
5 minute read
Ag Teacht Aníos
Pleananna fógartha do Lárionad Mac Léinn Ollscoil Mhá Nuad Nua
Cuirfear tús sna míonna amach romhainn leis an obair ar ionad nua do shaol na mac léinn ar champas i Má Nuad. Is an chéad chéim eile i bplean forbartha campais Ollscoil Mhá Nuad é Lárionad na Mac Léinn.
Seoladh mionsamhail thríphlánach ailtireachta don Lárionad Mac Léinn nua i mí an Mheithimh ag Aontas Mac Léinn Mhá Nuad (MSU) agus ag an Ollscoil. Feidhmeoidh an Lárionad Mac Léinn nua mar bhaile ón mbaile do mhic léinn agus mar phointe fócais do shaol na mac léinn. Feidhmeoidh sé mar mhol d’Aontas na Mac Léinn, mar spás oibre dóibh siúd a bhíonn ag plé le clubanna agus cumainn, imeachtaí agus réimse leathan de ghníomhaíochtaí a chabhraíonn leis an mbraistint chómhuintearais speisialta atá i gcroílár eispéireas na mac léinn i Má Nuad. Beidh an foirgneamh de 3,700 méadar cearnach suite ar thalamh faighte ag an Ollscoil sa bhliain 2016 agus tá sé á mhaoiniú ag tobhach mic léinn. Deartha ag Scott Tallon Walker Architects – a dhearaigh foirgnimh eile de chuid na hOllscoile lena n-áirítear an Leabharlann, Iontas agus Scoil an Oideachais – cruthóidh ailtireacht aonaránch an Lárionaid nua ceann scribe ícónach ar champas atá fáiltiúil, beoga, cairdiúil agus ionchuimsitheach. Beidh an Lárionad tógtha agus oibrithe ar an gcaighdeán inbhuanaitheachta is airde, agus mar chuid den fhoirgneamh beidh “seomra suí faoin aer” nuálaíoch faoi cheannbhrat inbhuanaithe, ag teacht salach ar an idirdhealú idir spás taobh istigh agus spás taobh amuigh leis an spás agus acmhainn ar leith seo do shaol na mac léinn á chruthú. Dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOll Pilib Ó Nualláin: “Tá cáil atá tuillte go maith aici bainte amach ag Ollscoil Mhá Nuad as eispéireas mic léinn den chéad scoth, braistint phobail an-láidir agus saol sóisialta agus cultúrtha an-shaibhir a chur ar fáil. Tá ríméad orm go bhfuil an plean uaillmhianach seo ag teacht le chéile inniu agus aithnímse Aontas Mac Léinn Mhá Nuad as an obair dhian atá curtha isteach acu chun saol na mac léinn ar champas a shaibhriú, i bpáirtnéireacht leis an Ollscoil. Tá sé i gceist go n-osclófar an foirgneamh nua sa bhliain 2022 agus cuirfear tús leis an obair thógála sna míonna amach romhainn.
Scott Tallon Walker Architects ©

OMN Rangaithe ag 43 ar domhan i Rangú na n-Ollscoileanna Óga agus ag #1 in Éirinn
Tá Ollscoil Mhá Nuad tar éis bogadh suas i Rangú na n-Ollscoileanna Óga atá ag Times Higher Eduction (THE) do na hollscoileanna is rathúla ar domhan. Don dara bliain as a chéile, tá Ollscoil Mhá Nuad ardaithe sa rangú agus is ag 43 i measc na n-ollscoileanna óga is rathúla ar domhan atá sí anois. Ní hamháin sin ach tá a stádás ag #1 do na hollscoileanna óga in Éirinn fós aici. Is í Ollscoil Mhá Nuad an t-aon ollscoil Éireannach amháin taobh istigh den chéad 100 i Rangú na n-Ollscoileanna Óga. Anuraidh, bhí Ollscoil Mhá Nuad rangaithe ag 50 i measc na n-ollscoileanna óga ar domhan, ag bogadh óna háit ag 80 sa bhliain 2018. Tá rangú idirnáisiúnta na n-ollscoileanna óga bunaithe ar réimse de chritéir lena n-áirítear maoiniú taighde atá tar éis teacht isteach, an cháil atá bainte amach don teagasc agus don taighde, líon na ndochtúireachtaí a bronnadh, líon na bpáipear scolártha agus na luanna ar ard-chaighdeán ó fhoireann na hollscoile agus líon na mac léinn agus na foirne idirnáisiúnta.
Ag trácht ar an rangú don bhliain 2020, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin: “Ta ríméad orainn bheith i measc na n-ollscoileanna óga is rathúla ar domhan. Is táscaire luachmhar é seo dár dtiomantas in Ollscoil Mhá Nuad do nuálaíocht gan stad gan staonadh, do chaighdeán ár dtaighde agus don cháil dhomhanda atá bainte amach ag ár dteagasc agus ag ár scoláireacht.
2010 Dónall Ó Héalaí
2010 Baitsiléir Ealaíon Aisteoir
Ní thuigtear cathain a bheidh orainn úsáid a bhaint as scileanna a d’fhoghlaim muid i bhfad siar ach sin díreach atá ar bun ag an aisteoir Dónall Ó Héalaí ó tháinig géarchéim an víris chorónaigh ar an bhfód i mbliana. Is cleachtas sách nua in earnáil na haisteoireachta é “self-taping” ach tá sé go mór chun tosaigh anois mar gheall ar an ngéarchéim toisc nach féidir le haisteoirí taisteal le haghaidh cruinnithe agus éisteachtaí. Agus an obair thaifeadta agus eagarthóireachta seo idir lámha aige ar ais ina cheantar dúchais de Chonamara faoi láthair, tá Dónall fíor-bhuíoch de na scileanna praiticiúla a d’fhoghlaim sé agus é i mbun staidéir ar na Meáin in Ollscoil Mhá Nuad.
B’aoibhinn leis a dhara hábhar, NuaGhaeilge, freisin mar, cé go bhfuil Gaeilge aige ón gcliabhán, braitheann sé go raibh an t-uafás ann nach raibh ar eolas aige agus bhain sé tairbhe agus taitneamh as oideachas a chur air féin maidir le sochtheangeolaíocht, béaloideas, filíocht, amhránaíocht agus drámaíocht ach go háirithe. Deich mbliana ar aghaidh óna thréimhse i Má Nuad, tá buaicphointe a shaoil ghairmiúil go dtí seo mar aisteoir scáileáin bainte amach ag Dónall lena phríomhpháirt mar Cholmán Sharkey sa scannán Gaeilge ceiliúrtha Arracht. Lonnaithe i gConamara le linn an ghórta mhóir, insíonn Arracht an scéal de Cholmán, iascaire macánta a sheasann i gcoinne na héagóra agus a ngearrtar píonós trom air dá bharr. Cuireann Dónall síos ar a thréimhse á scannánú mar “eispéireas an-speisialta” dó agus, toisc go raibh sé lonnaithe ina cheantar dúchais féin agus gur fhulaing na daoine máguaird go mór le linn an ghórta, “bhí sé an-ghar don chnámh agus bhí sé anthábhachtach go mbeadh sé chomh hionraic agus a d’fhéadfadh sé a bheith”. Fuair Arracht ardmholadh agus a lán gradam ag na féilte scannánaíochta idirnáisiúnta ag a léiríodh é le míonna anuas agus bhí Dónall aitheanta mar “Star of Tomorrow” ag an irisleabhar mór le rá Screen International dá chur i láthair mar Cholmán sa scannán.
Eiseofar Arracht sna pictiúrlanna sa bhliain 2021 agus tá fuíollach eile ar siúl ag Dónall, lena n-áirítear a chéad phríomhpháirt Mheiriceánach in éineacht leis an réalta ceoldrámaíochta Santino Fontana in Impossible Monsters agus príomhpháirt Ghaeilge eile sa scannán Foscadh atá athchóirithe ón úrscéal The Thing about December le Donal Ryan. Is léir nach bhfuil sa mhéid atá bainte amach ag Dónall Ó Héalaí go dtí seo ach an tús.
