Tuarascáil Bhliantúil 2007 agus Ráitis Airgeadais

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2007

Teagasc, Páirc na Darach, Ceatharlach, Co Cheatharlach, Teil: 059 917 0200. Faics: 059 918 2097 Ríomhphost:i nfo@teagasc.ie www.teagasc.ie

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2007




Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2007

Teagasc, Páirc na Darach, Ceatharlach, Co Cheatharlach, Teil: 059 917 0200. Faics: 059 918 2097 Ríomhphost:i nfo@teagasc.ie www.teagasc.ie

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2007


Réamhrá Ta Tuarascáil Bhliantúil 2007 tógtha timpeall ar na spriocanna a bhfuil cuntas orthu i Ráiteas Straitéise Teagasc 2005-2007. Tá cur síos ar a bhfuil bainte amach agus ar mhórfhorbairtí i gcás na seirbhísí Taighde Talmhaíochta agus Taighde Bia, na seirbhísí Traenála agus Forbartha, na Seirbhísí Comhairleacháin, Corparáideacha agus Bainistíochta, agus na Stiúrthóireachtaí Riaracháin i gcomhthéacs na spriocanna sin.

2 4 6 10 11 12 13 14 17 35 43 52 59 70 80

Buaicphointí 2007 Ráiteas an Chathaoirligh Tuairisc ón Stiúrthóir Gníomhach

Baill an Údaráis Baill na gCoistí Bainistíocht Shinsearach Teagasc

Suíomh na nOifigí Cairt na hEagraíochta Sprioc 1 - Iomaíocht agus Nuáil i gcúrsaí Talmhaíochta Sprioc 2 - Iomaíocht, Nuáil, Sábháilteacht agus Caighdeán an Bhia Sprioc 3 - Córais Talmhaíochta Inbhuanaithe Sprioc 4 - Inmharthancht na Tuaithe Sprioc 5 - Acmhainneachtaí Oibríochtúla agus an Nuáil Ráitis Airgeadais Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais

1


Buaicphointí 2007 Tá atheagrú agus infheistíocht déanta ag Teagasc ionas go mbeidh sé in ann na seirbhísí is fearr a chur ar fáil do thionscail na talmhaíochta agus an bhia amach anseo. Tugann an eagraíocht buntacaíocht i gcónaí d'fhorbairt earnáil talmhaíochta a bheidh iomaíoch, nuálach agus dírithe ar thomhaltóirí. Cumann Táirgeadh Ainmhithe na hEorpa ar chuairt ar an nGráinseach Thug Cumann Táirgeadh Ainmhithe na hEorpa cuairt ar an Ionad Taighde Mairteola atá ag Teagasc sa Ghráinseach ar an 29 Lúnasa. Tionóladh 58ú cruinniú an chumainn i mBaile Átha Cliath, agus is ina dhaidh sin a tháinig siad ar cuairt. Timpeall ochtó eolaí a bhí i láthair, agus tugadh cuntas ginearálta dóibh ar an gclár taighde san ionad. Thug an fhoireann an t-eolas is deireanaí do na heolaithe cáiliúla faoi tháirgeadh mairteola ardchaighdeáin, measúnú conablach mairteola, córais laonna go mairteoil, idir dhiúil agus dhéiríochta, iontógáil beatha iarmharaí, staidéir ar bhailíochtú innéacs mhairteola, caomhnú foráiste, féarach, leas agus sláinte ainmhithe, úsáid saothair, agus cóiríocht ainmhithe agus cóireáil an sciodair.

2

An tSeirbhís Chomhairleacháin á Lainseáil Lainseáladh an tSeirbhís nua Chomhairleacháin, a cuireadh ag obair ar bhonn céimneach ar fud na tíre ina dhiaidh sin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta, agus í dírithe ar cheithre chlár-réimse - Gnó agus Teicneolaíocht, an Dea-Chleachtas Feirme, Forbairt na Tuaithe agus Traenáil Aosach. Faoin gClár Gnó agus Teicneolaíochta, cuirfear teicneolaíocht cheannródaíoch ar fáil d'fheirmeoirí tráchtála. Bhí an méid seo le rá ag Pat Boyle, ceann sheirbhís chomhairleacháin Teagasc: "Tá ár gcuid custaiméirí andeimhneach faoin tseirbhís chomhairleacháin nua ‘For Better Farming’ atá ag Teagasc. Is léir go bhfuil na hearnálacha déiríochta agus curadóireachta muiníneach, ach go bhfuil deacrachtaí suntasacha le sárú sna hearnálacha mairteola agus caorach. Leagfar béim níos mó ar an gclár Gnó agus Teicneolaíochta sa tseirbhís nua si. Dearadh í d'aon ghnó chun cuidiú lenár gcliaint dul i ngleic leis na deacrachtaí sin.


Oideachas An Lá Oscailte i bPáirc Uí Mhórdha Thug 10,000 cuairteoir cuairt i bPáirc Uí Mhórdha don lá oscailte sa Mheitheamh, iad lán spleodair ainneoin corrchith báistí. Thug an fhoireann taighde agus chomhairleacháin cuntas ar na céimeanna chun cur leis an mbrabúsacht agus chun iomaíocht an táirgeadh bainne in Éirinn a fheabhsú leis an nuáil, le táirgiúlacht bhreise agus le hobair ar an mórchóir. “Caithfidh feirm dhéiríochta rathúil a bheith in ann freastal ar chuspóirí éagsúla: brabúsacht agus stíl mhaireachtála mhaith agus caithfidh deiseanna forbartha pearsanta a bheith ann do na rannpháirtithe uile,” arsa an Dochtúir Pat Dillon, atá i gceannas ar an Taighde Táirgeadh Déiríochta, agus é ag críochnú.

Tháinig ardú 25% a ar an rollú sna coláistí sa bhliain 2007, athrú chun feabhais ar an bpatrún a bhí ann le dornán beag blianta. Seachadadh cláir bhreisoiliúna in ocht gcoláiste agus i roinnt ionad áitiúil sa talmhaíocht, sa ghairneoireacht, i dtógáil capall agus san fhoraoiseacht. Cuireadh Ardchúrsaí Speisialaithe ar fáil freisin i mBainistiú Tréad Déiríochta, i mBainistiú Innealra agus Barr, i mBainistiú Eallach seasc agus sa Mheicniú Talmhaíochta. 531 mac léinn san iomlán a rollaigh i gcláir bhreisoideachais sna coláistí sa bhliain 2007, agus bhí 3,384 ar fad páirteach sna cláir sin.

Stiúrthóir Nua Cheap Údarás Teagasc an tOllamh Gerry Boyle ina Stiúrthóir nua ar Teagasc i Lúnasa. Rinne an tÚdarás an ceapachán a fhaomhadh, le cead an Aire Talmhaíochta agus Bia ag an am, Máire Ní Chochláin, T.D. Sainchomhairleoir idirnáisiúnta ar an bpolasaí talmhaíochta leis an mBanc Domhanda ba ea an tOllamh Boyle, agus d'oibrigh sé ar thionscadail in Oirthear na hEorpa agus san Áise Láir. Tháinig sé in áit Tom Kirley, an Stiúrthóir Gníomhach, agus chuaigh i mbun oibre ina phost nua ar an 1 Deireadh Fómhair, 2007. Ollamh Emeritus sa Gheilleagar in Ollscoil na hÉireann is ea an tOllamh Boyle, agus bhí sé i gceannas ar an Roinn Gheilleagair in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad go dtí Meitheamh 2006. Bhí sé ina chomhlach sinsearach le Farrell Grant Sparks Consulting Ltd ina dhaidh sin.

3


Ráiteas an Chathaoirligh

Dr. Tom O’Dwyer, Chairman

Tá feirmeoireacht na hÉireann agus earnáil na talmhaíochta ag forbairt i gcónaí, agus is timpeallacht gnó faoi thiomáint an mhargaidh atá romhainn. Is ar an méid atá an margadh sásta a íoc ar na táirgí a tháirgtear laistigh de gheata na feirme atá béim an ghnó an athuair.

Tá Teagasc tar éis atheagrú agus infheistíocht a dhéanamh, chun gur fearr a bheidh sé in ann scoth na seirbhísí a chur ar fáil do thionscal na talmhaíochta agus an bhia amach anseo. Leis an atheagrú atá déanta againn ar ár gcúrsaí oideachais agus oiliúna, agus leis an athstruchtúrú ar ár seirbhísí comhairliúcháin, beidh an eagraíocht in ann freastal ar éilimh ár gcuid cliant. Is fearr an freastal a dhéanaimid ar iarratais ár gcuid custaiméirí dá bharr, custaiméirí atá ag déanamh athstruchtúrú ar a ngnó féin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach anseo.

Leis an infheistíocht atá déanta againn in áiseanna nua taighde bith-theicneolaíochta i gcaitheamh na bliana, táimid in ionad ceannródaíoch maidir leis an taighde bia agus talmhaíochta araon. Is é an taighde an fórsa tiomána i dTeagasc, agus i cúrsaí talmhaíochta in Éirinn. Tá ár gcuid clár Taighde Talmhaíochta dírithe go láidir ar neartú na héifeachtachta ar fheirmeacha. Agus le tábhacht bhreise an mhargaidh don fheirmeoireacht agus don tionscal agra-bhia, tá an taighde a dhéanann Teagasc, agus ár gclár nuálach taighde bia go háirithe, ag soláthar freagraí sa timpeallacht úr sin. Tá dlúth-chomhoibriú déanta ag Teagasc le roinnt comhlachtaí poiblí, le heagraíochtaí, le hindibhidí agus le cuideachtaí i dtionscail na talmhaíochta agus an bhia. Rud fíor-riachtanach iad na nascachtaí sin agus Teagasc ag féachaint lena chuid clár a sheachadadh go dtí na cliaint agus na páirtithe leasmhara.

4

Bhí lá oscailte, Bia agus Talmhaíocht 06, i gCill an Dáltúnaigh, ar an lá ab fhaide sa bhliain. Agus léiríodh go soiléir ansin go raibh fíorspéis ag na feirmeoirí sa taighde a dhéantar, agus in ábharthacht obair Theagasc do thionscail na talmhaíochta agus an bhia. Ba mhór againn treoir agus cúnamh an Aire Talmhaíochta agus Bia, Máire Ní Chochláin, T.D., i gcaitheamh na bliana. Tá neart déanta freisin ag an dá Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta agus Bia, Breandán Mac Gabhann, T.D. agus Máire de Bhailís, T.D., agus gabhaim buíochas leo beirt as a gcuid tacaíochta i gcónaí. Tá Teagasc ag gníomhú agus ag obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta i gcónaí, ar gach leibhéal. Tá gaol oibre den scoth le Tom Moran, Rúnaí Ginearálta na Roinne Talmhaíochta agus Bia, agus lena chuid oifigeach sa Roinn, rud a éascaíonn an tseirbhís a chuireann Teagasc ar fáil dá chustaiméirí. Agus gabhaim buíochas ar leith le Jim Beecher, Rúnaí Cúnta Ginearálta sa Roinn, agus ball den Údarás, as a bhfuil déanta aige i gcaitheamh na bliana.


D’éirigh le Teagasc comhoibriú éifeachtach a dhéanamh le roinnt comharchumann agus cuideachtaí ar scata clár i bpáirt. Tá na naisc sin leis an tionscal an-tábhachtach, agus is cuidiú iad chun a chinntiú go mbeidh ár gcuid gníomhaíochtaí ag teacht le riachtanais ár gcuid custaiméirí i gcónaí. Tá fíorthábhacht lenár gcomhoibriú leis na hollscoileanna agus leis na hinsititiúidí taighde maidir le faisnéis a roinnt agus an bonn eolais i gcoitinne a mhéadú san eagraíocht. Fáiltím roimh an deis buíochas a ghabháil le Jim Flanagan as a bhfuil déanta aige ar son Teagasc sna ceithre bliana a chaith sé ina Stiúrthóir. Chuidigh sé go mór le nuáil agus le hathstruchtúrú na heagraíochta. Ceann de na héachtaí móra a rinne sé, an cheanncheathrú a athlonnú i bPairc na Darach. Cuirfidh a shaothar leanúnach ar son plean fís taighde na heagraíochta go mór leis an acmhainn taighde san eagraíocht.

Bíonn mo chuid comhghleacaithe ar Údarás Teagasc fial lena gcuid ama i gcónaí, agus déanann siad a gcion chun an eagraíocht a fheabhsú. Gabhaim buíochas le Ruaidhrí Deasy as a bhfuil déanta aige i gcaitheamh na mblianta agus é ina bhall den Údarás; agus fáiltím roimh Derek Deane a tháinig ina chomhalta boird i gcaitheamh na bliana. Déanaim comhghairdeas le Joe Fitzgerald as a bheith athcheaptha do thréimhse eile. Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe uile ar an Údarás as a bhfuil déanta acu sa bhliain atá faoi chaibidil.

Gabhaim buíochas le Tom Kirley, an Stiúrthóir Gníomhach, a bhí ag plé le bainistíocht na heagraíochta ó Mheán Fómhair. An díocas agus an tiomantas atá léirithe ag an bhfoireann bhainistíochta agus ag an bhfoireann ar fad le bliain anuas, tá sé tar éis Teagasc a neartú mar eagraíocht.

An Dr Tom O Dwyer Cathaoirleach

5


Tuairisc ón Stiúrthóir Gníomhach Professor Gerry Boyle Director

Bliain sách eachtrúil ag Teagasc ba ea 2006, agus bhí leibhéal na gníomhaíochta as cuimse ard ar fud na heagraíochta. Bhí ceann de na blianta ba ghnóthaí riamh ag an tseirbhís chomhairleach: rinneadh spriocanna tábhachtacha a bhaint amach d’fheirmeoirí, agus bhí na cláir ghnó agus na cláir aistrithe teicneolaíochta á dtiomáint chun cinn i gcónaí. Tá 43,000 cliant ann anois, leibhéal nua ar na blianta deireanacha. Thacaigh seirbhísí comhairleacha Teagasc le 25,300 cliant de chuid REPS, agus cuidíodh le 25,000 feirmeoir lena gcuid iarratas faoin Scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme. Agus cuidiodh le 41,500 feirmeoir san iomlán chun a nAoníocaíocht dhíchúplaithe Feirme a fháil.

Bliain mheasctha a bhí ann dár gcuid cliantaí ar feirmeoirí iad. Bhí titim ar phraghas an bhainne sa chéad leath den bhliain, ach thosaigh na margaí déiríochta ag teacht chucu féin i dtreo dheireadh na bliana. Bliain réasúnta a bhí ann do tháirgeoirí mairteola, agus tháinig ardú suntasach ar phraghas an ghráin, ionas go raibh an earnáil sin níos dóchasaí ná mar a bhí le tamall maith. Os a choinne sin, caithfidh feirmeoirí a bheith ag cuimhneamh ar na roghanna dá ngnó agus dá dteaghlaigh i gcónaí. Tá Teagasc tar éis cuidiú le 5,200 feirmeoir sa phróiseas sin trí Chlár na Roghanna. Tá rún ag seasca faoin gcéad de na feirmeoirí sin a gcuid bainistíochta airgeadais agus éifeachtacht a gcuid tionscadal a athrú agus a fheabhsú. Tá sonraí cinntitheacha faoi na leibhéil ioncaim ar fheirmeacha sa Suirbhé Náisiúnta Feirmeoireachta. Foilsíodh an Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha do 2005 i Meán Fómhair 2006. B’iad na príomhchinntí a bhí ann gur mhéadaigh ar an Ioncaim Teaghlaigh Feirme go dtí €22,460, agus gurb iad na híocaiochtaí díreacha faoi deara 94% den Ioncam Teaghlaigh Feirme. Ní mór cuimhneamh áfach go bhfuair na feirmeoirí íocaíocht na haon uaire an bhliain sin, íocaíocht arbh fhiú €5,266 in aghaidh na feirme í ar meán, ag éirí as na riaráistí ó íocaíochtaí díreacha cúplaithe 2004 a thabhairt ar aghaidh.

6

Bhí méadú 18% ar an olltáirgeadh feirme, agus bhí ardú 5% ar na costais dhíreacha agus ar na forchostais sa bhliain 2005. I gcás 55% de na feirmeacha bhí fostaíocht lasmuigh den fheirm ag an bhfeirmeoir agus/nó ag an gcéile pósta. Taighde Is é an taighde talmhaíochta a thugann buntaca i gcónaí don chomhairle ghnó agus theicniúil a aistrítear go dtí na feirmeacha. Ar chórais táirgthe féarbhunaithe atá an fócas i gcás na déiríochta. Aithníodh gurb iad na bealaí ab fhearr chun cur leis an mbrabúsacht ar na feirmeacha déiríochta, an bainistiú féaraigh a bheith níos fearr, gearradh siar ar an sadhlas féir agus ar an bhforlíonadh tacúil a chuirtear leis an mbeatha ainmhithe, aithreacha pórúcháin ar innéacs póraithe eacnamaíoch ard a úsáid, agus na costais innealra a laghdú. Rinne an eagraíocht cion suntasach i dtús na bliana ar son iarracht an rialtais leasuithe a áirithiú ar an ionstraim reachtúil a fhorfheidhmíonn an Treoir Níotráití. Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus Bia, rinne an fhoireann taighde doiciméad a ullmhú faoin bhfosfar agus nítrigin, agus chuir an doiciméad bonn eolaíoch faoi na leasuithe. Tá tábhacht leis an leibhéal fosfair (P) a scaiptear ar fhéarach agus ar bharra do chaomhnú na timpeallachta.


Ag éirí as turgnamh mórscála i gcaitheamh ceithre bliana a rinneadh in 32 ionad ar fud na hÉireann thángthas ar na rátaí leasúcháin a theastaíonn chun toradh barrmhaith agus inneachar barrmhaith fosfair (P) luibheach a thabhairt, i gcás meascáin dhifriúla cineálacha ithreach agus fosfair (P) sa tástáil ithreach. Fuarthas, i gcás formhór na n-ithreacha agus i gcás na leibhéal fosfair (P) ithreach uile, go raibh na rátaí leasúcháin a theastaigh chun 95% den toradh poitéinsiúil a thabhairt, fuarthas go raibh siad níos ísle ná iad siúd a theastaigh chun comhchruinnithe fosfair (P) luibheach 0.3 nó 0.35% a thabhairt – an leibhéal a theastaíonn i gcás ba ard-táirgeachta. Rátaí leasacháin sách cosúil a thabharfadh 95% den toradh poitéinsiúil agus fosfar (P) luibheach 0.3% nó níos airde araon. Bhí an-tábhacht le torthaí an taighde sin san argóint eolaíoch ag Teagasc le go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar an ionstraim reachtúil tosaigh a fhorfheidhmíonn an Treoir Níotráití.

Cuireadh spéis an athuair anuraidh i mbarra a úsáid i gcomhair fuinnimh. Ag éirí as obair thaighde a rinneadh i gcaitheamh roinnt blianta bhí Teagasc in ann comhairle chothrom neamhspleách a chur ar fáil d’fheirmeoirí faoin tionscal éiritheach sin. Beidh cláir Theagasc ag déanamh measúnú i gcónaí ar na deiseanna atá ag gabháil leis na barra bithbhreosla, agus coinneofar na feirmeoirí ar an eolas. Chinn Teagasc, i nDeireadh Fómhair, dul i mbun tionscadail réamhamhairc, Teagasc 2030, ina mbeidh Teagasc agus na páirtithe leasmhara eile sa tionscal ag iarraidh comhaontú a lorg maidir leis na dúshláin fhadtréimsheacha faoi thionscail na talmhaíochta agus an bhia in Éirinn. Tá dul chun cinn déanta leis an obair sin ó dheireadh na bliana, agus tá sí le cur i gcrích sa bhliain 2008.

7


Bia Tá taighde bia nuálach á dhéanamh sa dá ionad taighde bia i bPáirc Uí Mhórdha agus i mBaile an Ásaigh. Fuarthas 26 conradh nua taighde san iomlán faoin mBeartas Taighde Institiúideach Bia/(Food Institutional Research Measure FIRM), mar aon le cúig dhuais faoi thionscadal trealaimh speisialta FIRM. Rinneadh an taighde feidhmeach bia i dTeagasc agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh a chomhtháthú i gcaitheamh na bliana nuair a bunaíodh comhphairtíocht taighde bia agus sláinte idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Teagasc. Tá an stiúrthóireacht taighde bia i dTeagasc tar éis socruithe láidre comhoibritheacha a fhorbairt le páirtithe eile, idir pháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. Roghnaíodh ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh chun dul i gceannas ar thionscadal ProSafeBeef leis an Aontas Eorpach (AE), tionscadal ar fiú €17.8 milliún é agus a bhfuil 42 comhpháirtí idirnáisiúnta ann. Oideachas agus Oiliúint Chuir Teagasc an-seirbhís oideachais agus oiliúna ar fáil d’earnálacha na talmhaíochta, na gairneoireachta agus an bhia i gcaitheamh na bliana. Fuair 4,560 mac léinn san iomlán cáiliúcháin FETAC. Bhí breis agus 400 mac léinn san eCholáiste nua agus d’fhreastail beagnach 10,000 aosach ar chúrsaí páirtaimseartha ar fud na tíre; ar chúrsaí oiliúna REPS a bhí an t-éileamh ba mhó. Lainseáladh an tArdteastas Talmhaíochta nua, cúrsa dhá bhliain ar leibhéal 6, i gcoláistí agus in ionaid áitiúla i Meán Fómhair 2006 nuair a tugadh isteach an socrúchán ar an bhfeirm bhaile. Forbairt na hEagraíochta Lean Teagasc dá chuid infheistíochta, agus de bheith ag nuachóiriú a chuid saoráidí, sa bhliain 2006. Rinne an tAire Talmhaíochta agus Bia, Máire Ní Chochláin, T.D., an tIonad nua Eolaíochtaí Bitheacha do bharra, i bPáirc na Darach, a oscailt go hoifigiúil i Meitheamh 2006.

8

Críochnaíodh an tIonad Traenála agus Comhdhála i mBaile an Ásaigh, agus tá sé ar oscailt go hoifigiúil ó dheireadh na bliana. Rinneadh infheistíochtaí eile in áiseanna nua traenála agus blite i gCill an Daltúnaigh, agus in oifigí do thaighdeoirí i saotharlann Chaisleán Bhaile Sheáin. Chuathas fad le céim an chonartha i gcaitheamh na bliana i gcás talamh a bhíothas a dhíol leis an Údarás Forbartha Tionscail (UFT/IDA); cuireadh an gnó i gcrích ó bhí deireadh na bliana ann. Breis agus 300 acra ar fad a bheidh caillte ag Teagasc, agus táimid ag féachaint an féidir linn talamh eile a fháil in áit cuid de chun freastal ar riachtanais na gclár taighde. An t-airgead a gheofar as an talamh a dhíol, déanfar é a infheistiú i saoráidí chun an eagraíocht a nuachóiriú agus a threalmhú don am atá le teacht. Ócáidí Bhí leibhéil nua ann maidir leis an bhfreastal ar ócáidí Teagasc sa bhliain 2006. D’éirigh thar cionn le Talmhaíocht agus Bia 06, ócáid a tionóladh i gColáiste Chill an Dáltúnaigh. Tháinig breis agus 40,000 cuairteoir, agus bhí raon cuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid Teagasc ar taispeáint.


2% a thug le fios go raibh siad míshásta agus 1.5% a bhí an-mhíshásta. Agus anois ó tá an deis agam, gabhaim buíochas leis an bhfoireann uile i dTeagasc as a dtiomantas dá gcuid oibre, agus as ardchaighdeán na seirbhíse a chuireann siad ar fáil do thionscail na talmhaíochta agus an bhia in Éirinn.

Gerry Boyle Stiúrthóir Gníomhach

D’éirigh go han-mhaith le laethanta oscailte eile, agus le siúlóidí feirme, sa Ghráinseach, i bPáirc na Darach, i bPáirc Uí Mhórdha, i mBaile Átha an Rí, i gCaisleán Bhaile Sheáin agus i gCionn Sáile. D’eagraigh an Stiúrthóireacht Taighde Bia dhá ócáid thábhachtacha. Ba é ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh an príomheagraí maidir leis an gComhdháil Idirnáisiúnta in Eolaíocht agus i dTeicneolaíocht na Feola, a tionóladh i mBaile Átha Cliath mí Lúnasa. Tionóladh lá tionscail, faoin teideal “Intelligence in Food” i bPáirc Uí Mhórdha. Seirbhís den Scoth Tá Teagasc tiomanta do sheirbhís den scoth a chur ar fáil dá chustaiméirí. Rinneadh suirbhéanna ag an iliomad ócáidí i gcaitheamh na bliana chun aiseolas a fháil ónár gcliaint. Léirigh suirbhé a rinneadh ar 1,620 custaiméir feirmeora i mí na Nollag, go raibh céatadán ard de na freagróirí an-sásta (72%) nó sásta (23.5%) le caighdeán na seirbhíse a bhí le fáil.

9


Baill an Údaráis ag Teagasc

10

Dr. Tom O’Dwyer, Cathaoirleach

An tUas. Mr. Martin Heraghty Ainmní an Aire

An tUas. Mr. James J. Brett Ainmní an Aire

An tUas. Mr. Stephen Flynn Ionadaí Foírne

An tUas. Mr. Derek Deane Ainmní ón IFA

An tUas. Ms. Margaret Sweeney Ainmní an Aire

An tUas. Mr. Joe Fitzgerald Ainmní ón ICMSA

An tOll. Patrick Fottrell Ainmní an Aire

An tUas. Mr. Michael O’Dwyer Ainmní ó ICOS

An tUas. Mr. Patrick J. Kelly Ainmní Mhacra na Feirme

An tUas. Mr. Jerry Henchy Ainmní an Aire


Ballraíocht na gCoistí ar Údarás Teagasc

An Coiste Tuarastail

An Coiste Iniúchta

Dr. Tom O’Dwyer (Cathaoirleach) An tUas Martin Heraghty An tUas Michael O’Dwyer An tUas Margaret Sweeney

An tOll. Patrick Fottrell (Cathaoirleach) An tUas Derek Deane An tUas Patrick J. Kelly An tUas Stephen Flynn An tUas Jerry Henchy

An Coiste Comhairleach agus Oiliúna An tUas Patrick J. Kelly (Cathaoirleach) An tUas Derek Deane An tUas Stephen Flynn An tUas Joe Fitzgerald An tUas Michael O’Dwyer

An Coiste Airgeadais An tUas James Brett (Cathaoirleach) An tUas Patrick J. Kelly Dr. Tom O’Dwyer An tUas Martin Heraghty

An Coiste Taighde An tUas Martin Heraghty (Cathaoirleach) Dr. Tom O’Dwyer An tUas Stephen Flynn An tUas James Brett An tUas Joe Fitzgerald

11


Bainistíocht Shinsearach Teagasc

12

An tUas. Gerry Boyle Stiúrthóir Gníomhach

An tUas. Mr Pat Boyle Ceann Stiúrthóireacht na Seirbhísí Comhairleacha

An tUas. Mr Donal Carey Ceann Stiúrthóireacht Oiliúna agus Forbartha

An tUas. Liam Donnelly Ceann Stiúrthóireacht an Taighde Bhia

An tUas. Mr Tom Kirley Ceann Gníomhach ar an Stiúrthóireacht Riaracháin

Mr Tom Collins Ceann Stiúrthóireacht na Seirbhísí Corparáideacha agus Bainistíochta

An Dr Seamus Crosse Ceann Stiúrthóireacht an Taighde Talmhaíochta


Léarscáil na Suíomh

Ceannáras Carn Domhnach

Ionad Forbartha Ionad Taighde Bia Ionad Taighde Talmhaíochta

Letir Ceanainn

Ionad Comhairle Áitiúil Bealach Féich

Stáisiún Taighde Coláiste Teagasc

Dún na nGall

Coláiste Príobháideach

Sligeach/Liatroim

Cluainín Sligeach

Béal an Mhuirthead

Béal an Átha Crois Mhaoilíona

Muineachán

Baile an Mhóta

An Cabhán/Muineachán

Baile na Lorgan

Béal Átha hÉis Cora Droma Rúisc

Béal Átha na Muice

Coill an Chollaigh

Mainistir na Búille Maothail

Caisleán an Bharraigh

Baile Shéamais Dhuibh

Dún Dealgan An Uaimh

Ros Comáin/An Longfort

An Caisleán Riabhach

Clár Chlainne Mhuiris

Ceanannas

Ros Comáin An Longfort

An Líonán Baile an Róba

An Mhí/Lú/Baile Átha Cliath

Droichead Átha

Béal an hAmhnais Cathair an Mart

Baile Bharainn

An Muileann gCearr An Ghráinseach

An Creagán Baile Átha Luain

Cionn Sáile

An Iarmhí/Uíbh Fhailí

Tuaim An Móta

Ath Cinn

Baile an Ásaigh

Baile Átha an Rí Tulach Mhór

Cill Mháille

Bealach Conglais

Biorra Goirtín

Cnoc Beag Ráth Domhnaigh

An Scairbh An tAonach

Inis

Cill Mhantáin/Ceatharlach

Port Laoise Baile Átha Í

Port Omna An Gort Inis Díomáin

Garraithe na lus

An Nás

Béal Átha na Sluaighe

Gaillimh

Cill Mhantáin

Leix/Cill Dara

Tigh na hÉille An Tulach

Durlas

Cill Rois

Páirc na Darach Cill Chainnigh

Muine Bheag

Guaire

Luimneach Sulchóid Pailís Chaonraí

Inis Córthaidh

Raheen Muileann an Bhata

Lios Tuathail

Tiobraid Árann An Caisleán Nua Thair

Cill Mocheallóg

Cluain Meala

Cill an Daltúnaigh Caisléan Bhaile Sheáin

Trá Lí Cnoc an Liath

Áth Trasna

Port Láirge

Lios Mór

Cill Chainnigh/Port Láirge

Dún Garbhán

Ceann Toirc

Mala

Cill Airne

Sráid an Mhuilinn Cathair Saidhbhín

Ros Mhic Thriúin

Mainistir na Corann

Maigh Chromtha

Taobh thoir de Corcaigh

Corcaigh

Dún Mánmha Droichead na Bandan Beanntraí

Taobh thiar de Corcaigh

Cloich na Coillte An Sciobairín

13


Cairt na hEagraíochta

Stiúrthóir

Stiúrthóireacht Taighde Talmhaíochta

Taighde Déiríochta Páirc Uí Mhórdha

Stiúrthóireacht Taighde Bia

Taighde Bia Baile an Ásaigh

Coláiste Bhéal Átha hÉis Coláiste Chloich na Coillte

Taighde Stoic Thirim An Ghráinseach (Mairteoil) Baile Átha an Rí (Caoirigh)

Stiúrthóireacht Oiliúna & Forbartha

Taighde Bia Páirc Uí Mhórdha

Taighde Barr Páirc na Darach Teicneolaíocht Páirc Uí Mhórdha Taighde Comhshaoil Caisleán Bhaile Sheonach Taighde Eacnamaíoch Baile Átha an Rí

Stiúrthóireacht Taighde Oiliúint

Coláiste Gairneoireachta Taitneamhaí Coláiste Chill an Dáltúnaigh Coláiste Ghoirtín

Coláiste Phailís Chaonraí Coláiste Bhaile an Bhairínigh Coláiste an Chreagáin Dearbhú Curaclaim agus Cáilíochta

Aonad Forbartha Fiontair Aonad Bainistíochta Comhairlí

Aonad Forbartha Muc

Bainistíocht Cláir Riarachán

Aonad Forbartha Foraoiseachta

Clár Aonad Forbartha Gairneoireachta 14


Caidreamh Poiblí

Stiúrthóireacht Seirbhísí Corparáideacha & Bainistíochta

Stiúrthóireacht Chomhairleach

An Cabhán/Muineachán An Clár

Acmhainní Daonna Clár Déiríochta

Dún na nGall

Pleanáil Straitéiseach Scéim Comhaltachta Taighde

Gaillimh Lú/An Mhí/Baile Átha Cliath

Clár Mairteola/Caorach

Maigh Eo

Luacháil

Pleanáil Ghnó Bainistíocht Riosca

Ros Comáin/An Longfort Líonra Faisnéise Sligeach/Liatroim

Clár Curaíochta

An Iarmhí/Uíbh Fhailí

Clár Comhshaoil

Cill Chainnigh/Port Láirge

Forbairt Foirne

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Clár Iniúchta Inmheánaigh

Leabharlann & Faisnéis

Clár Bainistíochta & Teicneolaíochta

Sláinte & Sábháilteacht

Corcaigh Thiar

Seirbhísí Tógála

Tiobraid Árann

Comhairleacht Thar Lear

Tiobraid Árann

Seirbhísí Airgeadais agus Corparáideacha

Foilseacháin Eolaíocha

Luimneach Corcaigh Thoir

Bainistíochta Seirbhísí ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí

Ciarraí Ceatharlach/Cill Mhantáin

Stiúrthóireacht Riaracháin

Clár Forbartha Tuaithe

Loch Garman 15


Chun buntaca a thabhairt d'earnáil talmhaíochta a bheidh iomaíoch nuálach agus dírithe ar thomhaltóirí, féachfaidh Teagasc le straitéisí taighde, comhairleacha, oideachasúla agus oiliúna a fheidhmiú ar mhaithe leis an talmhaíocht phríomhúil a fhorbairt, an ghairneoireacht agus an fhoraoiseacht san áireamh.

16


Sprioc 1 Iomaíocht agus Nuáil i gcúrsaí Talmhaíochta TAIGHDE TALMHAÍOCHTA DÉIRÍOCHT Pórú Ainmhithe Táthar ag déanamh luachála ar an gcrosphórú i bPáirc Uí Mhórdha, féachaint an féidir bó ‘bheagchúram’ láidir a tháirgeadh a thabharfadh solaid bhainne ar ardchaighdeán, ó fhéar féaraigh den chuid is mó. Tá staidéar amháin ag déanamh luachála ar Bhó Dhearg na hIorua agus Bó Dhearg chrosphóraithe na hIorua i 46 tréad déiríochta tráchtála; agus tá luacháil á déanamh sa dara triail ar Gheirseoga agus ar bha Geirseoige crosphóraithe ar an bhfeirm i mBaile Dhabhag. Tá an dara lacht curtha díobh ag na ba sa dá staidéar. Is léir ó na torthaí go dtugann Bó Dhearg na hIorua Holstein-Freaslannach an tál céanna bainne, agus an cion céanna próitéine bainne ann a bheag nó a mhór, is a thugann an Bhó Holstein-Freaslannach cé go mbíonn cion saille an bhainne beagán níos ísle. Bhí an tál bainne ó íonphór Dearg na hIorua beagán níos ísle, agus bhí an cion saille níos ísle freisin. Bhí an beomheáchan céanna ag crosantaigh agus a bhí ag na Holstein-Freaslannaigh a bheag nó a mhór, ach bhí scór níos airde acu maidir le riocht an choirp ag gach céim den lacht-tréimhse. Is fearr go mór iad na ba d’íonphór Dearg na hIorua agus na crosantaigh ná na ba Holstein-Freaslannacha maidir le torthúlacht agus sláinte útha de. Bhí comhábhair an bhainne níos airde ag na Geirseoga agus ag na crosantaigh Gheirseoige i gcomparáid leis an bpór Holstein-Freaslannach, ionas go raibh an táirgeadh solad an-chosúil i gcás na dtrí phórghrúpa. Bhí na Geirseoga agus na crosantaigh gheirsoige níos éadroime ná na ba HolsteinFreaslannacha, ach bhí scór níos airde acu do riocht a gcoirp ag gach céim den lacht-tréimhse. B’fhearr mar a chruthaigh na ba crosantaigh Geirseoige maidir le torthúlacht. Saolaítear laonna de phór Dearg na hIorua agus laonna Geirseoige go réidh, agus fásann siad go maith i dtús a saoil. Thabharfadh na réamhshonraí sin le fios gur féidir brabúsacht tréada a fheabhsú ach crosphórú le pór Dearg na hIorua nó leis na Geirseoga.

Atáirgeadh Bó Déiríochta Cuireadh ceithre ghléas braite dárach i gcomparáid ar fheirmeacha Teagasc agus ar fheirmeacha tráchtála sa bhliain 2007: Tástáladh Tail Paint, Checkmate, Estrotect agus Paint stick ar fheirmeacha Teagasc agus ar fheirmeacha tráchtála. Bhí an ráta toirchis ar sheirbheáil amháin mórán mar an gcéanna (51%) i gcás Tail Paint, Paint Stick agus Estrotect ach bhí sé cuid mhaith níos ísle (39%) le Checkmate. Ba é Tail Paint an rogha i gcoitinne, bhí Estrotect sa dara háit, ansin Paint Stick agus ar deireadh Checkmate. Bíonn fíbín ar na ba go hiondúil agus iad ar dáir, agus is féidir breathnú amach dá leithéid. Tá gléas nua, méadar luasghéaraithe, á fhorbairt ag Dairymaster agus tástáladh é ar an bhfeirm i mBaile Dhabhag. Is amhlaidh a d’aithin an gléas >80% de na ba ar dáir le linn na tréimhse tástála, agus bhí ráta earráide níos lú ná 7% aige. An Soláthar Féir agus a Luach Úsáide/Cothaitheach Cuireadh tús le staidéar nua i bPáirc Uí Mhórdha sa bhliain 2007 chun innéacs roghnaithe eacnamaíoch a fhorbairt do chineálacha féir. Bunaithe ar réisímí bainte sadhlais a bhíonn na liostaí moltaí náisiúnta i bhformhór na dtíortha, agus is beag aird a bhíonn acu ar fhéarach. Sannfaidh an tionscadal ualuithe eacnamaíocha do shaothróga, bunaithe ar an táirgeadh iomlán d’ábhar tirim san earrach agus san fhómhar, ar mhianach agus ar sheasmhacht. Rinneadh roinnt saothróg nua Éireannach den tseagalach bhuan mar aon le Bealey, saothróg nua ón Nua-Shéalainn, a thástáil faoi dhálaí féaraigh insamhlaithe. Ba í saothróg na NuaShéalainne a thug an t-ábhar tirim iomlán ba mhó, 673kg níos mó d’ábhar tirim ná an tsaothróg Éireannach ab fhearr.

17


Cothú Ainmhithe agus Mianach an Táirge Rinne staidéar sa bhliain 2007 luacháil ar cheithre réim bia do bha déiríochta a bheadh le dealú, chun na critéir chonablaigh a theastaíonn ó na monarchana feola a bhaint amach. Buiséad beatha iomlán de 1.45 tona d’ábhar tirim in aghaidh na bó a bhí i ngach saghas réime bia. Léiríonn na torthaí gurbh fhiú smaoineamh ar na cóireálacha bailchríche sciobtha má tá costas ard ar thithíocht, ach má tá an tithíocht ar bheagán costais gurb í an chóireáil bhailchríche is maille is saoire. Córais Táirgthe Inbhuanaithe agus Anailís ar an gCóras Rinneadh suirbhéanna teileafóin sa bhliain 2007 ar bhreis agus 1,430 feirmeoir a sholáthraíonn do Glanbia, Connacht Gold, Lakeland agus Donegal. Léiríonn na torthaí go mbeadh slí ar na réimsí talún atá ann faoi láthair do mhéaduithe suntasacha ar líon na mbó déiríochta. Is féidir an táirgeacht a mhéadú a thuilleadh ach cúrsaí géinitice ainmhithe a fheabhsú, breitheanna laonna a chomhchruinniú, na lacht-tréimhsí a fhadú agus cainníochtaí breise beatha ar ardchaighdeána thabhairt. Bunaithe ar achar reatha talún na bhfeirmeacha a ndearnadh suirbhé orthu agus ag glacadh le ráta stocála barrmhaith (2.7 bó/ha) agus leibhéal barrmhaith don tál bhainne (15,000l/ha) saor ó chuóta - agus iad siúd a bhfuil sé i gceist acu scor den déiríocht san áireamh d’fhéadfadh an méadú féideartha ar an táirgeadh a bheith chomh hard le 60% nó 70% ar na feirmeacha sin a ndearnadh suirbhé orthu.

18

Táirgeadh Réigiúnach Bainne Eochairthosca maidir le haschur agus brabúsacht na táirgeachta déiríochta a chinntiú is ea go bhfásann féar ar ithreacha na hÉireann ar feadh na bliana, agus gur féidir leas a bhaint as an bhféar. Bíonn an séasúr féaraigh níos giorra sna réigiúin thuaidh de dheasca draenáil bhactha, cúrsaí topagrafaíochta, fliuchras ard agus tuaithiúr gréine. Is é príomhfhócas clár taighde Bhéal Átha hÉis, córais táirgeachta inbhuanaithe a fhorbairt a fheileann do shriantachtaí uile an réigiúin. Léiríonn torthaí, i gcás ina bhfuil timpeallacht theoranta ann don bhleán, go bhféadfadh méadú a theacht ar bhrabúsacht na feirme ach cur leis na leibhéil de bheatha thacúil bhreise a thugtar. Bhraithfeadh an méid sin ar an gcóimheas idir praghas na beatha tacúla agus praghas an bhainne, ar ardleibhéal úsáide féir a bheith ann i gcónaí agus an tál breise bainne in aghaidh na bó a fháil gan breis saothair.


An sainmhíniú ar an iontógáil fuinnimh iarmharaigh (RFI), gurb é an difríocht é idir iontógáil iarbhír agus iontógáil réamh-mheasta ainmhí, bunaithe ar chruthúnas tomhaiste. Bearaigh a raibh iontógáil fuinnimh iarmharaigh íseal acu (léiriú ar éifeachtacht os cionn an mheáin), d’ith siad 14% níos lú beatha sa tréimhse beathaithe geimhridh istigh ach chruthaigh siad chomh maith céanna leo siúd a raibh iontógáil fuinnimh iarmharaigh níos airde acu. Tá taighde ar siúl faoi láthair féachaint an bhféadfaí ba diúil a bheadh níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos costéifeachtaí a fháil dá mba as measc ainmhithe le hiontógáil íseal fuinnimh iarmharaigh a roghnófaí an t-athsholáthar.

MAIRTEOIL Géineolaíocht Ainmhithe Tá neart poiblíochta déanta ar iarmhairtí sláintiúla féideartha na nútraiceodach do dhaoine: aigéad sailleach polai-neamhsháithithe (PUFA) agus leaganacha athchogantach-díorthaithe d’aigéad líonoiléach comhchuingeach (CLA). Táirgeann na hathchogantaigh CLA-nna ina gcuid matán i slabhra coimpléascach tarlúintí, agus an méid sin á chinneadh ag géinte an ainmhí. D’fhorbair Teagasc saothrán aonchille de chill saille ionmhatánach buaibheach sa Ghráinseach le deireanas agus tá siad ag baint leas as an acmhainn sin chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar leibhéil éagsúla d’fhorlíonadh PUFA (bíonn leibhéil ísle PUFA i bhféar agus bíonn ardleibhéal in ola éisc agus in ola shoighe) ar na géinte sin agus ar charnadh CLA. Seachnaítear na torthaí mearbhlaithe a d’fhéadfadh tarlú de bharr éagsúlachtaí idir ainmhithe leis an gcur chuige in vitro. Cothú Ainmhithe Chuirfí leis an mbrabúsacht sna tréada diúil ach laghdú ar riachtanas cothabhála na bó. Rinneadh toradh na hiontógála fuinnimh iarmharaigh, léiriú ar éifeachtacht an bheathaithe, ar an iontógáil, ar an bhfás, ar thoisí coirp agus ultrafhuaime, ar fhiseolaíocht na fola agus ar an iompraíocht, a chinneadh nuair a bhíothas ag tógáil bearach folaíochta Simmental agus Simmental Freaslannach-Holstein.

Éifeachtacht na Táirgeachta De réir mar a éiríonn ainmhithe níos raimhre, is amhlaidh is mó fuinneamh beatha a theastaíonn ar gach aonad den mhéadú breise. Méadaítear ar chéatadán an mheáchain mharaithe agus bíonn cruth níos fearr ar an gconablach nuair a dhéantar ainmhithe a ramhrú go dtí leibhéal raimhre 4, seachas leibhéal raimhre 3, ach ní chlúdaíonn an brabach breise na costais bhreise a ghabhann leis sin. Rinneadh leibhéal raimhre 4 a fhoroinnt faoi thrí, agus is fearr an t-aiseolas a thugann sé d’fheirmeoirí faoina gcuid córas táirgthe. Dá thoradh sin is amhlaidh gur grádú ar leibhéal raimhre 3 a bhaineann le 55% de na bulláin a mharaítear (% de laghdú i gcás leibhéal raimhre 4 nach raibh chomh heacnamaíoch céanna). Sin méadú suntasach ar éifeachtacht na gcóras táirgthe mairteola.

Noel Coakley, An Bord Bainne; Thia Hennnessy agus Trevor Donnellan, Taighde Geilleagar Tuaithe Teagasc; An tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc agus Aaron Forde, POF Connacht Gold agus iad i láthair ag Comhdháil Náisiúnta Déiríochta Teagasc 2007 ar an téama ‘Exploiting the Freedom of Milk’.

19


Min Bhuí Foráiste Léiríodh ó shonraí allamuigh a breacadh cheana go meathlaíonn luach cothaitheach an ghais agus na nduilleog (stover), arb ionann iad agus leath an ábhair thirim sa bharr mine buí, fad a bhíonn na diasa ag aibiú san fhómhair. Rinneadh min bhuí fhoráiste a bhaint ar eatraimh choicísiúla idir lár Mheán Fómhair agus deireadh Dheireadh Fómhair agus a thairiscint do bhulláin a rabhthas á gcríochnú, i gcomparáid le réim bia bunaithe ar bheatha shaorga ad lib. Bhí an méadú ar mheáchan na gconablach mórán mar an gcéanna do na dátaí bainte éagsúla, rud a léiríonn gur cealaíodh an méadú stáirse sa bharr toisc na diasa a bheith ag aibiú ag an meathlú comhuaineach ar chaigdeán an stover. Ba lú meatán in aghaidh an aonaid mheáchain chonablaigh a bhí á ghiniúint áfach ag an eallach ar tugadh an mhin bhuí dóibh a baineadh níos déanaí agus a raibh cion níos mó den stáirse inti. Tharla gur gás ceaptha teasa tábhachtach é an meatán, d’fhéadfadh sé go gcuideodh sadhlas mine buí a bhí á baint déanach chun laghdú ar astuithe talmhaíochta. Léagúmaigh Tá tionscadal léagúmach inír idir lámha sa Ghráinseach chun cur le ról na seamrach sna córais féaraigh mhairteola. Scrúdaíomar an tionchar ar an mbarr iomlán agus ar an mbarr seamrach ar bháinseacha úra ag éirí as comhréireacha dhá speiceas féir agus seamrach a athrú i meascán síolta ag suímh dhifriúla in Éirinn. Ba tháirgiúla iad na meascáin féartha agus seamrach ná monashaothruithe de cheachtar speiceas. Chuaigh sé i bhfeidhm ar tháirgeacht na speiceas nuair a athraíodh coibhnis na speiceas sa mheascán síolta. Tá luacháil á déanamh againn ar tháirgeacht agus ar dhianseasmhacht ceithre shaothróg seamair dhearg faoi réisímí bainte agus bainistíochta féaraigh. Tabharfaidh na sonraí sin treoracha úsáideacha maidir le báinseach a bhunú agus a bhainistiú agus na praghsanna leasacháin nítrigine ag dul in airde go tapa.

20

Eallach Óg a Gheimhriú ar Fhéarach Ba lú an gá a bheadh le foráiste caomhnaithe b’fhéidir ach eallach scoite a chur ag iníor ar fhéarach geimhridh a bhí ag fás ón iníor deiridh i ndeireadh an tsamhraidh/ san fhómhar roimhe sin. Scrúdaíomar an t-iníor ar fhéarach buan sa gheimhreadh ag laonna scoite ón mór-roinn. Chuaigh an liúntas luibhre i bhfeidhm ar an mbreisiú beomheáchain agus ar an iontógáil luibhre i gcaitheamh an gheimhridh ach faoin samhradh dár gcionn ní raibh aon difríocht sa bhreisiú beomheáchain. Ní thugann an t-iníor geimhridh aon bhuntáiste cruthúnais dá réir sin. Cáilíocht na Feola Léiríodh go raibh scóranna na n-ainmhithe beo maidir le cruth conablaigh agus saill agus matán scanta agus toisí saille scanta ina dtáscairí cruinne ar mhéid na feola sa chonablach agus a luach nuair is go gairid roimh an marú a cláraíodh iad, cé nach raibh siad chomh cruinn céanna nuair is ag naoi mí d’aois a cláraíodh iad. Is féidir an fhaisnéis sin a úsáid mar chuidiú chun ainmhithe a mbeadh tréithe inmhianaithe acu a aithint i gcláir phóraithe ainmhithe.


Caoirigh Lomadh geimhridh Bíonn an geimhreadh in Éirinn sách bog. Rud a chuirfeadh strus teasa uaireanta ar fhóisceacha neamhlomtha a choinnítear istigh. Bhí an nós ann fóisceacha a choinneáil istigh, bídís lomtha nó neamhlomtha, sin nó fóisceacha neamhlomtha a fhágáil amuigh ar féarach ar feadh an toirchis. Ach na fóisceacha a lomadh agus iad á gcur sna tithe, bheadh na huain níos troime agus iad ag teacht ar an saol, agus an meáchan coiscthe cosúil lena leithéid i gcás caoirigh ar fhéarach fairsing. Meáchan coiscthe breise (2.5 kg) na n-uan ag fóisceacha lomtha a coinníodh i dtithíocht, freagraíonn sé do laghdú dhá sheachtain nó trí ar an aois mharaithe. Ní dhearna bainistiú an lomtha aon difríocht don ardú ar áirimh uibheacha néimeatóide sa tréimhse breithe. Féarach fairsing I staidéir a rinneadh san ionad seo le deireanas maidir le fóisceacha a chur ar fhéarach fairsing i lár, i ndeireadh nó i gcaitheamh na tréimhse toirchis, léiríodh go raibh ardú ar mheáchan breithe agus coiscthe na n-uan i gcomparáid le fóisceacha neamhlomtha a coinníodh i dtithe. Rinneadh féarach fairsing ar bháinseacha ar cheithre dháta ar rátaí stocála éagsúla gach uair, agus do thréimhsí cónaitheachta difriúla. Ach an dáta féaraigh a chur siar ó thús Mhí na Nollag go dtí deireadh Eanáir bhí laghdú ar an mbarr lusra an t-earrach dár gcionn, ach bhí baint ag an dáta féaraigh ina dhiaidh le héifeacht dháta an fhéaraigh fhairsing. Leis an méadú ar an ráta stocála ag am féaraigh méadaíodh ar an gcóimheas de thalamh lom, rud a théann i gcion ar chomhdhéanamh na báinsí an t-earrach ina dhiaidh. Ní dheachaigh minicíocht leithdháileadh an lusra le linn féaraigh fhairsing i gcion ar an ábhar tirim sa bharr ná ar an gcóimheas de thalamh lom. Srianadh Bitheolaíoch ar Sheadáin Bíonn drochthionchar ag seadáin ghastraistéigeacha ar tháirgeadh agus ar shláinte na n-uan. Leis an bhfianaise bhreise ar an bhfrithsheasmhacht fhrithphéisteach, tá cur chuige seachas modhanna ceimiteiripeacha ag teastáil chun néimeatóidí a shrianadh i gcaoirigh. Léirigh an úsáid a baineadh as fungais néamatafagacha, Duddingtonia flagrans go háirithe, go bhféadfaí iad a úsáid chun neimeatóidí caorach a shrianadh. Bhíodh brath agus sainaithint

D. flagrans bunaithe ar mhodhanna moirfeolaíocha a éilíonn neart oibre agus ama, agus a ngabhann baol earráide leo. Rinneadh measúnacht dhiagnóiseach um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise a fhorbairt chun go bhféadfaí sainaithint bheacht sciobtha a dhéanamh ar D. flagrans. Baineadh úsáid as an measúnacht sin ar ball chun raon samplaí (ábhar faecach, ithir agus easair dhuillí) a thástáil a bailíodh ar fhéaraigh chaorach ar fheirmeacha in Éirinn. Rinne an mheasúnacht um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise D. flagrans a bhrath ar 80% de na feirmeacha agus dearbhaíonn sé íogaireacht na measúnachta - níor braitheadh D. flagrans ach ar 30% de na feirmeacha leis na gnáthbhealaí. Is é seo an chéad fhianaise gur rud dúchasach is ea D. flagrans. Limistéir Chnoic Limistéir chnoic is ea timpeall 20% den achar talún in Éirinn. Taobh tíre coimpléascach leochaileach atá ann a mbíonn an-éagsúlacht gnáthóg ann, iad ar ghrádáin gharbha rite go minic. Ithreacha bochta is mó atá sna limistéir sin agus iad i mbaol a gcreimthe. Rinneadh measúnú ar thionchar caoirigh a bheith ar féarach ar fhásra breacnádúrtha cnoic, bunaithe ar mhionáirimh minicíochta plandaí, locaí buana, plásóga féaraigh srianta agus roghanna gnáthóige. Thug ráta stocála bliantúil de 0.8 fóisc sa heicteár titim ar an talamh lom agus méadú ar na grúpaí fásra i gcoitinne (féara, seiscí, brífítí (caonaigh agus léicin), fraoch agus luibheanna eile). Chuir féarach bainistithe le héagsúlacht na speiceas, le líon na dtor, agus le líon na gcineálacha fraoigh agus raideog sna plásóga féaraigh shamhraidh agus gheimhridh. Léiríodh le teicníochtaí cianbhraite (cuireadh bónaí leis an gcóras suite domhanda ar chaoirigh roghnaithe) gurbh é an féarach aigéadach an rogha gnáthóige, agus go raibh fraochmhá fliuch sa dara háit ar liebhéal mionroghnaithe. Bíonn mamaigh bheaga (lucha féir agus dallóga fraoigh), ar gnéithe tábhachtacha iad sa slabhra bia, bíonn siad i láthair i ngnáthóga fraochmhá fliuch agus féaraigh aigéadaigh. Baineadh leas as próifíleoirí bioráin mhicreathopagrafacha, as steallchupaí agus bioráin mharcála chun an dífhoirmiú dromchla a thomhas mar aon le hathruithe arbh é an micrea-chreimeadh faoi deara iad. Bhí méid suntasach ithreach á bhaint agus á leagan síos mar a raibh na caoirigh gníomhach. Tá sé riachtanach go ndéanfaí measúnú leanúnach ar na rioscaí má táthar chun gnáthóga dea-bhainistithe a chothabháil sa timpeallacht sin.

21


BARRA Íoschuradóireacht Cuireadh staidéar ar bun sa bhliain 2007 ar íoschuradóireacht na heorna earraigh féachaint an bhfuil ról ag an gcóras sin sa ghránbharr is forleithne a shaothraítear anseo. Tá gealladh faoi chórais íoschuradóireachta i gcás ráib síl ola freisin, agus tugann siad barr cosúil go maith leis an mbarr a thugann na córais treafa. Bliain sách deacair ba ea 2007 do chruithneacht gheimhridh íoschuradóireachta bhunaithe, cé gur i dtreo barr dá leithéid a bheifear ag dul san fhadtéarma; agus nuair a chuirtear na buntáistí costais saothair agus innealra san áireamh, is léir go gcaithfear a bheith ag machnamh ar an gcóras. Córais Tacaíochta Cinntí do Ghránbharra Is é Septoria an galar is suntasaí a laghdaíonn ar tháirgeacht gránbharra in Éirinn. Is é an gnás reatha, trí fhungaicíd nó ceithre a chur ar an mbarr mar chosaint ar an ngalar sin. Tá measúnú déanta i bPáirc na Darach ar chórais tacaíochta cinntí a úsáideann paraiméadair aimsire agus bairr chun a chinntiú cén uair is gá fungaicídí a scaipeadh. Déanann gléas ar a dtugtar Thies Septoria Timer taifeadadh ar tharlúint na ndálaí a d’fheilfeadh do leathadh Septoria sa bharr cruithneachta. Léiríonn sé cén uair baileach a theastaíonn spraeáil fungaicíde chun an galar a chosc. Laghdaigh úsáid an Septoria Timer ar na hionchuir fungaicíde i dtrialacha le trí bliana anuas, cé gur coinníodh an táirgeacht mórán mar a bheadh le gnáthchlár spraeála ina ndéanfaí spraeáil faoi thrí. Friotaíocht do Ghalair Tástáladh pobail Mycosphaerella graminicola (Septoria tritici), paitigin duilleog chruithneachta, le haghaidh íogaireacht d’fhungaicídí sa bhliain 2007. Tá an fhriotaíocht do na strobilurin ard i gcónaí, 94% an meán a fuarthas i gcás na mbarr a sampláladh. Tá M. graminicola íogair i gcónaí i gcás Epoxiconazole agus Prothioconazole, fungaicídí trí-asóil, ach níl sé chomh híogair céanna i gcás Tebuconazole. Aithníodh roinnt sóchán sa ghéin a ionchódaíonn spriocshuíomh na dtrí-asól, agus bhí ceann díobh bainteach le híogaireacht laghdaithe i gcás Tebuconazole. Fuarthas an sóchán sin i 25% de bhreis agus 400 aonraíoch a scagthástáladh sa bhliain 2007.

22

Bithfhuinneamh Rinneadh forbairt i bPáirc na Darach ar mhodh ísealchostais chun slisneach sailí a thriomú ar fheirmeacha. Nuair a bhaintear an tsaileach bíonn cion taisligh os cionn 50% inti. Dá ndéanfaí an t-adhmad a chruachadh sa riocht sin ba ghearr go dtosódh sé ag téamh as féin, agus d’fhásfadh múscán díobhálach air. Ar an taobh eile, ba dheacair an t-adhmad a dhó agus an oiread sin taisligh ann. Gabhann costais chaipitiúla agus reatha ard le saoráidí triomaithe a thógtar d’aon ghnó agus is ar éigean a bheadh teacht ag formhór na bhfeirmeoirí orthu, ionas go mba ghá córas triomaithe ísealchostais amuigh faoin aer a fhorbairt a d’fheilfeadh lena úsáid ar fheirmeacha. Úsáideadh pailléid adhmaid i bPáirc na Darach chun cruach slisnigh sailí a thógáil 7m ar fad, 5.5m ar leithead agus 2m ar airde. Clúdaíodh an chruach le clúdach polapróipiléine fite. Rinneadh an slisneach a aeráil ar feadh 12 uair an chloig sa lá le gaothrán 375mm a bhí ag séideadh isteach i bhfeadán draenála bréifneach 375mm. Laghdaigh méid an taisligh ó 53% ar an 10 Aibreán go dtí 16% ar an 23 Lúnasa. Rinneadh monatóireacht leanúnach ar an teocht sa chruach agus níor airíodh aon téamh as féin. Bhí an caillteanas ábhair thirim faoi bhun 5% le linn na stórála. Tá taighde ar siúl i gcónaí chun laghdú a thuillleadh ar an bhfuinneamh a theastaíonn leis an slisneach sailí a thriomú. Ráib Síl Ola in Éirinn: na Féidearthachtaí Léirigh obair a rinneadh ar ráib síl ola geimhridh go bhféadfaí táirgeacht a fháil faoi dhálaí turgnaimh in Éirinn a bheadh inchurtha le formhór na dtíortha eile san Eoraip. Léirigh turgnaimh go bhféadfadh an ráta barrmhaith curtha síl a bheith níos airde faoi dhálaí na hÉireann ná mar a tuairiscíodh i gcás tíortha eile san Eoraip. I luacháil a rinneadh ar raon saothróg a cuireadh sa tréimhse bharrmhaith cuir faoi dhálaí maithe ithreach, léiríodh nach ngabhann tairbhe sheasmhach le saothróga hibrideacha seachas na gnáthshaothróga.


COMHAIRLEACH D’ardaigh líon na gcliant go dtí 45,000 sa bhliain 2007, rud a léiríonn go bhfuil gá i gcónaí le seirbhís comhairle atá dírithe ar na cliaint. Thacaigh an tseirbhis Comhairle le breis agus 40,000 maidir lena gcuid iarratas ar chúnamh limistéir. Agus tacaíodh le 15,500 feirmeoir sa bhreis i scéimeanna eile na roinne, ina measc an Scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme agus an Scéim Infheistíochta Feirme. Rinne Teagasc freastal ar 25,000 cliant de chuid REPS i gcaitheamh na bliana. Baineadh barrleibhéal amach sa bhliain 2007 don fhreastal ar ócáidí Teagasc a bhí dírithe ar chúrsaí teicniúla, agus d’fhreastail breis agus 55,000 feirmeoir ar 317 siúlóid feirme i gcúrsaí déiríochta, eallaigh, caorach agus curadóireachta. Mhéadaigh na cruinnithe pléghrúpa 30% go dtí 1621 i gcaitheamh na bliana, agus d’ardaigh líon na seimineár sna ceithre phríomhthionscadal faoi thrí beagnach. Déiríochta Athbhreithniú Déiríochta 2007 D’fhreastail breis agus 1,200 feirmeoir ar na Comhdhálacha Náisiúnta Déiríochta a tionóladh i gCill Chainnigh agus i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Bhí an eagraíocht ag plé le cláir chomhpháirtíochta le tionscal na déiríochta sa bhliain 2007. I measc a cuid páirtithe bhí comharchumainn: Arrabawn, Centenary, Connacht Gold, Dairygold, Glanbia, Kerry, Lakeland/ Town of Monaghan, Tipperary, West Cork agus Wexford. Bunaíodh comhfhiontar nua le Germinal Seeds chun Buiséadú Féir agus Tomhais Féir a chur chun cinn ar 200 feirm déiríochta. A bhuíochas don chlár atá againn i gcomhar le ICBF (Cónaidhm Tógálaithe Beostoic na hÉireann), tá breis is €5 de mhéadú leanúnach sa bhliain ar Innéacs Póraithe Eacnamaíoch (EBI) an tréada náisiúnta. Tá an ‘Profit with Partnership’ atá againn leis na stáisiúin AI tar éis líon an athsholáthair AI sa tréad náisiúnta déiríochta a mhéadú ó 36 go dtí 42%.

Tá 100 feirm mhonatóireachta déiríochta ar fud na tíre agus baineadh an-úsáid astu le haghaidh siúlóidí feirme, cruinnithe pléghrúpa, traenáil inseirbhíse do chomhairleoirí, luacháil ar an gcruthúnas teicniúil agus airgeadais atá indéanta agus le haghaidh luacháil na roghanna d’fheirmeoirí déiríochta amach anseo. Tá breis agus 6,000 feirmeoir tar éis síniú chun a gcuid sonraí ICBF a chur ar fáil dá gcomhairleoir Teagasc, ionas go bhféadfadh an teagascóir comhairle níos sonraíche a chur ar fheirmeoirí indibhidiúla faoi thorthúlacht/pórú. Chuir an t-ardú ar phraghas an bhainne ó 25.6 (2006) go dtí praghas measta 32.6 (2007) cent sa lítear - ardú 27% - go mór le muinín na bhfeirmeoirí. Ainneoin gur ardaigh formhór na gcostas 3 go 20%, mhéadaigh an corrlach glan sa lítear ó 7 go 13c/l, méadú 85%. Agus mhéadaigh an Corrlach Glan sa heicteár ó €615 go dtí €1158 (meastachán) dá réir. Bhí baint ag an ardú ar phraghas an bhainne air agus ag caiteachas níos lú ar chostais ionchuir.

23


24


EALLACH SEASC

BARRA CURADÓIREACHTA AGUS FUINNIMH

Mairteoil Cliaint de chuid Teagasc a bhfuil monatóirí brabaigh comhlánaithe acu, tá siad tar éis a mbrabach a mhéadú 9% sa bhliain ó 2003 i leith, trí éifeachtacht fheabhsaithe theicniúil agus trí mhargú níos fearr; is amhlaidh a thit fáltais phréimhe sa heicteár i gcaitheamh na tréimhse. Breis agus 30% de na feirmeoirí diúil agus 62% de na feirmeacha neamhphóraithe, agus monatóirí brabaigh acu, bhain siad ollchorrlach os cionn €500 sa heicteár agus bhí timpeall 40% a rinne brabach beag beann ar na préimheanna uile. Beartas tábhachtach fisiceach a théann i gcion ar bhrabúsacht eallaigh is ea an t-aschur mairteola sa heicteár, agus is é an t-idirghníomhú idir an ráta stocála agus cruthúnas na n-ainmhithe indibhidiúla a chinneann é. 750kg mairteoil bheomheáchain sa heicteár, sin sárchaighdeán le baint nó le sárú – agus bhí 23% de na feirmeacha diúil agus 16% de na feirmeacha neamh-phóraithe a raibh breis agus 750kg mairteoil bheomheáchain sa heicteár acu. Eagraíodh dhá mhórshiúlóid náisiúnta feirme sa bhliain 2007 ar na feirmeacha a bhuaigh Táirgeoir Ardchaighdeán Mairteola agus Táirgeoir Ardchaighdeán Lao Scoite, agus d’fhreastail timpeall 3,500 ar an iomlán.

Bhain praghsanna gráin sa bhliain 2007 beagnach €200 an tona ar chruithneacht bheathaithe le cion taisligh 20% – méadú breis agus 70% ar 2006. Leis an méadú brabúsachta sin i gcás fás na ngránbharr bhí an leibhéal cuir ab airde riamh ann do ghránbharra geimhridh sa bhliain 2008. Léiríodh an-spéis i bhfeidhmiú na rialachán níotráite agus traschomhlíonta ag na seimineáir ar bharra curadóireachta an Earraigh (bhí breis agus 1,300 i láthair) agus ag an seó bóthair ar bharra curadóireachta (bhí 300 i láthair) go luath sa bhliain. Bhí tarraingt na sluaite ar na himeachtaí náisiúnta, ina measc An Chomhdháil Náisiúnta Curadóireachta, An Chomhdháil Náisiúnta Prátaí agus Lá Oscailte na mBarr i bPáirc na Darach, chomh maith leis an gComhdháil Bithfhuinnimh agus Lá Oscailte an Bhithfhuinnimh i bPáirc na Darach. Bunaíodh seirbhís chomhairleach Gnó agus Teicneolaíochta go foirmiúil do Bharra Curadóireachta, agus ceapadh seacht gcomhairleoir déag ar fud na tíre. Cuireadh dianoiliúint orthu maidir le meastóireacht gnó/airgeadais, agus monatóireacht ar bhrabach na curadóireachta san áireamh. Cuireadh dianoiliúint ar thrí chomhairleoir nua prátaí; bhí cúrsa ceithre lá ar agranamaíocht prátaí in Albain ina chuid de. D’imscrúdaigh speisialtóirí i mbarra na forbairtí maidir le bainistíocht na mbarr, fuinneamh inathnuaite, aoileach muc a úsáid ar bharra agus comhairle do ghrúpaí thar lear. Léiríodh an-spéis in dhá chúrsa nua. Mealladh 40 iarratasóir go dtí cúrsa BASIS, cúrsa 10 lá ar Chosaint Plandaí do chomhairleoirí sa trádáil tráchtála agus i dTeagasc. Mealladh 28 saothróir curadóireachta tráchtála aosach go dtí an t-ardchúrsa (24 lá) i mBainistíocht Barr Curadóireachta. Tá ag éirí go maith leis an dá chúrsa agus iad faofa ag FETAC. Tugadh léiriú ar an dea-chleachtas maidir le cúrsaí teicneolaíochta agus maidir le measúnú airgeadais ar fheirmeacha monatóireachta, agus poiblíodh é le cuairteanna comhairleacha, ócáidí, i dtuairiscí ar bharra agus san iliomad alt agus foilseachán.

Caorigh Mhéadaigh 10% ar an aschur sa heicteár ar fheirmeacha caorach le monatóirí brabaigh le hais na bliana roimhe, ach de dheasca méadú 14% ar na costais athraitheacha ní raibh ach méadú 4% ar an ollchorrlach sa tréimhse chéanna 12 mhí dhéag. Tá buntáiste €33 san uan ag trian bairr na bhfeirmeacha caorach a bhfuil monatóirí brabaigh acu ar an trian buin, mar gheall ar phraghas díola níos fearr, costais tháirgthe níos ísle agus costais athchuir níos ísle san uan. Sin breis agus €20,000 d’fheirm chaorach 40 heicteár (100 acra), rud a léiríonn na féidearthachtaí iontacha atá ann maidir leis an ioncam a mhéadú ar fhormhór na bhfeirmeacha caorach ach an cruthúnas teicniúil a fheabhsú. Bíonn an-tionchar ag an aschur uan san acra ar bhrabúsacht na gcaorach; tá Teagasc tar éis sprioc 12.5 uan a leagan síos, agus sprioc níos airde i gcás táirgeoirí tráchtála. D’éirigh le 46 % de na feirmeoirí caorach a raibh monatóirí brabaigh acu díolachán breis agus 12.5 uan sa heicteár a bhaint amach.

25


BAINISTÍOCHT FEIRME AGUS FORBAIRT AGUS TACAÍOCHT DON TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE CUMARSÁIDE (TFC) D’FHEIRMEOIRÍ Forbraíodh agus seoladh cúrsa nua traenála ar líne d’fheirmeoirí i Meán Fómhair. Tairgeadh an cúrsa mar thoradh ar staidéar mionsonra a leag an-bhéim ar an ról fíorthábhachtach atá ag Teagasc maidir le feirmeoirí a chumasú chun cur lena gcuid éifeachtachta in úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus chun dul i ngleic leis an mbearna dhigiteach shuntasach idir feirmeoirí agus an pobal i gcoitinne. Mionathraíodh an monatóir ríomh-Bhrabaigh chun go mbeadh mic léinn i dTeagasc agus lasmuigh de in ann teacht ar an uirlis thábhachtach thagarmharcála éifeachtachta sin. Chomhlánaigh breis agus 1,200 feirmeoir anailís ar a gcruthúnas fisiceach agus airgeadais. Treoirbhliain ba ea 2007 maidir leis an iarratas SPS nua a bhí á fhorbairt ag an Roinn Talmhaíochta Bia agus Foraoiseachta; bhí foireann Teagasc, agus na comhairleoirí go háirithe, rannpháirteach san fhorbairt ríomhsheirbhíse rialtais sin. Cuireadh timpeall 2,000 ar aghaidh ar líne, as an iomlán de 39,000 a comhlánaíodh thar ceann cliant. Rinneadh an Pleanálaí Rialú Costas, clár taifeadta Excel d’fheirmeoirí, a uasdátú agus cuireadh saoráid ann a ligfeadh d’fheirmeoirí beostoic rianú a dhéanamh ar cheannach & úsáid dhá ionchur thábhachtacha – beatha agus leasachán. Féadann feirmeoirí déiríochta sonraí a iontráiltear sa Phleanálaí Rialú Costas a úsáid chun táirgeadh solad bainne tréada a chur i gcomparáid le spriocanna i gcaitheamh na bliana freisin. Forbraíodh bogearraí nua Excel-bhunaithe freisin chun cuidiú le comhairleoirí agus feirmeoirí an riachtanas Tras-Chomhlíonta a shásamh i gcás pleananna agus taifid leasacháin. Tionóladh fiche cúrsa infheistíochta airgeadais. Díríodh iad ar chliaint a bhí ag déanamh infheistíocht shuntasach sa scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme agus sa scéim Feabhsaithe Feirme. Rinneadh nuashonrú agus forbairt bhreise sa bhliain 2007 ar raon cuimsitheach líníochtaí mionsonraithe d’fhoirgnimh feirme agus ar áireamhán costas foirgníochta. Bhain na comhairleoirí an-úsáid astu agus iad ag cur comhairle ar a gcliaint faoi fhoirgnimh feirme.

26

OIDEACHAS AGUS FORBAIRT Traenáil d’Iontrálaithe Óga Cuireadh tús le Traenáil d’Iontrálaithe Óga (Young Entrant Training) sa bhliain 2007 agus bhíothas buíoch as an ardú 25% a ar an rollú sna coláistí, malairt patrúin le blianta beaga anuas. Seachadadh cláir bhreisoiliúna sa talmhaíocht, sa ghairneoireacht, i dtógáil agus i dtraenáil capall, agus san fhoraoiseacht in ocht gcoláiste agus i roinnt ionad áitiúil. Cuireadh Ardchúrsaí Speisialtóireachta ar fáil freisin i mBainistiú Tréad Déiríochta, i mBainistiú Innealra agus Barr, i mBainistiú Eallach seasc agus sa Mheicniú Talmhaíochta. 531 mac léinn san iomlán a rollaigh i gcláir bhreisoideachais sna coláistí, agus bhí 3,384 ar fad páirteach sna cláir sin. Réimsí ar nós talmhaíocht, gairneoireacht, eolaíocht talmhaíochta, agra-ghnó, mic léinn eachaí agus meicniú talmhaíochta atá i gceist sna cláir sin. Rollaigh 243 mac léinn i gcláir oiliúna ardleibhéil sa bhliain 2007, agus tá 636 ar fad páirteach sna cláir sin faoi láthair. Oiliúint d’Fheirmeoirí Aosacha Rinne an Stiúrthóireacht Oideachais agus Forbartha, i gcomhar leis an Stiúrthóireacht Chomhairleach, clár cuimsitheach Oiliúna d’Fheirmeoirí Aosacha a sheachadadh in imeacht 2007. 11,738 feirmeoir aosach ar fad a chríochnaigh cláir oiliúna agus astu siúd, bhí 2,215 ar bronnadh teastais FETAC orthu. B’iad cúrsaí traenála REPS an chatagóir ba mhó agus bhí 4,617 ar an iomlán páirteach sna cúrsaí. Anuas ar an méid sin thuas, rinneadh modúil aosaigh a sheachadadh sna réimsí seo a leanas freisin: Teicneolaíocht agus Gnó, Inmharthanacht na Tuaithe, Sláinte agus Sábháilteacht, Foraoiseacht, Fiontair de Chineálacha eile, Bearradh fálta, Tarlú beostoic, Teicneolaíocht Faisnéise agus Lotnaicídí. Rinneadh an tArdteastas Talmhaíochta d’fheirmeoirí páirtaimseartha a sheachadadh i gceithre ionad déag; 559 feirmeoir a bhí páirteach. Cuireadh na cláir sin ar siúl san oíche agus ag an deireadh seachtaine den chuid is mó chun freastal ar fheirmeoirí páirtaimseartha.


Seán Mac Cárthaigh Cúlra: As Ciarraí dó. Chuaigh Seán Mac Cárthaigh ag obair le Teagasc sa bhliain 2006 tar éis dó a bheith i mbun taighde i bPáirc Uí Mhórdha agus é ina mhac léinn. Post reatha: Oifigeach forbartha Talmhaíochta do Chorca Dhuibhne "Bím ag obair le feirmeoirí déiríochta chun na fiontair reatha atá acu a choinneáil, agus ag cuidiú leo glacadh le teicneolaíochtaí nua. Chun go n-éireoidh leis an ról seo, tá sé fíor-riachtanach plégrúpaí a chur ar bun, chun gur féidir leis na feirmeoirí na saincheisteanna criticiúla a phlé agus aird a dhíriú ar fheidhmiú rudaí nua ar an bhfeirm. Ar na réimsí spéise reatha tá bainistíocht ar phórú agus féaraigh, mar nuair a chuirtear an dá ghné sin le chéile is amhlaidh a dhéantar an úsáid is mó d'fhéar féaraigh i réim bia na bó bainne, rud a théann i bhfeidhm go láidir ar bhrabúsacht feirme.

27


Ba é 2007 an bhliain dheireanach do chúrsaí 100 uair agus 80 uair an chloig. Chríochnaigh 1,369 rannpháirtí an clár 100 uair an chloig don Teastas Talmhaíochta, agus bhí 1,145 eile a chríochnaigh an clár 80 uair an chloig don Teastas i mBainistíocht Feirme. Astu siúd, bhí 450 rannpháirtí a chríochnaigh an clár ar-líne trí ríomh-Choláiste Teagasc. Ag éirí as an Athbhreithniú Fóraim ar Oideachas agus Traenáil, is amhlaidh a chuirfear Ardteastas Talmhaíochta Leibhéal 6 in áit na gcúrsaí 100 uair an chloig agus 80 uair an chloig sa bhliain 2008. Forbraíodh an clár sin in imeacht 2007 agus cuimsíonn sé roinnt gnéithe nua, ina measc, páirtíocht feirme baile ar feadh sé mhí, 12 mhí de chleachtadh bainistíochta ar an bhfeirm bhaile, ocht gcruinniú pléghrúpa agus feirmeacha tagarmharcála in úsáid, traenáil i scileanna breisithe agus tástáil inniúlachta agus mórthionscadal ar an bhfeirm bhaile ina mbeidh an clár ICBF Herd Plus in úsáid. Forbraíodh clár oiliúna do thionscal na gcon in imeacht 2007, i gcomhar le Greyhound Skillnets agus rinne FETAC bailíochtú air. Anuas air sin, rinneadh clár oiliúna obairbhunaithe a sheachadadh do bhuainteoirí muisiriún i gcomhar le Commercial Mushroom Producers (Táirgeoirí Tráchtála Muisiriún) ar chuidigh Teagasc leo chun comhaontú Dearbhú Cáilíochta le FETAC a bhaint amach. Seachadadh na hábhair oiliúna agus aistríodh iad go roinnt teangacha ó Oirthear na hEorpa. Athbhreithniú ar na Coláistí D’fhéach Údarás Teagasc le Farrell Grant Sparks a fhostú in imeacht 2007 chun comhairliúchán a chur ar fáil dar teideal “Strategy for the Future Resourcing of Agricultural and Horticultural Colleges”. B’é ab aidhm don chomhairliúchán, cuidiú le hÚdarás Teagasc cinneadh a dhéanamh faoi mhórinfheistíocht chaipitiúil i gcoláistí talmhaíochta agus gairneoireachta amach anseo. Bronnadh an tuarascáil ar Údarás Teagasc i bhFeabhra 2008. Ghlac an tÚdarás leis nach bhféadfadh cúrsaí leanúint mar a bhí, agus chinn siad an mhórinfheistíocht chaipitiúil amach anseo a chomhchruinniú i gceithre choláiste:

28

Baile Átha hÉis Garraithe na Lus Cill an Dáltúnaigh An Creagán. D’aithin an tÚdarás méadú breise ar an ualach oibre freisin ag éirí as an méadú 25% ar rolluithe agus an t-ualach oibre méadaithe réamh-mheasta atá i gceist i seachadadh comhpháirteanna scile an Ardteastais Talmhaíochta (Athchúrsa 180 uair an chloig). Beidh líonra iomlán na gcoláistí de dhíth chun an t-ualach oibre breise a sheachadadh, agus aithníodh go mbeidh caipiteal leanúnach ag teastáil leis an infreastruchtúr sna ceithre choláiste a bheidh fágtha a chothabháil. Tá sé i gceist anois grinnluacháil a dhéanamh ar riachtanais chaipitiúla na gceithre choláiste thuas agus déanfaidh an tÚdarás cinneadh, bunaithe ar an luacháil sin, maidir le hinfheistíochtaí caipitiúla amach anseo.


Mapaí Earnála Cuireadh tús le próiseas sa bhliain 2007 chun mapaí earnála a fhorbairt de na príomhthionscadail talmhaíochta agus gairneoireachta. Tá sé i gceist ceannas agus treoir a sholáthar do chliaint, don fhoireann agus don tionscal. B’iad an Stiúrthóireacht Oideachais agus Forbartha a bhí i gceannas agus forbraíodh mapaí don ghairneoireacht, do mhuca agus foraoiseacht agus do na príomhfhiontair fheirmeoireachta ar fad. Ríomh-Choláiste Teagasc Bhí 450 mac léinn rannpháirteach sa bhliain 2007 i gCúrsa FETAC Leibhéal 5, Teastas Sainchuspóra i dTáirgeadh Ainmhithe agus Barr (100 uair an chloig) agus i gCúrsa FETAC Leibhéal 6, Teastas Sainchuspóra i nGnó Feirme (80 uair an chloig), cúrsaí a seachadadh ar líne. Seachadtar na cúrsaí le Timpeallacht Foghlama Fhíorúil a éascaíonn riarachán na mac léinn agus a chuireann ábhair an chúrsa ar fáil mar aon le fóraim plé ar líne. Tá coláistí talmhaíochta Teagasc uile, mar aon leis na coláistí príobháideacha, ag plé le traenáil ar líne a sheachadadh i gcás scileanna praiticiúla. Tá 60 ríomhtheagascóir oilte anois chun cláir leis an ríomhCholáiste a sheachadadh. Rinneadh seachadadh ar líne freisin sa bhliain 2007 i gcás an Ardchúrsa i mBainistíocht Sláintíochta agus Sábháilteacht an Bhia a bhaineann le hIonad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh; agus rinneadh an clár traenála nua ar líne do Tháirgeoirí Éanlaithe Clóis Saorraoin a fhorbairt agus a sheachadadh in imeacht 2007. AN tAONAD FORBARTHA GAIRNEOIREACHTA 930 saothróir ar fad atá ann agus aschur €297m ag geata na feirme acu. Bíonn teagmháil chomhairleach ag Teagasc le 80% den na saothróirí. Chomhlánaigh comhairleoirí 207 plean gnó (infheistíocht phleanáilte iomlán €26m) faoin Scéim Chúnaimh Infheistíochta chun earnáil na Gairneoireachta Tráchtála a fhorbairt.

Torthaí €30m an t-aschur ó earnáil na dtorthaí boga, earnáil atá ag forbairt go gasta. D’fhéadfaí a luach a dhúbailt faoi 2018. Earnáil an-inmharthana is ea torthaí boga i ngairneoireacht tráchtála na hÉireann agus gineann sí fostaíocht agus infheistíocht i limistéir uirbeacha agus faoin tuath. Táirgeoirí tráchtála mórscála iad formhór mór na saothróirí anois agus infheistíocht an-suntasach á déanamh acu ina gcuid fiontar. Modúil Sútha Talún Modúil sútha talún/plandaí modúil atá ag teacht go tréan sa táirgeadh torthaí in áit na n?athphlandaí fréamhloma traidisiúnta, go háirithe nuair is barra faoi chosaint atáthar á dtáirgeadh. Táthar ag súil le méadú suntasach ar tháirgeadh tráchtála na bplandaí modúil as seo go ceann roinnt blianta ach plandaí modúil a chur in ionad iompórtálacha. Bunóidh an tionscadal sin sainphrótacal táirgthe maidir le trádairí plandaí d’fhorleatóirí reatha agus nua in Éirinn. Tá taighdeoirí i mbun imscrúduithe ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar tháirgeadh, táirgeacht torthaí agus cáilíocht na bplandaí trádaire. Táthar ag breathnú cúrsaí uainithe i gcás scoitheadh barrghearrthóg, an éifeacht a ghabhann le cóireálacha difriúla cothaitheach agus substráite i gcás tionscnamh na mbláthanna agus an táirgeacht torthaí ar ball. Stoc na bPlandlann Cuireadh tús le tionscadal nua taighde chun éifeachtacht an fhorleata a fheabhsú agus chun línte nua d’ábhar planda sláintiúil a chur ar fáil don earnáil stoic phlandlainne sa bhliain 2007. Baileoidh an tionscadal cineálacha clónála de phlandaí ornáideacha sonraithe; déanfar iad a shortáil de réir comhchosúlacht leis an gcineál cláraithe agus an méid sin bunaithe ar a gcuid moirfeolaiochta, a gcruthúnas fáis agus a bhfrithsheasmhacht in aghaidh galair.

29


MUISIRIÚIN Rialú Galar Tá dhá thionscadal taighde ar bun faoi rialú galar. “Environmental and genetic control of brown colour development in mushrooms infected with mushroom virus X” is ábhar don chéad tionscadal agus tá sé ar bun le beagán os cionn bliana. Tá dul chun cinn déanta le táirgí géine a aithint a tharlaíonn i muisiriúin ghalraithe, nó a bhíonn as láthair uathu, i gcomparáid le muisiriúin shláintiúla nó neamhshiomptómach, le teicneolaíochtaí le haghaidh léiriú géine ar a dtugtar “suppression subtractive hybridization (SSH)" agus le micrea-eagair. Tugadh cuairt ar ocht bhfeirm ar a bhfuil leibhéil dhifriúla den galar agus bailíodh samplaí don tástáil léiriú géine. Tá dul chun cinn déanta freisin maidir le géinte a aithint atá gaolmhar leis an dath donn ar an gcaipín. Cuireadh tús leis an dara tionscadal i nDeireadh Fómhair 2007 ar "Measuring and managing dry bubble disease pressure on mushroom farms". Cruthaíonn an galar Verticillium deacrachtaí don tionscal i gcónaí. Tugadh cuairt ar roinnt feirmeacha agus bailíodh samplaí a d’fhéadfaí a úsáid le linn an tionscadail. Tá modhanna diagnóiseacha móilíneacha á bhforbairt i gcomhar le tástálacha bithmheasúnachta agus measúnuithe feirme chun an leibhéal brú ó ghalar ar fheirm ar leith a oibriú amach. Tá comhoibriú le hOllscoil Wageningen i gceist sa tiosncadal.

Traenáil Obair-Bhunaithe An tsaincheist mhór eile a bhí ag déanamh imní don Earnáil, bhain sí le traenáil struchtúrtha d’fhoireann táirgthe agus don lucht bainte. Cuireadh cúrsa FETAC-creidiúnaithe le chéile don earnáil i gcomhar leis an Aonad Forbartha Curaclaim, aithníodh traenálaithe as measc saothróirí na ngabháltas agus oileadh iad, agus cuireadh tús leis an gclár traenála do na hoibrithe. BARRA GLASRAÍ Trialacha Saothróg Sna trialacha luachála ar shaothróga i gCionn Sáile fuarthas de thoradh dhá thriail a rinneadh faoi dhálaí diana fáis gur dara luath-hibrideach den scoth a bhí sa chóilis nua Flamenco. Bhí dhá hibrideach eile, Clarify agus Clapton, na chéad chóiliseacha atá frithsheasmhach in aghaidh cnapfhréamh, a chruthaigh go sásúil maidir le táirgeadh samhraidh agus fómhair de. Níor chruthaigh saothróga den bhrocailí glas chomh maith céanna faoi na dálaí sin; ba é Beaumont ab fhearr ó thaobh cáilíochta. Bhí gealladh ar leith faoi thrí hibrideach nua den bhrocailí péactha corcra a aibíonn ó Shamhain go Feabhra. B’fhearr iad, ó thaobh cáilíochta agus aonfhoirmeachta de, ná na speicis chaighdeánacha a phailnítear faoin aer.

An tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, Trevor Sargent, T.D., in éineacht le Harry O'Brien agus Bernard Flood, agus barr úll Chill an Dáltúnaigh á scrúdú acu.

30


AN tAONAD FORBARTHA FORAOISEACHTA An Clár Taighde Feabhsú na gCrann Leathanduilleach Rinneadh taighde i gcomhar le comhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe ar phéire de na príomhspeicis leathanduilleacha, an fhuinseog agus an seiceamar. Cuireadh triail idirnáisiúnta bunáitíochta ar bun ar an bhfuinseog a bhí comhdhéanta d’ábhar foinse ó 25 ionad san Eoraip. Maidir leis an dul chun cinn a rinneadh sa bhliain 2007: aithníodh crainn sár-fhearna nua a chuirfí i gclár póraithe crann fearna; aithníodh na crainn bheithe is fearr atá ag cruthú i gclár reatha, agus an dara babhta feabhsúcháin sa speiceas sin a bhunú air sin. Rinneadh dul chun cinn breise leis an acmhainn ghéiniteach a chaomhnú maidir le crainn seanórtha uathúla: an dair, an fhuinseog, an seiceamar agus an leamhán.

Táirgiúlacht na Foraoise agus Tanú agus Buainteoireacht san Fhoraoiseacht Feirme Tá saintréithe na limistéar foraoise feirme sa tír breactha agus tá cur síos déanta orthu. Críochnaíodh suirbhé ar shampla ionadaíoch de shuímh fhoraoise feirme, rinneadh cainníochtú ar an acmhainn foraoise feirme agus anailís ar na dálaí suímh. Ionchorpraíodh sonraí nua agus sonraí reatha sna samhlacha measúnaithe ar ghuaiseacha gaothstoite.

31


AN tAONAD FORBARTHA DO THÁIRGEADH NA MUC

An Clár Comhairleach agus Traenála Comhchlár ag Teagasc agus Seirbhís Foraoiseachta na Roinne Talmhaíochta agus Bia atá i gclár comhairleach foraoise agus traenála Teagasc. Spreagann an clár cur agus bainistiú i gcás foraoisí inmharthana feirme agus tugann sé comhairle agus traenáil i dtaobh adhmad agus táirgí tairbhiúla eile a tháirgeadh as foraoisí feirme. Tionóladh dhá thaispeántas náisiúnta foraoise feirme agus eagraíodh cruinnithe faisnéise go forleathan i mí an Mhárta agus i mí na Samhna. Bhí breis agus 1,100 duine i láthair ar spéis leo talamh a chur. Tugadh traenáil i gcás bailiú síolta, bunú coillearnach dhúchasach, bunú foraoisí feirme, bainistiú foraoisí, dealbhú foraoisí leathanduilleacha agus fuinneamh adhmaid. Agus oileadh 3,796 rannpháirtí de chuid REPS ar thairbhe na foraoiseachta feirme. Eagraíodh ócáidí náisiúnta fuinnimh adhmaid i mí an Mhárta agus i Meán Fómhair i gcomhar le COFORD.

32

Sláinte agus Leas Críochnaiodh staidéar sa bhliain 2007 a d’fhéach leis an gcóras is éifeachtaí a aimsiú chun ábhar inionramháilte a thabhairt do chránacha. B’fhearr an toradh a thug méadú sa snáithín cothaitheach ar iompraíocht agus leas na n-ainmhithe ná soláthar tuí. Caighdeán na Feola Lean an staidéar ar bheathú le linn toirchis agus a thoradh ar fhorbairt na matán sa mhuc réamhbhreithe agus iarbheirthe. D’fhéadfaí an obair sin a úsáid sa staidéar ar riochtaí forbartha ar nós murtall agus diaibéiteas i ndaoine. AN CLÁR COMHAIRLEACH AGUS TRAENÁLA An phríomhghníomhaíocht chomhairleach, b’in cuairteanna feirme ar chliaint ar conradh agus seirbhís ghnó agus teicneolaíochta a sholáthar. Is é PIGSYS, córas próiseála sonraí ar mhonatóireacht cruthúnais, an bonn le formhór na gcinntí gnó agus bhí comhairleoirí ag moladh do na táirgeoirí leas a bhaint as an tseirbhís i gcónaí. Fáiltíodh roimh cheardlann do lucht baincéireachta a thugann iasachtaí airgid do thionscal na muc. Ritheadh sraith ceardlann dhá lá ar “láimhseáil an leasacháin”, agus d’éirigh go geal leo. Tugadh ceardlanna Polainnise faoin teideal “An introduction to Irish Pig Production” do dhá ghrúpa oibrithe.


33


34


Sprioc 2 Iomaíocht, Nuáil, Sábháilteacht agus Caighdeán an Bhia TAIGHDE AR BHIA SÁBHÁILTEACHT BIA Salmonella sa Mhuiceoil: Rinne an tIonad Taighde Bia i mBaile an Ásaigh comhordú sa bhliain 2007 ar shamhail don mheasúnú riosca cainníochtúil a bhí á forbairt agus a dhéanfadh measúnú ar an mbaol sláinte poiblí ó éilliú Salmonella i muiceoil a tháirgtear i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann mar a bhfuil dhá chlár rialaithe dhifriúla i bhfeidhm. Tá fóram geallsealbhóra trasdlínse (tionscail agus rialálaithe) ag baint leas as an taighde sin féachaint an gá na cláir rialaithe a athrú. Tugann na sonraí rianaithe le fios go mbíonn tionchar níos suntasaí ag oibríochtaí maraithe agus cóireála ar thraiseoladh Salmonella ná stádas Salmonella (iompar caocháin nó reicteach) na muc a thugtar isteach lena marú.

Bainne Foirmle do Naíonáin: In Éirinn a tháirgtear 70% den bhainne foirmle do naíonáin ar domhan agus is é Enterobacter sakazakii an tsaincheist sábháilteachta bia ar leith is mó don earnáil. Dealraíonn sé ó thaighde a rinne an Stiúrthóireacht Bhia i mBaile an Ásaigh agus i bPáirc Uí Mhórdha sa bhliain 2007 nach i bhfaecas ainmhithe a thraiseoltar an t-orgánach agus nach bhfuil sé ar fud an bhaill faoi mar a bhíothas a cheapadh go dtí seo. Léiríodh gur i dtimpeallachtaí an-tirim is mó a fhaightear an phaitigin. I staidéir atá déanta ar mharthanas na paitigine in ithir agus i bhfaecas, a stóráiltear taobh amuigh, léiríodh go bhfuil sí in ann maireachtáil suas le 119 lá. Léiríonn an staidéar sin nach bhfuil baint ag eallach ná bainne éillithe leis an bpaitigin.

Verocytotoxigenic E.coli (VTEC) sa Mhairteoil: Bhí mór-ról taighde i gcónaí, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh maidir leis an ngrúpa pataiginí fíor-nimhneach sin. Rinneadh grinnstaidéar rianaithe ar VTEC a bheadh ag teacht chun cinn i mbuaibhigh. Sin an chéad staidéar dá leithéid a rinneadh in Éirinn, agus tá sé ar na chéad staidéir aon áit ar domhan.

35


Modh nua chun Stéaróidigh Fhás-spreagthacha Neamhdhleathacha a Bhrath i Mbuaibhigh: Saincheist thábhachtach in earnáil na mairteola agus don lucht rialála í an úsáid a dhéantar de stéaróidigh fás-spreagthacha neamhdhleathacha. Is deacair idirdhealú idir stéaróidigh neamhdhleathacha agus stéaróidigh a bhíonn in ainmhí ó nádúr. Tá cur chuige nua forbartha ag taighdeoirí Teagasc chun tástáil d’oibreáin mhí-úsáide anabalacha: an fhuil a thástáil do bhithchomharthaí sóirt, agus fionnadh na mbuaibheach a thástáil d’eistir stéaróideacha ansin. Cuirfidh sé ar chumas an lucht rialála ainmhithe a thástáil ar mhórscála agus cruthúnas a sholáthar má tá stéaróidigh atá comhionann le substaintí nádúrtha in úsáid chun an fás a spreagadh. COTHÚ AGUS SLÁINTE Glici-Bhitheolaíocht Bunaíodh an Ghlici-bhitheolaíocht, staidéar ar mhóilíní carbaihiodráite coimpléascacha, ina réimse taighde san Ionad Taighde Bia i bPáirc Uí Mhórdha (MFRC) le deireanas, agus dealraíonn sé gur réimse é a bhfuil anghealladh faoi. Aontaíodh comhchlár taighde ar olagaisiúicrídí bainne idir MFRC agus Ollscoil California, Davis i SAM, ceannairí domhanda sa réimse sin. Beidh eolaithe MFRC in ann saineolas ar olaigisiúicrídí bainne a bhunú sula i bhfad i bPáirc Uí Mhórdha dá thoradh.

36

Mairteoil: ag Cothú na Sláinte Bíonn peiptídí gearra neamhghníomhach agus iad i seicheamh na máthairphróitéiní, ach éiríonn siad gníomhach nuair a scaoiltear iad le linn do phróitéin a bheith á briseadh síos. Tá sé léirithe go bhfuil na peiptídí bithghníomhacha sin in ann gníomhú i gcoinne ardbhrú fola nuair a scaoiltear iad, go mbaineann airíonna frithocsaídeora leo (a d’fhéadfadh an baol ailse a mhaolú), airíonna frithbhaictéaracha, agus go bhfuil siad in ann gníomhú ar an gcóras imdhíonachta agus téachtáin fola a chosc. Tá eolaithe Bhaile an Ásaigh i mbun prótacal a fhorbairt chun peiptídí/úisc bhuaibheacha a aonrú agus a charachtrú. Tá sampláil déanta ar thrí chineál fíocháin atáthar á mbreathnú. Amhábhair a bheidh iontu siúd, agus is astu a bhaintear na próitéiní substráite. CÁILÍOCHT AN TÁIRGE AGUS NUÁIL Mairteoil Níos Fearr: Tá breis agus 1000 tomhaltóir tar éis samplaí mairteola a bhlaiseadh agus scór a thabhairt dóibh maidir le boige, súmhaireacht, blastacht agus inghlacthacht i gcoitinne. Tá trialacha tomhaltóra “Mairteoil is fearr”/”Better Beef” á ndéanamh féachaint a infeidhmithe is atá an tsamhail grádú cáilíochta d’ithe mairteola atá ag Meat Standards Australia (MSA) do mhairteoil na hÉireann agus do thomhaltóirí na hÉireann. Tugann trialacha le fios gur mó an bhéim a leagann tomhaltóirí na hÉireann ar bhlastacht ná ar bhoige, i gcomparáid le tomhaltóirí na hAstráile. Déanann an tsamhail MSA réamhaithris ar cháilíocht na ngearrthacha indibhidiúla as gach conablach ar leith, bunaithe ar thosca réamh-mharaithe agus iar-mharaithe aitheanta a mbíonn tionchar acu ar an gcáilíocht itheacháin.


RAJ MEHRA Cúlra: Rugadh san India é, oileadh é in Nairobi, an Chéinia agus in Southampton, RA. Chuaigh ag obair le Teagasc (AFT): 1985 mar Oifigeach Taighde san Ionad Taighde Bia i bPáirc Uí Mhórdha. Post reatha: Oifigeach Taighde Sinsearach in Ionad Taighde Bia Pháirc Uí Mhórdha. "Díríonn clár taighde s'agamsa ar chomhábhair bhreisluacha mheidhg a fhorbairt atá bunaithe ar dhifreáil próitéine agus carbaihiodráite. Tá an taighde tar éis comhábhair nua mheidhg a ghiniúint a bhfuil airíonna uathúla acu don fheidhmiúlacht, don chothú agus do chur chun cinn na sláinte. "Tá an saineolas eolaíoch a úsáidtear chun na comhábhair sin a fhorbairt bunaithe ar phróisis /ar theicneolaíochtaí deighilte nua agus éiritheacha ar nós deascadh/lártheifneoiriú roghnach, scagachán scannán agus crómatagrafaíocht ianmhalairte. Aistríodh na mórthorthaí go dtí an leibhéal tráchtála i dtreoirghléasra MTL Tá cuideachtaí comhábhar bia agus bainne foirmle do naíonáin, náisiúnta agus idirnáisiúnta, tar éis feidhm a bhaint as na torthaí ba rathúla."

37


Táirgí Gránbhairr Ardchaighdeáin a Oiriúnú atá saor ó Ghlútan Ní le fine na bhféar a bhaineann ruán, amarantas agus blonagán ríse, ní hionann agus cruithneacht, ach tugann siad plúr agus síolta ar féidir plúr a dhéanamh astu. Súdghránaigh a thugtar ar na gránaigh sin; níl glútan iontu ó nádúr agus bíonn ardleibhéal próitéine, snáithín agus micreachothaitheach iontu. Rinneadh staidéar ar a oiriúnaí is atá siad mar chomhábhair in aráin saor ó ghlútan, agus ar a gcion cothaitheach sna haráin bhácailte. Braitheadh méadú i gcoitinne ar chion cothaitheach na n-arán súdghránaigh uile. Bhí méadú suntasach ar na leibhéil próitéine, snáithín agus maignéisiam go háirithe.

38

Faisnéis nua faoi Chineálacha Cruithneachta in Éirinn: Déantar anailís bhliantúil faoi chlár tástála Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh (AFRC) ar na cineálacha cruithneachta a fhástar i dtrialacha páirce na Roinne Talmhaíochta. Tá bonn eolaíochta níos déine faoin obair sin anois agus bunfhaisnéis nua faighte dá thoradh faoi na cineálacha Éireannacha sin. Léiríonn staidéir phróitéine na feidhmeanna is fearr a fheileann cineálacha ar leith dóibh e.g. píotsaí/brioscaí/ milseogra. Comhghaolaíodh na torthaí uile le tástálacha bácala, agus tá an tionscal anois tar éis glacadh le cuid de na bealaí a forbraíodh. Béilí Beagshalainn Réamhullmhaithe á Bhforbairt Le cabhair painéal céadfach oilte, tá béilí réamhullmhaithe eitneacha athfhoirmlithe á bhforbairt ag Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh a bhfuil na hairíonna céadfacha iontu inchurtha leis an ngnáth-tháirge cé go bhfuil leibhéal salainn i bhfad níos ísle iontu. Chuige sin úsáideadh raon táirgí in ionad salainn, ina measc clóiríd photaisiam, giostaí uathlísithe agus aimínaigéid ionas go mbraithfí go raibh an leibhéal céanna salainn sa táirge is a bhí sa táirge cóimheasa.


Cáilíocht Itheacháin Mhairteoil na hÉireann Tástáladh sraith athraitheach seicheamh DNA in Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh. Aithníodh ceangail le tréithe inspéise cáilíochta feola i mairteoil na hÉireann. Tástáil ar ilmharcóirí i 19 ngéin déag atá déanta go dtí seo agus aithníodh cúig mharcóir DNA dá bharr a mbíonn tionchar suntasach acu ar shaill ionmhatánach, boige agus acmhainn choinneála uisce i bpobail mhairteola crosphóraithe na hÉireann. Sin an chéad uair a tástáladh do na marcóirí sin i mairteoil na hÉireann agus léiríonn sé féidearthachtaí tástála amach anseo i gcláir roghnaithe mharcóir-chuidithe.

Ardán Teicneolaíochta Cáise Tá coincheap úr, an tArdán Nua Teicneolaíochta Cáise, ag lucht taighde i bPáirc Uí Mhórdha. Coincheap is ea é a tharraingíonn ar na féidearthachtaí a eascraíonn as obair a rinneadh cheana ar chomhábhair phróitéinbhunaithe nua a fhorbairt. Ba cheart go bhféadfaí glún nua cáiseanna comhábhair a dhéanamh anois ó tharla taighde breise ar siúl ar na comhábhair nuálacha sin a chomhcheangal le teicneolaíocht próisis. Tá coincheap Ardán Nua Teicneolaíochta na Cáise á chosaint ag maoin intleachtúil agus an dréachtphaitinn á críochnú i láthair na huaire. Biteicneolaíocht Ainmhithe Tá Banc DNA curtha le chéile do bhreis agus 5,000 ainmhí go dtí seo. Acmhainn fíorluachmhar is ea é do Teagasc, ag cur san áireamh na taifid feinitíopacha mhionsonraithe ar go leor de na hainmhithe sin. Beidh an banc bitheolaíochta ina chuidiú le neart comhthionscadal amach anseo.

39


Tionscnaimh nua Maidir le Bianna Feidhme Treoróidh Stiúrthóireacht taighde Bia Teagasc an tionscnamh cúig bliana maidir le Tionscnamh Taigde Bianna Feidhme Muirí (dámhachtain €5.2m). Is é is aidhm don mhórthionscnamh sin na comhchodanna nádúrtha bithghníomhacha as foinsí muirí a shaothrú lena n-úsáid mar bhianna feidhme nó mar chomhábhair. Clár taighde atá sa Tionscnamh Taighde Bianna Feidhme Muirí agus é á mhaoiniú ag an bhForas Muirí agus An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Iascaigh. Is é atá sa chonsoirtiam, Teagasc (Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh (an comhordaitheoir) agus an tIonad Taighde Bia i bPáirc Uí Mhórdha), na coláistí ollscoile i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil Luimní agus Ollscoil Uladh. Beidh príomhról ag an Stiúrthóireacht Taighde Bia freisin san Ionad Taighde Bianna Feidhme atá á threorú ag Tionscal na Déiríochta agus á mhaoiniú ag (dámhachtain €20m) Tionscail agus Fiontraíocht Éireann.

40

An Acmhainn a thógáil i gcúrsaí Taighde Bia Is é The National Food Imaging Centre (NFIC), san Ionad Taighde Bia i bPáirc Uí Mhórdha, an chéad sampla dá leithéid in Éirinn agus tá sé faoi lánseol anois. Is é atá ann, sraith de threalamh íomháithe ina bhfuil: leictreonmhicreascóp crió-scanacháin réimseastaíoch, micreascóp léasair scanachán comhfhócasach, micreascóp fórsa adamhach, micreascóip solais éagsúla agus bogearraí anailíse íomhánna. Tá an trealamh sin ar fáil chun tacú leis an bpobal taighde agus le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha an tionscail bhia in Éirinn.


Máire Ní Chochláin, T.D., An tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ag an am, a bhí i láthair nuair a rinneadh an tIonad Traenála Bia ag Teagasc in Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh a oscailt go hoifigiúil, mar aon le Declan Troy, An Ceann Ionaid, Baile an Ásaigh agus Tom Kirley, Stiúrthóir Gníomhach Teagasc ag an am.

TRAENÁIL SA TIONSCAL BIA Seachadadh 75 cúrsa le 1209 rannpháirtí as timpeall 100 cuideachta i gcaitheamh 2007. Ar leibhéal na bainistíochta a dhírítear formhór na gcúrsaí oiliúna anois; cigirí rialála agus teicneolaithe agus bainisteoirí tionscail is mó a dhéanann freastal. Cion an-bheag den traenáil a sheachadtar ar leibhéal oibreora anois. Thit an leibhéal rannpháirtiochta oibreora ó 40% sa bhliain 2003 go dtí níos lú ná 10% sa bhliain 2007. D’oifigigh talmhaíochta sa Roinn Talmhaíochta a tugadh 17 gcúrsa, agus bhí 334 rannpháirtí i gceist. Fuaireamar conradh ó FÁS don tréimhse 2002 go dtí 2007 chun clár traenála scileanna a fhorbairt agus a thriail d’earnáil na mairteola, na muiceola, na caoireola agus na huaineola. Forbraíodh Teastas Scileanna Náisiúnta FETAC/FÁS d’oibrithe san earnáil feola dá thoradh, agus tá sé á fheidhmiú ag na mórchuideachtaí próiseála feola uile anois.

Traenáil d’Fhiontair Bheaga & Mheánmhéide i gcaighdeán Consoirtiam Miondíola na Breataine (SME in BRC – modúil ar leith), Traenáil Iniúchóra Caighdeán Féile Bia, Caighdeán Dearbhaithe Cáilíochta Lachan, Bainistíocht & Barrfheabhsú Táirgeachta d’Fhiontair Bheaga & Mheánmhéide (SME). Treoir Iomlán d’Forbairt Táirgí (AFRC/LFI). Agus tá treoir theicniúil á hullmhú ar léirmhíniú rialacháin an AE ar na critéir mhicribitheolaiocha i mbia (EC 2073/2005), agus úsáidfear é i gcláir traenála sa toipic seo. Rinne Circa Group Ireland Tta. luacháil sheachtrach ar Chlár Traenála Bia Teagasc. Ar na moltaí sa tuarascáil a bhunófar plean gnó na bliana seo chugainn.

Seachadadh ocht gcúrsa nua traenála i gcaitheamh na bliana mar a leanas: Iniúchóireacht Caighdeán Bianna, Seilfré Mhicribhitheolaíoch Bianna,

41


42


Sprioc 3 Córais Talmhaíochta Inbhuanaithe

TAIGHDE ÉIFEACHTACHT NA gCOTHAITHEACH Na Rialacha Níotráití a Chomhlíonadh D’fhorbair Teagasc i gCaisleán Bhaile Sheáin gléas áisiúil, i gcomhar le Seirbhís Chomhairleach Teagasc, a chuideodh le comhairleoirí agus feirmeoirí an ríomhaireacht a dhéanamh a theastaíonn chun an Treoir Níotráití (IR 378 de 2006) a chomhlíonadh. Gáis Cheaptha Teasa/Athruithe Aeráide/Cáilíocht an Aeir I gcomhthéacs spriocanna astaíochta nua an AE, i.e. laghdú 20% ar an astú CO2 faoi 2020, beifear ag cur brú ar lucht talmhaíochta laghdú ar astuithe ar chóir a bheith ag coibhéis 19.8 meigeathonna CO2 sa bhliain faoi láthair. Thionscain foireann Chaisleán Bhaile Sheáin trí thionscadal úra chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Ina measc tá úsáid coscairí nítriginithe ar chórais féaraigh agus curaíochta, réimeanna bia na n-ainmhithe a ionramháil chun laghdú ar an nítrigin mhúin agus córais seachadta núíosacha i gcás na gcoscairí sin. Tá taighde á dhéanamh freisin ar an éifeacht a bhíonn le hathruithe talamhúsáide ar na hastuithe iomlána, mar aon le measúnú ar chleachtais laghdaitheacha eile.

Forlámhú Carbóin Eochairghnéithe den athrú aeráide iad an forlámhú carbóin agus astuithe carbóin. Rinneadh triail inar cuireadh stádas carbón ithir-orgánach faoi na gnáthmhodhanna curaíochta i gcomparáid lena leithéid in ithreacha a bhí á mbainistiú le teicnící curaíochta neamh-inbhéartúcháin. Méadaíodh ar na taiscí carbóin sna hithreacha inar úsáideadh na modhanna curaíochta neamh-inbhéartúcháin. Tugann sé sin le fios go bhféadfaí a bheith ag súil le forlámhú breise faoi na córais sin.úil le forlámhú breise faoi na córais sin. Cáilíocht an Screamhuisce Sa staidéar sin, a rinneadh in abhantrach na Bearú, scrúdaíodh a éifeachtaí is a bhí dhá chóras curaíochta (saothrú le céachta agus curaíocht neamh-inbhéartúcháin) i gcomparáid le dhá rogha eile don gheimhreadh (gan cumhdach fásra ar bith agus barr cumhdaigh mustaird) ar thiúchaintí NO3 (níotráití) sa tuaslagán ithreach ag doimhneacht 90 cm in imeacht dhá shéasúr draenála geimhridh. Léiríonn torthaí an staidéir sin a thábhachtaí is atá an toirt draenála agus na teochtaí geimhridh do na tiúchaintí NO3 sa tuaslagán ithreach mar aon leis an ualach móriomlán N a cailleadh. Tugann sé le fios go mbeidh tábhacht ar leith le barra cumhdaigh chun laghdú ar an gcaillteanas NO3 i réigiúin mheasartha mar a mbíonn an geimhreadh cineálta, mar a bhfuil tábhacht le mianrú geimhridh N agus mar a gcuidíonn teochtaí arda geimhridh le séasúr fada fáis.

43


Cáilíocht Lochanna Tuairiscíodh i gcaitheamh 2003 – 2005 go raibh beagán faoi bhun 84% de lochanna na hÉireann sásúil maidir le cáilíocht a gcuid uisce (olagatrófach nó meiseatrófach). Áiríodh go raibh an chuid eile míshásúil (eotrófach nó hipeartrófach). Léiriú ar dhroch-cháilíocht locha é blás algach a bheith ag fás.gach a bheith ag fás. Imscrúdaíodh a éifeachtaí is a bhí tuí eorna chun an blás algach a rialú ar lochanna saorga fionnuisce i gCaisleán Bhaile Sheáin. Léirigh na torthaí gur laghdaigh an tuí ar an mblás algach ó 100% sa bhliain 2006 go dtí 35% sa bhliain 2007. Bhí feabhsú dá réir ar an gcion ocsaigine tuaslagtha. Tharla feabhsú moirtiúlachta freisin. Ach thug an laghdú ar an mblás algach deis don duileasc abhann teacht chun cinn, ó 65% sa bhliain 2006 go dtí 90% sa bhliain 2007. Dá réir sin, cé gur fheabhsaigh an tuí cáilíocht an uisce, is in olcas a chuaigh dealramh aeistéitiúil an locha. Mion-dobharcheantair Talmhaíochta Rinne an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faomhadh i gcaitheamh 2007 ar mholadh ó Teagasc do Phlean Gníomhaíochta Oibríochtaí maidir le Clár Mion-dobharcheantair Talmhaíochta. Is dóigh leis an dá roinn go bhfuil fíorthábhacht leis an gclár maidir le feidhmiú an dá chreat-treoir, an Chreat-treoir Níotráití agus an Chreat-treoir Uisce. Tabharfaidh an clár, atá á mhaoiniú agus an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, luacháil chuimsitheach eolaíochta agus shocheacnamaioch ar na beartais mar atá siad sa Chlár Gníomhaíochta Náisiúnta faoin gCreat-treoir Niotráití. Leagadh amach struchtúir oibríochta, bainistíochta agus tuairiscithe an chláir i gcaitheamh 2007.

44

LEAS AINMHITHE Chuir Ionad taighde mairteola na Gráinsí, Teagasc, comhairle eolaíochta ar fáil don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus do thionscal na Mairteola maidir le forbairt na scéime do cháilíocht agus leas na mbó diúil. Thug taighdeoirí ionchur eolaíoch ar an gcoillteoireacht (nuair ba chuí), ar íos-aois bó a bheireann lao agus ar nósanna imeachta cuí maidir le hainmhithe a bhaint den diúl – sg tosú ar bheatha mine a thabhairt san áireamh. TEICNEOLAÍOCHTAÍ Ómaíochta’ a Shaothrú ar Mhaithe le Síolrú Plandaí Níos Fearr Ar na nithe ba thúisce a baineadh amach faoin gclár bhí forbairt na marcóirí géiniteacha le haghaidh frithsheasmhacht don néimeatóid chist prátaí atá in úsáid go coitianta anois don Roghnú Marcóir-chuidithe sa chlár síolraithe prátaí. Tá iarrachtaí den chineál céanna ar siúl sa chlár chun marcóirí a fhorbairt i gcás galar eile, ar nós bleaist dhéanach agus víris, agus i gcás tréithe dea-cháilíochta ar nós méid an ábhair thirim i dtiúbair (baint aige le huigeacht na bprátaí), agus an dath friochta (tréith thábhachtach sa phróiseáil). Cineálacha Nua Prátaí Scaoileadh dhá chineál nua prataí sa bhliain 2007. Práta deargchraicneach is ea Romeo a mbíonn bia bán ann agus cion ard ábhair thirim; práta aonfhoirmeach é a mbíonn bailchríoch den scoth ar an gcraiceann. Is cineál é atá réasúnta frithsheasmhach i gcoinne bleaist dhéanach, agus tá frithsheasmhacht mhaith ann i gcoinne screamh dhubh agus morgadh. Dírithe ar an margadh baile úr agus ar an margadh próiseála atá an cineál sin. Práta boird buíchraicneach is ea Electra; tá uigeacht chéarach ann a fheileann don mhargadh bácála. Tá frithsheasmhacht mhaith ann i gcoinne bleaist, morgadh agus screamh dhubh. Tugann sé barr an-mhaith atá dírithe ar an margadh easportála.


An Measunú Riosca i gcás Plandaí Géinmhodhnaithe Tá an clár measúnaithe riosca i bPáirc na Darach dírithe i láthair na huaire ar luacháil a dhéanamh ar an tionchar féideartha a ghabhann le prátaí géinmhodhnaithe (i leith frithsheasmhacht don bhleaist) a shaothrú agus le síol ola ráibe géinmhodhnaithe (i leith luibhicíd-fhulangacht), agus na beartais chomhaireachtála a theastaíonn chun sláine ghéiniteach na mbarr prátaí agus síl ola ráibe neamh-GM a chinntiú. Rud eile, rinneadh práta bleaist-fhulangach a ghiniúint nuair a tugadh an ghéin Rb isteach as an speiceas Solanum bulbocastrum, práta fiáin. Léiríodh acmhainn na géine sin ar fhorbairt aonráití Éireannacha de P. infestans a shrianú sna tástálacha tosaigh teach gloine.

Tá an taighde atáthar a dhéanamh ar an síol ola ráibe bunaithe ar shamhaltú a dhéanamh ar acmhainneacht sreabhadh géinte ó shuíomh síol ola ráibe geimhridh luibhicíd-fhulangach, i gcomhthéacs ama agus spásach araon. Agus córas samhaltaithe GeneSysTM in úsáid, léirigh na samhaltuithe tosaigh go mbeidh beartais bhainistíochta núíosacha ag teastáil chun gur féidir le síol ola ráibe luibhicíd-fhulangach géinmhodhnaithe (GM) comhaireachtáil i gcomhthreomhar le córais síl ola ráibe neamh-ghéinmhodhnaithe (neamh-GM).

Ben Wilkinson Cúlra: Mullinabreena, Sligeach. Oileadh é i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath, i Sligeach. Chuaigh ag obair le Teagasc (Coiste Talmhaíochta Comhairle Shligigh): Mar Chomhairleoir Talmhaíochta sa bhliain 1977. Post reatha: Meantóir le REPS Chuaigh mé i mbun dualgais le deireanas mar Mheantóir REPS do AMU Sligeach/Liatroim. Baineann na dualgais atá orm mar mheantóir REPS le tacaíocht a thabhairt do na Comhairleoirí agus don fhoireann Riaracháin uile atá ag plé le REPS. San áireamh ansin tá seiceáil ar chaighdeán na bpleananna REPS uile sula gcuirtear faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta iad, cúrsaí a eagrú faoi REPS, comhaid a dháileadh, réamhphleanáil maidir le hualaí oibre amach anseo, agus traenáil inseirbhíse don fhoireann, an ghné is tábhachtaí ar fad. 45


Barra Cumhdaigh Geimhridh in Eorna Earraigh. Léirigh imscrúduithe a rinneadh ar an éifeacht a bhí le barra cumhdaigh geimhridh ar thalamh ina raibh sé i gceist eorna earraigh a chur go bhféadfadh an athghiniúint nádúrtha a bheith lán chomh héifeachtach le speiceas bairr chumhdaigh curtha (mustard) chun laghdú ar an gcaillteanas níotráití. Ní raibh aon tairbhe i gcoitinne as barr cumhdaigh a ionchorprú ar tháirgeadh an bhairr eorna ina dhiaidh, rud a thugann le fios gur glan-chostas do na córais táirgthe eorna earraigh in Éirinn a bheadh ag gabháil le barr cumhdaigh a chur. Córais Táirgthe Barr Organách Déantar feirmeoireacht orgánach ar timpeall 35,000 ha talún in Éirinn, sin 0.7% den talamh talmhaíochta, i gcomparáid le 9.7% san Ostair. Tá 1,090 ceadúnas orgánach san iomlán ag 978 táirgeoir. Táirgeadh beostoic is mó a bhíonn i gceist san fheirmeoireacht orgánach anseo. Saothraíonn 70 saothróir timpeall 750 ha gránbharr, cé nach bhfuil ach 30 díobh sin a shaothraíonn breis is 10 ha; tá timpeall 30 saothróir ann a shaothraíonn prátaí orgánacha. Áirítear gur fiú ?66m é an margadh miondíola orgánach. Tá tionscadal ar siúl i bPáirc na Darach faoi láthair chun luacháil a dhéanamh ar chórais táirgthe atá ceaptha cur le táirgeadh agus le cáilíocht na mbarr gráin/próitéine a fhástar faoi uainíocht orgánach. Cuireadh uainíocht iomlán na mbarr i gcrích den chéad uair i bPáirc na Darach sa bhliain 2007 san imscrúdú ar uainíocht orgánach gan stoc. Is é a bhí san uainíocht, cruithneacht gheimhridh, prátaí, coirce, léagúmaigh agus eorna earraigh agus, ina dhiaidh sin, féar/seamair ar feadh dhá bhliain chun cur leis an torthúlacht. Seo a leanas an meántáirgeadh a taifeadadh do na bairr: cruithneacht gheimhridh 6.5t/ha, coirce gheimhridh 4.9 t/ha, eorna earraigh 5.3t/ha, lúipíní 2.5 t/ha agus prátaí 32.7 t/ha.

46

Bumbóga Iompórtáilte A bhuíochas dá n-éascaíocht úsáide agus mar gur féidir leo cur le méid agus cáilíocht an táirgthe, tá ag méadú ar an díolachán de bhumbóga iompórtáilte le haghaidh pailniú torthaí agus glasraí, agus iompórtáladh timpeall 1350 coilíneacht isteach go hÉirinn sa bhliain 2007. Baineann luach €35.7 M p.a. leis na cúig bharr torthaí agus glasraí is mó ag geata na feirme, agus is é pailniú na mbeach faoi deara €11.5 M p.a. den mhéid sin. Cuireadh tús le staidéar nua sa bhliain 2007 ar ról agus tábhacht na mbumbóg iompórtáilte. Aithneofar an táirgeadh cruinn is féidir a chur síos do phailniú na mbumbóg, agus áireofar an dlús barrmhaith beach i gcás sútha talún Elsanta cv Sa mheasúnú leanúnach ar na rioscaí a ghabhann le bumbóga iompórtáilte tá: monatóireacht ar ghalair, hibridiú agus coilíneachtaí a bhunú i limistéir ina raibh traidisiún iompórtála.


COMHAIRLIÚCHÁN Lainseáladh REPS 4 i nDeireadh Fómhair 2007, timpeall bliain i ndiaidh do REPS 3 críochnú. D’fhéadfadh dianfheirmeoirí a bheith rannpháirteach fad is go gcuirfidís isteach ar mhaolú níotráití, ní hionann ar chor ar bith agus na scéimeanna REPS go dtí sin. Tá an t-athrú polasaí sin tar éis scóip na scéime a leathnú, ionas go bhfuil cliaint Ghnó agus Theicneolaíochta Teagasc ann anois. Dealraíonn sé go dtí seo go bhfuil 20%-30% ag iarraidh dul isteach in REPS 4. Luíonn sé sin leis an dearcadh go mbeadh riachtanais na feirmeoireachta tráchtála agus riachtanais na feirmeoireachta inmharthana comhghaolmhar agus go gcaithfí an dá ghné sin a chuimsiú go cothrom agus i gcomhréir i gcinntí feirmeoireachta forásacha. Eochairstaitisticí • Bhain beagnach 40,000 dár gcuid cliant úsáid as dianseirbhísí timpeallachta. • 24,300 cliant de chuid Teagasc atá rannpháirteach in REPS anois, titim bheag ar 2006 de bharr gur dúnadh an scéim do rannpháirtithe nua idir Deireadh Fómhair 2006 agus Deireadh Fómhair 2007. • Ach is ionann an leibhéal rannpháirtiochta sin agus breis agus 50% dár gcuid cliant. • Chomhlánaigh Teagasc iarratais do 24,400 iarratasóir don Scéim athbhreithnithe um Bainistíocht Dramhaíl Feirme agus is sa chéad sé mhí de 2007, roimh an spriocdháta i ndeireadh Meithimh, a comhlánaíodh 10,500 díobh.

An Scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme & An Scéim um Feabhsú Feirme Bhain gné ollmhór de ghníomhaíocht an chláir timpeallachta sa bhliain 2007 le tacaíocht a sholáthar don Scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme agus don Scéim um Feabhsú Feirme. Obair thábhachtach a bhí ansin i gcomhthéacs riachtanais na gCreat-treoracha Níotráití agus Uisce. Bhí an t-éileamh ar na scéimeanna sin i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil. Chomhlánaigh Teagasc iarratais do 24,400 iarratasóir don Scéim athbhreithnithe um Bainistíocht Dramhaíl Feirme ó Bhealtaine 2006 i leith, agus is sa chéad sé mhí de 2007, roimh an spriocdháta i ndeireadh Meithimh, a comhlánaíodh 10,500 díobh. Próiseáladh beagnach 7,000 iarratas breise faoin Scéim nua um Feabhsú Feirme sular cuireadh an clabhsúr ar an scéim i nDeireadh Fómhair 2007. Cuireadh comhairle mhionsonraithe ar iarratasóirí na scéime maidir le dearadh clós feirme agus foirgneamh feirme, bainistiú aoiligh agus rialú pleanála. Agus ullmhaíodh beagnach 1,000 plean bainistíochta cothaitheach do chliaint, de bhreis air sin, chun freastal ar éilimh na bhfo-dhlíthe talmhaíochta, coinníollacha pleanála na n-údarás áitiúil agus an Scéim Buntáiste Cánach um Rialú ar Thruailliú.

• Phróiseáil Teagasc beagnach 7,000 iarratas faoin Scéim nua um Feabhsú Feirme sular cuireadh an clabhsúr ar an scéim i nDeireadh Fómhair 2007. • Fuair timpeall 12,500 cliant sainseirbhísí a bhain leis an bpleanáil leasacháin, le pleananna foirmiúla do bhainistiú cothaitheach agus cosaint na hoidhreachta nádúrtha. • D’fhreastail 4,800 cliant ar 160 cúrsa traenála 20 uair de chuid REPS.

47


Rialacháin a Chomhlíonadhadh Tá impleachtaí sa tras-chomhlíontacht d’fhormhór mór na bhfeirmeoirí amach anseo. Mórchuspóir den chlár ba ea feirmeoirí a dhéanamh níos eolgaisí faoi na riachtanais nua i leith na timpeallachta agus sainchuidiú a sholáthar. Traenáladh 120 comhairleoir sna saincheisteanna sin agus thug siad comhairle ar shiúlóidí feirme agus ócáidí eile ar fud na tíre. Tá clár níos cuimsithí pleanáilte do 2008, bunaithe ar an obair sin. Tugadh tús áite d’fhaisnéis a scaipeadh ar na gnéithe sna Treoracha Níotráite a bhain le leasachán a phleanáil agus a thaifeadadh. Bhí feachtas faisnéise ar fud na tíre ina chuid de, mar aon le cruinnithe le grúpaí áitiúla agus clinicí leasacháin do na cliaint. Ullmhaíodh pleananna leasacháin níotráití do suas le 10,000 cliant. Bainistíocht na Tuaithe agus an Bhithéagsúlacht Thacaigh Teagasc le sprioc an AE stop a chur leis an gcaillteanas bithéagsúlachta faoi 2010 sa chlár forleathan bainistíochta tuaithe a reachtáil sé sa bhliain 2007. Léiriú praiticiúil air atá san obair tionscnaimh chun tús a chur le roghanna éigeantacha bithéagsúlachta faoi REPS 4. Reachtáladh 32 léiriú praiticiúil ar fud na tíre, i ngach contae ar leith, ar fhálta sceach a chur agus a athnuachan. Bhí breis agus 5,000 i láthair ag na hócáidí sin, feirmeoirí REPS den chuid is mó.farmers.

48

Tá ionchur mór ag Teagasc mar chomhpáirtí sa tionscadal Burren LIFE - 2007 an tríú bliain sa mhórthionscadal taighde timpeallachta agus comhairleach cúig bliana a ceapadh chun samhlacha socheacnamaíocha eile a rianú don fheirmeoireacht inmharthana i mBoirinn. Chuir Teagasc a chuid saineolais ar bhainistíocht na tuaithe ar fáil do raon leathan eagraíochtaí rialtais agus neamhrialtasacha freisin.


PAUL MAHER Cúlra: As Mainistir na Croiche, Contae Thiobraid Árann. Oileadh é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh ag obair le Teagasc: 1996 mar chomhairleoir déiríochta i gCiarraí; bhog sé go dtí Cill an Daltúnaigh ar ball, áit a d’oibrigh sé mar speisialtóir bainistíochta airgeadais feirme. Post reatha: Oifigeach Pleanála Gnó atá lonnaithe sa cheannoifig, i bPáirc na Darach; baineann sé le Stiúrthóireacht na Seirbhísí Corparáideacha agus Bainistíochta. Is é an príomhchúram atá orm, comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh de chuid Teagasc a bhaineann le "clár nuála na seirbhíse poiblí". I measc na dtionscnamh sin tá Pleanáil Ghnó, Bainistíocht Riosca, Breithmheas Caipitiúil & Forbairt Chreat Faisnéise Bainistíochta. Déanaim iarracht na tionscnaimh sin a bhreathnú sa tslí is fearr a oireann dúinn in Teagasc, agus a chinntiú san am céanna go bhfuilimid ag teacht le treoirlínte an rialtais agus leis an deachleachtas sa tionscal.

49


50


Jim Lyons, Cathaoirleach, An tÚdarás Sláinte & Sábháilteachta, Pádraig Walshe, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Liam Ó Céilleachair, T.D., An tAire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a bhfuil freagracht ar leith aige i leith gnóthaí Saothair, Tom Collins Teagasc, An Dr. Juha Suuutarinen, Taighde Agrifood, An Fhionlainn.

Cúrsaí REPS D’fhreastail timpeall 4,800 cliant ar bhreis agus 160 cúrsa traenála 20 uair de chuid REPS. Braitear go bhfuil an-tábhacht leis an bhfreastal ar na cúrsaí REPS sin. A bhuíochas do na cúrsaí REPS is fusaide an t-aistriú eolais atá riachtanach mar bhun d’fheidhmiú beartais na scéime ag leibhéal na bhfeirmeacha. Mórócáid díospóireachta faoi REPS 4 a bhí sa Chomhdháil Náisiúnta bhliantúil REPS a d’eagraigh Teagasc. I Mí na Samhna a tionóladh an chomhdháil agus bhí breis agus 300 toscaire i láthair. SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHT Tá Teagasc agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ag plé le tionscnamh coiscthe náisiúnta chun leibhéal na ngortuithe feirme a laghdú an oiread agus is féidir. B’iad aidhmeanna an tionscnaimh: Cód Cleachtais Sábháilteachta Feirme a fhorbairt, a úsáid a luacháil agus cuidiú le feirmeoirí ar bhonn náisiúnta cloí le téarmaí an chóid. Seo a leanas an dul chun cinn a rinneadh sa bhliain 2007: Lainseáladh an Cód Cleachtais Sábháilteachta Feirme in Eanáir 2007 agus seoladh é go dtí na feirmeoirí uile ar fud na tíre. Bhí feachtas sna meáin náisiúnta ag gabháil leis freisin. I luacháil ar úsáid an chóid a rinne Suirbhé Feirme Náisiúnta Teagasc, léiríodh gur chomhlánaigh 42% de na feirmeoirí é. Díobh siúd a d’úsáid an cód fuair seachtó trí faoin gcéad go raibh sé ‘go maith’ nó ‘ar fheabhas’. Bhí dea-thorthaí le luachálacha eile freisin a bhain le traenáil agus comhairle a sholáthar faoin gcód.

Cuireadh an Cód i láthair an phobail ag mórócáidí náisiúnta feirmeoireachta agus cuireadh cúrsa treanála gearr, cúrsa leathlae, ar fáil do na feirmeoirí sna contaetha uile. Bhí laghdú 40% ar leibhéal na dtimpistí marfacha feirme i gcomparáid leis an dá bhliain roimhe sin, agus léirigh Suirbhé Feirme Náisiúnta gur laghdaigh líon na dtimpistí feirme 31%. Is léir ó na sonraí sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh leis an tsábháilteacht feirme ar bhonn náisiúnta. B’iad na céimeanna móra chun cinn don bhliain 2007 i dTeagasc féin, maidir le Sláinte & Sábháilteacht de: • Na cúrsaí traenála a cuireadh ar fáil don fhoireann chun Measúnachtaí Riosca a ionchorprú i ráitis sábháilteachta. San áireamh ansin bhí an fhorbairt a rinneadh ar theimpléid mheasúnachta riosca. Bhí gá leis chun an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag Obair, 2005 a chomhlíonadh. • Oifigeach Sábháilteachta a thraenáil do gach Aonad Bainistíochta Limistéir. Sin iomlán an chláir traenála a chinntíonn go mbeidh Oifigeach Sábháilteachta ar fáil do gach bainisteoir suímh, chun tacú leis le saincheisteanna Sláinte & Sábháilteachta. • Go ndearna comhairleach lasmuigh iniúchadh Sláinte & Sábháilteachta ar na saotharlanna uile. • Gur cuireadh Sláinte & Sábháilteacht chun cinn sna meáin fheirmeoireachta, ag ócáidí agus i leabhráin chomhairle a foilsíodh.

Thacaigh Teagasc le sprioc an AE stop a chur leis an gcaillteanas bithéagsúlachta faoi 2010 ina chlár bainistíochta tuaithe a bhfuil bonn leathan faoi.

51


Paul McCarthy, Teagasc, Peter Young, IFJ, agus Éamonn Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i láthair nuair a seoladh ‘12 Steps to Success’ ag an gComhdháil Turasóireachta Tuaithe agus Bia Ceirde.

52


Sprioc 4 Inmharthancht na Tuaithe

COMHAIRLIÚCHÁN Inmharthanacht na Tuaithe Bhí 1500 feirmeoir rannpháirteach i gClár na Roghanna sa bhliain 2007, agus fuair 1150 díobh plean gníomhaíochta “Way Forward”. Bhí rún ag timpeall 60% de na feirmeoirí sin a n-éifeachtacht fiontair agus bainistíochta airgeadais a athrú nó a fheabhsú; roghnaigh 2% fiontar foraoiseachta a fhorbairt agus rachaidh breis agus 30% le REPS 4. Léirigh timpeall 10% de na feirmeoirí an-spéis san fheirmeoireacht orgánach, chinn 6% ar shainfhiontar breise feirmeoireachta a fhorbairt agus shocraigh breis agus 15% fostaíocht pháirtaimseartha nó lánaimseartha a lorg lasmuigh den fheirm. Pleanáil Gnó Rinne breis agus 120 teaghlach freastal ar iomlán de chúig chúrsa tionscnaimh ghnó agus rinne 67 díobh plean gnó. Cuireadh meantóireacht i dtionscnamh phlean gnó ar fáil mar chúrsa breise i ndiaidh an chúrsa gnó dóibh siúd sa chéim tosaigh. Nuáil Tuaithe Lainseáladh an comórtas nua Dámhachtainí Nuála sa bhliain 2006, i gcomhar leis an Irish Farmers Journal agus JFC Manufacturing, agus fógraíodh na chéad bhuaiteoirí sa bhliain 2007.

Fuarthas breis agus 70 iarratas difriúil. Fuair na hiarratasóirí uile meantóireacht agus tugadh poiblíocht don 12 craobh-iomaitheoir i gcaitheamh thréimhse dhá sheachtain déag. Comórtas d’oileán na hÉireann uile is ea é; agus tá duaischiste breis agus ?30,000 ann a chuimsíonn airgead tirim, fógraíocht agus meantóireacht. Tháirg Teagasc leabhrán nua dar teideal “The Twelve steps to starting your own Business” agus dáileadh breis agus 5,000 cóip ar fud na tíre. Feirmeoireacht Orgánach Rinne Teagasc an fhoireann chomhairleach speisialtóireachta lánaimseartha atá ag obair leis an táirgeadh orgánach a mhéadú sa bhliain 2007 ó dhuine amháin go dtí ceathrar. Eagraíodh Lá Oscailte ar na feirmeacha taispeána orgánacha uile, 21 feirm san iomlán, a bhí ionadaíoch d’eallach agus caoirigh, déiríocht, curaíocht agus gairneoireacht. Timpeall 1,200 feirmeoir ar fad - feirmeoirí orgánacha nó feirmeoirí ar spéis leo dul leis an bhfeirmeoireacht orgánach - a d’fhreastail na Laethanta Oscailte. Eagraíodh comhdháil orgánach náisiúnta ar éirigh go han-mhaith léi i mBealtaine 2007; bhí cainteoirí idirnáisiúnta i láthair. D’fhreastail breis agus 200 duine. Foilsíodh Imeachtaí na Comhdhála, agus fuair sé an-phoiblíocht sna meáin.

53


Tógáil Capall Spóirt Chuaigh an tsainbhuíon eachaí i méid in imeacht 2007, ó bheirt speisialtóirí go dtí ceathrar. Féachann an bhuíon le mianach na gcapall a fheabhsú trí chláir phóraíochta a chur chun cinn, agus trí bhainistiú agus fearachas na láracha agus na gcapall óg a fheabhsú. Thug an bhuíon ceithre sheimineár réigiúnacha agus deich modúl 25 uair an chloig; d’fhreastail breis agus 1200 feirmeoir. D’éirigh go han-mhaith leis an gcomhdháil náisiúnta eachaí a eagraíodh i nDeireadh Fómhair; d’fhreastail breis agus 250 duine. Táirgeadh sraith nua bileog faisnéise mar aon le hImeachtaí na Comhdhála, agus scaipeadh na mílte cóip. An Turasóireacht faoin Tuath agus Bia Ceirde us Bia Ceirde Chuir Teagasc lena chuid gníomhaíochtaí i réimsí na turasóireachta tuaithe agus an bhia ceirde nuair a ceapadh seisear comhairleoirí lánaimseartha sna réimsí sin sa bhliain 2007. Earcaíodh comhairleoir speisialtóireachta nua sa bhia ceirde freisin. Eagraíodh cúig chúrsa 25 uair an chloig do sholáthróirí táirgí; d’fhreastail 125 rannphairtí agus cuireadh ionchuir ar fáil do chuid mhaith de na buíonta LEADER agus Fiontair Chontae. D’éirigh go han-mhaith leis an gcomhdháil náisiúnta turasóireachta tuaithe/bia tuaithe a eagraíodh i nDeireadh Fómhair; d’fhreastail breis agus 250 duine. Foilsíodh Imeachtaí na Comhdhála agus scaipeadh timpeall 500 cóip.

Tacaíonn an bhuíon le feabshuithe ar chaighdeán na gcapall trí chláir phóraithe a chur chun cinn, agus trí bhainistíocht agus riar na láracha agus na gcapall óg a fheabhsú. 54

An Táirgeadh Fianna Tacaíodh le naoi bpléghrúpa fianna i gcaitheamh 2007. Tacaíodh le timpeall 200 feirmeoir fianna sa bhliain 2007; chríochnaigh 25 Clár na Roghanna agus tugadh an plean, “The Way Forward”, dóibh. Reachtáladh ceithre chuairt fheirme is fiche agus eagraíodh comhdáil náisiúnta ar éirigh go hanmhaith léi i gColáiste Chill an Daltúnaigh i mí Lúnasa. Cuireadh dhá nuachtlitir ar fáil do tháirgeoirí, agus tá na táirgeoirí fiafheola ar fad cláraithe anois sa Scéim Dearbhaithe Cáilíochta Fiafheola


Sinéad Reilly Cúlra: Baile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath. Oileadh í i mBaile Átha Cliath.. Chuaigh ag obair le Teagasc (ACOT): Thosaigh ar Sráid an Mhóta ar fágáil na scoile di sa bhliain 1980. Post reatha: Oifigeach Riaracháin sa Stiúrthóireacht Oideachais & Forbartha agus í freagrach as bainistíocht na seirbhíse tacaíochta riaracháin ag an leibhéal náisiúnta maidir le cláir oideachais agus thraenála na heagraíochta. "Féachaimse chuige go ndéantar monatóireacht ar na rannpháirtithe sna cúrsaí breisoideachais agus sna cláir thraenála d'aosaigh i gcoláistí agus in ionaid thraenála áitiúla, ón gclárú go dtí bronnadh na dteastas, leis na cláir ríomhaireachta EMS & AMS, agus tugaim tacaíocht don dá chóras. Anuas air sin, breathnaím i ndiaidh íocaíochtaí na stiúrthóireachta, ar nós íocaíochtaí le coláistí príobháideacha, e.g. deontais chothaithe na mac léinn, deontais chaipitíochta, íocaíochtaí caipitiúla, íocaíochtaí le haghaidh traenáil na foirne, etc."

55


SUIRBHÉ FEIRME NÁISIÚNTA Críochnaíodh an Suirbhé Feirme Náisiúnta do 2006 agus foilsíodh tuarascáil i Meán Fómhair 2007. Thit an meánioncam náisiúnta Feirme Teaghlaigh 25.7 % go dtí €16,680 sa bhliain 2006, de réir an tSuirbhé Feirme Náisiúnta. Sin titim €5,779 ar an mbliain roimhe, nuair a bhí na híocaíochtaí fóirdheontais dhíreacha go saorga ard. Thit na híocaíochtaí díreacha €4,755 sa bhliain 2006 ach is amhlaidh a mhéadaigh a dtábhacht d’ioncam na bhfeirmeoirí agus b’ionann iad agus 98% den Ioncam Feirme Teaghlaigh. Mhéadaigh an tIoncam Feirme Teaghlaigh 7.2% ó 2004 go dtí 2006 nuair a chuirtear na figiúirí don dá bhliain le chéile. Sa Suirbhé a rinne Ionad Taighde Geilleagair Thuaithe Teagasc, léiríodh gurbh é €34,486 an meánioncam Feirme Teaghlaigh ar fheirmeacha lánaimseartha, titim 15% ar an mbliain roimhe. Feirmeacha lánaimseartha atá san earnáil tráchtála; trian de na feirmeacha sa suirbhé, feirmeacha lánaimseartha ba ea iad. Feirmeacha déiríochta is ea 56% de na feirmeacha lánaimseartha, feirmeacha curaíochta is ea 8% agus córais eallach seasc is ea an 36% eile. Gineann an cúigiú cuid de na feirmeachta ioncam feirmeoireachta os cionn €25,000; thuill 12% de na feirmeacha ioncam os cionn €40,000. Éanlaith Chlóis Saor-raoin Tugadh faoi thionscadal mór in imeacht 2007 nuair a tionscnaíodh an chéad chúrsa ar líne san éanlaith chlóis saor-raoin trí ríomh-Choláiste TEAGASC. Timpeall 15 mhac léinn a chríochnaigh an cúrsa sa bhliain 2007. Chuir an speisialtóir éanlaithe clóis meantóireacht ar fáil ar fhiontar a fhorbairt do 20 táirgeoir agus rinneadh dul chun cinn le Scéim Dearbhú Cáilíochta Bhord Bia. Scaipeadh faisnéis faoin bhfliú éanúil go forleathan. Táirgeadh Gabhar Déiriochta D’fhreastail timpeall 240 duine ar chomhdháil náisiúnta ar Tháirgeadh Gabhar Déiríochta i mí Aibreáin. Léirigh na meáin chumarsáide an-spéis sa chomhdháil, agus foilsíodh Imeachtaí na comhdhála. Eagraíodh cúrsa 25 uair an chloig i Mainistir Fhear Maí; bhí breis agus 40 duine i láthair. Eagraíodh ceithre shiúlóid feirme ar ar fhreastail breis agus 100 duine. Eagraíodh timpeall 50 cuairt fheirme.

Curadóireacht 8% Córais Eallaigh Sheasc 36%

Feirmeacha Déiríochta 56%

Suirbhé ar Fheirmeacha Lánaimseartha

56


Is ar thuillimh an mhargaidh atá an fócas anois, ó rinneadh na fóirdheontais a dhíchúpláil ón táirgeadh. Is iad déiríocht agus curaíocht an t-aon dá chatagóir feirmeacha, ar meán, a ghineann glanioncam feirme ón margadh. B’é ioncam an mhargaidh faoi deara 48% den Ioncam Feirme Teaghlaigh ar na feirmeacha speisialtóireachta déiríochta sa bhliain 2006, agus 15% den IFT ar na feirmeacha curaíochta. Ba é €7,899 an meánioncam FeirmeTeaghlaigh i gcás na bhfeirmeacha páirtaimseartha uile sa bhliain 2006; b’in titim ó €11,372 sa bhliain 2005. Beagán faoi bhun leath na bhfeirmeacha a ndearnadh suirbhéireacht orthu a bhí sa Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS), agus a fuair íocaíocht faoi Scéim REPS sa bhliain 2006. Bhí Ioncam Feime Teaghlaigh níos airde ag na feirmeacha sin ná ag feirmeacha nach raibh i Scéim REPS. Ba é €17,713 an IFT ar fheirmeacha REPS sa bhliain 2006, 13% níos mó ná meánioncam na bhfeirmeacha nach raibh i Scéim REPS. Bhí breis agus trí cheathrú de na rannpháirtithe sa scéim ag plé le hearnáil an eallaigh sheasc. Spéisiúil go leor, bhí ioncam níos airde ar na feirmeacha déiríochta a bhí rannpháirteach i scéim REPS ná orthu siúd nach raibh.heasc. Spéisiúil go leor, bhí ioncam níos airde ar na feirmeacha déiríochta a bhí rannpháirteach i scéim REPS ná orthu siúd nach raibh.

An Clár don Dea-Chleachtas Feirme

dúshlán dosháraithe é, san fheirmeoireacht inbhuanaithe do na cliaint tráchtála. Cuirimid eolaíocht agus comhairle den scoth ar fáil chun comhréiteach a aimsiú idir na héilimh chodarsnacha ó thionscal rafar iomaíoch agus ó rialacháin chomhshaoil. Seachadann an Clár Forabrtha tuaithe seirbhís chomhairleach ar leith atá dírithe ar an ioncam feirme a fheabhsú tríd an éagsúlú agus trí ghníomhaíocht lasmuigh den fheirm. Leis an gclár sin cuireann Teagasc traenáil agus seirbhísí comhairleacha ar fáil chun raon leathan fiontar forbartha sna limistéir tuaithe a chur chun cinn agus a chothú. Cuireann foireann sainchomhairleoirí traenáil tosaithe ar fáil dóibh siúd atá ag cur tús le fiontair nua, mar aon le seirbhís chomhairleach leanúnach dóibh siúd atá i mbun gnó cheana féin. Freastalaíonn an Clár Oiliúna d'Aosaigh agus d'Fhoghlaim ar feadh an tSaoil ar na riachtanais reachtúla agus phraiticiúla a bhíonn ag feirmeoirí aosacha in Éirinn. Chun freastal ar an éileamh sin cuireann seirbhís Chomhairleach Teagasc raon cuimsitheach clár oiliúna aosach ar fáil ó na hoifigí áitiúla i ngach contae. Clúdaíonn na cúrsaí raon leathan ábhar, ó theicneolaíocht cheannrodaíoch agus oiliúint ar ghnó an airgeadais go dtí foraoiseacht, bainistíocht comhshaoil, sábháilteacht bia, leas ainmhithe, sábháilteacht ceirde agus bainistíocht eachaí.

Déanann an Clár don Dea-Chleachtas Feirme forbairt ar chórais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh na tráchtála agus an chomhshaoil de, agus tacaíonn sé leo. Bíonn breis agus leath na gcliant ag Teagasc rannpháirteach in REPS agus tá rún ag Teagasc 10,000 cliant sa bhreis a spreagadh, agus tacú leo, chun dul le REPS 4 sa tréimhse go dtí 2013. Tá dúshlán ar leith, cé nach

57


58


Sprioc 5 Acmhainneachtaí Oibríochtúla agus an Nuáil

STIÚRTHÓIREACHT NA SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA AGUS BAINISTÍOCHTA SEIRBHÍSÍ AGUS LUACHÁIL TAIGHDE Réamhamharc Lainseáladh Tionscadal Réamhamhairc (Foresight) Teagasc 2030 mí na Nollag 2006. Coiste Stiúrtha a dhéanann maoirseacht air. Tá ionadaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gcoiste, ó institiúidí rialtais, ón tionscal agus ó na hollscoileanna. Cuidionn Painéal Réamhamhairc leis an gCoiste Stiúrtha ina chuid oibre. An Painéal atá freagrach as faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, as tógáil cás, as forbairt straitéise agus as tuairisciú. Saineolaithe as Teagasc féin agus as raon leathan eagraíochtaí páirtithe leasmhara atá ar an bPainéal. Rúnaíocht Réamhamhairc, as Teagasc féin, a sholáthraíonn an bhainistíocht tionscadail móriomlán. Tá comhairleach eachtrach ann a thugann comhairle leanúnach agus cúnamh maidir le próisis agus modheolaíochtaí an réamhamhairc.

Gnéithe criticiúla de phróiseas Réamhamhairc iad an chumarsáid agus an comhchomhairliúchán, agus chuir Buíon Réamhamhairc tús le próiseas comhchomhairliúcháin inmheánach agus seachtrach i gcaitheamh na bliana chun a chinntiú go gceannófaí isteach go hiomlán ar thorthaí an tionscadail. Cuireadh bailchríoch ar na pleananna le haghaidh Comhdháil Réamhamhairc idirnáisiúnta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 30 Bealtaine 2008 chun an Tuarascáil Réamhamhairc a lainseáil go foirmiúil agus chun deis freagartha eile a thabhairt do na páirtithe leasmhara.

Baineadh na heochairspriocanna tionscadail uile in imeacht 2007. Is é atá sna príomhthorthaí, cúig chás a thugann imlíne ar chúig pheirspictíocht éagsúla faoi earnáil an Agrabhia amach anseo agus ráiteas Físe a shintéisíonn eochairtheachtaireachtaí na gcúig chás. Cuireann an ráiteas Físe sin síos ar earnáil agrabhia agus ar gheilleagar tuaithe 2030 i dtéarmaí Bithgheilleagar Faisnéisbhunaithe (Knowledge Based Bio-Economy). Is é an léargas sin ar an tionscal a chruthaigh an comhthéacs d’fhorbairt freagairt Teagasc maidir leis an bhfís, an misean, na cuspóirí, na straitéisí agus an struchtúr a bhí ag teastáil san eagraíocht.

59


Comhaltachtaí Walsh Faoi scéim na gComhaltachtaí Walsh, tugtar deontais do mhic léinn iarchéime roghnaithe chun dul ag obair ar thionscadail atá ábharthach do Chlár Taighde Teagasc, fad atá siad i mbun staidéir d’iarchéim. Ní hamháin go dtugann na comhaltachtaí deiseanna traenála taighde d’eolaithe óga, ach éascaíonn siad an t-idirchaidreamh leis na coláistí tríú leibhéil, tugann siad eolaíocht úr isteach in Teagasc agus cuireann siad le hacmhainn taighde na heagraíochta. Maoiníodh 209 comhaltacht ar fad sa bhliain 2007. Thosaigh 39 díobh sa bhliain 2007, agus bhí 170 a lean ó na blianta roimhe sin. D’fhaomh Údarás Teagasc 65 comhaltacht Walsh nua i gcaitheamh 2007. Pleanáladh le haghaidh córas iarratais ar líne. Tugadh próiseas athbhreithnithe isteach chun luacháil a dhéanamh ar thuairiscí bliantúla dul chun cinn na mac léinn. Bunaíodh coiste forbartha na gComhaltachtaí Walsh chun plé a dhéanamh ar phlean gníomhaíochta na gComhaltachtaí Walsh a díorthaíodh ó luacháil na scéime, agus chun forbairtí nua agus saincheisteanna sa réimse taighde iarchéime a phlé. Tionóladh seimineár na gComhaltachtaí Walsh 2007 in imeacht Seachtain na hEolaíochta 2007 agus bhí an tOll. Patrick Cunningham, príomhchomhairleoir eolaíochta an rialtais, i láthair mar aoi-chainteoir.

60

Maoin Intleachtúil Cuireadh bailchríoch leis an gcéad ráiteas riamh ag Teagasc ar an maoin intleachtúil, “Policy and Procedures on Intellectual Property”, agus rinne an tÚdarás faomhadh oifigiúil air sa bhliain 2007, tar éis do na dlíodóirí é a athbhreithniú. Tá sé ar fáil ar TNet anois d’fhostaithe uile Teagasc. Bunaíodh Coiste Bainistíochta Maoin Intleachtúil agus soiléiríodh a ról i bhforbairt feidhm na maoine intleachtúla. Cuireadh tús le clár Traenála inar tugadh traenáil leibhéal 1 sna hionaid taighde uile ar na “basics of IP and intro to Teagasc IP Policy and Procedures”. Bhí na leibhéil freastail agus na leibhéil sástachta go maith tríd is tríd. Bunaíodh comharfhiontar idir COC agus Teagasc chun éascaíocht a dhéanamh ar bhainistíocht MI atá i seilbh an dá institiúid i bpáirt, chun an gaol oibre sármhaith atá ag an dá pháirtí faoi láthair a éascú agus chun tógáil air; agus cuireadh coiste tráchtálaíochta MI ar bun. Aibhsíodh feidhmiú an pholasaí MI trí thuairiscí a fuarthas i dtaobh roinnt aireagán mar aon le paitinní i réimse an taighde bia a ndearnadh iad a chomhdú agus a chothabháil. Agus tá comhaontuithe rogha/luachála agus ceadúnais á bplé faoi láthair le tionscail bhia in Éirinn.


Seirbhísí Leabharlainne agus Faisnéise D’éirigh leis an tSeirbhís Leabharlainne bainistíocht síntiúis tréimsheachán a aistriú go dtí Áisínteacht na Síntiús i Seirbhísí Faisnéise EBSCO. Agus d’éirigh leis an tSeirbhís Leabharlainne Seirbhís Tréimhseachán Leictreonach a fheidhmiú a sholáthróidh aon phointe amháin rochtana don fhoireann maidir le síntiúis do thréimsheacháin eolaíocha lántéacs ar líne. Atheagraíodh suíomh gréasáin na Seirbhísí Leabharlainne agus cuireadh ábhar nua leis, mar aon le naisc go dtí an tSeirbhís Tréimhseachán Leictreonach, na seirbhísí leabharlainne eile agus suímh ghréasáin úsáideacha. Cuireadh traenáil ar fáil i gcaitheamh na bliana in úsáid na seirbhísí, go háirithe i dteicnící cuardaigh i gcás bunachar sonraí eolaíoch agus in úsáid bharrmhaith na seirbhísí ar líne.

Cuireadh Irish Journal of Agricultural and Food Research ar líne. Tionscnaíodh comhaontuithe ceadúnaithe le EBSCO (córas ordaithe digiteach do leabharlanna/do shíntiúsóirí eile liostáil don iris) i gcás an dá fhoilseachán agus JSTOR (aircív tréimsheachán scolártha - mar chuid de thionscnamh de chuid Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste - ‘A Digital Library of Core eResources on Ireland’ don Irish Journal of Agricultural and Food Research. Ba cheart go dtarraingeodh an dá thionscnamh sin aird pobail níos leithne ar na foilseacháin. D’eagraigh an Ghráinseach, Baile Átha an Rí, Baile an Ásaigh agus Páirc Uí Mhórdha laethanta oscailte do dhaltaí mheánscoile mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta. D’eagraigh Páirc na Darach lá oscailte do mhic léinn na hInstitiúide Teicneolaíochta i gCeatharlach. Tionóladh seimineár na gComhaltachtaí Walsh san RDS. Seoladh dhá phreasráiteas faoi Sheachtain na hEolaíochta go dtí na meáin áitiúla agus náisiúnta. Bhí seacht n-áisínteacht stáit, Teagasc ina measc, páirteach in ullmhú seó eolaíochta teilifíse. Bhí Teagasc ar dhá chlár as sé cinn, cláracha faoi athruithe aeráide agus faoi bhianna feidhme, faoi seach. Taispeánadh The Investigators sa tréimhse Samhain-Nollag ar RTÉ1. Seoladh preasráiteas amháin go dtí na meáin áitiúla agus náisiúnta. Ullmhaíodh dhá phreasráiteas don Fhóram Taighde Talmhaíochta.

Scíbhneoireacht/Eagarthóireacht Eolaíochta Cuireadh le liosta postála TResearch, iris eolaíochta a bhfuil an-mheas air, agus seoladh preasráiteas faoi gach eagrán go dtí na meáin áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta (via seirbhís nuachta AlphaGalileo). Bhí an iris le fáil saor in aisce ar líne.

61


An tAonad Luachála Chríochnaigh an tAonad Luachála sé thiosncadal luachála sa bhliain 2007; rinneadh cúig cinn taobh go hinmheánach agus ceann amháin lasmuigh. Ar na tuarascálacha a rinneadh go hinmheánach bhí críochnú na luachála ar an Suirbhé Feirme Naisiúnta, agus luacháil an Teastais agus an Ardteastais sa Ghairneoireacht. Críochnaíodh tuairisc ghearr i dtaobh Teagasc a ullmhú do bhainistíocht éifeachtach géarchéime, mar aon le plean tionscadail athbhreithnithe piaraí agus doiciméad scóip san ullmhúchán don tsraith athbhreithnithe piaraí a dhéanfar i gcaitheamh 2008 agus 2009 ar na hIonaid Thaighde uile ag Teagasc. Rinne FGS Consulting luacháil ar sheirbhís REPS Teagasc agus ceapadh sainchomhairleoirí chun luacháil a dhéanamh ar Straitéis TFC Teagasc 2002-2006; cuirfear an luacháil i gcrích go luath sa bhliain 2008.

62

Chuidigh roinnt de na himeachtaí a bhí ar siúl ag an Aonad Luachála i mbliana le cultúr na luachála a chur chun cinn in Teagasc. Rinneadh cur i láthair i dtús na bliana le Líonra Luachála na hÉireann inar tugadh cur síos ar ról Aonad Luachála Teagasc agus ar an mbunús a bhí leis; rinneadh cuir i láthair i gcaitheamh na bliana freisin leis an Údarás, leis an mbuíon cheannaireachta chomhairleach agus le bainisteoirí nua faoi ról agus chuspóir na luachála in Teagasc. Tiomsaíodh Lámhleabhar an Aonaid Luachála ina raibh cur síos ar pholasaithe agus nósanna imeachta luachála Teagasc, agus athchóiríodh suíomh gréasáin an aonaid luachála. Ar na tionscadail atá ar siúl i gcónaí tá luacháil ar éifeachtacht Clár Comhairleach Anailíse Roghanna Teagasc agus tionscadal fadtéarma ar cuireadh tús leis i mbliana ar luacháil an chláir chomhairligh ghnó agus teicneolaíochta.


EIRBHÍSÍ RÉADMHAOINE: SLÁINTE & SÁBHÁILTEACHT Seirbhísí Réadmhaoine Cuireadh tionscadail fhadtéarma i gcrích sa bhliain 2007. B’é an ceann ba mhó, talamh a dhíol i mBaile Átha an Rí leis an Údarás Forbartha Tionscail agus talamh faoi ordú ceannaigh éigeandála i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Gnóthaíodh breis agus ?40 milliún ar na díolacháin sin. D’éiligh tionscadail chaipitiúla níos lú in áiteanna éagsúla ar fud na tíre caiteachas iomlán ?1.025 milliún. Críochnaíodh Plean Caomhantais Chaisleán Bhaile Sheáin agus cuireadh i láthair an Údaráis é ag cruinniú i gCaisleán Bhaile Sheáin ar an 2 Bealtaine 2007. Tá Teagasc ag obair i ndlúthpháirt leis an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia agus le hOifig na nOibreacha Poiblí ar reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh an reachtaíocht do Chaisleán Bhaile Sheáin atá ann faoi láthair a leasú d’fhonn cur leis an úsáid a bhainfear as an gCaisleán amach anseo. Rinneadh dul chun cinn leis an gClár Fise Taighde sa bhliain 2007 agus cuireadh tús leis an obair forbartha ar na tionscadail a ainmníodh sa Chlár. Socraíodh treoirlínte do na Tionscadail Chaipitiúla de réir threoirlínte na Roinne Airgeadais agus bunaíodh Coiste Stiúrtha do gach tionscadal ar leith.

De réir an chóid chleachtais do Rialú na gComhlachtaí Stáit is cóir na córais agus na nósanna imeachtaí a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn leanúnach. Dréachtaíodh leagan nua-shonraithe de rialacháin soláthair Teagasc i gcomhar leis an nGrúpa Ceannaigh agus le roinn Airgeadais Teagasc, chun na nósanna imeachta a chur de réir threoirlínte reatha na Roinne Airgeadais. Tá Teagasc tar éis mórchlár forbartha caipitiúil a thiosncnamh agus tá roinnt de na tionscadail sa chéim deartha/pleanála/tairisceana nó táthar tosaithe á dtógáil. Ar na tionscadail mhóra sin (>€750k) tá: • Síneadh nua á chur le Teach Pháirc na Darach • Saotharlanna nútraiceodacha in Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh • Síneadh leis an saotharlann i bPáirc Uí Mhórdha. • Comhshó foirgnimh in Mellows. • Síneadh leis na saoráidí do mhic léinn i gCill an Daltúnaigh. • Ionad Eolaíochtaí Bitheacha ar an nGráinseach. • Saotharlann bithbhreosla i bPáirc na Darach. • Oifig Chomhairle Mhaothail. • Oifig nua Chorcaí/Mhala. • Oibreacha cóiríochta ar champas Mellows, Baile Átha an Rí.

63


tógála ag feidhmiú na nósanna imeachta nua ar na tionscadail nua uile. Cuireadh Coistí Stiúrtha de chuid Teagasc ar bun i gcás na mórthionscadal uile chun a chinntiú go mbeidh bainistíocht na n-oibreacha lánéifeachtach; Oifigigh Tógála atá á gcomhordú. Thug na hoifigigh tógála sainchomhairle theicniúil, i gcomhuainíocht leis na hoibreacha Móra Caipitiúla, chun cuidiú le sealbhóirí buiséad le bainistíocht punann réadmhaoine Teagasc agus chun dul i mbun na hinfheistíochta faofa sa Chlár Caipitiúil Beag a feidhmíodh ar raon suímh ar fud na 82 suímh chomhairleacha, na seacht nIonad Taighde agus na hocht Saoráid Oideachais Tríú Leibhéil. Rinneadh tionscnaimh thábhachtachta chun an rochtain isteach i bhfoirgnimh a fheabhsú (e.g. rampaí rochtana agus saoráidí leithris do chathaoireacha rothaí) agus chun cur leis an éifeachtacht fuinnimh (e.g. insuiteáladh coire millíní adhmaid i gCathair na Mart). Cuirfear leis an gclár feabhsúcháin sin amach anseo.

Thosaigh na hoifigigh tógála ag baint leas as cúras ríomhthairiscintí sa bhliain 2007, ag teacht le polasaí Teagasc, agus iad ag fógairt le haghaidh soláthróirí seirbhísí agus á roghnú (e.g. ailtirí, innealtóirí chomhairleacha, conraitheoirí tógála). Agus tá rialacháin nua soláthair tógála tugtha isteach ag an Roinn Airgeadais i mbliana freisin; tá na hoifigigh

64

Breandán Mac Gabhann, T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ag an am, ag searmanas bronnta de chuid ríomh-Choláiste Teagasc in éineacht le Carmel Finlay, léachtóir, Alan Mooney ar bronnadh teastas FETAC leibhéal 6 i nGnóthaí Feirme air, agus Lorcan O'Toole, Teagasc, Cionn Sáile.


BAINISTÍOCHT UM ATHRÚ Seirbhís Chustaiméara den Scoth agus Cúrsaí Rochtana Tá gníomhartha i gcomhair Seirbhís Chustaiméara den Scoth san áireamh i bpleananna gnó na n-aonad gnó uile ag Teagasc, agus iad dírithe ar dhá phrionsabal déag na seirbhíse do chustaiméirí. Bhí Teagasc ag fáil aiseolais i gcónaí óna chuid custaiméirí sa bhliain 2007, eolas a bhí dearfach cuiditheach agus ag teacht as lear mór fóram – pobalbhreitheanna i ndiaidh ócáidí móra, cártaí tráchta, grúpaí fócais agus suirbhéanna ar chustaiméirí. Imeascadh suirbhé teileafóin ar 500 cliant de chuid REPS agus dhá ghrúpa fócais le cliaint de chuid REPS sa luacháil mhóriomlán ar ár seirbhís phleanála REPS sa bhliain 2007. Pleanáil Ghnó, Bainistíocht Riosca & Forbairt Chreat Faisnéise Bainistíochta Rinneadh ullmhúchán an “Teagasc Five Year Rolling Business Plan” (Clár Riosca Corparáideach san áireamh) agus “Annual Teagasc Programme” a chomhordú agus a chur faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta, mar is gá. Athbhreithníodh na pleananna gnó inmheánacha uile a ullmhaíodh do na stiúrthóireachtaí uile agus do na haonaid bhainistíochta, agus rinneadh measúnú orthu i gcomhar leis na bainisteoirí sinsearacha. Athraíodh na

teimpléid do 2008 agus neartaíodh iad mar a leanas: • Formáid úr ionas gur fusa athbhreithniú míosúil a dhéanamh ar an doiciméad. • Simpliú ar na naisc idir na cláir agus an Ráiteas Straitéise • Feabhsú soiléire agus comhréire i gcás spriocanna inghnóthaithe na gclár oibre • Gur den riachtanas é na táscairí iarmharta a ainmniú maidir leis na cláir uile. Stóráladh na Pleananna Gnó agus na cláir Riosca uile ar fhillteán comhroinnte ar an líonra ionas go bhféadfadh na bainisteoirí agus an fhoireann eile teacht ar na doiciméid gan stró. Cuireadh traenáil ar fáil do na bainisteoirí nua in ullmhú pleananna gnó agus in úsáid na dteimpléad úr sa phleanáil ghnó agus i mbainistíocht rioscaí. Cuireadh meantóireacht ar fáil do na bainisteoirí uile maidir leis na teimpléid úra de réir mar ba ghá. Tugadh an t-amchlár don chiogal gnó bliantúil ar aghaidh agus imeascadh é leis na ciogail bhliantúla tuairiscithe agus CBFG. Rinneadh dul chun cinn sa réamhphlé maidir leis an bpleanáil don Leanúnachas Gnó.

65


An tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, Máire de Bhailís, T.D., in éineacht le Paul Dykes, SEI, Tom Kirley, Teagasc agus an Dr. Eugene Hendrick, COFORD.

Íocaíochtaí leictreonacha Tá feabhsuithe leanúnacha sna córais airgeadais riachtanach chun na caighdeáin níos déine a aimsiú a theastaíonn i gcomhair cuntasacht agus dea-rialachas. Formhór na mbeart airgeadais leis an bhfoireann, le soláthróirí agus le custaiméirí eile, is i bfoirm íocaíochtaí leictreonacha a dhéantar iad anois; déantar níos lú ná 10% dár gcuid íocaíochtaí le seiceanna anois. Tugadh córas párolla úr isteach sa bhliain 2007 atá ag freastal ar bhreis agus 1600 ball foirne agus 1400 pinsinéir. Rinneadh nuashonrú agus athchóiriú ar na próisis ghaolmhara ghnó uile de réir mar ba ghá nuair a tugadh isteach an córas nua. Earcaíocht D’eagraigh Teagasc 120 comórtas earcaíochta in imeacht 2007; fuarthas breis agus 2000 iarratas agus líonadh 122 post. Cuireadh Straitéis AD 2003-2007 i gcrích i gcaitheamh na bliana. Tá an chomhpháirtíocht leabaithe in Teagasc anois agus cuireadh Comhpháirtíochtaí Stiúrthóireachta ar bun, de bhreis ar an gCoiste Comhpháirtíochta Náisiúnta, chun déileáil leis na saincheisteanna sa Bhainistíocht um Athrú laistigh de mhór-réimsí oibre Teagasc agus chun cúrsaí cumarsáide a fheabhsú. Bunaithe ar an gCreat Inniúlachta atá an earcaíocht anois, agus tá ardán TFC á fhorbairt chun oibriú an chreata a éascú. Feidhmíodh Céim 1 den chroí-chóras TF AD, rud a éascaíonn bainistíocht an lín foirne san eagraíocht go mór. Seachadadh dhá mhodúl de chlár forbartha bainistíochta móriomlán i gcaitheamh na bliana – modúil a bhain le Cumarsáid agus Bainistíocht Daoine.

66

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Críochnaíodh Tionscadal Infreastruchtúir TFC, a bhain le hathsholáthar/nuashonrú infreastuchtúr TFC Teagasc (ríomhairí, freastalaithe, trealamh cumarsáide agus slándála) sa bhliain 2007, agus tá infreastruchtúr TFC lár-bhainistithe nua-aimseartha insuite ag Teagasc anois. Rinneadh dul chun cinn suntasach le soláthar céimneach Córas Bainistithe nua-aimseartha Faisnéis Shaotharlainne, agus beidh sé críochnaithe faoi Aibreán 2008. Tá leibhéal seasmhach tacaíochta ann anois do na húsáideoirí uile ó Dheasc Seirbhíse sheachtrach. Tá uasghrádú láithreán gréasáin Teagasc ag dul ar aghaidh agus cuireadh tús le córas bainistithe doiciméad, ar bhonn treorach ar dtús. Tionscnaíodh luacháil sheachtrach ar Straitéis TFC 2002-2006 mar aon le hiniúchadh neamhspleách ar shlándáil TFC.


Bainistíocht agus Forbairt Gníomhúcháin Tá CBFG (Córas Bainistíochta agus Forbartha Gníomhúcháin) i bhfeidhm ar fud na heagraíochta agus cuireadh riachtanais traenála breis agus 1100 ball foirne ar aghaidh ó CBFG go dtí plean traenála agus forbartha na foirne don bhliain. Cuireadh le líon agus raon na roghanna traenála agus bhí 2300 duine ar fad rannpháirteach i 300 cineál difriúil cúrsa/gníomhaíocht traenála. Críochnaíodh an chéad luacháil “Return on Investment” ar chlár traenála foireann Teagasc. Críochnaíodh mór-athbhreithniú ar oibriú CBFG in Teagasc agus tá CBFG á leasú de réir geallúintí a eascraíonn as "I dTreo 2016".

Iniúchadh Inmheánach Aontaítear clár don Iniúchadh Inmheánach leis an gCoiste Iniúchóireachta gach bliain mar chuid de phlean iniúchta trí bliana móriomlán. Is é an tIniúchóir Inmheánach a dhéanann formhór na nIniúchtaí ach cuirtear iniúchtaí amach ar conradh freisin; b’iad na réimsí a cuireadh amach ar conradh sa bhliain 2007, slándáil TFC agus inúchadh ar mhórionad taighde. Cuidíonn an tIniúchóir Inmheánach leis an measúnú a dhéanann Ceann na rannóige Airgeadais gach bliain ar éifeachtacht na gcóras rialaithe airgeadais inmheánach.

Vanessa Bailey Cúlra: As Ballacolla, Contae Laoise. Oileadh í Chuaigh ag obair le Teagasc: 2001 i Roinn na Seirbhísí Comhairleacha sa Cheannoifig, Dumhach Thrá. Post reatha: Oifigeach Seirbhísí Acmhainní Daonna "Is é an rol atá agamsa, seirbhísí riaracháin Acmhainní Daonna a chur ar fáil don eagraíocht. Déanaim bainistíocht ar chomórtais earcaíochta inmheánacha agus sheachtracha, agus an obair riaracháin do sheirbhísí AD ar nós arduithe céime, aistrithe, incrimintí, saoire bhliantúil, agus oibriú polasaithe AD ar nós sos gairme, postroinnt, saoire mháithreachais agus scéimeanna saoire tuismitheoirí. Agus mé i mo bhall den Roinn AD tá custaiméirí agam atá san eagraíocht, agus custaiméirí lasmuigh. I measc na gcustaiméirí san eagraíocht tá bainisteoirí fostaithe, an bhainistíocht shinsearach, baill de bhoird agallaimh, oifigigh riaracháin agus na fostaithe ar fad san eagraíocht. I measc na gcustaiméirí lasmuigh tá iarrthóirí ar phoist, pearsanra ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia, ón Roinn Airgeadais agus baill sheachtracha na mbord agallaimh.

67


68


Thíos: Máire Ní Chochláin, T.D., An tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ag an am, a bhí i láthair nuair a rinneadh an Ionad Traenála Bia Teagasc in Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh a oscailt go hoifigiúil.

Saoráil Faisnéise Pléadh le trí iarratas déag ar fad faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise i gcaitheamh 2007. Ceisteanna pearsanta a bhain leis an té a bhí ag déanamh an iarratais is mó a bhí i gceist. Cuireadh in iúl do Teagasc gur dócha go méadófar cúaimí an Ombudsman chun Teagasc a chumhdach sa bhliain 2008.

69


Ráitis Airgeadais An bhliain dar críoch an 31ST Nollaig 2007

70


Ráitis Airgeadais An bhliain dar críoch an 31st Nollaig 2007

CLÁR

Leathanach

TUAIRISC AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE

72

RÁITEAS FAOIN RIALÚ INMHEÁNACH AIRGEADAIS

73

RÁITEAS FAOI FHREAGRACHTAÍ AN ÚDARÁIS

74

BEARTAIS CHUNTASAÍOCHTA

75

AN CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS

77

RÁITEAS AR IOMLÁN NA nGNÓTHACHAN AGUS NA gCAILLTEANAS AITHEANTA

77

CLÁR COMHARDAITHE

78

RÁITEAS AR SHREABHADH AIRGID

79

NÓTAÍ LE CUR LEIS NA RÁITIS AIRGEADAIS

80

71


Tuairisc an Ard-Reeachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais Tá ráitis airgeadais Theagasc don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2006 iniúchta agam faoin Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988. Tá na ráitis airgeadais, a ullmhaíodh faoi na beartais chuntasaíochta arna leagan amach sna ráitis, comhdhéanta de na Beartais Chuntasaíochta, an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, an Clár Comhardaithe, an Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid, Ráiteas Gnóthachan agus Caillteanas Aitheanta Iomlán agus na nótaí gaolmhara. Freagrachtaí Bhaill an Udaráis agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi seach: Tá an tÚdarás freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú de réir an Achta Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú. Ullmhaíonn an tÚdarás na ráitis airgeadais de réir Cleachtais Chuntasaíochta a nGlactar leo go Coitianta in Éirinn. Tá freagrachtaí cuntasaíochta Bhaill an Údaráis leagtha amach sa Ráiteas um Fhreagrachtaí an Údaráis. Is í an fhreagracht atá ormsa na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir na gceanglas ábhartha dlíthiúil agus rialála agus Caighdeán Iniúchta Idirnáisiúnta (An Ríocht Aontaithe agus Éire). Tugaim mo thuairim ar na ráitis airgeadais agus cibé acu an dtugann siad léargas fíorcheart de réir Cleachtais Chuntasaíochta a nGlactar leis go Coitianta in Éirinn. Tuairiscím freisin cibé acu ar coinníodh leabhair chuntais chuí dar liom. Lena chois sin, deirim cibé acu an dtagann na ráitis airgeadais leis na leabhair chuntais. Tuairiscím ar aon chás ábhartha nár caitheadh suimeanna airgid ar na críocha a bhí beartaithe dóibh nó cás nach bhfuil na hidirbhearta i gcomhréir leis na húdaráis a rialaíonn iad. Tuairiscím freisin mura bhfuil an fhaisnéis agus na mínithe riachtanacha ar fad faighte agam chun críocha m'iniúchta. Scrúdaím an Ráiteas maidir le Rialú Inmhéanach Airgeadais le féachaint ar chomhlíon an tÚdarás an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit agus tuairiscím ar aon chás ábhartha nach ndéanann sé amhlaidh, nó má tá an ráiteas míthreorach nó gan a bheith ag teacht le faisnéis eile atá ar eolas agam de bharr na ráiteas airgeadais a bheith iniúchta agam. Ní cheanglaítear orm a bhreithniú cibé an gclúdaíonn an Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach Airgeadais gach priacal agus rialú airgeadais, ná teacht ar thuairim maidir le héifeachtacht na nósanna imeachta maidir le priacail agus rialú. Léim faisnéis eile atá sa Tuarascáil Bhliantúil agus scrúdaím í féachaint an bhfuil sí i gcomhréir leis na ráitis airgeadais iniúchta. Déanaim breithniú ar impleachtaí mo thuairisce má thugaim faoi deara go bhfuil míráiteas nó neamhréireachtaí ábhartha nach dtagann leis na ráitis airgeadais. Bonn Tuairim na hIniúchóireachta Agus mé i mbun m'fheidhme mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, rinne mé m'iniúchadh ar na ráitis airgeadais de réir Caighdeán Iniúchta Idirnáisiúnta (an Ríocht Aontaithe agus Éire) arna n-eisiúint ag an mBord um Chleachtais Iniúchta agus trí thagairt a dhéanamh do na nithe ar leith is gá a chur san áireamh i ndáil le bainistiú agus oibriúcháin chomhlachtaí Stáit. Déantar scrúdú ma chuid den iniúchadh, ar bhonn tástála, ar fhianaise a bhaineann le suimeanna, faisnéisiú, agus rialtacht na n-idirbheart airgeadais a áirítear sna ráitis airgeadais. Áiríonn an t-iniúchadh chomh maith measúnacht ar na meastacháin agus ar na breithiúnais shuntasacha a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, mar aon le measúnacht le féachaint an n-oireann na beartais chuntasaíochta d'imthosca an Údaráis, ar feidhmíodh iad go seasta agus ar nochtaíodh iad go sásúil. Phleanáil mé agus rinne mé m’iniúchadh sa chaoi is go bhfaighinn an fhaisnéis agus na mínithe ar fad a mheas mé a bheith riachtanach ionas go mbeadh mo dhóthain fianaise agam a d’fhágfadh cinnteacht réasúnach go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu calaois nó neamhrialtacht eile nó earráid ba chúis leo. Le linn dom teacht ar mo thuairim, rinne mé measúnú freisin ar a shásúla is a cuireadh faisnéis i láthair sna ráitis airgeadais ina n-iomláin Tuairim Is é mo thuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas fírinneach cóir, de réir na gCleachtas Cuntasaíochta a nGlactar Leo go Coitianta in Éirinn, ar riocht ghnóthaí an Údaráis ag an 31 Nollaig 2006 agus ar a ioncam agus ar a chaiteachas don bhliain dar críoch sin. Is é mo thuairim go raibh leabhair chuntais chuí coinnithe ag an Údarás. Tá na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhair chuntais. John Buckley Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 29 Meitheamh 2008 72


Ráiteas faoi Rialú Inmheánach an Airgeadais Thar ceann Údarás Theagasc, is mian liom aitheantas a thabhairt dár bhfreagracht i leith a chinntiú go gcothabháiltear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach de rialú airgeadais inmheánaigh. Ní féidir le haon chóras rialaithe airgeadais inmheánaigh ach dearbhú réasúnach a sholáthar agus ní dearbhú absalóideach in aghaidh earráide ábhartha, míráitis nó caillteanais. Agus éifeachtúlacht rialuithe airgeadais inmheánacha á meas, tugann an tÚdarás agus a Choiste Iniúchta aird, i measc rudaí eile, ar cheanglais an Chóid Chleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit. Tá bearta curtha i gcrích ag an Údarás le cinntiú go bhfuil timpeallacht rialaithe iomchuí i bhfeidhm trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: • freagrachtaí bainistíochta, údaráis agus cuntasachta a shainmhíniú go soiléir; • nósanna imeachta foirmiúla a bhunú le monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus sócmhainní Theagasc a chosaint; • cultúr de chuntasacht a fhorbairt ar leibhéil uile na heagraíochta. Tá nósanna imeachta bunaithe ag an Údarás chun rioscaí gnó laistigh de Theagasc a aithint trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh: • nádúr, méid agus impleacht airgeadais rioscaí atá os comhair Theagasc a aithint agus méid agus catagóirí na rioscaí a mheasann sé a bheith inghlactha san áireamh; • an dóchúlacht go dtarlóidh rioscaí aitheanta a mheas; • cumas Theagasc chun na rioscaí a tharlaíonn a bhainistiú agus a mhaolú; • na costais a bhaineann le rialuithe ar leith a mheas i gcoibhneas leis an sochar a fhaightear. Tá an córas rialaithe airgeadais inmheánaigh bunaithe ar chreat de thuairisciú bainistíochta rialta, nósanna imeachta riaracháin lena n-áirítear roinnt dualgas agus córas tarmligin agus cuntasachta ar a n-áirítear: • córas cuimsitheach bliantúil um buiséadú agus thuairisciú airgeadais a ndéanann an tÚdarás athbhreithniú agus faomhadh air; • athbhreithnithe rialta a dhéanann an tÚdarás ar an straitéis trí chéile, ar phleananna gnó agus airgeadais agus ar athraithis i gcomparáid le buiséid oibriúcháin agus chaipitil. Tá feidhm iniúchta inmheánaigh ag Teagasc, feidhm a oibríonn de réir na gceanglas atá sa Chód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit agus de réir na gcritéir éifeachtúlachta atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise Theagasc a foilsíodh in 2007. Bíonn anailís ar na rioscaí a bheadh ann do Theagasc mar chuid d’obair na hiniúchóireachta inmheánaí agus bunaítear pleananna bliantúla don iniúchadh inmheánach ar an anailís seo. Is é an Coiste Iniúchta a cheadaíonn na pleananna don iniúchadh inmheánach. In 2007 d’fhostaigh an tÚdarás saineolaí seachtracht chun comhairle a chur ar an gCoiste Iniúchta. Bunaítear monatóireacht agus athbhreithniú an Údaráis ar éifeachtúlacht an chórais um rialú airgeadais inmheánaigh ar na foinsí seo: obair an iniúchóra inmheánaigh, obair an Choiste Iniúchta a mhaoirsíonn obair an iniúchóra inmheánaigh, obair na mbainisteoirí feidhmiúchain de chuid Teagasc atá freagrach as creat rialuithe an airgeadais a fhorbairt agus a chaomhnú, agus barúlacha a thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir bhainistíochta. Dearbhaím go ndearna an tÚdarás athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gcóras rialaithe airgeadais inmheánach sa bhliain 2007. Thug an Coiste Iniúchta a bhfaomhadh don tuarascáil mionsonraithe dar teideal “Athbhreithniú ar Éifeachtúlacht an Chórais um Rialú Inmheánach Airgeadais” ar an 7ú Samhain 2007, agus thug an tÚdarás faomhadh d’achoimre den tuarascáil sin ag a gcruinniú ar an 5ú Nollaig 2007.

An Dr Tom O’Dwyer Cathaoirleach 11 Meitheamh 2008

73


Ráiteas faoi Fhreagrachtaí an Údaráis Faoi Alt 12(1) den Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988, éilítear ar an Údarás ráitis airgeadais a ullmhú i bhfoirm a mbeidh faomhadh an Aire Talmhaíochta agus Bia aici le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Le linn na ráiteas airgeadais sin a ullmhú, éilítear ar an Údarás: • beartais chuntasaíochta feiliúnacha a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach; • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnach agus stuama a dhéanamh; • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn leanúnach ach amháin mura bhfuil sé feiliúnach glacadh leis go leanfaidh Teagasc de bheith i mbun oibre; • aon difríochtaí ábhartha ó chaighdeáin chuntasaíochta infheidhmithe a nochtadh agus a mhíniú. Tá an tÚdarás freagrach as leabhair chuntais chearta a choimeád a nochtann, le cruinneas réasúnach ag am ar bith, seasamh airgeadais Theagasc agus a chuireann ar a chumas a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais na riachtanais reachtúla. Coinnítear na leabhair chuntais i gceanncheathrú an Údaráis i bPáirc na Darach, Ceatharlach. Ina theannta sin tá an tÚdarás freagrach as sócmhainní Theagasc a chosaint agus an méid is gá a dhéanamh chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.

An Dr Tom O'Dwyer Cathaoirleach 11 Meitheamh 2008 74

James Brett Ball den Údarás


Beartais Chuntasaíochta Is iad seo a leanas na beartais chuntasaíochta shuntasacha atá glactha chuige féin ag Teagasc: Bonn cuntasaíochta Ullmhaíodh na Ráitis Airgeadais faoi réir ag coinbhinsiún an chostais stairiúil, ach go gcuirtear sócmhainní áirithe isteach ar a luach measta (féach thíos), agus i bhfoirm atá arna faomhadh ag an Aire Talmhaíochta agus Bia le comhthoiliú an Aire Airgeadais faoin Act Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988. Ullmhaíodh na Ráitis Airgeadais agus úsáid á baint as modh cuntasaíochta na bhfabhruithe agus de réir na gcleachtas cuntasaíochta is coitianta. Glactar leis na Caighdeáin Thuairiscithe Airgeadais atá molta ag na cuideachtaí cuntasaíochta aitheanta nuair a fheileann siad. Sócmhainní seasta inláimhsithe agus dímheas Tógadh sócmhainní ón gComhairle Oiliúna Talmhaíochta agus An Foras Talúntais ar an 8 Meán Fómhair 1988 ag na luachanna deiridh a bhí i gCláir Chomhordaithe na gcomhlachtaí sin. Luaitear breiseanna ag a gcostas. Ní dhímheastar talamh. Díscríobhtar costas nó luacháil sócmhainní seasta eile atá inár seilbh trí thráthchodanna cothroma thar an saol úsáideach a mheastar a bheidh acu mar seo a leanas: Foirgnimh Feirme

20 bliain

Foirgnimh Eile

50 bliain

Gléasra agus Feithiclí

5 bliana

Trealamh Ríomhaireachta

3 bliana

Trealamh Saotharlainne agus Oifige

10 mbliana

Dímheastar sócmhainní a shealbhaítear faoi léasanna airgeadais thar théarma an léasa má tá sé seo níos giorra ná an saol úsáideach a mheastar a bheidh acu. Gearrtar dímheas leathbhliana sna blianta a fuarthas agus a diúscraíodh na sócmhainní. Léasanna Déileáiltear le sócmhainní seasta a fhaightear faoi léasanna airgeadais de réir an bheartais thuasluaite faoi shócmhainní seasta. Áirítear an ghné chaipitiúil de na hoibleagáidí cíosa gaolmhara faoi dhliteanais, agus gearrtar an ghné úis ar chaiteachas thar théarma na buntréimhse léasa. Gearrtar cíosanna ar léasanna oibriúcháin sa chuntas caiteachais de réir mar a thabhaítear iad. Cuntas caipitil Is ionann an t-iarmhéid ar an gcuntas seo agus luach neamhamúchta cistí a úsáidtear chun sócmhainní seasta a cheannach. Stoic Oifigigh Theagasc a chuir luach ar na stoic. Cuirtear luach ar bheostoc agus táirgí feirme ag glanluach measta inréadaithe. Cinntear glanluach inréadaithe ar an mbonn go ndíoltar ainmhithe le marú. Na gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as na luachálacha seo, léirítear iad ina n-iomláine san ioncam oibriúcháin. Cuirtear luach ar na stoic eile ar fad ag an raon is ísle costas agus glanluach inréadaithe. Féichiúnaithe Díscríobhtar drochfhiacha a luaithe is a aithnítear iad agus déantar soláthar ar leith má tá amhras ann an bhfaighfear íocaíocht.

75


Beartais Chuntasaíochta Pinsin Tá scéimeanna pinsin sochair shainithe ag Teagasc a fhaigheann maoiniú go bliantúil ar bhonn íoc mar thuilleann tú ó airgead a chuirtear ar fáil dóibh, airgead a chuireann an Roinn Talmhaíochta agus Bia ar fáil san áireamh, agus airgead a asbhaintear ó thuarastal bhaill na foirne. Tugann na costais phinsin léargas ar na sochair phinsin a thuill fostaithe sa tréimhse agus taispeántar iad saor ó ranníocaíochtaí pinsin foirne a choinníonn Teagasc. Aithnítear méid atá cothrom leis an muirear pinsin mar ioncam sa mhéid gur féidir é a aisghabháil, agus fritháirítear deontais a fhaightear sa bhliain chun na híocaíochtaí pinsin a dhíscaoileadh. Na gnóthachain nó caillteanais achtúireacha a d'eascair as dliteanais scéimeanna léirítear iad sa Ráiteas faoi Iomlán na nGnóthachan agus Caillteanas Aitheanta agus aithnítear cóigeartú ag freagairt dóibh sa mhéid is féidir a fháil ar ais ón Roinn Talmhaíochta agus Bia. Is ionann dliteanais phinsin agus luach reatha na n-íocaíochtaí pinsin todhchaíochta atá tuillte ag baill foirne go dtí seo. Léiríonn maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach atá le haisghabháil amach anseo ón Roinn Talmhaíochta agus Bia. Moorepark Technology Limited Is comhfhiontar atá i Moorepark Technology Limited idir Teagasc agus comharchumainn éagsúla talmhaíochta. Tá sealúchas 57% ag Teagasc i scairchaipiteal íoctha na cuideachta. Ullmhaíodh ráitis airgeadais ar leith i ndáil le Moorepark Technology Limited. Measadh nár chuí torthaí na Cuideachta a chomhdhlúthú. (Nóta 14). Airgeadra Eachtrach Bearta a shonraítear in airgeadraí eachtracha aistrítear go Euro iad agus cuirtear sa chuntas iad de réir na rátaí malartaithe a bhí i bhfeidhm ar dhátaí na mbeart. Sócmhainní airgeadúla agus dliteanais a shonraítear in airgeadraí eachtracha aistrítear go Euro iad de réir na rátaí malartaithe a bhí i bhfeidhm ar dháta an Chlár Comhardaithe.

76


An Cuntas Ioncaim agus Caiteachais An bhliain dar críoch an 31st Nollaig 2007 31 Nollaig 2007 €’000

31 Nollaig 2006 €’000

2 3 4 9 24

149,802 1,361 30,413 26,162 36,878 3,320 247,936

138,228 1,314 30,610 18,593 329 1,898 190,972

5

205,106 42,830

187,917 3,055

Nótaí Ioncam Maoiniú Stáit Maoiniú an AE Ioncam oibriúcháin Maoiniú iarchurtha do phinsin Barrachas ar dhiúscairt sócmhainní seasta Deontais, deonacháin agus tobhaigh dheonacha

Caiteachas

Aistriú chuig an gCuntas Caipitil

12

(3,594)

(191)

Aistriú chuig an státchiste

(9,400)

0

Barrachas don bhliain airgeadais

29,836

2,864

Iarmhéid ag tús na bliana

1,201

(1,663)

Iarmhéid ag tús na bliana

31,037

1,201

Ráiteas ar Iomlán na nGnóthachan agus na gCaillteanas Aitheanta Nótaí Barrachas don bhliain airgeadais Caillteanais ar dhliteanais scéime pinsin Athruithe i mbuntoimhdí de luach reatha dliteanais na bpinsean

9 9

Caillteanas achtúireach ar dhliteanais phinsin Maoiniú pinsin iarchurtha Gnóthachan Aitheanta Iomlán don bhliain

31 Nollaig 2007 €’000

31 Nollaig 2006 €’000

29,836

2,864

(17,031) 169,389

(26,362) 14,999

152,358 (152,358)

(11,363) 11,363

29,836

2,864

Baineann na suimeanna thuas ar fad le hoibriúcháin atá fós ar siúl. Is cuid de na Ráitis Airgeadais seo iad an Ráiteas ar Bheartais Chuntasaíochta agus Nótaí 1 go 26.

Dr. Tom O’Dwyer Cathaoirleach

An tOllamh Gerry Boyle Stiúrthóir

77


Clár Comhardaithe An bhliain dar críoch an 31st Nollaig 2007 31 Nollaig 2007 €’000

31 Nollaig 2006 €’000

13 14

83,402 2 83,404

79,812 2 79,814

16 17

5,145 7,603 41,992 677 55,417

4,964 5,219 8,952 1,314 20,449

18 19 20

15,294 9,088 0 24,382

14,874 4,370 0 19,244

31,035

1,205

114,439

81,019

835,898 (835,898) 0

962,094 (962,094) 0

114,439

81,019

0 0 0

0 10 10

114,439

81,009

83,402 31,037 114,439

79,808 1,201 81,009

Nótaí Sócmhainní seasta Sócmhainní inláimhsithe Sócmhainní airgeadais

Sócmhainní reatha Stoic Féichiúnaithe Iarmhéideanna bainc Taiscí gearrthréimhseacha

Creidiúnaithe - Méideanna dlite laistigh de bhliain Creidiúnaithe agus fabhruithe Ioncam iarchurtha Oibleagáidí faoi léasanna airgeadais

Glansócmhainní reatha Sócmhainní iomlána lúide dliteannais reatha roimh phinsin Maoiniú pinsin iarchurtha Dliteanais na bpinsean

9 9

Sócmhainní iomlána lúide dliteannais reatha Lúide Creidiúnaithe – Méideanna dlite i ndiaidh níos mó ná bliain amháin Oibleagáidí faoi léasanna airgeadais Dliteanais fhadréimhseacha eile

20

Glansócmhainní Arna ionadú ag Cuntas caipitil Cuntas Ioncaim agus Caiteachais

12

Is cuid de na Ráitis Airgeadais seo iad an Ráiteas ar Bheartais Chuntasaíochta agus Nótaí 1 go 26. Dr. Tom O’Dwyer Cathaoirleach

78

An tOllamh Gerry Boyle Stiúrthóir


Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid An bhliain dar críoch an 31st Nollaig 2007

Nótaí Imréiteach barrachas oibriúcháin le glaninsreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin Barrachas oibriúcháin Dímheas Aistriú chuig an gCuntas Caipitil Ús faighte Brabús ar dhíol sócmhainní seasta (Méadú) i stoic (Méadú) / Laghdú i bhféichiúnaithe Méadú / (Laghdú) igcreidiúnaithe agus dliteannais fhadtréimhseacha Méadú in ioncam iarchurtha

31 Nollaig 2007 €’000

31 Nollaig 2006 €’000

29,836 6,748 3,594 (839) (36,878) (181) (2,383) 413 4,718

2,864 6,578 191 (256) (329) (489) 3,143 (1,871) 3,483

5,028

13,314

5,028

13,314

Toradh ar infheistíocht agus fónamh ar airgeadas Ús faighte

839

256

Glan-insreabhadh airgid ó fháltais ar infheistíocht agus fónamh ar airgeadas

839

256

13 12

Glan-insreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin

Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid Glan-insreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin

Gníomhaíochtaí infheistíochta Íocaíochtaí chun sócmhainní seasta inláimhsithe a fháil Fáltais ó dhiúscairtí sócmhainní seasta inláimhsithe

13

Glan-eis-sreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí infheistíochta Maoiniú Aisíocaíochtaí iasachta réadmhaoine Gné chaipitiúil d’íocaíochtaí léasa airgeadais

20

Glan-eis-sreabhadh airgid ó mhaoiniú

(10,586) 37,126

(6,986) 552

26,540

(6,434)

(4) 0

(2) (4)

(4)

(6)

Méadú in airgead tirim

23

32,403

7,130

Imréiteach ghlan-sreabhadh airgid le gluaiseacht i nglanchistí Méadú in airgead tirim Glanchistí ar an 1 Eanáir

23

32,403 10,266

7,130 3,136

42,669

10,266

Glanchistí an 31 Nollaig Is cuid de na Ráitis Airgeadais seo iad an Ráiteas ar Bheartais Chuntasaíochta agus Nótaí 1 go 26. Dr. Tom O’Dwyer Cathaoirleach

An tOllamh Gerry Boyle Stiúrthóir 79


Nótaí le cur leis na Raitis Airgeadais 1 Teagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) Bunaíodh Teagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) faoin Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988. Faoi Alt 21 den Acht, aistríodh sócmhainní agus dliteanais na Comhairle Oiliúna agus Talmhaíochta agus An Foras Talúntais go Teagasc nuair a bunaíodh é. Éilíonn Alt 12 den Acht go gcoinneofar Cuntais i bhfoirm a mbeidh faomhadh an Aire Talmhaíochta agus Bia aici le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Tugadh an faomhadh seo ar an 14 Lúnasa 1998.

2 Maoiniú Stáit An méid a thaispeáintear faoin gceannteideal seo ná: Vóta 31: Talmhaíocht agus Bia Deontas i gcabhair do chostais ghinearálta (lena n-áirítear Deontas do chúiseanna caipitil, €5m 2006 - €5m) Deontas i gcabhair chun críche aoisliúntais Deontas i gcabhair le haghaidh acmhainní daonna Deontas i gcabhair do thaighde bia Deontas do chlár comhthaighde Stimulus Deontas do phoiblíocht agus d'fheasacht foraoiseachta Deontas d'oiliúint sa bhforaoiseacht

3 Maoiniú an AE

Clár Creata V Clár Creata VI

80

2007 €’000

2006 €’000

102,509 25,541 12,400 6,442 2,080 795 35

100,299 21,719 12,010 3,156 300 574 170

149,802

138,228

2007 €’000

2006 €’000

233 1,128

571 743

1,361

1,314


81

38,442 0 3,996 5,271 0 810 0 15 48,534

72,626

€’000

€’000

5,396 57,631 812 7,828 18 873 0 68

Seirbhís Chomhairleach

16,772

1,253

Ceanncheathrú agus Náisiúnta

15,268 1,400 0 0 0 104

€’000

€’000

0 13 0 0 0 1,240

Serbhís Chomhairleach

Ceanncheathrú agus Náisiúnta

Pá (Nóta 8) Pinsín (Nóta 9) Taisteal agus cothabháil Costais oibriúchain ghinearálta (Nota 6) Ús agus táillí léasa Dímheas (Nóta 13) Deontais do choláistí príobháideacha Deontais eile

5 Caitheachas Údarás

Táillí na seirbhíse comhairlí Táillí eile Trádáil beostoic (Nóta 7) Oibriúcháin feirmeoireachta eile Fáltais cheaintín Foilseacháin agus ilghnéitheach

4 Ioncam Oibriúcháin

25,440

13,175 0 911 5,103 0 920 4,697 634

€’000

Oiliúint agus Forbairt

3,892

1 1,471 1,062 709 158 491

€’000

Oiliúint agus Fobairt

Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais

38,107

22,618 0 1,340 9,560 0 2,549 0 2,040

€’000

Taighde ar Tháirgeadh

6,036

0 2,311 1,479 1,941 173 132

Taighde ar Tháirgeadh Talmhaíochta €’000

- ar leanúint

20,399

10,824 0 558 5,953 0 1,596 0 1,468

€’000

Taighde Bia

2,460

0 2,292 0 11 49 108

€’000

Taighde Bia

205,106

90,455 57,631 7,617 33,715 18 6,748 4,697 4,225

2007 €’000

30,413

15,269 7,487 2,541 2,661 380 2,075

2007 €’000

187,917

87,023 50,632 7,027 29,750 19 6,578 4,434 2,454

2006 €’000

30,610

17,464 7,010 2,744 2,123 413 856

2006 €’000


82

Seirbhís Chomhairleach €’000 33 1,073 645 1,215 339 2 967 323 254 1 195 59 46 119 5,271

Ceanncheathrú agus Náisiúnta

€’000

SolAthairtí/Seirbhís feirmeoireachta 0 Cothabháil/deisiúchain 389 Cíosanna/rátaí/arachais 22 Postas/teileafóin 668 Cumhacht/breosla/peitreal 77 Soláthairtí saotharlainne 621 Priontáil/stáiseanóireacht/póiblíocht 1,894 Soláthairtí seimineáir/seomra ranga/leabharlainne 170 Seirbhísí gníomhaireachtaí seachtracha 0 Soláthairtí ceaintín mac léinn agus ball foirne 0 Soláthairtí/seirbhísí TFC 2,817 Táillí dlí/gairmiúla (Nóta 10) 1,160 Costais ilghnéitheachta na gclár lighnéitheach 2 Miscellaneous 8

7,828

6 Anailís ar chostais oibriúcháin ghinearálta Údarás

5,103

1,165 1,445 397 182 481 26 378 215 6 403 38 110 235 22

€’000

Oiliúint agus Forbairt

Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais

9,560

1,880 1,952 826 224 877 1,790 297 160 162 165 62 476 661 28

€’000

Taighde ar Tháirgeadh

- ar leanúint

5,953

9 1,516 480 128 411 1,648 232 383 32 99 57 148 793 17

€’000

Taighde Bia

33,715

3,087 6,375 2,370 2,417 2,185 4,087 3,768 1,251 454 668 3,169 1,953 1,737 194

2007 €’000

29,750

3,003 5,389 2,322 2,524 2,307 4,031 3,023 1,086 453 699 2,208 1,103 1,404 198

2006 €’000


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint 2007 €’000

2006 €’000

Díolacháin Deontais agus fóirdheontais

2,675 699

2,677 559

Ioncam iomlán ó thrádáil beostoic

3,374

3,236

Stoc tosaigh Ceannacháin

4,167 853

3,666 993

5,020 (4,187)

4,659 (4,167)

7 Barrachas trádála beostoic

Lúide: Stoc deiridh Costas iomlán díolachán beostoic Barrachas ar an gCuntas Ioncaim agus Caiteachais (Nóta 4)

833

492

2,541

2,744

2007

2006

796 210 288 302

790 208 290 310

1,596

1,598

8 Foireann Seo a leanas an meánlíon foirne a fostaíodh i rith na bliana: Gairmiúil Teicniúil Riarachán/cléireachas Feirm/teaghlaigh

9 Aoisliúntas Forálann Alt 9 den Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988 do bhunú scéimeanna do dheonú sochar aoisliúntais maidir le baill foirne ceaptha ag Teagasc agus baill foirne aistrithe chuig Teagasc ón gComhairle Oiliúna Talmhaíochta agus An Foras Talúntais. Go dtí go ndéanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, an tAire Airgeadais agus an tOireachtas dréacht-scéimeanna aoisliúntais a fhaomhadh, reachtálann Teagasc scéimeanna aoisliúntais ar bhonn riaracháin. Lena chois sin tá Teagasc i mbun riaracháin ar dhá scéim aoisliúntais (Scéim Aoisliúntas Ball Foirne na gColáistí Talmhaíochta, 1985 agus Scéim Pinsin Ranníocaigh Thalmhaíochta Céilí agus Leanaí na gColáistí Talmhaíochta, 1985) i leith ball foirne ar leith a bhí fostaithe ag Coláistí Talmhaíochta agus Gairneoireachta faoi úinéireacht phríobháideach, agus is é an Státchiste atá freagrach as costas na dtuarastal sin trí ghníomhaireacht Theagasc. Is scéimeanna aoisliúntais sochair shainithe iad na scéimeanna thuasluaite. Ní choimeádtar ciste ar leith, agus ní choinnítear sócmhainní, chun íocaíocht pinsean agus aiscí a mhaoiniú. Taispeántar meastachán achtúireach ar dhliteanais todhchaíocha atá ag fabhrú i leith sochar todhchaíocha sa Chlár Comhardaithe. Costais aoisliúntais Ba é an meánlíon pinsean míosúil a íocadh i rith na bliana 1,425 (2006 -1,382). Sochair aoisliúntais Bunaíodh an luacháil a úsáideadh do nochtaí FRS17 ar luacháil achtúireach a rinne achtúire cáilithe neamhspleách chun riachtanais FRS17 a chur san áireamh d’fhonn dliteanais na scéime a mheas ag an 31 Nollaig 2007.

83


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint Seo a leanas na toimhdí airgeadais a úsáideadh chun dliteanais a ríomh faoi FRS17: 2007

2006

% in aghaidh na bliana % in aghaidh na bliana

Méadú sa ráta boilscithe Méadú sa ráta tuarastail Méadú sa ráta pinsin Ráta lascaine na ndliteanas scéime

2.50 4.00 3.50 5.50

2.25 3.50 3.50 4.60

Bunaithe orthu seo agus toimhdí eile agus an modh aonaid réamh-mheasta luaite i FRS17 a chur i bhfeidhm, seo a leanas luach reatha dhliteanais na scéime pinsin: 2007 2006 €’000 €’000 Dliteanais charntha i leith baill ghníomhacha scéime Dliteanais i leith pinsinéirí reatha agus pinsin iarchurtha

344,604 491,294

405,492 556,602

Dliteanas fabhraithe iomlán pinsin

835,898

962,094

2007 €’000

2006 €’000

62,259 (36,097)

54,994 (36,401)

26,162

18,593

2007 €’000

2006 €’000

18,410 43,849 (4,628)

17,017 37,977 (4,362)

57,631

50,632

2007 €’000

2006 €’000

Glanmhaoiniú iarchurtha le haghaidh pinsean sa bhliain

Maoiniú ar féidir a fháil ar ais maidir le pinsin na bliana reatha Maoiniú a cuireadh i leataobh chun pinsín a íoc

Anailís ar chostas iomlán na bpinsean a gearradh ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais:

Costas seirbhíse reatha Ús ar dhliteanais scéime Ranníocaíochtaí foirne

Gluaiseacht i nglandliteanas pinsean i rith na bliana airgeadais

84

Glandliteanas pinsean ar an 1 Eanáir Costas seirbhíse reatha Sochair a íocadh Ús ar dhliteanais scéime Caillteanas/(Gnóthachan) achtúireach

962,094 18,410 (36,097) 43,849 (152,358)

932,138 17,017 (36,401) 37,977 11,363

Glandliteanas pinsean ar an 31 Nollaig

835,898

962,094


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint Anailís ar stair na ngnóthachán agus na gcaillteanas a braitheadh

2007 €’000

2006 €’000

2005 €’000

Gnóthachain agus Caíllteanais Céatadán de luach reatha dliteanas scéime

(17,031) 2.0%

(26,362) 2.7%

(24,203) 2.6%

Athruithe i dToimhdí Céatadán de luach reatha dliteanas scéime

169,389 20.3%

14,999 2.6%

(138,630) 14.9%

Caillteanas achtúireach aitheanta sa RG CAI

152,358

(11,363)

(162,833)

Sócmhainn maoinithe iarchurtha do phinsin Aithníonn Teagasc sócmhainn mar mhéid comhfhreagrach don dliteanas iarchurtha neamhmhaoinithe do phinsin bunaithe ar an sraith toimhdí a ndearnadh cur síos orthu thuas agus líon na n-imeachtaí a tharla roimhe sin. I measc na n-imeachtaí seo tá an bonn reachtúil do bhunú na scéimeanna aoisliúntais agus an beartas agus an cleachtas atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le maoiniú pinsean seirbhíse poiblí, ranníocaíochtaí fostaithe agus an próiseas meastachán bliantúil san áireamh. Cé nach bhfuil comhaontú foirmiúil i dtaobh na méideanna áirithe seo leis an Roinn Talmhaíochta agus Bia, níl fianaise ar bith ag Teagasc nach leanfar leis an mbeartas maoinithe seo d'fhonn suimeanna dá leithéid a íoc mar a dhéantar faoi láthair. Bhí an tsócmhainn maoinithe iarchurtha do phinsin cothrom le €836 milliún ag an 31 Nollaig 2007 (2006 - €962 milliún).

10 Táille iniúchta Áiríodh foráil de €50,500 sa chaiteachas i leith luacha saothair an iniúchóra do 2007 (2006 – 49,500).

11 Táillí agus luacha saothair an Údaráis Íocadh na luacha saothair seo a leanas le baill den Údarás

Cathaoirleach Baill eile den Údarás

2007 €’000

2006 €’000

24 124

25 131

148

156

2007 €’000

2006 €’000

79,808

79,617

Áirítear na méideanna seo sa chaiteachas pá iomlán a áirítear faoi Nóta 5 thuas.

12 Cuntas caipitil Iarmhéid an 1 Eanáir Aistriúcháin ón gcuntas ioncaim agus caiteachais Méid caipitlithe i leith sócmhainní ceannaithe Glanmhéid scaoilte ar dhiúscairtí Aisíocaíochtaí iasachta maoine Gné chaipitiúil d’íocaíochtaí i leith sócmhainní ar léis

Lúide: Amúchta ar aon dul le dímheas sócmhainní

Iarmhéid ar an 31 Nollaig

10,586 (248) 4 0 10,342

6,986 (223) 2 4 6,769

(6,748)

(6,578)

3,594

191

83,402

79,808 85


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint 13 Sócmhainní seasta inláimhsithe Talamh

Foirgnimh

Gléasra & Trealamh €’000

Iomlán

€’000

€’000

Costas nó luacháil Ag tús na bliana Breiseanna Diúscairtí

5,810 0 0

84,460 2,537 0

54,976 8,049 (870)

145,246 10,586 (870)

Ag deireadh na bliana

5,810

86,997

62,155

154,962

€’000

Dímheas carntha Ag tús na bliana Muirear don bhliain Diúscairtí

0 0 0

28,050 2,057 (0)

37,384 4,691 (622)

65,434 6,748 (622)

Ag deireadh na bliana

0

30,107

41,453

71,560

Glanmhéideanna sna leabhair Ag tús na bliana

5,810

56,410

17,592

79,812

Ag deireadh na bliana

5,810

56,890

20,702

83,402

San áireamh sna hiarmhéideanna tosaigh tá 522.8 heicteár talún (1,291.3 acra) aistrithe ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ag luachanna ainmniúla, agus athluacháladh sócmhainní áirithe eile ar an 31 Nollaig 1975 nó ar an 1 Iúil 1980. Dhiúscair Teagasc 89.5 heictéar talún (221 acra) sa bhliain 2007. Talamh é seo a aistríodh ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia. Tá Teagasc ag baint úsáide as 38.0 heicteár (94 acra) talún faoi úinéireacht na Roinne Talmhaíochta & Bia, agus tá an Roinn ag baint úsáide as 27.1 heicteár (67 acra) atá faoi úinéireacht Theagasc. Níl muirear ar bith ar cheachtar páirtí de thoradh na socruithe seo. Tá sócmhainní seasta áirithe a tugadh ar iontaoibh do Theagasc arna gcosaint le reacht, agus dá réir sin ní féidir iad a dhíol. 14 Sócmhainní airgeadais Tá sealúchas 57% ag Teagasc sa scairchaipiteal íoctha de Moorepark Technology Limited (5,100 scair ag €0.127). Is comhfhiontar atá sa Chuideachta, a ionchorpraíodh ar an 18 Eanáir 1991, idir Theagasc agus chomharchumainn talmhaíochta éagsúla. Tá ráitis airgeadais ar leith ullmhaithe i leith na Cuideachta agus seo a leanas na torthaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007: 2007 2006 €’000 €’000 Láimhdeachas Brabús oibriúcháin roimh dhímheas, ús agus cáin Dímheas (tar éis deontas amúchta) Fáltais úis Cáin Brabús i ndiaidh cánachais

1,184 199 (199) 6 0

1,204 220 (182) 8 0

6

46

27

21

86

Brabúis charntha go dtí an 31 Nollaig


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint Forálann Meamram Comhlachais na Cuideachta go bhfuil páirtithe leasmhara i dteideal leas a bhaint as seirbhísí na Cuideachta ag rátaí fabhracha. Coigeartaíodh figiúir chomparáideacha 2006 ó na figiúir a taispeánadh sna ráitis airgeadais a foilsíodh don bhliain sin i ngeall ar chistí cúiteamh árachais de bhreis ar chaiteachas a athaicmiú. Seo a leanas na hidirbhearta trádála a bhí idir Theagasc agus Moorepark Technology Limited (a áiríonn comhairleacht, anailísí agus úsáid áiseanna teicniúla agus áiseanna eile): 2007 €’000

2006 €’000

Díolacháin Moorepark Technology Limited le Teagasc (curtha san áireamh sa láimhdeachas) Forchúitimh eile ó Theagasc (asbhainte ó chostas díolachán)

251 0

269 4

Iomlán

251

273

35

0

163

116

47

22

Iarmhéid neamhíoctha ar an 31 Nollaig Díolacháin Theagasc do Moorepark Technology Limited Iarmhéid neamhíoctha ar an 31 Nollaig

Faoi théarmaí Chomhaontú Thionscnóirí Moorepark Technology Limited tá geallta ag Teagasc riachtanais áirithe foirne a chur ar fáil le haghaidh Moorepark Technology Limited as a chuid acmhainní féin agus ina theannta sin go ndéanfaidh siad forchostais na Cuideachta a fhrithghealladh maidir le fóntais, stórais, cuntais agus eisilteach. Seo a leanas na costais a bhí i gceist: 2007 €’000

2006 €’000

Foireann

177

162

Eile

162

105

2007 €’000

2006 €’000

1,196

1,196

97

161

Áirítear na hiomláin seo i gcaiteachas Theagasc faoi Thaighde Bia (Nótaí 5 agus 6). Úsáideann Moorepark Technology Limited sócmhainní, ar le Teagasc iad, mar seo a leanas:

Costais tosaigh Glanluach Leabhair ar an 31 Nollaig Áirítear na méideanna seo faoi Ghléasra agus Trealamh (féach ar Nóta 13 thuas).

De réir Chomhaontú na dTionscnóirí, tá a halla próiseála reatha ag Ionad Táirgí Déiríochta Pháirc Uí Mhórdha mar aon le suíomh taobh leis ar a bhfuil áiseanna breise tógtha ag an gCuideachta tugtha ar léas do Moorepark Technology Limited ar chíos ainmniúil de €127 in aghaidh na bliana. Níor measadh é bheith feiliúnach torthaí na Cuideachta a chomhdhlúthú.. Tá trí cinn d'infheistíochtaí beaga ag Teagasc i gcomharchumainn talmhaíochta atá cothrom le €1,243 ar fad (2006 - €1,243).

87


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint 15 Coláistí Príobháideacha Tugann Teagasc tacaíocht do cheithre coláistí príobháideacha mar seo a leanas:

Deontais do choláistí príobháideacha Baill foirne ar iasacht ag coláistí príobháideacha (áirítear iad seo sa chaiteachas pá iomláin faoi Nóta 5 thuas).

16 Stoic Beostoc Táirgí feirme, leasacháin agus bia ainmhithe Soláthairtí ginearálta

17 Féichiúnaithe agus réamhíocaíochtaí

Féichiúnaithe trádála Féichiúnaithe, réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe

2007 €’000

2006 €’000

4,697 514

4,434 535

5,211

4,969

2007 €’000 4,187 695 263

2006 €’000 4,167 547 250

5,145

4,964

2007 €’000

2006 €’000

4,357 3,246

2,860 2,359

7,603

5,219

2007 €’000

2006 €’000

2,987 1,658 707 1,866 166 7,910

2,757 1,504 637 74 157 9,745

15,294

14,874

4,397

2,372

Beidh na méideanna uile a luaitear thuas dlite laistigh de bhliain.

18 Creidiúnaithe - Méideanna dlite laistigh de bhliain

Creidiúnaithe trádála Cáin ioncaim asbhainte de réir ÍMAT Árachas sóisialach pá-choibhneasa Cáin bhreisluacha Cáin shiarchoinneálach Creidiúnaithe agus fabhruithe eile

Tá creidiúnaithe do chánachas agus leas sóisialach san áireamh thuas

88


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint 19 Ioncam iarchurtha Déanann Teagasc taighde a fhaigheann maoiniú poiblí de réir conarthaí le hInstitiúidí Stáit eile, an Roinn Talmhaíochta agus Bia ach go háirithe. Faoi chonarthaí taighde áirithe tugtar réamhíocaíocht airgid do Theagasc ar thosú dó nach gcuirtear san áireamh mar ioncam go dtí go dtabhaítear caiteachas faoin gconradh sin. Ag an 31 Nollaig bhí foinse agus méid ioncaim iarchurtha dá leithéid cothrom le:

An Roinn Talmhaíochta agus Bia – airleacan do thionscadail FIRM An Roinn Talmhaíochta agus Bia – airleacan do thionscadail Stimulus European Science Foundation – Feachtas Bolscaireachta Sábháilteachta Bia Suimeanna eile a bhain le taighde agus a cuireadh ar athlá Suimeanna nár bhain le taighde agus a cuireadh ar athlá

2007 €’000 1,625 4,197 429 1,566 1,271

2006 €’000 1,625 2,255 401 89 0

9,088

4,370

20 Léasanna airgeadais Ar an 31 Nollaig 2007 ní raibh dualgas ar bith ar Theagasc faoi léasanna airgeadais (2006 - dada). Níor tabhaíodh muirear airgeadais ar bith i rith na bliana faoi léasanna airgeadais (2006 - €834).

21 Ceangaltais chaipitiúla Bhí ceangaltais chaipitiúla gan íoc ag an 31 Nollaig 2007 cothrom le €5.08 milliún (2006 - €1.68 milliún).

22 Léasanna oibriúcháin Ag an 31 Nollaig 2007 bhí tiomantais bhliantúla ag Teagasc faoi léasanna oibriúcháin nárbh fhéidir a chealú, mar seo a leanas:

foirgnimh

Léasanna atá ag dul in éag: Laistigh de bhliain amháin Idir dhá bhliain agus cúig bliana Tar éis cúig bliana

Talamh agus innealra €’000

Gléasra agus

Iomlán

€’000

€’000

11 247 85

26 77 0

37 324 85

343

103

446

1 Eanáir 2007 €’000

Sreabhadh Airgid €’000

31 Nollaig 2007 €’000

23 Anailís ar athruithe sna glanchistí i rith na bliana

Airgead sa bhanc agus ar lámh Rótharraingt bhainc Taiscí gearrthréimhseacha Ag deireadh na bliana

8,952 0 1,314

33,040 0 (637)

41,992 0 677

10,266

32,403

42,669 89


Nótaí le cur leis na Ráitis Airgeadais ar leanúint 24 Diúscairt sócmhainní seasta

Fáltais/ Costais €’000

Fáltais ó Dhíol Réadmhaoine nó Airnéise 240 acra i mBaile Átha an Rí 14 acra i mBaile an Ásaigh

36,315 1,120

Costas díolachán

37,435 (384)

Diúscairt sócmhainní seasta eile

37,051 (173) 36,878

Ba é an luach ísealscríofa a bhí ar na gabhaltais a díoladh i mBaile Átha an Rí agus i mBaile an Ásaigh ag tús na bliana ná dada. 25 Baill den Údarás – nochtadh idirbheart Tá glactha ag an Údarás le nósanna imeachta de réir na dtreoirlínte atá eisithe ag an Roinn Airgeadais i ndáil le nochtadh leasa ó bhaill den Údarás agus chloígh an tÚdarás leis na nósanna imeachta seo. Ní raibh idirbhearta ar bith i rith na bliana i ndáil le gníomhaíochtaí an Údaráis a raibh leas ag ball ar bith den Bhord iontu.

26 Faomhadh na ráiteas airgeadais D'fhaomh an tÚdarás na ráitis airgeadais ar an DD MM 2008.

90


N贸ta铆

91


Nótaí

Páirc na Darach, Ceatharlach, Co Cheatharlach, Teil: 059 917 0200. Faics: 059 918 2097 Ríomhphost:i nfo@teagasc.ie www.teagasc.ie 92


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.