1 minute read

Tá fios an bhealaigh ag na hainmhithe

Next Article
Colm Breathnach

Colm Breathnach

a chín lae dhil, a chín oíche dhil, a chín maidine agus tráthnóna dhil a mhaidin dhil a bhfuil cuma bhláth an chrainn gallchnó ort tá scíth de dhíth ort, tugaim duit rud dearg éigin tuirlingíonn ceist a sheol tríd an aer ar mo bheola mar tomhaiseann an t-am an t-achar idir dealramh agus leithscéal le caolchúis neamhcheart, ach teastaíonn uaim labhairt leat  faoi mo chloigeann ní thuigim é, táim ag siúl feadh m’aiteachta féin ar deireadh feacadh mear glúine, trua éadrom, fásann an t-achar ciúnas callánach mealltach, mogaill súile gur folach iad sin é é, a scairteann tú, ach malartaímid ionaid

Advertisement

This article is from: