Tuarascáil Bhliantúil 2007 agus Ráitis Airgeadais

Page 8

Ráiteas an Chathaoirligh

Dr. Tom O’Dwyer, Chairman

Tá feirmeoireacht na hÉireann agus earnáil na talmhaíochta ag forbairt i gcónaí, agus is timpeallacht gnó faoi thiomáint an mhargaidh atá romhainn. Is ar an méid atá an margadh sásta a íoc ar na táirgí a tháirgtear laistigh de gheata na feirme atá béim an ghnó an athuair.

Tá Teagasc tar éis atheagrú agus infheistíocht a dhéanamh, chun gur fearr a bheidh sé in ann scoth na seirbhísí a chur ar fáil do thionscal na talmhaíochta agus an bhia amach anseo. Leis an atheagrú atá déanta againn ar ár gcúrsaí oideachais agus oiliúna, agus leis an athstruchtúrú ar ár seirbhísí comhairliúcháin, beidh an eagraíocht in ann freastal ar éilimh ár gcuid cliant. Is fearr an freastal a dhéanaimid ar iarratais ár gcuid custaiméirí dá bharr, custaiméirí atá ag déanamh athstruchtúrú ar a ngnó féin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach anseo.

Leis an infheistíocht atá déanta againn in áiseanna nua taighde bith-theicneolaíochta i gcaitheamh na bliana, táimid in ionad ceannródaíoch maidir leis an taighde bia agus talmhaíochta araon. Is é an taighde an fórsa tiomána i dTeagasc, agus i cúrsaí talmhaíochta in Éirinn. Tá ár gcuid clár Taighde Talmhaíochta dírithe go láidir ar neartú na héifeachtachta ar fheirmeacha. Agus le tábhacht bhreise an mhargaidh don fheirmeoireacht agus don tionscal agra-bhia, tá an taighde a dhéanann Teagasc, agus ár gclár nuálach taighde bia go háirithe, ag soláthar freagraí sa timpeallacht úr sin. Tá dlúth-chomhoibriú déanta ag Teagasc le roinnt comhlachtaí poiblí, le heagraíochtaí, le hindibhidí agus le cuideachtaí i dtionscail na talmhaíochta agus an bhia. Rud fíor-riachtanach iad na nascachtaí sin agus Teagasc ag féachaint lena chuid clár a sheachadadh go dtí na cliaint agus na páirtithe leasmhara.

4

Bhí lá oscailte, Bia agus Talmhaíocht 06, i gCill an Dáltúnaigh, ar an lá ab fhaide sa bhliain. Agus léiríodh go soiléir ansin go raibh fíorspéis ag na feirmeoirí sa taighde a dhéantar, agus in ábharthacht obair Theagasc do thionscail na talmhaíochta agus an bhia. Ba mhór againn treoir agus cúnamh an Aire Talmhaíochta agus Bia, Máire Ní Chochláin, T.D., i gcaitheamh na bliana. Tá neart déanta freisin ag an dá Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta agus Bia, Breandán Mac Gabhann, T.D. agus Máire de Bhailís, T.D., agus gabhaim buíochas leo beirt as a gcuid tacaíochta i gcónaí. Tá Teagasc ag gníomhú agus ag obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta i gcónaí, ar gach leibhéal. Tá gaol oibre den scoth le Tom Moran, Rúnaí Ginearálta na Roinne Talmhaíochta agus Bia, agus lena chuid oifigeach sa Roinn, rud a éascaíonn an tseirbhís a chuireann Teagasc ar fáil dá chustaiméirí. Agus gabhaim buíochas ar leith le Jim Beecher, Rúnaí Cúnta Ginearálta sa Roinn, agus ball den Údarás, as a bhfuil déanta aige i gcaitheamh na bliana.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.