36
Maynooth University
Pleananna fógartha do Lárionad Mac Léinn Ollscoil Mhá Nuad Nua C
uirfear tús sna míonna amach romhainn leis an obair ar ionad nua do shaol na mac léinn ar champas i Má Nuad. Is an chéad chéim eile i bplean forbartha campais Ollscoil Mhá Nuad é Lárionad na Mac Léinn.
Seoladh mionsamhail thríphlánach ailtireachta don Lárionad Mac Léinn nua i mí an Mheithimh ag Aontas Mac Léinn Mhá Nuad (MSU) agus ag an Ollscoil. Feidhmeoidh an Lárionad Mac Léinn nua mar bhaile ón mbaile do mhic léinn agus mar phointe fócais do shaol na mac léinn. Feidhmeoidh sé mar mhol d’Aontas na Mac Léinn, mar spás oibre dóibh siúd a bhíonn ag plé le clubanna agus cumainn, imeachtaí agus réimse leathan de ghníomhaíochtaí a chabhraíonn leis an mbraistint chómhuintearais speisialta atá i gcroílár eispéireas na mac léinn i Má Nuad. Beidh an foirgneamh de 3,700 méadar cearnach suite ar thalamh faighte ag an Ollscoil sa bhliain 2016 agus tá sé á mhaoiniú ag tobhach mic léinn. Deartha ag Scott Tallon Walker Architects – a
dhearaigh foirgnimh eile de chuid na hOllscoile lena n-áirítear an Leabharlann, Iontas agus Scoil an Oideachais – cruthóidh ailtireacht aonaránch an Lárionaid nua ceann scribe ícónach ar champas atá fáiltiúil, beoga, cairdiúil agus ionchuimsitheach. Beidh an Lárionad tógtha agus oibrithe ar an gcaighdeán inbhuanaitheachta is airde, agus mar chuid den fhoirgneamh beidh “seomra suí faoin aer” nuálaíoch faoi cheannbhrat inbhuanaithe, ag teacht salach ar an idirdhealú idir spás taobh istigh agus spás taobh amuigh leis an spás agus acmhainn ar leith seo do shaol na mac léinn á chruthú. Dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOll Pilib Ó Nualláin: “Tá cáil atá tuillte go maith aici bainte amach ag Ollscoil Mhá Nuad as eispéireas mic léinn den chéad scoth, braistint phobail an-láidir agus saol sóisialta agus cultúrtha an-shaibhir a chur ar fáil. Tá ríméad orm go bhfuil an plean uaillmhianach seo ag teacht le chéile inniu agus aithnímse Aontas Mac Léinn Mhá Nuad as an obair dhian atá curtha isteach acu chun saol na mac léinn ar champas a shaibhriú, i bpáirtnéireacht leis an Ollscoil. Tá sé i gceist go n-osclófar an foirgneamh nua sa bhliain 2022 agus cuirfear tús leis an obair thógála sna míonna amach romhainn.