DERRYNANE HOUSE

Page 1

26

Athchóirlú/Refurbishment

Tigh Mór Dhoire Fhionáin/Derrynane House

Réamhrá Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill, feisire parlaiminte an Chláir san 19ú aois agus saothraí um fhuascailt na gCaitiliceach, is ea Tigh Mór Dhoire Fhíonáin. Inniú, sé Rannán Réadmhaoine Stairiúil Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann cúram den tigh agus den Pháirc Náisiúnta mórthimpeall, atá ar oscailt don phobal idir Aibreán agus Deireadh Fómhair gach bliain. Tá mórán nithe a bhaineann le Dónall Ó Conaill agus a mhuintir sa tigh, ar a n-áirítear bailiúchán portráidí agus cuid mhaith den troscán bunaidh. Bíonn ceithre phríomhsheomra ar oscailt don phobal: an seomra bia agus an seomra staidéir ar an mbunurlár, agus an parlús agus an leabharlann ar an urlár thuas, chomh maith le teach cóiste; is ann atá an carbad a tógadh le haghaidh an turais abhaile ag Ó Conaill nuair a scaoileadh saor é as Priosún Richmond in 1844. Féadfaidh cuairteoirí léiriúchán closamhairc ar bheatha Uí Chonaill a fheiceáil in amharclann beag agus dul chuig na seomraí tae, na gairdíní stairiúla, an Pháirc Náisiúnta mórthimpeall agus na tránna agus cósta atá sa chomharsanacht.

1

Cúlra agus cuspóirí an tionscadail Léiríodh roinnt ceisteanna maidir le hinrochtaineacht ar an láthair. Níorbh fhéidir le daoine ar éagumas gluaiseachta ach an bunurlár a rochtain, agus bhí easpa spáis i gcuid de na háiseanna, an fáiltiú san áireamh. Bhí céimeanna isteach chuig an seomra closamhairc agus chuig na leithris do chuairteoirí. Lasmuigh, ba dhúshlán é an dromchla féir agus cloiche do chuairteoirí nach raibh lúth na gcos go maith acu. Anuas go 2006, bhí cuid den tigh in úsáid mar áit chónaithe feighlí. Nuair a tháinig an spás seo saor, bhí deis ann feidhm a bhaint as an gcuid seo den tigh le haghaidh cuairteoirí agus cóiríocht bhreise. Bhí príomhchuspóirí an tionscadail dírithe ar inrochtaineacht, chuig an tigh agus an láthair, agus ar na bailiúcháin trí léiriú agus léirmhíniú breise. Cur síos ar na hoibreacha Cruthaíodh bealach isteach nua inrochtaine do chuairteoirí agus láthair fáilte san áit ina raibh seomra na dtreoraithe agus áit chónaithe an fheighlí. Anseo freisin tá nasc chuig an seomra closamhairc, agus

staighre agus ardaitheoir nua chuig spás taispeántais ar an urlár thuas; tá rampa chuig an parlús agus an leabharlann nach raibh teacht orthu ach ar staighre go dtí seo. Mar sin don chéad uair féadfaidh daoine le cathaoireacha rothaí agus naícharranna teacht ar an urlár thuas. Feabhsaíodh doirse agus urláir, chomh maith le soilsiú éigeandála agus na haláraim dóiteáin, de réir na gcaighdeán sábháilteachta dóiteáin is déanaí. Léiríonn taispeántas nua an t-ábhar ar bhealach níos inrochtaine chuig pobal níos leithne; tá frámaí nua taispeántais, téacsanna agus treoirleabhair ilteangacha agus lúb ionduchtaithe do dhaoine ar éagumas éisteachta. Féadfar anois an tigh agus na bailiúcháin atá ann a fheiceáil ar an mbealach is fearr; tá cur síos leanúnach a thugann eolas ar Thigh Mór Dhoire Fhíonáin agus ar Dhónall Ó Conaill ar bhealach atá tarraingteach agus fíorúil. Lasmuigh, sa chlós isteach agus i gclós an tseomra tae, leagadh síos dromchla nua inrochtaine le meascán cloiche agus gairbhéil scagach. Tá dhá charrchlós chomh maith le láthair tuirlingt, agus athraíodh na leibhéil sa chaoi go bhfuil


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.