1 minute read

An Bóthar Nach dTéann Aon Áit

Next Article
Colm Breathnach

Colm Breathnach

D’fhanamar ciúin ar na tramanna dúinn ag dul thar chlóis na bhfálta iarainn rocaigh ár gcloigne ina gcógaslanna ar coipeadh le droch-intinn agus dea-smaointe ar an mbóthar nach dtéann aon áit b’in Teampall na Teicneolaíochta déanta as nuachtáin gona fhuinneoga cairtchláir agus a thúr as lasáin agus altóir na Tionsclaíochta gur shil an uile shaghas alcóil anuas de –bhí Aingil na hAiteachta ar foluain san aer ag ól vodca, ag baint plaic as túis na réabhlóide.

Bhí boladh ar nós dheireadh na saoire as. An duine é seo? An Dia é seo?

Advertisement

Ach fós, bhí an Fhilíocht ag cur fúithi ann í ag sileadh as ionathar bán na cathrach.

Ritheamar ina diaidh paca éadóchasach tnúthánach –ag sleamhnú trí altán an ama mórthimpeall taobh thiar de na focail mar a ndéantar tú a dhó, a fholcadh agus a bhrandáil go deo agus is as an mbranda a éiríonn an uile cheist!

This article is from: