Féidearthachtaí na foghlama féinriartha don chóras oideachais lán-Ghaeilge Elaine Ní Longaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ACHOIMRE Is iomaí athrú atá ag teacht ar réimse an oideachais lán-Ghaeilge i láthair na huaire. Le cur i bhfeidhm polasaithe, curaclaim, agus siollabais nua, tá idir dhúshláin bhreise agus fhéidearthachtaí úra os ár gcomhair amach. Tá daltaí ag baint níos mó úsáide ná riamh as Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus arís, baineann idir dhúshláin agus fhéidearthachtaí le húsáid TFC don fhoghlaim. Feictear don údar go bhfuil gá le cur chuige faoi leith chun foghlaimeoirí Gaeilge na linne seo a spreagadh agus a chumasú go fadtréimhseach. Déantar plé sa pháipéar seo ar an bhfoghlaim fhéinriartha mar chur chuige a d’fhéadfadh cabhrú le múinteoirí agus foghlaimeoirí na dúshláin bhreise a shárú, agus na féidearthachtaí úra a thapú. ABSTRACT There are many changes occurring in the Irish-medium education system at present, including new curricula and policies. These changes bring both extra challenges and new possibilities. Pupils are also making more use of Information and Communication Technologies (ICT) than ever before, and these technologies also present both challenges and possibilities. It seems that there is a need for a specific approach to inspire and equip Irish learners to become lifelong learners. This paper discusses the possibilities offered by autonomous learning as an approach to aid teachers and pupils in overcoming challenges and embracing new possibilities.
125
| Ar ais go Clár na nÁbhar |