
1 minute read
Teanga Nua
from Poetry in Motion
Maidin i ndeireadh mhí an Mhárta, faoin ngréin chuireamar ár gcraiceann agus thug eitilt roilligh, buille eite, orainn féachaint ar an muir ghlasghorm, ina stad faoi mar gur imigh an domhan ar a cúl as amharc, éadair sa ghorm agus ealta pilibínímíog sa cheo i gcéin ag eitilt os ard faoi mar a bheadh boghtaí na talún ag tabhairt uathu.
Sciatháin bhána amhail réalta ar an ngorm cóbailt, a gcuid luaile ag neadú teanga nua.
Advertisement
Cúbann an uile ní go ciúin, leánn na deora, tagann anáil an domhain ar ais ina ceart arís.
Éalaíonn an brón gona thruaill leo, báitear gach éinne ar son a chéile thíos i Háidéas gach éinne, imíonn súil dhubh bhalbh as radharc i laom dalltach scáile frithchaite.