: info@4schools.ie - W: www.4schools.ie GAEILGE  Junior Cycle Success - Gaeilge SAMPLE
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.