1 minute read

Drift

Next Article
Colm Breathnach

Colm Breathnach

One more hour and one more and one more and still no morning some kind of gentle rain on the window beyond it the first traffic, the rustling around me swelling into a new space, an instant ocean sounding like the sea on relaxation CDs: surrounding you completely until light empties the room and it almost seems like surviving: wanting to give everything a territory and a time people, intelligible physics shear for instance the way wind scouring the surface of the water moves particles and later it doesn’t even matter the volume unchanged, not patterning the blue facts are always overtaken by structures, the teeth ground to grit of a morning, the mouth emptied of pleas and last night I did try to throw the fish on the beach back into the water I tried to throw them back and into life and again to throw the fish back into life in the water I tried.

Síobadh

Advertisement

Uair a chloig agus ceann eile agus ceann eile agus fós níl sé ina mhaidin beagán fearthainne réidhe ar an bhfuinneog taobh thiar di an chéad trácht, an sioscadh thart orm ag at isteach i spás nua, aigéan réamhdhéanta ar nós ghlór na farraige ar CDanna scíthe: timpeall ort go hiomlán nó go bhfolmhaíonn an solas an seomra agus is geall le teacht slán é: ag iarraidh talamh agus tráth a thabhairt do gach ní fisic intuigthe don nduine strus fiartha cuir i gcás an tslí go ndeineann an ghaoth, ag sciúradh harr an uisce di, cáithníní a bhogadh agus dá éis sin gur cuma sa tsioc má tá an toirt gan athrú, murar fágadh gréasán ar an ngorm sáraíonn struchtúir ar na fíricí i gcónaí, na fiacla meilte ina ngrean ar maidin, an uile phléadáil glanta as an mbéal agus cinnte dheineas iarracht aréir na héisc ar an dtráigh a chaitheamh ar ais san uisce,  dheineas iarracht iad a chaitheamh ar ais agus isteach sa bheatha agus arís iad a chaitheamh ar ais isteach sa bheatha san uisce, dheineas iarracht

This article is from: