Cuireann Alt 134 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna leasú ag Alt 49 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, de cheangal ar Údaráis Áitiúla Plean Corparáideach a réiteach, agus é ‘bunaithe ar chur chuige straitéiseach ar fud na heagraíochta a chuimseoidh gníomhaíochtaí éagsúla an údaráis áitiúil ábhartha.