

Erika McGann Gerry Daly
Puifín Beag agus an Dorchadas

Scríofa ag Erika McGann
Maisithe ag Gerry Daly
Aistrithe go Gaeilge ag Muireann Ní Chíobháin
Do Michael O’Brien, a d’aithin an draíocht sa leabhar seo agus iliomad eile
Nótaí Buíochais
Buíochas le Jamie Dunning a chuir na puifíní ag lonrú dúinn.
Buíochas le Dean Brown ón Interaction Research Studio agus a chuid spéaclaí gréine speisialta do phuifíní.
Agus míle buíochas le hEoin O’Brien agus gach duine ag O’Brien Press.
An chéad chló 2025 ag The O’Brien Press Ltd, 12 Bóthar Thír an Iúir Thoir, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath 6 D06 HD27, Éire.
Fón: +353 1 4923333; Facs: +353 1 4922777
Ríomhphost: books@obrien.ie; Suíomh gréasáin: obrien.ie
An chéad chló i mBearla 2023.
Is ball de Publishing Ireland é The O’Brien Press.
Foilsithe i
Cóipcheart an téacs Bhéarla © Erika McGann
Cóipcheart na léaráidí © Gerry Daly
Dearbhaítear cearta morálta an údáir agus an mhaisitheora
Cóipcheart eagarthóireachta agus cóipcheart leathanach © The O’Brien Press Ltd Spéaclaí gréine puifín deartha ag Dean Brown as Interaction Research Studio
ISBN: 978-1-78849-563-9
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den saothar seo a atáirgeadh ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó ar aon chóras taiscthe agus athfhála, nó ar mhaithe le mianadóireacht téacs nó sonraí nó chun córais intleachta saorga a thraenáil nó eile, gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
8 7 6 5 4 3 2 1 29 28 27 26 25
Clóite sa Drukarnia Skleniarz le Poland.
Táirgtear an páipéar sa leabhar seo trí úsáid a bhaint as laíon ó choillte bainistithe.
Fuair The O’Brien Press cúnamh airgid ón gComhairle Ealaíon chun an teideal seo a fhoilsiú

Bhí an ghrian ag dul faoi ar Sceilg Mhichíl.
Ghob puifín beag a ceann as a poll agus
chonaic sí puifín níos lú ná í, puifín óg, ag caoineadh in aice láimhe.
‘Cad atá ort, a phuifín óig?’ arsa an puifín beag.

Ní raibh an puifín óg sásta dul isteach ina pholl don oíche.

‘Ní maith liom an dorchadas. Tá sé ródhorcha!’
‘Ach tá sé in am dul a chodladh,’ arsa an puifín beag. ‘Is breá liomsa dul a chodladh i mo nead gach oíche.’
‘Tá sí seascair

agus teolaí
agus deas
agus te.’

Ach chroith an puifín óg a cheann.
Tharraing an puifín beag cipíní agus clúmhach óna nead theolaí féin chun cara beag codlata a dhéanamh don phuifín óg.


‘Seo duit!’ ar sí leis an bpuifín óg. ‘An bhfuil fonn ort dul a luí anois?’

Rug an puifín óg barróg ar an gcara beag clúmhach codlata agus chroith sé a cheann.
‘Ní
maith liom an dorchadas. Tá sé ródhorcha!’
‘Hmmm,’ arsa an puifín beag.
‘Tá plean agam.’
Shiúil na puifíní go dtí clochán mór, áit a raibh
coiníní ag spraoi agus ag dul i bhfolach ar a chéile.

‘Is
breá liom dul i bhfolach sa chlochán dorcha,’ arsa coinín beag amháin. ‘Ní bhíonn mo chairde in ann mé a aimsiú istigh ann!’

‘Agus tá cuma an-seascair ar an áit freisin,’ arsa an puifín beag.
Ach ní raibh fonn ar an bpuifín óg dul i bhfolach.
‘Ní maith liomsa an dorchadas. Tá sé ródhorcha!’

Chonaic na puifíní fulmaire ina sheasamh ar imeall na haille.
‘Is breá liom an oíche,’ arsa an fulmaire agus é ag méanfach.
‘Bíonn gach rud ciúin agus bíonn fonn orm dul a chodladh’.
‘Ó, nach deas?’ arsa an puifín beag.

Ach chroith an puifín óg a cheann. ‘Ní maith liom an dorchadas. Tá sé ródhorcha,’ ar sé.

Isteach san fharraige leis na puifíní. ‘Is breá liom an dorchadas,’ arsa siorc gorm cairdiúil. ‘Bíonn solas na gealaí ag damhsa ar an uisce.’
‘Ó, nach deas?’ arsa an puifín beag.

Ach ní scaoilfeadh an puifín óg le cos an phuifín bhig. ‘Ní maith liomsa an dorchadas. Tá sé ródhorcha,’ ar sé.

Stop na puifíní in aice le teach solais. Bhí an solas mór ar lasadh, ag casadh siar is aniar.