
19 minute read
Tionchar an teagaisc fhoirm-dhírithe ar shealbhú cruinn struchtúir na haidiachta sealbhaí i rang 1
Aoife Ní Fhlannagáin, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Advertisement
ACHOIMRE Díríonn an páipéar seo ar an Teagasc Foirm-Dhírithe (TFD) agus an tionchar atá aige ar struchtúir chruinn na haidiachta sealbhaí i Rang 1. Is í fadhb an chruinnis a spreag an taighde seo, fadhb mhór atá aitheanta ag taighdeoirí i réimse an tumoideachais in Éirinn. Taighde feidhmeach a bhí i gceist leis an taighde seo. Thug an taighdeoir faoi shé seachtaine de cheachtanna TFD inar cuireadh béim ar leith ar an aidiacht shealbhach, le scrúduithe roimh an idirghabháil agus ina diaidh. Ag an deireadh, bhí sé soiléir gur chuir TFD go mór le hinspreagadh na rannpháirtithe chomh maith lena bhfeasacht teanga. Déanfar plé ar na modhanna múinte agus na hacmhainní oiriúnacha TFD.
ABSTRACT
This paper focuses on Form-Focused Instruction and the influence it has on the accurate acquisition of the possessive adjective in 1st Class (6- and 7-year-olds). The problem of inaccurate Irish in gaelscoileanna, a problem identified by many leading immersion education researchers in Ireland, inspired this research. Applied research, in the form of six weeks of form-focused lessons, with ongoing assessments, allowed the researcher to gather information on its effectiveness. The positive results from the research showed increased language awareness and motivation, and allowed for the identification of effective teaching strategies and resources, suitable for the implementation of FFI.
1. RÉASÚNAÍOCHT DON TAIGHDE
Communication needs to co-exist with grammatical accuracy. Indeed the quality of the communication is quite often determined by the level of grammatical accuracy.
(O’ Connor, 2002:48, luaite i Walsh, 2007)
1.1 Réamhrá Tá sé cruthaithe go bhfuil foghlaimeoirí sa chóras líofa, ach go bhfuil bearnaí le feiceáil ina gcuid cruinnis (Ó Ceallaigh, 2013; Ó Duibhir, 2011; Wesche agus Skehan, 2002, luaite i Lyster, 2007). Anuas air sin, luaitear laghdú i gcaighdeán gramadaí na bpáistí ó 1985, agus is ábhar imní é sin do mhúinteoirí gaelscoile (Harris, J, Forde, P, Archer, P, Nic Fhearaile, S, O’Gorman, M, 2006; Ó Duibhir, 2009). Is dúshlán leanúnach do mhúinteoirí é an cruinneas toisc go mbíonn iliomad rudaí ar siúl sa seomra ranga tumoideachais, idir ábhar agus teanga.
1.2 An Teagasc Foirm-Dhírithe Luann Ó Ceallaigh (2013) dhá thoisc a thacaíonn le hiontaisiú nó cailciú na Gaeilge labhartha mí-chruinne: teagmháil le struchtúir mhí-chruinne agus daoine ag glacadh le botúin sa chaint. Bhí sé soiléir ó ábhair léitheoireachta idirnáisiúnta gur cheart úsáid a bhaint as TFD (Teagasc Foirm-Dhírithe) chun dul i ngleic le laigí gramadaí (Cammarata agus Tedick, 2012). Tugann Ellis cur síos ar TFD: Form-focused instruction can refer to any planned or incidental activity that is intended to focus learners’ attention on formal and functional structures of the target language (2001: 1-2). Sna míreanna taighde Éireannacha a rinneadh ar an ábhar, moladh tuilleadh taighde a dhéanamh air i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge. Thriail Ó Duibhir agus Ní Dhiorbháin (2016) TFD a úsáid le ranganna 5 agus 6 i ngaelscoileanna ag baint úsáid as dialann mhachnaimh an fhoghlaimeora agus obair ghrúpa mar chuid lárnach den chur chuige a mhair ceithre seachtaine. Úsáideadh cuid den Tuiseal Ginideach mar spriocstruchtúr, agus tuairiscíodh rath leis an gcur chuige sin maidir le cruinneas gramadaí na bhfoghlaimeoirí leis an ngné sin den ghramadach. Mhol Ó Ceallaigh (2013) go ndéanfaí níos mó taighde air sin agus conas é a chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge.
1.3 An Cheist Taighde Is é seo a leanas príomhcheist an taighde seo: Céard é tionchar an teagaisc fhoirm-dhírithe ar shealbhú cruinn struchtúir na haidiachta sealbhaí i Rang 1?
D’eascair an cheist taighde seo ó thaithí an taighdeora a bheith ag múineadh an aoisghrúpa seo, agus ó mhiontráchtas a rinneadh ar chúrsaí cruinnis. Díríodh ar na ceisteanna leabaithe seo a leanas go comhuaineach chun breis soiléireachta a fháil ar an gceist: • Conas mar a oibríonn an teagasc foirm-dhírithe leis na bunranganna? • Conas is ceart do mhúinteoirí ceachtanna TFD a bhainistiú? • Conas is ceart do mhúinteoirí an ghramadach a láimhseáil sna bunranganna? • Conas is ceart do mhúinteoirí an dul chun cinn a mheas maidir le struchtúir chruinne na Gaeilge?
Tá an páipéar seo bunaithe ar thráchtas a rinne an taighdeoir roimhe seo. Mar sin féin, de bharr an teorainn spáis, ní dhéantar plé ar gach uile ghné den taighde sin anseo. 1.3.1 An teoiric a bhaineann leis an teagasc foirm-dhírithe Is é an aidhm atá ag TFD na foghlaimeoirí a spreagadh le struchtúir chruinne a thabhairt faoi deara agus teanga níos cruinne a labhairt. Dar le Ó Duibhir (2011), nuair a bhaineann foghlaimeoirí leibhéal leordhóthanach teanga amach, ní bhíonn mórán dreasachta orthu struchtúir chruinne a úsáid. Áitíonn Norris agus Ortega (2000) go bhfuil TFD níos éifeachtaí ná an teagasc nach bhfuil dírithe ar an bhfoirm, agus go mbíonn sé níos éifeachtaí nuair a bhíonn béim fhollasach ar an bhfoirm. Tagann an tuairim sin le tuairimí Doughty agus Williams (1998) faoi éifeachtacht an chuir chuige. Leis an teagasc follasach, tugtar rialacha do pháistí nó iarrtar orthu na rialacha a aimsiú iad féin (Norris agus Ortega, 2000).
1.3.2 Gníomhaíochtaí tabhartha faoi deara
Is catalaíoch atá sna gníomhaíochtaí seo chun aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúir atá deacair de ghnáth nó nach bhfuil cloiste ná feicthe acu go minic. Freagraítear go gabhálach tar éis an ionchuir sna gníomhaíochtaí seo, i gcomparáid leis na gníomhaíochtaí feasachta ina bhfreagraítear go gabhálach agus go táirgiúil (Lyster, 2007). San ionchur, moltar abairtí sothuigthe a chur i láthair ionas go mbeadh an bhéim ar an bhfoirm (Van Patten, 1996). Athraítear an t-ionchur, más gá, ionas go mbeadh an spriocstruchtúr níos follasaí do na foghlaimeoirí (Lyster, 2007). Dar le Sharwood Smith (1991), má tá struchtúir an-fhollasach, bíonn míniú meititheangeolaíoch ann. Má tá múinteoirí ag iarraidh go mbeadh an spriocstruchtúr níos intuigthe, d’fhéadfaidís spriocstruchtúir a aibhsiú sa téacs.
Tábla 1 Conas spriocstruchtúir a aibhsiú sa tréimhse tabhartha faoi deara
Ó bhéal • Geáitsí • Béim speisialta ar struchtúr ar leith ag baint úsáid as an nguth
Sa scríbhneoireacht • Feabhsúchán clóghrafach: - Códú de réir dathanna - Aibhsiú
Seo thíos an cur síos a rinne Skehan (2002, 2013) ar an tabhairt faoi deara agus ar an bpróiseas a bhaineann leis:
Fíor 1 Cur síos a rinne Skehan maidir ar phróiseas TFD


Sa chéad chéim den phróiseas sin, feictear an tabhairt faoi deara agus an fheasacht teanga ag feidhmiú chun na scileanna cognaíocha agus an tuiscint a fhorbairt maidir leis an spriocstruchtúr. Tugtar deis don fhoghlaimeoir sa dara céim na scileanna sin a chleachtadh, agus tugtar deis don fhoghlaimeoir sa tríú céim an spriocstruchtúr a chleachtadh go neamhspleách.
2. MODHEOLAÍOCHTAÍ AN TAIGHDE Úsáideadh modhanna measctha don taighde seo toisc go raibh taighde feidhmeach ar siúl ag an taighdeoir. I measc na modheolaíochtaí sin, úsáideadh scrúduithe, dialann mhachnaimh agus dialann an taighdeora, agus punann na rannpháirtithe chomh maith le grúpaí fócais leis na rannpháirtithe. Is fiosrúchán féinmhachnamhach é an taighde feidhmeach, dar le Carr agus Kemmis (1986). Taighde idirghníomhach a bhí ann, agus bhí béim ar an ngaol idir an taighdeoir agus na rannpháirtithe. Roghnaíodh taighde feidhmeach toisc go raibh an taighdeoir ag iarraidh a cleachtas féin a fheabhsú mar mhúinteoir ina seomra ranga féin. Ceann de na laigí a aithnítear i dtaighde a bhaineann leis an dara teanga ná nach mbíonn na taighdeoirí rannpháirteach sa chóras scoile iad féin (Brown, J.D. agus Rodgers, T.S., 2002).
Fíor 2 Cur chuige modheolaíochta an taighde Mínítear an cur chuige a bhain leis an taighde sa tábla seo. Cur chuige
• 6 seachtaine i mí Feabhra/mí an Mhárta 2016 • 23 páiste i Rang 1 i ngaelscoil a ghlac páirt • Ag díriú ar an gcéad phearsa agus ar an dara pearsa den aidiacht shealbhach Cur síos ar na ceachtanna
• Cúig cheacht de 30 nóiméad le teagasc in aghaidh na seachtaine – ag díriú ar ábhair éagsúla sa churaclam bunscoile. Samplaí: - Eolaíocht – an corp - Stair – ag cur in ord - Mata – ag cur in ord – cad a dhéanaim gach lá
- Ról lárnach ag leabhairíní Séideán Sí agus leabhairíní eile mar sprioc do na ceachtanna • Stáisiúin léitheoireachta ach le cur chuige tras-churaclam: 1. Ag léamh i gcomhpháirt 2. Cluichí teanga 3. Ag éisteacht leis an scéal arís 4. Tasc scríbhneoireachta
Céimeanna an cheachta
• Úsáideadh céimeanna Skehan (2002, 2013) sa phlean ceachta do na ceachtanna, agus cinntíodh go raibh na ceithre chéim seo i ngach aon cheacht: 1. Tabhairt faoi deara 2. Feasacht teanga 3. Cleachtadh riail-bhunaithe 4. Cleachtadh cumarsáideach

Modhanna taighde a úsáideadh
1.Réamhscrúdú (labhartha) – taifead déanta air 2.Dialann Mhachnaimh mar uirlis bhreathnóireachta 3.Grúpa fócais le seisear páistí. Rinneadh taifeadadh air 4.Iarscrúdú (labhartha) i ndiaidh an tionscnaimh – taifead déanta air [mar an gcéanna leis an réamhscrúdú] 5.Punann ag na páistí le samplaí den obair scríofa 6.Iarscrúdú (labhartha) tar éis 2 mhí [mar an gcéanna leis an réamhscrúdú]
2.1 Spriocstruchtúr a roghnaíodh Díríodh sa taighde seo ar an gcéad phearsa agus ar an dara pearsa den aidiacht shealbhach, toisc go raibh sé idir lámha ag rang 1. Is leagan simplí de a bhí ann.
Tábla 3 Spriocstruchtúr an tráchtais (taighde) – an aidiacht shealbhach (Bunaithe ar threoirlínte an Chaighdeáin Oifigiúil, 2012)
Mo do ‘a’ M’asal D’asal ‘b’ Mo bhád Do bhád ‘c’ Mo chat Do chat ‘d’ Mo Dhaidí Do Dhaidí ‘e’ M’eitleán D’eitleán ‘f’ M’fheadóg M’fheadóg ‘g’ Mo ghúna Do ghúna ‘h’ Mo hata Do hata ‘i' M’iníon D’iníon ‘l’ Mo lámh Do lámh ‘m’ Mo mhéar Do mhéar ‘n’ Mo nia Do nia ‘o’ M’ordóg D’ordóg ‘p’ Mo phost Do phost ‘r’ Mo rothar Do rothar ‘s’ Mo shuíochán Do shuíochán ‘t’ Mo theach Do theach ‘u’ M’uillinn D’uillinn ‘v’ Mo veidhlín Do veidhlín
Mar atá léirithe i dTábla 3, séimhítear na consain b, c, d, f, g, m, p, s, agus t,agus ní shéimhítear na consain h, l, n, r, ná v. Maidir le consain a thosaíonn ar ghuta, in ionad iad a shéimhiú, baintear amach an focal mo agus cuirtear m’ ina áit don chéad phearsa, agus baintear amach an focal do agus cuirtear d’ ina áit don dara pearsa.
2.2 Grúpa Fócais An sprioc atá ag grúpa fócais ná go ndéanfaí plé oscailte ar cheisteanna a eascraíonn as an taighde agus go mbeadh rannpháirtithe an taighde ag idirghníomhú lena chéile (Dornyei, 2007). Dar le Kamberelis agus Dimitriadis (2014), tugann grúpa fócais níos mó úinéireachta do na rannpháirtithe. Bhí deis acu labhairt faoina dtuairimí féin maidir leis na ceachtanna agus leis an bpróiséas.

2.3 Scrúdú
Cuireadh trí scrúdú labhartha ar na páistí: sular thosaigh an idirghabháil; díreach tar éis an ionchuir; agus dhá mhí i ndiaidh an tionscadail. Rinneadh taifead fuaime ar na scrúduithe. Dar le Brown agus Rogers (2002), má dhéantar taifead fuaime ar na scrúduithe, tugann sé deis don taighdeoir códú ar léith a dhéanamh ina dhiaidh sin. Iarradh ar na páistí abairtí inar cuimsíodh an spriocstruchtúr a léamh chun an fhoghraíocht a mheas. Ansin, bhí comhrá ag an taighdeoir leo faoi phictiúir chun an fhoghraíocht a mheas arís. Ag an deireadh, bhí cúig shraith de dhá abairt ar fáil, an leagan cruinn agus míchruinn, agus bhí orthu tic a chur sa bhosca in aice leis an gceann ceart. Roghnaíodh stíl chódúcháin ag brath ar thuairimí an taighdeora féin, an topaic, agus an teicníc a úsáidfidh an taighdeoir.
2.4 Dialann mhachnaimh Molann Koshy (2014) struchtúr a úsáid don dialann seo chomh maith chun leanúnachas a chinntiú. Úsáideadh an dialann sa chás seo chun nótaí ón mbreathnóireacht a choimeád. Bhí punann ag gach páiste ag deireadh an tionscadail agus úsáideadh í sin mar thaifead ar an obair scríofa.
2.5 Sampláil Ghlac 23 páiste ó Rang 1 páirt sa taighde, agus bhí an cead cuí faighte uathu. Bhí an taighde dírithe ar aon rang amháin, ní raibh aon chainteoir dúchais ná aon duine le Gaeilge sa bhaile ag na daltaí. Bhí na rannpháirtithe ag freastal ar ghaelscoil nach bhfuil gar d’aon cheantar Gaeltachta. Is é an Béarla máthairtheanga na rannpháirtithe ar fad. Ní labhraítear Gaeilge sa bhaile i bhformhór de na teaghlaigh.
2.6 Eitic
Cinntíodh faomhadh eitice agus cosnaíodh na rannpháirtithe agus a bpríobháideachas ar bhealaí éagsúla. Bhí cead faighte ó Bhord Bainistíochta na scoile. Níor baineadh úsáid as ainmneacha na rannpháirtithe, ná as ainm na scoile.
2.7 Anailísiú
Rinneadh tras-scríobh ar na scrúduithe agus ar na grúpaí fócais, agus rinneadh aibhsiú agus códú ar na trasscríbhinní. Bhí scéim marcála ag dul leis na scrúduithe. Rinneadh an uirlis bhreathnóireachta – an dialann mhachnaimh – a léamh arís agus arís eile chun patrúin a aithint. Cuireadh nótaí leis an obair sa phunann chun an anailís a shaibhriú.
3. TORTHAÍ TAIGHDE
D’eascair an-chuid pointí suimiúla as an taighde. Fuarthas aiseolas agus tuairimí dearfacha ó na páistí maidir leis an gcur chuige seo. Bhí sé fíorshoiléir gur thug an cur chuige seo deis do na páistí a gcuid hipitéisí féin a chruthú. Anuas air sin, bhí sé soiléir gur féidir an-chuid modhanna múinte agus ábhair éagsúla a úsáid chun an cur chuige seo a úsáid sa rang. An fhianaise is láidre a thacaíonn leis an gceist taighde ná na scóir a fuair na páistí sna hiarscrúduithe, rud a léirigh go raibh dea-thionchar ag an modh seo ar an sealbhú teanga. De bharr teorainn spáis, ní dhéanfar cur síos anseo ach ar thorthaí na scrúduithe. Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas do na foinsí sonraí san alt seo: RS: torthaí ón réamhscrúdú IS1: torthaí ón gcéad iarscrúdú IS2: torthaí ón dara iarscrúdú DT: dialann an taighdeora DM: dialann mhachnaimh C1: ceacht 1 (tiocfaidh uimhir an cheachta i ndiaidh ‘C’)
3.1 Caint na bpáistí i rith na scrúduithe Nuair a chuirtear na freagraí ón réamhscrúdú agus ón iarscrúdú i gcomparáid lena chéile, tá sé fíorshoiléir go bhfuil an spriocstruchtúr sealbhaithe ag na daltaí i ndiadh na hidirghabhála toisc go bhfuil na freagraí cruinn agus go bhfuil siad in ann míniú ceart a thabhairt don taighdeoir maidir lena gcuid roghanna.

Tábla 4 Sampla de chaint na bpáistí ón réamhscrúdú
Réamhscrúdú ‘Not the same spellings’ ‘Níl aon ‘h’ sna cinn sin’ ‘Because they’re right, because mála doesn’t have a ‘h’
Tábla 5 Sampla de chaint na bpáistí ón iarscrúdú
Iarscrúdú
Mar níl aon ‘h’ sna cinn sin (na cinn mhíchearta) Mar tá ‘mo’ agus ‘do’ so tá ‘h’ Tá ‘mo’ agus ‘h’ ansin. Because they sounded right Mar if ní bhí ‘h’ air - níl soundsé ceart. Bhí na trí cinn eile mar an gcéanna - mo/do + h. Mar ní raibh aon ‘h’ tar éis - ní raibh siad ceart. Mar tá ‘mo’ + ‘h’/’do’+’h.’
3.2 Forbairt ón réamhscrúdú a bhí le feiceáil sa chéad iarscrúdú
D’eascair go leor rudaí spéisiúla as an réamhscrúdú. Dhírigh cuid de na daltaí ar an litriú agus iad ag breathnú ar na focail. Roghnaigh páistí eile an freagra ceart ach níor mhínigh siad a rogha. Ba léir gur bhain siad an-tairbhe as na spriocstruchtúir a bheith sa cheist. Rud suntasach a tugadh faoi deara ná go raibh na páistí a bhí níos ciúine sa rang de ghnáth níos cruinne ag na tascanna. Bhraith an taighdeoir go raibh an-chuid scaflála ag teastáil sa chéad scrúdú chun na struchtúir a mhealladh: Taighdeoir: An bhfuil sé cosúil le do chistin? Rannpháirtí: Tá Taighdeoir: Tá sé… Rannpháirtí: Tá sé cosúil leis. Taighdeoir: Le do? Rannpháirtí: Le mo chistin. (DT 20/2/2017) Tacaíonn sé seo le cur síos Skehan (2002, 2013) maidir leis an tabhairt faoi deara agus an chaoi ina mbíonn páistí ag athstruchtúrú an eolais ina n-intinn.
3.3 Forbairt ón gcéad iarscrúdú a bhí le feiceáil sa dara hiarscrúdú D’éirigh le cuid mhaith de na páistí an scór céanna a bhaint amach arís, rud an-dearfach don mhodh múinte seo. I gcás cuid mhaith de na rannpháirtithe, tháinig feabhas mór ar na scóir in IS1 agus IS2 i gcomparáid leis an réamhscrúdú. Bhí líon beag de na scóir a thit beagánín in IS2 i gcomparáid le IS1, ach bheifí ag súil le laghdú beag den sórt sin.

Fíor 2 Torthaí ó chuid 1 den scrúdú curtha i gcomparáid lena chéile

D’éirigh go maith leis na rannpháirtithe i gcuid 1. Níor tháinig laghdú ach ar scór aon rannpháirtí amháin idir IS1 agus IS2.
Fíor 3 Torthaí ó chuid 2 den scrúdú curtha i gcomparáid lena chéile


Cé gur éirigh go maith le rannpháirtithe in IS1, tháinig laghdú ar líon suntasach de na scóir in IS2. Bhí na ceisteanna níos teibí agus níos deacra sa chuid seo, agus bhí sé níos deacra na spriocstruchtúir a mhealladh, agus b’fhéidir go raibh tionchar aige sin ar thorthaí IS2.
Fíor 4 Torthaí ó chuid 3 den scrúdú curtha i gcomparáid lena chéile

D’éirigh go maith leis na rannpháirtithe sa chuid seo, níor tháinig laghdú ar aon scór idir IS1 agus IS2. Bhí ardú le feiceáil ar chuid de na scóir.
Fíor 5 Torthaí ó chuid 4 den scrúdú curtha i gcomparáid lena chéile


Bhí an-rath ag na rannpháirtithe sa chuid seo tar éis na tréimhse TFD. D’éirigh leo scóir arda a bhaint amach agus a choimeád in IS1 agus IS2. Bhí na torthaí seo an-úsáideach don taighdeoir. Chruthaigh siad go raibh TFD an-éifeachtach mar mhodh múinte don ghramadach, agus go raibh an-rath ar na daltaí leis. Is léir ón anailís a rinneadh ar an taighde seo go dtacaíonn sé le taighde Uí Raghallaigh (2015) agus Uí Aogáin (2015) ar an teagasc foirm-dhírithe i gcomhthéacs gaelscoile, agus le taighde Uí Dhiorbháin agus Uí Dhuibhir (2016) mar gheall ar a éifeachtaí atá TFD i scoileanna lán-Ghaeilge.
4. CONCLÚIDÍ AGUS MOLTAÍ
Chruthaigh an taighde seo an-chuid moltaí do mhúinteoirí agus scoileanna, ag díriú ar phleanáil, cleachtas ranga, agus cleachtas uile-scoile. Moltar é a úsáid mar mhodh múinte lárnach i scoileanna lán-Ghaeilge, ionas go mbeidh leibhéal cruinnis na ndaltaí ar comhchéim leis na scileanna cumarsáide agus líofachta atá acu.
4.1 Acmhainní teagaisc atá oiriúnach do TFD Is iomaí acmhainn atá oiriúnach do TFD. D’fhéadfadh múinteoir téacs ar bith, scéal, amhrán, dán, nó rann a athrú beagáinín chun an spriocstruchtúr a aibhsiú. Is féidir le múinteoir an spriocstruchtúr a aibhsiú ar shlí ar bith. Le píosaí ó bhéal, ar nós amhrán agus rann, d’fhéadfaí guth cainte a athrú, agus más píosa scríofa é, d’fhéadfaí dathanna difriúla a úsáid chun aird an léitheora a dhíriú ar an téacs. Úsáideadh réimse leathan d’acmhainní teagaisc don tráchtas seo chun solúbthacht TFD a chur chun suntais.
4.2 TFD a chur mar chuid de pholasaí Gaeilge na scoile Ní mór breathnú ar pholasaí Gaeilge na scoile, go háirithe ar an gcuid a bhaineann le gramadach agus spriocstruchtúir ar leith a aimsiú do gach rang, ionas go mbeidh struchtúir chruinne á sealbhú agus dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an ngramadach.
4.3 Conclúid
Tá sé fíor-shoiléir go mbíonn tionchar an-fhiúntach ag TFD i leith an chruinnis sa Ghaeilge labhartha agus scríofa. Freagraíodh an cheist taighde agus na fo-cheisteanna. Is léir ó na torthaí go n-oibríonn TFD le haoisghrúpa Rang 1. Maidir le dul chun cinn a mheas, is féidir punann a úsáid mar thaifead leanúnach. Tugann céimeanna Skehan (2002, 2013) creatlach don phlean ceachta. Cruthaíodh go raibh tionchar iontach ag TFD ar shealbhú na haidiachta sealbhaí i Rang 1, agus is cinnte go gcuireann sé go mór le cruinneas Gaeilge na bpáistí.

TAGAIRTÍ Brown, J. D. agus Rodgers, T. S. (2002). Doing Second Language Research.Oxford University Press. Cammarata, L. agus Tedick, D. J. (2012), Balancing content and language in instruction: The Experience of Immersion Teachers. The Modern Language Journal,96: 251–269. Carr, W. agus Kemmis, S. (1986) Becoming Critical: Education, Knowledge and Action Research. Falmer Dörnyei, Z. (2007). Research Methods In Applied Linguistics: Quantitative, Qualitative And Mixed Methodologies.Oxford
University Press. Doughty, C. agus Williams, J. (Eag.). (1998). Focus On Form In Classroom Second Language Acquisition. Cambridge
University Press. Ellis (2012) Language Teaching Research And Language Pedagogy. Wiley-Blackwell.
Harris, J., Forde, P., Archer, P., Nic Fhearaile, S., O’Gorman, M. (2006) Irish in Primary Schools: Long Term National Trends in Achievement.An Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Kamberelis, G. agus Dimitriadis, G. (2014) ‘Focus Groups: Strategic Articulation of Pedagogy, Politics and Inquiry’ in Denzin, N.K. agus Y.S. Lincoln, (eag.) The SAGE Handbook of Qualitative Research, (an tríú heagrán). SAGE Publications, 887-909. Koshy, V. (2010) Action Research for Improving Educational Practice.(an dara heagrán) SAGE Publications. Lyster, Roy. (2007) Learning and Teaching Languages through Content: A Counterbalanced Approach. John Benjamins
Publishing Company Ní Aogáin, Sylvaine. (2015) Beatha Teanga í a Labhairt… Ach í a Labhairt go Cruinn: An Teagasc Foirm‐Dhírithe sna
hArdranganna i gComhthéacs an Tumoideachais.Tráchtas M.Oid: Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Ní Raghallaigh, Aoife (2015) Ag comhaireamh go cruinn: An tionchar atá ag an teagasc foirm-dhírithe ar úsáid na
mbunuimhreacha sna meánranganna sa ghaelscoil. Tráchtas M.Oid: Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Norris, J.M., & Ortega, L. (2000). Effectiveness of L2 instruction: A research synthesis and quantitative meta-analysis. Language Learning, 50(3), 417–528. Ó Ceallaigh, T.J. (2013) Immersion Education: A Critical Examination of Teachers’ Perspectives and Practices, Tráchtas PhD, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh: Scoil an Oideachais. Ó Duibhir, P., Ní Dhiorbháin, A., agus Cosgrave, J. (2016). An inductive approach to grammar teaching in grade 5 & 6 Irish immersion classes. Journal of Immersion & Content-Based Language Education,4(1), 33-58. Ó Duibhir, Pádraig. (2009) The Spoken Irish of 6th Class Pupils in Irish Immersion Schools. Tráchtas PhD: Coláiste
na Trionóide. Sharwood Smith, M. (1981). Consciousness-raising and the second language learner. Applied Linguistics, 2, 159-168. Skehan, P. (2002). Theorising and updating aptitude. In P. Robinson (eag.) Individual Differences and Instructed Language Learning. John Benjamins. Skehan, P. (2013) Nuturing noticing. In J.M.Bergsleithner, S.N. Frota, agus J.K.Yoshioka (eag.) Noticing and Second Language Acquisition: Studies in honor of Richard Schmidt.. Hawai'i: National Foreign Language Resource Center.
169-182. Tithe an Oireachtais (2012) Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Baile Átha Cliath: Seirbhís Thithe an Oireachtais Van Patten, B. (1996). Input Processing And Grammar Instruction in Second Language Acquisition. Ablex. Walsh, Clare (2007) Cruinneas na Gaeilge Scríofa sna hIar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. An

Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.